EACHTRA AIR AN SGOLÓIG AGUS AIR
AN NGRUAGACH RUADH.
A bh-fad sul ar smuain na Lochlonnaighe
air theacht go h-Eirinn, ná beoir do dheanamh
de scoth an fhraoich, do chomhnuigh i m-Beula-
dáchab, i n-deisceart Eireann Sgológ
bhí saidhbhir go leór, mar budh fear tionnsgan-
tach, coimheadach é ag a raibh cuid mhaith
maoine. Ní raibh de mhuirighin air acht aon
mhac amháin, agus is cóir do radh gur mhór é a
chion air. Acht is anamh bhidheann mac gasda
ag athair coigilteach, agus b'é sin dála na
Sgolóige. Thárla do'n sean-duine, air chaith-
eamh a aimsire dhó, go díthchiollach, saothrach, go
bh-fuair sé bás air nós daoineadh an t-sao-
ghail. An tráth do bhí sé curtha anns an
uaigh agus seilbh ag an bh-fear óg air rachmus
a athar is beag do shaoil an t-ógánach uaibh-
reach so go d-tiocfadh leis choídhche an t-ór
agus an t-airgiod go léir do scapadh, agus
budh lughaide do mhachtnaidh sé air a inmhe do
mheudughadh. Thathuigh sé aontaighe agus cóimh-
thionóil agus chaith sé a chuid airgid go fial.
Air an ngrás so bhuain sé beagán bliadhan
fá réim as. Acht a n-diaigh treimhse áirighthe
fuair an Sgológ é féin ag dul i m-bochtai-
neacht. Do chuartuigh sé gach cúainne agus
poll 'nar dhóigh leis gur bh'fheidir d'á athair
airgiod do chur i bh-folach agus bhí sé d' ádh
air go bh-fuair fáisgthe fá dhíon an tighe
sparán lán d'ór, acht budh gheárr do réidhtigh
so a cheisdionna, oir i n-ionnad iompódh ó
n-a dhroich-bheusaibh agus a leas do dheunamh,
is amhla thionnsgain sé arís air ól agus air
imirt no gur chaill sé a thighearnas, a chlú,
agus a mheas. Dob' éigin dó a thalamh do
chur i ngeall agus ní raibh gleus a fhiacha
dhíol aige. Acht dá mhéid an míofhortún do
thaobhaigh é níor budh mhóide í a chiall, mar
lean sé luchd fiadhuigh agus gach cleachd
dithcéillighe do ghnáthaigh se ó n-a óige.
Lá dá raibh sé ag teacht abhaile go tuir-
seach, theagmhaigh leis anns an m-bealach, i
bh-fogus a thighe féin, fear aosda, budh cos-
mhuil le bheith 'n-a leath-amadán, 'n-a shuidhe
go seasgair leath-as-t-siar de chloidhe mór
aitinn. Do chuireadar caint air a chéile.
Dubhairt an duine so, ag tabhairt teisde air
féin, gur b'é an t-ainm bhí air, an Gruagach
Ruadh, agus go raibh de chinneamhuin cruaidh
air ó rugadh é bheith tugtha thar meádhon do
dislighibh d'imirt, gidh nach m-bidheadh aige go
ró mhinic d'á bhárr acht cailleamhuin agus
anacair. D'fhiafruigh de'n Sgológ an imreo-
chadh sé cluiche leis. D'fhreagair seisean go
n-deunfadh, acht nach raibh púin airgid aige.
Dubhairt an Gruagach Ruadh leis:—
“Is sé an teagasg do bhéarfainn-se féin duit,
Stad ded' chuid óil go fial;
Ná caith d'airgiod go baothuaibhreach,
Agus air meisge ná bí gan chiall.
Mar gur mór do bh-feárra dhuit raol
Do chaitheamh led' bheul i m-biadh
'Ná coróin do scapadh air aonach
Agus gan agat acht an déirc 'n-a dhiaigh.”
Shoir cé tá'n oidhche air díbirt le gréin,
An tan eirghean go líonmhar a soillse 's a réim.
Cá d-téidheann sí chum suighte? Cá m-bídhean sí a'
triall?
Nach dh-teidhean sí fá dhraoidheacht annsa toinn úd leath-
as-t-siar?
Rev. Daniel O'Sullivan.
Tá tormán tonn ag boghradh Hawkes shíos,
A's gan ím, gan mheadhg, gan bláthach.
Tá leath-as-t-siar India go cráidhte,
Gan liab de'n ím chum leighis a g-cneadh aca.
Rev. Wm. English.
Má chaithim-se casa i g-cionn ráithe,
Air m'fhalluing gur cásmhar mo sgeul (pron. sgial),
Beidh mo cháirde uile i n-earad gach lá liom
Agus tusa go rábach leath-as-t-siar.
Anonymous.
Tá realtan gheanmnach cois t-sleibhe leath-as-tuaidh,
go b-fuil rose agus lily trí lárr a gruaidh.
OLD SONG.
“Is maith an comhairle í,” ar an Sgológ,
“dá bh-feudfainn a réir do dheunamh.” Budh
duine macrasach, sgigeamhuil an Gruagach,
bhí eolgach air chleasaibh agus slightheibh draoi-
dheachda air a raibh an Sgológ i n-ainbhfios.
Níor staon sé riamh gan an tubaiste sin do
chur i ngniomh an uair do gheobhadh sé faill
air, act ní fheadar an Sgológ é bheith cal-
aoiseach. Thóg an Gruagach dislighe as a
phóca, agus do chromadar air imirt. Dob'
iad na coinghill bhí eatorra, an Gruagach
Ruadh do chur ceud punt i n-aghaidh coróine
na Sgolóige acht budh gheárr do lean leó
gur bhuadhaigh an Sgológ, agus fuair sé gan
mhoill an mhéid do gheallaigh dó. Thriall an
Sgológ d'á thigh, go meadharach, meanmnach, lán
de bhrígh. As sin amach bhí sé ag faghail céille,
agus ag coimhlionadh gach margadh d'á righne sé.
Fá cheann áireamh seachdmhuin cia bhuail-
feadh i d-treo na Scolóige an dara h-uair
acht an Gruagach Ruadh. Tar éis comhraidh
tamuill dóibh thug an Gruagach cuireadh dhó
chum cluiche d' imirt. “Cread eileochadh
tu,” ar an Sgológ, “ma cuirthear an cluiche
oramsa, óir is cóir go d-tuigfimís bun
agus fáth ár ngnó air d-tus.“ “Ní air air-
giod imireochamuid anois,” ar an Gruagach,
“acht cuirfimíd air cáirde na cóimhceangail
go bh-feicfidhmid cia 'ca againn an fear is
feárr.” “Tá go maith,” ar an Sgológ. Is
aireach d'imir gach duine díobh a bheart, go
dian, dithchiollac, gur tháinic leis an Sgológ
buadh d'faghail fá dheire. “Budh h-olc an
mhaise sin agamsa,” ar an Gruagach, “agus is
dóigh liom go n-deárnais feall orm, acht
bidheadh agat; deimhnighim duit go g-cúiteo-
chaidh mé an cumaoine fós leat. Innis dam
créad iad na geasa is toil leat do chur
orm.” “Ceangalaim ort mar throm-ualach,”
ar an Sgológ, “an bhean is breaghtha anns
an domhan do bheith agat fám' chóir ag mo
thigh féin caoicidhios ó 'n lá márach go
b-pósfadh mé í.” “Is cruaidh an bhreith í,” ar
an Gruagach, “agus d'á dhruim sin táim i
g-cumhgach anmhór. Acht tá muinighin láidir
agam go bh-feudfaidh me thu shásadh.”
Budh áthasach bhí an Sgológ, agus chuir sé
an aimsir de go sultmhar go nuige maidin
an lae chinnte. Air eirighe na gréine tháinic a
sheirbhíseach chum doruis a sheomra, agus dubh-
airt go raibh beanuasal budh dearamhach le
inghean righ i n-deilbh agus i g-cruth ag feith-
eamh leis anns an h-alla, agus nách bh-
feacaidh sí a macsamhuil riamh i m-breadhachd.
Budh thapaidh bhí an Sgológ in a fochair.
Bhí eagla air d-tús ag an mnaoiuasal
roimhe, acht labhair sé leithi go ceannsa,
cneasda, agus do b'fhear áluinn cumasach é
féin. D' innis sí dhó mar cuireadh d'fhiachaíbh
uirre, d'á h-aimhdheoin, a h-athair agus a
mathair d'fhágbhail agus teacht a triall air
sin. Pósadh iad agus chaitheadar a saoghal
go seunmhar gan buaidhirt ná mairg air
feadh bliadhna. Timchioll an ama sin ghlac
an Sgológ dúil iarrachd eile bhuaint as an
nGruagach Ruadh. “Is sí mo bharamhuil-se,”
ar a bhean, “go bh-fuil fuadar an donuis
fút má bhidhean aon chomhluadar agat go
brath arís leis an nGruagach Ruadh.” Acht ní
raibh maitheas di bheith ag a comhairliughadh
air a leas.
Do ghluais sé air tráthnóna aoibhinn go
ráinic sé an áit anns an ngleann mar budh
ghnathach leis an nGruagach suighe, ag súil le
é fheicsin. Níor mealladh é in a dhóthchas,
mar budh tapadh do chonnairc sé an Gruagach
agus é ag deunamh súgradh dhó féin. Ó 'n
aithne bhi aca air a chéile reimhré budh chara-
dach, muinteardha, chuir an Gruagach fáilte
roimh an Sgolóig, agus d'fhiafruigh cionnus
thárla dhó ó 'n uair deighionach chasadh air é.
D'aithris an Sgológ do, focal air fhocal, do
réir mar do bhí. Ag trácht dóibh air ghluai-
seacht an t-saoghail, d' admhuigh an Grua-
gach nach raibh aon leigheas aige air a chlaon-
taibh féin; “agus,” ar sé, “táim fonnmhar le
cluiche imirt air na tearmaidhibh céadna bhí
eadrainn fá dheighionaigh, ma's áil leat.”
Níor theasduigh mórán thathant o'n Sgológ
agus thosuigheadar air imirt an treas uair,
air son go m-beidheadh cead ag gach n-aon díobh
gídh b'é breith budh mhaith leis do chur mar dhual-
gus air a chomhlach. Deir an sean-fhocal, “Ní
i g-comhnuidhe bhidhean Dómhnal Buidhe d'á
phósadh,” agus d'fhéadfaidhe an cleas céadna
do radh, i g-cosamhlachd, d-taobh rath na Sgol-
óige agus a chaidreamh leis an nGruagach
Ruadh. Dá gheurchúisighe shaoil an Sgológ é
féin do bheith 'n-a slighthe, budh cliste go mór
an Gruagach. Tar éis a bh-fad d'aimsir do
chaitheamh ag imirt a n-aghaidh a chéle, fuair an
Gruagach Ruadh an lámhuachdair. Le crith-
eagla agus buaidhreadh croídhe do ghread an
Sgológ a bhosa agus do thuit sé i bh-fanntais.
Le bheith air leanmhain.
PÁDRUIG Ó BRIAIN.
VOCABULARY.
Beart, s.m., an action, a deed, a trick, also a load in
the shape of a bundle. Budh h-olc an bheart do
righne sé ort, it was a bad act (or turn) he did
towards you. Bhí beart luachra aige air a dhruim,
he had a bundle of litter on his back.
Tionnsgantach, -taighe adj., industrious, ingenious,
diligent.
Muiríghin, s.f., a burden, a charge, a family. In some
parts of the country this word is pronounced
Muirigheal, and in other places Muirighear.
Coigilt, -te, s.f. sparing, saving; Coigealtach, adj.
Rachmus, s.m., abundance; though this word is in com-
mon use amongst the people I cannot find it in any
dictionary.
Uaibhreach, -righe, adj. proud, haughty, vainglorious.
Inmhe, s.f., an estate or patrimony, also land.
Tormán, áin, s. m., noise, sound, rushing sound.
Earaid, s.f., displeased, beidh mo cháirde uile i n-earaid
liom, all my friends will be displeased with me.
Meádhon, s.m., middle or centre, also means;
meádhon laoi, mid-day, meádhon óichce, mid-night;
leis an meádhon so do righneas é, by this means I
did it; thar meádhon, to excess.
Dísle, gen, id. pl., -lighe, s.f., a die, dice.
Calaois, s.f., tricks, or deceit in playing games; is
calaoiseach an duine é, he is an unjust person.
Treó, s.m., way, place or direction. Cia bhuailfeadh i
d-treó, who should happen to come in the way.
Maise, s.f. grace, adorning elegance, beauty, comeliness;
budh h-olc an mhaise sin agamsa, it was a bad effort
on my part; budh mhaith an mhaise sin duitse, it was a
good effort ar attempt on your part; budh mhór an
mhaise dhi an oiread sin oibre do dheunamh, it was a
great exertion on her part to perform so much work.
This idiomatic phrase is very much used throughout
Munster and Connaught as well.
Tathant, pl., tathanta, tathantaighe, s.m., inducing,
pressing. Níor theasduigh morán tathant ó'n
Sgolóig, the Sgolog did not require much pressing (a
very peculiar idiom). The word tathant is very
much used through West Cork and Kerry.
Geasa, s.m., conditions which the person on whom they
were enjoined was bound inevitable to fulfil; a nice
kind of Druidish sorcery explained at large by
Keating.
D'á dhruim sin, on that account; Muc do fuair bás
de dhruim a coillte, a pig that died in consequence
of an operation.
Do thaobhaigh é, that took part, favoured or leant towards
him.
Caidreamh, s.m., dealings, companionship, aquaintance,
fellowship.
Cleas, s.m., turn, trick, exploit. Dob'é an cleas
céadna againne é, it was the very same fact or
circumstance with us; do thuit an cleas ceadna
amach eadrainne, the same thing happened amongst
us. Raol, the term used for sixpence in Munster.
Fuadar, s.m. haste, motion, intention. There is a
local proverb in West Cork which says - "Tá droch-
fhuadar fút mar bhí fá chapaillín Dhómhnaill," you
are intent on going the wrong way, like Daniel's
horse.
Dramhach, adj., similar; budh dearamhach le chéile iad,
they bore a resemblance. It also means handsome,
comely - Is fear dearamhach é, he is a handsome
man. Dearamh, appearance, similarity, probability;
tá dearamh air mar sgeul, it is a probable story.
Rábach, adj., manly, generous; duine rábach, a manly
generous person.
Púin, much. This word is known to nearly every Irish
speaker in the southern half of Ireland, but is not
given in any dictionary, though it is to be found in
manuscripts, ní raibh púin airgid aige, he had not
much money.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11