Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fréamhacha na hÉireann

Title
Fréamhacha na hÉireann
Author(s)
Bailithe ag Aoidhmín Mac Gréagóir,
Pen Name
Hugh Mac Millan (Bail.)
Compiler/Editor
Mac Gréagóir, Aoidhmín (Bail.)
Composition Date
1906
Publisher
Maunsel & Co.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÉAMH-RÁDH.



DO mo fhíor-chara, Peadar Mac Con na Midhe, Baile na Croise, Conndae
Dhoire Cholmcille, seanchuidhe agus fíor-Ghaedheal a chongbhuigh suas
brat na Gaedhilge i mBaile na Sgríne sul far cuireadh Connradh na
Gaedhilge ar bun, a sgríobhim an leabhar seo. B'féidir nach dtaitneochadh
na sgéalaidhe seo le achan duine, acht tá siad annseo mar arsuigh na
daoine domh-sa iad, agus creidim gur fíor an sean-fhocal é seo: "Is
moirneach breacóg le h-aghaidh fleasgaigh acht is í an stánuidhe a cuirfidh
ar bhealach a leasa é." Patriae fumus igne alieno luculentior.



AODHMAÍN GRÍOGARACH MAC MAOILDHAOINE


L. IX


I.



Tá Éire go fann, is amhgarach cruidh atá a croidhe,
Fíor-bhrón in m'annseacht atá teann-briste i n-a luighe
Gan spéir ann ag an lán uaisle i dtír,
I sgéal an seanchuidhe nó dán an fhilidhe.



II.



A lán uaisle na h-Éireann! caith uaibh bhur gall-bhród,
Ná congbhuigh leann nó uisge beatha ar bhur mbórd,
Acht le teanga na nGaedheal do chuidiughadh le bhur dtír,
Ag sgríobhadh sgéil an tseanchuidhe is dán an fhilidhe.



III.



Acht feicfhidh sinn ar ball — ní bheidh siadh chomh gortach,
Ní bheidh siad chomh dall ag déanadh Éire buaidheartha,
Acht cuidiughadh le Gaedheal agus Gall chun a dtír d'árdughadh
As an sean-bhriseadh agus clábar na dílinne.



AODHMAÍN MAC GRÍOGÓIR.


L. 1


CAOIN ARTUR MAC RÍOG ÉIREANN.



Micheál Ua Fháoláin, Ceathramha an Theampuil,
Inis Meadhon, D'innis.


L. 2


CUAIDHEADAR a bhailé chuig cúirte a athar agus
bhí na daoine uaisle go dtí na daoine a
b'ísle, ag teacht i n-a láthair ag déanadh greann
agus lúthghaire… Pósadar agus mhair an
bhainis seacht n-oidhche agus seacht lá agus b'fheárr
an lá deireannach ná an chéad lá.


L. 5


CAOIN ARTUR MAC RÍOG ÉIREANN.



BHÍ rí fad ó i nÉirinn, agus bhí inghean aige dhe bhean bhreagh,
agus is é an dlighe a bhí i nÉirinn an t-am sin, aon fhear
a ghabhadh ag iarraidh bean agus dá n-eiteochadh sí é go
raibh an bhean le cur chun bháis. Chuaidh trí céad de na
buachaillibh óga lá isteach chuig an ríogh le an inghean d'fhaghail
le pósadh, agus ní raibh sé de mhisneach do cheachtar acob í
d'iarraidh le pósadh. Bhí an sgéal ag imtheacht chuig chuile dhuine, nár
bhfuair aon fhear fhéin misneach í d'iarraidh fós. Chuala duine bocht a
bhí ann é, go raibh an méid sin flatha ag teach an ríogh. Lá amháin dubhairt sé
le na mháthair léine do nigheachán dhó go ndeachaidh sé fhéin dhá iarraidh. Mar
sin a bhí, agus ní raibh sé go holc. Caitheadh dhe an léine a bhí air
agus rug a mháthair uirri, agus chaith sí síos i n-uisge na bhfataidhe
í agus thosaigh sí dhá nigheachán. Nuair bhí sé nighte, dubhairt sé nach
gceart do aon fhear ag dul ag iarraidh bean gan iarann a bheith ar
a léine.



"Ní fhuil aon iarann agam." adubhairt an mháthair.



"Seo," adeir sé, "ná beadh sin le rádh agad."



D'imthigh sé agus bhaineann sé cos as an láighe agus shaitheann
sé i smál na dríseoge í. Nuair bhí an láighe dearg, fuair sí píosa
de shean-stocaidhe, agus rug sí ar an láighe agus cimiligheann sí an
láighe anonn agus anall cúpla bobhtá do an léine agus sin é an
iarann a churadh ar an léine. Shaitheann sé air an léine. Bhí go
maith agus ní raibh go holc. D'imthigh sé amach le an mbean óg
d'iarraidh le pósadh. Bhí sé ag imtheacht go deo gur chasadh an rí dho.



"Táim ag iarraidh do nighean le pósadh."



"Sin í istigh agad féin í," adubhairt an rí.



Chuaidh sé isteach suas go mbárr na staighridhe an áit a raibh an bhean óg,
agus na buachaillidhe. "Tá mise dod iarraidh le pósadh." Ní thug sí aon
freagra air. Rith sé amach, agus rith na buachaillidhe in a dhiaidh, agus as go


L. 6


brathach leis go ndeachaidh sé i bhfasgadh in áit éiginteach. Ní fhuaireadar amach
é. Ba é sin an áit a raibh an socraidh ag na daoinibh uaisle. Lá ar na bhárach
curadh socruighthe ar an sgéal seo ar chuile duine, acht bhí aon fhear meabhrach
amháin ann a dubhairt gur mhór an truagh é, an bhean óg do chur cun bháis,
mar gheall ar an strannachán seo. Dubhairt se gur cheart bocsa adhmada
do dhéanadh, agus beatha bliadhna ann, agus an ingean do chaitheadh amach le
muir agus mór-fhairrghe. Mar sin bhí an dlighe déanta ag na daoinibh uaisle.
Churadh isteach sa mbocsa, agus caitheadh amach le muir agus mór-fhairrge.
Bhí an bocsa ag seoladh go deo go dtáinig sé i dtír ar chóiste Shasana, agus
cé bheadh ag dhul thart, acht ridire caorach. Chonnaich sé an bocsa seo i
dtír, agus chuaidh sé go dtí é agus breathnuigh sé isteach. Fríd an bhfuinneog
a bhí air, chonnaich sé an bhean is breágha a chonnaic sé ariamh roibhe. Thug sé
cúl a láimhe dho an bhfuinneog, agus bhris sé í.



"Bhfuil tú beo," adeir sé.



"Táim" arsa sise.



"An dtiucfar amach?" adeir se, "agus mé do phósadh."



"Nár ba slán comórtas thú féin agus an fear deireannach udaí mé."



Shaoil sí gur ab é an dlighe a bhí i Sasana an dlighe a bhí in Éirinn.
Chomairigh sé na caora, agus bhí sé in a ridire an am sin. D'imthigh
leob go dtug sé chuig an teach í, agus pósadar. Dubhairt sé annsin go
mbeadh banais mhaith orob go dtiucfadh sé ag glaodhach ar ríogh Tír Bhothíma,
agus ar a mhór sluaighte. Annsin dubhairt an bhean óg, "dá ndéanfeá mo
chomhairle, ní ghabhfá ag glaodhach orob. Chaith an banais leat fhéin. Is
fearr atá a fhios agam-sa, ce h-é sin na agad fhéin." D'éirigh an-fhearg air
agus d'imthigh se go dtug sé cur na bhainse ar riogh Tír Bhothíma, agus tháinig
siad go fáilteamhail leis. Bhí cárranna agus caiple ag dhul thairis chomh tréan
agus congbheochadh sé amharc orab. Níor stad siad go dtáinig siad i n-aice
an tigh a raibh an banais ann. Níor leig an náire do féin ag dhul isteach le
na raibh istigh. Bhí sé ag éisteacht leob dha rádh go raibh na caora
sin le mharbhadh. Marbh sé a raibh de caora aige, agus ní túisce
a bhí rí Tír Bothíma annseo. Nuair bhí a fhios ag rí Éireann nach dtiubhrfadh
na caora greim in éadan na daoine, chuir sé a mhac fá na n-déin. D'éirigh an
mac, agus thug sé leis a chapall ab ainm dho an each caol dubh. Chuaidh se go
léim uirri thug sé spúr agus fuip dhi, bhéarfadh sí ar an gaoth Márta a bhí
roimpi, agus ní bhearfadh an gaoth Márta a bhí in a diaidh uirrí go dtáinig
sé go dtí an áit a raibh cliamhain léigeann Caoin Ártúr, é anuas de an
chapall agus chuir sé méar faoi an gcris, agus d'árdaigh sé suas ar a
ghuailean í, agus thug sé leis abhaile í go dtí an athair agus leagadh aige
biadh, agus deoch. Nuair bhí sé saitheach leagadh aige gléas ceoil, an cláirseach.


L. 7


Bhí sé ag seinm uirri go raibh sé tuirseach, thug Caoin Ártur aríst é go dtí
a theach fhéin. Bhí aige an cláirseach, an cos dubh agus an scáraoid, biadh ar
bith a cuimhneochadh air a bheith agad tiucfadh sé agat, agus an cos dubh deoch
ar bith a cuimheochadh air beadh sé agad. Tháinig sé isteach leob, agus
d'imthigh Caoin Ártur abhaile. Leag sé anuas ag ríogh Tír Bhothíma iad agus
ag a mhór sluaighte. Nuair bhí chuile dhuine réidh le an mbiadh leis an deoch agus
leis an gcláirseach, dubhairt an ridire ceart do chuile dhuine do
theacht ag moladh nó ah caineadh. Dubhairt rí Tír Bhothíma gurab iad na trí
neithe is deise a bhfaca sé ariamh acht trí neithe chonnaic sé ag ríogh
Éireann fad ó. Mhol chuile dhuine timcheall iad, acht an bhean óg. Dubhairt sí
sin nach raibh siad le moladh ná cáineadh aici. Chuaidh sé timcheall arís, acht
mhol chuile dhuine iad, acht an bhean óg, dubhairt sí.:



"Ní fhuil siad le moladh ná cáineadh agam."



Chuaidh sé timcheall an tríomhadh am acht mhol chuile dhuine iad acht
an bhean óg. Dubhairt sí nach raibh siad le moladh ná cáineadh aici.
Ní rinne an fear acht do tharraing uirri le cúl a láimhe agus trí fiacla do
bhaint as a ceann. Dubhairt rí Tír Bhothíma le a chuid fir do bhreith ar an bhfear
sin, agus é do cheangal. Rinne siad é sin, agus thug sé leis an bhean
Annsoin dubhairt an bhean leis gan bhaint ná páirt a bheith aige dhi go ceann
lá agus bliadhain. Chuala rí Éireann é, agus órduigh sé do a mhac ag dhul
agus ag foirithint ar a chliamhain. D'imthigh Caoin Ártur agus thug sé leis an
t-each caol dubh. Chuaidh sé go léim uirri. Thug sé spúr agus fuip dhi.
Bhéarfadh sí ar an gaoth Márta a bhí roimpi agus ní bhéarfadh an gaoth Márta
a bhí in a diaidh uirri go dtáinig sé go dtí an áit a raibh a chliamhain.



"D'éirigh, agus d'fhosgal an doras," arsa Caoin Ártur.



"Ní fhéadaim," ars' an ridire, "táim ceangalte."



"Congbhaigh as an mbealach agus gabhfadh mé fein isteach," arsa Caoin
Ártur.



Thug se cic do an doras. Chuir sé amach tríd an doras eile é. Sgaoil
sé amach tríd an doras eile é. Sgaoil sé go dtug sé leis é go ndeachaidh
sé go dtí an áit a raibh an ríogh Tir Bhothíma.



"Chuir amach an bhean chuig an ridire" adubhairt Caoin Ártur," "go
beo nó ní fhágfidh mé ceann ar cholainn an a bhfuil ins an Ríoghacht agaibh."
Chuir sé an bhean cuige. Thug sé leis iad go bhfágfadh sé ag a dteach fhéin iad.



Annsin dubhairt Caoin Ártur le a dheirbhshiúr nach dtiucfeadh sé a bhaile
chuig a atair go rachadh sé ag tóraidheacht a fhoirtún i mbáireach.



"An chéad lá de an bhliadhain nuadh téirigh abhaile chuig t'athair agus
chuig do mháthair agus ní thiucfidh lá bochtaineacht go deo ort."



Arsa Caoin Ártur, "Dár mo chrádh, agus mo fhilleadh agam nach bhfillfidh


L. 8


mé chíon go rachaidh mé ag triall mo fhoirtún. Déan caca beag dhom,"
arsa Caoin Ártur, "agus béidh fhios againn ar maidin."



Mar sin a bhí, rinne sí an caca, agus thug sé leis ar maidin é, d'fhág
sé slán ag an mbeirt, bhailigh leis agus bhí sé ag imtheacht, agus ag síor-
imtheacht go deo gur chasadh sean-fhear dho.



"Cá bhfuil tú fhéin ag dhul" adeir an sean-fear.



"Tá mé ag tóraidheacht máighistir aimsire," arsa Caoin Ártur. "Ca
bhfuil tu féin ag dhul."



"Táim ag iarraidh bhuachaill aimsire."



"Is mar a chéile atámuid," arsa Caoin Ártur. "Céard a thiubhrfá do
bhuachaill bliadhna anois."



"Bhéarfainn naoi bpúnt dhó," adeir an sean-fhear, "agus deich bpúnt dá
mbéadh se go maith." "Ní iarróchaidh mé ort," adeir an máighistir, acht báisín
uisge leagann agam chuile maidin agus tráthnóna, cíor agus ráca agus
galluanach agus mo bhéile."



"Déanfadh mise sin duit," adeir Caoin Ártur.



Chuaidheadar a bhaile agus bhí sé ag déanadh na hoibre go han-mhaith.
Nuair chonnaic an sean-fhear chomh maith agus bhí Caoin Ártur, thug sé amach
ag siubhalóid é agus bhíodar ag imtheacht agus ag síor-imtheacht go dtáinig
siad go bruach áille, agus shiudheadar síos ann. Céard a bhfeic-
feadh siad acht ochtar fear agus iad ag cur comhra síos ins an ngaineamh.
Dubhairt Caoin Ártur leis an máighistir do theannadh síos go bhfeiceamuid
céard táid ag déanadh.



"Ní rachaidh mé ar siubhal," adeir an máighistir.



"Buallfad a leath agus buallfar an leath eile má dhéanann siad aon
cheo orainn."



"Ní rachad," adeir án máighistir.



"Siubhal síos agus buallfad cúigear agus buallfar thrí fhear."



"Ní ghabhfad," adeir an máighistir.



"Siubhal síos," adeir Caoin Ártur, "agus buallfidh mise seisear agus
buallfidh tusa beirt."



"Ní ghabhfad," adeir an sean-fhear.



"Siubhal síos agus buallfad seachtar, agus buallfir duine amháin."



"Ní ghabfad," adeir an máighistir,



"Siubhlais síos agus buallfidh mise ar fád iad, agus beidh tusa ag
breathnughad orm" arsa Caoin Ártur.



"Ní ghabhfad," ars' an máighistir.



Rith sé abhaile agus dún sé na dóirse agus chuir sé clúd ar na
fuinneógaibh. D'imthigh le Caoin Ártur go ndeachaidh sé go dtí iad


L. 9


Dubhairt sé "Céard tá sibh ag déanadh annsin?" "Dona agus tubaiste
h-aire ort mara mbéadh thú bheith fiafraigheacht, ní fhiafreóchá é,! adeir
fear acob. Ní rinne Caoin Ártur aon cheo, acht ag iompodh thart is druim a
láimhe do thabhairt dhó, agus fear marbh do dhéanadh dhe. Ar sin tageann
ceann eile acob, agus rugh sé ar a dhá chos agus chaith sé leis an ceann eile
é, agus bhí sé ag caith i n diaidh a chéile iad, agus níor fhág sé duine acob beo.
Chuaidh sé go dtí an comhra annsin, agus thóg sé an clár de, agus chonnaic
sé bean bhreágh ann, agus dubhairt sé léithe siubhal amach as sin go dtug sé
leis í go dtí teach a mháighistir í. Bhuail sé an doras agus dubhairt sé
leigim isteach. D'fhosgail an mháighistir an doras agus leig sé isteach.
Caoin Ártur agus an bhean bhreágh. "A mo ghrádh thú! is tusa fhéin nach
dtiuchfadh follamh, tá sí agat," adeir an máighistir. "Atá," adeir Caoin
Ártur, "sin rud nach mbeadh agat-sa. Tabhairfaidh mé dhuit anois í," arsa
Caoin Ártar. "Go raibh maith agad," adeir an máighistir. Bhí gráin mór
ar an gcailín an am sin faoi é dhá tairsgint dhó. Chuir Caoin Ártur do
codladh i n-aontuighthe iad agus amach ins an oidhche é, leag an máighistir a
lámh agus a cheann uirri. "Tóg díom do lámh agus do cheann-sa, tá lámh
agus ceann ann is measa liom nó do lámh agus do cheann-sa." Nuair d'éirigh
sé ar maidin d'fhiafruigh Caoin Ártur dhe cé mar thaithigheann an bhean aréir
leis. "O dubhairt sise, nuair shaoil mé mo lámh agus mo cheann do
leagadh uirri, dubhairt sí go raibh lámh agus ceann ann is measa liom-sa ná
do lámh nó do cheann." "Mo chroidhe chrádh dhíom-sa agus an t-ádh ort-sa,
téirigh do chodladh anocht agus féach céard atá ann." Chuir Caoin Ártur
do chodladh i n-aontuighthe iad, agus amach ins an oidhche é, leag an
máigistir a lámh agus a cheann uirri. "Tóg díom do lámh agus do cheann-
sa, tá lámh agus cheann ann is measa liom ná do lámh agus do cheann-sa."
Nuair d'éirigh sé ar maidin d'fhiafruigh Caoin Ártur dhe cé mar thaithigheann
an bhean aréir leis. "O dubhairt sise nuair shaoil mé mo lámh agus mo
cheann-sa do leagadh uirri dubhairt sí go raibh lámh agus cheann ann is measa
ná do lámh agus do cheann." "Mo chroidhe-chrádh dhíom-sa agus an t-ádh
ort-sa, téirigh do chodladh agus abair léithe anocht cé an lámh agus ceann
iad." Chuir Caoin Ártur do chodladh i n-aontuighthe iad agus amach ins an
oidhche é, leag an máighistir a lámh agus a cheann uirri. "Tóg díom do
lámh agus do cheann-sa, tá lámh agus cheann ann is mheasa liom ná do lámh
agus do cheann-sa."



"Cé an lámh agus ceann iad sin?" adeir an máighistir.



"Tá lamh agus ceann Fathach Mór na mBuaile."



Nuair d'éirig sé ar maidin d'fhiafruigh Caoin Ártur dhe cé mar
thaithigheann an bhean bhreágh aréir leis.


L. 10


"O dubhairt sise nuair shaoil mé mo lámh agus mo cheann-sa do leagadh
uirri, dubhairt sí go raibh lamh agus cheann ann is measa liom ná do lámh
agus do cheann-sa."



"Cé an lámh agus ceann iad sin?" adeir Caoin Ártur.



"Lámh agus ceann Fathach Mór na mBuaile."



Annsin dubhairt Caoin Ártur nach íosadh sé aon ghreim bídh ná dighe go
mbéarfadh sé cuici iad sin. D-imthig leis agus bhain sé sliseogh de an chrann
ba fhuide uaidh agus ba ghoirra dho. Leag sé ar a bhois iad gur chuir sé
séideog futhab go rinne sé long naoi gcrann díobh go ndeachaidh sé ar
dhruim trasna chuici gur bhain sé cór as a chuid seolta móra bocóideachas
bacóideacha snáitheacha fhadha go bárrach na gcrann chomh-fhada chomh-dhíreacha.
Thug sé dhá rionn-seol dhi agus trí rionn-siubhail dhi go dtug sé aghaidh ar an
domhan thoir. D'éirigh an tón gorm ó íochtar na fairrge thiar ag an dtufás,
a bhí ag na h-eascoinaibh ag dul i n-ascaille le chéile. Níor treabh ariamh mar
a threabh sé fhéin cheana í. Bhí sé ag seoladh chíon nó go deo go labhair an
guth os a chionn.



"Dá tabhairfadh tuistiún dhom-sa le na himeartha d'innseochinn dhuit cá
bhfuil an t-iarracht ag dhul."



"Tabhairfinn," arsa Caoin Ártur, "agus trí tuistiuna."



Chuir sé a lám i n-a póca gur chaith sé amach léar airgid chucab. Chrom
siad anuas agus phioc siad suas chuile phinginn go raibh ar an druim trasna.
Dubhairt siad leis iompodh beag do bhaint as an long agus gur ab é an áit
a bhfuigheadh sé Fathach Mhór na mBuaile. Rinne sé sin agus nuair thainig sé
i dtír rug sé ar bhais agus tharraing sé suas leath na trágha í, chaith sé
gráinnín mín séidhte na tragha uirri, chuir sé féiste lá agus bliadhain uirri,
d'ar dtus nach mbheadh sí ann acht aon nóimid amháin. D'imthigh leis ar
siubhal agus ag síor-imtheacht. Is gearr go bhfaca sé an t-aer ag diubheachán
agus céard a bheadh ann acht Fathach Mhór na mBuaile. D'fhiafruigh se dhe
céard a bhí uaidh. Dubhairt sé gur ab é lámh agus ceann Fathách Mór na
mBuaile é.



"Ní bhfaghaidh tú iad sin go troidfadh tú ar a son."



"Mar sin atá mé dha n-iarraidh," adeir Caoin Ártur.



D'fhiafruigh Fathach Mór na mBuaile dho cé b'fhearr leis do dhul ag troid
ar leacrachaibh cruaidh slígeán na do dhul ag sáthadh sgeana i n-ascall le cheile.



"B fhearr liom do dhul ag troid ar leachrachaibh cruaidh sligheán mar
is é an áit a chleacht mé ag mo athair agus ag mho mháthair araimh é."



Rugadar dha greim chaola chruaidhe ar a chéile go fíbhárach fabharach.
Rinnedar bogán de'n chruadhán, agus cruadhán de'n bhogán le neart
carraidheachta agus comhraic. Bhíodar le chéile ó d'éirigh an grian ar maidin


L. 11


go ndeachaidh sé faoi tráthnóna. Chonnaic Caoin Ártur nach raibh fear a
shínte no a chaointe aige go dtáinig spídeog Mhuire ar ghualann Caoin Ártur
agur dubhairt.



"A Chaoin Ártur, Caoin Ártur caca cá bhfuil an duine uasal a
d'éireochaidh in-uachtar?"



Sin é an uair a thug Caoin Ártur cor dho agus chuir se go dtí na bhasta
é agus an dara cor chuir sé go dtí n-a chroidhe é agus an tríomhadh cor go
dtí mheall a bhrághad é.



"Fód glas ar do mhuinéal, a Fathaigh." arsa Caoin Ártur.



"A ghaisgidhigh is fhearr a chonnaic mé ariamh." ars' an Fathach," tabhair
as seo mé, agus tabhairfidh mé claidheamh soluis dhuit a dhéanfas solas i
ndorchadas i n-aon áit a mbéidh tú dá leigfadh mo cheann agus mo chomann
beathadh liom"



"Cá bhfuil an claidheamh soluis?"



"Tá sé ins an rúm luachmhar sin thall."



Chuaidh se agus rug sé ar an claidheamh agus dubhairt "Cé an fhios
atá agam-sa má nár olc é seo?"



"Féach ar an smután is gránda ins an gcoill sin."



"Ní fheicim aon smután ar bith níos gránda liom ná do shmután fhéin."



Tharraing sé buile air agus a cheann do bhaint dhe agus buile eile ar a
lamh agus í do bháint dhe freisin. Bhain sé géagán de an chrann agus chuir
sé amach tríd a chluas é. Annsin thug sé leis iad. Bhain sé sliseog de an
chrann ba fhuide uaidh agus ba ghiorra dho, leag sé ar a bhois iad gur chuir sé
séideog futhab go rinne sé long naoi gcrainn díobh go ndeachaidh sé ar
dhrum trasna agus ceann agus lámh an fhathaigh leis gur bhain sé cor as a
chuid seolta móra bocóideacha bacóidéacha snáitheacha fhada go bárrach na
gcrann chomh-fhada chomh-dhíreacha. Thug sé dha rionn-seol dhi agus trí rionn-
siubhail dhi go dtug sé aghaidh ar an domhan thoir. D'éirigh an tón gorm ó
íochtar na fhairrge thiar ag an dtúfas a bhí ag na h-eascoinaibh ag dhul í
n-ascaille le chéile. Níor treabh ariamh mar treabh sí fhéin cheana agus bhí sé
ag seoladh chion nó go deo go labhair an guth os a chionn.



"Dá tabhairfadh tuistiún domh-sa le na h-imeartha d'inniseochinn duit
cá bhfuil an t-iarreach ag dhul"



"Tabhairfinn," arsa Caoin Ártur, "agus trí túistiúna."



Chuir sé a lámh i n-a phóca gur chaith sé amach léar airgid cucab. Chrom
siad anuas agus phioc siad suas chuile pinginn go raibh ar an druim trasna.
Dubhairt siad leis iompodh beag do bhaint as an long agus gur ab é an ait
a bhfuighfadh sé teach a mháighistir. Rinne sé sin agus nuair tháinig sé i dtír
rug sé ar bhais agus tharraing sé suas leath na trágha í. Chaith sé gráinnín


L. 12


mín séidhte na trágha uirri, chuir sé féiste lá agus bliadhain uirri. Annsin
thug sé leis an lámh agus an ceann chuig a thighe. Bhí an bhean bhreágh ins an
gclúd agus an máighistir i ns an gclúd eile gan focal acob le chéile. Leag
Caoin Ártur an ceann agus an lámh i gcota na mná breágh. D'fhill siad
ar a chéile agus d'imthigh siad le asaraidheacht suas tríd an simléir.



"Anois," adeír an máighistir, "ní fhuil tada againn."



"An áit a bhfuair mise an lámh agus ceann geobhaidh mé an bhean arís
dhuit," arsa Caoin Ártur.



D'imthigh leis agur bhain sé slíseog de an chrann ba fhuide uaidh agus ba
ghiorra dho. Leag sé ar a bhois iad gur chuir sé séideog futhab go rinne sé
long naoi gcrainn díobh go ndeachaidh sé ar dhruim trasna gur bhain sé chor
as a chuid seolta móra bocóideacha bacóideacha snáitheacha fhada go bárrach
na gcrann chomh-fhada chomh-díreacha. Thug sé dha rionn-seol dhi agus trí
rionn-siubhail dhi go dtug sé aghaidh ar an domhan thoir. D'éirigh an tón gorm
ó íochtar na fairrge thiar ag an dtúfas a bhí ag na h-easconaibh ag dul
i n-ascaille le chéile. Níor treabh ariamh mar treabh sé fhéin cheana í. Bhí sé
ag seoladh chíon nó go deo go labhair an guth os a chionn.



"Dá tabhairfadh tuístiún dhomh-sa le n-a h-imeartha d'inniseochinn dhuit
cá bhfuil an t-iarreach ag dhul."



"Tabhairfinn," arsa Caoin Ártur, "agus trí tuistiúna."



Chuir sé a lámh i n-a phóca gur chaith se amach léar airgid cucab. Chrom
siad anuas agus phioc siad suas chuile pinginn go raibh ar an druim trasna.
Dubhairt siad leis cor do bhaint as an soitheach, agus í do chongbháil ar an
ngearrtha sin go bhfeicfidh sé páirc, "agus ag dhul ins an cúinne thiar dheas
de sin, tá leac ann agus bhfaghaidh tú an bhean bhreagh faoi an leach sin."
Rinne sé sin agus nuair thainig sé i dtír rug sé ar bhais agus tharraing sé
suas leath na trágha í. Chaith sé gráinnín mín séidhte na trágha uirri. Chuir
sé feiste lá agus bliadhain uirri. Annsin d'imthigh sé thiar deas chun cúinne
na páirce agus chonnaic sé an leac. Thóg sé é. Chuaid sé síos ann. Bhí
síléir breag talmhan ann. Shuide Caoin Ártur síos ar chathaoir i n-aice na
teineadh. Níor túisce gur chuimhnigh sé ar bhiadh nuair tháinig sé chuige.
Nuair bhí sé réid, tháinig siolladh gaoithe agus thóg sé an bhord arís. Annsin
chuimhnigh Caoin Ártur dá mbeadh duine éiginteach a congbhochadh comhluadar
Tháinig lamh agus ceann Fathach Mór na mBuaile ar an mbórd chuige.



"Go mbeannuighid Dia dhuit, a Chaoin Ártur," ars' an ceann.



"Go mbeannuighid Dia agus Muire dhuit," adeir Caoin Ártur.



"An imreochá cluiche cárdaide?" ars' an ceann.



"Mo chroide chrád díom má chlisim," adeir Caoin Ártur.



Leagadh paca cárdaide ácob. Ní fhacha Caoin Ástur duine ar bith ar


L. 13


an fhad seo acht an lámh agus an ceann. Chuaidheadar ag imirt agus
chuaidh an cluiche ar Chaoin Ártur.



"Cé leis an gcluiche seo?" adeir Caoin Ártur.



"Is liom-sa," ars' an cloigeann.



"Is eadh," arsa Caoin Ártur.



"An n-imreochá cluiche cárdaidhe eile?" ars' an ceann.



"Mo chroidhe-chrádh dhíom má chlisim," adeir Caoin Ártur



Chuaidheadar ag imirt agus chuaidh an cluiche ar Chaoin Ártur.



"Cé leis an gcluiche seo?" adeir Caoin Ártur.



"Is liom-sa," ars' an cloigeann.



"Is eadh," arsa Caoin Ártur.



"An n-imreochá cluiche cárdaidhe eile?" ars' an ceann.



"Mo chroidhe-chrádh dhíom má chlisim," adeir Caoin Ártur.



Chuaidheadar ag imirt agus chuaidh an cluiche ar an gceann.



"Cé leis an gcluiche seo?" adeir Caoin Ártur.



"Is liom-sa," ars' an cloigeann.



"Ní h-eadh," arsa Caoin Ártur. "Is liom-sa é."



Tharraing an lámh buille ar Chaoin Ártur agus chuir sé síos ar mhullach
na teineadh é. Nuair d'éirigh sé rug sé ar an gceann agus an leath lámh.
Nuair tháinig an bhean aniar as an seomra agus d'iarr sí cóir agus cumann
air gan iad do dhóigheadh. Rinne siad sítheachan agus dubhairt sí go raibh
deichneabhar dearbhráithreacha aici a bhíonn ag dhul chuig na inseacha thiar ag
marbhadh daoine agus bíonn siad beo ar mhaidin arís.



"Déanamuid anois sítheachan leob nuair thiucfadh siad. Laghdeochadh
siad ar an dtalamh mise agus tusa dá bhfaghadh siad aon ádhbhar seans
againn."



Annsin d'imthigh Caoin Ártur agus bhain sé sliseog de an chrann ba
fhuide uaidh agus ba ghiorra dho. Leag sé ar a bhois iad gur chuir sé séideog
futhab go rinne sé long naoi gcrann díobh go ndeachaidh sé agus an bhean
bhreagh ar dhruim trasna gur bhain sé cor as a chuid seolta móra bocóideacha
bacóideacha snáitheacha fhada go bárrach na gcrann chomh-fhada chomh-dhíreacha.
Thug sé dha rionn-seol dhi agus trí rionn-siubhail dhi go dtug sé aghaidh ar an
domhan thoir. D'éirigh an tón gorm ó íochtar na fairrge thiar ag an dtúfas
a bhi ag na h-eascoinaibh ag dhul i n-ascaille le chéile. Níor treabh ariamh
mar treabh sé fhéin cheana agus bhí sé ag seoladh chíon nó go deo gur labhair an
guth os a chionn.



"Dá dtabharfadh tuistiún dhomh-sa le n-a h-imeartha, d'inniseochinn
dhuit cá bhfuil an t-iarreach ag dhul."



"Tabhairfinn," arsa Caoin Ártur, "agus trí tuistiúna."


L. 14


Chuir sé a lámh in a phóca gur chaith sé amach léar airgid chucab. Chrom
siad anuas agus phioc siad suas chuile pinginn go raibh ar an druim trasna
Dubhairt siad leis cor do bhaint as an soitheach agus í do chongbháil go
díreach glan ar an ngearrtha sin go bhfeicfadh sé na Inseacha Thiar agus ag
dhul i n-a gcoinne. Rinne sé sin agus nuair thainig sé i dtír rug sé ar
bhais na soithigh agus tharraing sé suas leath na trágha í. Chaith sé gráinnín
min séidhte na trágha uirri. Chuir sé féiste lá agus bliadhain uirri.
D'imthig Caoin Ártur agus is gearr gur chasadh na deichneabhar dearbhráithreacha
air. Bheannuigheadar dhá chéile agus dubhairt Caoin Ártur go dtiucfadh sé
fhéin leob i mbárach. D'imthigh leob. Lá ar na bhárach is amhlaidh a rinne
siad na fir tríd tusan a leath agus tríd séisean a leath eile. Bhíodar
réidh faoi thráthnóna an lae sin. Bhí na deichneabhar dearbhráithreacha ag
dhul a bhaile, acht ní rachadh Caoin Ártur leob go raibh a fhios aige céard a
bhí ag déanadh beo ar maidin iad. Cuimhnigh sé ar na daoine báise seo
agus is gearr go dtáinig sean-bhean agus cleite agus buidéal íoch-shláinte.
Chimil an cailleach síos agus aniar an íoch-shláinte dhá mbéil le bárr an
chleite.



"Éirigh suas, a chlann ó, agus nár bhfóiridh Dia fear a leagadh,"
adubhairt an cailleach annsin.



Tháinig sí go dtí Caoin Ártur agus dubhairt an rud céadna leis.



"Bheannacht dhuit-se agus mhallacht do an bhéal a mhúin thú."



Rugadar dhá ghreim ar a chéile. Rinneadar bogán de'n chruadhán agus
cruadhán de'n bhogán gur thairngigheadar toibreacha fior-uisge thrí bhárr ná
gcairrgeacha aníos le neart troda agus comhraic. Chonnaic Caoin Ártur
nach raibh fear chaointe no a shinte aige. Rug sé ar phíobán uírri agus sul
a bhí sí tachttha dubhairt an cailleach leis: "Innis do mo fhear go marbh tú
Cailleach na h-Uanach agus a chlann."



D'imthigh Caoin Ártur ag siubhail agus ag síor-imtheacht gur chasadh fear
caillighe na n-Uanach. D'innis Caoin Ártúr gur mharbh sé Cailleach na
h-Uanach.



"Nár bhfóiridh Dia fear a leagadh." arsa fear Chaillighe na h-Uanach,
"beannacht dhuit-se agus mallacht do'n bhéal a mhúin thú."



Rugadar dhá ghreim ar a chéile. Rinneadar bogán de'n chruadhán
agus cruadhán de'n bhogán gur thainngigheadar toibreacha fíor-uisge thrí bharr
na gcairrgeacha aníos le neart troda agus comhraic. Chonnaic Caoin
Ártur nach raibh a chaointe no a shínte aige. Rug sé ar phíobán air agus sul
a bí sé tachttha, dubhairt sé "Innis do an gearrán bán gur mharbh tú Cailleach
na h-Uanach, a fear, agus a clann."



D'imthigh Caoin Ártur ag siubhal agus ag síor imtheacht gur chasadh an


L. 15


gearrán bán air. D'innis Caoin Ártur gur mharbh sé Cailleach na h-Uanach,
a fear, agus a clann.



"Nár bhfóiridh Dia fear a leagadh." arsa an Gearrán Bán, "beannacht
dhuit-se agus mallacht do'n bhéal a mhúin thú."



Rugadar dhá ghreim ar a chéile. Rinneadar bogán de'n chruadhán
agus cruadhán de'n bhogán gur thairngigheadar toibreacha fíor-uisge
thrí bhárr na ghcairrgeacha aníos le neart troda agus comhraic
Chonnaic Caoin Ártur nach raibh a chaointe no a shínte aige. Fuair Caoin
Ártur déis air, agus stroic sé é ó an cab uachtarach go dtí an tón
íochtarach, agus sul a bhí sé marbh, dubhairt sé, "Innis do an réidhe rásach,
gur mharbh thú Cailleach na hUanach, a fear, agus a clann, agus an gearrán
bán."



D'Imthigh Caoin Ártur ag siubhail agus ag síor-imtheacht gur chasadh an
réidhe rásach air. D'innis Caoin Ártur gur mharbh sé Cailleach na hUanach, a
fear, a clann, agus an gearrán bán.



"Nár bhfóiridh Dia fear a leagadh," arsa an réidhe rásach. "Beannacht
dhuit-se agus mallact do'n bhéal a mhúin thú."



Chuaidheadar ag troid le chéile agus chuile toma a feachfadh an réidhe
rásach ar Chaoin Ártur, buaileochadh sé an claidhe. Rinne sé an chleas
céadna seacht uair i ndiaidh a chéile go raibh an réidhe rásach sáruighthe.
Ansin rug Caoin Ártur ar an gClaidheamh Soluis agus sháith sé é díreach
glan go croidhe an reidhe rásach, agus sul fuair sé bás, chuir sé Caoin Ártur
faoi gheasa do innisint do an chat carrach, gur mharbh sé Cailleach na hUanach,
a fear, agus a clann, agus an gearrán bán agus an réidhe rasach,



D'imthigh Caoin Ártur ag siubhal agus ag síor imtheacht go dtáinig sé
go dteachín beag cúmhang agus ní fhaca sé neach ar bith in a n-aice. Chuaidh sé
isteach ar éigean agus chonnaic sé cat mór millteach i n-a shuidhe a lár an
tighe. D'innis Caoin Ártur gur mharbh sé Cailleach na hUanach, a fear agus
a clann, agus an gearrán bán agus an réidhe rásach.



"Nár bhfóiridh Dia fear a leagadh" arsa an cat carrach. "Beannacht
dhuit-se agus mallacht do'n bhéal a mhúin thu."



Chuaidheadar ag troid agus ag síor-chomhrac le chéile go raibh an teachín
folaigh le fuil leis an fuil-bheartach a bhí an cat ag déanadh air. Bhí an cat
ag fagháil an chuid is fearr air agus fá dheireadh thiar thall níor fhág an cat
feol ná croiceann air nach stróic sé ó a chnámha. Nuair a bhí sé ag saoradh
an bháis chuir Caoin Ártur a lámh i mbéal an chait ag an gáiridhe a bhí an cat
ag déanadh go dtug sé croidhe an chait leis. Shin an cat a chos i mbéal
Chaoin Ártur go dtug sé a chroidhe leis ar an nós céadna. Fuair an péire
bás. Tháinig deirbhshiúr Fathach Mór na mBuaile thart agus fuair sí an


L. 16


obair seo déanta. Thóg sí an chroidhe a bhí a lámh Chaoin Ártur agus chimil
sí braon íoc-shláinte dhe agus chuir sí é i n-a colann aríst agus d'éirigh
Caoin Ártur suas beo. Chonnaic sé luch ag dhul thart agus mar gheall ar
chroidhe an chait a bhí ann rug sé ar an luch agus mharbh sé í. Annsin dubhairt
an bhean óg leis gurb í croidhe an chait a bhi ann. "Shin siar arís," arsa
deirbhshiúr Fathach Mor na mBuaile agus thug sí croidhe an chait as colann
Chaoin Ártur arís agus chuir sí a chroidhe fhéin ann. Cimil sí íoch-shláinte dhe.
Annsin d'éirigh Caoin Ártur Mac Ríogh Éireann suas chomh maith is bhí sé
ariamh.



D'imthig Caoin Ártur agus bhain sé sliseog de an chrann ba fhuide uaidh
agus ba ghiorra dho. Leag sé ar a bhois iad gur chuir sé séideog futhab go
rinne sé long naoi gcrann díobh go ndeachaidh sé agus an bhean bhreagh ar
dhruim trasna gur bhain sé cor as a chuid seolta móra bocóideacha
bacóideacha snáitheacha fada go bárrach na gcrann chomh-fhada chomh-dhíreacha.
Thug sé dha rionn-seol dhi agus trí rionn-riubhail dhi go dtug se aghaidh ar an
domhan thoir. D'éirigh an tón gorm ó íochtar na fairrge thíar ag an dtúfas
a bhí ag na h-eascoinaibh ag dhul i n ascaille le chéile. Níor treabh ariamh
mar treabh sé féin cheana agus bhí sé ag seoladh chion nó go deo gur labhair an
gut ós a chionn.



"Dá dtabharfadh tuistiún dhomh-sa le n-a h-imeartha d'inniseochinn
dhuit cá bhfuil no t-iarreach ag dhul"



"Tabhairfinn" arsa Caoin Ártur, "agus tri tuistiuna."



Chuir sé a lámh i n-a phóca gur chaith sé amach léar airgid cucab.
Chrom siad anuas agus phioc siad suas chuile pinginn go raibh ar an druim
trasna. Dubhairt siad leis cor do bhaínt as an soitheach agus í do congbhailt
taobh thoir ar an rian sin go bhfeicfadh sé teach a mháighistir. Rinne sé sin
agus nuair tháinig sé i dtír rug sé ar bhais na soithigh agus tharraing sé suas
leath na trágha í, chaith sé gráinnín mín séidhte na trágha uirri. Chuir sé
féiste lá agus bliadhain uirri. Chuaidh Caoin Ártur agus an bhean bhreagh
chuig teach an mháighistir. Bhuail sé an doras agus dubhairt sé leigim
isteach. D'fhosgal an máighistir an doras agus leig sé isteach Caoin Ártur
agus an bhean breagh.



"A mo ghrádh thú is tusa fhéin nach dtiucfadh follamh. Tá sí agad,"
ars' an máighistir.



"Atá," adeir Caoin Ártur, "sin rud nach mbeadh agad fhéin.
Tabhairfadh mé dhuit anois í," arsa Caoin Ártur.



"Go raibh maith agad," adeir an máighistir. "Ní theastigheann sí uaim."



"Is liom-sa í mar sin" arsa Caoin Ártur.


L. 17


"Tá sé go maith agus ní fhuil sé go h-olc, acht seo dhuit do chuid pháighe
agus téirigh a bhaile."



Glaoidh Caoin Ártur ar an each caol dubh, chuaidh sé go léim uirri agus
tharraing sé an bhean bhreagh ar a ghlúna. Thug sé spúr agus fuip dhi.
Bhéarfadh sí ar an ghaoth Márta a bhí roimpi agus ní bhéarfadh an gaoth Márta
a bhí i n-a diaidh uirri go dtáinig sé go dtí Éireann. Nuair tháinig Caoin
Ártur agus a bhean bhreagh chuig caisleáin a athar bhí ó'n uaisle go dtí na
daoine a b'ísle ag teacht i n-a láthair ag déanadh greann agus luthgháire
faoi é do theacht chuig cúirte a mhuinntir fhéin. Bhí Caoin Ártur agus an
bhean bhreagh pósta le chéile. Cuireadh gairm scoile amach ó an flaith go
dtí fear iarraidhthe na déirce agus mhair an bhainis seacht n-oidhche agus
seacht lá, agus b'fhearr an lá deiridh 'ná an chéad lá agus, Aodhmaín Chroidhe,
dá mbeadh sinn ann an uair sin ní bheadh sinn annseo anois.


L. 19


RÍ SOLADH.



Paidín Mac Donnchadha, Ceathramha an
Lísín Inis Meadhon, D'innis.


L. 20


"CIA na trí nidhe is tréine ná an féir." "Tá."
adeir sí, "Ar maidin fóghmhair fiche braon
druachta ar gach aon seamaide feir." Tá an
ceirt sin agat, a cailín chóir," adeir Rí Solad


L. 23


RÍ SOLADH.



IS eadh go díreacht a Aodhmaín chroidhe, sin é an sgéal a bhí, agus
béidh agus nuair bhéidhfeas mo cholann marbh sínte siar faoi
leacrachaibh Cill Ceannanach cuimhneochaidh tú ar mo sgéal-sa.
Ins an am fad o a raibh Rí Soladh ann ní phósfadh se aon bhean
óg acht an bhean d'innseochadh dho.



"Cé na trí neithe budh tréine na an fhéir"



"Cé mhéid réaltóige a bhí ins an spéar"



"Cé mhéid uisge a gabhfad le fánadh"



"A na aibhneaibh rith na bliadhna.



Dubhairt cailín a bhí ar aimsir i dteach go raibh sí chéin i n-ann é
d'innseacht. Chualadh Rí Soladh go ndubhairt an cailín é sin. Chuir Rí
Soladh fios uirrí agus d'fhiafruigh sé dhi an raibh sí i n-ann é d'innseacht dho.
Dubhairt sí go raibh.



"Má tá tú i n-ann é d'innseacht dhom" adeir Rí Soladh, "pósfaidh
mé thú."



"Ní mísde liom" adeir an cailín. "Má phósann tú anois mé,"
ars' an cailín, "caithfidh tú na trí nidhe a d'iarrfas mé ort aon lá chion do
thabhairt dhom."



"Tabhairfidh mé sin dhuit agus fáilte," ars' Rí Soladh. "Má-is-eadh
anois innis dhom cé na trí neithe a d'iarrfas mé ort. Cé mhéid réaltóige
atá san spéar.



"Bhall," adeir an cailín, "comhareochadh mise dhuit iad."



Thosuigh sí dha comhairimh dho. Nuair chonnaic sí iad bhí sí dha comhairimh
go maidin, bhí solas an lae ann agus dubhairt sí le Rí Soladh: "Cé an ciall
nach congbheochadh na réaltóige dhom go comhareochadh mé iad."



"Tá an ceist sin agat a chailín chóir" adeir rí Soladh. "Cé mhéid
uisge a ghabhfadh le fánadh as na aibhneaibh rith na bliadhna."



"Innseochaidh mise sin dhuit," ars' an cailín "acht congbhaigh an
t-uisge go dtuisfidh mé é."



"Ní fhéidim," adeir Rí Soladh. "Tá an ceist sin agat, a chailín chóir,"
adeir an rí. "Cé na trí nidhe budh tréine ná an féir?"


L. 24


"Tá," adeir sí, "ar maidin fhóghmhair fiche braon druachta ar gach aon
seamaide féir."



"Tá an ceist sin agat, a chailín chóir," adeir Rí Soladh.



"Phós sé annsin í. Bhíodar bliadhanta pósta. Bhí aon mac amháin acab.
Lá amháin briseadar amach ó chéile agus dubhairt an cailín go ndeachaidh sí
uaidh. Annsin d'iarr sí air na trí neithe do thabhairt dhi agus dubhairt rí
Soladh go dtabharfadh.



Cé na trí neithe iad," adeir sé.



"An mac agus a bhfuil d'ór agus d'airgead agad agus do cheann chéin
do bhaint ó do cholann lá ar bith a d'iarrfas mé é."



Faoi cheann leathanna beaga i n-a dhiaidh sin bhí beirt fhear ann. Chuir
siad capall agus láir ar féireach i bpáirc fir eile. Bhí searrach ag an láir
agus ghrath sé leis an gcapall. Nuair tháinig fear an chapaill ag iarraidh an
chapaill chuaidh an searrach i n- aonfheacht leis an gcapall. Chuir fear an
lárach dlighe ar fhear an chapaill. Dubhairt sé gur ghoid sé an searrach uaidh.
Chuaidheadar go dtí Rí Soladh agus dubhairt an rí le fear an chapaill: Tá
sé chomh maith agad an searrach do chongbháil mar lean sé an capall."
Annsin chuaidh fear na lárach chuig bean Ríogh Sholaidh agus d'innis sé an
sgéal dhi. Níor thaithneann an sgéal le an mbean. Dubhairt sí nach raibh sin
ceart. "Beidh an rí ag dó dheug ag dhul tríd an bpáirc amárach, bí in do
sheasamh ann agus bí ag iasgach bradáin ann."



Ag an dó dheug chuaidh an rí tríd an bpáirc agus chonnaic sé fear na
lárach ag iasgach. D'fhiafruigh an rí céard a raibh sé ag déanadh annsin.
Dubhairt fear na lárach go raibh sé ag iasgach bradáin.



"Céard a thabarfadh bradáin annseo?" adeir Rí Soladh.



"Nach bhfuil sé chomh corradh bradáin a bheith annseo le searrach a bheith
ag chapall?" arsa fear na lárach.



"Is fíor sin" adeir Rí Soladh. "Is í mo bhean d'fhosgail an cheist sin
dhuit."



Nuair chuaidh Rí Soladh abhaile go dtí a bhean d'iarr an bhean de, an mac,
an t-ór agus an t-airgead. Thug sé sin dhi. "Anois," adeir an bhean
"leag do cheann ar an bloc seo go mbainfidh mé an cheann dhíot." "Bhall,
déanfidh mé sin," adeir Rí Soladh. "Ach leigfidh mé leat," adeir an bhean.
"Déanfidh mé sin agus gabhfidh me leat," arsa Rí Soladh, "Ní fhuil ar leath
mná an domhain nach sgríobfadh é. Ní fearr dhom bean a bheith agam ach
thú chéin," adubhairt Rí Soladh. Ghabhadar ag ith agus ag ól annsin. Sin é
dtús agus deireadh mo sgéal-sa agus is fíor é. Seo é an sgéal mar
chualadh mé é as bhéal mo fhíor-charad, Páidín Mac Donnchadha, Ceathramha an
Lísín Inis Meadhon i measg cubhair na fairrge thiar.


L. 25


FATHACH DEARG NA TRE RÍBE ÓIR.



Darach Pheigín Ua Fhlaithbheartaigh
Ceathramha an Lísín, Inis Mheadhon, D'innis.


L. 26


Bhí sé ag imtheacht agur ag síor-imtheacht go bhfaca
sé solaisín beag i bhfad uaidh agus rinne sé
ar an solas agus chuaidh sé isteach teacín beag
agus ní raibh istigh ann acht sean-bhean.


L. 29


FATHACH DEARG NA TRE RÍBE ÓIR.



INS an am fad ó bhí fear ann agus ní fhuil anois agus is cuma
cé h-acob bhí nó nach raibh. Bí sé pósta agus bhí mac ag a
bhean is ní thaithnaigh sé leis, agus bhí sé ag ceapadh gurab fhearr
leob é do chaitheadh san bhfairrge. Chaith siad amach é i mbosga
agus is é an tír an áit a raibh talamh ag a athair a raibh maor
ag tabhairt aire dhó, agur bhí an maor lá amháin shíos ar chladach
agus fuair sé i dtír é. Thug sé leis abhaile é agus thóg sé suas é
go raibh sé i n-a stócach mhaith. Ag ceann bliadhna eile bhí inghean acob agus
chongbhadar í sin. I sgathamh bliadhna eile chuaidh an t-athair ag breathnughadh
ar a thalamh agus chuaidh sé ag cainnt leis a mhaor agus d'fhiafruigh sé dhe an
raibh an stóc go maith agus dubhairt sé go raibh. Annsin dubhairt an maor
leis go bhfuair sé bosga faoi thír go raibh páiste fir istigh ann agus bhí fhios
ag an athair go maith gurab é a pháiste chéin é agus b'éigean dó theacht
i n-a láithreach agus ní dhearna sé acht litir do sgríobhadh agus do rádh leis
é thabhairt go dtí an chéad teacha casfaoi dhó. D'imthigh leis an mbuachaill ar siubh-
ail leis an litir go dtáinig sé irteach i dteachín beag agus ní raibh istigh ann acht
sean-bhean. Shín an buachaill uaidh an litir acht ní raibh aon sgíl innti aici
is chuir sí i n-a phóca aríst é go dtagfadh a mac ó an sgoil. Nuair tháinig
an mac d'aithne sé gur stráinséir é, Bhí sé i n-a chodladh roimhe. Rug sé
air agus tharraing anuas é agus bhí an codladh chomh trom air nár airigh sé é,
agus chonnaic sé an litir aníos as a phóca. Thug sé leis é. Is é an rud a
bhí sgríobhtha ins an litir an cloigeann do bhaint dhe, acht níor bhain. Ní
dhearna sé acht litir eile do sgríobhadh agus é do chur i n-a phóca ag rádh
leis é do thabhairt do an chéad teach a casfaoi dho. D'imthigh leis an gasúr
annsin. Nuair dhúisigh é ní raibh fhios aige an raibh litir aistrighthe ar chor
ar bith i n-a phóca go dtáinig sé go dtí an chéad teach eile, agus is é an
teach in a tháinig sé acht an teach a rugadh é chéin ann. Shin sé uaidh an litir
agus is é an rud a bhí sgríobhtha ins an litir, é chéin agus an inghean a bhí sa
dteach do posadh le chéile. Ní raibh an t-athair ag baile an am seo.
D'fhiafruigheadar cé thug an litir dho agus dubhairt sé gurab é an máighistir
a bhí ar an dtalamh é, mar nár airigh sé an litir dá aistriughadh. Ní
dhearna siad acht fhios do chur chuig an sagart agus bhíodar pósta.


L. 30


Is gearr go dtáinig an t-athair abhaile agus bhí an dearbhráthair agus
deirbhshiúr pósta le chéile roimhe. Ní raibh fhios aige cé dhéanfadh sé le é
do dhíbirt. Dubhairt sé leis imtheacht agus bailiughadh leis gan theacht go
dtugfidh sé leis na trí ribe óir a bhí ar chúl an fhathaigh dheirg a bhí ins an
domhan thoir.



Bhí sé ag imtheacht is ag síor-imtheacht gur chasadh fear dho i n-a shuidhe cúis
crainn agus d'fhiafruigh sé dhe cá raibh sé ag dhul agus d'innis sé do go raibh
sé ag iarraidh na trí ribe óir a bhí ar chul an fhathaigh dheirg a bhí ins an domhan
thoir. "Má bhíonn leas ar bith le déanadh agat dhomh-sa nuair thiucfeas tú
ar ais aríst." "Bhi ubhla diomondaí ar an gcrann seo fad ó shoin agus
anois ní fhuil ceann ar bith air," adeir sé.



D'imthigh leis ag siubhail agus ag síor-imtheacht gur chasadh fear dho a bhí
i n-a shuidhe ag tobar agus é ag cur an uisge as agus d fhiafruigh sé cé an
fhad an raibh sé ag déanadh sin agus dubhairt sé gur fíon a bhí fad ó ann
"agus anois ní fhuil ann acht uisge agus má bhíonn aon mhaith le déanadh
agat domh-sa nuair thiucfeas tú ar ais arist."



D'imthigh leis ag siubhail agus ag síor-imtheacht go dtáinig sé go bruach
na fairrige agus chonnaic sé báidín amuigh agus gan innte acht aon fhear
amháin. Sméid sé isteach air. Tháinig sé agus d'iarr sé air é do caitheadh i
dtír ar an dtalamh anonn is rinne sé sin agus dubhairt sé leis nach féidir
leis an báidhín fhágail "agus da mbeadh áil ar bith le déanadh agat domh-
sa nuair a thiucfeas tú ar ais," adeir sé.



D'imthigh sé ag siubhail agus ag síor-imtheacht go bhfaca sé solaisín beag
i bhfad uaidh agus rinne sé ar an solas agus chuaidh sé isteach teacín beag
agus ní raibh istigh acht sean-bhean ann agus dh'fhiafruigh sí dhe cá raibh sé
ag dhul agus d'innis sé dhi go raibh sé ag dhul ag iarraidh na trí ribe óir a
bhí ar chúl an fhathaigh dheirg ins an domhan thoir." "Annseo atá sé," ars' an
sean-bhean, "agus is gearr go mbéidh sé ag teacht isteach agus má fheiceann
sé thú marbhochadh sé thú. Is fada an lá a goid sé mise. Is fearr dhom thú
do chur i bhfolach. Gach is féidir liom do dhéanad de leas dhuit déanfidh
mé é." D'innis sé dhi an thrúir a chasadh dho, an fear a bhí ag rádh go raibh
ubhla diomondaí ar an gcrann fad ó shoin agus anois nach bhfuil aon cheann
air agus an fear eile a dubhairt go raibh fíon ins an dtobar agus anois
nac bhfuil ann acht uisge agus fear eile a charadh orm a bhí ins an mbáidín
agus dubhairt nach féidir léis é fhágail. "Déanfidh sin," adeir an sean-
bhean, "bainfidh mise áibhéisdál." Tharraing sí amach slaitín draoidheachta.
Tharraing sí dh'iarraidh dhe an slaitín air agus rinne sé leon de agus chuir
sí faoi thuc a cóta é.



Is gearr go dtáinig an fathach. "Fú, fá, féasóg, faghim boladh an


L. 31


Éireannaigh bhinn bhréagaigh bhradhaigh fá mo chúirt-sa," adeir an fathach.



"Ní fhaigheann tu," adeir an tsean-bhean. "Ní fhacas aon duine ó
mhaidin go chíon chonnaic agus tuilleadh is fearr dhuit do bhéile d'ith."
Nuair d'ith thuit sé i n-a chodladh ar a glún agus nuair fuair sí i n-a chodladh
é, bhain sí tarraing ar an ribe óir a bhí ar chúl a chinn, agus thug sí léithe
ceann acab. Dhúisigh sé agus d'fhiafruigh sé cé an ciall é sin agus dubhairt
an tsean-bhean gur ag bhrionglóididhe a bhí sé.



"Ní h-eadh," adeir sé.



"Is eadh," adeir an sean-bhean. "Bhí tú ag rádh," adeir sí, "fá chrann
a raibh ubhla diomondaí air fad ó shoin agus anois nach bhfuil ceann air."



"Ara is eadh," adeir an fathach, "is beag an rud a leighisfeadh é sin,
franncach atá faoi a bhun agus dá gairtfaoi an talamh is é do mharbhadh beadh
na h-ubhla diomondaí air chomh maith is bhí siad ariamh."



Thuit sé i n-a chodladh aríst. Nuair fuair an sean-bhean i n-a chodladh
é, bhain sí tarraing as ribe óir eile a bhí ar chúl a chinn agus thug sí léithe
ceann acab. Dhúisigh sé agus d'fhiafruigh sé cé an fáth é sin agus dubhairt
an sean-bhean gur ag bhrionglóididhe a bhí sé.



"Ní h-eadh," adeir sé.



"Is eadh," adeir an sean bhean. "Bhí tú ag cainnt ar thobar a raibh
fíon ann fad ó shoin agus anois nach bhfuil ann acht uisge."



"Atá," adeir sé, "is beag an rud a léighisfeadh é sín. Tá leic faoi
thón an thobair a bhfuil sionnach ann. Is é atá ag ól an fíon is dá marbheochfaoi
é sin, bheadh fíon ann aríst chomh maith is bhí ariamh."



Thuit sé i n-a chodladh aríst agus nuair fuair sí i n-a chodladh é, bhain sí
tarraint as ribe óir eile a bhí ar chúl a chinn agus rug sí léithe ceann acab.
Dhúisigh sé agus d'fhiafruigh sé cé an míniughadh é sin, agus dubhairt an sean-
bhean gur ag bhrionglóididhe a bhí sé.



"Ní headh," adeir sé.



"Is eadh," adeir an sean-bhean. "Bhí tú ag rádh," adeir sí, "go bhfuil
fear i mbáidín agus nach féidir leis é fhágail."



"Ara, is eadh," adeir an fathach, "is furusta é sin do leigheas. Dá
dtiubhradh do an chéad fhear a dtiucfadh isteach ins an mbáidín greim ins an
dá maide ramha d'fhéadfar é chéin do imtheacht."



Annsin bhí 'chuile rud agus na trí ribe óir aici uaidh agus bhí an brigh
imthighthe as an bhfathach. D'imthigh an fathach dearg lá ar na mhárach agus rinne
an tsean-bhean duine de an leon beag a bhí faoi thuc a cóta aríst, agus
d'imthigh leis a bhaile agus na trí ribe óir aige. Nuair tháinig sé go bruach
na fairrge glaoidh sé isteach ar fhear an bháidin aríst go dtáinig fear an
bháidín irteach agus dubhairt:-


L. 32


"Is iomdha fear do chuir mise anonn, acht ní fhaca mé aon duine acab
ag teacht anall acht tú chéin."



Chaith sé anall an bealach a dtáinig sé cheana. D'fiafruigh fear an
bháidín an raibh aon leas aige dho chéin.



"Tá," adeir sé, "nuair chaithfidh tú anonn mé."



Chuir fear an bháidín anonn é. Nuair chuir sé amach ar an dtalamh é
d'innis sé do fhear an bháidín, "An chéad fhear a dtiucfadh isteach in do
bháidín chuir i ngreim an dá maide ramha é agus beidh cead agad féin
imtheacht, agus is gearr go gcuirfidh mé fear agad má is féidir liom é."



D'imthigh leis ag siubhail agus ag síor-imtheacht a bhaile go dtáinig sé
go dtí fear an thobair. "Bhfuil maith agad le déanadh domh-sa?" adubhairt
fear an thobair.



"Tá," adeir sé; "sionnach atá faoi leac atá faoi thón an thobair agus
ceartamuid é," adeir sé.



Chuaidheadar dhá ceartadh go ndeachadar síos chuige. Léim an sionnach
aníos agus bhuail siad d iarraidh de an láighe air agus marbh siad é.
Annsin ba ghearr go raibh an tobair lán le fíon. Sráthuigh sé an asal do is
gur chuir sé dhá bhúirill fíona a bhaile is glac buidheachas leis.



D'imthigh sé ag siubhail agus ag síor-imtheacht go dtáinig sé go dtí an
fear a bhí faoi an gcrann. "Bhfuil aon áil le déanadh agat domh-sa?"
adeir fear an chrainn.



"Tá," adeir sé, "Franncach faoi bhun an chrann, is é atá ag slugadh
na h-ubhla diomondáí uait."



Chuaidheadar ag ceartadh agus ba gearr gur léim an franncach aníos
agus bhuail duine acab é agus marbh sé é. Sráthuigh sé asal eile do agus
chuir sé ualach ubhla diomondaí a bhaile leis agus glac buidheachas leis.



D'imthigh sé ag siubhail agus ag síor-imtheacht go dtáinig sé a bhaile. Bhí
fáilte mór roimhe. Nuair chonnaiceadar 'chuile sórt go raibh aige, cheap an
t-athair go mbeadh a sheacht oiread aige chéin agus dubhairt an mac go
rabhadar ag cainnt air agus d'innis sé dho an áit do bhfuair sé chéin é, agus
d'imthigh leis an athair ag siubhail agus ag síor-imtheacht go dtáinig sé chuig
an áit a raibh fear an chrann, agus d'iarr sé cuid de na ubhlaibh diamondaí
dhe, agus dubhairt fear an chrann leis bheith ag imtheacht, nach dtabharfadh sé
aon cheo do, mar nár bhfaca sé aon mhaith ariamh ann. D'imthigh leis ag
siubhail agus ag síor-imtheacht go dtáinig sé chuig an áit a raibh fear an
thobair, agus d'iarr sé cuid de an fíon dhe, agus dubhairt fear an thobair
é a bheith ag imtheacht an mhullach na tubiste. D'imthigh leis ag siubhail agus
ag síor-imtheacht go dtáinig sé chuig an bhfear a bhí ins an mbáidín, agus
glaoidh sé isteach air. Bhí deifir mór air ag teacht chuige isteach agus chuaidh
sé isteach ins an mbáidín chuige. "Seo," adeir fear an bháidín, "beir ar
an dá mhaide ramha seo, agus téirigh ag iomramh. Tá mise tuirseacht,"
adeir sé, agus rug. Chuaidh fear an bhaidin i dtír agus tá an t-athair ag
iomramh anonn agus anall go dtí anois, agus ba mhaith an áiridhe é. Sin é
mo sgéal-sa, a Aodhmaín, agus nach deas é!


L. 33


TREABHSAR PÍOLÓTA.



Micheál Ua Fháoláin, Ceathramha an
Theampuil, Inis Meadhon, D'Innis.


L. 34


D'imthigh go dtug léithi an cáca is an saibhrán,
leag sí an fatá glas i n-a n-diaidh annsin.
D'fhiafruigh sí dhe a athair cé b'fhearr leis, an
saibhrán agus an bulóg nó an fata glas, is
dubhairt an fear go b'fheárr le dall gan t-súlaibh
an saibhrán is an bulóg 'na an fata glas.


L. 37


TREABHSAR PÍOLÓTA.



BHÍ fear uaisle fad ó ann a raibh inghean aige, an bhean chomh
breagh agus d'fheicfeá. Bhí beirt buachalla ag teacht ag
súil léithe. Duine acab a raibh Treabhsar Píolóta air
agus ceann eile Drábhar Glais Bréidín. Tagfadh an fear a
raibh Treabhsar Píolóta air dhá oidhche i ndiaidh oidhche an
ceann eile. Ní raibh fhios ag an gcailín cé acab léithe do phósadh. D'iarr
sí ar an bhfear a tugadh Treabhsar Píolóta air cé raibh a bhaile nó a thír
agus dubhairt sé gurab as Cill Rónain na bloscairidhe Béarlidhe briste
agus thug sé ainm d'á theach fhéin atá ins an gclachán beag súthóg sin dhi.
Ghléas sí fhéin suas lá amháin i gculaidh mná bocht. D'imthigh sí ag triall ar
bhaile na sgaigínidhe glagairidhe a tugtar Cill Rónain air. Agus nuair bhí
sí ag siubhal suas an sráid ní chuala sí acht glafarnach na námhad. Bhí sí ag
imtheacht go dtáinig sí go teach Treabhsair Píolóta. Chuir sí tuairisg ar an
dteach. Chuaidh sí isteach. Ní raibh ann acht sean-bhean. D'iarr an sean-bhean
dhi ca raibh sí ag dhul. Dubhairt an bhean óg i gculaidh sean-mhná go raibh sí
ag iarraidh cuideacht. Dubhairt an sean-bhean ó dhonacht a bhfuil sí fhéin go
bhfuil sí chomh dona léithe fhéin. "Ní fhuil agam le tabhairt dhuit acht fata
glas." Thug sí dhi an fata agus chuir sí i n-a póca é. D'fhiafraigh an bhean
óg dhi an raibh sgéal duine ar bith aici. Dubhairt an t-sean-bhean gur
chuala sí go raibh a mac ag cuartaidheacht le inghean duine uasal i n-Inis
Meadhon. Bhí fhíos ag an bhean óg gur léithe féin annsin é. Dubhairt an bhean óg
go bhfaca sí fear annsin amuigh ar ball agus go raibh culaidh breágh éadaigh air.
"Ní féidir, adeir an t-sean bhean, "nó is mo mhac-sa é. "Tá," ars' an
bhean óg, "culaidh éadaigh air ag seasamh leis an bhfear órta sin amuigh ag
féachaint an bhfuighfeadh an bhean óg seo le pósadh." Annsin bhí chuile rud
ag an bhean óg. D'imthigh léithe annsin go ndeachaidh sí go teach an fhir
Drabhair Glais Bréidín i n-Inis Meadhon. Chuaidh an bhean óg i gculaidh
sean-mhná ann isteach agus leagadh cathaoir aici agus d'fiafraigh dhi an raibh
ocras uirri. Leagadh biadh aici agus d'ith sí a dóthaint. Chongbhuigh siad í
an oidhche sin sa dteach agus nuair d'éirigh sí ar maidin bhí biadh agus deoch
réidh roimpi. Nuair bhí sí ag dhul abhaile thugadar dhi í agus thug fear an
dhrabhair glais sabharán dhi.


L. 38


Nuair chuaidh sí abhaile chuir sí sgéal chuig fear an Threabhsair Píolóta
agus chuig fear an Dhrabhair Glais Bréidín do theacht chuig a teach fhéin go
mbeadh socraidh le déanadh an oidhche sin. Tháinig gach aon duine acab
agus dubhairt fear an Treabhsair Piolóta cé acab leis an mbean óg.
Dubhairt an bhean óg le a athair agus má fhágtar aici fhéin í nach mbeadh aon
aidhbheil uirri i n-a thaobh. Dubhairt an t-athair go bh'fágfadh. D'éirigh sí agus
leag sí anuas an bhord agus d'ordughadh sí fear an Threabhsair Píolóta do
dhul ar cheann de'n bhord agus dubhairt sí le fhear an Dhrabhair Glais
Bréidin do dhul chuig an ceann eile dhe. D'imthigh sí annsin go dtug léithe
an caca agus an sabharán agus leag sí an fata glas i n-a ndiaidh annsin.
D'fiafruigh sí dhe an athair cé b'fhearr leis an sabharán agus an bulóg nó an
fata glas? Dubhairt an athair go b'fhearr le dall gan t-súil an sabharán
agus an bulóg na an fata glas. Annsin dubhairt an bean óg, "Tá an
oiread sin difir eadar an beirt fhear seo." Breathnuigh an beirt fhear seo
ar a chéile agus bhí iongantas mór orab. Bhí doras an teach fostailte agus
rith fear an Threabhsair Píolóta amach ann. Annsin d'innis an bhean óg an
sgéal dóib faoi an mhéid seo. Tugadh an bhean óg do fhear an Dhrabhair
Glais Bréidín agus phósadar. Níor tháinig la bocht go deo orrab. Bhí
duisana beithaigh acab agus neart airgid agus bainne. Acht dá mbeadh
greim acab ar Threabhsar Píolóta ní abhaile a gabhfadh sé slán.


L. 39


AN PIONNPÁLÁN.



Micheál Ua Fháoláin, Ceathramha an
Theampuil, Inis Meadhon, D'innis.


L. 40


"TOSUIGH ar do sgéal," ars' an rí. "Bhall,"
adeir sé, "bhí fear fad ó ann agus rinne
sé caisleán agus stór gur líon sé le min seagail
iad agus tháinig pionnpalán thart is é ag rádh
"h-umph! h-umph!" is chuaidh sé isteach agus
thug sé gráinne leis. Tháinig ceann eile is é ag
rádh "h-umph! h-umph!" is chuaidh sé isteach
agus thug sé gráinne leis. Tháinig ceann eile is
é ag rádh "h-umph! h-umph!" is chuaidh sé isteach
agus thug sé Gráinne leis." Acht sin é an sgéal
a bhí sé ag innseacht do an ríogh ar feadh bliadhna.


L. 43


AN PIONNPÁLÁN



BHÍ ríog ann fad ó i n-Éirinn agus má bhí ní fhuil anois. Bhí
inghean aige agus ní thabharfadh sé do aon duine í acht an
duine nach mbeadh a sgéal innsigh go bráth aige. Tháinig fear
ag innseacht sgéil agus chaith sé seachtmhain dhá innseacht.
Annsin d'fhiafraigh an ríogh an raibh an sgéal innsigh aige,
agus dubhairt sé go raibh. D'imthigh agus bhain an ríogh an ceann dhe. Tháinig
fear eile agus dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh a inghean. Bhí sé ag
innseachth an sgéal coicthidhise. Annsin d'fhiafraigh an ríogh an raibh an sgéal
innsigh aige, agus dubhairt sé go raibh. D'imthigh agus bhain an riogh an
ceann dhe. Tháinig fear eile le sgéal agus chaith sé mí dhá innseacht.
Annsin d'fhiafraigh an ríogh an raibh an sgéal innsigh aige, agus dubhairt sé
go raibh. D'imthigh agus bhain an ríogh an ceann dhe. Tháinig fear agus
thosaigh sé sgéal trí bliadhna dhá innseacht. Annsin d'fiafraigh
an síogh an raibh sé réidh agus dubhairt sé go raibh. D'imthigh agus bhain an
ríogh an ceann dhe. Bhíodar ag teacht leath-chéad fear agus bhí na cinn le
cailleamhaint acab.



Cé cloisfeadh é acht mac baintrighe agus dubhairt sé le a mháthair
iarrann do chur ar a léine go dtiucfadh sé féin dhá iarraidh. "Bíodh ciall
agad" adeir a mháthair, "nach bhfeiceann tú flatha ag cailleamhaint a
gcinn?" "Is cumha liom," ars' an mac. D'imthigh leis agus chuaidh sé go
dtí cúirt an ríogh agus dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh an ingean.
"Tosaigh ar do sgéal," ars' an ríogh. "Bhall," adeir mac na baintrighe,
"bhí fear fad ó ann agus rinne sé caisleán agus stór. Líon sé le min
seagail iad. Annsin tháinig an pionnpálán thart agus é ag rádh "h-umph!
h-umph!" Chuaidh sé isteach agus thug sé gráine leis. Tháinig pionnpálán
eile agus é ag rádh "h-umph! h-umph!" Chuaidh sé isteach agus thug sé
gráine leis. Tháinig ceann eile agus é ag rádh "h-umph! h-umph!"


L. 44


Chuaidh sé isteach agus thug sé gráine leis." Acht sin é an sgéal a bhí sé ag
innseachth do an ríogh ar feadh bliadhna agus bhí an ríogh bodhartha aige ag
rádh "Chuaidh sé istheach agus thug sé gráine leis." "Goidé go mbéid sé
innsigh agad?" "Ní bheidh sé innsigh go deo a'am," ars' mac na baintrighe.
"Beannacht dhuit agus mallacht do an bhéal a mhúin tú." "Is eadh," ars'
mac na baintrighe, "ta do inghean bainte a'am gan buidheachas dhuit."
Phósadar agus bhí bainis breagh áluinn acab. Mhair sé seachtmhain agus bhí
an oidhche deiridh chomh maith leis an chéad oidhche. Fuair siadsan an t-áth
agus mise an clochan, báitheadh iad agus tháinig mise slán.


L. 45


GOBÁN SAOR.



Darach Pheigín Ua Flaithbheartaigh.
Ceathramha an Lísín Inis Meadhon, D'innis.


L. 46


Leagadh ciseog beag aici is dubhradar léithe
an méad salachair a bheadh ins an olann é do
chaitheadh ins an gciseoig is an méad nach cuirfadh
sí i n-úsáid é do caitheadh ar an gciseoig. Ní
raibh ins an meadhachán de olann aici nach raibh i
n-úsáid fá tráthnóna.


L. 49


AN GOBÁN SAOR.



INS an am fad ó bhí fear ann air a dtugthaoi an Gobán Saor
agus bhí sé ag déanadh 'chuile caisleán i nÉirinn. Nuair bhí sé
ag dhul chun aos budh mhaith leis bean a bheith ag a mhac fhéin, agus
céard a cheap sé acht a mhac do chur chun an margaidh le
chroiceann caorach. Bhí an olann ar an gcroiceann, agus
dubhairt sé leis a mhac bean ar bith a tabharfadh an croiceann agus an
luach dho, í sin do thabhairt a bhaile le h-aghaidh bean. Acht bhí an mac i bhfad
ar an margadh agur ní raibh sé ag fágáil aon duine i n-ann an croiceann
agus an luach do thabhairt dho. Nuair bhí sé ag teacht a bhaile ní raibh aon
bhean leis. Nuair bhí sé ar an mbealach ag teacht a bhaile aríst casadh bhean
óg bocht dho agus dubhairt sí go ndéanfadh sí féin í. Bhearr sí an croiceann
agus bhain sí an olann dhe agus thug sí luach an chroicinn dho an olann dhi
fhéin agus an croiceann mór le thabhairt a bhaile leis. Chuaidh sé a bhaile
agus d'innis sé an sgéal do a athair gurbh í an bhean í. D'iarr a athair
dhe do dhul go dtí a teach fhéin agus glaodh uirri do theacht ag sníomhachán.
Tháinig sí agus leag an t-athair ceiseog beag aici agus dubhardar léithe an
méid salachair a bheadh ins an olann do chaitheadh ins an gceiseog agus an
méid nach cuirfeadh sí i n-úsáid í do chaitheadh as an gceiseog. Ní raibh ins
an meadhachan de olann aici nach raibh i n-úsáid fá tráthnóna. Chuaidheadar ag
glaodhach ar chailín eile agus chuaidh sí ag sníomhachán agus bhí lán a ceiseoige
de olann amugha aici. Is amhlaidh d'íocadar a páidhe léithe agus chuireadar
abhaile í. Annsin chuireadar an snáithe i n-aimhréidh agus thugadar do an
chéad chailín í seo le réidhteacht, agus réidhtigh sí gan briseadh í, agus sin
i an bhean a phós an mac.



Is gearr i n-a dhiaidh go dtáinig sgéal chucab ó Ríogh Cúige Uladh do
dhul ag déanadh caisleáin dho, agus chuaidh. Nuair bhíodar ag imtheacht chuir
an bhean óg trí comhairleacha orrab: Má budh cam díreach an ród gurb é an
slighe mhór an t-aithghearra, agus an dara comhairle, gan dhá oidhche a bheith i
n-aon teach amháin gan innseacht cibe áit a geobhadís, agus an tríomhadh
comhairle, dá mbeadh cailín óg sa dteach ann a bheadh muinntearach leis gan
innseacht dí go raibh an mac pósta. D'imthigh leob ar an mbealach ag dul chun
Cúige Uladh, agus nuair tháirgeadar chuig an gcros mór dubhairt an mac do
dhul an t-aithghearra. Chasadh fear dóib agus dubhairt sé go raibh an aithghearra
ag dhul an bealach seo, acht chuimhnigh siad ar an gcomhairle chur an bhean óg
orrab agus ní dheachaidh siad ann. Nuair tháíngeadar chuig an gcros mór
eile bhí an fear seo marbh rómpab ann. Dubhairt an Gobán Saor gur mhaith an
comhairle é sin a chuir an bhean óg orrab. Nuair tháinig an oidhche chasadh
teach beag dóib agus bhí píosa maith de'n oidhche caithte. D'iarradar an


L. 50


bhfuighidís lóistín. Dubhradh leob go bhfuigheadh. Chuadheadar do chodladh
agus d'airigh an mac an máthair agus an inghean ag rádh gur cheart dóib iad
do mharbhadh (mar bhí siád ag ceapadh go raibh airgead acab) agus dubhairt an
máthair do fuireach go dtí oidhche i mbárach, mar nach raibh a ndóthain cabhair
acab. Nuair tháinig an lá d'imthigh leob as (mar chuimhnigh siad ar an
gcomhairle a thug an bhean óg dóib) go ndeachaidh siad go ríogh Cúige Uladh.
Tosnuigheadar ag déanadh caisleáin agus níor innis an mac go raibh sé fhéin
pósta ar chor ar bith, agus bhí inghean an ríogh an-mhór leis annsoin nó go raibh
an caisleán i ngearr a bheith déanta agus ní fhuil lá ar bith nach dtagfadh sí.



Lá ar na mhárach tháinig an inghean ag comhradh aríst leis an bhfear óg
agus d'innis sí dho go raibh an rún a bhí ag a athair fhéin, iad do mharbhadh
sul a dhéanfaidís aon chaisleán ar fud an domhain mar é. D'fhiafruigh an
ríogh aríst cad a mbeadh an caisleán réidh agus dubhairt an Gobán Saor leis
go raibh sé réidh acht nach raibh aon fál le réidhteach, go ndearna sé féin
dearmad ag baile i gConnachta ar bhall uirlis, go caithfidh an ball uirlis
sin a bhéith aige agus dubhairt an ríogh leis go gcuirfeadh sé a mhac fhéin dhá
d-iarraidh. D'fhiafruigh sé dhe cé an t-ainm a bhí ar an mball uirlis agus
dubhairt an Gobán Saor leis an ríog gur ab é an t-ainm do bhí air cóir i
n-agaidh an cóir agus cam i n-agaidh an cam.



Chuaidh mac ríogh Uladh dhá iarraidh go dtáinig sé go Connachta agus
nuair tháinig sé isteach chuig an mbean dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh an
ball uirlis ar a dtugtar cóir i n-aghaidh an cóir agus cam i naghaidh an cam.
"Tá sin le fágháil agad, tá sé ins an gcomhra atá cois an bhalla agus
fosgail é," ars' an bhean. D'fhosgail sé an comhra agus nuair chrom sé
isteach ann ní dhearna an bhean acht lámh do chur faoi agus é do chaitheamh irteach
ann. Chuir sí glas air. "Fan annsin anois," ars' an bhean, "go dtagfaidh
mo mhuintir fhéin chugam-sa," agus nuair chualadh ríogh Uladh an méid sin leig
sé abhaile a mhuintir fhéin chuici agus neart airgid leob ar faithchios go
congbhochfaoi a mhac fhein agus nuair tháinigeadar abhaile go Connachta leigeadh
an mac as an gcomhra abhaile chuig rígh Cínge Uladh.



Is gearr i n-a dhiaidh sin go ndeachaidh siad i n-a gcomhnuadhe i gConntae
Corcaigh agus thosaigh an Gobán ag déanadh caisleáin dho fhéin agus bhí siad aon
oidhche amháin ag teacht a bhaile dhóib. Chasadh dhá dhuine dhéag dóib de droch-
daoine agus marbhuigheadar Gobán Saor agus a mhac. Chualadh an bean ag
baile é, agus cuimhnigh sí uirri fhéin go dtiucfidh na droch-daoine chuici fhéin
dhá marbhadh. Thug sí léithe tuagh agus bhí crann mór i n-aice an tighe fásta.
Gearr sí an crann go dtí rud beag ar thaobh dhe agus chuir sí diong leis a
congbheochadh daingean é. Is gearr i go dtáinig na droch-daoine chuici agus
thosaigheadar ag déanadh truagh dhi agus d'iarr sí orrab gabhail amach ar díol
é an crann a bheith annsin amuigh do thabhairt isteach chuici le teine.
Chuaidheadar amach agus í i n-aonfeacht leob. Sheasadar isteach faoi agus
ní dhearna an bhean acht bualadh dhe an tuagh ar an diong agus an crann do
leagann anuas orrab gur mharbh sí an dhá dhuiné déag. Is é an
áit i n-a bhfuil an Gobán Saor curtha an áit a glaoidheann siad air Doire na
Blánc ar an mbóthar árd atá ag dhul go Contae Corcaigh. Sin é mo
sgéal-sa agus nach iongantach é.


L. 51


FEAR AN LEATH CHINN.



Mhicheál Ua Fháoláin, Ceathramha an Theampuill.
Inis Mheadhon, D'innis.


L. 52


"Ara," adeir an fear amuigh leis an mbeirt-
fhear istigh, "Céard tá sibh ag déanadh nach
déanann deifir?" "Ní fhéadaim." Adear an
bhean istigh ag cainnt, "Tá na muca ró-throm,
acht tar tusa isteach agus crochamuid amach iad
as sin," Chuir sé cheann isteach agus dearc sé
ar fud an tighe agus chonnaic ré an bhean cois an
bhalla agus an claidheamh aici. D'iompuigh sé
amach le rith, agus lean an cailín é gur bhain sí
leath an chloiginn dhe leis an gclaidheamh.


L. 55


FEAR AN LEATH-CHINN



RÍ a bhí fad ó ann a raibh cailín aige agus bhí sí an-mhaith dho.
Aon oidhche amháin bhí sí amuigh i dteach beag na muc dha
mbeathughadh. Cé d'aireochadh sí acht torann na gcos ag
tigheacht as sin agus is gearr gur airigh an cainnt ag
teannacht chuici. Chualadh sí dha rádh iad le chéile gur cheart
do dhuine acab dul isteach agus na muca do chasadh amach chugab
chéin. Isteach le duine acab agus ar ag dul isteach dho rug an cailín ar
chlaidheamh agus sguab sí an ceann dhe. "Ara," adeir an beirt fhear amuigh
leis an bhfear istigh, "céard tá tú ag déanadh?" "Ní fhéadaim," arsa sise,
"tá na muca trom, acht tar thú chéin isteach." Chuaidh duine eile isteach
annsin agus bhuail sí iarraidh eile agus bhain sí an ceann dhe. "Ara,"
adeir an fear amuigh leis an mbeirt-fhear istigh, "Céard tá sibh ag déanadh
nach déanann deifir?" "Ní fhéadaim." adeir an bhean istigh ag cainnt,
"tá na muca ró-throm, acht tar tusa isteach agus crochamuid amach iad as
sin." Chuir sé cheann isteach agus dhearc sé ar fud an tigh agus chonnaic
sé an bhean cois an bhalla agus an claidheamh aici. D'iompuigh sé amach
annsin le rith, agus lean an cailín é gur bhain sí leath an chloiginn dhe leis
an gclaidheamh. B'éigin dho dhul a bhaile agus a chuid fola gha dortadh
ar an mbealach. Nuair chuaidh sé chuig dochtúir gha chrathadh chéin.



I gceann trí bliadhna ó an lá sin tháinig fhear an leath-chinn ag iarraidh
an cailín le pósadh agus thug an rí dho í. Dubhairt fear an leath-chinn nach
féidir aon bhainis a bheith acab go ceann coicthighis go glanfadh sé an teach
sa mbaile. Nuair thug sé a bhaile í is é an chéad obair do chuir sé dha
dhéanadh í do nigheachán a chuid éadaigh ag baint an fuil as. Annsin nuair
chuaidh sí ag nigheachán í chéin agus cailín eile dhibir sé an cailín eile a bhaile.
"Ara dubhairt tú luath go leor sa mbaile gur le marbhadh atá tú aige."
"Ná déan," adeir an cailín, "acht cuir culaidh an fhir ort chéin, drabhar
agus bhaist-chóta agus hata, agus rith a bhaile arís." Is é sin an rud a
rinne sí, agus nuair chuaidh sí a bhaile bhí an sgéal gaisgcidhigh aici le
h-innseacht. Bhí an fear dha tóraidheach. Acht i gceann trí bliadhna eile ó an
lá sin chuaidh fear an leath-chinn dha iarraidh aríst le pósadh. Ní aithnigheann


L. 56


an rí é agus thug sé do é aríst. Annsin dubhairt fear an leath-chinn nach
féidir aon bhainis a bheith orrab go ceann coicthigis go glanfadh sé an teach
sa mbaile. As sin chuaidh an beirt acab ag marcaidheacht ar chapall agus
ag an oidhche a bheith geal chonnaic sí scáile an fhir agus leath an chinn bainte
dhe. Chuimhnigh sí annsin uirri chéin gurab é an fear céadna é. D'aithnigh fear
an leath-chinn go raibh faithchios uirri. "Ara, a striapach, an aithnigheann tú
lorg do lámha." Thug sé a bhaile í agus chuir sé faoi ghlas i seomra í.
D'órdaigh fear an leath-chinn le sean-bhean dha bharr de an ghlas do bhaint dhi.
Rinne sé teine mór le an mbean óg do chaitheadh síos ann. D'imthigh sé chéin
ag glaodhach ar a chuid daoine muinteara agus nuair fuair an sean-bhean
imthighthe é, bhain sí an glas de an seomra a raibh an bhean óg ann agus
d'órdaigh sí dhi a chuid éadaigh do bhaint dhi go caithfeadh sí síos ins an teine
í. Bhain sí dhi a cuid éadaigh go dtí an léine. Dubhairt an sean-bhean léithe
d'iompodh síos go mbhainfadh sí dí an léine, go dtiucfadh sí chéin sa teine
annsin, agus ní rinne an bhean óg acht lámh do chur léithe is í chéin do chur sa
teine. Bhain sí as annsin agus bhí sí ag rith go bhfaca sí fear ag tarraint
féir chuig an ríogh agus d'iarr sí air fanacht. D'fhan agus thóg sé í san gcarr.
Is gearr go bhfaca sé na bitheamhnaigh ag déanadh air. D'fhiafruigh siad dhe an
bhfaca sé a léitheid de seo ag dul tharis. Dubhairt sé nach bhfaca sé acht
caora geal ar an gcnoc úd thall ar ball. Dubhradar annsin le chéile
gurab í a bhí ann. D'imthigh leob annsin agus tóirigh siad an cnoc ó íochtar
go h-uachtar. Nuair chinn sí orrab í fhághail tháinig siad ar ais aríst go ndibre-
siad fear an chairr. Bhíodar i ngearr do nuair shéid sé an fadóg agus d'éirigh
saighdeoiridhe amach. Chuir siad ar chúl iad. Chuaidh sí abhaile sábháilte.
Nuair tháinig fear an leath-chinn an dara babhta d'innis an bhean óg do an ríogh
an sgéal ar fad agus bhain an uairadór ó chéile agus chaith sí síoc de an
talamh. Tháinig an bhean óg agus claidheamh aici agus bhain sí an ceann dhe
agus bhí cead aici fear ar bith do phósadh in a dhiaidh sin.


L. 57


BOLGÍN



Micheál Ua Fháoláin, Ceathramha an Theampuil,
Inis Meadhon, D'innis.


L. 58


"CUIR do lámh agus do cheann ann," arsa
Cailleach na gCearc agus nuair chuir a sé
a lámh agus a cheann ann, Ní dhearna sí acht bas
do bhuaileadh ar a thon agus é do chur síos ins an
mála agus d'árdaigh sí léithe an mála agus bolgín
ann.


L. 61


BOLGÍN



BHÍ bean fad ó ann agus ní fhuil anois agus is cuma cé acab
bhí nó nach raibh. Bhí mac aici ab ainm dho Bolgín. Ní raibh
a fear beo agus ní raib aici acht Bolgín. Aon lá amháin
tháinig Cailleach na gCearc isteach chuici ag iarraidh Bolgín
le dínnéar. Dubhairt Cailleach na gCearc le Bolgín go
raibh ubhla agus áirnidhe "agus cíorach do cheannín agus maide beag a bheadh
in do lámh-sa ar thón mo mháilín." Tháinig Bolgín agus dubhairt sé "cá
bhfuil siad?"



"Cuir do lámh síos ar thón an mhála," arsa Cailleach na gCearc, "agus
geobhaidh tú iad." Chuir Bolgín a lámh ann agus ní bhfuair sé dada ann.



"Chuir do lámh agus do cheann ann," arsa Cailleach na gCearc, "agus
nuair chuir sé a lámh agus a cheann ann bhuail sí bás ar a thón agus chuir sí síos
ins an mála é.



D'imthig léithe agus Bolgín aici annsin agus is gearr a bí sí ag
imtheacht nuair shuidhe sí sios agus dubhairt sí léithe chéin nach rachadh sí
thar an gcrann seo choidhche gan ubhall nó áirne do bhaint. Nuair leag sí dhi
an mála chuir Bolgín poll ins an mala le sgian agus chuaid sé chéin amach
agus líon sé an mála le clocha. Nuair tháinig an Cailleach caith sí ar a
druim é agus as go bráthach léithe go dtáinig sí go dtí an teach a raibh an
cuid eile de na cailleachaibh ann, agus céard a rinne Cailleach na gCearc
acht do dreapadóireacht suas ar an simléir le Bolgín do leigeant anuas
ins an bpota i n-a raibh an t-uisge feochta ann agus na cailleacha eile ar
fad timcheall air. Rug Cailleach na gCearc ar bhéal an mhála le Bolgín
do leigeant anuas agus nuair rinne sí sin thuit na clocha anuas ar fad ag
pléascadh an pota agus ag sgardadh an t-uisge feochta orrab gha morughadh
agus gha losgadh "Ara," adeir duine acab; "Mo ainm ó an d--
má bhfaighim-sa greim air nach mbéidh an dara lá air."



D'imthigh léithe Cailleach na gCearc agus a mála ag siubhail chuig teach
Bhuilgín. Dubhairt an máthair le Bolgín go raibh Cailleach na gCeart ag
teacht agus "cé cuirfidh mé thú, faoi mo chóta thú."



"Ara ná cuir," arsa Bolgín.


L. 62


"Cuirfidh mé faoi chrúiscín thu."



"Ara ná cuir," arsa Bolgín.



"Cuirfidh mé ar an lóca thú."



"Ara ná cuir," arsa Bolgín.



"Cuirfidh mé faoi bhéal na daibhche thú," ars' an mháthair.



"Tá mé sásta," arsa Bolgín.



Ní raibh sé acht ann nuair tháinig Cailleach na gCearc isteach agus
glaodh sí "A Bholgín, Bholgín, Bholgín, bhfuil tú istigh? Tá ubhla agus
áirne ar thón mo mháilín, cíor a cíorfadh do cheannín agus maide beag le
do láimín."



Tháinig Bolgín agus chuir sé a lámh ann agus ní bhfuair sé dada.



"Cuir do lámh agus do cheann ann," arsa Cailleach na gCearc agus
nuair chuir sé a lámh agus a cheann ann ní dhearna sí acht bás do bhuaileadh
ar a thón agus é do chur síos ins an mála agus d'árdaigh sí léithe an mála
agus Bolgín ann. D'imthigh léithe annsin agus is gearr a bhí sí ag imtheacht
nuair shuidhe sí síos agus dubhairt sí léithe chéin nach rachadh sí thar an
gcrann seo coidhche gan ubhall nó áirne do bhaint. Nuair leag sí dhi an mála
chuir Bolgín poll ins an mála le sgian agus chuaidh sé chein amach agus líon
sé an mála le clocha. Nuair thainig an Cailleach, chaith sí an mála ar a
druim agus as go bráthach léithe go dtáinig sí go dtí an teach a raibh an
cuid eile de na chailleachaibh ann, agus d'órduigh sí do dhuine de na
cailleachaibh ar b'ainm Síbhín ar bhiorín Bolgín a bheith gléasta dóib nuair a
thiucfadh siad ó an Aifreann. Nuair d'imthigh siad rug Síbhín ar bhiorín ar
an mála a cheap sí go raibh Bolgín ann agus bhí sí dha chur síos ins an bpota
nuair tháinig Bolgín agus le buille amháin chuir sé ins an bpota í.



Nuair tháinig na cailleacha ó an Áifreann rugadar ar Shíbhín ar bhiorín
agus thosadar dha stracadh ó chéile nuair dubhairt an cat a bhí ar a lota pís
Síbhín ar bhiorín dha rostadh ag na gcailleachaibh. Chonnaic siad Bolgín agus
d'imthigh siad ag rith i n-a dhiaidh le é do stracadh ó cheile mar an gcéadna.
Bíodar ag rith go raibh siad tuirseach agus bhuail tart orrab agus dubhairt
Bolgín go raibh deoch ins an gcuinneog. Crom siad a gcinn síos ins an
gcuinneog, agus buaileann Bolgín bás ar a dtón agus chuireann sé sios
iad agus baitheann sé iad agus sin é an baise a thug sé dóib iad do bhaitheadh
ins an gcuinneog agus bhí cead aige ag dhul chuile áit ab fhearr leis ní bá
mhó. Sin é an sgéal a chualadh mé ariamh agus seamaide féir in do bhéal-
sa agus caca mhaith te is im úr buidhe in mo bhéal-sa.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services