Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Loiritliche Aab Ch.

Title
Loiritliche Aab Ch.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
Dirrane, Ruaidhrí
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LORITLICHE AAB CH.



I.



A Nellí bhán druid liom análl, is tú
caraid bán mo chléibh;
Leig mo láimh air do bhrághaid, nó ní mhairfidh
mé beo bliadhain;
Agus go snámhfainnse an t-Siuir agus an
t-Sionainn gheal do dhiaidh
Lé súil go mbéidhinnse i g-cleamhnas leat
lá fada 's bliadhain.



II.



Ní chreideóchainn air mo chapall, a's ní
áirmhim mo shrian,
Nó saidhbhreas na páirce a ngabhtar ann an
fiadh
Nó a ndeachaidh do bháid (bhádaibh) mhóra do'n
chuan so lé bliadhain
Má thrácht mise riamh air mhnáibh Bailte
Riach.



III.



Dá mba liomsa port Luimnigh, agus bailte
Loch Ríach,
Sagsana agus London agus bailte
Bláth'cliath,
Do mo Nellí bháin a bheurfainnse a leath
'gus a roinn
(Mar shúil 's go bhfaghainn lé pósadh mo
ghrádh geal 's mo mhian).



IV.



Tiubhair mo bheannachtsa do Chonnachta, a
thionnúnta na suairce,
Agus arís do mo bhailintín (cé) gur fada
siar í an Chruach,
Ní shiad na srútháin do bhí eadrainn aig
sliabh Bán-a-dubh,
Mar 'sí an t-Sionainn gheal do choinnigh mé
a bhí lán suas go bruach.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services