Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Anecdota from Irish MSS. IV. Senadh Saighri.

Title
Anecdota from Irish MSS. IV. Senadh Saighri.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ANECDOTA FROM IRISH MSS.



IV.



Senadh Saighri.



R.I.A.D., 4. 2, fo, 51a, I(A.D. 1300).



Slúaigheadh la Donnchadh mac Flaind mic
Mailshechlaind do dénumh múir ocus cluidh
i timchill Saighri Ciaráin ar impidhi a
mhná .i. Sadhbh ingen Donnchadha Remhuir rígh
Osraighi. Ar bá tnúth mór ocus bá format
leisi múr ocus clodh i timchill gach airdchille
i n-Éirinn ocus a ceall féin .i. Saighir gan
chlodh gan mhúr. Co ráncatar fir Midhi lé
co Tulaigh n-Donnchadha fri Saighir anair,
ocus co m-bídís ac dénumh in chluidh cach lái
i timchill na cille. Is ann sin doríacht corp
a hathar-si don chill dia adhnacadh, ocus fen
for seisrigh ag a imchur. Ocus ro hadhnacht
fachétóir. O ro dhorchaigh an adhaigh, táncca-
tar nónbhur crosán cíabhach cirdubh go
m-bátar rorsan úaigh ac clíaraighecht amhail
is bés do chrossánaibh ósin anall. Bá
gilithir snechta a súile ocus a fíacla, ocus
bá duibhithir gúal cach ball aile díbh. Is
amhlaidh tancatar ocus dúan leó dó, ocus
cach duine dochídh íat doníth galar lái co
n-aidhchi dhó. Ocus is é seo dúan sin:



Muinnter Donnchaidh móir mhic Cheallaigh,
coinde úabhair,
Clíara binne bídh ac glaedhaigh sinde ar
slúaghaibh.



Slúaigh ac milradh, muighe lána, tighe n-óla
Óccmná finna, flaithifíala, maithi móra.
Gáir a chlíar is a chéithern, coinne degh-
shlúaigh,
Sretha sirthe risin saimhghréin, crithle, crem-
núail.



Crotta, cuislenna co cuibdhi, filidh faibhli,
La dán n-dathghlan téighdís co rígh rathmur
Raighne.



Dodor do dán, a mhic rígh Raighne co rathaibh,
Caidhe na cuirn nó caidhi in muirn do bhí cot,
athair?



Ro ghabhadh greim don fhir ro airfitset uili
Áibhinn in rith for a raibhi for bith buidhi.



Baptais baptain for a anmain úair ro
cluinnter,
Mór a lúagh ar n-dul 'sa alltar — sinne
a muinnter.



No bhidís in chlíar sin ó fhescur co maidin
oc clíaraighecht lasin dúain sin forsin úaigh,
ocus cach duine do fhéghadh íat dognídh galar


L. 107


lái co n-aidhchi dó. Cor'fhás ceist oc laechaibh
ocus oc cléirchibh de sin, ar bá hinghnadh
demhna co follus a coimaidhecht in rígh lán-
chraibhdhigh.



Ba headh so tra ní dia chrabhadh .i. fodhail
bídh ocus lenna cecha féile apstail in cach
ardchill i n-Osraighi, ocus altram Dé cacha
tighe i n-Osraighe ar son a cheithirne timchill,
ocus trí peillec mírenn ocus peilec
tuirtín ciric ocus beith fa breith ocus fa
fáisidin ósin amach.



Co n-dernsat na cléirigh tréidhenus fri
Día co faillsighthea dóibh cidh imar' lensatt
na demna hé. Conustáinicc ainghel Dé a
fís dochum céile Dé do chenél Fíacach .i.
húa Capaill a shloinnedh, ocus atbert: “Is
maith a n-dernsabhair,” ar sé, “in troscadh.
Ocus nónbhur do chléir hui Chongeoidh íat,”
ar sé, “ocus is é seo in tresfeacht táncatar
i n-Éirinn a hiffirn, ocus ó nár' fhédsat
ní don rígh ina bhethaidh is aire atát arna
écc ag a dheithchedh. Ocus déntar oiffrend
ambárach ocus uisce coisrictha ocus crothar
ar in úaigh ocus ar in reilicc uile hé ocus
ar magh na cille, ocus ticfaid úaibh na
demhna.” Ocus dorónadh amhlaidh, ocus
tánccatar clíar húi Chongheoidh i rechtaibh én
cúldhubh isin aeoir eterbhúas, ocus nír' lámh-
satt loighe forsan talmhain coisrictha. Ocus
atbertatar: “Ní sechmaidh, ní sechmaidh,” ar
síat, “in troscadh ocus in coisrechadh, úair
ro bheimís-ni a n-dheghaidh a chuirp isint
shaeghal, ar itá a ainim [i nim] ocus ní
cuingium-ne ní dí.” Ocus ro imthighsetar
sin.



Is annsin ro búi in crossán Find húa
Cinga ocus Mac Rinntach hua Conodhráin
ann, condidh íat na crossána sin ro mheab-
raighset in dúain ocus in airfidiudh ó chéir
húi Congheoidh. Conidh hí sin ealadhna ro
fhoghain dóibh ósin amach ocus do chrossánaibh
aile na hÉireann otá sin anall fós. — Finit.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services