Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Abhráin Ghaedhilge an Iarthair, an Chéad Chuid

Title
Abhráin Ghaedhilge an Iarthair, an Chéad Chuid
Author(s)
Údair éagsúla, bailithe ag Mícheál Ó Tiománaidhe,
Compiler/Editor
Ó Tiománaidhe, Micheál
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Reamhrádh.



Ní raibh éan ríoghacht ar dhruim uachtar na talmhana nach
raibh filidhe ionnta ag cumadh abhrán, rannta, agus dánta
a d'fhóir do mhuinntir na ríoghachta, 'sé sin ag moladh agus
ag cáineadh léir mar d'fhóir do na daoine, agus i dteangaidh
ar bith a raibh na habhráin cumtha bhí togha agus fíor-sgoth
na teangadh ins an bhfilidheacht.



Anois, a mhaca léighinn, tugaidh faoi deara gur thrácht
mé ar fhilidhe thart amuigh, agus ní fhuil i n-a gcuid filidh-
eachta acht lóchán i n-áit an choirce ar ghualainn fíor-
fhilidheachta gaedhealaighe Cloinne Mhílidh; mar ó aimsir
Ollaimh Fódla go dtí an tráth a chuir Poighning a stadóid
i bhfoirm i gCill Choinnigh, ní fhuil léigheadh ná innsin sgéil
ar abhráin, dánta, rannta, marthain, laoithe agus ceol
fileadh agus bárd fíor-chloinne Gaedheal.



Ó'n tráth sin anuas thoisigh náimhde na tíre ag cur gach
riaghla ní ba damáistighe ioná a chéile i bhfoirm leis an
nGaedhilig agus gach nídh bhí gaedhealach a mharbhadh amach
is amach i gceann na leabhra agus gach nidh eile a dhoghadh.



I n-aghaidh an mhéid sin níor theip na filidhe gan a
meabhair do chur thar riocht ag cumadh abhrán agus sean-
dánta beannuighthe a d'fhóir do mhacántacht, mánlaidheacht
agus Críostamhlacht; agus thar éis iad seo a chumadh chuireadh
siad i n-umhail do na daoine iad i nglan-mheabhair, i riocht
gur sháruigh sé gríodar Shasana an Ghaedhilg a mharbhadh
mar gheall ar obair na bhfileadh a bheith clódhbhuailte ina
n-intinn. Agruighim sibh a léightheoirí, léighigidh iomlán
an leabhair seo, agus clodhbhuailigidh i nbhur n-intinn, gach
uile fhocal dá bhfuil faoi n-a fhalach, mar ó thárla gur
choinnigh na habhráin an chuid is mó de'n Ghaedhilig beo i
nÉirinn i n-aimsir ríoghaltais Eilíse gan dí-dearbhadh
ar bith sgapfaidh sibh-se solas fíor-Ghaedhealach na sean-
fhileadh ar fhead agus leithead sean Inis Fáil, agus is
iomdha fíor-Ghaedheal agaibh a chuirfeas paidir le n-a
n-anam de bhárr an fhíor-eolais chruinn a d'fhág filidhe an
Iarthair agaibh.



Gabhaim buidheachas le Uilliam Seartál agus Micheál
Mac Ruaidhrí, óir 'siad a chuidigh liom nuair bhí an leabhar
dh'á cheartughadh.



Micheal Ua Tiománaidhe.


L. 4


FILIDHEACHT IARRUIS.



RIOCARD BAIRÉAD, AN FILE.



Rugadh Riocard Bairéad, an file, 'sa mbliadhain
seacht gcéad déag naoi mbliadhna fichead, ins an mbaile
a nglaoidhtear Bearaic air, sé mhíle ó Bhéal an Mhuirthid.
Togha sgoláire bhí ann. Thiocfadh leis ceithre nó cúig
cinn de theangthacha a labhairt agus a mhúineadh. Ar an
ádhbhar sin bhí sé ina mháighistir sgoile ag tabhairt oidis
do chloinn mhór-uaisle na tíre a thiocfadh chuige.



Phós sé bean a dtugthaoi Nancy Tallot uirthi. Inghean
duine uasail b'eadh í. Badh é an chaoi ar imthigheadar le
chéile as teach damhsa, agus bhí a hathair, Seághan Tallot,
ar an Talach le báinidhe faoi'n inghin imtheacht leis. Rugadh
beirt inghean dóibh, agus phós bean aca cosantóir cuan
agus caladh, agus bhíodar ina gcomhnaidhe ar an gClochán
Liath, i nDún na nGall tamall gearr ó shoin. Bhí sé
timcheall cúig troighthe agus ocht n-órlaigh ar áirde,
teann, agus gruag fhionn air. D'athruigh sé a áit chomh-
naidhthe ó Bhearaic go Cárn, agus chomhnuigh sé annsin nó
go bhfuair sé bás, ar an ochtmhadh lá de Mhí na Nodlag,
1819.



Adhlacadh é i Mainistir na Croise agus suim bliadhanta
ó shoin thóig an t-Athair Pádraig Ó Raghallaigh leacht os
a chionn agus feart laoi i nGeadhilg air. Feictí a
theach ar an gCárn go dtí an bhliadhain 1865. Teach
ceann-tuighe cluthmhar bhí ann, dá nó trí sheomra ann,
agus gáirdín deas bláthmhar amach ar a aghaidh. Bhí sé
ina fhile chumasach, éigeantach gan aimhreas.



DOIMHNIC AGUS SÉAMUS COSGAR.



Beirt dearbhráthair b'eadh iad, agus dhá fhile freisin.
Bhí Doimhnic ina fheilméara. Fear mór neartmhar a bhí


L. 5


ann, agus b'é an fear a b'fheárr ag caitheadh cloch-nirt,
agus an léimeadóir a b'fhearr a bhí le fághail an uair
sin.



Bhí Séamus ina fhear-siopa ins an nGeata Mór. B'é
an daimhseóir agus an fear ceóil ar na píoba agus ar
an mbeidhlín a b'fearr ins an gconndae é.



D'fhoghluimeadar Laidin, Fraincis, agus Gearmánais
comh maith le Béarla agus Gaedhilg cois na teineadh.



Ní dheachadar lá ariamh ar sgoil, acht níor fhág sin gan
foghluim iad. Rugadh iad ins an mbaile a dtugtar Agúl
air, i bparáiste Bheannchuir, Phós Séamus inghean duine
uasail ar bh'ainm di Máire Ní Robastúin. Bhí deis mhaith
aici. Ba mhian le Séamus an Geata Mór fhágháil, agus
a dhul ina chomhnaidhe do'n Valley Green, acht dhiúltaigh
Máire, a bhean, a dhul leis nó go ndeárna sé an t-abhrán
seo, “A Mháire atá díchéille ort mara dtigidh tú chun an
tsléibhe.”



D'imthigh sí leis annsin. Bochtuigheadh iad ins an droch-
shaoghal. Bhí Séamus le linn a óige ag dul thart le
paca ag díol earradh. Casadh fear as Iarros leis
i gConndae na Mídhe, agus ualach croicne ar a dhruim
aige dhá ndíol. Adubhairt an fear, “A Shéamuis! A
Shéamuis! céard tháinig oraibh nuair atá tú ag imtheacht
mar sin?” “Ó,” ar seisean, ag caitheamh an mhála
croicne dhe, “Is iomdha croiceann a chuireanns an óige
dhe.”



Tháinig Séamas ina chomhnaidhe go Cill tSéine nuair
a bochtuigheadh é, agus d'fhan sé ann nó go bhfuair sé
bás. Tá sé adhlaicthe i gCill tSéine. Tóigeadh leacht
dhó agus feart laoi air. Is dóigh go bhfuil Doimhnic
adhlaicthe ins an roilic chéadna. Chumadar mórán abhrán
féimeamhail.


L. 6


PÁDRAIG DAIBHID.



Rugadh an “Táilliúir Gorm,” mar ghlaoidhtear air, i
n-Árd Mór, trí mhíle ó Bhéal an Mhuirthid. File b'eadh
é. Bhí sé ina chomhnaidhe ar Inis Bigil nuair bhí sé ina
stócach le n-a mháthair mar mhaor. Chuaidh sé as sin go
Cúige Uladh, agus d'fhoghluim sé an cheird táilliúireachta.



Nuair tháinig sé ar ais ag á n-a mháthair go h-Inis
Bigil bhí culaidh ghorm air, agus ghlaoidheadh an “Táil-
liúir Gorm” air dá bhárr sin. Phós sé bean i n-Acaill
a raibh gabhaltas talmhan aici. Bhí ceathrar nó cúigear
de chlainn mar chúram ortha. Cailleadh a bhean agus
phós sé ath-uair, agus chaith sé a shaoghal ag imtheacht ag
táilliúireacht ó theach go teach i n-Acaill, agus ag cumadh
abhrán. Is é chum “An t-Iorla,” agus “Nóra Dheas na
gCraobh-fholt Ní Bheáidh.” Fear siamsamhail a bhí ann.
Chum sé go leor d'abhránaibh Acla. Níl sé ró-fhada ó
fuair sé bás. Fear plucach dubh buidhe gearr-adhast-
rach giortach beo bríoghmhar bhí ann. Tá sé adhlaicthe i
n-Uachtar Acla. Mhair sé ceithre fichid bliadhain.



SGÉIMH RINN NA FEIRSDE.



Is mithid dom léigheadh ar Sgéimh Rinn na Feirsde,
An taobh úduigh Eachnais ó íochtar,
A dtigeann deallradh ó'n ngréin le séan ar maidin,
Is ní théidheann sé ar ais go dtí an oidhche.
Níl duibhthean 'sa spéir ann ná préachadh ceathanna,
Is cuma cia'n taobh a shéidfeadh an ghairbh-shíon,
Tá fasgadh is féar le fághail ag an eallach ann,
Ní bréag nach fada a cuid faorthainn.


L. 7


Tídheacht na mí-mheadhoin nach breagh deas an t-amharc,
A bheith ar bhruach na Feirsde gach taobh dhí,
An searrach is an laogh ar na mínte macrasach,
Is uain ag reatha le caoirigh ann.
Tá an coileach 'sa bhfraoch is a chírín dearg,
An chearc le n-a thaobh i dtom cíob' is nead aici,
I mí na bhFaoillidhe bíonn spíonnáin aibidh ann,
Is ubhla 'leagan na gcraobh ann.



Tá an t-óg is an críon saor ó pheacadh,
Is ní liathadh cailleach le haois ann,
Tá guidhe na naomh go síorraidhe aca,
Is saoghal breágh fada ag na daoine.
Tá macras san oidhche ar chaomhthacht leabtha,
Bean an tighe ag claonadh ina croidhe le carthanas,
Ar deireadh an tsiams' bíonn dís le baisteadh ann,
Is fuighleach bainne ag na naoidheanáin.



Tá an traghna 'sa móin-fhéar tráthnóna is ar maidin,
Go mór-mhór i dtosach na hoidhche,
Go mbadh aoibhneas trí Fódhla é ceol na mbeacha,
Ag tógbháil meala de chraoibh ann.
Tá sluaighte de na cuachaibh ag ceo na maidne ann,
Ag síor-sheinnm nótaí ceoil is carthanas.
Tá an londubh is an smóilín le córas ag freagairt,
Ar bhruach na Feirsde le pléisiúr.



Tá an coraidhe ó'n díg ann faoi n-a chuid beanna,
Go síorraidhe ag faire ar na mámaibh,
Tá an eilit is an laogh ag suidhe ar a mbainne,
Sínte ar leabthacha fásaigh.
Tá an broc is an míol mhaighe, naosga is feadóga,
Crotach, cearc fhraoich, creabhair, cuach, is lachain ann,


L. 8


Tá coiníní ag síolradh go líonmhar fairsing,
Is 's aoibhinn an eala ar snámh ann.



An fear a shiubhal Éire le pléisiúr tamall,
Le ól is le aiteas an tsaoghail,
Máighistirí an ghéim nárbh' fhéidir a marbhadh,
Le féasta ag maithe na tíre.
Is iomdha sin réice go géar a bhreathnuigh mé,
Fairrge, sléibhte, is éadan machaire,
Go mba comhrádh a bhéil idir aer is talamh,
An sway a bheith ag Feirsid a choidhche.



Tá uibhir na hÉireann ina dhiaidh go deacrach,
'Sé sin an top leis an bhfírinne,
Gur b'í abhainn Cill-tSéine sgéimh gach glan-uisge,
I mbéal an lán-mhara 'chaon oidhche.
Bradáin an tséasúir ag éirighe ar charraig ann,
Breac ina léim ina dhiaidh go macrasach,
Dheamhan iasg ar an gcéibh dhá mhéad a ghradaim,
Nach féidir a cheapadh le líon ann.



Le fear-is-bárr ádh' tá áit ar an bhFeirsid,
Nuair árduigheas neart gaoithe móire.
Tá caladh an bháid ann is fearr ó Ghaillimh,
Go cuan Chill Alaidh ar an gcósta.
Tá curaigh thar sáile gach lá breágh ag reatha ann,
Luingis na Spáinne is málaí tobac ortha,
Tá Doimhnic is Seághan ag dul stácadh ghá chathadh,
Nach maith an rud baile de'n tsórt sin?



Chum Doimhnic Cosgar an t-abhrán seo faoi áit a
dtugtar Rinn na Feirsde air, idir Cnoc a' Logha agus
Baile a' Chruaidh. Bhí an file féin ina chomhnaidhe ann.


L. 9


MO HAITÍN Ó!



Tráthnóna ciúin a ghluais me chun siúbhail,
Oidhche i ndeireadh seachtmhaine,
Go teach an óil thóg me mo sheolta.
Ar spórt is ar ghreann a tharraing mé.
Bhí an dá Mhícheál b'fhiuntaighe cáil,
Mé féin is lán mo bhata liom,
Go dtáinig an feadhaim as an Ráith-bháin,
A sgiob ins an aer an hata uaim.



Curfá.



Ó go deo mo haitín ó!
Mo dhíon, mo sgáth, 's m'fhasgadh é,
Is gurab é an sluagh sidhe a d'árduigh an ghaoth,
Is sgiob ins an aer mo hata uaim.



De siuparfine mo Charoline,
Waterproof ins an bhfaisiun é,
Níor caitheadh é acht le bliadhain,
Ó ceannuigheadh thall i mBreatain é;
Tá mo cheann nochtuighthe anois ag an ngréin,
Tá sé dhá chaitheamh anois i Sasana,
Céad faraoir géar ó sgar mé leis,
Ní'l caipín, wig, ná hata agam.



Curfá.



Ó go deo mo haitín ó! agus 7c.



Leig mé sgread thart síos i bhfad,
Mo cháirde lucht na Feilme,
Dá mbeadh siad ann ní bhéidhinn-se fann,
A maith go bráthach ní cheilfidh mé;


L. 10


Ghluais aníos ocht gcéad nó naoi
Go leasgaidh lúthmhar aigeantach,
A rachadh i dtreas le lucht na gcleas,
Ná cuirfeadh ar ais mo hata chugam.



Curfá.



Ó go deo mo haitín ó! agus 7c.



Cé casadh dham ann acht Pádraig Ó Ruadháin,
Gach am budh é mo charaid é,
Fear a dhéanfadh desk, comhra, is press,
'Sé an ceárdaidhe is fearr go Gaillimh é;
Gan fuacht, gan sgáth, thóig sé an sábh,
Go speireadh sé Fionn Bhearra dhom,
An rí ar an sluaigh-sidhe,
Mara gcuirfeadh ar ais an hata chugam.



Curfá.



Ó go deo mo haitín ó! agus 7c.



Seághan 'ac Aodha mo charaid chríosta,
Chuir sé rí Ó Dubhda faoi,
Patsey Lyons go lúthmhar righin,
Ba mhaith é Pádraig a Búrca ann;
An ceannphort bhí ar na fir,
Badh é Pádraig Ó Flannagáin,
Rug sé ar an spáid go gcartuigheadh sé an ráith,
Is chaith siad ar ais an hata chugam.



Curfá.



Ó go deo mo haitín ó! agus 7c.



Séamus Ó h-Eidhin chuaidh amach tráthnóna lá samhraidh
ag spaisdeoireacht, d'árduigh an ghaoth, agus sguab an
sluaigh sidhe an hata dhe ag an Ráith-bháin, bun Néifin.
Fear d'árbh' ainm Houston a rinne an t-abhrán. Máigh-


L. 11


istir sgoile agus file a bhí ann. Cailleadh é timcheall
dhá fhichid bliadhain ó shoin. Sgríobhas síos an t-abhrán
ó Antoine Mac Aodha, Ráth Coill. Tá fonn croidheamhail
mear leis.



AN CHAOIN-RÓISE.



Seo Róise péacach na modh réidhe,
Is deise méin croidhe is cruaidh,
Ní gile réalta na solas éan-oidhche,
Ná an t-ór baortha bhí i mbárr do ghruaidh'.
Is tú deise méara ag seinnm ar théadaibh,
Ná bean ar station ina sorm sámh shuain,
An n-eadh nach truagh leat féin aon fhear i n-Éirinn
Bheith ag dul i n-éag 'sa ghrádh ins an uaigh.



A Róise mhaiseach thug mór-thaithneamh
Is spéis do'n ghreann!
Is go bhfuil díon ceathrair ins gach dlaoi fhada,
Dá bhfuil ó fhéar go ball;
Píob cailce taobh ghainimh ag á n-a cailleadh leat,
Gaedhil is Gaill,
Nó an truagh leat mise a bheith caoin caithte,
Ag dul i n-éag de do gheall.



Tá fiche fionn-chiabh ar feadh a cinn siar,
Síor lonnradh 's ag fás mar an deór,
Nach bhfeiceann sibh an treillse mar is mian linn,
Atá ar bhláth na n-ór;
A chriostal gorm liath na rosc geal maill-thriall,
Is mo litir sgríobhtha liom i mbárr gach ród,
Ní mise i n-aonraic a thig go hiondamhail,
Acht fir na h-innse atá i ngrádh leis an tseoid.


L. 12


Dá bhfeictheá an fhaoilean maidin aoibhinn,
Is í snámh ar an linn,
A brollach sgaoilte is an solas tríthe,
Mar bhláth na dtom,
An eala gléigeal níor chuibhe léithi
Faoi n-a páirt a roinn,
Is codladh oidhche níor chuir tú díth orm,
Le bliadhain gan mhoill.



Tá ceo meala le bárr blastacht,
Ar a béilín binn,
Is cobhail cheannan gach laoch aca,
Ar a laochraidhe cruinn,
Tá dhá leaca ba deise lasadh,
Is taithneamh dar liom,
Is tú mo ghrádh faluigh' seach mná an domhain,
Is éaluigh liom.



Tá dlaoí luachra ag fás suas léithi,
Go h-áit aoidh na mbó,
Is sgoith na dtuartha d'fhéar uaibhreach,
Is é ag fás faoi dhó,
Gile shuarcas níorbh' fhiú a luadh,
Le mo leanbháinín óg,
Is go ngoireann an chuach ar a dhá gualainn,
Gach aon mhaidin chiúin cheóigh.



Nach ag an gcaoin-Róise atá na naoi n-ór bhall
Ar a caoidh-chórnaibh is é fighte go féar,
Tá dlaoi treóireach ar shlíghe'n ómra,
Síor-lonnradh is ag casadh ina céibh,
Tá an nídh is cóir' aici dhár chlaoidh gach óg-fhear,
Na trí seóide eile is deise faoi'n ngréin,


L. 13


Sí 's ró-ghile 'ná píob óir lile a dhá cích chomh chruinn,
Inneach a cuirp is a cléibh.



An bárd dall Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin do bhí ag
dul trasna abhann. Bhí sgata mór ban ag nighe snáith
ann. D'iarr sé bean aca a thabhairt trasna. Thug ceann
aca trasna é. D'fhiafruigh sé dhi cia'n t-ainm a bhí
uirthi. Dubhairt sí gur Róise a hainm. Annsin chum
sé an t-abhrán seo ghá moladh. Le fheabhas is righne sé
é, bhí an domhan mór ag teacht ag amharc uirri le chomh
maith is bhí sí molta. Do sgríobhas síos an t-abhrán ó
Mhicheál Ó Cearbhalláin i n-aice Béal an Mhuirthid,



NANCY BHÉASACH.



A Nancy, a rúin, ná tréig mé,
Gheobhaidh tú féirín mar gheall orm,
Ba is caoirigh, maoin 's éadáil,
Muislin Gaedhealach is an céimric,
Nuair bhéas mná an tsléibhe 's a ndoisín réidhtigh',
Ag triall chun aonaigh 's 'un margaidh,
Béad is tú a chéad ghrádh in do rúma glégeal,
Is rún do chléibh dod' chealgadh.



Níor náire dhuit m'aimhdeáil nó i n-áit ins an gconndae,
Mé bheith do mo mhnaoi leat mar chéile,
Go bráthach do mhuinntir go sásta timcheall,
Thú éalódh liom-sa gan spré ar bith,
Ní'l áit dhár chuir mé mo lámh in do thimcheall,
Nach bhfuil go cinnte an t-ádh is an séan ann,
Tá mná faoi lionndubh ins an ród 'do thimcheall,
Is mé go binn dóbhtha ag gabháil bhéarsaidhe,


L. 14


A bhéilín pháirteach bha bhinne 'ná an chláirseach,
Tabhair ó'n mbás mé anois má fhéadair,
Seo mo lámh dhuit a mhíle ghrádh geal,
Do mhalairt mar chéile nach ndéanfad.
Mar an eala bhán ar an loch is í 'snámh,
A píob is a brágha ar nós a chéile,
Má's mar seo atá cuirim cúl mo láimh'
Le do chumann gearr go lá an tSléibhe.



A Nancy chumhra na mbadail dlúth,
Fuasgail dom-sa má fhéadann,
Is gurab ionnat atá an Cupid i n-éis mo sgrúdughadh,
Saghad go dlúth ó do charaid.
Dheamhan craobh ins an dún seo nach bhfuil dúil leat,
Ar fheabhas is mhol tú í an stáid-bhean,
Acht goidé sin dom-sa ag réadhgadh an chúigeadh,
Gan mé is tú a bheith sásta.



Nach bocht an cás a chuir tú 'un báis mé,
Gaoth is báisteach a thabhairt in m'éadan,
Nach dtiubharfadh an stáid-bhean searc is grádh dhom,
Mar bheadh mná mánla dhá chéile.
Tá cách ghá rádh liom go bhfuil neach ins an áit seo,
A bhfuil mo ghrádh-sa féin ag dréim leis,
Má's mar siúd atá cuirim cúl mo láim',
Le do chumann gearr is tá mé réidh leat.



'Sé mo chreach is mo chrádh nár orduigh Íosa dham,
Mé a bheith in mo rígh seal ar Éirinn,
Ní mar gheall ar mhaoin ar bha ná ar chaoirigh,
Ná ar síodaí breághtha glégeal,
Acht mar gheall ar mhnaoi na sgaball mbuidhe,
Bhfuil an lasadh is gnaoi i lár a héadain,


L. 14


Ag losgadh tíre is ag marbhadh daoine,
Mara bhfuighidh sí a mian le bréagadh.



Nach deas an gléas bheith ar mhalaí sléibhe,
Ag foghluim léighinn is dhá thógáil,
Is nach deas an gléas a bheith ag siubhal chun aonaigh,
Is fíon na Gréige bheith dhá ól ann.
Dhá dheis' an gléas ba dheise ná an méid sin,
Bheith ar leabaidh léithi ar foghnamh,
Dhá dheis' an méid sin ba dheise an gléas,
Bheith ag mealladh maighdine is ghá pógadh.
Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Phádraig Breathnach,
Béal an Mhuirthid.



SEAGHÁN UA MAOLÁIN.



A Chéis a' Chuirn mo chúig céad slán leat,
Ba dheas an áit a bheith le do thaoibh!
Coillte failleagán is ba ina mbuaraigh
Is cuideachta shúgach le suidhe chun cláir.
Chuaidh ar m'amharc is dalladh m'inntleacht,
Ní mór gur léir dhom cnoc thar ghleann,
Is anois ó chuaidh mé ó mhaith a dhéanamh,
Mo chreach is mo léan gan mé i nDún na nGall.



A Mhullaigh an réalta is beag mo spéis ionnat,
Is eólaidh mé chaith seal in do pháirt.
Neach gan treóir mé chuaidh do d'éileamh,
Is a liachtaí spéir-ghlan i gcríochaibh Fáil.
Is fada i n-Acaill go dubh-chroidheach mé,
Gan spórt, gan aiteas a' feitheamh na maol-chnoc réidh,
Is í an uaigh mo leabaidh chaol chruaidh,
'Gus is malrach gan caoineadh mé.


L. 16


Acaill aoibhinn áluinn is deise bláth,
'S is milse féar,
Is mall an tráth dhom anois do cháineadh,
Is gur mé an bád bocht chaill a stiúr,
Tháinig sí chugam ina haisling bréige,
A d'fhiosruigh a chéad-fhear clanna dhíom,
Mar thiocfadh cailín deas a' mealladh céile,
Is mar ceo an tsléibhe d'éalaigh uaim.



Páirt de mo dhonas ariamh gur phós mé
Bean gan eolas is mé i bhfad ó thír,
Céile gan cumann ar mhalluigh an t-órd di,
Ní bhéinn-se brónach is a bheith dhá díth.
Shiubhal mé Sasana is páirt d'Éire,
Roinn d'Egypt 'gus an Ghearmáin,
Is a liachtaí maighdean óg ariamh a bhréag mé
Is gan a dhul dá pléidh leat a Anna Mhór.



Nach cruaidh mo leabaidh is nach tanaidh m'éideadh,
Is nach bocht an céim ag a bhfuilim beo,
Faoi gur phós mé an chaile ar aon chor
Nach dtiubhradh braon dom de bhainne bó.
A Sheagháin Uí Mháille bheirim a bhárr duit
Ó'n gcrích Fáil is ó'n domhan go léir,
Ar mhaith ar mhúineadh, ar chliú gan aireamh,
Ar shínteanas láimhe do bhocht is do thréan.



Seaghán Ua Maoláin tháinig as Dún na nGall go
hAcaill. Caighnéara a bhí ann. Phós sé bean i n-Acaill.
Tháinig clampar eatortha, thoisigheadar ag troid; níor
bh'é sin troid na mbó maol. B'éigean do Sheaghán Ua
Máille éadach na leabtha a roinnt eatortha. Ní thiubhradh
sí fiú braon de bhainne na bó dho agus é ar leabaidh a
bháis.


L. 17


'Sí Brighid Ní Bhradáin d'aithris dom an t-abhrán seo.
Tá sé timcheall trí fichid bliadhan ó thárla sé.



BÁRR AN TSLÉIBHE.



A Mháire atá díchéille ort mara dtigidh tú chun an
tsléibhe,
'S ná fulaing mise in m'aonraic liom péin ins an oidhche,
Tá do theach breágh dhá dhéanamh 's seomra geal ina éadan,
An áit a mbéidhmíd go haereach go héag ar bheagán cíos'.
Tá na comhursanna ar gach taoibh dhínn is deise atá i
nÉirinn,
'S dá mairtheá ann na céadta bliadhain níor bhfada leat
do shaoghal,
'S go mb'fhearr liom ann ar aon chor mara bhfághainn ann
plúr ná tae,
'S go héag ní rachaidh mise chun an Gheata Mhóir arís.



Tá an traghna is an chearc fhraoich ann, tá lacha is naosga
ann,
Tá gach uile shórt nídh ann is na duilleabhar faoi na
mbláth,
Tá luachair ghlas is cíob ann, tá sméara dubha ar chraoibh
ann,
Ní hionann é is an tír seo an áit a dtéidheann na ba ó
dháir,
Tá leinbh óga i gcionn a míosa ag rinnce ar fud an tíghe,
Bíonn comhrádh caoimheamhail ann ins an oidhche ag fir is
ag mná,


L. 18


Tá an fear is a bhean i n-éinfheacht i mbainfheis le n-a
chéile,
'S an seandhuine bheadh na céadta bliadhain ní chrapfadh
sé le haois.



An t-é d'fheicfeadh Bárr an tSléibhe nuair a bhíonns an
ghrian ag éirghe,
Ní bhíonn duibheachan ins an spéir ná gangaid ins an
ngaoith,
Tá an broc ar thaoibh an léana ann is sionnach ruadh na
péice,
'S tá an girr-fhiadh ag boc léimnigh ann le pléisiúr ins
an bhfraoch,
Bíonn útha na mbó ag pléasgadh ag teacht abhaile ag
géimnigh,
Is binn deas é ceol na n-éanlaith ins na gleannta
tidheacht na hoidhche.
Tá an fear is a bhean i n-éinfheacht i mbainfheis le n-a
chéile,
Is an sean dhuine bheadh na céadta níor bhfada leis a
shaoghal.



Tá an abhainn le do thaoibh ann is binne tuaim san oidhche,
Tá bradáin innti sínte is na bric ar chúrsaí an tsnáimh,
Tá uain dá mbreith ins na Faoillidhe ann, tá bainne go
leor ag caoirigh ann,
Tá fasgadh ar gach sín ann d'oidhche is de lá.
Tá an stil ag rith i gcomhnaidhe ann, is baraillí dhá
líonadh,
'S cead ag clainn na righte bheith go síoraidhe ann ag ól,
Is dhá dtéidhtheá ag déanamh tighe ann do chuideochadh an
tír leat,
'S go bhfágfadh siad faoi thuighe é ní thógfadh siad de a
lámh.


L. 19


Tá coirce bán is eorna ann, tá fataí is rud leo ann,
Tá cuireadh ag lucht an bhóthair ann, is fáilte roimh gach
aon,
Tá Raghallaigh ag seinnm cheoil ann, tá rum is brandí
is beoir ann,
I gcomhluadar daoine móra, is an t-airgead dá roinn,
Is dhá dtéidheadh do bhó thar teorainn níor bhaoghal duit
fear na comharsan,
Ní fhacthas sneachta dtuaidh ann ná sioc i ndiaidh na
hoidhche.
Tá an sagart ann is córa dhá bhfuil ins an díoghóise,
A's a Mháire déan mo comhairle, gluais is taraidh liom.



Séamus Cosgar a bhí ag iarraidh a mhná a thabhairt leis
ó'n nGeata Mór go dtí an Valley Green, áit chomhnaidhthe
eile bhí aca, agus ní rachadh sí leis nó gur chum sé an
t-abhrán seo ghá moladh. Chuaidh sí leis nuair chualaidh
sí an t-abhrán.



Fuaras an t-abhrán seo ó Shéamus Mac Enrí, Dubh
Thúma.



CUAIRT AN LAOIGH.



Cuairt an laoigh ag dul thríd an ath-bhuaile,
D'fhágaidh tú mo chroidhe claoidhte gread-bhuailte,
Mo dhúil leis an Righ ar uain go bhfuighinn faill uair' uirthi,
Idir a dhá cích nó sínte le n-a geal-ghlúiní.



Mo chuairt go h-Iarros is b'aireach mé i n-éis mo shiúbhail,
Ar uaigh mo charad, is í mharbhuigh radharc mo shúl,


L. 20


Ar dhearcadh uaim tharm is mé folcadh na ndeor go cruaidh,
Ní bhfuair mé agam acht cruaidh-leac dhaingean is leabaidh
de'n chré bhí fuar.



'Sé mo léan nach bhfuil mé is mo chonrait go hárd 'san
tsliabh,
Is mé dhá leigean leis an mbruinneall is áilne ciall,
A Rí na Cruinne nach bocht an rud fear mar mé!
Anois a bheith ag imtheacht is ag fágáil a ghrádh' ina dhiaidh.



'Sé mo léan nach bhfuil mé in m'éinín druideoige,
Nó mar bheith gath gréine ar éadan fuinneoige,
An saoghal uilig a léir a bheith mar d'ordóchainn-se,
Is go cinnte dhá mbeadh go mbéidhinn ag an t-é
thogróchainn.



Tá an baile seo gan áird ó d'fhág mo chuideachta an tír,
Codladh ní fhaghaim ins an lá ná suan ins an oidhche,
Aithris do mo ghrádh is gach áit dá bhfeicfidh tú í,
Go bhfuil an lionndubh do mo chrádhadh, 's go bhfuil an bás
ag síor-tholladh mo chroidhe.



A staruidhe na lúb is tú liath mo cheann,
Gur glaise liom do shúil ná an drúcht ar Sliabh na mBan
Is duibhe liom do chúl 'ná clúmhach na bhfiach ar chrann,
Dá ngabhainn faoi'n Dún is tú bhéidhinn iarraidh ann.



Gabhfaidh mé siar an sliabh go hacfhuinneach árd,
Is tiocfaidh mé aniar is mé i bpianta deacrach dhá grádh,
Ag ainnir na gciabh tá ciall dhá bhfacthas de na mná,
Is sul má gcomhnlaidh mé an bhliadhain béidh siabhrán orm
dhá bharr.


L. 21


'Sé mo chreach is mo dhíth nach bhfuil bliadhain ar fad ins
an lá,
Cois coillte na gcraobh is an tsíon a bheith ag dul
thairsti go sámh,
Í bheith ina luighe ins an áit a bhfásann tortha is bláth,
Is mise a bheith in mo shuidhe is croidhe mór misnigh in mo
lár.



Ní fhuil ó Chluan Meala go Caiseal na claenre ar fad,
Macsamhail mo chailin níl i dtalamh glan réidh na Midhe,
Ó Chorcaigh go Gaillimh as sin go dtí Béarlach Buidhe,
Nach buan buan mo mhallacht do'n t-é bhain díom í is Éire
faoi.



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Phádraig Breathnach,
Béal an Mhuirthid.



COR SHLIABH.



Adubhairt Dick Bairéad.



'Sé fáth mo bhuadhartha nach bhfághaim cead cuairt',
Ins an ngleann atá an-uaigneach i mbíonn mo ghrádh,
A bhfuil mil ar luachair im ar uachtar,
I dtús an fhuaicht bhíonn na ba dhá ndáir;
Nach deas an chaoi a bheith i measg na maol-chnoc,
Is na ba dhá ndídean ar fud na mágh.
Mar seo a bhíonns sé an tortán cíoba,
Tá an coileach fraoich ann an chearc is a hál.



Adubhairt Brighid Ní Dhomhnaill -



Is deas an siams' a bheith ag amharc ar fleet,
Cidh gurab olc an chríoch théidheanns ortha i dtráth,


L. 22


Nuair thigeas díbirt as neart na gaoithe,
Is bhíonns na daoine dhá gcur amach sa tsnámh;
Níl druinn (?) ar uair ann, níl sneachta dtuaidh ann,
Tá caladh is cuan ann ag luing is ag bád,
Tá tuilleadh buaidhe ann níl turas cruaiche ann,
An t-é dhéanfadh suas le n-a chailín bán.



Arsa Dick -



Ní ar shliabh ná ar fhíor-chloch a bhíonns mo mhian-sa,
Acht ar thalta aoibhne i mbíonn gach meas ag fás,
Tá an chuach ag blaodhach ann ar bhárra craobh ann,
Tá cruithneacht mhaol ann is coirce bán;
Tá an fiadh is an laogh ann, tá na bric i'na sgaoth ann;
Tá an eala is aoibhne ar an loch is í ag snámh,
Tá an bheach go críonna ann is a h-árus déanta,
Is mil dhá taomadh ann go moch sa lá.



Arsa Brighid -



Is áluinn Cor Shliabh i dtús an gheimhridh,
Ní bhíonn leac oidhre air ná sneachta dtuaidh,
Is ceolmhar traghna ann, an chuach is an londubh,
Faoi bhárra cranna ins na duileabhar rua;
Is binn guth gadhar ann ag tóraidheacht eilte,
Is an fiadh ins an am ag rith chun siubhail,
Is ann a thionnsguidheanns gach sruth glan aibhne,
An bradán bruinngheal is an breac ar lúth.



Chuaidh Dick Bairéad ag moladh na Léime,
Agus Brighid Ní Dhomhnaill ag moladh an Cor Shléibhe,
Sgríobhas síos an t-abhrán ó Phádraig Breathnach, Béal
an Mhuirthid.


L. 23


CÚIRT BHAILE AN MHUIGH.



Lá breágh dh'ár éirigheas ar maidin,
Is mé ag triall go Cúirt Bhaile an Mhuigh,
Cia d'fheicfinn acht Neilí is í go ró-dheas,
Ina seasamh ar Oileán an Ríogh.
Bhí an bhrágha aici ba ghile ná an eala,
Is ná an sneachta dhá chárnadh ar an gcraoibh,
Bhí a dhá cích chorra chruinne nár féachadh,
Is nár milleadh le sméarthacht na hoidhche.



Is fada mo chosa gan bróga,
'S is fada mo phóca gan píghinn.
Nach fada bhíos ag ól le mná óga,
Is níor fhéad mé bheith ag ól le mo mhian.
'Sé mo léan géar ní bás fuair m'athair
Nuair a liostáil sé i n-arm an Ríogh,
Acht 'sí an uaigh í mo chruaidh-leabaidh dhaingean,
Is a shiúr Neilí nach truagh leat mo luighe.



Brón ar an t-é nach mbíonn críonna,
Is nach ndéanann gach ní mar is cóir.
Sul má dtéidh air na bannaidhe bhíonns daortha,
Nach féidir a sgaoileadh go deo.
Anois fhad a thuigim is a léighim,
Níl gar do shíol Éabha liom níos mó,
Mo roghan is fághaim ar mhná Éireann,
Is le Neilí déarfas mé gabhaim.



Nach truagh sin is mo thomba dhá chartadh,
Is mo chónra dhá breacadh ag na saoir,
Maidí chróchair dh'á ngearradh,
Is ógánaigh dheasa dul faoi.


L. 24


Dhá mbéidhinn-se seacht mbliadhna sa talamh,
Nó fiabhras na leabtha in mo luighe,
A dhian-ghrá dhá dtigtheá 'un a'bhaile,
Is fíor-chinnte go n-éireóchainn 'mo shuidhe.



Is fada chaith an eangach faoi'n tsúithche.
Gur creaplughadh í cúl deas na gcraobh,
Shaoilfeá gur dall a bhí a súile,
Nó go raibh smúite beag 'dul ar an ngréin.
Is iomdha bean óg a bhí dúil liom,
Nach ndearcfadh ró-mhór ar mo spré,
Is a dhian-ghrádh má leig mé mo rún leat,
Is lag lúbach a d'fhágaidh tú mé.



A Mhuire cé dhéanfas mé i mbárach,
Nuair fheicfeas mé mo ghrádh ag dul aniar,
Gan neart agam dhul chun a láthair,
Le méad is bhí eadrainn ariamh.
Nuair a smaoinighim ar a súgradh is ar a gáiridhe,
Is ar inneach a lámha bhí fial,
Tuitim i lionndubh is i ndólás,
Is goilim féin mórán in do dhiaidh.



Tháinig mé isteach go teach an tórrthaidh,
Ní raibh eolas ró-mhór orm ann,
Réidhtigheadh píosa de'n stól dom.
Is cailín deas óg ar a cheann.
Theann mé féin léithi mar ba chóir dham,
Ní raibh taithneamh ró-mhór aici ann,
D'aindeóin dá raibh cruinn de'n aos óg ann,
Do chuir mé mo ghlórtha ina ceann!



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Shéamus Bairéad


L. 25


PÁIDÍN BÁN UA CORMAIC.



Tá an ghealach ar an aer 's na réalta uilig faoi smúid.
Ó d'imthigh bláth na sgéimhe d'fhágaidh na céadta i ngarla
dubhach.
Níor chualas ceileabhar éan ann ná an chuach Lá Béaltaine úir',
'S mara dtigidh tú's m'éileamh ach! éagfaidh mé le cumhaigh.



Dhá gcastaoi ar an tsléibh bán dam thú acht dhéanfainn
gáiridh leat is greann,
Nó i n-aice le teach d'athar, ins an áit ar ghnas linn a bheith ann,
Tá fíon 's brandy ar bórd ann, is céad fáilte ag fear
dh'a roinn,
Is tobac as Fluis ina mhálaí dhá chárnadh amach dhá loing.



Is truagh gan mise an taobh ó dheas d'Éirinn is téarma
bheith orm ann,
Is mo long a bheith gabhtha gléasta le seol go bárr na gcrann.
Dhá n-éagfadh Rí na Gréige is treis a thidheacht ar chlan-
naibh Gall,
Is go mbeadh Páidín Bán ina dhiaidh ina bhád ag Ceann na gCall (?)



Is truagh gan mé chomh luath leat is deas do bhéidhinn
faoi ghlaodh,
Guala ar ghualainn leat is mo lámh dheas ar do chroidhe,
Nuair nach bhfuil tú i ndán dam 's gur mise ata gan
chéill,
Acht m'anam bheith ar stad na ngrás badh é m'áit a bheith sa' gcré.



A dhéarbhráithrín ó mo chléibh thú is ba tú dílisín mo
chroidhe!
D'fhágaidh tú liom féin mé's d'éaluigh tú as an tír,
Dá mbeidhinn-se mar an t'éinín is mé bheith ag triall go
h-Indirín,
Tá dúil agam le Muire go mbéidh mé's tú i n-éinfheacht ag ól fíon'.


L. 26


Nach é Páidín Bán Ua Cormaic sgoith a raibh ortha ariamh?
Ní'l ceárd ar bith dhá dtéidheadh sé nach raibh fréamh
eicínt dhá ghaol,
Stiúradh long go Ameriocá's ar ais do'n Ghearmáin,
Duine uasal cumhra céadfadhach bhí ariamh i bPáidín Bán.



Rugadh agus tóigeadh Páidín Bán Ó Cormaic i mBaile
a' Chruaidh. Théidheadh sé go Fluis go minic faoi dhéin tobac,
agus dhá thabhairt go Iarros, is dhá dhíol i gan fhios ins an
tsean-aimsir. Buachaill óg leigthe láidir deas a bhí
ann. Shiubhal sé thart bunadhas Conndae Mhuigheó agus
chruinnigh sé go leór airgid le lucht eile a cheannach. Ní
bhaineadh sé féin amach acht páidhe an tsoithigh. D'imthigh
sé leis i n-éinfheacht le n-a chomrádaidhe, is ní bhfuaras
sgéal ná sguan i bhfus ná thall air ó shoin. Dubhradh gur
marbhuigheadh é. Chum a dheirbhshiúr an t-abhrán.



BRIGHID NÍ GHAORTHA.



A Bhrighid Ní Ghaortha ba tú an rí-bhean ar na mná,
Nuair d'iarrainn-se gloine líonta is é an jug a
gheobhainn lán,
Nuair thairginn a dhul le n-íoc léithe ní dhéanadh dhíom
acht cáith,
Is a stóir ní sgarfad a choidhche leat go dtí an oidhche i
n-éis do bháis.



Nach iomdha maidin Domhnaigh chaith mé spórtamhail maith
go leor,
An ceathramhadh lá de'n Fhóghmhar trí chúrsa in mo sheol
mór,


L. 27


Níor chuir mé suim i múr ar bith dhá múintidheacht dhá
mbeadh an ceó,
Acht mé bheith ag ól le plúr na mban Brighid Ní Dhomhnaill
ar an bhFál mór,



Faghaidh mo chónra déanta ó thogha de chip na gcrann,
Is má tá Seághan Ó Daighre i Laighní bíodh sí críochnuighthe
ó n-a láimh.
Bíodh mo chaipín cóirigh' go só dheas ar mo cheann,
Is triúr ban óg ag Maighnigh le mo bhréagadh os cionn
cláir.



Tá aruinn in mo thaoibh chuirfeadh na céadta fear chun
báis,
Is tá mé cinnte dearbhtha gur saighead é ó'n mbás,
Nach truagh mé anois ag imtheacht uaibh a' tidheacht na
huaire breágh,
Nuair bhéas na cuacha ag seinnm cheoil is na duilleabhar
glas ag fás.



Ag dul anonn an bheárna dhom bhí tuile mhór ins an áith,
Casadh Brighid Ní Ghaortha liom is í ag gul go hárd,
Gabh abhaile is cur fál ar an ngarrdha a thóg tú aréir,
Ó itheanns na ba an bárr níl aon áird ar bhun an fhéir.



Chaith mé an geimhreadh anuraidh leat dhéamhan geimhreadh
eile go bráthach,
Dod' phógadh is dod' chealgadh is dod' dhéanamh amach dhom
féin,
Bhí locht agam ar do dheadaí is cion mór ort féin,
Is ní phósfaidh mé go forty thú mar fuair mé thú gan chéill.



Dá mbeadh droichead ar an bhfairrge leanfainn féin mo
ghrádh,
Ghearrfainn 'chuile aith-ghiorra go dtéidhinn go Conndae
an Chláir,


L. 28


Chaithfinn trí oidhche le mo stóirín ins an Triarlán,
Is mara bpósaidh grádh mo chroidhe mé ní fillfead arís
go bráthach.



Sgríobhas síos an t-abhrán so ó Phádraig Breathnach,
Béal an Mhuirthid. Rugadh agus tóigeadh Pádráig ar
Oileán Inis Géidhe. Sgéalaidhe agus abhránaidhe maith
'seadh é.



LABHRÁS A' CHARNÁIN.



A Labhráis nach dreabhlásach nach dtigeann tú i dtír,
A Labhráis nach bodhar thú nach gcluineann tú mo ghlaodh,
A Labhráis an Charnáin is a bhrollaigh ghil mhín,
'Sé mo chol-chrádh nach bhfuil mé ar urlámh (?) do leabtha
san oidhche.



Tá na faoileáin ag babhtáil 's ag sgreaduigh go cruaidh,
Os cionn Labhráis tá sungcáil na gcladaigh go buan,
A Labhráis dhá seolthá chugam isteach chun an chuain,
Is breágh na trí cláir chuirfinn in d'uaigh.



Má's seoladh do chuid bólaigh d'imthigh tú uaim,
Is dóigh liom a mhíle stóirín nach chun fasgaidh do fuaidh,
Tá do sheolta dhá strócadh le srothanna an chuain,
Is go lá an leóin a mhíle stóirín ní thiocfaidh tú ar cuairt.



Mo mhallacht go héag do'n t-é do rinnigh an bád,
Nár aithris dom féin go raibh an t-éag ina chodladh ins
an gclár,
Nó go gcreapluigheann an t-é a réab míle osna 'mo lár,
Is taisge mo chléibh thú faoi thaoibh na tuinne údaigh thall.



Fear a bhí i ndiaidh a phósta i n-Acaill. Oidhche na


L. 29


bainse chuaidh sé thar abhainn a bhí ann i gcoinne fir nach
bhfaca sé ag an mbainfheis, agus ag amharc ar a chuid
bólacht an t-am céadna. Báidheadh é, agus rinnigh a
bhean an t-abhrán nuair nár fhill sé.



Sgríobhas síos an t-abhrán so ó Shéamus Bairéad, Inis
Géidhe. Tá Séamus sé bliadhna agus ceithre fichid d'aois.
Is togha Gaedhilgeora é, agus seanchaidhe breágh freisin.



MÁIRE ÓG NA GCIABHANN.



A Mháire óg na gciabhann cur do dhóchas as Dia.
Ná h-ísligh is ná h-árduigh, 's ná fuiling mé i bpian,
Acht gabhfad fó an tsliabh an áit a gcomhnuigheann na
fiadhtha,
Ag déanamh lionndubh faoi na gleannta, is leat a chaill
mé mo chiall.



Tá grádh agam do mhnaoi, is loit sí mo chroidhe,
Is binne liom naoi n-uaire í ná an chuach ar an gcraoibh,
Ná londubh an bhéil bhuidhe is an smólach le n-a thaoibh,
An chéirseach bhinn bhréagach 'sí ghéar-loit mo chroidhe.



Tá Tighearna Mhuigheó is gach iarla eile dhá shórt,
Tá mór uaisle Loch' Glinne síor-shileadh na ndeor,
Nach é seo an sgéal mór d'fhág Éire faoi bhrón,
Tá an réim seo le Gaill Éireann ó d'éag tú a Thoir-
dhealbhaigh óig.



Gheobhainn go leór de lucht síodaí is sróil,
De'n mhuisling ba daoire is de na fáinní buidhe óir,
Ní dhíobh siúd do bheadh agam gnó acht díot-sa a mhíle stóir
A shiúr-shearc Iarla Aon Truim is tú craobh de'n fhuil mhóir.


L. 30


A Nancy an chúil bháin, a chéad míle grádh,
Is tú an comrádaidhe ba chaointinighe dhá bhfacthas de na mná,
Is gurb'é glór bog do chinn bhéarfadh an rón glas ó'n
tuinn,
An chráin-torc ó'n gceó-chnoc 's an smóilín ó'n gcoill.



Ar chuala tú trácht ar sgéimh na mban mbreágh
Is fheabhas 's sgríobhadh sí le caol-pheann ar chlár?
Ní feasach mé bheith ar fagháil ins an bhFrainnc ná ins an
Spáinn,
Do dhíol-sa de chéile a phéarla an chúil bháin.



Ní phósfaidh mé mo shiúr is ni bhuailfidh mé fúithi,
Ar eagla go bhfuighinn milleán faoi n-a tabhairt chun mí-chliú,
Nó go gcuiridh sí i gó is áird go bhfuil mé 's í i bpáirt,
'Sí a mharbhuigh mé 's a chealg mé, nach bocht an garla an
grádh?



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó bhéal Shéamuis Bairéad
ar Oileán Inis Géidhe.



AN CAIPTÍN MURPHY.



Nach aoibhinn do na héiníní éirigheanns go h-árd?
Is chodluigheas le n-a chéile ar aon chraobhóig amháin,
Ní h-é sin dom féin 's do mo chéad míle grádh,
Is fada fánach ó n-a chéile atá ár n-éirghe gach lá.



A ógánaigh na gcarad is maith d'éaluigh tú uaim,
Is gur fhág tú mo chroidhe istigh chomh dubh leis an ngual,
Tá na h-éiníní ar na muilte is na tuilte le mo ghruaidh,
Is tá mise réidh le mo mhúirnín nó go dtigidh Murphy
chun an chuain.


L. 31


Is truagh gan mé's mo mhíle stóirín maidin Domhnaigh is
goidé dhó ar mhisde,
Ag seoladh ár mbólacht go bruach na coilleadh bige,
Go dtigidh grán glas ins an eorna's an fóghmhar ag dul
chun moille,
Nach cumhra deas an rud an pósadh's i ndiaidh mo stóirín atá mise.



Nuair luighim ar mo leabaidh 'sí mo phaidir mo dheór,
Is an uair éirighim ar maidin 'sí an Fhrainnc a shín rómham,
Déanfaidh mé mo chasaoid leis an bPápa ins an Róimh,
Go bhfuil mo chéad ghrádh do mo shéanadh 's nach mbéidh mé
i bhfad beó.



Nach deas an rud an fear ar fóghnamh lá an fhóghmhair nó
an earraigh,
Ag baint a cuid eorna's dhá chomhaireadh ina bheartaí,
B'fhearr liom buachaill óg agam a gcóireóchainn dhó a
leabaidh,
Ná saidhbhreas Ríogh Seoirse is a bheith pósta le baintreabhaigh.



Nach aoibhinn do'n talamh a shiubhlanns mo stór air,
Ní haoibhne ná do'n chábán a shuidheanns sé ag ól ann,
Ní haoibhne ná an mhnaoi óg a bhfuil mo chéad ghrádh aici
pósta,
Réalt eolais na maidne, is tú soillse an tráthnóna.



A ógánaigh óig cá'r chodail tú aréir?
Ar cholbh do leabtha's níor airigh tú mé,
Dá mba truagh leat mo leathtrom ní chodlóchthá-sa néal,
Gur b'é do chomhrádh ag gabháil an bhealaigh d'fhágaidh an
aruinn 'mo thaoibh.



Caiptín luinge a bhí ann; bhí sé ar chuan an Fhóid
Duibh; chuir sé faoi i dteach feilméara ann, agus thuit
sé i ngrádh le cailín dóigheamhail d'inghin bhí ag an


L. 32


bhfeilméara, a dtugadh siad Sorcha Ní Ghiobúin uirthi.
Pósadh an lánamhain. Níor fhan sé aici acht mí gur imthigh
sé, is ní fhaca sí ní ba mhó é. Bhí beirt inghean aici dhá
bhárr. Chum sí an t-abhrán le cumha ina dhiaidh.



OIDHCHE SHEAGHÁIN UÍ DE DHIARMUDA.



Dhá bhfeictheá Dick máighistir ar a mhása is ar a liarca,
Le pianta ina chnámha 's gan trácht ar na fiacla,
'Sé dubhairt Nancy a bhean is maith mar a thárlaidh.
Tá an t-ádh orainne i mbliadhna tá 'chuile shórt tárrthuigh'
ag Seaghán Ó De Dhiarmuda.



Dhá bhfeictheá Alexandar is a sgamram bheag dighe air,
Nuair d'óladh sé braon dram' bhíodh cainntaige ró-líomhtha,
'Sé dubhairt Úna, “Cidh gur tláith thú's gur lághach deas
do bhriathra,
Ní fear thú dhéanfadh paiste grinn mar Sheaghán Ó De Dhiarmada.”



'Sé dubhairt h-Ebeard, “Tá mé sáruighthe's mo cheann
deas liaithte,
Is maith an bhean mo mháighistreas acht tá sí do-riartha,
Ní chruadhóchaidh mé aon ghráinne dhi go bráthach acht an
chliath seo,
Is fághadh sise cruinneádaidhe (?) mar Sheaghán Ó de Dhiarmuda.”



D'éirigh Máire Ní Pháidín i lár an mheadhoin oidhche,
D'amharc sí ar an ngarrdha's ní bhfuair sí ann acht
iarmhar,
“Cuirim-se sgread chráidhte ar ádhmad's ar iarann,
Is truagh géar gan mo Sheaghán-sa mar Sheaghán Ó De
Dhiarmuda.”


L. 33


Bhí Brighid Ruadh 'sa ngarrdha 's í grágaighil mar fhiach dubh,
“Is lag mo sguainín páisdí is sábháil ar deágh-chroidhe!
Cé cás dom bheith mo sglábhaidhe bocht báidhte i bhfiacha,
Dá mbeadh Antoine Ó Máille agam mar Sheaghán Ó De
Dhiarmuda.”



D'éirigh Micheál Mhártain i lár an mheadhoin oidhche,
I leabaidh “neamna páirte,” is é thrácht sé ar an rí-
dhiabhal,
“Mart is marbh fáisg ort a sglábhuidhe mí-riaghalta,
'Sé mo léan gan fear in d'áit agam mar Sheaghán Ó De
Diarmuda.”



Oidhche gaoithe móire tháinig ar an gCáirn. Bhí Seaghán
Ó De Dhiarmuda ar aimsir ag Riocard Bairéad. Righne
Riocard an t-abhrán seo dhá mholadh, is ní raibh maith ar
bith ann. Chuaidh sé siar faoi'n leabaidh i n-áit cuidiughadh
le bean Riocaird Bairéad an teach a shábháil.



Sgríobhas síos é seo ó Annraoi Bairéad ar an tSraith,
Gleann Chaisil.



CUACH NA FINNE.



Nach truagh an searrach ar mhachaire bán gan féar!
Is mo dhá thruaigh an leanbh gan bainne ag á mháithrín-féin,
Mo thrí thruaighe an ainnir ar leabaidh i bpéin go cruaidh.
Ag dranntán seanduine feasta is ní caomhthach é.



Nach óg a chuir m'athair mé ar asal ag iarraidh mná,
Siar ag cois chladaigh 's briseadh dhá dtrian mo láir,
Thuit mé ar an mbealach is briseadh dhá dtrian mo chnámh,
Ag Dia go raibh m'anam gur chaill mé mo chiall le mná.


L. 34


Gan bó gan gamhain in mo leanbh 'seadh fágadh mé,
Má bhí rud ag m'athair ní agam a fágadh é.
Siar ag cois aille is aigeantach 's is árd í mo léim,
Is béidh bean agam ins gach baile dhá siubhalfaidh mé.



Is a chuach na finne má d'imthigh tú le do nead,
Siar go h-Iarros an áit a mblightear go fíor na ba,
Má's mé cuach na finne 's gur imthigh mé le mo nead,
Ní dheárna mé aon tsiocair nach bpillfinn aríst ar
m'ais.



Shiar i n-Iarros atá roinn dé mo chomhairleacha,,
Plannda an innigh a d'eitigh mo phósadh aréir,
Tabhair sgéal uaim chuici gur minic a phóg mé a béal,
Is go bpógfad í tuilleadh má theannaidís bólacht léithi.



Ná pós bean fhollamh is ró-bheag an mhaith í le fágháil,
Ná buachaillín sgaithte nach mbéidh aige talamh ná tráigh,
Nuair thig an dá fhollamha téidheann siad ag síor-
chlamhsán,
Is ó bhéaras bean leanbh is ró-bheag a díol sníomhacháin.



A tháilliúir an mhagaidh ní phósfaidh mé a choidhche do mhac,
Acht pósfaidh mé an talamhaidhe a dhéanfas go daingean
a theach,
Éireochas ar maidin is chraithfeas an síol i gceart,
Nach suidhfidh chois dorais ag feadaighil ná ag ruagadh
cearc.



Rachad go Gaillimh go gceannuighidh mé an túirne lín,
Is nuair fhillfidh mé ar ais sníomhfaidh mé píosa caol,
Chuir mo ghrádh an ros is tháinig gaoth ruadh ar a líon,
Is brón ar an ainnir rinnigh cíor-thuaithbhil dhíom.



Buachaill óg do b'eadh é seo, agus chuir a athair é ar


L. 35


muin asail ag dul ag iarraidh mná; ag triall dó, thuit
sé ar an mbealach agus briseadh cuid d'á chnámhaibh.



Sgríobhas síos an t-abhran seo ó Seaghán Ó Bheáidh,
sgéalaidhe maith agus fear siamsamhail atá i dTóin an
tSean Bhaile Acaill.



PEIGÍ NÍ NUINSION.



Bhí mé lá breágh gréine a' gabháil malaidhe aoibhinn shléibhe,
Na croise caoile géire ar thaoibh an chnuic úd thall,
'Seadh casadh orm an spéir-bhean ina corra cíocha cruinne
glégeal,
Badh é ba samhail díthe an gath gréine nó an t-é bheadh snuighte ó shnámh.



Bhí síodaí is sróil ag éarughadh uirthí síos go bróig is
níor bh'iongnadh, dhual díthe fhághail,
Níor bhródamhail í as an méid sin ná as gach céim ba dhual díthe fhághail,
Bhí sí barramhail measamhail céadfadhach sochmaidh sonmhar
séanmhar,
Is gur mar siúd a bhéas sí í nÉirinn nó i gcéimeacht
níos fearr.



A Pheigidh dheas is dóigh liom go bhfuair tú gift ó'n óige,
Do chum caol cailce a tóirnigheadh is do ró-leac gan
smál.
Tá beannacht daoine breoidhte aici is bochtáin Dé dh'á dtreorughadh,
Go gcumhduighidh Muire beo ise, an óig-bhean údaigh slán.



Níl iasg ag snámh ar mhór-mhuir ná éan faoi choillte
treórmhar,
Nach dtuirlingeóchadh go ceolmhar faoi bhórd a brait anuas,


L. 36


Tuigidh-se gur cóir díthe, is iomdha sin lucht síoda is sróil
aici,
Is tá loingis faoi ghlan-sheol aici go bródamhail ag teacht 'un cuain.



Tá an t-ór ag silt anuas i gcomhraic fighe a gruaige,
I n-aice le cogad a cuaiche is gach dual díthe ag breith
bárr
Is gur ó'n bhfuil ghlain do ghluais sí de pháirt na n-iomdha
stuama,
Níl braon ar bith anuas léithi tuatamhail ó Ádhamh.



Bhí dhá chích chorra chruaidh aici a shíolruigh ó'n bhfuil ba
dhual díthe,
Níor milleadh iad le cluanaidheacht 's níor suaitheadh ariamh le láimh,
Gidh gurb' iomdha fear dhá luadh léithi tá na céadta i
dtinneas uaithe,
Mara bhfághaidh ó Pheigidh fuasgailt béidh na huaigheanna uilig lán.



Tá a píob 's a brágha mar shneachta dtuaidh dhá cháthadh,
A cum caol cailce tóirnigheadh nó an t-árd-staraidh céim,
Ba dheirge a gruaidh is ba bhreágha ná an chaor i n-uaig-
neas fásaigh,
A béilín tanaidh tláith aici ag baint deallradh ó'n ngréin.



Bhí rosca glasa malla aici ba caol iad a malaidh ag
séalrughadh,
Ó cheangail Críost an t-Árd-Fhlaith do pháirt gheal an tsléibh',
Muna ag Peigidh Ní Nuinsion atá sé le fuilidheacht
uaisle 's árd-mhaith,
Acht mara bhfuil an sway ó mhná aici-si bíodh an báire orm féin.



Tráth casadh orm an spéir-bhean badh eadh d'fhiostruigh mé
de chéad aca,
Cia aca de na ladies ar bh'fhéidir liom-sa tracht?


L. 37


Arian seanóir críon 's é ag céimidheacht go hárd ar
bhárr an aonaigh,
Is de Bhrúnaigh Dubh na Gréige an péarla atá mé ag rádh.



'S nár siúd í bláth na sgéimhe idir cailleadh de Fhianna
Éireann,
Tá ocht righthe déag ag dúil le n-a fágháil,
A lochtaibh níl ar aon chor ná ins na tortha a d'fhás ins gach réagún,
Is gur de shliocht Bhriain Mhic Gheochaidh í ó naomhthacht 's
na caoil leat atá.



Bean a thug péire stocaidhe do'n bhárd dall, Toir-
dhealbhach Ó Cearbhalláin nuair bhí sé i gcruadhóig leo.
Rinne an bárd an t-abhrán dhá moladh mar luach saothair
di. Fuaras an t-abhrán ó mo charaid, Séamus Mac
Enrí. Dubh Thúma, Iarros. Sgríobh sé síos é ó bhéal
Mhíchíl Uí Mháille, sean-Ghaedhilgeóir cliste na háite.



A MHÁIRE, A SHIÚR.



A Mháire, a shiúr, a bhláth na n-ubhall!
Is tú an chraobh chumhra, dar liom féin,
Is gur bliadhain nó dhó mara bhfuil níos mó,
Ó d'fhágaidh do phóg i ngarla mé;
Ba tú mo roghan ar mhná an domhain,
Is do mhalairt ní dhéanfad nó go dtéidh mé i gcré,
Is gurab é mo chrónán brónach 'chaon oidhche Dhomhnaigh,
Seilt na ndeór is a' codladh liom féin.



Nach fada síos i n-íochtar tíre,
Atá mo mhian, céad fairíor géar,
Ó tháinig an dís chun na tíre,
A lot mo chroidhe is a mharbhuigh mé;


L. 38


Níl siad dom-sa acht mar bheadh an lán mara,
I n-aimir cheatha ar chladach réidh,
A 'dúil le mo chlú is mo náire sgapadh,
Is m'fhágáilt faoi leathtrom le mo shaoghal.



Is é mo léan gan mé is tú,
I bhfad ó'n ngaoith is i ngar do'n ghréin,
Ar oileáinín aereach ar bórd Loch' Éirne,



Gan coite bheith 'nár ngaobhar bád ná long;
Is deas a bhéidhinn a' comhrádh léithi,
Is mo láimhín glégeal faoi n-a ceann,
Gan bó ná caora ná aon phíghinn spré,
Is go bpósfainn mo ghrádh le fonn.



A ógánaigh óig atá réightigh' chun do phósta,
Mo mhallacht go deo dhuit is diomadh Dé,
D'fhágaidh tú 'mo dheoraidhe le mo ló mé,
A' déanamh bróin is a' gul' do dhiaidh;
Mo mháithrín buadhartha cráidhte,
Gan teach ná árus le n-a saoghal,
Is leigim-se an cás sin ag Rígh na nGrásta,
Leis na tonna báidhte a sgaoileadh 'do dhiaidh.



Fuaras an t-abhrán seo ó Phádraig Breathnach, Béal
an Mhuirthid.



CUACH NA H-ÉIREANN,



Má théidheann tú chun aonaigh bíodh an chaora leat a
h-olann is a huan,
Má théidheann tú i dtíoghbhas bíodh do mhian agat i dtois-
each ar an tsluaigh,


L. 39


Bíodh sí críonna lághach tíoghbhasach is molta as a cliú,
Ní bárr maoine bhéarfas i dtír thú is ná mealltar le
spré thú.



Lá an aonaigh, lá an aonaigh is lághach shiubhlainn le d'ais,
Níl osnadh caol dhá ndéanfá nach réabfadh an chloch ghlas,
Nár ba liachta bláth ar an aitinn ná duilleabhar ar an
gcraoibh,
Ná do ghrádh-sa naoi n-áiteacha dul trasna thrí mo chroidhe.



A théagair ná leig thusa do chumann le mnaoi,
Nó má leigeann ní bréagaighe an sionnach ruadh ná í,
Ní h-éasgaidheacht an t-éinín ar bhárra na gcraobh,
Ná thú éalódh leis an t-é údaigh nach bhfaca tú ariamh.



Níl mise ar an mbaile seo acht le tuilleadh is dhá lá,
Fios mo sgéil dá mbeadh ag na héiníní go ngoilfidís a
sáith,
Dochtúirí na cruinne is nach ndéanfadh mo chroidhe slán,
A chuach na h-Éirne is tú nach leigfeadh in do bhrollach
acht mo lámh.



Fágfaidh mise an baile seo gan mhoill le congnamh Dé,
Ní fada nó go gcluinidh sibh go bpóstar léithi mé,
An áit nach dtóigfidh an t-aos óg orm a teannadh le mo
chroidhe,
Béidh mé pósta an chéad mhí de'n fhóghmhar 's ná raibh
maith ag leath an tsaoghail.



Tidheacht an earraigh tóigfead talamh is gabhfaidh mé 'mo
chomhnaidhe thart siar,
Béidh an t-aos óg brónach go bhfillidh mise aniar.
Dar an leabhar bhíonns eadrainne is a pheacadh ort a ghrádh,
Mallacht an tsaoghail duit go lá an tsléibhe 'sé do
chumann a fuair mé gearr.


L. 40


Ní mise a bhí gearr-chumannach acht tusa bhí gan chéill,
Is gur thairg tú mo mhealladh le glórtha binn' do bhéil.
Má thug tú seal de'n bhealach mé 's nár bh'fhearrde thú é,
Acht leigfidh mé mo chumann leis an t-é nach n-inn-
seóchaidh é.



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Antoine Sírín.



CEOL NA BHFAOILEÁN BHÁNA.



Tá teampoll úr dhá dhéanamh,
Is uaigh le dul ina éadan,
Is deir siad liom-sa, a chéad ghrádh,
Gur thusa cuirfidhear ann;
Acht mara dtigidh tú is m'éileamh,
Is fóirithin thabhairt ó'n bpéin dom,
Acht éalóchaidh mé ins na réagúin,
Is ní bheidh duine liom.



Níl mé ins an áit seo acht le bliadhain
Is a bhfuil le ráithe,
Is níor tháinig mo ghrádh ar cuairt,
Ins an áit a mbím,
Ba bhinne liom é ná cláirseach,
Is ná flúit ar hallaí árda,
Is ná ceol na bhfaoileán bána
A bheith ag gabháil tráigh an loch'.



Nach maith a rinne tú bréag liom
Ins gach geallamhaint dhá dtug tú aréir dhom,
Go mbéidhinn is mo chéad ghrádh
Ar thaoibh an chnuic úd thall.


L. 41


Go treabhaidh na caoirigh mhaola
Ar chúl a gcinn ins na sléibhte,
Is do mhalairt ní dhéanfainn,
A chéad mhíle grádh.



Is dá gcastaoi i dteach an óil í,
Is badh í mian gach buachalla óig í,
Is an daimhseoir a bheith ar fóghnamh,
Níor mhór leis í ar láimh;
Bhí a cúilín mar bheadh an ómra,
Chuirfeadh maise ar mná Chríche Fódla,
Is mara bhfuighidh mé í le pósadh
Is é mo lóistín an chill.



Nach dona an tosach téagair dhúinn
Bheith ag sgaradh ó n-a chéile,
Anois ag teacht na Féile Muire,
Is an chéad lá de'n bhliadhain úir;
Ó dhiúltuigh tusa an féirín
A chuir mise faoi do dhéin-se,
Ach! bíodh agat malairt chéile,
Is béidh mise ag dul ins an uaigh.



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Antoine Sírín.



MNÁ NA MBAINTREABHACHA.



Nach aoibhinn do mhná na mbaintreabhacha,
Is nach aca bhíonns an spórt,
Bíonn clann na muinntire eile aca,
Dhá n-oileamhaint le n-a ló;
Marcuidheacht aonaigh 's margaidh,
Is cuireadh go teach an óil,


L. 42


Is 's míle fearr an sean dhuine
'Ná réic de bhuachaill óg.



Bainfidh mise an chaol-tslat,
Is dlaoinfidh í go bárr,
Fáisgfidh mé mo chumainnín,
Naoi n-uaire thrí n-a lár,
A Mhuire! nach cruaidh an ceangal,
Is go bhfuil sé ar a lán,
'S a chairidín ó mo chléibhe thú,
Cur tharm anall do lámh.



Is truagh gan mise i Sasana,
Nó thall ins an Oileán Úr,
Rún mo chroidhe bheith i n-aice liom,
Nó idir mo dhá láimh.
Dá nglaodhainn na barraillidhe,
Is tusa a dhíolfadh an cháin,
Is go snámhfainn féin an fhairrge
In do dhiaidh a mhíle ghrádh.



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Shéamus Bairéad.



DOMHNALL ÓG IS MICHEÁL Ó BLÁTHMHAIL.



'Sí an fhairrge seo thiar an roilig bhreágh gan pian,
Peacadh dhár chan sí ariamh níor báidheadh.
Nach é seo an sgéal 's an t-anam geal ag Dia,
Is Micheál le gach fíor i bParrthas.



Aimsir bhaint an lín 's an eorna glas buidhe,
Is deas a bhréagadh sé bhog buidhe Dia Domhnaigh.


L. 43


Cé an t-iongnadh dhom a ghaol bheith brúighte lag gan
chroidhe,
Is a churacháin cuirim díth-bhrón ort.



A ainnir chneasta chaoin léir mar deir gach éan,
Is fada do chroidhe cruaidh cráidhte,
Do cháirde uilig 's do ghaol bheith brúighte lag gan chroidhe,
Dar m'fhocal ní hiongnadh é ná ádhbhar.



Bhéarfaidh mise an ruaig go h-Inis Géidhe ar cuairt,
Go bhfágaidh mé iad gan gruaim ina suidhe,
Go bhfágad iad go suairc gan osna trom ná cruaidh,
Ní chluinim ann ó Luan acht ag caoineadh.



Go deimhin a Mhíchíl Bháin má d'imthigh tú uainn ar siubhal,
Is gur cailleadh thú ar chúl báire.
Mo bheannacht leat go buan go Flaitheas Dé na nDeor,
Níor bh'fhada liom thú bheith i gcúirt bhreágh Neamhdha.



Molfamuid an dís go deimhin díbh-se le mian,
Is aithriseóchamuid amuigh a dtréartha,
Go bhfuil Domhnall óg ina luighe is éagcaoint mhór dhá dhíth.
An fear ba deise caoineadh is béasa.



Beirt fhear as Inis Géidhe bhí tidheacht ó'n tír mhóir i
gcurrach beag seitheadh, is báidheadh iad ar an mbealach,
Rinne an Táilliúir Gorm, Pádraig Ó Dáibhid, as Acaill,
an t-abhran seo faoi. Sgríobhas síos an t-abhrán ó
Shtiophán Ó Murcháin ar Oileán Inis Géidhe.


L. 44


AN CHÚIL-FHIONN.



Ní ar an mbaile seo atá an chúilfhionn ná an maighre
breágh múinte,
'Sí an buinneán is úire dhá bhfacthas de na mnáibh,
'Sí mo shearc í 'sí mo rún í, 'sí annsacht na suan í,
'Sí an samhradh ó'n bhfuacht í idir Nodlaig is Cáisg.



B'fhearr liom ná Éire nó cúig phunta de'n ór chraorach,
Mar chonnaic mé ariamh thú is gur thug mé dhuit grádh,
D'aithris tú le do bhéal dom gur mharbhuigh tú na céadta,
Níor mhisde liom féin sin acht gan mé mhealladh mar chách.



Imthigh is éaluigh is ní misde liom féin sin.
Ní a' gabháil taobh leat atá Éire de mhná deasa le fágháil
Gheobhaidh tú céile nach n-iarrfadh píghinn spré leat,
'S a phósfadh thú in do léine cé nach follamh atáir.



B'fhearr liom ná a bhfacas de chaoirigh 's de chapaill,
Is dá bhfuil ag an tSasanach d'airgead bhán,
Mar chonnaic mé an ainnir is gur thug mo chroidhe gean di,
Óir is í a mharbhuigh an croidhe in mo lár.



Grádh mo chroidhe do gháiridhe do chosa is do lámha,
Is do dhá chích chorra bhána atá i gceart lár do chuim,
Is tú an pósa breágh áluinn ar chailíní na háite,
Ag a dtug mo chroidhe grádh dhuit is taithneamh ró-mhór.



B'fhearr liom ná giní is ná chúig mhíle oiread,
Go mbéidhinn is an bhruinneall i n-oileán insan Spáinn.
A gruaidh dhearg mar an drithlín 's a béilín deas milis,
A Rí na Cruinne! an truagh leat duine bheith beo mar
atáim?



Fuaras é seo ó Shéamus Bairéad, Inis Géidhe.


L. 45


AN DÁ 'LIAM DÁIBHIS.



Tá an dá 'Liam Dáibhis ins an áit seo,
Tá 'Liam aca níos fearr ná a chéile,
Tá 'Liam aca cliste ar chruinniughadh an chiste,
Is 'Liam eile a sgapfadh an méid sin,
'Sé mo chreach is mo chrádh! gach sac is gach mála,
Dhá bhfuil faoi láimh 'Liaim chríonna,
Nach bhfuil sé i bpócaí an 'Liaim is óige,
'Sé bhéarfadh ól 's siams' dhúinn.



Shaoil mé féin a chuid is a stóir,
Go deo nach ndéanfá bréag liom,
Go n-athruighidh na druideóga uilig a nguth,
Is go n-iompuighidh an londubh glégeal,
Go bhfásaidh an biorla thrí lár mo leice,
Is go dtigidh an t-iasg ghá éileamh,
Go dtéighidh na tuilte i n-aghaidh na tuinne.
Is go mbuailtear na cnuic faoi n-a chéile.



Dhá bhfeictheá mo chailín ag gabháil a bhaile,
Cúilín casta craobhaigh,
A béilín meala is a gruaidh uirthi ag lasadh,
Is a píob mar sneachta an tsléibhe.
Is caol í a mala, is mín í a leaca,
Nach aoibhinn d'fhear dhár chéile í?
Mo chrádh! dhá gcrochtaoi mise ar maidin,
Is grádh buan thug mé féin di.



Lom is léan is díoghbháil céille
Ar an mbuachaillín éadtrom ró-dheas,
A d'iarrfadh spré ar rún a chléibh,
Acht síneadh léithi is a pógadh.


L. 46


Dar lán an leabhair b'fhearr liom agam
Cailín fearamhail dóigheamhail,
Ná lán na leabtha de chuairscín caile,
Is fághaim na mílte bó léi.



Tá cailín geanamhail ar an mbaile,
Ar chaith mé léithi mo bhróga,
Is glaise a súile ná drúcht na maidne,
Is dheamhan bean phósfas mé go deo acht í,
Leig mé í go sámh ina suidhe,
I measg a gaolta is a cáirde,
Ór an tsaoghail is fághaim le mnaoi,
Go bpósfainn mo mhian gan bólacht.



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Shéamus Bairéad.




CAILÍN ÓG DEAS AR BHRUACH AN tSLÉIBHE.



Tá cailín óg deas ar bhruach an tsléibhe, 's is deas an
péarla í le mealladh,
Chaith mé an oidhche aréir léithi 's níor fhéad mé a tabhairt abhaile.
Rinnimid 'chuile réidhteach go dtéidheadh sinn le chéile go
teac an tsagairt,
An t-airgead pósta ní raibh ag mo chéad ghrádh 's
b'éigean dúinn filleadh abhaile.



Nach mise atá lag brónach ó caitheamh an Domhnach seo
chuaidh tharainn,
Ag cuimhniughadh ar mo mhíle stóirín a bhíodh i gcomhnaidhe liom chun Aifrinn.
Ba mhilse liom blais a póige ná an mhil a reóidheanns
i n-éis na meacha,
Is ní léir dhom a dhul an bóthar tá na deóra do mo dhalladh.


L. 47


Ní do'n fhígheadóir ná do'n táilliúir thug mé grádh ar
bith ná tadaidh,
Acht do bhuachaillín na gruaige báine a bhfuil aoibh a gháire faoi na hata,
Ní thóigfeadh an saoghal orm dhá bhféadainn mo mhian a
mhealladh,
Má's í do mháithrín atá do dhiaidh orm Flaitheas Dé nár fhághaidh an chailleach.



Nach dílleachta mé fágadh gan mháthair ná athair,
Is dá mbeadh mo chlú-sa tárrthuighthe nár lúghde an cás
dom a bheith follamh,
Ní'l aon fhear i n-Éirinn chuirfeadh téaradh ar mo mhacsamhail,
Nár dhoiligh dhó a leas a dhéanamh ná ar aon chor a dhul go
Flaitheas.



Is truagh gan mise i Laighin Uí Eaghra nó go hárd os
cionn an bhaile,
Ins an áit a bhfeicinn mo mhíle stóirín gach aon tráthnóna nó moch ar maidin,
Má chuaidh mo ghrádh thar sáile ar an tsráid seo ní raibh
a macsamhail.
'Sí do mhéin mhaith 's do lághaigheacht d'fhágaidh an fán orm is mé i bhfad ó bhaile.



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Antoine Sírín, teach
na mbocht, Béal an Mhuirthid.



DÚN NÍNE.



Ar láimh le Dún Níne tá an chaoin-bhean ina comhnaidhe,
A d'fhágaidh mé lag claoidhte go fíor-chinnte acht Dia
Domhnaigh.
'Sé gach a n-ordóchainn nó a n-iarrfainn de shaidhbhreas
Ríogh Fódla
Tú is mé a bheith i n-iargcúl taobh shiar ó Dhún Domhnaill.


L. 48


Teannam chun an tsléibhe is a chéad ghrádh is ann is fearr
dhuit,
Bhéarfad arán geal is tae dhuit is teach glégeal ceannsgláta,
Béidh cóistí is bócé againn 's coillte breágh' fásach,
Béidh an chuach 's an traghna lá dubh oidhre in do gharrdha.



Dá mba liom a bhfuil ó bhun Néifin go dtí Éadan Dúin
Pádraig,
Do Shiubháin óig is eadh do bhéarfainn le méid is thug mé gean di,
'Sé an bharamhail a bhéarfainn d'á caol-chum gath gréine
Lá Fhéile Pádraig, .
Nó mar bheadh sneachta bheadh ar shléibhte 's é bheith dhá cháthadh.



Nach mairg a déarfadh go mbéidhinn duit mar atá mé,
'S ní'l fhios ag aon neach leath m'éagcaoin ins an láthair,
Leanfainn ar an Éirne thú 's bheadh mo chiabh liom le
fánaidh,
'S is é n-iarrfainn de spré leat ar éigean an tsnáthad.



Ní'l mionna ná móide dh'ár cheart a bheith ag na bráithre,
Nach dtiubharfainn, go mba chóir dhúinn a bheith pósta le
ráithe,
Acht ag fanacht i gcomhnaidhe go mbeadh ár gcomhairleacha sásta,
'S tiogainn go dúithche Sheoigheach nó go mbídh an fóghmhar
'un gearrtha.



Táilliúir a bí ann, b'ainm dó Gionán, a bhí ina chomh-
naidhe ar Shliabh Iarruis. Bhí sé mór le cailín i nDún
Níne, b'ainm di Siubhán Ní Chráfairt. Dhiultaigh sí é nó
go ndeárna sé an t-abhrán, annsin phós sí é. Mheall sé
leis an abhrán í. Sgríobhas síos é seo ó Antoine Sírín,
teach na mbocht, Béal an Mhuirthid.


L. 49


PLANNDA DEAS AN tSLÉIBH' BHÁIN.



Goidé'n mhaith dhom féin dhá ndéanainn muileann ar mhóin?
Goidé'n mhaith dhom féin dhá ndéanainn capall de bhó?
Goidé'n mhaith dhom féin dhá ndéanainn sin is teach mór,
Ó chaill mé an gléas a bhréagfadh an cailín deas óg.



Seacht seachtmhaine déag a chaith mise téitheadh 's ag
déanamh braich' ins an ngleann,
Gan pota gan pael ná éan rud eile againn ann,
Acht duilleabhar na gcraobh d'éadaigh leabtha os ár gcionn,
'San uair a labhruigheanns an t-éan 'sé réalta na maidne
bhíonns ann.



Ní'l sagart 'sa bhFrainnc nár dhiúltuigh Aifreann a rádh,
Ní'l crann ins an gcoill nár lúb a bhun chun a bhárr,
Ní fhuil iasg ar tuinn nár thiompuigh isteach ar an tráigh
Nuair chualaidh siad cainnt ar phlannda deas an tSléibh'
Bháin.



Ceithre lá déag a chaith mé ar an tsliabh,
Ag síor-innsin sgéal do bhéilín ainnir na gciabh,
Mo bhéal le n-a béal is mo ghéaga thairsti aniar,
'S bhí mé dhá bréagadh nó gur ealuigh tharm an ghrian.



'Sé mo léan géar gan mise 'mo lachóigín ban,
Bhéarfainn léim as aer i mbéal na tuinne údaigh thall,
Ag dúil le Mac Dé is go réidhteóchadh Muire mo chás,
Is go sínfinn mo thaobh le péarla deas an chúil bháin.
A chuisle 's a stóir ná pós thusa an sean-dhuine liath,
Acht pós an fear óg mara mairidh sé dhuit acht an
bhliadhain,
Tá mé bog óg is fós níor tháinig mo chiall,
Acht tá tuilleadh is lán báid de mhnáibh beag deasa 'mo
dhiaidh.


L. 50


Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Antoine Sírín, teach
na mbocht, Béal an Mhuirthid. Tá Antoine ina thoghadh
sgéalaidhe agus abhránaidhe.



BINN ÉADAIN.



Is truagh gan mé 'm'iasgaire 's mé 'mo chomhnaidhe ag
Binn Éadain,
Is Neileóg a bheith ina bradán i gceart lár Loch' Éirne,
Bainfinn díom mo chóta 's snámhfainn in mo léine,
Nó go gceapainn in mo líontán í grianán ban Éireann.



'Sé mo léan gan mé 'mo ghiúistís's mo chúl le mo námhaid,
Baile cuain bheith sa bhFrainnc agam 's cead mo long a
chur thar sáile,
Cúig míle punta 's bíodh le roinn ins gach láimh liom,
Badh í Neileóg mo rogha-ghrádh is thoghfainn thar mhná í.



Is truagh gan é an oidhche is é bheith chomh cíor-dhubh le mo
hata,
Is Neileóg a bheith ina suidhe agam ina luighe nó ina seasamh,
Shílfeá gur gath gréine í bheadh ag gabháil taobh dhíom ar
na bealaighe,
Is go mba deise í ná Bhénus nuair d'éirigheadh sí ar maidin.



Níghfinn-se do léine 's ní as uisge donn portaigh,
Acht níghfinn í go glégeal as uisge geal locha,
Chuirfinn ar thriomughadh í ar dreisiúr na gréine,
Is d'fhágfainn 'do chodladh thú go dtogruightheá éirigh.



Sgríobhas síos é seo ó Antoine Sírín, teach na mbocht,
Béal an Mhuirthid,


L. 51


BRIGHID'ÍN PHÁDRAIG.



Ní'l barún tréan ná árd-fhlaith a dhearcfadh Brighid'ín
Phádraig
Nach dtiubharfadh searc a's grádh dhi thar mhnáibh deasa an tsaoghail,
A súile is glaise deallradh ná an drúcht ar maidin
samhraidh,
Is ciúin breágh deas é a gáire, 'sí is áilne ar bith méin.



Cia'r bh'iongnadh feara Fáil bheith claoidhte seal i ngrádh
léithi
Tráth chím an fhaoileann áluinn go sgannruigheann sí mé,
Is a cíocha cailce tarraingthe inar sgríobhfaidhe a
bprionnda páruis,
Is a píob mar eala ar lán-mhuir, is í básuigheann gach aon.



Do'n Ráth Árd tinn má théidheann tú ag dearcadh mná
na méara lag,
Brighid'ín deas na n-aol-chiabh ní baoghal duit-se an bás,
'Sí an mhúinte mhaiseach mhaordha na gciabh-fholt búclach,
péarlach,
Go dlúth ag teacht le chéile, 's a' claonadh ann a mbárr.



Is milse blas a béil tais ná mil ag sileadh as céir-bheach,
A Rí na bhFeart! gur éaluigh an sgéimh léithi thar mhnáibh,
A ríoghain deas a ghéar-shlad le do ghnaoi le do ghean gach
aon fhear,
Gur samhail duit-se réalt maidne ag éirghe gach lá.



Ó chruthughadh an domhain go dtí seo níor shiubhal ar an
talamh naomhtha,
A samhail siúd de mhnaoi ar bith i n-áilne is i gcáil.
Tá lasadh glan na gcaorchon ina leicne geala míne,
Is baladh cumhra an time ar phóigín mo ghrádh'.


L. 52


Mo chreach! gan mé 's an stuaire le n-a chéile ag
gluaiseacht
Faoi thuinn faoi choillte a's chuantaibh is gan ár
dtuairisg le fágháil.
B'fhearr liom ná ór na ríoghachta go mbéinn-se léithi sínte,
I n-uaigneas seal ós ísiol is ní thréigfinn í go bráthach.



Fuaras an t-abhrán seo ó mo charaid Dáithi Ua Ceal-
lacháin, Fearann an Choirce, Árann Mhór. Ní raibh aon
abhrán Gaedhilge níos clúiteamhla ná é i gCúige Chon-
nacht le linn ár n-aithreach agus ár n-aithreach mór.
Cumadh é faoi chailín spéireamhail a bhí ina comhnaidhe i
n-aice Béal Átha Thamhnais. Ní raíbh a macsamhail le
breághacht le fagháil i gcrích Fódla.



Pádraig Ua Feardhais, athair Bhríghde, bhí ar aonach
Each an Ghabhair. Tháinig triúr fear chuige ghá h-iarraidh.
Thug sé cuireadh dhóibh thídheacht chun a thighe ins an oidhche
nó go ndéanadh siad cleamhnas. Tháinigeadar. Nuair
chaith siad biadh agus deoch dubhairt sé leo nár fhéad
sé í thabhairt do'n triúr aca, acht an duine a b'fearr a
chumfadh ceathramha abhráin le n-a moladh go bhfuighfeadh
sé í. Rinne gach aon aca ceathramha. Fuair an fear a
rinne an cheathramha dheireannach í.



PÉARLA AN BHROLLAIGH BHÁIN,



Dá mbéidhinn-se amuigh san oidhche nó go mall ag ruagadh
caoirigh
Bhéidhinn-se i mo sgeich-dhídean ag Péarla an Bhrollaigh
Bháin.


L. 53


Ní bhfuil claidhe ná tom dhá dtéidhinn-se nach gcomhnuigh-
eann stór mo chroidhe ann,
Is gur ar bhrollach geal do léine ba mhian liom codladh fhagháil.



Gabhfaidh mé go Geansaidh is tréigfidh mé mo mhuinntir,
Sin ná ins an arm gallda an áit a chaith mé tús mo
shaoghail,
Ní thíocfaidh mé gan amhras nó go ngoirigheann an chuach sa tsamhradh,
Is béidh bean eile pósta ag mo stóirín atá in mo dhiaidh.



Is a Dhia nach mise atá sáruigh' is na bóltaidhe orm
fáisgthe
I ndiaidh mo ghrádh' geal nac bhfaca mé le bliadhain.
Ní fheicfidh mise aríst thú, fairíor! ní fheicfead ná a
choidhche,
Is go bhfuil saighead ó'n mbás ag dul thríom-sa nuair
smaoinighim ar mo ghrádh.



A Dhia nach bhfuil mise 'm'éinín nó 'm'fhéileacáinín
samhraidh,
Rachainn ar do thuairisg dhá dhorcha dhá mbeadh an oidhche.
Ní'l cnoc, ní'l gleann, is ní'l ísleán, 's ní'l móinín
drúcht na hoidhche ann,
Nach mbéidhinn-se do mo chaighleadh, is nach cladhaire mé chuaidh ann



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Shéamus Bairéad.



GEATAIDHE BHÉAL ÁTHA BUIDHE.



Dhá dtéidhinn-se anonn do'n Spáinn is a thidheacht abhaile
slán,
Do ghrádh-sa ní thiubhrainn ar aon mhnaoi,
A phéarla an bhrollaigh bháin ba dheise crobh dhá láimh,
Is do ghruaidh mar na caora caorthainn.


L. 54


Do leaca bhí gan smál ba ghile ná an eala ar an tuinn
's í snámh,
Is ná sneachta bheadh dhá chárnadh ar shléibhtibh.
'Sé mo léan, mo chreach is mo chrádh gan mé is tú ag éirghe lá,
Faoi choillte breághtha dlúith na h-Éireann.



A Pheigí bhán, a shiúr! ná ar chualaidh tú mar siúd,
Mar atá sí ag tnúth mo shéanadh,
Is gur ag cosaint di a cliú a chaill mé mo lúth,
Is mo chos deas bhí lúthmhar éadtrom.
Dar m'fhocal duit, a shiúr, má castar orm í,
Le hais na coilleadh nó i lúbán tsléibhe,
Acht an rún údaigh bhí fúinn cuirfead di-si i n-umhail,
Is ní peacadh dhomh-sa, ar ndóigh, a dhéanamh.



Nach ag geataidhe Bhéal Átha Buidhe a riune mé féin an
gníomh,
Ba mheasa liom ariamh ghá ndeárnas,
Ag suidhe dhúinne síos nó go leigimist ár sgíth,
'Seadh d'éaluigh sí uaim ina maighdin.
Dhearc mé uaim ó dheas is ó thuaidh,
Is ní fhaca mé acht an chluan-fhásach,
Do ghul mé go cruaidh is tharraing mé mo ghruag,
Is 's é dubhairt gach fear go mba thruagh bocht m'ádhbhar.



Ná tuig is ná síl go meallfá mé le maoin,
Ná le antoisctheacht an tsaoghail bhréagaigh,
Is go bhfuil a sáir-fhios ag do chroidhe go dtáinig sé do m'aois,
Gan m'aimhreas a dhéanamh ar aon nós.
Nár bh'fhearr liom-sa a bheith 'mo luighe bliadhain fhada is mí,
Ar leabaid chaoil chruaidh gan éanneach,
Ná do leanbh a bheith ar mo chích nó in m'asgaill ins an oidhche,
Is tusa bheith ag do mhian ghá bréagadh.


L. 55


A chuisle is a stóir, is a réalt thríd an gceo,
A dtug mo chroidhe istigh mórán spéis' duit.
Is gur ag coillte na gcnódhach a gheall tú a bheith romham,
Nó go gcuirimíd ár gcomhairle i n-éinfheacht.
Tuig a mhíle stéir nach bhfuil sé ins an domhan mór,
Peacadh amháin níos mó a dhéanamh,
Ná maighdean deas óg a mhealladh le do phóig,
Is a fágáil faoi bhrón ina dhiaidh sin.



Buachaill óg agus cailín bhí ina suidhe síos ag cois
bhalla claidhe ag geataidhe Bhéal Átha Buidhe ag comhrádh.
Chonnaic siad duine ag tídheacht ortha an bealach. Léim
seisean isteach thar an mballa air fhaitchíos go ndéar-
faidhe tadaidh léithi-si mar gheall air, agus briseadh a
chos, agus ní phósfadh sise annsin é.



IS GAIRID Ó RINNE MÉ AN PÓSADH,



Táinig mé isteach go tígh an ósda,
Is d'fhiafruigh an óig-bhean díom,
"Cá fhad ó rinne tú an pósadh,
Nó an airigheann tú an óige dhá claoidheadh?"
Is gearr ó rinne mé an pósadh,
Is airighim go mór é dul thríom,
'S an t-é nach ndeárna go fóil é,
Is aige atá spórt an tsaoghail.



Caiptín mise bhí i nÉirinn,
Is chaith mé mo théarma ar luing.
Bhaininn sgil as na spéartha,
Is chomhairinn na réalta liom.


L. 56


Dheamhan bean óg ar an tsaoghal seo,
A shínfeadh a taobh gheal liom,
Nach rachainn anonn go Jamacia di,
I gcoinne lucht tae agus rum,



A gcluin sibh mise a mhná óga?
Déanaigidh an pósadh i n-am,
Ní fhásann na duilleabhar faoi dhó.
Nó go dtuitidh siad anuas as an gcrann.
Is cosmhail é le lá fóghmhair,
Nó long a bheadh ag seoladh cam,
Mara bhfághadh sí go tobann píolótaidhe,
Bheadh brat faoi dhó ins an gcrann.



Gabhfad go h-Iarros thart siar,
Ins an áit a mblightear go fial na ba,
Bíonn báid is luingis ag iasgaireacht ann,
Is muintir an taobh ó dheas.
Béidh againn féar fada is fásach,
Coiníní buidhe is glas',
Sin is 'chuile rud dhá ndéanfamuid ann,
Is cead rinnc' ar gach taoibh de'n teach.



Ní bhainfidh mé an fhéasóg seo dhíom
Nó go bhfásaidh sí míle ar fad,
Déanfaidh mé cuilt de mo bhríste
A mhairfeas le saoghal na bhfear;
Imtheochaidh mé liom faoi'n tír,
Mar imthigheanns an chaora ghlas,
Is mara bhfághaidh mé bean ar an gcaoi sin,
Acht tréigfidh mé an saoghal ar fad.



Caiptín soithigh bhíodh ag tabhairt luchta ó'n Spáinn go
h-Iarros, Sgríobhas síos é ó Phádraig Breathnach, Béal
an Mhuirthid.


L. 57


SEAGHÁN Ó MANGÁIN.



A Sheagháin Uí Mhangáin 'sé fáth mo thuirse 's mo chrádh go
deo,
Tráigh an Eangaigh a bheith ar m'amharc 's gan mé ghá comhair'
Is ann a gheobhainn an óig-bhean ar maidin i ndéis a
cuid bó,
Ceol ag meachan is brat meala ann go béal bróg.



Céad slán do'n Mhódham 's do'n áit ba dheise bhí shiar,
Is go béal na Beárnan a n-árduighinn orm an cliabh.
Tá an seabhac ina aonraic go buadhartha in mo dhiaidh,
Is ní'l cuach sa gcoill nach sílim go gcaillfidh a gciall,



Tá an lá seo rithte is ní thiocfaidh aon bhád aniar,
Tá mo ghrádh-sa ag imtheacht nó go dtugaidh sé walk do'n
Chaoil,
Tá na gárthaighil bruithte ag fir 's ag mná 'mo dhiaidh,
Faoi thrácht ar Iarros nár fhanad go sámh mar bhím.



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Phádraig Breathnach.



CONNDAE MHUIGHEÓ.



Tá cúig píghinn déag amuigh agam i gConndae Mhuigheó,
Ní rachaidh mé ghá n-éileamh a choidhche ná go deo,
Ar fhaitchíos go mbéarfaidhe shiar orm 's go gcuirfidhe an
ruaig aniar orm,
Is go mbuailfidhe luach na bhfiach orm i gConndae Muigheó,
Liostáil mé le seárgant mar bhí mé bog óg,
Chuaidh mé leis thar sáile, mo chreach is mo bhrón,


L. 58


Fuair mé gunna seairdeáilte, claidheamh buidhe 's lann ann,
Is nach sílim gur fearr sin ná bheith i gConndae Mhuigheó.



Tá dúil agam ins an imirt is dhá dhúil ins an ól,
Ins an áit a mbíonn na cailíní ba mhian liom a bheith leo
Tá dhá réag is fiche aca ann, Malaidhe Bhán is Siosala,
Is níor dóichide an t-ádh bheith uilig ortha ná lom an mhío-
ádh' mhóir.



Má théidheann tú go Connachtaibh tabhair mo bheannacht
do'n Aill Mhóir,
Is aithris do mo mhuinntir nach mbéidh mé mí beo,
Gur b'é síor-imirt na gcárdaí 's an dligheadh seo bhí ró-
láidir,
Is gur i Santí Cill a fágfaidhear mo chnámha faoi'n bhfód.



Go dtigidh Cnoc na Cruaiche ar cuairt go h-Abhainn Mhóir,
Acaill go Dubh Luachar ag buachailleacht na mbó;
Go bhfásaidh Gleann na n-Inntrí faoi ubhla cumhra
geimhridh,
Gur mar seo bhéas mé ag cuimhniughadh ort, a Chonndae Mhuigheó.



Is nach ar thaoibh seo Pady Luinsgí bhím-se ag déanamh
brón
Ag osgnaighil gach aon oidhche 'sgo síorraidhe ag sileadh deor,
Anois ó dalladh m'intinn is mé i bhfad ó mo mhuinntir,
Acht dar m'fhírinne is lághach a chaoinfidh mé Conndae
Mhuigheó.



Nach ar thaoibh na Ceathramhna Caoile bhíonns an siams is
an spórt.
Tá coiligh 's cearca fraoich ann go síorraidhe ag seinnm cheoil,
Tá sméara dubha ar chraoibh ann, 's tá ubhla cumhra
buidhe ann,
Is tá géinineach bó is laogh ann tídheacht Fhéile Muire Mór,



Fuaras an t-abhran seo ó Shéamus Bairéad.


L. 59


AN CAILÍN DEAS ÓG.



Cailín deas óg a bhfuil mé ar a tóir,
Mo chreach mhaidne bhrón ní castar liom í.
Tráth théighim go tigh an óil an damhsa nó an spóirt,
Acht leanfadh sa ród mé ar uair an mheadhoin oidhche.



Mar is tusa an fear cóir, a shiubhlas go leor,
Fáigh dhom-sa seód a bhéas agam mar mhnaoi.
Ná sanntuigh go deo maoin caorach ná bó,
Acht innseóchaidh mé nós ag a dtoghfaidh tú í.



Bíodh sí lághach óg gan mhairg gan ghruaim,
Stuamdha go leor ar gach uile shórt nidh,
Tuigsineach ró-dheas gan an iomarca bróid,
Siúd í mo stóirín dá mbeadh sí gan píghinn,



Dhá mbéinn-se chomh claon is go n-éalóchainn le mnaoi
Nach é sin an nidh a rachadh a gó is áird,
Ní bheadh eadrainn choidhche acht troid agus bruighean,
Is gan cion aici ar nidh dhá nglacfadh mo lámh.



Dhá chiúin iad na mná tá an anachain ionnta,
Ní féidir le fáidh ná le file a chur síos,
'Sé rachadh dhá ngrádh choidhche in mo lár,
Ó thoisigheann sé a' trághadh nó go bhfillfeadh sé aríst.



Sgríobhas an t-abhrán seo ó Phádraig Ó Carra atá ina
chomhnaidhe ar an bPollach, i n-Acaill. Tá fonn binn
croidheamhail leis, agus is é Pádhraig atá i n-ann é sin
a chur leis go deas.


L. 60


CAOINEADH NA BAINTREABHAIGHE.



Bhí beirt mhac agam bhí múinte tóigthe,
Ba ghearr ba lón dom iad, fairíor géar,
D'fhágaidh siad a ndeirbhshiúr gach oidhche Dhomhnaigh
Ag déanamh bróin is gan cainnt ar ghléas,
Níor chuir mé suim ar bith ins an bhfear a b'óige,
Gidh go mba lághach an leoghan le mealladh é,
Acht an fear is sine 'sé chráidh go deo mé,
Is ní buan beo mé le cumha ina dhiaidh.



Nach mac gan cumann thú dar liom le máthair,
Nach dtiocfadh ar cuairt chugam de ló ná d'oidhche,
A chaith trí ráithe gan spás ga d'iomchair,
Is chuaidh i gcontabhairt leat go oidhche an bháis.
Iarraim ar Mhuire go raibh Dia gha do chumhdach
Le fortún cumhachtamhail fhagháil ó Righ na nGrást',
Is go seolaidh Sé abhaile chugam thú slán gan contabhairt
Mar is mór é mo chumha i n-éis mo mhaicín bháin.



Dhá bhfanthá sa mbaile ag do mháthair,
Gheabhadh sí bean is árus duit sa mbaile aici féin,
Ar ghualainn liostáil ins an arm gallda,
Is gan dhá bhárr agat acht biadh do bhéil.
Ní hé sin a mharbhuigh mé ná chráidh go deo mé,
Acht mar rinne mé an pósadh seo ar ais fairíor,
A bhain mo chlann díom bhí múinte tóigthe
Is muirighin mhór orm is mé lag ina ndiaidh.



Mo Pheadairín cumhra thú bhí múinte tóigthe,
A d'imthigh ar chunntar a bheith nídh b'fhearr,
A raibh gnaoi na gcomhursan ort ó bhí tú i n-eolas,
Is nár mhaith an foghainteóir thú amuigh le Seaghán.


L. 61


Chuir mé sgoil romhat is mórán múinte,
Do réir mo chumhachta nó go mór nidh b'fhearr,
Is nach beag a ghoilleanns ort mo gharla dubh-chroidheach
Cébí cuan a mbíonn tú ann nó ceárd.



Is beag atá a fhios aige leath mo dhóláis,
Ná an tuirse mhór atá ar mo chroidhe.
Chuaidh mé chun tinnis is chaill mé bó leis,
Is ní'l luach na cónra agam ar deireadh shiar.
Nuair bhíonns mná an bhaile seo is a gclann le chéile
Caillim mo radharc is meabhar mo chinn.
Tá deireadh mo charthannais is mo chomhrádh déanta,
Is ní labhróchad éan smid nó go dtéidh{idh} mé i gcill.



Baintreabhach a thóg beirt mhac. D'imthigheadar ar
bhórd soithigh uirthi, agus níor chuireadar éan sgéal chuici.
Phós sí ath-uair, agus nuair bhí sí lom bocht, follamh,
ghlac sí briseadh croidhe agus cumha mhór ina ndiaidh.



Sgríobhas síos an t-abhrán ó Phádhraig Breathnach.



BEAN DUBH Ó'N tSLIABH.



A mhúirnín faoi dhúthracht, 's a phlúir na mban deas dar
liom,
Má leig mé mo rún leat b'olc a b'fhiú thú mar atá a fhios agam féin,
Dhá bpósainn thú bheadh triúr eile ag reatha in mo dhiaidh,
Is dá dtéidheadh do mhuinntir le cúthach dar an leabhar 's
tú grádh geal mo chléibh.
Déanfad teach mór ar teórainn an bhaile údaigh thiar,
An áit a bhfeicfead mo stóirín tráthnóna 's ar maidin
ag triall,


L. 62


A ghruaidh dhearg mar an rósa is tú bhreóidh 's mharbhuigh
mo chiall,
Is ní bhéidh mé mí beo má phósann tú an Bhean Dubh ó'n
tSliabh.



Chugaidh Seaghán Bán an pláinéid donn daithte ó'n
tSliabh,
Is gurab é dubhairt na mná leis go mb'áilne é ná an ghealach 's ná an ghrian,
Deamhan áilne ná breághacht dá raibh i n-aon fhear ariamh
Nach bhfuil roinn de in mo ghrádh-sa, 's tá a mháithrín trom
tuirseach ina dhiaidh.



Tá siad dhá rádh liom go bhfuil dhá shearc agam féin,
Is go deimhin má tá acht ní feáirrde duine aca é.
Throsgfainn naoi lá naoi dtráth gan aon bhiadh
Acht a bheith ar leabaidh le cúilín áluinn 's mo dhá láimh
thairsti aniar.



Ní ag buachailleacht bó ar ndóigh chaith mé mo shaoghal
Acht ag imirt is ag ól le mná óga deasa thart siar
Ó bhí mé bog óg, ar ndóighthe nach dtáinig mo chiall,
Níor lugha liom do phóigín ná an bhróg atá ar caitheamh
le bliadhain.



Is iomdha áit fhánach a ndeárna mé caoin-chomhrádh léithi,
Cois chlaidhe is fáil is lár an mhachaire réidh,
'Sé oineach a gáiridhe thárlaidh san eangaigh seo mé,
Mo chúig céad míle slán do'n dá láimh bhí tharm 's nach
mbéidh.



A ghiolla gan smúid nach múchadh an solas de'n ngréin,
A shiubhladh an drúcht ní bhrúighfeá aon ribe de'n fhéar,
Mise bheith 'do pháirt-se, a ghrádh níor mhisde liom é.
Dhá dtéidheadh do mhuinntir le cúthach dar an leabhar is
tú grádh geal mo chléibh.


L. 63


Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Mháire Ní Fhalamhain,
Dubh Niobhar, Acaill, bean a bhainfeadh tuirse agus brón
de dhuine le binneas a gotha ag gabháil abhráin.



SADHBH NÍ MHUINÍDHLE.



Nach i mbaile Inis Géidhe atá an chaer gan urchóid,
Is gur chruthuigh Mac Dé í le sgéimh 's le na maitheasaí,
A Shadhbh, is a Shadhbh, is a Shadhbh Ní Mhuinidhle,
Gluais thusa liom-sa éaluigh is imthigh liom.



Ní caiptín 's ní máta mé is ní máirnéalach luinge mé,
Tá posta maith árd agam, tá mé 'mo bhuitléír,
A Shadhbh, is a Shadhbh, 's a Shadhb Ní Mhuinídhle,
Mo chuisle is mo stór thú gluais is imthigh liom.



Is nach é Mac 'Liam 'ic Taidhg an laogh gan urchóid,
D'íosfadh sé rís is greamanna muic-fheola,
A Shadhbh 's a Shadhbh, is a Shadhbh Ní Mhuinídhle,
Mo chuid go deo deo thú éaluigh is imthigh liom.



Nuair thigeas an lá breágh 's an ghaoth ó'n bhfairrge,
Bhéarfaidh mé Sadhbh liom go Céibh na Gaillimhe,
A Shadhbh 's a Shadhbh, is a Shadhbh Ní Mhuinídhle,
Gléas thú féin suas nó go dtéighidh tú go Gaillimh liom.



'Sé n-iarrfainn de spré le Saidhbh Ní Mhuinídhle,
Baile Inis Géidhe 's cead rinnc' ar na coiníní,
A Shadhbh 's a Shadhbh, is a Shadhbh Ní Mhuinídhle,
A chuisle 's a stóir thú éaluigh is imthigh liom.


L. 64


Bhí mé i mBaile Inis Géidhe 's chonnaic mé an spéir-
bhean chumasach,
Bhí sean-chóta donn uirthi gan cabhail gan muinchille,
A Shadhbh 's a Shadhbh, is a Sadhbh Ní Mhuinídhle,
A chuisle 's a stóir thú triall is imthigh liom.



Dhá ngluaistheá-sa liom-sa go Céibh na Gaillimhe,
Bheadh rud in do phóca go deo nach sgarfadh leat,
A Shadhbh 's a Shadhbh, is a Shadhbh Ní Mhuinídhle,
A chuisle 's a stóir thú éaluigh is imthigh liom.



Dhá ngeallthá-sa dhom-sa go dtiocfá go Gaillimh liom,
Thóigfinn mo sheol is thiocfainn d'aircis,
Ní baoghal duit go gcuirfinn aon fhearg ort,
Acht bheadh beatha mná uaisle agat go dtéightheá sa talamh
uaim.



Sadhbh Ní Mhaonacháin bhí mar ainm ar Shaidhbh Ní
Mhuinídhle, acht an uair a rinneadh an t-abhrán, Sadhbh Ní
Mhuinídhle ba deise thigeadh leis an abhrán. Timcheall
trí fichid bliadhain ó shoin bhí Sadhbh Ní Mhaonacháin ina
cailín óg deas, agus í ina comhnaidhe ar Oileán Inis
Géidhe. Bhí sí ag suiridheacht le máighistir báid mhóir as
Conndae na Gaillimhe, fear dár bh'ainm 'Liam Ó Bláth-
mhail. Níor phós sí é, acht phós sí Pilib Ó Raghallaigh ar
an oileán, is bhí siad annsin go dtáinig clann eatortha,
agus an uair a tháinig an sean-bhaitsiléar chun an
oileáin aríst bhí sé fiche bliadhain ar a laighead. Tháinig
sé isteach chuichi nuair chuaidh sé chun an oileáin, is bhí
fáilte mhór aici roimhe, agus d'iarr air suidhe síos.
D'fhreagair sé í, agus dubhairt go raibh sé ag teacht ag
iarraidh, agus dá bhfághadh sé a iarraidh go suidhfeadh sé.
Dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh a hinghine dhá mhac le
pósadh, agus dubhairt sí go bhfuighfeadh agus fáilte.


L. 65


Fuair, agus rinneadh an cleamhnas agus pósadh iad. Tá
clann cloinne a cloinne ag síolrughadh ar an oileán i
gcomhnaidhe. Sgríobhas an t-abhráu ó Shéamus Bairéad,
agus an bun-ughdar ó Phádraig Mac Gréil, Dúithch'
Ghuirt, Acaill. Tá fonn croidheamhail mear leis an
abhrán, Is fear de muinntir Dhomhnaill i n-Árainn do
chum é.



ABHRÁN AN PHICTIÚRA.



Ag triall ar m'aisdear dom i mí na Bealtaine,
Bhain seachrán fán dom mar gheall ar mhnaoi,
Bí an oidhche dorcha is é triall 'un báistighe,
Is bhí sé an tráth sin ar uair an naoi;
D'éirigh colg orm crith-eagla is sgannrughadh,
Ní nach nár dhom, gheit mo chroidhe,
Níor bh'fhada go bhfaca mé an fear is gan snáith' air,
Is a dhá láimh tarraingte ar chúl a chinn.



Nach é seo an dos orm i mbéal na beárnan,
Is níl mé dána le dul ar m'aghaidh,
Cídh gur chriothnuigh mé is gur mhéaduigh ar m'eagla,
Ba mhór an náire dhom is a fhilleadh uaidhe;
Smaoinigheas beart eile de chumhacht an Árd-Ríogh,
Is chuir mé cainnt air as ucht mo Dhia,
Cé bí spioraid thú nó tais do thárlaidh,
Mo leigean slán is gan a theacht níos sia.



Annsin do labhair sé go briathardha tláith liom,
Thóg tú an gárda nár chlis ariamh,
Cumhachta Flaitheas atá go síorraidhe láidir,
Is Rí na nGrás atá os ár gcionn,


L. 66


Mhéaduigh ar mo mhisneach is laghduigh ar m'eagla,
Bhí mé ag cainnt leis nó gur éirigh an ghrian,
Dheamhan nídh dhár cheastuigheas é nach dtug sé fáir orm,
Nó gur chuir mé i ndán é le bárr mo pheinn.



An tusa Jupiter ó chumhachta láidir,
A stiúras pláinéid an domhain faoi?
Nó an tú Neptin ó'n Mhuir Bháidhte,
A thógas bán-shruth le neart na gaoithe?
An tú Appolós a bhí i ndiaidh Ceasandra,
Ar shúil le faill fhagháil uirthi anois nó aríst?
An tú Plútó an prionnsa damnuighthe,
A rinne a áitiughadh i n-Ifreann shíos?



Ceist bheag eile dhom ort, an tú Aeolus
A líonas seolta is a phreabas gaoth?
Ísleóchad feasta dhuit anuas ó'n nglóir
Ar dhaoine ró-ghlic ó bhreith an tsaoghail.
An tú Hector an Tráighleas nó Aeneas
An dís a bhí crodha i n-am sgríos na Traoi?
An tú Cúculainn nó Goll Mac Móirne,
Nó an raibh tú comhairthe ar iath na bhFiann?



An tú Mag Ag nó Polyphemus?
Nó tabhair sgéala chugam anois gan mhoill;
Nó an tú Arson a léir, mar léightear,
Chuaidh i n-éigcéill i bhfad san gcoill?
An tú Hercules fuair buaidh ar Ghréagaibh
Le neart a ghéaga is le lúth a lainn'?
Nó an tú Cerberus an maistín craosach?
Cia'r chuir an ghéar-bhruid sin ar do dhruim?



Ní gog ná gag mé ná nídh de'n tsórt sin,
Tí go raibh mé crodha is d'ólainn fíon,


L. 67


Rugadh go dlisteanach do ghrand Signor,
An mac is óige leis a hoileadh ariamh;
Grian na dTurcach a rinne mé foghluim,
Is i ndiaidh mo stóirín atá mo thriall,
Is le cumhachta Neiptin is neart a eolais,
A stiúr mé cóstaí an Domhain Thiar.



An tú Mars a leagas gárdaí
Léir mar léigheas mo leabhrán grinn?
Nó an tú Bacchus a raibh an mheisge gnáthach air?
A mheallas mná is ólas fíon.
An tú Mercury a thriall ar Argus?
Nó sheinneas árd-ghuth ar chrúite caoin',
Nó Godsmith Vulcan bhí i ndiaidh na breághthachta?
Is ag dul i n-aimhreas ar an ngraithe ariamh.



Ag Righ na h-Áifrice rugadh an tseoidín.
Is í bhí beo aige de mhná an tsaoghail,
Dheamhan sin fear ar bith ins an domhan mór,
A gheabhadh le pósadh í acht mise an h-aon;
Is é is ainm baistidh dhí, "Bláth na h-Óige,"
Rosca ró-ghlan is a béilín binn.
Is fíor gur neach eicínt do ghoid mo stór uaim,
A d'imir ceo orm nó codladh draoidheacht'.



Micheál Mac Suibhne, an file, do chum an t-abhrán seo.
Nuair a bhí sé ag triall ar a bhaitsiléar ins an oidhche,
chuir a mháthair iallach ar an aos óg pictiúir Thurcaigh a
tháinig isteach ar chut water soithigh do chur roimhe i mbeár-
nain. Sgannruigh an pictiúir Thurcaigh chomh mór sin é
gur thóg sé a leabaidh nuair tháinig sé abhaile, is bhí sé
ag dul cun donacht ó lá go lá, nó go raibh sé i riocht
an tsagairt. Ar deireadh thiar d'innis a ghaolta dhó an


L. 68


cineál taidhbhse a bhí ann agus an cleas a d'imir siad air.
I ndiaidh tamaill d'éirigh sé as a leabaidh, agus nuair bhí
sé ar foghnamh aríst chum sé an t-abhrán. Ar oileán
Chliar iath thárlaidh sé.



ABHAINN MHÓR.



Céad slán duit a Abhainn Mhór,
'Sé mo bhrón gan mé anocht le do thaoibh,
Nach iomdha sin bóthar caol uaigneach,
Ag dul idir mé is í.
Nach ann a bheadh an spórt Dia Domhnaigh,
Is go mall tidheacht na hoidhche,
Bheadh gloineadh os cionn buird ann,
Is comhluadar geanamhail le suidhe.



Tá mo rúitíní gearrtha is ní áirighim,
Tá m'ioscada fann,
Ó shíor-árdughadh an mhála,
Leis an bpian atá 'mo dhruim,
Tá mé i bhfad ó mo cháirde,
Is ní'l áit agam a leigfinn mo sgíth,
Is ní'l ball ar bith slán díom nach bhfuil fágtha,
Nó fuagradh a bheith tinn.



Bhéarfaidh mé mo mhóide is dócha liom,
Nach mbrisfidh mé choidhche,
I gcomhluadar ban óg go deo,
Ní shuidhfidh mé síos,


L. 69


Is mé cráidheadh leo i dtús m'óige,
Mo chreach, fairíor,
Is gur b'iad cailíní Bhun an Bhóthair.
Mhúin an t-eolas dom amach go Tráighlí.



Tá mo chóta mór stróicthe ó Dhomhnach,
Go talamh liom síos,
Is an t-é chuirfeadh cóir air 'sé mo bhrón,
Tá sé i bhfad as mo lín,,
Ní'l aon fhear a phósfadh mo stór,
Is mé bheith ina dhiaidh,
Nach mbainfinn an tsrón de,
Nó ba mhór mhór a cháirde sa tír.



Nuair théidheanns an t-aos óg,
'Sé mo bhrón, amach ins an lá,
Méaduighim ar mo dhólás,
Is réabthar míle osna 'mo lár,
Nuair smuainighim ar mo mhíle stór,
Bhéarfadh ól dom is imirt ar chlár,
Go bhfuil sí ag fear eile pósta,
Is gur treoruidhe bocht mise atá le fán.



Bhí an file Séamus Cosgar, as Beannchor, Iarros, ag
siubhal thart le paca ag díol earraidh. Tháinig sé deir-
eannach air, is ní thiocfadh leis lóistín fhagháil i ngar do
Thráighlí. Shuidh sé síos i dteach is chum sé an t-abhrán
seo. Ní raibh moill air lóistín na hoidhche fhagháil as sin
amach. Tá an Abhainn Mhór ag rith le hais Chomhraic agus
Beannchoir i n-Iarros.


L. 70


SAIL ÓG RUADH.



I n-Oileán Éadaigh atá mo rún is mo chéad searc,
An bhean a leig mé léithi mo rún is mé óg,
Triúr ar aon-chiall ag gol ina diaidh-se,
Is bean a bhréagfainn mo léan faoi'n bhfód.
Tá mé tréith lag ní'l fáth dhá shéanadh,
Ní'l mé ar aon chor acht mar an ceo,
A stóir mo chléibh thú is tú d'fhág liom féin mé,
Do dhul sa gcré dhuit is tú 'do chailín óg.



I n-aois a sé déag 'seadh fuair mé féin í,
Ba deas an féirín í ag fear le fagháil,
Ba deas a méin, ba deise í féin,
A súil mar an réalt glas roimh an lá.
Mo ghrádh do bhéilín nár chum na bréaga,
Do bhrágha glégeal mar an sneachta ar aill,
Do dhá chích ghlégeal le do leanbh bhréagadh,
A stóir níor fhéad mé do thabhairt ó'n mbás.



Dhá bpósainn malóid de chaile ghránna,
Thóigfeadh go leor orm bheith ag gol ina diaidh,
Mar phós mé réalt de chailín bhreágh deas,
Is ina páistín fuair mé í.
B'fhearr liom go mór in mo dhiaidh san ród í,
Ag bleaghan mo bhó is ag réidhteach mo bhídh,
Ná saidhbhreas Sheoirse is fághaim-se d'ór buidhe,
Gur faoi na fóidí chodluigheas stór mo chroidhe.



Ní'l a fhios ag na daoine acht chomh brónach is bhím-se,
Nuair smuainighim ar mo Shail Óig Ruaidh,
Dhá mb'fhad' í an oidhche bhéidhinn sínte síos léithi,
Gur idir a dhá cích gheala bhíodh mo lámh.


L. 71


Bhfuil gar dhom smuaineamh go bhfuighidh mé aríst í,
I mbun mo thighe nó mo leanbh bán,
Fuil mo chroidhe istigh is bíodh liom de bhraonacha,
A Dhia cé'n t-iongnadh dhom bheith i ndiaidh mo stóir.



Bean phósta a thug an tsluaigh-sidhe leo. Casadh le
fear í ar an mbóthar tamall i n-a dhiaidh sin. Tug sé
abhaile í agus phós sé í. Bliadhain i n-a dhiaidh sin tháinig
an chéad fhear a bhí aici trasna uirthi féin agus an darna
fear a phós sí i dteach óil. D'aithin sé í. Chuaidh coiste
ortha agus righneadh amach do'n fhear deireannach í. Ní
rachadh sí leis an gcéad fhear.



Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Stiophán O Murcháin,
Inis Géidhe.



EOGHAN CÓIR.



Nach é seo an sgéal deacrach san tír seo,
Anacar croidhe is brón,
Ó fhágas tú Cnocán na líne,
Go dtéidhidh tú go dtí an Fál Mór,
A leitheid sgreadaidh nó caoineadh,
Níor chualaidh tú ariamh go fóill,
Cídh nach bhfuil againn ann iongnadh,
Ó cailleadh fairíor! Eoghan Cóir.



Tá Annraos Ó Gabháin ag caoineadh,
Is ní bhéidh Seaghán Ó Baoghail i bhfad beo,
Ó cailleadh a gcaraid san tír seo,
Is dubh atá a gcroidhe le brón,


L. 72


Ba soirbh ag tógbháil an chíos' é,
Is ba bheag aige mí nó dhó,
Nó go ndíoltaoi an bhó ar an aonach,
Nó an giota bhí ins an tseol.



Tá an haon is an seacht ina líne,
Ís an hocht a chur síos faoi dhó,
Ó ghlac seisean cead le n-a dhaoine,
Níor labhair sé gíog níos mó.
Tá sé i dtús is i ndeireadh na sgríbe,
Gur talamh is críoch gach beo,
Is chomh fhada 's mhairfeas muid beo ar an tsaoghal seo,
Ní misde dhúinn braon beag 'ól.



Tá grádh is cion ag gach aon air,
An sean duine críon is an t-óg,
Tá an saidhbhir is an daidhbhir i ngraoidh air,
Mar gheall ar a chroidhe maith mór,
Le saidhbhir is daidhbhir na tíre,
Do chaitheadh sé píosaí óir,
Is le duine bocht eile níor spíd leis
Buidéal de'n tsíbín 'ól.



Bréag atá siad-san a dhéanamh,
Níor cailleadh an fear croidhe go fóill,
Acht chuaidh sé ar cuairt chun a ghaolta,
Go bhfeiceadh sé an ríoghacht is mó.
Má thigeann sé ar ais chun an tsaoghail seo,
Ní thiománfaidh sé a choidhce aon bhó,
Acht cuirfimíd amach as an tír é,
Is an leanbh Ó Baoghail bhéas leo.



Bhí Eoghan Cóir ina bháille ag tighearna talmhan. Thár-
laidh go raibh tionónta ar an státa nach raibh an cíos
aige le n-íoc ar son a chuid talmhan. Thug Eoghan Cóir


L. 73


cuairt air oidhche áirid. Cuireadh fearadh na fíor-chaoin
fáilte roimhe i dteach an fheilméara. Chuir bean an tighe
síos sgiléad ar an teinidh, agus théith sí leamhnacht dó ar
dtús, agus rinne sí brochán bán dó. Fuair sé neart
le n-ithe is le n-ól ann. Bhíodar go han-chineálta dhó.
Bhí go maith is ní raibh go holc, nuair fuair Eoghan Cóir
ina gcodladh muinntir an tighe, sgaoil sé amach na bei-
thidhigh do bhí ceangailte shíos i n-éadan an tighe; thiomáin
sé leis iad i lár an mheadhoin oidhche, agus chuir sé ins
an bponta iad. Nuair chualaidh Riocard Bairéad an
beart do bhuail Eoghan Cóir ar mhuinntir an tighe bhí sé
le báinidhe, agus chum sé an t-abhrán seo faoi. 'Sé an
chaoi a cháineadh Riocard Bairéad duine - a mholadh.



SEOIRSE CONAMARA,



A Sheoirse ní féidir go bhfuil tú i n-Éirinn in do sheasamh,
Nuair nach gcuireann tú chugam sgéala go cia'n chuma
a bhfuil an baile,
Tá mé tinn tréith lag is mé i bpríosún le fada,
Is gur i n-Adragúla atá mo lóistín is mo chomhnaidhe le
bheith feasta.



Is nach fada mé 'mo chomhnaidhe faoi chóstaí Shliabh Acla?
Ins an áit nár bhaoghal dom an námhaid tráthnóna ná ar
maidin
Gur b'é comhairleacha mo mháighistir d'fhág mo pháistí faoi leathtrom,
Acht mo mhallacht go buan-chráidhte go bhfághaidh sé ar a
leabaidh.


L. 74


Tiocfaidh Conall abhaile i mbárach, 'sé an máighistir é
gan mhagadh,
Tá ór buidhe ar a chuid guailne, brat síoda is sróil ar a chuid eachraidhe,
Béidh sé ag baint teintreacha as na bóithre, allus ró-
dhubhach as na caiple,
Is mo phárdún leis ina phóca, is a Rígh an Domhnaígh cia'n mhaith sin?



Ar maidin Dia Domhnaigh 'siad na bóithre seo bhí dearg,
Bhí ceo ar na sléibhte is níor léir dhúinn an bealach,
Bhí lucht na mionnaidhe éithigh ar an green table le spalpadh.
Athrughadh aréir nach deas an féirín fuair Seoirse
Conamara?



Tabhair sgéala chuig mo mháithrín is ag Cáitlín Conamara,
Gur i ngreen Baile an Róba atá an rópa le mo chrochadh,
Tá mo shúil le Rígh na nGrást is leis na haingle cáird-
eamhla atá ins na flaithis,
Go mbéidh mé ins an oidhche imbárach ins an áit ar ghearr dhom teach m'athar.



Fear a crochadh go héagcórach i gCrois Mhaoilfhíona
mar gheall ar speireadh beithidhigh. Tháinig a phárdún, acht
bhí sé mall. Sgríobhas síos an t-abhrán ó Phádraig
Breathnach.



NANSAIDH TALLET.



I n-aimsir fearthanna sneachta is síne,
Is ann a bhí an caoineadh bocht is an gleo,
Ag Nansaidh Tallet ag gearradh na gaoithe,
Nuair nach raibh tuighe aici le haghaidh a cuid bó.
D'amharc sí síos ar an mBídigh is ar an Deirg,
Tháinig uirthi-se daoradh 's ba ghaolmhar le mire sin,


L. 75


Bhí Riocard beag sínte faoi dhídean na pluide aici,
Thug sí de'n teangaidh dhó ruiseadh nó dhó,



Ní raibh Séarlus Nais i n-aon ghábhadh ní ba chruaidhe,
Ná tuairisg a thíghe bhí thuas ar an árd,
Bhí súgán cochain casta ar a chluasa,
Is é is ainm gur buarach bhí thart ar a lár.
Cuireadh na madaidhe ann is d'fhóbair go stróicfidhe é,
Déarfaidhe gur sár-suipín a gléasfaidhe i dteach tór-
raimh é,
Cuireadh é i dtacs mar bheadh bacach ar bhóthar,
Is d'fhóbair nach mbainfeadh sé an siopa amach slán.



Tháinig Risteárd Ó Gácháin isteach ins an tráth sin,
Is chonnaic sé Seaghán Dubh faoi duibhthean 's faoi smúid,
D'fhiafruigh sé, "Ar fuaduigheadh do theach nó do cheardcha,
Nó ar tháinig an áirnéis abhaile ó'n tuaith?"
"Níor tháinig a bhráthair mhic Áille is a Mharcais,
A phlúir mhuinntir Ghácháin is árd-scoith na gCeabhtharcach,
Seo sé pighne bána is tabhair Diarmuid ó'n tsneachta
chugam,
Is déanfaidh mé i n-aisge dhuit tongs is lúb."



Bhí Risteárd Ó Gácháin ag gárthaighil is ag sgreadaighíl,
Go raibh a theach fuaduigh' is nár fágadh ar sop,
Bhí Brighid Ní Nuadhain sáruigh' is ní dheárna sí dadaidh,
Acht ag guidhe na n-Aspol is ag cragadh a h-ocht'.
"A 'Liam lean an áirnéis is gan mhoill tabhair ó'n
tuaith iad,
Déan deifir a Mhic Cháit, táim sásta munar plúchadh iad,
Anna cur do dhá láimh go láidir faoi'n gcúpla seo,
Tá mo chroidhe sgannruighthe go dtuitfidh sé anonn,"


L. 76


Tháinig Short is Gill isteach go teach Sheagháin,
Ní raibh éan fháilte aige roimh ceachtar de'n dís,
Le olcas an ratha chuaidh ar shaothar a chnámha,
Gan cleath, sop, ná ádhmad nár imthigh le gaoith,
"Is iomdha lá chaith mé ag baint clocha is fóidí,
Is go n-árduighidh an mac mallachtan sibh-se ins na
seoltaibh leis,
Is mise mara leagaidh mé an talamh is an gabhaltas díom,
Is gabhfaidh mé 'mo chomhnaidhe go Cill Mágh Mhídhe,"



D'éirigh Neilí go garbh is go fíochmhar,
"Ná cuirigidh iongantas i bhfearthainn ná i ngaoith,
I ropadh i bhfeannadh ná sórt ar bith síne,
Ó thárla Freemasons fágháil ionad ins an tír.
Imthigidh ar siubhal ar choimrighe na tubaiste,
'Sé an riabhach 's an deamhan táim lán-chinnte chas
chugainn iad,
Ár gcuid uilc is mío-rún ina gcúl is ina gclapaití,
Dá mbéidhmís gan dimití i gcaitheamh an tsaoghail."



Shíl Seaghán Ó h-Ógáin go ndéanfadh sé órtha,
Chuirfeadh an ghaoth mhór is an fhearthainn ar gcúl,
Nuair tháinig an ghairbh-shíon is d'árduigh an feóchan,
Stop sé de'n devotion is d'éirigh dhá ghlún'.
Nuair chualaidh sé an gíogairseach a bhí ag na creatacha,
Le fóirneart na gaoithe ag sníomadh gach rata aca,
Labhair go caoimheamhail le caomhthach a leabtha,
"Tabhair thusa leat Éamonn is téannam chun siubhail."



Riocard Bairéad chum an t-abhrán seo faoi oidhche
gaoithe móire tháinig. Nansaidh Tallet bhí ar a mhnaoi mar
ainm. Sgríobhas síos é ó h-Annraoi Bairéad atá ina
chomhnaidhe ar an tSraith, Gleann Chaisil,


L. 77


AN T-ÓGÁNACH.



Bliadhain ins an oidhche aréir 'seadh réab na capaill an
fál,
'Sé mo léan géar nach mé bhí ag faire na mná,
Chrap sí a cuid éadaigh 's leig sí a faluing ar lár,
Is scoith sí Loch Éirne de'n léim sin gan coite ann ná
bád.



A chuisle is a stóir ná pós an sean dhuine liath,
Achtpós an fear óg go deo mara mairidh sé acht bliadhain.
Níl sé ins an Raing Óirc seod ar bith is deise ná thú,
Acht a ghruaidh dhearg mar bheith an rósa seo póg is teannam
chun siubhail.
A ógánaigh óig ní ádhbhar ball magaidh dhuit mé,
Is gan agat le rádh liom acht amháin go bhfuil mé gan spré.
Ní thusa mo ghrádh mo chrádh má's misde liom é,
Is má tá mé bog óg is eol liom codladh liom féin.



Tá mé 'mo shuidhe ó d'éirigh an ghealach aréir,
Ag cur teineadh síos is aríst dhá fadóghadh liom féin,
Tá lánamhain an tighe ina luighe ar leabaidh chlumhach éan,
Is tá na coiligh ag glaodhach is an tír ina gcodladh acht mé.



Fuaras an t-abhrán seo ó Antoine Sírín, teach na
mbocht, Béal an Mhuirthid.



DÚN DOMHNAILL.



An t-ochtmhadh lá dh'earrach bhí an bhás ag tidheacht i n-aice
liom,
Theann mé leis an gCarnach go leiginn ann mo sgíth,


L. 78


Dhá mbéidhinn-se shiar thar Ghearradh nó láimh le Liam
Ó Caramhnaigh,
Is mé bheadh lúthmhar aigeantach ó d'fhágfainn-se taech Néill,
Tharraingeóchainn ar theach Sheagháin Bháin óir is aige
gheobhthaoi an gloine lán,
D'ólfainn sláinte Chaitlín le gradam faoi n-a comhair,
'Sé mo léan gan mé i nGleann Chaisil óir is ann a
bhéidhinn go macrasach,
Ceol, spórt, is aiteas ann le fagháil ó Shéamus Óg.



Ag tidheacht isteach thrí Bheannchor dhom bhí an band go
lághach ag seinnm ann,
Ag déanamh teinte cnámh le hullghárdas do'n chriúdh,
Gur dh'aoibhneas an tsaoghail a bheith ag éisteacht leo ag
acsarsadhs,
Gach comhluadar ag tarraingt ann, is mór uaisle Chúige Uladh;
Mar bhí mo ghnaoi ar Mhaorla fuair mé impidhe a chur
sa factory,
Ag fighe síoda is saitíní cadás is córdaráidh,
Go bhfuigheamar ar leath luach uaidh dyper agus an dimitee,
Rath maith go raibh ar cheannaidhthe ins an dún seo gheobh-
aidhfear sáith.



Idir dhá árdán shuas go hárd is cumhra is 's deas an
bláth,
Bíonn fasgadh ag an eallach ann is searrach ag an láir,
Gur i dtús is deireadh earraigh ghoireann an chuach gach
uile mhaidin,
Dhá mbeadh cúirt ag Major Jackson ann níor bhfada leis an lá.
Ní'l aon áit ó Loch Éirne ag céimidheact leis an mbaile
seo,
Tá ór ann go fairsing is airgead le roinn,


L. 79


Gur thimcheall ar bhun Néifin cídh gur tréamánta na
bealaighe iad,
Tá an sway leis an Dún Bán is gach áit ó bhárr an Chuim.



An bhean a bhí i Mágh Nuadhat i gCúige Mumhan is i
Sasana,
Macsamhail Gleann na Caistile ní fhacaidh acht Baile Luain,
M'fhocal díbh-se a ghaolta nach bréag a chanaim díbh,
Go bhfuil an sway ag Great Ó Conaill is é ag argúint
an Dúin;
Ní'l aon ghar ag cainnt anois mara bpeasálaidh an
Roman Bill,
Síothcháin a bheith eadrainn do Ghaill is do Ghaedhil,
Gur nuaidheacht leis na cailleacha i mbéidh joy ortha is
frolic,
Caiptín Meatas abheith ag tarraingt long tobac as Inis Géidhe.



Níor fhás sé aníos as cré ádhmad péine ná mahogany,
Nach bhfuighfidhe ar an Sgreadaidh is crann le cur ar
luing,
Gur dh'aoibhneas an tsaoghail uilig a léir a bheith i n-aice leis,
Ceolta na meachan ag déanamh árus ins gach tom;
A Dhia is a Mhuire ná bhfuil sé i gCúige Chonnacht,
Áit ar bith is deise ná é anall ó'n Oileán Úr,
Go dtigidh athrughadh ar an bpláinéid is sláinte a bheith
i n-aice leis,
Is baladh ó na hubhla ins an dún ar bhoilg lae.



Nuair bhí mé in mo Tide waiter le Ceithearnaigh go
h-Albain,
Ag imtheacht chun gach station is mo season runnin' good,
An truagh libh mé bheith i ngéibheann nó na léigí amach sa
bhfairrge,
O thigeadh orainn gairbh-shíon go n-athruigheadh aríst, comhair;


L. 80


Casadh dhomh-sa Brógán ar chóstaí Ameriocá,
As Iarros thú a stócaigh nó an bhfuil eolas agat ann?
Is fada mé ar do thuairisg ins gach baile cuain dhá
ndeachaidh tú,
Is caithfimíd an fóghmhar seo i nDún Domhnaill le greann.



Éamonn óg 'ac Aindriú, gan aimhreas ní maith liom é,
Nár cheangail tú do chleamhnas i dTír Amhalghaidh le do
mhian,
Ní ar son thú féin bheith sa láthair do b'fhearr thú ná
Lord Wellington,
Is lághach a chraiththí lámh leat i bpárlús Mr. Knox;
Ó aimsir Ríogh Séamus ní raibh léigheadh ar bith ar an
tseanchus,
Chuaidh a ainm chun na Frainnce le grand is le respect,
Gur ar sheisiún Bhaile an Róba béidh sé i gcóiste leis
an mbarrister,
Nach lághach an chlú dhá mháthair é is dha náisiún - Máighistir Ned.



Taobh ó thuaidh i lag an tSuaibhnis i nGleann Dorcha,
Tá féar ann go huaibhreach, luachair is cíob,
Séard dubhairt an t-oighre Palmer, is truagh gan mé i
seilg leat,
Is ann a gheobhfaidhe an sionnach an broc is an fiadh;
Séard dubhairt sé, "I declare," léir mar bhreathnuigh mé,
Go dtiubhradh sé leath a bhfaca sé is ar thacar sé ariamh,
Dhá bhfághadh sé ar léas é i mbun réasúin nó margaidh,
Go mba geall le bheith i bParrthas dhá mbeith árus
againn ann.



Riocard Bairéad do chum an t-abhrán seo faoi Dhún
Domhnaill i n-Iarros. Sgríobhas síos é ó Pheadar
Bairéad, taobh thall de'n Fheirsid, Béal an Mhuirthid.


L. 81


SÉAMUS Ó MURCHADHA.



Ar maidin Lá Fhéile Pádraig,
An chéad lá de'n tseisiún,
Ba chruaidh fuar an lá é,
Is níor chruaidhe é ná an chinneamhaint,
Bhí na mionnaidhe ag tídheacht anuas orm,
Is go leór le n-a gcruthughadh,
Is gur b'é dubhairt ceannphort na ndaoine mór,
Nach raibh m'fhuasgailt ag na breithimh.



Mo léan nach é an cogadh é,
Is a thoiseach ag dul i gcampaidhe,
Is Séamus Ó Murchadha a bheith
Ar thoiseach na bhfear láidir,
'Sé nach dtiubharfadh ómós
Do Ghaill ná do Ghaedhil mhaith',
Acht fágfar ar an áit é,
Is dheamhan fagháil go Lá an tSléibhe.



Tá a fhios ag Dia dílis,
Is ag Rígh geal na bhFlaitheas,
Go raibh mé chomh spóirteamhail
Le buachaill a gheobhthá i mbaile,
Le damhsa is le pléisiúr.
Is cead léimneach ar thalta,
Acht anois thárlaidh liom féin mé,
Dia go bhfóiridh Sé ar m'anam.



Nach thíos i nGleann Chuilinn
Atá an caile buidhe gránna,
A bhfuil leithneacht croidhe do bhoise
De chnoc i lár a héadain;


L. 82


Ní labhróchadh sí focal,
Mura gcanainn di Béarla,
Acht grádh mo chroidhe an bhean dubh
Atá i nGleanntán an tSléibhe.



'Sé mo léan nach bhfuil mé i mBraochóig,
Nó i gcluid eicínt d'Éirinn,
Nó i mbaile cois chuain ins an áit
A sgrúdfainn na céadta,
Nó 'mo dhosán chríon reathnaigh,
Ar éadan na gréine,
A Pheigín deas Ní Mhurchadha,
Taraidh is tabhair saor mé.



A óig-bhean mhodhamhail
Má's tú d'orduigh an bás dom,
Bí 'triall chun mo thórraimh,
Is cóirigh os cionn cláir mé,
Má's roghan leat mo bheó-sa,
Nó mo mhór-shearc bheith i ngrádh leat,
Fill abhaile is glac comhairle,
Is béidh an t-óig-fhear ar láimh leat.



A bhuachaillíní-tsléibhe
'Sé an sgéal chuirim chugaibh,
Tigidh 'mo éileamh
An chéad lá de'n tseisiún,
Mo chónra fágaidh déanta
Ó Shéamus Ó Smoláin,
Go bhfhágaidh sí i mbárach mé
Ag mo ghaoltaibh i gCíll-Chumáin.



Ceathrar ban túirne tháinig 'un na háite,
Ag cur na humhlaidheacht i gcéill dam,


L. 83


Bhí mo ghrádh-sa ar a dtoiseach,
Gan tuirse ghá réidhteach;
Tabhair sgéal chuig mo mháithrín,
Atá le ráithe ar a leabaidh,
Go bhfuil an rópa caol cnáibe
Le dul i n-áit mo charabhata.



A chomhursanna dílse
Is é an sgéal a chuirim chugaibh,
Gan a bheith síor-shiubhal na hoidhche
Nó go ndéanfaidhear sibh cionntach,
Dá mbeadh sibh chomh cneasta
Leis na haingle atá i bhflaitheas,
Bheadh an bhean ruadh ar an ngreen table,
Is ag cur i nbhur n-aghaidh.



Is mór an fear an Loingseach,
Ní mó 'ná Mathghamhain,
Is dá mhéid a gcuid saidhbhris,
Ní thiubharfainn dóibh malairt,
Mar tá a fhios ag Dia dílis,
Go bhfuil mé neamh-chionntach,
Má's mé mharbhuigh an Píorla,
Flaitheas Dé nár fheicidh m'anam.



Fear a raibh na daoine móra i n'aghaidh. Chuireadar
bean suas le feall a imirt air. Phósfadh sé í, acht ní
phosfadh sise eisean, agus crochadh ins an éagcóir é.


L. 84


CÚL NA BEINN'.



Dhá mbéidhinn féin i Mám a' Gháir,
Dubhach is páipéar a bheith agam ann,
Ba deas a sgríobhfainn i ndubh is i mbán,
An moladh áluinn a bhí ar an ngleann;
Gurb'é n-iarrfainn d'impidhe ar Rígh na nGrásta,
Intleacht Hómair a bheith in mo cheann,
Is gur le n-a mhaitheas ba mhian liom trácht air,
Acht fairíor géar! go bhfuil m'intleacht fann.



'Sé dubhairt fear as Acaill liom' "Ná bíodh ort buaidh-
readh,"
Ná bí ag gol is ag éagcaoin i ndiaidh Cúl na Beinn'."
Bhéarfad bean duit is dhá chéad bó léithi,
Is acra móinfhéir i n-aghaidh gach cinn;
Bád is eangacha is bíom i n-éinfheacht.
Is beiream éadáil isteach ó'n tuinn,
Is sílim féin gur fearr an méid sin,
Ná bheith ag gol nó ag éagcaoin i ndiaidh Cúl na Beinn'."



Dhá dtiubharthá bean is dhá chéad bó dhom,
Acra móinfhéir i n-aghaidh gach cinn,
A bhfuil de bháid is d'eangacha ar feadh Chrích' Fódla,
Saidhbhreas Sheoirse is fághaim é cruinn;
B'fhearr liom acra de'n bhogach bháidhte,
Atá idir an Máimín is Innse an Draighin,
Cead rinnce le cailíní lá saoire is Domhnaigh,
Ag ceanntar na mbóithre úd Cúl na Beinn'."



Dá mbeadh a fhios ag na "Cruaidh-fhir" atá ar thaoibh
Ghleann' Néifin,
Go bhfuil mise in m'éanrachán is 'mo luighe go tinn,
Thiocfadh gan spás ar bith faoi mo dhéin-sa,
Le eachraidhe glégeal is cóiste cinn;


L. 85


Gléasfaidhe bainfheis fleadh 's féasta,
Siams' is pléisiúr is togha gach ceóil,
Bheadh dhá chéad fear aca ar meisge i n-éinfheacht,
Ag teach Tom Daly i gCúl na Beinn'.



Tá litir sgríobhtha agam anois faoi shéaladh,
A chuirfeas mé i mbárach go Cúl na Beinn',
Go b{h}fuil mé 'mo luighe le tuilleadh is ráithe,
Buadhartha cráidhte le tinneas cinn;
Acht mara bhfághaidh mé fóirithín ó Rígh na nGrásta,
Is bheith in mo shláinte aríst mar is cóir,
Gléastar tomba is cónra clár dhom,
Go síntear i mbárach mé ag bun Shléibh' Mhóir.



Tá na coillte dlúth ann ar thaoibh Ghleann Néifin,
Is na duilleabhar craebh-ghlas ag sileadh síos,
Tá an chuach 's an traghna ar bhárra na gcraobh ann,
Ag seinnm go h-éadtrom gach lá is oidhche;
Tá daoine uaisle ar bhárr an tsléibhe ann,
Ag déanamh éirligh ar chearca fraoich,
Tá an bradán bruinngheal ag tídheacht ó'n sáile ann,
Ag fearaibh Éireann le fagháil gan píghinn.



Tá an loch is sáimhe ann dá bhfuil i n-Éirinn,
Tá na báid ag éirghe air ó thuinn go tuinn.
Cá bhfuil an t-é do chleachtuigh é, is atá anois dhá thréigean?
Nach beag an t-iongnadh dhó a chroidhe a bheith tinn;
Acht má's é seo an cúrsa do gheall Dia dhom-sa,
Gur le méid mo chumhaidh do liath mo cheann,
Mo chúig chéad slán leat a Bhoth a' Dúin,
Is do na coillte dlúith údaigh Cúl na Beinn'.



Ní cháinfead Acaill tí gur mhaith liom fhágáil,
Ba mhaith an áit é ag strainséiridhe,


L. 86


Bhí biadh is leabaidh ann 's míle fáilte,
Is comhrádh geanamhail ann ag fear is ag mnaoi;
Acht mar an t-iasg a thigeas le nádúr,
I n-éis a dháta a chaitheamh ainuigh faoi'n tuinn,
'Sé fhearacht agam-sa é dhá bhfághainn ann pálás,
Go mbadh fhearr liom árus beag i gCúl na Beinn'.



An t-é shiubhal Sasana is páirt d'Eire,
Shiubhal sé an Ghréig is an Ghearmáin,
Chuaidh go h-Albain gur chaith sé téarma ann,
As sin do'n Fhrainnc is aríst do'n Spáinn;
Do righne sé seanchus dar liom nár bhréag é,
Gur shiubhal sé Éire faoi dhó gan roinn,
Is gurab é bhfaca sé de shiams' san méid sin,
Malaí Fhéidhlim bhí i gCúl na Beinn'.



Seo abhrán a bhfuil meas mór air i n-Acaill agus ar
fud Chonndae Muigheó. Chum Peadar Mac Shiúrtáin é
nuair bhí sé ar a theicheadh, cúig bliadhna agus trí fichid
ó shoin. Tá Cúl na Beinne (nó Coill na Binn, mar
deirtear ins an áit), seacht míle siar ó Chrois Mhaoil-
fhíona. Bhí coill dlúth ann an t-am údaigh. Deirtear
go dtiocfadh le duine siubhal ar na géagaibh ó chrann go
crann. Tá an Bheann ar thaoibh Chnuic Néifin, agus tá
teach Tom Daly le feiceáil ann go fóil. Rugadh an
Shiúrtánach ins an gceanntar. Fear tréan' tír-ghrádhach
bhí ann.



AN CAIPTÍN MÁILLEACH,



An chéad lá de mhí 's d'fhóghmhar do thóigeamar ár seolta,
Ag breathnughadh ar na cóstaí ag Tóin an Mhionnáin thiar,


L. 87


As sin suas go Cliar iath Acaill Bheag ina dhiaidh sin,
Inis Tuirc taobh thiar de mar bhí iarraidh orainn ann,
Suas le Rinn a' Mhaoile is anuas le Cró na Caoile,
Cloigeann le n-a taoibh sin 's Tráigh Bhrighde ina dhiaidh,
Gur dhóirteamar le fánaidh anuas thríd fhairrge cháithte,
Go dtáinigeamar chun na Ráithe mar is ann a bhí ár
dtriall.



Ar sgeinneadh dhúinn thar Árainn annsiúd a neartuigh an
gáladh,
Bhí cúrsaí istigh ár sáith againn, 's níor thráth dhá fhailliughadh é,
Chuaidh an oidhche chun feochain is as sin chun cuacha móra,
Thóigeamar ár seolta 's níor mhór dhúinn féin é.
Shéid an fhairrge 's phléasg sí ina madhma geala glégeal,
Chrith orainn an spéir le duibhthean is ceo.
Annsiúd a bhí na ceolta ag bluic is ag rópaí,
An Zephyr bhocht gur leonadh í ins na tonntracha bhí tréan.



Tráth theann mé uirthi an t-éadach chrith sí thrí n-a chéile,
A cuid ádhmaid bhí ag pléasgadh 's gach nidh dhá raibh os a
cionn,
Thoisigh sí ag lúbadh 's ag imtheacht mar bheadh cú ann,
Ag baint an amhairc as mo shúile 's níor léir liom mo
lámh.
An sneachta a dtuaidh dhá shéideadh go cruaidh isteach in
m'éadan,
An fhairrge bhí ag pléasgadh ins an spéir os mo chionn,
Trí dhul de rópa cnáibe bhí ar mo chum chaol fáisgthe,
Nach gar a chuaidh an bás dhom 's mé lag sáruighthe ina
cheann.



Bhí fuireann na luinge i n-éinfheacht ag breathnughadh
suas in m'éadan,
Ag iarraidh orm cabhair a dhéanamh gan aon mhaith dhóbhtha ann,


L. 88


Bhí lámhá bochta stróicthe ó shíor-tharraingt ar na rópaí,
Bhí an leathar 's an fheoil díobhtha tóigthe amach ó'n gcnámh,
'Sé dubhairt mé leobhtha ar aon chor go ndéanfainn
cabhair dhá bhféadfainn,
Acht iomchróchad uirthi an t-éadach an fhad 's féidir léithi snámh,
Má's é seo an bás gheall Mac Dé dhúinn, dheamhan cabhair
dhúinn ghá shéanadh,
Acht ólam sláinte a chéile má théidhmíd beo chun cuain.



Is mór an clú 's an t-ádh dhúinn ár gceann a thabhairt
chum láthair,
Gan againn acht ár námhaid ins gach áit dá raibh ár dtriall,



Bhí water guards ina ngárd, ann 's póilíos le n-a sála,
Revinue na háite ann 's gach dream' ghá ndeachaidh leo;
Bhí cutars bheag is mhór ann, bhí an beardín salach leobhtha,
Luingis Ríogh Seoirse 's iad sa' tóir orm go dian,
Mise Caiptín Máille fear maith de chineál Ghráinne,
A chuireadh amach a lucht go sásta is ná ráibh maith aca.



Caiptín Luinge bhí ann. Seoirse Ó Máille b'ainm dó.
Bhíodh sé ag tabhairt luchta isteach go Cliar iath agus
do'n iargcúil as an Spáinn i gan fhios do'n Ríoghaltas. Is
minic bhíodh an tóir air. Cuimhnighthear air i n-Acaill go
fóil. Bochtuigheadh é ar deireadh thiar. B'éigin dó dhul
isteach i dteach na mbocht i gCathair na Mart, is fuair
sé bás ann suim bliadhanta ó shoin. Fear beag teann,
lúthmhar, láidir, croidheamhail b'eadh é. Cum sé féin an
t-abhrán.


L. 89


RÓISE NÍ CHEAMAILL.



Guidhim féin ó'n gcroidhe ar maidin chiúin is gach oidhche,
An t-Athair agus Rí na nGrásta,
Sgreadamuid ar an laogh a cheannuigh sinn go daor,
Is d'fhulaing dhúinn ar chrann na Páise.
Muire Mhór 's Bríghid 's gach aspol is naomh,
Dhá bhfuair seilbh ins an ríoghacht neamhdha,
Le cruinneacht ban an tsaoghail a leigean chugainn ina suidhe,
Is biseach thabhairt díthe ina sláinte.



Thug mé grádh dhá béal ba bhinne é ná guth téad,
Do ghuidh mé Muire is í i bpéin an uair sin,
An darna grádh dhá taoibh ba gile é ná clumhach éan,
Is gach a bhfaca mé de'n aol buailte.
An tríomhadh grádh thug mé ní'l ó Fhlaitheas Dé,
Nídh ar bith a sgaoilfeadh, dar liom-sa,
Mara bhfághainn faill oidhche nó lae cead síneadh léithi,
Róise gheal tséimh inghean Annraoi.



I leabaidh imirt' is ól, aiteas is spórt,
Ní'l againn ann achth brón is éagcaoint,
Fanfamuid go fóil faoi thuirse is ag déanamh bróin,
A chuisle is a stóir nó go n-éirighidh.
Tá na boicht ag dul an ród gan misneach 's ag déanamh bróin,
Ag sileadh na ndeor is ag géar-ghul,
A bhfuil d'airgead 's d'ór is d'ionnmhus ar an domhan mhór,
A chuirfeas biseach, a thabhairt do Róise, bhéarfainn.



Ní'l siolladh as béal ná seinnm ar théad,
Ní'l cruinniughadh ann i n-aer ná i ndamhsa,
Tá na cailíní go léir uilig ag dul chun éaga,
Go hath-tuirseach i ndiaidh an cheannphuirt.


L. 90


Gach buacháill tapaidh tréan a chaitheadh an chloch sa' léim,
Ina sheanduine le méad a sgannruighthe,
Gan acht mar seo uilig a léir, acht mar gheall ar an méin,
Bhí ag Róise gheal tséimh inghean Annraoi.



Tá duibhthean ar an spéir, ar an ngealaigh, is ar an
ngréin,
Tá an fhairrge go léir ag gárthaighil,
Ní'l seamar ar bith féir ag fás aníos as cré,
Is tá imtheacht an tsaoghail athruighthe.
Tá éanlaith an aeir uilig ag dul chun éaga,
Gan focal ina mbéal acht mangar.
Is ó chruthuigh Ádhamh is Éabha is gurab aici bhí an cliu 's an sway
Róise gheal tséimh inghean Annraoi.



Riocard Bairéad, an file, do chum an t-abhrán seo
faoi Róise Ní Cheamaill nuair bhí 'sí tinn. Bhí sí ar na
mnáibh ba deise bhí le fághail, agus bhí méin deas aici
thar mhnaoi ar bith eile, agus bhí an file buadhartha fúithi.
Sgríobhas síos an t-abhrán seo ó Phádraig Breathnach,
Béal an Mhuirthid.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services