Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Donegal Irish. (Continued).

Title
Donegal Irish. (Continued).
Author(s)
Ward, John.C,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 94


IASGAIRE BHEAG BHEUL-ATH-SEANNAIGH.



Bhi sin ann mar is fad ó shoin a bhi iasgaire í m-
Beul-Ath-Seannaigh a rabh dha mhac deug aige. Tharla
go d-tainic tuile mhór ann abhainn na h-Eirne fá an
am sin, a sgoilt agus a reub agus a d'iomchar air
siubhal an chuid budh mhó de'n droichead a bhí trasna
air an abhainn eidir dhá cheann an bhaile. Go geárr 'nna
dhiaigh sin cuireadh amach go g-caithfidhe droichead úr a
dheanadh, agus mar bhí beirt de chuid mhic an iasgaire
'nna saoraibh cloiche, ghlac siad féin agus a g-cuid
dearbhraithreacha an droichead lé deanadh. Budh ghoirid
'nna dhiaigh sin gur thoisigh siad air an obair, acht an
mheid a chuireadh siad suas annsa lá bhídheadh sé air
lár air maidin. Nuair a bhí so aig dhul ann tosaigh
air feadh tamaill agus nac rabh sé aig eirighe leo an
droichead a chur suas, “mo dhóna agus mo dhúirne orm”
ars Domhnal, an fear a b'óige de na dearbhraithreacha
“go suidhfidh mise rioth na h-oidhche go bh-feicfidh me cia tá
leagadh an droichid.” Righne sé sin agus anonn go maith
san oidhche cad é chonnaic sé acht bean uasal, óg, aluin
aig teacht agus aig toisiughadh a chathadh sios na g-cloch
de'n droichead. Labhair Domhnal léithe agus d'fhiafraigh
cad é an fáth bh'li aici an droichead a leagadh. Dubhairt
si leis nach leigfeadh sí an droichead a críochnughadh go
bráthach muna d-teidheadh seisean léithe a bhaile le
h-ághaidh í a phosadh. Cómhairligh sé a dhul léithe agus
righne seise cleite dhí féin agus d'iarr air Dhomhnal a
leanamhaint. D'innis sí do go rabh searbhfhoghantach a
dhíth air a h-athair agus nuair a rachfadh siad chó fada
leis an chaislean air a bhás no air a bheatha gan leigint
air go bh-facaidh se eise ariamh. Shiubhaileadar leo go
d-tainic nóin bheag agus deireadh an lae, go rabh
eunacha beaga na coilleadh craobhaighe aig dhul faoi
thortha, soireann suain, agus síor-chodlata. Ní
fhacadar teach mór a bh-fad uatha no teach beag ndeas
doibh, acht teach beag amháin fionn, fionnogach, donn,
donnagac, gan bun cleite amach, no bárr cleite
asteach, acht an cleite beag amháin a bhí aig deanadh
dídion agus fasgadh do'n teach a líg (uile). Tharraing
siad air go dian, deifreach agus chuaidh an cleite suas
faoi urrla eave an tighe. Bheannaigh Domhnal asteach
agus chuir fear an tighe cead míle fáilte roimh Dhomhnal,
mhac Iasgaire bhig bheul-ath-Seannaigh. Bhí iongantas
air an fhear óg cad é mar fuair fear an tighe aithne
airsean agus d'fhiosruigh dhe fa d-taobh de about it.
Dubhairt an fear leis, go rabh aithne aige air féin agus
air a athair roimhe, agus go rabh fáilte aige an oidhche
a chathadh ann sin. I ndiaigh biadh agus díghe a bheíth thart,
chaith siad trian na h-aoidhche le fiannaidheacht, trian
le sgeulaidheacht agus trian le soireann suain agus
síor-chodlata. An lá air na bhárach ndéis a m-bris-
throsgadh d'fhág Domhnal slán aig fhear an tighe agus
nuair a deirígh sé amách chonnaic sé an cleite aig teacht
anuas as urrla an tighe agus aig imtheacht léis agus
lean Domhnal é. D'éirigh dho an dara lá mar tharla an
cheud lá. An triomhadh lá lé tuitim na h-oidhche chonnaic
sé teach mór a bh-fad uadh agus tharraing air go dian
deifreach agus chuaidh asteach. Ní rabh sé bh-fad go
d-tainic fear uasal an tighe agus dh'fhiosruigh dhe cad é
thug ann sin é. Dubhairt Domhnal go rabh sé aig
iarraidh aimsire agus go g-cualaidh sé go rabh buachaill
a dhíth airsean. “Tá maise” ars an fear uasal
“acht tá obair chruaidh romhad ma fhanann tú agam-
se.” “Is cuma liom” ars Domhnal “lé obair chruaidh
bhí mé cleachdtha annsa bhaile aig m'athair.” Air maidin
lá air na bhárach ma's luath d'eirigh Domhnal bhí an
maighistir 'nna shuidhe roimhe. “Cad é tá agad damh lé
deanadh 'ndiú” ars Domhnal? “Tá maise” ars an
duine uasal “boitheach byre shíos ann sin, a rabh fíthche
cinn ealaighe ceangailte ann lé seacht m-bliadhana
agus nár cartadh ridth an ama. Chailleas leithphíghin ann.
Bídheadh an boitheach cartuighthe agad agus an leithphíghin
air fághail nuair a thiocfas an oidhche no muna rabh
(bh-fuil) bainfidh mise an ceánn díot. D'imthigh Domh-
nal agus thug sé iarraidh an boitheach a chartadh acht
b'olc a d'eirigh léis óir ni rabh lán gábhail da
g-caithfeadh sé amach nach d-tigeadh seacht g-cinn asteach.
Bhí sé mar sin go d-tainic ingean an duine uasail
le n-a dhínnear. Fá an am sin bhí an t-aoileach suas
go d-tí an taobhan mullaigh agus h-aoinaireatha with
enough ado fuair Domhnal áit ann acht é brúidhte
asteach léis an sgraith agus é aig deoiríneacht caointe.
Scairt an bhean óg anuas air agus dubhairt léis
a dhínnear a dheanadh agus go bh-feuchfadh sí féin an
d-tiocfadh léithe cúis níos feárr a dheanadh. Bhain sí
gabhail bheag (graip) as a póca agus chaith sí dórnan
de'n aoileach thall agus abhós agus thoisigh an chuid eile
dhe aig dhul amach 'nna dhiaigh go d-tí nach rabh dadamh de
annsa bhoitheach nuair a bhí Domhnal reidh le n-a dhínnear
agus bhí an leithphíghin léithe ann a bois.



(Lé bheith leanta).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services