Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeul Sheáin Mic Bradáin.

Title
Sgeul Sheáin Mic Bradáin.
Author(s)
Folan, John,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Collector
Clann Conchobhair
Contributor
Folan, John
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGEUL SHEÁIN MIC BRADÁIN.



Bhí fear fad ó, agur níor phós se go raibh
tonn mhaith aois aige. Bhídheadh spéis mhór
aige i n-iasgaireacht. Do theidheadh sé amach
gach lá agus ní ghabhadh sé níos mó ioná aen
n-iasg amháin ins an ló. Do chaith sé i bh-fad
air an m-bealach sin agus da m-beidheadh sé
amuigh i n-imtheacht an lae ní fheudfadh sé
a ghabhadh acht aen n-iasg amháin. Mar sin
féin do lean sé dhe le súil go n-eireóchadh
lá icíneacht leis go maith. Do thárla go
raibh sé lá air bhruach na h-aibhne agus é
th'réis iasg a marbhadh. Bhí an tráthnóna ag
teacht agus do bhí se ag crapadh suas a
dhorubha, nuair do chonnaic sé fear ag teacht
chuige le port na h-aibhne. Do bheannuigh-
eadar d'a chéile. Ann sin d'fhiafruigh an
cóigcríoch dhe an raibh lá maith aige. D'fhre-
agair an t-iasgaire é agus a dubhairt sé
leis nach raibh aige acht an t-aen n-iasg
amháin do bhárr an lae, “agus is mar sin,”
ar se, “dam gach lá, dh'a g-caithfinn mo
shaoghal ann so, óir ni fheudfainn a mharbhadh
acht an t-aen n-iasg ins an ló.” “O,” ars
an cóigcríoch, “feuch iarracht eile leis agus
feuch céa'r'd a chuirfeadh Dia chugad.” “Ní'l
aen mhaith dh'á fheuchaint,” dubhairt an t-
iasgaire. “Glac mo chómhairle,” dubhairt
an fear eile; “sgaoil amach do dhorubha.”
Righne an t-iasgaire sin. Ba geárr na
dhiaidh sin go raibh bradán mór, breágh, air
cheann a dhorubha. Do tharruing sé suas air
bruach an bradán aluinn. “Anois,” ars
an cóigcríoch, “is maith go n-deárnais mo
chómhairle.” Ann sin do bhain an t-iasgaire
an dubhán as agus do leag sé suas air an
talamh é. “Anois,” ars an cóigcríoch leis,
“thabhair a bhaile é sin gan mhoill, agus
tabhair do d' mhnaoi é” — nar é do bhi an
t-iasgaire i bh-fad pósta agus níor bh'é toil
De aen ghein chloinne a chur chúcub. Air an
ádbhar sin dubhairt an cóigcríoc leis, déar-
fair-se léd' mhnaoi an bradán so a ghleus,
agus ithead sí dhe. Acht tá drei'shiúr (deir-
bhshiur) do 'd mhnaoi ins an tigh i buill sibh
agus ná blaiseadh sí dhe ná duine air bith
eile; agus trí ráithe ó anocht beidh gein
chloinne aig do mhnaoi. An cóigcríoch a bhí
ann, ba é duine beannuighthe no teachtaire ó
Dhia, mar deiridís ins an t-sean-aimsire.
Do thug sé a bhaile an bradán, do thug se
d'á mhnaoi é, agus dubhairt se leithe a
fhaghail réidh agus itheadh dé. Níor chuimne


L. 2


sé bagairt uirrthi gan leigean do'n drei'shiúr
blaiseadh dhe ná itheadh. D'ith an drei'shiúr
roinnt dhe gan fhios aici go raib sé
toirmisgthe dhí a itheadh. Trí ráithe ó'n
n-oidhche sin bhí mac óg aig an mnaoi
agus aig a drei'shiúr mar an g-
ceudna. Maiseadh, bhí go maith agus
n'i raibh go h-olc, agus do bhí áthas
mór air an bhfear gur chuir Dia gein
chloinne air a shliocht i n-deireadh a laetheadh.
D'eirigh an bheirt mhac suas 'na malraighibh
mhatha ag fás, ag borrughadh, agus ag leath-
nughadh go iongantas ag na comharsanaidhibh
air a bh-feabhas. Air m-beith cómh cosamhail
le chéile dóibh i n-a sgéimh a m-bláth, i n-dath
a ngruaige, agus in-a g-comhairde nar
aithnigh ceachtar de na máthairib a leanbh féin
thar leanbh eile acht go d-tiucfadh gach leanbh
acub chum a mháthar féin, nuair do ghlaodh
faduís orrub i n-a n-ainm. Ba é b'ainm
dhíobhtha Seághan agus Brian Mhic Bradáin-
Do fuair siad scoil agus léighean mar ba
oireamhneach, agus do bhí gnaoi agus cion ag
gach duine orrub dá'r aithnigh iad. Gidheadh
bhí imnidhe mhór air mháthair Sheáin air an
ádhbhar so nach raibh sí a riamh sásda mar nár
fheud sí a mac féin aineachdáil thar mac na
deirbhshiúthra. Do thárluigh gur tháinic sean-
bhean ag siubhail isteach chuici tráthnóna
breágh foghmhair agus do leig sí a rún leithe,
'sé sin ag innseacht dhui an n-imnidhe a bhí
uirri agus an fáth a bhí leis. “Fóil, ars an
chailleach is furusde sin a leigheas. Anois
faoi cheann da la, 'se sin, taca an tráthnóna
an t-am a m-beidh na buachaillidhe ag filleadh
ó scoil, luighfidh tusa air do leaba agus
leigfidh tú ort féin go bh-fuilir tinn. Nuair
a thiocfas siad isteach ó'n scoil fiafhróghaidh
siad cá b-fuil a máithreacha. Déarfíor le
do mhac-sa go b-fuilir i do luigheadh tinn air
do leaba. Air dhul chum do sheomra dhó
fiafhroghaidh sé dhíot cé'ar'd atá ort no cé
an n-eugcaoin sin ort, agus tiocfaidh sé
agus pógfaidh se h-ú. Ann sin cuirfidh tusa
lámh fó n-a mhuineál agus bain greim fiacal
as a chluais dheas (dheis). Uaidh sin amach
beidh aithne mhaith agad air.” Do righne an
mháthair gach uile nidh ar chomhairle na cail-
lighe. Anuair d'airigh sé creud a righne si
d'fhiafhruigh sé, le íongantas mor, cé an
ciall dí sin a dhéanadh. ”Inneosad-sa sin
duit, a mhic,” ars an mháthair, “níor fheudas
a riamh h-ú áineachdáil thar do cholceathar no
do dhreatháthair mar bheireamuid air.” “A
mháthair,” ar sesean, “is olc an rud a righne
tú. Air an adhbhar sin caithfidh mise imtheacht
anois; m-beireach go n-deárna tusa mar
righne tú, ní bheidheadh ormsa imtheacht mar
sin. Imtheoghádh-sa anois agus fanfaidh mo
dhreatháthair a buil sibh. Má mhairfim tamall
fillfead air ais chugad. Mar sin gleus
lón dham leis an m-bealaigh.” D'fhág sé
slán agus beannacht acub agus faoi dheir-
eadh ag a dhreatháthair, Brian, agus dubhairt
sé leis na focla so. “Tar uait liomsa ag
an tobar atá 's an ngáirdín.” Do chuaidh
siad ann. Ann sin dubhairt sesean — “An
bh-feiceann tú an t-uisge sin?” “Feicim,”
dubhairt an dreatháthair. “Faoi cheann lá
agus bliadhain o 'ndiu,” ar Seághan, “ma
bhídhimse beo beidh bárr meala air an tobar
agus muna m-beidhead beidh bárr fola air,
agus tabhair aire mhaith do'n bháile agus do'n
té ata me fágáil mo dhiaidh in do chúram.”



Ann sin do sgar siad ó chéile. Do chuaidh
Seághan n'a bhóthar agus d'fhill an dreathá-
thair chum an tighe go buaidheartha, doilghiosach.
Do bhí Seághan ag gluaiseacht i n-imtheacht
an lae sin go taca tráthnóna. Do thárla
fear air air an slíghe agus do bheannuigh
siad d'á chéile. D'fhiafruigh an fear dhe cáide
do thriall sé no cáide do bhi rún aige dhul.
Air fhreagairt 'é dó dubhairt sé go raibh sé
i bh-fad ó'n m-baile agus go raibh sé ag
tóruigheacht aimsire. “Is maith mar thárluigh,”
dubhairt an coigcríoch; 'sé do leithid do thas-
duigheas uaimse.” “Bhearfaidh mise obair
duit ma ta tu sasda,” ar Seághan. Ní
móide go m-b'fheárr air bith é. Mar sin do
ghluais siad leóbsan go n-deachaidh siad a
bhaile ag tigh an choigcrighriocha. Ann sin do
chaitheadar an n-oídhche ag caint 's ag cómhrádh


L. 3


agus ag cur síos air nithibh airighthe tair-
bheacha taithneamhacha. Air maidin nuair
d'eirigh an sgológ do ghlaoidh se chuige air an
m-buachaill aimsire agus is í an chaint do
righne sé leis. “Íocaimse,” dubairt sé, “an
t-oiread so 'san m-bliadhain le gach buachaill
d'a m-bidheann agam. Má tá tusa sasda
gheobhthair an rud ceudna.” “Táimse sasda,”
ar Seághan. “Anois,” ars an feilméiridhe, “is
é an obair a bheidheas ort, ag fosuidheacht le
ceithre cinn de ghabhraibh a tá agam; obair
eudtrom nach n-deunfaidh dochar duit. Le
bruach na coille atá ag imtheact le mo
theorainn agus bhus éigin duit gan na
gabhair a leigean isteach thairsti. An té
leis an taobh istigh is triúr fathach iad. Atá
gáirdín cúirialta ann bh-fuil iomad de chran-
naibh ubhall ag fás ann agus bidheann na
gabhair ag gabháil treasna agus ag itheadh
n-ubhall. Mas sin, bí aireach air do ghna-
thuigh.” “Déanfad sin,” a dubhairt Seághan.
Is ann sin air eirigh do'n Mhaighistir, chuaidh
se leis gur taisbeán sé an teora dhó. Na
dhiaidh sin d'fhill an maighistir air ais agus
d'fhág sé Seághan ag fosuigheacht leis na
gabhraibh. Faoi cheann tamaill agus é ag
faireadh go díthciollach thosuigh sé ag dear-
cugadh thar bhalla an gháirdín air an toradh
breágh, cúmhra do bhi air na crannaibh. Do
chuir sé spéis mhór 's na h-ubhlaibh abthuidhe
a bhi ann, agus dubhairt sé leis féin.
“Feuchfad-sa roinnt acub fhághail pe'ar budh
rud do thiocfas as.” Do bhuail sé cos i
lár na cloidhe agus lámh i n-a bhárr agus bhi
sé istigh gan mhoill. Air dhul suas i g-crann
dó go m-baineadh se cuid de na h-ubhlaibh, acht
ní raibh an dara ubhall bainte aige nuair a
bhí ceann de na gabhraibh isteach chuige. “Meig!
meig!” ars an gabhar, “tabhair dham-sa
ubhall.” “Shorro dhiot,” ar Seághan, “ní fhuil an
dara ubhall bainte agam féin fós.” Mar
sin féin chaith sé ceann chuici agus d'ith sí go
milis é. Oir do bhí dúil mhór ag na gabhraibh
i n-ubhllaibh. Do bhí sé ag baint ceann eile
no dhó nuair léim an dara gabhar isteach
chuige. “Meig! meig!” ars an dara gabhar,
“caith chugam-sa ceann eile.” “Dó chrádh,
nár fhagaid tú; is beag atá agam féin fós,”
ar Seághan, acht do chaith sé ceann chuici. Do
bhuaill sí cos air agus do chuir sí fiacal ann.
Do bhí sí dha itheadh agus dúil mhór aici ann,
nuair chonnaic an tríomhadh gabhar an chuid
eile istigh. Ni comhartha daoibh ná damhsa ag
dul go léim air an g-cloidh agus isteach
leithe. “Meig! meig!” ar sise, “roinn
liomsa.” “Shorra dhíot,” dubhairt sé, “is
beag atá agam féin, fós acht mar sin fhéin,
so, ceann duit.” Ní raibh an focal raidhte
aige nuair tháinic neul dorcha os a chionn
agus d'aire sé fathach na d-tri cloigean
agus na d-tri g-colainn leis a chloidhmhe
teine ag triall air. “Fubh! fáth! feusóg!
faghaim baladh an Éirinnigh bhreugach bhra-
dach,” sgread an fathach. “Ceurd do thug
ann so thú?” dubhairt sé nuair chonnaic sé
Seághan anns an g-crann. “Cia is feárr
leat troid le sáitibh sgeannadh glasa i
m-barr easnachadh no caraidheachd air leacra-
chaibh dearga teine?” “Sgread mhaidne
ort,” dubhairt Seaghan, “a rud ghrána, ni
fhuil é cóir ná ceart a thabhairt duit; do
tháinic mise ann so acht le gach cóir agus
ceart a bhaint díot.” Do bhí a chlaidhmhe
soluis i n-a láimh aige a dhíongnadh sé solus
i n-dorchadas. Leis sin rugadar air a
chéile agus chuadar ag caraidheachd air
leacrachaibh dearga. Do bhí siad ag cur
solus le n-a g-cosaibh as na leacrachaibh do
bhí ag eirghe n-a n-áiníochaidh anns an aer go
righne siad bogán de'n chruadhán agus crua-
dhán de'n bhoghán, go d-tarruing siad uisge as
na clochaibh agus go n-deárna siad clocha de'n
uisge le neart a g-cnámh. Acht d'eirigh le
Seághan tar éis aimsire fada cos a bhaint as.
Tháinic spideog an bhrollaigh deirg air an
g-cloidhe le n-a nais agus is iad so na
focla do labair sé. “Sheághan, Mhic
Bradáin,” ar sise, “anois an t-am, agus
ma leigean tú thart é atá tú críochnuighthe.”
Air cloisdean na bh-focladh so do Sheághan do
tháinic neart na g-ceudaibh fear ann agus
meisneach dhá réir. Do rug siad air a


L. 4


chéile arís air an dara casadh, do thug sé
do'n fhathac agus chuir sé síos go d-tí na
glúineadh é. 'Na dhiaidh sin do chuir sé go
d-tí n-a chuim é, agus an treas iarrachd do
chuir sé sios tríd an talamh go d-tí na
smige é.



(Le bheith air leanamhuin).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services