ÁRA NA NAOM.
II.
Do réir an Ollaimh Petrie, is é Dún-
Aonghusa fuigheall is mórdha d'á bh-fuil 'san
áird shiar de'n Eoraip ó aimsir na b-Pag-
ánach. Tá sé suidhte in áit mhórdha, go
h-áirighte, in ionad fíorfhoileamhnach do dhún
áirdrigh lé'r mhian muir agus tír thart tim-
chioll a chur faoi smacht a's fóirneart. Air
bhreathnughadh air na balladhaibh so, eitiollann
ár g-cuimhne siar go h-aimsir na muintire
mío-adhmharaighe úd, na Fir Bolg, a thóig an
dún mór so. Ní smacht agus fóirneart a
theastuigh uatha, acht slánughadh agus fas-
gadh. Ba díol truaighe iad go dearbhtha.
Tháinic siad go h-Éirinn (cia 'r b'as, ní'l
fhios aig aoinneach), bhaineadar í ó'n g-cine
a fuaradar rómpa innte. Do réir uaine,
tháinic tonn eile de dhaoinibh agus baineadh
flaitheas Éireann díobh arís. Throid siad
go fearamhail, groidhe; acht briseadh cath tar
éis catha orra, agus sgriosfuidhe an treabh
go léir muna m-beidheadh go bh-fuaradar
cuanta agus oiléin Chonnacht, mar áit-
chomhnuidhe, ó Oilioll agus ó Mheidhbh — an
bheirt úd air a léighmid i d-Táin bó Chuailgne.
Tháinic triur dearbhráthar d'á g-cuid ceann-
fart go h-Árainn, agus thóigeadar na
cathracha 1 móra a chidhmid an lá andiu.
Asta sin, d'fheud siad dubhshlán a thabhairt
faoi n-a náimhdibh, agus níos túisge 'ná
stríocadh dhóibh, theilgfidís iad féin agus a
n-anacra ins an bh-fairrge a bhí ag rith shíos
fútha.
Ag so mar amharcann Dún-Aonghusa. I
g-croidhe an dúna tá balla fathamhail, 30
troigh air áirde agus deich g-cinn air leithead.
Is amhla atá an balla so agus déanadh
crúdha capaill air, agus beul an chrudha air
fhaobhar na h-aille milltighe a dubhairt mé.
Balla mor eile 'na chrudh timchioll air an
g-ceudcheann, ceann eile thart air sin arís.
Agus níor leor leo an meud sin féin, gan
spéicidhe fada cloch a chur 'na seasadh air
an taoibh amuigh de'n treas bhalla, i ndáil
leis an ngeata.
Ó'n m-ball beag fasgamhail i g-ceartlár
na m-balladh ní fheicfeá aonrud acht an
spéir agus na tonnta. Acht tá céimeanna
nó staighre ag dul suas go casán air an
g-ceud-bhalla; agus as sin chidhfidh tú Ára
shoir agus ó dheas, dúnta na bh-Fear Bolg,
teampuill agus mainistreacha na Sean-
Naomh, agus bailte beaga an lae andiu.
Air feadh na g-ceudtha bliadhan bhí an
t-ainm mórdhálach “Ára na Naomh” air na
h-oileánaibh loma so. Ba h-í Éire solus na
h-Eorpa air chráibheacht agus foghluim dhiadha;
ba h-í Ára solus na h-Éireann féin. Agus
i láthair, faghmuid cuimhne ceud-naomh ár
d-tíre úr, marthannach in Árainn. Ní
h-iongnadh sin, óir nuair a bhreathnuigheas
an t-Árainneach 'na thimchioll, chidheann sé
ins gach uile chearda nidhthe a chuireas i
meabhair dhó an tráth a raibh a oileán duth-
chuis ag dealradh le naomhthact.
Nach críona do thoghadh na Sean-naoimh áite
le n-a g-cuid árus a chur air bun! Sin
teampull Bhenín, an áit is follusaighe agus,
'san am ceudna, is uaignighe d'á bhfuightheá
in Árainn. Ní fheudfá cuimhniughadh air áit
do b' fheárr le urnuighe águs machtnadh a
dhéanadh i bhfad ó bhuaidhreadh an t-saoghail.
Ní thuillfeadh níos mó ná cúigear nó seisear
'san teampull beag feín. Cill-Énda,
freisin, aig bun an chnoic cheudna, mar ar
chomhnuigh, fad ó, Énda agus Colum-Cille.
Deirtear go raibh dhá theampull deug in
aice Cille-Enda, acht thuit lámh an ama go
trom orra, chomh maith agus air an g-cloig-
theach a bhí ann, tá 80 bliadhain o shoin. Níos
sia ó thuaidh, gheobhaidh tú Mainistir Chiaráin
'na luidhe go clúthmhar cois na trágha bige —
áit a chuirfeadh i g-cuimhne dhuit focla fileadh
éigin a sgríobh go h-áluinn i m-Beurla:—
Is fios dam linn
Mar a m-briseann toinn
Go fuar 's go sámh air an ngaineamh bhán,
A's ní théidheann cos,
A's ní'l glór d'á chlos,
Ins an uaigneas úd, go d-téidhim-se ann.
Ní gan adhbhar do ghrádhuigh na sean-naoimh
Ára uaigneach, fuaradar innte an suaimh-
neas a thaithnigh leo. Nuair cuireadh dh'fhia-
chaibh air Cholum-Cille Ára d'fhágbháil agus
dul leis go h-Albain, nocht se a chumha i
n-dán. Aig so dhá rann as, —
1 Is cathracha iad ó cheart, agus ní dúnta. Feuch
O'Comhraidhe, Nosa agus Beusa, Leabhar III.
Och! is cian, ón is cian
Rom cuireadh ó Árainn shiar,
Go ria slogh Monaigh amach
Air ionchuibh na n-Albannach.
Ára grian, ón Ára grian,
Mo chean Luigheas innti shiar;
Ionann bheith fó ghuth a cloig
Do neach, a's bheith i bhfochruig. (1)
Má théidheann tú ag comhrádh leis na sean-
daoinibh, cluinfidh tú sgeulta do dhóithint
fós air Cholumcille air a mhíorbhuiltibh agus
a fháidheadóireacht. Leath-bhealach shuas air
an g-cnoc a bheireas fasgadh do Chill-Enda
taisbeánann siad tamhnach úr mar a m-
bidheadh aingeal (má's fíor do'n sgeul) ag
spaisdeoireacht le Colum, agus tugtar
Casán an Aingil air an m-ball fós.
Síos faoi na Seacht d-Teampullaibh, do
chruinnigheadh naoimh agus ban-naoimh Arann
le chéile timchioll N. Breacán (a d'fhág a
ainm air Árd-breacáin annso i g-contae na
Midhe) le oideas d'fhagháil uaidh in ealadhain
na naomh. Righne an t-ollamh Petrie dath-
dhealbh mhór air an scoil úd N-Breacan,
acht ní'l fios agam féin cá bh-fuil sí le
feicsint anois. Tagann lucht cuairte go
h-iondual le breathnughadh air Mhainistir
Chiaráin. Ní féidir a rádh cia aca, íp so, nó
Teampull Chaoimhghin in Innis-iarthair, an
fhorgaint is deise.
'San 8adh aois, chaith Cormac Naomhtha
MacCuilionnáin, Easbog, Righ agus file,
seal geárr in Árainn; agus air n-imtheacht
dó, righne se aithris air Columcille, óir nocht
sé a aithmheul i bhfilidheacht. Éist le a ndeir
sé
Áireamh gainimh agus grán,
Áireamh na reultan nach suaill,
Asé an ceathramhadh re taoibh
Áirimh naomh in Árainn fhuair.
Creideann muintir Árann go daingean,
diongmhálta, go bhfuil siad féin agus a
bh-fuil aca faoi choimirce áirighthe na n-ain-
geal, agus na naomh a bh-fuil a g-cuirp ag
codladh 'na measg.
Sul a sgarfad leis an t-sean-aimsir ba
chóir dam a rádh go raibh Ára 'na h-áit-
taithidhe mhóir aig lucht díolta síoda, sróil,
biotáilte, &c. faoi chúl, gan aon t-sraith nó
cáin a dhíol orra. Nidh eile, bhidheadh cogadh
buan air bun idir Mhuintir Fhlaithbheartaigh
agus Síol m-Briain faoi sheilbh na n-oileán.
Is iomdha cath fuilteach a briseadh le linn
na m-bliadhan úd, agus b'áidhbhéil an díogh-
altas d'imreadh na náimhde air a chéile gach
uile uair a d'fhaghadh siad caoi. Faoi dheire,
ghlaodh dream aca air na Sagsannaighibh aig
iarraidh cabhrach, agus fuair siad a raibh siad
aig iarraidh, agus tuille, óir ní dheárna na
congantóiridhe nuadha stad go raibh na
h-oileáin 'na g-cumas féin. In aimsir
Chromuill tóigeadh an caisleán a fheicthear
aig Cill-Enda.
Do cuireadh deis, tá bliadhain nó dó ó
shoin, air roinnt de na dúntaibh agus team-
pullaibh a bhí ag dul i léig; muna m-
beidheadh an t-eidheanán a bhí dá g-congbháil
le chéile, do thuitfeadh cuid aca i bh-fad
roimhe sin, acht anois de bhárr an leasuighthe
fuaradar, mairfid go ceann sgáthaimh eile.
Is iomdha áit a bh-fuil cealla agus team-
puill de'n t-samhail so mar an smól air
bhuacais na coinnle, ag cur i g-céill dúinn
go raibh creideamh agus crábhadh air lasadh
uair, acht go bh-fhuilid anois air siubhal. Ní
mar sin d'Árainn. I leaba an mhéid áit
naomhtha a bhí innte 'san t-seanaimsir, ní
feicthear anois acht trí séipéil bochta, ceann
aca ins gach oileán; acht chidhtear go bh-fuil
creideamh agus crábhadh chomh beo, bríoghmhar,
agus d' fheud siad a bheith riamh.
Air an bh-faithche i m-beul an t-séipéil,
agus air na sgonnsaidhibh má g-cuairt cru-
innigheann muintir na n-oileán i g-ceann a
chéile gach uile Domnach agus lá saoire,
roimh an Aifrionn agus 'na dhiaidh. Go fír-
inneach, is ait, aoibhinn a bheith ag amharc
orra 'na luidhe air an bh-feur nó 'na seasadh
'na bh-fáinnidhibh, ag fagháil agus ag tabhairt
na nuaidheachta. Caitheann siad uile an
t-eudach ceudna, nach mór; is beag an t-suim
a chuireann siad ins na Nósaíbh nuadha. 'Se
nidh is aisdighe faoi n-a g-chuid eudaigh, na
pampútaidhe nó bróga a chaitheann siad,
1 Righne Aubrey de Vere an dán so d'aistriughadh mar
leanas.
agus a dhéanann siad féin as chroiceann bó,
caorach, capall, asal nó gabhar.
Ins an t-seipeul féin, in imtheacht an
Aifrinn, bidheann iomchur na n-daoineadh
diadha diabhóideach; agus faoi am an Chois-
reagtha, briseann a n-urnuighthe amach mar
chronán ísiol. Tar éis an Aifrinn, chidhfidh
tú roinnt de na sean-daoinibh ag tabhairt
turus ins an t-séipeul agus aig na sean-
teampullaibh agus toibreachaib beannuighthe;
cuid eile dhíob ag caint air gach uile nidh
faoi luidhe na gréine, ag malairt sgéil air
sgeul eile, agus aig fáidheadóireacht go
grinn air an am le teacht. An t-aos óg
freisin, bidhid leo féin, aig magad, aig sgig,
agus aig imirt beart mar is gnáthach dhóibh.
Ins na trí h-oileánaibh tá 2,000 duine
air fad. De bhunadh Connamara a bh-fur-
mhór, nidh a cruthuighthear leis na sloinntibh
is fairsinge, O'Flaithbheartaigh, O'Fathartaigh,
O'Conghala, MacConraoi &c. Daoine fada
lúthmhara iad, gan blas de leisge nó spa-
dántacht ionnta. Dathamhail, slachtmhar iad
mar an g-ceudna, acht ó thárla go bh-fuil
rian na gaoithe agus na gréine orra go
léir, tá snuadh orra níos duibhe ná is gnáthach
in Eirinn; d'fheicféa daoine ann chomh dubh,
baileach, le muintir na h-Eadáille. Deir-
tear go bh-fuil braon d' fhuil na Spáinne
ins na daoinibh faoi Ghaillimh, agus is furusda
sin a chreideadh.
Cia b'é léigheas Beatha Phetrie le Stóces,
gheobhaidh sé tuairisg air Árainn, agus a
muintir mar bhidheadar an cheud uair chuir
Petrie aithne orra; agus má's féidir dhúinn
gach uile nidh a léighmid annsin a chreideadh,
ba Párrthas air talamh Ára an tráth úd.
Ní dheárfad-sa gach a n-dubhairt an t-ollamh
cóir ag moladh deighbheus muintire Árann
acht feudtar a rádh le fírinne fós, gur
daoine glan-saoghalacha, neamh-urchóideacha,
fiala, flaitheamhla iad. Siad is boichte i
measg na m-bocht, acht air a shon sin, (nó
dá bhrigh sin, b'fhéidir), ní'l aon doithcheallacht
ionnta. Ní' mheasaim go bh-fuilid chomh
simplidhe anois agus bhí siad le linn
Phetrie, acht ní'l siad an-eolgusach air
chorthaibh an t-saoghail. Ó nádúir, is daoine
macánta, ciuin, ceannsa, iad; acht ní
h-iongantach an nidh é, agus fuil theith na
nGaedheal aig rith trí n-a g-cuisleannaibh,
go n-eirigheann achrainn agus searbhus beag
air uairibh idir chomarsannaibh, mar gheall
air bhradghail bó agus asal, briseadh balladh,
nó díoghbháil shuaraigh eile. Tá aon rud eile
a ghreamuigheas go dlúth d'á chéile iad, 'sé
sin, an t-idirpósadh caithfear a dhéanadh aca.
Dá bhárr sin, mar an g-ceudna, ní théidheann
an t-Arainneach áit air bith air fud na
n-oileán nach g-castar leis a chuid col-
ceathar, colseisear, agus cáirde gaoil níos
fuide amach.
(le bheith air leanamhoin).
EOGHAN O'GRAMHNA.
NOTES.
Foileamhnach = oireamhnach, fitting; also feilteach.
From foilim = oirim, foghnaim, I suit, fit.
Díol truaighe, an object of pity. Díol = equivalent,
hence, (a) proper proportion, share; (b) proper treat-
ment; (c) meed, object of.
Dubhshlán, also slán = defiance.
I ndáil le = i ngar dhó, i ngoireacht dhó, lie, near.
The phrase most often heard in West Connaught.
Tamhnach, a patch of rich pasture, a thing very rarely
found in Arann.
Congbháil, keeping. In the spoken language, this verb
is used as if it were coinnighim, infin. coinneáil. In
places the imperative used is coinnimh.
I leaba = instead of. Cp. English “in the room of.”
Furusda, easy. Usual pronounced spáin in Arann;
sáin is sometimes heard in Munster.
Dul i léig = dul i mudha, going to ruin.
Ait = aisdeach, also = maith. In Munster this second
meaning is not attached to the word, so that b'ait Liom
= ba mhaith liom in Connaught, would mean in Munster,
“I thought it strange.”
In imtheacht, also i g-cathadh, i rioth, air feadh = during.
ERRATA.
Page 101, col. 2. — As bealach for as bhealach.
Page 104, col. 1. — bídeach for buídeach.
Page 101, col. 2. — Chonnaic for chonnairc. I never heard
this latter form anywhere, although
it is that used, almost exclusively, in
books and MSS.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11