Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ára na Naomh.

Title
Ára na Naomh.
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1889
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ÁRA NA NAOMH.



O Ara mhór, O Ara mhór,
Nach minic ins an oidhch'
Do smuainim ort! — O'Mórdha.



Comhthrom na h-aimsire so, trí bliadhna ó
shoin, do thriallas lá ó cheartlár na Midhe
síos go Gaillimh; agus as sin, air maidin
air n-a mháireach, siar go h-Árainn, an áit
is feárr Gaedhilge i g-Connachtaibh. Bhí an
spéir glan, an ghrian ag spalpadh go láidir
agus cóir mhaith ag séideadh anoir, an mhaidin
bhreágh fhoghmhair sin mar chuaidh mé air bhord
Cathrach na d-Treabh — an bád-gaile beag
a bheireas daoine ag déanadh aeir anonn 's
anall faoi Loch Lurgáin (1). An lá breág
úd, bhí lear mór daoineadh ag teacht amach
uirre, a's iad uile gleusta amach ins an
eudach do b'fheárr do bhí acu. Air m-beith
dhúinn go léir socruighthe go compórdach, do
sgaoileadh na teuda do ghreamuigh sinn do'n
doga, leig an Chathair bheag fead chluas-
sgoilteach, agus súd amach í in a bealach,
air d-tús go mall, acht, do réir mar bhí sí ag
fagháil siubhail uirre féin, ag triall ní ba
mhire air Árainn, agus ag fágbháil sleo
chubhair i bh-fad 'na diaidh.



Le tamall, b'éigean dúinn bheith sásda
leis an amharc air gach aon taoibh. Ó dheas
bhí cnuic an Chláir ag sreitheamhain amach go
Ceann bóirne; (2) agus ó thuaidh bhí Conna-
mara, mar a raíbh an dá bheanna dheug (3)
agus cnuic eile Dúithche Sheodhaigh (4) aig
éirghe suas i bh-fad air chúl na talmhan ísle
cois fairrge — áit ar bh'fhéidir linn na bailte
geala fheicsint annso agus annsúd, agus
gach uile bhaile aca ag cur suas a smúide
deataigh ins an aer. Air feadh sgáthaimh, ní
raibh dada le feicsint air aghaidh. Acht faoi
dheire, chonnaic sinn báirr cnoc Árann ag
teacht aníos as bhrollach na fairrge, agus
ba leor sin, dar n-dóigh, le gach uile theanga
air bord a chur air bogadh, ag cur síos, ag
caint, agus ag ceistniughadh faoi 'n áit chum
a rabhamar ag dul.



Tá ainm na n-oileán dá luadh go ró-
mhinic, faraor, air na paipeuraibh na blia-
dhanta so. Air a shon sin, is beag an
t-eolus atá aig daoinib orra. Is amhla bhí
furmhor na n-daoineadh a bhí air an g-Cathair
am' fhochair an lá úd — chualaidh siad gur
bh'aisdeach an áit Ára agus bhí siad cinnte
go bh-feicfidís nidhthe as bhealach innte; acht
thairis sin, níor bh'fheasach siad blas air bith
eile. D'fheudfá a chloistin, annso a's ann-
súd, corr-dhuine a thug cuairt air Árainn
roimhe, agus é ag sníomh amach sgeultadh
n-iongantach air an áit féin, air mhuinntir na
n-oileán, a n-iomchur, a n-eudach, a m-beusa,
a d-teanga agus gach uile rud eile, beag-
nach, do bhain leo.



Acht anois, bhidheamar féin sáth-ghar le
feicsint go raibh trí h-oilein ann, dealuighthe
ó chontae an Chláir, ó n-a chéile agus ó Chon-
namara le súndaidhibh garbha tríd a ritheann
an fhairrge 'na sruth láidir. Air an láimh
chlí chonnairc sinn Innis-iarthair agus sean-
chaisleán Uí Bhriain air a bárr; agus Innis-
meodhain — a dá dhún móra agus a h-ocht m-
bailte beaga shuas in áirde, fada anuas
uatha sin bhí an bruth bán a d'innis dhúinn go
raibh an súighteán ag briseadh an lá breágh
sin féin. Acht bhí muid-ne ag déanadh air
Árainn mhóir do bhí air aghaidh go díreach
romhainn, mar bheidheadh slabhradh fada de



(1.) Sean-ainm cuain na Gaillimhe.
(2.) Black head.
(3.) The Twelve Pins.
(4.) The Joyce country.


L. 102


chnocaibh air n-a ngreamughadh d'á chéile, agus
baile nó dhó aig bun gach cnuic. Mar sin de,
aig gabháil thar an tigh-soluis, threabhamar
ár m-bealach asteach i g-cuan Cille-Rónáin.
Cill-Énda is ainm do'n bhaile beag ársa
air thaoibh theas an chuain. A measg na
mílteadh naomh do chomhnuigh in “Árainn na
Naomh” ins an t-sean-aimsir, ba h-é Énda
a rug bárr naomhthachta agus críonachta, agus
is uaidh fuair Cill-Énda an t-ainm. Acht
athruigheann na h-aimseara! An lá andiu,
tá cuimhne Énda leath-fholuighthe aig cuimhne
Choluim-Cille, Apstol mór an Iarthair; agus
ní h-é Cill-Enda is cheud-bhaile Árann, acht
Chill-Rónáin, baile do b'árus do naomh
éigin nach eol dúinn aon rud air acht a ainm.
Is chum céibhe an bhaile dheireanaigh so do bhí
sinn ag seoladh anois.



Bhí sé 'na dhíothrághadh an uair sin, agus do
h-innseadh dhúinn nach bh-fuighmís dul asteach
do'n chéibh, acht go g-caithfimís dul chum
tíre ins na curraighibh, báid shimplidhe na
n-Árainneach. Dealbhuightear an currach
air nós báid fhada chumhaing, acht in áit na
n-asnadh agus na g-clár, tá a lán liurach
nó slat caol, agus canabhas no anairt
tearrtha teannta thart orra. “An é go
g-caithfidh mise dul chum tíre i g-ceann
aca sin?” d'fhiafruigh bean mhór; agus bhí
mórán daoineadh eile nach í faiteach a
n-dóithint. Acht b'éigin dúinn dul chum
tíre, agus i g-currach, freisin, ní raibh aon
t-slighe eile. Is túisge bhí a fhios sin aig
na h-Árainnighibh 'ná aguinne, agus air ball
tháinic a lán currach amach 'nar g-coinne;
thimchioll siad an soightheach air gach aon
taoibh; fuaramar asteach ionnta go h-aireach,
faiteach; agus tar éis beagáin preab de na
maididhibh-rámha, shreitheamar an talamh chru-
aidh. Air mhullach na céibhe fuaramar sinn
fein i lár a láin daoineadh, in eudach bán,
do bhí ag labhairt go tapa acht go binn (dar
liom-sa), i n-Gaedhilge, agus ag tairgsin
dúinn le ceannach pampútaidhe, raithneach,
fraoich, agus earraidheadh eile na h-áite.



In aoindigh le beagán daoineadh eile,
righne mé mo bhealach, mar is feárr d'fheudas,
amach tríd an meall páisdidheadh agus daoi-
neadh mór bhí timchioll orrainn, agus chuadh-
mar suas an baile, na daoine so d'ár d-tíodh-
lacadh. Ní'l i g-Cill-Rónáin acht aon t-sráid
cham, déanta de thighthibh beaga na n-iasgair-
idheadh. Ní'l d' fhorgaintibh maithe ann, acht
teach nuadh an lucht fhaire-cuain, dhá thigh aoidh-
eachta, teach an t-séiplínigh, agus teachín beag
slachtmhar an Athar Micheál O'Donnchadha,
treuduidhe agus cara na n-Árainneach.



Tar éis mé féin a réidhteach as an muinn-
tir do bhí ag déanadh iongantuis de na
coimhthighibh, do bhuaileas an bóthar a ghabhas
tríd an oileán. Go coitchionn, ní bhidheann
acht uair nó dhó acu so a thagas air an
m-bád-gaile go h-Árainn; acht maidir liom-
sá, bhí me ag brath air trí nó ceathair de
sheachtmhainibh a chathadh annso, agus bhí mé
ceaptha amach air iongantuis Árann d'
fheicsint agus a chloistin as eudan sul a
bh-fillfinn. Air an ádhbhar sin, bhuaileas an
bóthar go Dún-Aonghusa, cheud iongantus
Árann.



Teidheann an bóthar so suas agus síos,
thar chnocaibh a's trí ghleanntaibh; fágann tú
baile beag anois air do láimh dheis, arís air
do chiotóig. Mar so gabhann tú thar mhór-
chuid de'n aon-bhaile dheug as a n-déanann
Ára righmheud — thar Mhainistir Chiaráin, Fear-
ann an choirce, gort na g-capall, &c.; agus
má chaillir an t-eolus (rud nach deacair le
deánadh), gheobhaidh tú amharc air bhaile na
Seacht d-Teampull, agus bun Gabhla féin,
an baile deiridh in Árainn mhóir air an taoibh
ó thuaidh.



Air gach aon taoibh de'n bhóthar ní'l dada
acht leacracha, creaga, moláin, clocha beaga
a's móra le fad do radhairc. Corr-áit, go
deimhin, is féidir dhuit buaile beag buídeach
fheicsint a bh-fuil a ghlaiseacht ag seasadh
amach go h-aoibhinn i measg na g-cloch-aoil
liath; acht is beag, fada ó chéile na baill
úra so. Tabharfaidh tú fá deara, mar an
g-ceudna, go bh-fuil an t-oileán air an
taoíbh shiar an-árd, 'na aill mhóir mhilltigh ós


L. 103


cionn na fairrge; agus go n-ísligheann sé
síos le fánadh — ní beagán a's beagán, acht
ag tuitim go h-obann annso as annsúd — i
riocht go bh-fuil sé comhthrom leis an tráigh
air an taoibh shoir. Adeir lucht na foghluma
go raibh Ára foluighthe aig ná tonntaibh uair,
(agus, gan amhrus, chidhfir sligínidhe fós air
bhárraibh na g-cnoc is áirde,) agus do réir
mar bhí na h-uisgidhe ag tuitim, go n-deárna
siad comhnuidhe trí h-uaire, gan tuitim ní
ba mhó go ceann bliadhanta, agus gur ab
iad na h-aillte so, a chidhmíd tríd an oilean,
áit ar chomhnuigh an fhairrge agus ar gheárr
sí amach, agus ar chaith sí an charraig chruaidh.
P'é acu, tá dhá aill árd shuas air an oileán,
agus ceann eile ag crochadh ós cionn na
trágha shoir.



Béidh amharc agat air na tonntaibh agus
air an tráigh so ó thús go deireadh do shiu-
bhail, óir ní'l crann 'ná aon bhác eile idir
an m-bóthar agus iad. Fasgadh nó foithin
ní'l ann; agus a shliocht sin ort, béidh an
ghrian ag spalpadh anuas ort gan trócaire
air fhad do shiublóide. Cuirim i g-cás gur
ag siubhal a bheidheas tú, agus ní ag tio-
máint, mar gheall nach bh-fuil acht trí cárra
ín Árainn.



Béidh tú ag teannadh le Dún-Aonghusa
feasta, agus caithfir an bóthar réidh a threi-
gean, agus dul suas ag strapadóireacht
leis na creagaibh, nó go bh-fuighir tú féin air
bhárr na h-aille móire.



Ag so an aill i m-beul na n-Árainneach.
Níor bh'fhéidir le h-aoinneach, má's maith no
olc leis é, gan stad a dhéanadh annso, agus
breathnughadh air an amharc iongantach tá
faoi n-a shúilibh. Siar ós a chomhair síneann
an fhairrge mhór a ritheann a dromanna
gorma anonn go h-America. O thuaidh,
in imioll ceodhach na spéire, chidheann sé
Néimhfhinn — righ sliabh Chonnacht. Ó dheas feic-
fidh sé cnuic Tuadhmhumhan, agus fada, fada,
síos ceann gorm Sléibhe Bhreandain i g-
Ciarruidhe. Agus cá h-áit in Éirinn uile is
feárr 'ná í so leis an ghrian fheicsint ag dul
faoi? An meud so in aimsir chiuin. Má's
aimsir gharbh í, béidh an fhairrge láidir faoi
bhruth a's fraoch, ag teacht asteach 'na fágaibh
fiadhaine agus dá briseadh



“Go tolgach, tormach, trom,”



air bhun na h-aille, ceithre ceud troigh síos
uaidh.



Ácht an cheud uair do bhreathnuigh mise ó'n
aill so bhí an aimsir ciuin, meirbh; an
fhairrge chomh sleamhain agus chomh dealrach
le sgáthán; agus duine cóir 'na shuidhe go
socair air bhruach na h-aille milltighe so ag
gabháil éisg le líne nar mhaith liom a rádh
chomh fada a's bhí sé.



As so, chidhfir Dún-Aonghusa — tort mhór
dhubh, tamall uait. Caithfir shiubhal anonn
chuige go h-aireach, agus ní móide nach m-
béidh tú ag dearcadh síos fút ó am go h-am;
agus ag cuimhniughadh, do b'fhéidir, air an g-
comhrádh a chuir Shacspeare i m-beul duine
éigin,



“Nach uathmhar,
A's luaimhneach breathnughadh uait chomh fada síos?”



(Le bheith air leanamhain.)



EOGHAN O'GRAMHNA.



Notes.



Spalp, beat: hence spailpín.
Cóir, s.f., 2, a favourable wind.
Lear, s.m., 1, a great number; lit. an ocean.
Doga, s.m., 4, dock.
Sleo, the wake of a vessel.
Sreith, reach; treis, in Munster.
Blas, s.m., 1, a whit; lit., a taste.
Sunda, s.m., 4, a sound, strait = caol.
Súightheán, s.m., 1, surf, from súgh, suck.
Céibh, s.f., 2, a quay.
Díothrághadh, s.m., 3, law water; from díth, want, and
trághadh, to ebb.
Liur, a lath. Cp. Liuraim, I beat.
Freisin, also, too = fris sin. Cp. Leis = too, in Mun-
ster.
Pampútaidhe, sandals of raw hide. A Spanish word.
Tíodhlaic, escort; in Munster, tiunlaic.
Forgaint, s.f., 2, a building. From forgnaim, I
build.
Séiplíneach, n.m., 1, a curate; from séipéul, a chapel.
Molán, s.m., 1, a boulder.
Streapadóireacht, s.f., 3, climbing; from streap, a
step. Also means, struggling with, fumbling with, as in
the story, streapadóireacht an ghabhair leis an tráith-
nín.
Dromanna, pl. of druim, n.m., 3, a back. Applied to
long swelling waves.
Fág, a billow, large wave. Cp. French, vague.
Sleamhain, smooth; lit. slippery.


L. 104


Feasta, now, by this time.
Maidir liom, as for me. Can any one explain this
phrase, common to both Connacht and Munster?
Buídeach, small; baoideach, in Meath.
P'é acu, at all events; lit., whichever of them.



E. O'G.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services