A shaoi — ag trácht air abhrán Chúrnaín
'san 27adh uimhir de'n iris a deir tu gur bh é
do thuairim nár bh-féidir do dhuine chomh beag
ciall le Cúrnán bocht an cheathramha
deire úd — “mo chreach agus mo chás etc.”
Do cheapadh, agus gur dhóigh leat gur file
éigin eile do righne é. Is dealrach go bh-
fuil tu ceart.
'San g-cnuasach abhrán arsa na h-Éirionn
le Pétrie tá dán de ainm “Péarla an
brollaigh bháin,” agus is ró-chosamhail an
dara leath de 'n g-ceáthramha deire dhe gach
abhrán aca le chéile. Cuirim taobh le taobh
iad:—
ó Phéarla an brollaig bháín.
Póg is míle fáilte
'S barraidhe geal do lámh,
A' sé 'niarrfuinn-si go bráth mar spré leat;
'S mar an damhsa 'taoí tu a n-dán,
A Phéarla an brollaigh bháin,
Nár thig mise slán ó'n n-aonach.
é abhrán Cúrnáin.
Do chuman agus do pháirt,
Águs barraidhe geal do lámh,
'So d' íarrfainn mar bhírr spré leat;
Acht an bhean úd atá am' chrádh
Mar a réighfeadh tu mo chás
Nár theagaidh tusa slán od'cheud mhach.
Deir Pétrie gurab ó O Comhraidhe do fuair
sé an t-abhrán so, agus gur bhé tuairim an
duine uasail úd gur ceapadh é chomh fad ó
le tosach na seachtmhadh h-aoise deug. Cuirim
cugat é 'dir cheol a's eile agus b-feidir nar'
bh-fearr an nídh a dheunfá ná é chur 'san iris.
Timchioll an cheóil, so mar a deir
Pétrie:— “It is a melody of no ordinary
beauty — perfectly Irish in the artful regu-
larity of its construction, and deeply im-
pressed with those peculiar features which
would give it a claim to a very remote,
though, like most of our fine airs, an un-
known and undeterminable antiquity.”
Ní raibh, do reír dealráighthe, ann abhrán
Cúrnáin acht na ceithre ceathramhna, mar ná
baineann an dara ceann — mar atá sé san
iris — leis acht oiread. Is ceathramha í so
de abran eile .i. “Maire milis seim;” act
ní fheacaidh me ariamh acth an t-aon roinn
amháin so. Tá se san dara leabhar de Har-
diman's Irish Minstrelsy ag taobh duile-
óige 423. mar a leannas —
A mháire is tu mo grádh, a's gradh mo chroidhe
do grádh,
Grádh sin gan donas gan éisling,
Grádh ó aois go bás, grádh ó bhaois ag fás,
Grádh chuirfidh go dluth faoi chré me;
Grádh gan súl le saoghal, grádh gan tnuth le
spréidh
Grádh d' fág me cráidhte a n-daorbroid,
Grádh mo grádh tar mhnáibh, a's a shamhail súd
de grádh.
Is an-nuadh é le fághail ag aen fhear.
Uilliam O'Ceallaigh.
Lom-na-Seacán, 20ad lá Iúil, 1888.
PÉARLA AN BHROLLAIGH BHÁIN.
I.
Atá cailín deas am' crádh,
Le bliadhain agus le lá,
Is ni fhéadaim a fághail le bréagadh;
Ní'l aiste chlis le rádh,
Dá g-canaid fir le mná,
Nár chaitheamair gan tabhacht léi-si:
Do'n fhrainc nó do'n Spáin,
Da d-teigheadh mo grádh,
Go raghainn-si gach lá dá feachain,
Is mar a bh-fuil sé a n-dán
Duinn an ainnir chiúin seo d' fhágail
Uch! Mac Muire na n-grás d' ár saoradh.
II.
'Sa chailín chailce bhláth
Dá d-tugas searc is grádh,
Ná tabhair-si gach tráth dham éradh;
'Sa líacht ainnir mhín am dheáigh,
Re búadh is maoin 'na láim,
Da n-gabhamais a t áit-si ceile:
Póg is mile fáilte,
'S barraidhe geal do lámh,
Asé 'níarrfuinn-si go bráth mar spréidh
leat;
'S mar an damhsa 'taoi tu a n-dán,
A Péarla an Brollaigh bháin,
Nár thígh mise slán ó'n n-aonach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11