Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Dara Rann de Ghníomharthaibh an Chait. The Second Part of the Feats of the Cat.

Title
An Dara Rann de Ghníomharthaibh an Chait. The Second Part of the Feats of the Cat.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN DARA RANN DE GHNÍOMHARTHAIBH
AN CHAIT.



THE SECOND PART OF THE FEATS OF
THE CAT.



Ní raibh cat chomh bréagha leis a g-clár
Luirc aoibhinn,
Ná a shamail le faghail o thragha na
díleann;
Bhí croídheamhail láidir áluin gníomhach,
A's mo nuar go bráth mo phániteach claoidhte.
Niór dhíon do'n ngall-luch poll ná áirse,
Ar teacht na Samhna ná a niam an cáithte,
Dá maireadh Mathghamhuin ba rogha lé bás
d'fhághail,
'S anois o's fann é foghalfaid m'árus.
Ní raibh go feasach a shamhail ag-clár
Luirc:—
Do sheinnfeadh cronán chomh binn le cláir-
seach,
Do bhreugfadh leinbh is daoine ársaidh.
A's do thugadh cearc-uisge go minic chum
Mháire.
Do thugadh an traghnach asteach o'n b-páirc
leis:
Do thugadh o'n sgairt an lon 'sa smólach;
Do thugadh an creabhar 'san gabhairín-reódhadh
leis,
'S breach o'n linn leis, nídh nár dhoígh libh.
Do thugadh an míolbuidhe asteach ar nóin leis.
'San paínteach coinín as ghoirtín dhomhnaild;
Na gealbhuinn tíghe as díon an t-seómra,
'San chuaichín bhuidhe a claoidh níor mheoin leis.
Do thugadh o'n mhóin an meannán aeidhir leis;
An philibín míoc 'san faoilean gléigeal;
Na cearca fraoich de dhruim an t-sléibhe,
A's de'n chiairseach ramhar do ghnídheach a
bhéile.
Do bhreugach go minic an leanbh dob' oíge,
Le crónán milis do sheinneadh mar cheól
cruit',
Budh chliste bheireadh ar imiol a chota;
Dá tharruint ó'n d-teine air eagla a dhóighthe
Is lúthmhar, tapaidh do phreabadh anáirde
A m-bárr crainn úbhal a's thugadh seacán as;
Do thugadh go minic leis lacha nó bárdal;
Feadoígín mhilis no pitrisg áluinn.
Do thugadh go dearbh as bhárra an chaisléin
leis,
Cága, seabhaic is druide 'na d-táintibh;
Do thugadh o'n bh-fearann na cearca feadha
leis,
Colúir is gearra-guirt re tuile na trách-
taim,
Ní raibh a shamhail ar thalamh na Fódla;—
Seang-chat dathanach, bastalach, córach;
Tréightheach, taithniomhach, meanmnach, deóraidh,
Leómhanta, greanamhar, acfuinneach, treórach.
Budh dheas a cheann 'sa chealltar gleoidhthe,
Budh dheas a theanga 'sa ghreann feasóíge;
Budh dheash a dhrom 'sa chom budh chórach.
'Sa mhása teann, chomh sleamhuin le h-omra.


L. 70


Ní raibh a shamhail 'san Eóruip, —
Ar luth, ar mhire, ar ghol, is ar chródhacht.
Ní raibh laoch ná curadh, ursain na ollamh,
Ar fhod na cruinne ná raibh sealad do ag
fóghnamh.



VOCABULARY, NOTES &C.



Clár Luirc, one of the names of Ireland.
Trághadh, g. -áighte, pl. id. an ebbing; dile, g. eann, pl.
-eanna, the deluge.
Aluinn, compar. áille, adj. beautiful; croidheamhuil,
compar. -mhla, adj. hearty.
Gníomhach, comp. -aighe, adj. active; monuar, alas, inter.
claoidhte, p.p. overcome.
Luch, g. luiche, pl. lucha, a mouse; luch francach = gall-
luch, a rat.
Díon, g. dín, pl. id. a shelter, defence; áirse, g. id. pl.
-sídhe, an arch.
Samhuin, g. -mhna, All Saints; cáthadh g. cáithte, a win-
nowing.
Mathghamuin g. -mhna, pl. id. the cat's name; properly a
bear. Dá maireadh = dá mairfeadh, had [the cat]
lived, budh rogha lé bás d'faghail, the rat would
rather die, literally, it would be a choice with her to
die; foghalfaid [the rats] will plunder, m'árus, my
home.
Feasach, knowing, known; ní raibh go feasach, either
there was not, it is known, or there was not known.
Cronán, g. -áin, a purring.
Bhreugfadh [sé], it would amuse; do bhreugach, Munster
pronunciation of do bhreugadh, it used to amuse;
cearc-uisge, a water hen, a coot. Gabhairín-reodhadh
recte, reodhtha, gen. (gabhar, a goat, reodhadh, frost,
ice), same as meannán aeidhir, a snipe.
Creabhar, g. -air, a woodcock. Miolbuidhe = miol-
mhaighe, a hare.
Gealbhan, g. -ain, sparrow, or gealbhonn, pl. -bhuinn.
díon, g. dín, thatch.
Seómra, a room, a parlour, pl. -raidhe, gen. sing. with
the article, an t-seomra.
Cuaichín, g. id. a little cuckoo; meoin for méin, a desire.
Meannán aeidhir (meannán, a kid, aeidhir, gen. of aer,
the sky), a snipe, from its cry, like a kid's.
Pilbín or filbín, a lapwing; pilbín míoc, a plover in
Waterford.
Faoilean, a seagull.
Cearc, g. circe, a hen; fraoch, g. fraoich, heath; cearc
fraoich, grouse.
Ciairseach, g. -sig, a female blackbird in Waterford,
otherwise ceirseach, a thrush.
An leanbh dob' óige (do budh óige), the youngest child.
Imioll, the border; dóghadh, g. dóighthe, burning; air
eagla a dhóighte = é do dóghadh, lest he should be
burned.
Feadóg, a grey plover, bárdal, a drake — in Waterford,
the b is aspirated, bhárdal.
Pitrisg, a partridge, cág, pl. -ga, a daw; seabhac, pl.
-bhaic, a hawk; droid, g. de, pl. id. or -deanna,
a starling; tain, pl. nte, a multitude.
Caisleán, g. -léin, a castle. The poet certainly said
chaisleáin.
Gearraguirt, quails; seang-chat, a slender-cat; bas-
dalach, gay.
Córach, well-shaped; acfuinneach, able; cealltar, the
appearance of the face.
Greann féasoige, beauty of a beard; más, a hip, thigh;
omra, amber.
Luth, activity, vigour; mire, madness, levity, frolic; in
Munster it signifies swiftness, as mear signifies swift;
goil, valour; cródhácht, bravery.
Ursain for ursa, a prop., here figuratively for warrior;
cruinne, the globe.
Fóghnamh, inf. or part. of fóghain or fóghuin, serve: ag
Fognamh, in service.



Páinteach I do not know, nor the English for seacán;
cearca feadha, I can only guess at. Any reader who
can explain these terms ought to write to us. Deoraidh
and treórach, too, are dark in the poem.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services