Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeul Sheaghain Mhic Bradáin. (Air Leanamhuin.)

Title
Sgeul Sheaghain Mhic Bradáin. (Air Leanamhuin.)
Author(s)
Folan, John,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Collector
Clann Conchobhair
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGEUL SHEAGHAIN MHIC BRADÁIN.



(Air Leanamhuin.)



Ann sin do sgread an fátach go g-clois-
feá seacht míle air gach taobh é, ag iarruidh
agus ag athchuinge cara (caradais) agus
coimirce. Dheimnigh se go d-tiubhradh sé
saidhbris mórluacha agus seodtaisge dhó,
an oiread agus d'fheudfadh congbhail le n-a
shaoghal é agus a chaisleán air a sheilbh
freisin. Leis an meud sin do gheall sé,
dar brígh na n-dúl, go d-tiubhradh sé a
chlaidhmhe soluis do Sheaghan 'n-a cheann sin;
óir, ars an fáthach, “is tu an gaisgidheach is
feárr a casadh a riamh orm.” “Seachuid
dham an chlaidhmhe sin,” ar Seághan, “go
bh-feuchfainn fuirthi.” Do sheachuid se dhó í.
D'fheuch Seághan orthuí agus do thaithnigh sí
leis go mór. “Cia air an bh-feuchfad-sa í
so,” dubhairt sé leis an bh-fáthach. “Feuch air
an smután sin thall,” ar sesion. “Do chrádh
nár rádh tú,” ar Seághan, “ní fheicim smután
air bith ann is gráineamhla ioná do smután
féin,” ag tarruinnt buille air an bh-fáthach
go gród, mear. Sguabadh an chloigionn dhe
agus do cuireadh ag feadghaoil í seacht míle
suas anns an aer. Air amharc do Sheághan
an ollchloigionn ag teacht chuige anuas do
thug sé friothbhuille cúlláimhe dí agus do
chuir sé air ais í. “Níor mhór dhuit,” dubhairt
an chloigionn, “dhá d-teithfinnse air ais air
an g-colainn cheudna feara fáil ní bhain-
feadh anuas mé.” “Ní le thu leigean air
air ais do bhain mise anuas thú,” d'fhreagair
Seághan. Ann sin do thug sé an chloidhme
soluis agus a chuluidh ghaisge leis agus do
chuir sé i d-taisge iad. Iar d-tarruinnt
anála agus leigean i sgíth dhó tamall, thosuigh
an n-óidhce ag tuitim agus, air fheicsin dho
go raibh sé chomh deireanach sin, do chruinnigh
sé na gabhair go deithneasach agus do sheol
sé a' bhaile iad. Ionns an am cheudna do
ghlac imnídhe an máighistir air fhad agus do
bhí sé gan filleadh, agus d'feuc sé amach go
minic ag teacth an tráthnona, mar do bhí
fios aige nár chuir sé aen bhuachaill ariamh
ann sin nar mharbh na fáthaigh. Faoi dheire
do chonnaic sé Seághan ag tiomáin na
ngabhar a bhaile. Do ghlac áthas mór é go
raibh sé slán, beo th'réis an lae. Dho chuir
an maighistir fáilte a bhaile roimhe agus
d'orduigh sé dhó gan fanamhuint chomh deir-
eanac sin an cheud tráthnóna eile, agus, ars
an maighistir, “innis dham, a Sheaghain, cia
mar ar chaithis an lá.” “Ó, ar Seághan do


L. 59


chaitheas go buacach, sultmhar é.” “Is maith
liom sin”; ars an sgológ; “suidh síos ag
do bhéile, mar a tá sé i n-am.” Do bligheadh
na gabhair fhad agus bhidheadar ag comhrádh
agus ní raibh an oiread bainne aig na
gabhraibh aen lá roimhe sin agus do bhí an lá
sin. Do chaith Seághan a phrainn agus ann
sin dubhradh leis dul air a leaba. Is é so
an nidh do righne sé gan fad-fhuireachd air
son na traochachda a bhí air, agus do chodail
sé go saimh, suaimhneach go scarthanaigh an
lae. Chomh luath agus d'eirigh sé duaidh sé
a cheudproinn agus nuair do bhi sin thairis
d'imthigh sé agus sheol sé roimhe na gabhair
go d-ti an áit cheudna a raíbh sé an lá
roimhe. Do shuigh sé síos air thuanán ghlas
go ceann tamaill. Faoi dheire dubhairt sé
“Rachfad-sa isteach agus feuchaidh mé le
roinnt de na h-ubhlaibh sin a thabhairt liom
arís.” D'eirigh sé do léim, do bhuail sé Cos i
lár an bhalla, lámh i n-a bhárr, agus bhi sé
istigh go tapaidh. Ní raibh an dara h-úbhall
bainte aige nuair léim ceann de na gabh-
raibh isteach trasna chuige. “Meig! meig!”
ars an gabhar, “tabair damsa úbhall.”
“Shorro dhíot,” ar Seághan, “ní fhuil an dara
h-ubhall bainte agam féin fós, agus nach
eusguidhe do lean tú mé? Acht bhéarfaidh
mé ubhall duit.” Do chaith sé ubhall chuici
agus d'ith sí go cíocrach é. Do bhí sé ag
baint ceann eile nuair do léim an dara
gabhar tars an tórainn isteach. “Meig
meig!” ars an dara gabhar, “caith chugam-
sa ceann eile.” “Do chrádh nar fhághaidh tú;
is beag atá agam féin fos,” ar Seághan;
gidheadh do caith sé ceann chuici. Do bhuail
sí cos air agus do chuir sí fiacal ann. Do
bhí sí dhá itheadh agus dúil mhór aici ann nuair
d'airigh an tríomhadh gabhar na gabhair eile
istigh. Ní córa daoibh ná damhsa ag dul do
léim air an g-cloidh agus isteach leithe.
“Meig, meig!” ar sise, “roinn liomsa.”
“Shorra dhíot,” dubhairt sé, “dar n-dóigh, is
beagán atá agam séin, acht mar sin fhéin,
so, ceann duit.” D'fhan sé 'san am cheudhna
ag itheadh ubhall milis, n-deaghbhlasta le seal
geárr, agus bhí meisge fíona agus sásamh
seinmhidh ionn gach ubhall díobh. B' amhlaidh
a bhí se ag blas agus ag slugadh na n-ubhall
nuair chonnaic se an spéir ag dubhchan agus
muaisg air an ngréin leis an deatach do bhí
ag eirghe de'n talamh. Agus táinic torann
mór uaimhneach go g-cloisfidh tú seacht míle
roimhe agus seacht míle 'n-a dhiaigh é. Fa
dheoigh do chonnaic Seaghan fáthach mór adhbhal
eile dhá chloigionn agus dhá cholainn, níos
mó agus níos ádhbuilte ioná an fathach fior-
ghrána neartmhar do thárla air an lá roimhe,
agus é ag marcuigheacht air each ghlas, do bhí
chómh mór le dhá cheann, agus a chlaidhme
teine ionn a láimh go bh-feicfeá lonradh
dealrach an chloidimh fo na milteadh. Do
sgread an toirteachar uathbhásach go h-árd
go ghlór gharbh, fiochmhar, — “Fúbh! fáth!
feusóg! fághaim baladh an Éirinnigh bhreu-
gaigh, bhradaigh.” Acht nuair a chonnaic se
Seaghan anns an g-crann do sgread sé go
feargach, nimhneach, “Ceur'd do thug ann so
thú?” D'feuc Seaghan air acht níor fhreagair
sé é. Ann sin dubhairt an fathach, “Cia is
feárr leat troid le sathadh sgeannadh glasa
i m-bárr easnachadh no caraidheachd air leac-
rachaibh dearga teine?” “Sgread mhaidne
ort,” dubhairt Seágan, “a rud ghránda, ní
fhuil é cóir ná ceart a thabhairt duit do
tháinic mise ann so, acht le gach cóir agus
ceart a bhaint díot.” Do bhí a cholg soluis
ionn a láimh aige le'r dhíongfadh sé solus i
n-dorchadas. Leis sin rugadar air a chéile
agus thosuigheadar ag caraidheachd air leac-
rachaibh dearga. Do bhí siad ag cur soluis
le n-a g-cosaibh as na leacrachaibh do bhí ag
eirghe ó na h-aithinniochaibh ionns an aer go
righne siad bogán de'n chruadhán agus crua-
dhán de'n bhogán go d-tarruingeadar uisge
as na clochaibh agus go n-dearnadar clocha
de'n uisge le neart a g-cnámh. Acht d'eirigh
le Seághan th'réis aimsire fada na cosa a
bhaint uaidh. Tháinic spideóg an bhrollaigh
dheirg air an g-cloidhe le n-a n-ais agus is
iad so na focla do labhair sí. “A Sheaghain,
Mhic Bradáin,” ar sise, anois an t-am, agus


L. 60


ma leigeann tú thart é atá tú críochnuighthe.”
Air chloisdin na bh-focladh so do Sheághan do
tháinic neart na g-ceudaibh fear ann agus
meisneach dhá réir. Do rug siad air a
chéile arís; air an dara casad do thug sé
do'n fhathach do chuir sé síos go d-tí na
glúine é. 'Na diaidh sin do chuir sé go d-tí
'n chom é, agus an treas iarrachd do thiom-
áin sé síos go d-tí 'n smig é. Ann sin do
chaill an fathach a dhánacht agus a mheisneacht
agus do sgread sé go ghlór ard, gharbh ag
impighe go h-úirísiol, laig-fpiriodthach air
Sheaghan cara agus coimirce. Do dhearbhuigh
sé go m-béarfadh sé morán saibhreas dhó, an
oiread agus choingbheochadh le n-a shaoghal é
agus a chaisleán agus a chulaidh gaisge
freisin. Leis an meud sin do gheall sé,
dar anamnaibh a shinsear, go d-tabharfadh
sé a chlaidhmhe soluis do Sheághan, aig admháil
go m-budh é an gaisgidheach is feárr a casadh
ariamh leis. “Seachuid dham an chlaidhme
sin,” ar Seághan, “go bh-feuchfainn uirri.”
Do shín sé dhó í. Air fheuchaint uirri do
Sheághan do thaitnigh sí leis go mór. Cia air
an bh-feuchfaidh mé í so dubhairt sé leis an
bh-fáthach. “Feuch air an smután sin thall,”
ar sesion. Do chrádh nár rádh tú,” ar
Seághan, “ní chídhim smután air bith is grán-
amhla 'ná do smután féin,” ag tarruint
buille air go mear. Sguabadh an chloigionn
dhe agus do cuireadh ag feadghaoil í seacht
míle suas ionn s-an aer. Air fheicsint do
Sheaghan an chloigeann ag teacht chuige anuas
do thug se buille cúlláimhe dhi agus do
chuir se air ais í. “Níor mhor dhuit,”
dubhairt sí “dha d-teithfinnse air ais air an
g-colainn g-ceudna, feara fáil ní bhain-
feadh anuas mé.” “Ní le thu leigean air
ais do bhain mise anuas thu,” dubhairt
Seághan. Ann sin do thug sé an chlaidhme
soluis agus a chuid euduigh leis agus do
chuir sé i d-taisge iad.



Le bheith air leanamhuin.



VOCABULARY.



Go g-cloisfeá, that you might hear, 2nd form, for cluin-
feá from cluinim, I hear; in fine, cluinsin and
cloisdin.
Cara, for caradais, gen. of car, amity.
Coimirce, gen. of coimirc, quarter.
Go d-tiubhradh, 2nd form of tabarfadh, condit. of
tabhairt, to give.
Le n-a shaoghal, for his life.
Chongbháil, now always pronounced coingeál.
Freisin, also, besides.
Na n-dúl, of the elements.
Claidhmhe, 2nd form for cloidheamh, a sword, is m. and f.
N-a cheann sin, literally, on its head that, i.e., over and
above.
A casad a riamh orm, that I have ever met; literally,
that was turned over on me. Instead of orm, liom
may also be used. Both are used in Connaught, but
only orm in Munster in this phrase.
Feachuid dham, hand me.
Fuirthi, for uirri or uirre, on her. For is an older form
of ar. Fuirthi refers to the sword, which is often
made feminine in the west, though grammarians give
it as masculine.
Do chrád, &c. You evil fate, that you had not said so!
Tarruignt for tarruing, to draw. Ag t-buille, making
a stroke.
Friothbhuille culláimhe, a back-handed return stroke.
Níor mhór duit, it is a good job for you.
Feara fáil, any men in Ireland, literally, men of
destiny. Feara is an old plural of fear for fir and
fáil is the genitive, as found in lia fáil, Inis Fáil,
&c.
Bain anuas, cut down, cut off.
culuidh gaisge, coat of armour, warrior's equipment.
Chur i d-taisge, to put away in a safe place.
A bhaile, home.
Imnidhe, anxiety.
Air fhad agus a bhí sé, for the length of time that he was.
Do choinnaic, he saw. Connairc is never used in the
spoken language.
Th'réis for tar éis. after.
Fanamhuint, to wait; another form is fanacht.
Cia mar, how, for ciannos or cia an chaoi.
Buacach, jolly.
Béile, a meal, a dinner.
Fhad agus, whilst.
Prainn, a dinner; also proinn.
Fad-fhuireacht, much delay.
Taochachd, fatigue.
Scarthanaigh, the dawn, the separation of the day from the
night, from scar, to separate.
Duaidh sé, an irreg. past tense of ith, to eat.
Nuair do bhi sin thairis, when it was over.
Tuanán, a mound, hillock.
Go ceann tamaill, for a short time; literally to head of a
space-of-time.
Tapaidh, quick.
Bainte, pulled. Buain is used for reaping corn; bain
for pulling fruit.
Trasna, across (the boundary wall).
Cuici, sí, &c. These words are applied to the goat,
although Gabhar is masculine, just as one would say
is deas an cailín í, although cailín is masculine.
Do crádh, &c. Bad luck to you! that you may not get
any.
Mar sin fhéin, pronounced mar sin héin, all the same,
for all that.


L. 61


Meisge fíona, the exhilaration of wine and the satiety of
old mead. The same expression occurs in many old
Irish tales, as in that of Diarmuid and Gráinne.
B'amhlaidh, it was thus.
Dubhchan, to darken.
Toirteachar, monster, from toirt, a bulk, strength.
Colg, a sword.
Dhíongfadh, form for dhéanfadh.
Dha réir, in proportion, accordingly. The repetition in
the latter part is necessary to reproduce the manner
of the original.



An méid sin do dallog, do caochag, do meallág.
That number who were dazed, who were blinded, who
were deceived.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services