Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Monachar agus Manacar.

Title
Monachar agus Manacar.
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Collector
De hÍde, Dúghlas
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MONACHAR AGUS MANACAR.



Written by An CHRAOIBHIN AOIBHINN, for the
Gaelic Journal.



Dfhóghlaim me an sgeul so a leanas fad o
shoin, ó shean fhear, i g-Conndaé Roíscomáin,
acht creidim go bhfuil sé le fághail i
g-cuíge Múmain mar an g-ceudna. Tá
se cosmhuil leis an sgeul Beurla sin.
The House that Jack built, acht tá se níos
faide go mór 'ná é agus tá níos mó alt
ann. Ni'l teanga air bith nach bhfuil rud
eigin mar sin le fághail innti act is faide,
an piosa so a leanas 'ná aon nidh den'
t-sórt cheudna d'á bhfacaidh me ariamh.



Bhi Monachar agus Manachar ann, fad
o shoin, agus is fad o bhi, agus dá mbheith-
eadh siad ann, an t-am sin, ni bheitheadh siad
ann anois. Chuaid siad amach le chéile ag
baint sugh-craebh, agus an méid a bhaineadh


L. 52


Monachar d'itheadh Manachor íad. Dubhairt
Monachar go rachfad sé ag iarraidh slaite a
dheunfadh gad le crochadh Mhanachair a d'ith
a chuid súgh-craébh, agus tháinig se chum na
slaite.



“Go m-beannuighidh Dia dhuit,” ar an tSlat.
“Go m-beannuighidh Dia' 'gus Muire dhuit.”
“C'fad a rachfas tu?” Ag iarraidh slait'
a dheunfadh gad, a chrocfadh Manachar, a dh'ith
mo chuid sugh-craebh.



Ní bhfuighfidh tu misi ars an t-Slat go
bh-fágh tu tuagh a ghearrfas me. Tháinig se
chum na tuaighe. “Go m-beannuighidh Dia dhuit.”
Go m-beannuighidh Dia gus Muire dhuit.
“C'fhad a racfas tu?” Ag iarraidh tuaighe,
tuagh a gheárrfadh slat, slat a dheunfadh gad,
gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid
sugh-craebh.



“Ni bhfuighfidh tu misi,” ars an Tuagh, “go
bh-fágh tu leac a chuirfheas fáobhar orm.”



Thainig se cum na leice.



“Go m-beannuighidh Dia dhuit,” ars an leac,
“Go m-beannuighidh Dia gus Muire dhuit.”
“Cfhad a racfas tu?” “Ag iarraidh leice,
leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a
ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a
chrocfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-craebh.



“Ni bhfuighfidh tu misi” ars an leac “go
bhfágh tu uisge a fhliuchfas me.”



Tháinig se cum an uisge. “Go m-beannuighidh
Dia dhuit,” ars án t-uisge. “Go m-beannuighidh
Dia 'gus Muire dhuit.” C'fhad a rachfas tu.
Ag iarraidh uisge, uisge a fhliucfadh leac,
leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a
ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a
chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-craebh.



Ni bhfuighfidh tu misi ars an t-uisge go
bhfágh tu fiadh a shnámhfas me.



Tháinig se cum an Fhiaidh, go m-beannuighidh
Dia dhuit ars an fiadh. Go m-beannuighidh Dia
'gus Muire dhuit. Cfhad a rachfas tu. Ag
iarraidh fiaidh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge
a fhliucfadh leac, leac a chuirfeadh faobhar
air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a
dheunfadh gad, gad a chrochfadh Manachar a
d'ith mo chuid sugh-chraebh.



Ni bh-fuighfidh tu misi ars an Fiadh go bhfágh
tu gadhar a ruaigfeas me.



Tháinig se cum an ghadhair. Go m-beannui-
ghidh Dia dhuit ars an gadhar. Go m-beannui-
ghidh Dia' gus Muire dhuit. Cfhad a rachfas
tu? Ag iarraidh gadhair, gadhar a ruaigfeadh
fiadh, fiadh a shnamhfadh uisge, uisge a fhliuchfadh
leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh,
tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh
gad, gad a chrocfadh Manachar a d'ith mo
chuid súgh-craebh.



Ni bh-fuighfidh tu misi, ars an gadhar, go
bhfágh tu greim ime a chuirfeas tu ann mo
ladhar.



Tháinig se chum an ime. Go m-beannuighidh
Dia dhuit ars an t-im. Go m-beannuighidh Dia
'gus Muire dhuit. Cfhad a rachfas tu? Ag
iarraidh ime, im a rachfadh i ladhar ghadhair
gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh
uisge, uisge a fhliuchfadh leac, leach a cuirfeadh
faobhar air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat,
slat a dheunfadh gad, gad a chrocfadh Mana-
char a d'ith mo chuid súgh-craebh.



Ni bhfuighfidh tu misi ars an t-im go bhfágh
tu cat a sgríobfas me.



Thainigh se chum an chait. Go m-beannuighidh
Dia dhuit ars an cat. Go m-beannuighidh Dia
'gus Muire dhuit. Cfhad a rachfas tu? Ag
iarraidh cait, cat a sgríobfadh im, im a
rachfadh i ladhar ghadhair, gadhar a ruaigfeadh
fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fhliuch-
fadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air thuaigh,
tuagh a gheárrfadh slat, slat a dheunfadh
gad, gad a chrochfadh Manachar a d'íth mo
chuid sugh-chraebh.



Ni bhfuighfidh tu misi ars an Cat go bhfágh
tu bainne a bheurfas tu dham.



Thainig sé chum na bo. Go m-beannuighidh
Dia dhuit ars an Bho. Go m-beannuighidh Dia
'gus Muire dhuit. Cfhad a rachfas tu. Ag
iarraidh braoin bainne, bainne a bheurfainn
don chat, cat a sgriobfadh im, im arachfadh i
ladhar ghadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh,
fiadh a shnamhfadh uisge, uisge a fhliuchfadh
leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh,
tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad,


L. 53


gad a chrochfadh Manachar, a d'ith mo chuid
sugh-chraébh.



Ni bhfuighfidh tu aon deór bainne uaim-se
ars an Bhó, go bhfágh me sop tuighe uait.



Tháinig se chum na m-buailteóiridhe. Go m-
beannuighidh Dia dhuit ars na buailteóiridhe.
Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhibh. Cfhad
a rachfhas tu? Ag iarraidh sop tuighe uaibh á
bheurfaínn do'n Bhó, an bho a bheurfadh bainne
dhom, an bainne a bheurfainn don chat, an
cat a sgríobfadh an t-im, an t-im a rachfadh
i ladhar ghadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh,
fiadh a snámhfadh uisge, uisge a fhliuchfadh
leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh,
tuagh a gheárrfhadh slat, slat a dheunfadh
gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo
chuid sugh-chraébh.



Ní bh-fuighfidh tu aon shop tuighe uaim-se
ars na Buailteóiridhe go dtiubhraidh tu
ádhbhar cháca dhuínn ó'n Muilleoír sin shuas.



Thaínig sé chum an Mhuilleóra. Go
m-beannuighidh Dia dhuit ars an Muilleóir.
Go m-beánnuighidh Dia 'gus Muire dhuit. Cfhad
a rachfas tu? Ag iarraidh ádhbhar cáca a
bheurfainn dona bhuailteoíribh, na buailteó-
iridhe a bheurfadh sop tuighe dhom, sop tuighe a
bheurfainn d'on bho, an bho a bheurfadh bainne
dhom, an bainne a bheurfainn don chat, an
cat a sgríobfadh an t-im, an t-im a rachfadh
i ladhar ghadhair, an gadhar a ruaigfeadh fiadh,
an fiadh a shnámhfadh uisge, an t-uisge a
fhliuchfadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air
thuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheun-
fadh gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo
chuid sughcraébh.



Ui bhfuighfidh thu aon ádhbhar-cáca uaim-se,
ars an Muilleóir go dtiubhraidh tu lán an
chriathair sin d'uisge ó'n abhain chugam.



Ghlac Monachar an criathar ann a láimh,
agus thaínig sé chum na h-aibhne, agus thosuigh
sé ag lionadh an chriathair leis an uisge,
acht cho luath agus bhi an t'-uisge dul asteach
ann, bhi sé rith amach as arís.



Chuaidh preuchán thairis, os a cheann. “Dáb!
Dáb!” ars an preuchán. “M'anam do
Dhia is maith í do chómhairle!” ar Monachar
agus ghlac sé an chréafóg ruadh, agus chuimil
sé le tóin a chriathair í, gur líon sé na puill
a bhi ann, agus chonbhaigh an criathar an t-uisge
ann sin agus rug sé cum an Mhuilleóra é,
agus thug an Muilleóir ádhbhar cáca dho,
agus thug sé an t-ádhbhar cáca dona buail-
teóiribh, agus thug na buailteóiridhe sop
tuighe dho, thug sé an sop tuighe do'n bho, thug
an bho bainne dho, thug sé an bainne do'n chat,
sgríob an cat an t-im, chuaidh an t-im i
ladhar ghadhair, ruaig an gadhar, an fiadh,
shnámh an fiadh an t-uisge, fhliuchaigh
an t-uisge an leac, chuir an leac faobhar
air an tuaigh, gheárr an tuagh an tslat,
rinne se gad de'n tslat, agus nuair
bhi an gad réidh deunta aige, creid misi go
raibh Manachar imthighthe fada go leór
uaidh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services