Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra air an mBuachaill agus air na trí hEalaidhe bhídh fá Dhraoidheacht.

Title
Eachtra air an mBuachaill agus air na trí hEalaidhe bhídh fá Dhraoidheacht.
Author(s)
O'Briain, Padraic,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA AIR AN M-BUACHAILL AGUS
AIR NA TRÍ H-EALAIDHE BHÍDH FÁ
DHRAOIDHEACHT.



Aig Rínn-Cúluisge, in iarthar Chontae
Chorcaigh, ritheann an fhairrge a bh-fhad a steach
anns an tír i g-cosamhlacht le abhainn, agus
is gnáthach leis na buachaillibh do comhnui-
gheann in aice na h-áite cruinniughadh air a
bruach i laethe breaghtha aig imirt cleas.
Lá dá raibh buachaill timchioll cheithre bli-
adhna deug d'aois 'n-a aonar cois na trágha,
do bhídh sé aig feuchain gan faitchios air an
bh-fairrge in a raibh luisne glas-uaine ó
thaithneamh na gréine, agus gan gal gaoithe
anns ann aer. Budh mhinic roimhe sin do
shuidh sé le h-ais na taoide do bhidh anois aig
bualadh a g-coinne na g-cloch fá n-a bhun, acht
shíl sé nach bh-fheacaidh sé ariamh aghaidh an uisge
níos deigh-sgeimheamhla, agus dubhairt sé leis
féin dá m-beidheadh bád aige gur fonnmhar
rachfadh se aig bádóireacht, acht ní raibh bád
'n-a radharc. Le línn feuchain timchioll air
do chonnairc sé clár adhmaid i bh-fhogus do,
agus anns an am g-céadna, do dhearc sé
trí h-ealaidhe aig snámh air bhár an locha
agus iad aig teacht fá n-a dhéighin. D'iom-
poigheadar ann so agus ann sud, acht i
n-diaigh tamaill gheairr tángadar 'n-a
láthair. Do ghlac luathghair mhór an buachaill
aig feicsin cruth na n-eun. Thiomarg se an
mheid brusgair aráin do bhídh 'n-a phocaidh,
agus do thug doibh é le n-ithe. Mheas sé
ná'r budh éin fiadhanta iad, dheabharuidheadar
bheith cómh ceannsa, muinnteardha sin.
Theidhidis comhgharach go leór do, acht gach
uair thug sé iarracht air bhreith orra do theip
air cuimilt leó.



Ní rabhadar a b-fhad 'n-a chomhghar an
tráth shamhluigheadar do bheith aig dul fós
níos mó i m-breaghacht agus i d-taithnea-
mhacht, agus do neartuigh a mhian breith orra.
Dus a dhuil do chur a bh-fheidhim, rug sé air
an g-clár adhmaid, shuig sé air, agus do lean
na h-ealaidhe. Shéol sé an clár do réir
a thoile le n-a lámha do thumadh go dian anns
an uisge mar is gnáthach do dhéanamh le
maididhe rámha. Chongbhaigheadar na h-ea-
laidhe a m-bealach roimhe, acht níor bh'fhéidir
leis teacht suas leó. Budh gheárr go
bh-fhuair sé é féin i lárr na fairrge. Bhídh
sé tuirseach agus do chaith stad d'iomramh,
agus leis sin d'iompaigh a líghthe ann air
eagla nach d-tiocfadh leis casadh air ais go
d-tí'n tír. Acht chnuasaigheadar na h-éin
timchioll air mar bheidhdís aig iarraidh a
buaireamh do chiunughadh, agus chuireadar
d'fhiachaibh air a ghuais do dhearmad. Le cion


L. 42


dóibh, shín sé a lámh go deithneasach chum
breith air an g-ceann budh bhreaghtha dhíobh,
acht do luigh sé ró throm air thaobh de'n
g-clár, do chaill sé a ghreim, agus do thuit
se asteach i d-tonnaibh na fairge.



An tráth mhúsgail sé ó'n g-céad chritheagla
do tháinic air, is amhla bhídh sé sínte air leaba
chlúimh éan anns an g-caisleán budh dheise
dá'r chonnairc súil duine riamh, agus trí
mná uaisle 'n-a seasamh le h-ais na leabtha.
Thóg ceann díobh lámh an buachalla agus
d'fhiafruigh dhe go báidheamhuil cionnas do
thárla dho beith anns an áit sin. “Ní'l
fios agam féin air sin,” dubhairt an bua-
chaill, agus do innis sé dhoibh an míothapadh
tháinic 'n-a shlighe. “An bh-fuil tú sásta
fanmhuin 'nár bh-fochair-ne go deoigh?” ar
an ceann budh óige dhíobh, “agus tá fáilte
againn romhat. Acht má chomhnuigheann tú
annso air feadh trí laetheadh ní fhéadfair
maireachduin ad' thír féin choidhche arís, mar
do ghoillfeadh an ghaoth agus an ghrian ort.”
Bhídh aitios cómh mór sin 'n-a chroidhe le
h-áileacht na h-áite gur gheall sé gan
sgaramhuin leó. Thugadar é ó sheomra go
seomra do'n tigh, agus ní raibh acht ceann
díobh aig breith bárr air an g-ceann eile i
maiseamhlacht agus i saidhbhreas, le cairn
óir agus seóda daora Leigh sé go minic
air Pharathas, agus d'fhiafruigh dhe féin ar
bh'é sin an áit air ar tugadh an t-ainim
céadna.



Mhair sé le mór-athas in a dhuthaigh nuadh air
feadh chuig m-bliadhan, acht fá cheann na h-aim-
sire sin do ghlac se mían dul air ais aig feic-
sin a ghaoil agus a dhaoine muinnteardha.
Air eagla ná'r bh'fheidir do é sin do dhéanamh,
líon sé le brón agus buaireadh aigne, gan
fios do na mná uaisle. Lá dá raibh sé 'n-a
luidhe aig bun crainn, agus na deóra aig
sileadh le n-a ghruaidh, thainic sean-chailleach
mhanntach chuige, agus dubhairt sí leis, “Ma
gheallann tu dhamhsa go b-pósfaidh tu me
béarfaidh mé thú abhaile amárach.” “Ní
phósfainn tu,” ar sé, “dá m-budh leat saidh-
bhreas an domhain.” Níor thúsga chualaidh
sí é aig labhairt na bh-fhocal so ná sginn sí
as a radharc. Anns an am céadna do dhruid
suas leis na trí mná uaisle bhídh fá fgáth
tuir a bh-fhogus do, aig éisteacht leis an
g-comhradh, agus do ghabhadar buidheachas
leis d-taobh an fhreagra thug sé air an
t-sean-chailligh, agus dubharadar mar gheall
air so go d-tógfaidis go d-tí a bhaile
féin é.



In am eirigh gréine, an lá 'na dhiaigh sin,
air mhúsguilt do, bhídh sé 'n-a shuidh air túr-
tán aig bhruach na fairrge, slighe gheárr ó
thigh a athar. An tráth d'fheuch sé thairis
chonnairc sé na trí h-ealaidhe aig snámh anns
an láthrach céadna in a rabhadar chúig
bhliadhna roimhe sin. Bhidheadar aig úmhlu-
ghadh a g-cinn do, mar bheidhidis aig rádh,
“Slán leat a chara ar g-croidhe.” Aig
déanamh so dhóibh, do thumadar iad féin fa'n
uisge agus d'imthigheadar gan fios a d-tuai-
risg. Thriall sé abhaile, agus do innis
an sgeul atá aithriste annso. Mar nach
raibh de chloinn aig a athair agus aig a
mhathair acht é, ní misde rádh gur luath-
gháireach bhidheadar a d-taob a fhilleadh agus
gan súil aca leis. Bhídh iongnadh mór air
na daoine do chlois a sgeul, acht níor creid-
eadar é, gidh go raibh lom na fírinne
aige.



Fá cheann aimsire giorra thainic cíocras
air triall chum na tíre áille do fhág sé dus
amharc do fhághail air a áit dhúthchais agus a
cháirde, act ní raibh eólas aige cionnus do
thiocfadh leis é dheanamh. Bhídh brón air a
athair agus air a mháthair é beith dá bh-fágbhail
agus iad aig dúrtaoibh leis, acht ní thógfadh
sé a g-comhairle. Chuaidh sé go bruach an
locha agus do chrom air chaoi, acht budh neamh-
tharbhach a ghnó, mar ní raibh fios, fáisnéis,
no rún aige cá n-deachaidh na h-ealaidhe.
Níor bh'fhéidir chur d'fiachaibh air fanmhuin ó
an áit sin gan casadh arís ann go bh-fuair
sé bás anns an treó céadna.



PADRUIG O'BRIAIN.



Baile Atha-Cliath, Mí na Samhna, 1887.


L. 43


VOCABULARY.



Aitios, -is, s. m., pleasantry, delight, drollery; bealach,
-aigh, -aighe, way, passage, road; brusgar, -air, pl. id. s.
m., crumbs, fragments; cailleach, -lighe, -leaca, s. f., a
hag, an old woman; cíocras, -ais, s. m., desire, greedi-
ness; critheagla, g. id., s. m., terror, trembling; ciunaigh
— nughadh, v. n. and a., cease, rest, calm, pacify; comh-
nuigheann, v. a. to dwell; cnuasaigheadar, they came
close together; cosamhlach, -da, pl. id., s. m., similitude;
cruth, -otha, pl. id., s. m., a figure, a shape, a form; dea-
bharuidheadar, they seemed, appeared; deithneasach, -aighe,
adj. hasty, ready; druid, inf. druid, druidim, and
druidion, v. a., bolt, draw, approach; dúrtaoibh, v.
trusting to, depending on; dús, comp. prep., in order to;
eala, g. id., pl. aidhe, s. f., a swan; fá n-a dheighin, prep.,
towards him; fáisnéis, s. f., intelligence, information;
gal gaoithe, s. f., a puff of wind; goillfeadh, -leamhuin,
v. a., displease, injure, followed by air; glas-úaine,
adj., green; greim, -eama, -eamanna, s. m. a hold, a
morsel, a pain; luisne, g. id. pl. -neacha, s. f., a blush, a
flame; linn, g. Linne, pl. linntí, s. f., a time, a period,
a race; ligh, g. lighe, pl. lighthe, colour, complexion of the
countenance; míothapadh, g. id., and -uidh, s. m. mishap,
misfortune: maiseamhlachd, -da, s. f., elegance, beauty;
Rínn-Cúluisge, Anglicized, Roaringwater Bay, about 8
miles to the west of Skibbereen; treó, pl. -ódha, s. m.,
place, direction — “Dein treó dham ameasg do aingea-
laibh naomhtha.” — Agallamh an Bháis agus an duine
teinn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services