Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irish as spoken in the East Riding of Cork. An t-seilg air eirghe na gréine.

Title
Irish as spoken in the East Riding of Cork. An t-seilg air eirghe na gréine.
Author(s)
Stúndún, Pádraic,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IRISH AS SPOKEN IN THE EAST
RIDING OF CORK.



An t-seilg air eirghe na gréine.



Maidion bhréagh fhómhair, tímpioll dó nó
trí agus da'chad de bhliadhanta ó shoin, do
mhúsgail m'athair mé le heirghídhe na gréine,
go d-tiúbharfuing chapall liom ó'n bpáirc,
chum dul a bh-feidhil gnótha éigin. Do phrea-
bas thar chnaiste gan muíll, do léimeas
isteach am' bhríste, agus do chaitheas orm
barraspáir mo chuda eadaig go deithneasach.
Do rugas liom aghastor ó'n stábla, agus
air gabháil dam trasna éadain na dara
páirce soir ó'n d-tig, d'airrígheas geóin
agus glamaídheal ionghantach, agus do
bhreithnídheas thríd an m-béiceach gadhar
fiadhaig nó dhó a tiúbhairt teangan, anois
agus arís. D'aithnídheas liúgh bhíng bheódh-
ghlórach “Welcome” air an g-céad ghíog!
Do léimeas a n-drom an chluídhe, agus air
fhéachain soir-ó-thuaig dam, cad do chonnarc?
Leannaíghe dearg-nochdaighthe mná 'na g-cót-
aíghe bána, agus fearaibh ceann-nochdaighthe
cos-nochdaighthe — cuid aco agus gan orrtha
ach a léinteacha — na leannaíghe a béicig, na
mná a liúghairig, na fearaibh a rith, mais-
tíníghe ag amhastraig, agus dó nó trí de
ghadhair fhiadhaig a seinneamh ceóil budh bhinne
liom-sa an uair sin ná'n chláirseach! Air
bhuille na súl, do chaitheas an t-aghastor a
d-tor, agus dob' fhíor shuarach an aimsir do
thóg sé uaim a bheith am dhuine eatartha. Air
mo theacht suas leó, d' fhiafraígheas de'n té
budh ghiorra dham “cad é'n donas so orraibh
chó moch so air maidin?” “Ó! an madradh-
ruadh nár fhág cearc aige Nóra Bhán a
m-Bóthar-an-champtha gan marbhúghadh a réir!”



Soir ling tré churraighthe Hall! do bhídhea-
dar lán d'fhéicheacha fíor-uisge go raibh cóta
fiorthain agus biolair dá g-clúdach. Níor
bh'fhada dhúing a rith, go bhfuaireas me féin
gualaing air ghualaing le Mícheál-Stúndún
.i. mac Nóra Bhán — an buachail budh mhire
agus budh lúchmhaire na measg. Budh
throime é de chúpla cloch 'ná mise — do bhí
gach n-duine aguing a déanadh díthchill chun
tosaig do bheith aige, agus air rith dhúing tré
cheann des na feicheacha, síos lé Mícheál go
d-ti n'oscla! D'fhágas ann-san é, ag
iarraigh é féin do shracadh amach air a cheithre
croibh.



Do ghaibh an madradh treasna h-oun, beagán
síos ó chaisléan Inse Uí Cuing. Thar ouing!
thar ouing! trí shlab go glúine agus uisge
go cramáin! Soir ling trí thalamh Dhomh-
naill Gúl, trí Crích-Mhóir, o thuaig thar
bhóthar Gort-ruadh agus siar thar n-ais arís
de dhruím Inse Uí Cuíng — na gadhair air
tathan go meadhrach agus da chluthúghadh go
dian.



“A bhfogus air a bhonn!
A bhfogus air a bhonn!
A bhfogus air a bhonn mo choileán bán!
A bhfogus air a bhonn,
Thar n-ais cois na h-oun; (na h-abhann).
Ó is geárr do'n bhfoghail mo choileán
bán!”



Do bhíodhmair fliuch salach d'eis gabháil
treasna na h-oun agus do ritheach seanna-
bhean leis an té budh chois-éadroma aguing,
uim an d-taca so, acht do bhí an madradh ró
lán d'éis iomad feóla-circe d'ithe, agus níor
sheasaimh sé a-bhfad. Air dhul isteach dó a
bpáirc mhór chruithneachta le Hall, do bhí
déanta suas 'na stácaíghe, do thug sé “cor
agus ath-chor” timpioll air cheann nó air
chúpla ceann aco, ach ní dhéanfach “cor agus
lán mála” an gnó dho d'iompuigh sé chun
cómhraic agus níor bh'fhada an chath i.



“A fhiaguídhe na h-adhairce,
Cosain do ghadhair uaim;
Táim sracaighthe meillte,
Aig Welcome 's aig Piper,
'S aig Pincher táim creimthe:
Ó! an fada uaim an charruig,
Ionna rachfad ó'n aghnas?”



Air chasadh a-bhaile dham, tréith go leór,
do fuaireas m' athair air gealaig róm; ach


L. 306


tar éis mo sgéil d'ínnsin do, d'imig an
bhuile mhór de. Budh mhinic lá pléisiuir
agam a n-diaigh na ngadhar am' óige, ach
roimhe sin, 'ná ó shoin anuas, ní fheacadh
fiadhach mar an t-seilg-seo air eirghídhe na
gréine.



Pádraic Stúndún.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services