Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Air Pháis agus Bhás Iosa. Part II.

Title
Air Pháis agus Bhás Iosa. Part II.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AIR PHÁIS AGUS BHÁS IOSA.



PART II.



Gabh isteach, cia 'r bith cia thu, óir is grádh
Dé dhuít dhul isteach, agus cabhair, má fhéad-
ainn tu, a thabhairt do 'n duine buaidhearthá
so. Acht, feuch! aig dul isteach dhuit,
fághann tu é sínte air an talamh agus a
eudan faoi; é aig critheadh mar dhuilleog,
aig luighe agus aig eirghe agus aig iompógh
ó thaobh go taobh mar dhuine air a m-beidheadh
arraingeacha an bháis. Teighrigh níos goire
dho agus airígheann tu an talamh in a thim-
chioll fliuch, teith le n-a chuid fola; ácht má
théidheann tu aig tóruidheacht an loit nó an
gheárrtha as a bh-fuil an fhuil sin aig teacht,
ní bh-fuigheadh tu é; óir, ní ó lot ná ó
ghearradh a thagann sí, acht le neart bhuairidh
agus briseadh-croidhe; le neart amhgair
agus dubhróin, tá sí aig briseadh amach, air
nós an alluis, trídh n-a chroiceann agus
aig tuitim in a braonachaidh móra, agus aig
rith in a sruthlogaibh anuas air an talamh.
Árduigh suas a cheann agus dearc isteach
air a aghaidh. Sganruigheann tu. “Aisling
bhreugach mhealltach éigin e so.” “Ní féi-
dir,” déarfaidh tu, “gur b'é so luathgháir na
n-aingeal a tá chomh buaidheartha: ní féidir
gur b'é so sólás lucht' an dubhróin a tá é
féin aig iarraidh sóláis; ní féidir gur b'
é an duine tréigthe so a chuaidh tridh shrái-
deanaibh an bhaile mhóir sin síos, cheithre lá
ó shoin, agus an saoghal mór d' a leanadh, a
ainm in gach beul, agus e bodharaighthe le
moltaibh agus le fáilte na sluaighteadh a
bhí 'n a thimchioll; no, ma's é, tige bh-fuil se
in so, agus tige bh-fuil se chomh buaidheartha?”



Éist, a dhearbhrathair, agus beidh a fhios
agad; éist agus ní bheidh iongnadh ort, acht
an t-iongnadh nár sheulaidh an t-anam as
sul ma bheideadh am do cheist a chuir ná a
fhreagradh.



Bhi Sé n-déis a shuipear dheigheanach ithe le
n-a dheiscioblaibh; bhi Se n-deis a uadhachd
dhéigeanach a dhéanadh agus oighreacht mhor-
luaigh a dhíanghrádh fhágbháil aca-san agus i
g-ceann a g-clainn go deire an domhain;
agus in sin, inar budh gnás leis, chuaidh Sé
amach ins an ngáirdín uaigneach so go
n-déarfadh Sé a chuid paidreacha; acht, le
uathbhás na smuainteadha a tháinic in a inn-
tinn, níor fheud Sé iad a chríochnughadh.
Chuimhnigh Sé, gan amhras, air a mhórdhachd
agus air a chumhachd féin; gur b'aige a
bhí árd-aingle 'sna flaithisibh mar searbhfó-
ghantuidhe; gur b' é a chruthuigh an ghrían,
an ghealach agus na reulta le brigh a thola
amháin — gur b'é a chruthuigh neamh, talamh
agus ifrionn, agus gur b'é a líonas le n-a
láthair iad ó bhárr an ionaid is áirde 'sna
flaithisibh go d-tí íochdar an phoill is doimhne
in ifrionn. Chuimhnigh Sé air an am, ceithre
mhíle blíaghain roimhe sin, 'nuair, n-déis an
chruinne so air a bh-fuilmid in ar g-cómh-
nuighe a chruthughadh, rug Sé air slám beag
láibe; chuir Sé cuma an duine air; shéid
Se le n-a anál isteach ann; bhuail Sé


L. 276


stampa a chosamhlachta féin air. Agus,
n-déis sin, chuir Sé isteach é i n-gáirdín
áluin, aig tabhairt cead dó a rogha usáid
á dhéanadh de gach uile nídh a bhi in sin taobh
amuich do thairbh aon chrainn amháin; agus
bhagair Sé air, air a bhás, gan baint le
tairbh an chrainn sin. Agus mar bhi an
duine sin a rinne Sé de'n láib — mar bhi an
peiste sin a thóg Sé ó'n laithigh, chomh
eas-umhal agus chomh ceanndána agus gur
dhiult sé éisdeacht ná úmhla d' a Thíghearna
agus d' a Chruthuightheoir — mar d'ith se do'n
chrann a bhi toirmisgthe; agus mar chuir Sé
sin an oiread feirige air a Athair agus nach
sásóchadh bás a raibh d'aingil ins na flaith-
isibh na de dhaoinibh naomhtha air an talamh é;
b'éigin dó féin flaitheas d'fhágbáil; b'éigin
dó thígheacht anuas air an talamh; b'éigin
dho dhul faoi bhroinn maighdhine úmhaile agus
nádúir súarach an duine a thóghbháil agus a
greamughadh d' a Naduir Uasal féin, agus
anois, n-déis trí blíadhna deug agus fithche
a chaitheamh in úaigneas, in easbhaidh agus in
anró, bhí Sé brath air an braon déigheaneach
d'a chuid fola a dhórtadh (Bhi a fhios Aige
roimh an am sin amárach, go m-beidheadh
gach uile dheor di sgeithte leis an nghaoith
agus a chorp sínte san uaimh) aig iarraidh
an peacadh do sgrios, aig íarraidh Día do
shásughadh agus an chineadh daonda do shábháil.
— Acht, mo leun! Chonnairc Sé a d-taobh
an chuid is mo do na daoinibh, go raibh Sé aig
cailleadh a shaothair go m-beidheadh an fhuil
sin dóirte in aisge — in aghaidh duine a
bheidheadh sábháílte, go m-beidheadh míle
agus míle damnuighthe; agus in áit an
peacadh a bheith sgriosta na laghduighthe ghur
b' é do bheidheadh se aig méadughadh agus aig
dul air aghaidh. 'Seadh, a dhearbhráithreacha,
'siad na peacaidh a rinne sibse agus mise,
'siad na peacaidh a rinne ar sinnsir a chuaidh
romhain agus a dhéanfas ar g-clann in ar
n-diaig — sin íad na braona searbha a líon
suas go bruach an chupán searbh a d' agair
Sé a tógbháil as amharc; sin íad a chruinnigh
mar chruinneóchadh sgata deamhan as ifrionn
aig rince agus aigh damhsughadh in a thimchioll,
agus a magadh faoi n-a dhíthcheile; O, sin
íad a tháinic anuas air a mhullac, mar
thiocfadh meadhchan sléibhe, aig briseadh a
chroidhe, aig pléasgadh a chuislean agus aig
cur a chuid fola a stealladh amach tre n-a
chroiceann; sin iad a thug air an troimseach
millteach in a bh-fuair tué, troimseach as
n-ár dhúisigh Sé no gur dúisigheadhe é le
brúth agus gleo na saighdiúr a bhi aig
tígheacht le breith air agus le n-a chuir in
báis — aig tigheacht agus duine d' a dheis-
ciobail féin d'a g-cinnireadh — duine a bhi
Sé n-déis árdughadh go d-tí an phosd is áirde
san Eaglais — duine d' ar theásbáin Sé
gach uile shórt fabhar — duine, 'na dhiaigh sin,
a bhi chomh dallta le saint agus gur dhíol sé
a Mháighistear air choróin a's punt. Agus a
bhí anois aig tígheacht, le smiod-ghair Carthan-
nais air a ghnúis agus cealg dubh in a
chroídhe, go saothrochadh se an bhríb, go m-
braithfheadh sé a Mháighistir agus go d-
tabhairfeadh sé seilbh air do na námhadaibh a
bhi cíocrach, mi-fhoigheadamhail chum a bhais.



Is minic, a dhearbhraithreacha, a chonnairc
sibh duine mi-fhortúnach gabhtha i n-geall air
coir eigin do rinne sé no a cuireadh síos
air. Chonnairc sibh é aig dul tridh sraid-
eannaibh an bhaile mhoir le cuing air a lámhaibh
agus greim coileir aig oifigígh an dlíghe
air: dá siúbhailfeadh sé leo, glacfaidis go
reidh é; muna m-beidheadh se ionnan siubhal,
d' iomchairidis é. Acht ní fhacaidh tu aon
chúis aríamh nach shuigheadh an príosúnach
cead e féin a chosaint, ná príosúnach chomh
tréigthe agus nach bh-fuigheadh sé carad no
clíamhuin no comharsa no compánach le focal
a chuir asteach air a shon. Nior bh' ionnan
sin le Iosa. Ní luaithe a bhraith Iudás é;
ní luaithe fuair na sáighdiuirigh greim air
'ná ceangladar a lamha treasna air a
ucht le córdaidhibh cruadha; Chuireadar coi-
leur iarrannach faoi n-a mhuineul; do
fhásgadar teud do 'n choileur sin, agus
tharruingeadar in a n-diaigh é, mar tarruin-
gidís madadh.


L. 277


Arís agus arís do thuit sé le neart
brúghadh agus builidhibh coise; acht in áit
cungnamh ná amháin cead a thabhairt do
eirigh, straoileadar in an-diaigh air a
m-bóthar é, agus, 'nuair a chruinnigh gráisg
an bhaile mhoir, in áit a phairt a thógbhail,
thosuigheadar aig greadadh bas agus aig
sgreadadh amach. “Leagaidh air, an bith-
eamhnach, leagaidh air!” Bitheamhnach, a dhear
bhraithreacha, a bhi chomh neimhchiontach, 'seadh,
míle uair nios neimhchiontaighe 'ná bhi an
páisde a bhi faoi bhroinn a mháthar. Agus
cídh go raibh Sé amhlaidh, agus go raibh fios
aca air, thugadar ó chúirt go cúirt, agus ó
bhreitheamh go breitheamh é, aig cúr sios air
coirtheadh nach m-beidheadh deamhan ifrin cion-
tach ionnta, agus, 'nuair d'fhosgail sé a
bheul le breug a thabhairt do na breugaibh
sin, síneadh go talamh é le dorn ó cheann de
na saighdiuirighib a bhi a thimchioll.



Le beith ar leanamhuin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services