Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Jimmy , mo mhíle stór.

Title
Jimmy , mo mhíle stór.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 215


JIMMY, MO MHÍLE STÓR.



1.
Bliadhain go taca so d'imthigh uaim grádh mo
chléibh,
Ní thiocfaidh 'sé a bhaile go d-tabhairfidh
sé cúrsa an t-saoghail,
'Nuair a thiocfaidh sé a bhaile le fuingimh
ro árd 'na chomair,
Coimhreóchad le mil é, 'sé Jimmy mo mhíle
stór.



2.
Bidheann m'athair 'smo mháthair ag bearradh
's ag bruighin liom féin,
Tá mé giupuighthe, ciapaighthe, piucuighthe,
cráidhte am' shaoghal;
Thug me taitneamh do'n duin' úd budh gile
a's do b'áile nódh,
Á's chuaidh 'sé air bhórd loinge, 'sé Jimmy
mo mhíle stór.



3.
Rachfad ann lúb coille a's caithfid ann an
chuid eile de'm shaoghal,
Anns an áit nach m-beidh aon neach a thabhair-
feadh chugham nuadhacht, ná sgeul;
Ag bun an chrainn chárthainn* mar a bh-fá-
sann ann feur go leor,
Ag tabhairt taithneamh do'n duin' úd, 'sé
Jimmy mo mhile stur.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services