Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchus air anmannaibh Gaedheilge Áiteadh agus air a m-bunadhas. An Dara h-Alt.

Title
Seanchus air anmannaibh Gaedheilge Áiteadh agus air a m-bunadhas. An Dara h-Alt.
Author(s)
Flemming, John - Seághan Pléimion,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEANCHUS AIR ANMANNAIBH GAE-
DHEILGE ÁITEADH, AGUS AIR A M-
BUNADHAS.
Leis an Ollamh Seodhach.



An Dara h-Alt.



Is maith an tamall ó dúbhairt me 'san
Irisleabhar, go m-b'fhonn liom beagán
eile do rádh i d-taobh na h-oibre so 'san mí
do bhí 'n ár g-cionn an t-am sin, acht “ní mar
a saoiltear a cínntear, ná mar a sinntear
a ringctear,” go minic; agus thainig fiche
rud in-diaigh a chéile do bhac dam mo gheall-
amhuin do chomhilíonadh go d-tí so. Ní gádh
dham níos mó a rádh ag moladh na h-oibre
so; a tá a fhios aig gach aon duine anois
nach bh-fhuil aon neach i n-Eirinn do dheanfadh
níos fearr í. Is é is méin liom beagán
de na h-anmannaibh do chur sios ann so air
nach d-tigim féin agus úghdar na h-oibre
le chéile go h-iomlám thimchioll a m-
bunadhas: agus air d-tus tractfam air
Cnoc-na-Croiche.



Is fíor go mínígheann an t-Ollamh Seodhach
an t-ainim so go ceart: 'se sin le rádh, áit
in ar ghnáthach daoine do chur chum báis air
an g-croich, acht ní h-é so is ciall do Chnoc-
na-Croiche a b-parráisde Ráth-o-gCormaic,
a g-contae Phortláirge. Ní tráchtar air
an g-croích anois go brath acht mar ghleus
crochta aimháin; acht 'san t-sean-aimsir
b'ionnan croch agus cros, no crois. Adeir
an t-Ollamh Seodhach go m-budh ghnathach, ó
fhíor-thosach na Críostamhlachda i n-Éirinn,
mar a déantar 'san lá an-diu, croch (crois)
do chur suas i n-iomad d'áitibh: agus is
deimhneach go raibh croch do'n t-sort-sa i g-
cnoc-na-croiche, agus go d-tigeadh na daoine
caoicídheas roímh Fhéil' Michíl aig tabhairt
turuis na croise agus aig tathuighe cleachdadh
craibhtheach eile ann. Agus atá an cleachdadh
ceadna dá thathuighe gach bliadhain aig muin-
tir an parráisde úd go d-tí an lá an-diu air
lá pátrúin Rath-ó-gCormaic, an ceathramhadh
lá deug de mhí meadhoin an fhóghmhair, La na
Croiche Naoimh. Lá na Crochnaoi iseadh
thugaid na daoine air an lá so; acht ní'l
aon tuigsin aca cad, do chralliugheas an
focal: — measaid siad go m-budh naomh í an
Chrochnaoi. Atá Cnoc-na-croiche agus Rath-
o-gCormaic i d-teorainn a chéile, agus is nidh
cinnte go m-budh aon bhaile amháin iad 'san
t-sean-aimsir; acht gur tugadh Cnoc-na-
croiche air an g-cuid de'n m-baile i n-a raibh
an chrois 'na seasamh. Nuair nach d-tuigíd
na daoine ainm áite is gnathach leó sgeul
do cheapadh chum an t-ainm do mhíníughadh
i n-a g-céill féin; agus mar sin, atá sé
mar bheul-aithris ameasg na n-daoineadh
fós go raibh croch 'na seasamh ann aig
Daoinibh Uaisle (Paoraigh Rath'-o-gCormaic),
le h'-aghaidh aon duine do chrochadh do chuir-
feadh mío-shásadh ortha.



Is mar sin do'n ainm eile so, Carraig-m-


L. 162


boirne, air a d-tráchtann an t-ughdar 'san
dara leabhar de'n obair. “Carraig
Múirne,” a deir se, “a b-parráisde Chill
rosantaigh, i b-Portláirge. 'San m-baile
so atá cnoc cruachamhuil,* clochach, agus
carraig mhor air mhullach an chnoic; agus
san g-carraig so astig, comhnuigheann an
bheandraoi Muirean. 'Nuair shéideas an
ghaoth go láidir in airdibh áirighthe tigeann
fuaim feadghala ó scoilteachaibh 'san g-
carraig agus cloistear an fheadghail so
leath mhíle on g-carraig ma g-cuairt tim-
chioll. Ni thuigid muintir na tuaithe creád
if cúis leis an torann úd, agus is cuma
leó; acht a deir siad gur b'í Muirean ata
a' sniomh agus gur b'é siansán a túrain
an fhuaimh úd.”



Atá an cunntus so go léir ceart. An t-
Athair Tomás O Finn do thug an cunntus
uaidh; agus do h-oileadh an sagart so i
radharc an chnoic, agus i g-clos do shiansán
an túrainn; air a shon sin ní h-í Muireann
thug an t-ainm dón chnoc. Is é chialluig-
heann boirn, ait chlochach, no carraig mhor.
Atá an cnoc clochach, sin é an boirn: agus
an charraig air mhullach an chnoic, Carraig
boirne, no Carraig m-boirne.*



Dun-aill, ainm baile agus parráisde i
g-contae Portlairge. Ní deirthear Dun-
aille choidche leis an ait so, acht Dun-oill;
agus ní ón bh-focal aill [gen. aille] tugadh
an t-ainn acht ó all** [gen. aill]. Bliag-
hanta o shoin d'innis me so do'n ughdar,
agus d'aithris me dho an t-ionad a b-páipéir
an Charrúnaigh (Carewe Papers) in a bh-fuíl
an t-ainm sgríobhtha i m-Bearla, Don-ile.
A rís mar dheimhniúghadh air mo thagra dho do
thug me sgriobhta dho an leathrann so: “Má's
maith é Paorach Dhun-aill <ile> is maith é Tadhg
'ac Seáin.” Acht níor chuir sé aon t-suim
ionnam. Fuair sé amach o shoin go raibh me
ceart.



Do bhí anmanna áiteadh eile 'san obair so
nach bh-fuil anois innte. Cnocan-na-biol-
raighe (Watergrasshill) ceann aco so. Acht
ní Cnocán-na-biolraighe é air aon chor, acht
Cnocán-uí Bhillraidhe (Billraidhe sloinne
treibhe daoine do chomhnuigh ann 'san t-sean-
aimsir). D'imthig na daoíne so gan a d-
tuairisg; níor fhan aon chuimhne orra: nior
thuig muintir na h-áite an focal, agus
tugadh Cnocán na-biolraighe air an ait.
Acht dá m-budh o'n m-biolar do bheidheadh an
t-ainm iseadh a dearfaidhe Cnocan-an-
bhiolair.



Cluain-fhiadh (the field of the deer), ainm
an bhaile bhig i na rugadh me. Clonea (ay)
ainm na h-áite so i m-Béarla; acht le
golantacht deirthear Clonee; agus do shaoil
an t-ughdar go m-budh Cluain-eich é so, on
bh-fhocal each, capall. Air nós Dhun-aill,
níor thug sé aon toradh orm a d-taobh an anma
so, agus d'fág sé amach as an dara clodh-
ugadh de'n leabhar é go h-iomlan; acht atá
se 'san leabhar anois mar do mínigh me é.



Foylatalure (faill-a'-táiliúra, the tailor's
cliff) i g-contae Chill-Chainnigh. Do bhí an
t-ainm so 'san g-céad, agus 'san dara cur
amach de'n obair. Acht d'foillsigh an t-athair
Pilib O Mórdha nach raibh faill, ná carraig
ná cloch mhór no bheag 'san áit. O'n bh-focal
poll (a hole), do glaodhadh an baile, mar do
glaodhadh Baile-an-poill, Pilltown, etc.



Atá na ceuda ainm mar so ceartuighthe
san obair nuad: mar a dubhradh cheana is
féidir obair nuadh do thabhaist uirthe le ceart.



Do thug mé beagán d'anmannaibh aiteadh
eile do'n ughdar, acht níor mheas sé go raibh
a m-bunadhas deimhnighthe go h-iomlan. Acht
'is é is dóigh liom-sa go raibh sé féin ro
bhith-chinnte (precise), acht is é locht is fearr


L. 163


air úghdar oibre den t-samhuil so a bheith
bith-chinnte. Cuirfidh me síos ann so cuid
díobh, ag súil go mairfidis a g-cuimhne na
n-daoine tamall níos sia.



Portláirge. Is iomdha tuairim gan chiall
timchioll bunadhais an anma so acht ní fiu
iad teacht tarsa (talk about them) acht
amáin dhá cheann díobh. Isé tuairim Uí
Dhonobhain gurab o Lochlannach éigin do
mair san deachmhadh h-aois do tugadh an t-ainm
— Largo no Laraic ainm an taoisigh so. Ní
tráchtar air acht aon uair amhain in Anna-
laibh Ríoghachta Éireann, agus ni deirtear go
raibh sé a b-Portláirge riamh, acht amháin gur
chreach se teach-moling ó'n bh-fairge.* Anois
atá i b-paráisde Mhaethail, 'san g-contae so
Phortláirge, baile fearainn air a d-tugtar
Munarláirge anois, acht Muin-na-láirge,
a leabhraibh. Is ionnan muin agus drom,
no maol-chnoc, agus is ionnan laarg agus
laghar no gabhal (River fork). Atá an baile
so idir ghabhlaibh abhan, agus atá drom aig
eirghe ós na h-aibhnibh so timchioll urmhor an
bhaile. Mar an g-ceadna do cathair Phort-
lairge: atá laarg no laghar idir an t-Shiuir
agus Abha Naomh Eoin, agus air an laarg
so, do tógadh an Catair, Port-láirge.



Cúl-na-loingide [loinide]. Atá an baíle
fearainn so nach mor í d-teorain le Muin-
na-láirge. Ni loinid (churn-dash) a deirthear
anois a b-Portláirge acht loinithe, agus d'á
bhrígh sin ní'l aon tuigsin air an ainm 'san
g-ceanntar: agus is uime tugadh an t-ainm,
mar gheall air mheid sochair lachta na m-bó
'san m-baile so. Is fiú rud eile a thabhairt
fá deara ann so; go minic láimh le h-ait
bídheann ait eile air a m-bidheann ainm
gaolmhar do'n chéad áit. Mar sin do Chul-
na-loingide, atá Cul-na-h-órna sinte leis.
Agus is aige bun Chnoic-an-túrnóra (turner),
ata Carraig-an-turainn air ar trachtadh
shuas.



Aris, an Ghlas Ghaibhneach is ainm a b-
Portlairge do'n m-bo bheaduighe úd air a
d-tugtar glas gaibhlen* i n-aitibh eile, agus
ata sé ráidhte go n-itheann si lánbéil d'fheur
in gach baile air a bh-faghann sí feur milis.
D'ith sí an greim a g-Cul-na-loingide, agus
greim eile a m-baile atá i n-aon pharáisde
leis darab ainm, — Baile-na-foidhine, agus
is é chialluighrann foidhín moinfheur glas.



Abha-an-t-searraigh (the river Tar). Atá
an abhain bheag so ag gabhail tar chloichin-
an-mharga i g-contae Thiobraid-Arann. Atá
le taoibh na h-abhan so linn bheag, dhoimhin,
dár b'ainm Poll-an-t-seairr. Is ionnan
seárr agus searrach (a foal). 'San leith
shiar d'Éirinn deirtear searrach, agus 'san
Mumhain, sior-rach; agus siorraig [shirrig],
a deirthear 'san Múmain nuair déarfadh an
Connachtach searraigh. 'Nuair tugadh an t-
ainm, Abha-an-t-seárraigh budh mar a chéile
canamhúin na Mumhan agus Chonnacht. Is
dochadh gur bathadh searr (searrach) a b-Poll-
an-t-seairr agus gurab mar sin fuair an
linn an t-ainm. Ata an t-uisge ag rioth as
an b-poll amach 'san abhainn, agus o'n ait a
-teid an t-uisge 'san abhainn sios go n-a
bun deirthear Abha-an-t-searraigh (the River
of the foal).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services