Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Abhráin Grádh Chúige Connacht

Title
Abhráin Grádh Chúige Connacht
Original Title
Love Songs of Connaught
Author(s)
In eagar ag Dubhglas De hÍde,
Pen Name
Craoibhín Aoibhinn, An (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
De hÍde, Dubhglas
Composition Date
1893
Publisher
Gill / Unwin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN CEATRAMHADH CAIBIDIL



ABHRÁIN GRÁDH.



Tar éis na h-abhráin-óil fiadháine mí-chúramacha spórtacha
aéracha so do leughadh, is ceart caibidil chontrárdha dhóibh air fad
do bheith 'gá leanamhaint. Ní mí-chúramach agus eudtrom amháin
atá an nadúir Ghaodhalach. Bíonn mar an g-ceudna, inntinn dhobh-
rónach faoi an ngreann is áirde, agus má leigeann siad orra
beith gan suim i rud air bith acht i spórt agus i bpléráca, ní 'l
ann acht leigean orra. An fear ceudna bhéidheas ag rincge agus
ag spórt, ag ól agus ag glaodhach andhiú béidh sé ag machtnamh
amárach go tinn trom tuirseach ann a bhotháinín bocht aonránach
leis féin ag deunamh crónáin air dhóthchas imthighthe, air shaoghal
caillte, air dhíomhaoineas an tsaoghail seó, agus air teact an
bháis. Ag sin duit an nádúir Ghaodalach; agus an duine sin do
smuaínfeadh nach iad an cineál ceudna de dhaoinibh do rinne na
h-abhráin árd-ghlóracha spórthamhla is-cuma-liom-an-diabhalacha sin
do léigheamar ann san g-caibidil dheireannaigh, agus do rinne na
dánta fíor-chaoine míne maiseacha grádhamhla fheicfeas sé ann san
g-cuid seó i láthair, tá sé go mór amúgha. Tá beatha na nGaodhal
chomh truaighe, chomh dubh doiligh dobrónach sin, agus tá siad chomh
briste brúighte buailte-síos ann a dtír agus a dtalamh féin, nach
bhfághann a n-inntleacht agus a ngeur-inntinn aon áit dóibh féin,
ná aon tslighe le iad féin do leigean amach, acht i ngáire agus
i ngreann iomarcach amadánta, no i g-caointibh agus i g-cúmha.
Feicfimid ann sna dántaibh seo leanas, níos mó de bhrón agus de
bhuaidhreadh, níos mó de chúmha agus de chroidhe-bhrúighteacht, 'ná de
ghreannamhlacht agus de dhóthchas. Acht 'nn a aimhdheóin sin is cos-
mhúil gur b'iad na daoine ceudhna, no an cineál ceudna de
dhaoinibh, do rinne na dánta so leanas, agus na h-abhráin sin do
léigheamar. Ní thig linn sin chrothughadh, agus ní fheuchfamaoid a
chrothughadh, acht cá bhfuil an duine a bhfuil fhios aige air Ghaodhaltacht
na h-Éireann dheurfas'nn ár n'-aghaidh ann so.



Is fir do rinne na h-abhráin uile ann san g-caibidil dheirean-
naigh, acht is mná do rinne cuid mhaith de na h-abhránaibh grádha agus
is go binn brónach rinneadar iad. Cad é an teanga ann a
bhfuighfimid fíor-dhórtadh croidhe bhrónaigh budh mhillse agus budh
mhó cúmha 'ná ann san abhrán so, do rinne maighdean éigin do


L. 4


thug grádh d'fhear nár thuig é. Tá ainm an chailín caillte, agus ní'l
fhios air an ocáid air a n-dearnaidh sí an dán so, na ar aon rud
eile d'á thaoibh, acht amháin go bhfuil an dán féin ann sin. Sin í
an chaoi le trí ceathramhnaibh agus níos mó de na dántaibh ann san
leabhar so; ní mhaireann de na daoinibh do chum iad faoi bhrón agus
faoi gheur-chrádh acht na h-abhráin,



Is buaine port na glór na n-eun
Is buaine focal na toice an tsaéghail.



Ag so an dán do rinne sí, agús is follasach gur chailín-tuaithe
bhí innti.



DÁ DTÉIDHINN-SE SIAR.



Dá dtéidhinn-se siar is aniar ni thiucfainn,
Air an g-cnoc do b'áirde is air a sheasfainn,
'S í an chraobh chúmhartha is túisge* bhainfinn
'Gus is é mo ghrádh féin as luaithe leanfainn.



Tá mo chroidhde chomh dubh le áirne,
Ná le gual dubh dhóighfidhe i g-ceartaidh,
le bonn bróige air hállaidhibh bána,
'S tá lionndubh mór os chionn mo gháire



Tá mo chroide-se brúighte briste,
Mar leac-oidhre air uachtar uisge,
Mar bheidh' cnuasach cnó léis† a mbriste,
Ná maighdean óg léis a pósta.



Ta mo ghrádh-sa air dhath na sméara,
'S air dhath na súgh-chraobh, lá breágh gréine,
Air dhath na bhfraochóg budh duibhe an tsléibhe,
'Gus is minic bhí ceann dubh air chollainn glégil.



Is mithid damh-sa an baile seó fhágbháil,
Is geur an chloch 'gus is fuar an láib ann,
Is ann a fuaireas guth gan éadáil,
Agus focal trom ó lucht an bhiodáin.



†.I. 'r éis, no, tar éis. Labharthar é i g-condaé Roscomáin agus
i n-áiteachaibh eile mar "léis"


L. 6


Fuagraim an grádh, is mairg do thug é
Do mhac na mná úd, ariamh nár thuig é,
Mo chroidhe ann mo lár gur fhágbhuidh sé dubh é,
'S ni fheicim air an tsráid ná i n-áit air bith é.



Sin abhrán nach féidir a shárughadh air shimplidheacht air mhíne agus
caoine agus air dhobhrón doimhin. Ag sin mar fuair mise é, acht
tá dá rann eile ann, do bhí deunta le duine eile gan amhras, cidh
go bhfuair siad áit ann san dán so. Tá an inghean ag labhairt le
na máthair ann san g-ceud rann, agus tá an dara inghean ag
labhairt leis an máthair ann san dara rann.



(An cheud inghean ag labhairt fós.)



A mháithrín dhíleas tabhair mé féin dó,
Tabhair na bath a's na caoirigh go léir dó,
Téidh, thú féin, ag iarraidh na déirce
A's ná gabh siar na aniar dom' éiliughadh.



(An dara inghean ag cur na h-aghaidh.)



A mháthairín dhíleas tabhair í féin dó,
Ná tabhair na bath ná na caoirigh go léir dó,
Ná téidh thu fein ag iarraidh na déirce
D'aon mhac bodaigh d'á bhfuil beó i nÉirinn.



Bheirim an dá rann so, acht sgaoilim ó'n gcuid eile de'n dán iad,
óir is follasach gur duine éigin eile do chuir i g-cionn an mháthair-
abhráin iad.



Ag sin an bhean ag tabhairt sóláis d'á croidhe briste, le na
smuaínte do chur i bhfoclaibh. Seó anois an fear ag iarraidh an
rud ceudna dó dheunamh, agus doilgheas doimhin dobhrónach
cúmha cruaidh cráidhte áir. Is é is ainm dó'n abhrán so, Mala
Néifin. Chualaidh mé cuid dé ó mhnaoi i g-Condaé Roscomáin, agus
tá aon rann amháin dé i leabhar Ui h-Argadáin, acht ní bhfuair mé
araimh cóip iomlán dé no go bhfuair mé ann san t-seanláimh-
sgríbhinn é, as ar bhain mé an oiread sin d'abhránaibh cheana. Níor
fheud mé aon chóip dé d'fhághail ann sna MSS. 'san Árd-sgoil
Ríoghamhuil Eireannaigh. Is cosmhúil gur sine go mór an dán so
'ná aon nidh an Chearbhallánaigh. Is sliabh a bhfad shiar i g-condaé
Mhuigh-Eó, Néifin, agus is é an sliabh do thug ainm dó'n abhrán. Is


L. 8


dóigh gur duine-tíre nach raibh 'nna fhile ná 'nna bhárd do rinne é,
acht is beag d'abhránaibh na mbárd mór atá - dar liom-sa - chomh
milis leis



MALA NÉIFIN.



Dá mbéidhinn-se air Mhala Néifin



'S mo cheud-grádh le mo thaoibh,
Is lághach choideólamaois i n-éinfheacht
Mar an t-éinín air an g-craoibh.
'Sé do bhéilín binn briathrach
Do mheudaigh air mo phian,
Agus codladh ciúin ní fheudaim,
Go n-éugfad, faraor!



Dá mbéidhinn-se air na cuantaibh
Mar budh dual dam, gheobhainn spórt,
Mo cháirde uile faoi bhuaidhreadh
Agus gruaim orra gach ló.
Fíor-sgaith na ngruagach
Fuair buaidh a's clú anns gach gleó,
'S gur b'é mo chroidhe-stigh tá 'nna ghual dubh,
Agus bean mo thruaige ní'l beó.



Nach aoibhinn dó na h-éinínibh
A éirigheas go h-árd,
'S a chodluigheas i n-éinfheacht
Air aon chraoibhín amháin.
Ní mar sin dam féin
A's do m' cheud míle grádh
Is fada o na chéile orrainn
Éirigheas gach lá.†



*"Beith agam," i n-áit "le mo thaoibh," 'san MS.



Ní hé sin féin damh-sa
Ná dó m'cheud mile grádh,
Is fada fánach ó na chéile
Bhíos air n-éirighe gach lá.


L. 10


Cad é do bhreathnughadh air na spearthaibh
Trath thig teas air an lá,
Na air an lán-mara ag éirighe
Le h-eudan an chloidhe áird?
Mar súd bhíos an té úd
A bheir an-toil dó 'n ghrádh
Mar chrann air mhala sléibhe
Do* thréigfeadh a bhláth.



Tar éis an dá abhrán mi-mhisneamhuil seó do thabhairt, leanfa-
maoid iad le dhá abhrán eile de chineál contrárdha, abhráin d'fheud-
fainn chur asteach ameasg abhrán-molta-na-mban acht gur sean
abhráin grádh iad air feadh Eireann air fad, agus bheirim ann so
cóip Chonnachtach do fuair mé ann san tsean sgríbhinn air ar labhair
mé chomh minic seo, agus cóip Mhuimhneach do fuair mé i láimh-sgríbhinn
do rinn an righ-sgoláire Gaedheilg sin Dómhnall Mac Consaidin o
Innis i g-condaé an Chláir. Is an t-abhrán so "Múirnín na
gruaige báine." Tá an cheud chóip cosmhúil leis an té sin atá ag
an h-Argadánach, acht ní'l si chomh cosmhúil léithe nach fiú a sabháil.
Ag so é.



MÚIRNÍN NA GRUAIGE BÁINE,
'S i mBaile-na-hinnse shiar
Atá mo ghrádh le bliadhain,
Is áille í 'ná grian an fhóghmhair,
'S go bhfásann mil 'nna diaigh
Air lorg a cos 'san tsliabh
Dá fhuaire an uair 'réis na Samhna.
Dá bhfághainn féin mo mhian†
Go ngabhainn í ann mo líon



*"Ann do thréigfead," 'san MS., acht ni fheicim brígh an
"ann" so.



*"Dá bhfaghainn ar staid mo chiall," 'san MS. B'éidir = "Dá
bhfágfainn ar stáid bhean mo chiall" .I. mo rún no mo thoil.


L. 12


A's go g-cuirfinn-se an brón so dhíom ó'n lá sin†
A's air chómhairle a rugadh riamh
Ní phósfaidh mé acht mo mhian
Is í Múirnín na gruaige báine.



Tá mo cheuchta le sgur
A's mo bhrannra le cur
Agus an méad úd uile le deunamh,
Mé do bheith amuigh
Air fhearthainn a's air shioc
Air súil go dtiúbhrá spéis dam.



Is coma leat é
A charaid o mo chléibh,
Ní ort atá an phian chráidhte,
Agus dúithche Flaitheas Dé
Nár fheicfidh tu go h-éug
Muna dtugaidh do chroidhe-stigh grádh dham.



Dá bhfághainn-se mo rogha
De mhnáibh deasa an domhain,
Agus fághaim orra roghain shásta,
Agus réir mar deir na leabhair
Do thug sí buaidh ó'n domhan
Is í Múirnín na gruaige báine.



Seó anois an cóip Mhuimhneach mar d'fhág Mac Consaidín 'nna
dhiaigh í, agus admhuighim go toilteannach gur fearr í 'ná an ceann
shuas.



MÁIRE BHEAG NA GRUAIGE BÁINE.



Cois na Bríghde shiar atá mo ghrádh le bliadhain
A samhuil súd mar ghrian an tsamhraidh,
Fásann mil 'nna diaigh air lorg a cos san tsliabh
Seacht seachtmhuine tar éis na Samhna.
Dá bhfághainn-se féin a tuarasg 's í bean an chúilín dhualaigh
An aindhir úd do luaidheadh air bhreághacht,
'S gur ag geataidhibh Chill-dhá-luath dó sgaras-sa le m'uan
Is í Máire na gruaige báine.



†"Gan buaidhread" 'san MS, dá fhocal ghnidheas droch-fhuaim.


L. 14


Nár thigead-sa féin do'n éag no seal fé bhárr an fhéir
Is cúmha as do dhéigh ní náir liom,
Acht codladh air nós na n-éun i mbárr bog na gcraobh
No an bhfuil aon fhear a bpéin mar táim-se.
Dá fhad í an oidhche 'réir níor chodail mo shúile neul,
Acht ag machtnamh air ghníomharthaibh Mhaire,
A's go bráth nár thagaidh an t-eug i mbárr fuar mo ghéag
Go bhfeicfead-sa i dtigheas mo ghrádh geal.



Cois na Bríghde móire atá mo mhíle stór-sa
'S í an aindhir tá módhamhuil beusach,
'S gur millse blas a póg 'ná siúcra beach air bórd,
'S a bheith d'á ól air bhrannda craorag.*
Dhá chích bhreagha dheasa bhána mhine gheala
Mar eala bheidheadh air an linn 'nna h-aonar,
A's go labharann an chuach air lár an gheimhridh fhuair
'S an mbaile mbeag 'nna mbíonn sí pléireacht.



Nach doilbh dubhach an cás do dhuine mar atáim
Nach g-cuiríd na mná so suim ann,
'S gur b'é chluinim-se dá rádh go dtabharfaidís súd grádh
Do'n fhear is measa cáil i n-Éirinn.
Nach rabhad* ann arís go dtógfad mo líon
A's go mbainfinn-se d'á gcroidhe súd sásamh,
Tar a maireann beó de mhnáibh, is í súd mo ghrádh,
Máire bheag na gruaige báine.



Dá sgríobhfainn an t-abhrán 'san rannaigheacht agus 'san miosúr
ceudna leis an g-ceann deirionnach d'fheicfidhe é go foras chomh cos-
mhúil le chéile atá siad. Acht atá cóip eile, cóip Mhuimhneach as
sgríbhinn do rinne an Consaidin ceudna, agus sgríobhfaidh mé é 'san
rannaigheacht cheudna 'nn ar sgríobhas an dán Connachtach, go
samhlóchamaoid le chéile níos fearr iad. Acht ní mar sin fuair mé
é sgrobhtha leis an g-Consaidín acht le líntibh fada, mar an "Mháire
Bheag na gruaige báine," shuas.



*= Caor-dhearg, chomh dearg le caor.


L. 16


MÚIRNÍN NA GRUAIGE BÁINE.



Mo léun gan mé 'gus tu
A mhaighdean óg gan chúmh'
I n-oileánaibh dubha loch' Éirne,
No faoi choilltibh dubh' na slat
Mar a ndeunaid na h-éanlaith nead
Agus fásach go bárra geuga.
No i ngleanntáinín cois cuain
Mar a labhrann an chuach,
A's an fhairge o thuaith bheith taobh linn,
Mise féin 's mo rún
Gan codladh ann nó suan
Acht ag súgradh i g-clúid a chéile.



Mo leun! gan mé 'sa' g-cill
I bhfochair mo cháirde gaoil
No i mullach cnuic ag deunamh áruis
Sul fá r' thárla tu am' líon
Ag dúbailt cnead am' chroidhe
Agus d'iompuigh tu mo dhlaoigh mar áirne.
Cumann gear[r]* o mhnaoi
Ní mhaireann sé acht mí
Acht mar shiolla de ghaoith Mhárta,
A stóir níor chóir mé dhíol
Mar gheall air bheagán maoin'
A's feasta liom bíodh d'inntinn sásta.



Níor fhág mé baile cuain
O Chorcaigh anuas
No as sin go Cruach-Phádraig
Thart ó dheas anuas
Go béul an Easa Ruaidh
Nár chaitheas, air mo chuairt ann, ráithche.
Mar shúil go bhfághainn tuarasg
Phéurla an chúil dualaigh
'S í an aingir do thug buaidh thar mhnáibh í,
'S gur i dteórainn Chill-dá-lua
Do sgaras le mo rún
Is í Múirnín na Gruaige Báine.



*Ní'l fhios agam an é seó "géur," no "gearr."


L. 18


Cois na h-aibhne móire
Atá mo mhíle stórach
'S í an mhaighdean m'aiseach mhodhmharach shásta í,
'S go mbudh mhillse liom a póg
'Ná mil na mbeach air bórd,
Agus í do bheith 'gá h-ól le brannda
A dhá chích chruinne bhreágha
Cumtha deasa bláthmhar'
Mar bheidheadh sneachta 'gá chathadh air shléibhtibh,
'S go labhrann an chuach le fonn
Air lár an gheimhridh thall
'San mbaile 'nna mbíonn mo ghrádh le pléisiúr.



Tá aon bheursa eile ann san abhrán, acht is dóigh liom nach mbain-
eann sé leis, agus gur duine éigin eile do rinne é, acht bhéarfad ann
so é.



Tá cuid aca dá rádh
Gur mór mo ghean air mhnáibh
Níor thugas-sa mo'ghean acht do chúigear,
A's i g-contabhairt mo bháthadh*
Go leanfainn thu 'sa' tsnámh
D'fhonn bheith ann do pháirt a chúil-fhionn.
Do dheunfainn páirt de luing
'S do stiúróchainn í tar tuinn
Do shníomhfainn gad 's do dheunfainn céuchta,
Mo leanabán beag fionn
Do bhreugfainn í air mo ghlúin,
A's go rachfainn seal faoi bheinn a léine.



Casfamaoid anois air abhrán dobhrónach eile, do rinne maighdean
óg ag deunamh cúmha agus liondubh andiaigh a grádh-sa. Chualaidh
mé cuid de ó shean-mhnaoi i g-condaé Shligigh, acht bhí sé suaithte agus
measgtha le droch-bhéursaibh eile, agus ar an ádbhar sin bheirim cuid
dé as an láimh-sgribhinn agus cuid eile nach bhfuil 'san láimh-sgribhinn
mar fuair mé ó'n tsean-mhnaoi é. Tá an cheud bhéursa agus an
ceann deirionnach ó'n tsean mhnaoi, agus na tri cinn eile o'n MS.



*B'fhearr "mo bháidhte."


L. 20


MALA AN TSLÉIBHE RUAIDH



Tá mé ann mo shuidhe
O d'éirigh an ghealach aréir,
Ag cur teineadh síos
Agus go síor 'gá fadóghadh go geur,
Tá muinntir an tighe
'Nna luidhe agus mise liom féin,
Tá na coillighe ag glaodhach
Agus an tír 'nna codladh acht mé.



Ná'r fhágbhuigh mé an saoghal so
Go sgaoilfidh mé dhíom an mí-ádh,
Go raibh bath agam agus caoirighe
A's mo mhian de bhuachaill amháin,
Níor bhfada liom an oidhche
Bheidhinn sínte le na bhrollach mín bán
'S go dtiúbhrainn cead do shíol Éabha
'Nna dhiaigh sin a rogha rud a rádh.



Foluigheann grádh gráin
Ann gach áit a m bíonn maise 'san mnaoi
Air leabaidh caol árd
Le ráithche níor bhfada mo luidhe,
Nuair chuimhnigh mé air mo ghrádh
D'fhág mé air mhala an tsléibhe ruaidh
Goilim mo sháith
'Gus is fánach thiormuigheas mo ghruaidh.



An liondubh a gnidhim féin
Ní fheudaim dadaidh dhé ól,
Is measa mar táim
Ní fheudaim codladh go fóil,*
Mallacht Mhic Dé do'n té sin
Do bhain díom mo ghrádh,
Agus d'fhágbhuigh liom féin mé
Gach aon oidhche fhada fá chrádh†



*"An codhladh a fhághail," 'san MS.



†"Fá bhrón," 'san MS.


L. 22


'S a bhuachaillín óig
Ní ádhbhar air bith magaidh dhuit mé,
Ní'l agad le rádh
Acht amháin go bhfuil mé gan spré,
Ní tusa mo ghrádh
Agus mo chrádh má's misde liom é,
'S má tá mé gan bhólacht
Is leór dham laidhe* liom féin.



Tá an t-abhrán so an-dobhrónach, mar an chuid is mó de na h-
abhránaibh grádh tá deunta le mnáibh, agus tá an fonn níos dobhró-
naige 'ná na focail féin. Tá sé an-chosmhuil le h-abhrán ar an
bhfonn ceudna do fuair mé i láimhsgribhinn Mhuimhnigh le Dómhnall
Mac Consaidín. Is dóigh go bhfuair seisean an dán o shean-duine
éigin agus gur sgríobh sé síos é. Cidh gur i sgribhinn Mhuimhnigh
do fuair mé é, ní i g-cúige Mumhan amháin atá sé le fághail, mar
chualas cuid dé i g-Connachtaibh, mé féin. Is de na h-abhranaib sin
é atá coitchionn do'n dá chúige. Is cailín atá ann so arís ag
deunamh bróin dí féin fá nach dtig léithe a rogha-ghrádh féin bheith aici.
Tá sé an-chosmhuil leis an abhrán air a nglaodhann o Dálaigh Caisleán
Ui Néill, acht tá bheursaidh ann so nach bhfuil aige-sean, agus ar an
ádhbhar sin creidim gur fiú a thabhairt ann so.†



AN TUIRSE A'S AN BRÓN SO.



Tá an tuirse a's an brón so
Ag gabhail go mór mór timchioll mo chroidhe,
A's lán mo dhá bhróga dhé
'S na deóra ag sileadh liom síos.
'S é is fada liom uaim an Dómhnach
A mhíle stóirín no go ngabhann tu an tslighe
Agus m'annsacht fá dhó thu,
Slán beó leat no go bhfillfidh mé arís.



A chumainn a's a annsacht
I dtúis an tsamhraidh an ngluaisfeá liom féin,
Amach faoi na gleanntaibh
Mar a mbeidhmís ag dul faoi do'n ghréin.
Ba, caoirighe, na géana
Ní iarrfainn leat iad mar spré,
Acht mo lámh faoi do chom gheal
A's cead cómhrádh no go mbuailfeadh an dó-deug.



†Feuc L. 82 de "Fhilidheacht na cúige Múmhan," 11. cuid.


L. 24


Ceud slán do'n oidhche aréir
'S é mo leun nach anocht do bhí air dtús
Buachaillín spéireamhuil
Do bhréugfadh mé seal air a ghlúin.
D'inneósainn féin sgeul duit,
Dá mb'fhéidir go ndeunfá orm rún,
Go bhfuil mo ghrádh do m'thréigin
A Dhia ghlégil 's a Mhuire nach truagh!



Tig le fear bheith dobhrónach chomh maith le mnaoi. Ag so abhrán
beag simplidhe do fuair mé o shean fhear dar b'ainm O Falamhain
as Baile-an-tobair.



IS FADA MÉ AG IMTHEACHT
Is fada mé ag imtheacht
Air thuairisg mná tighe,
A tuairisg ni bhfuaras
I mbaile no i dtír,
Nó go bhfacaidh mé mo mhúirnín
Air thaoibh Chnuic na Sidhe'
A gruag na trí dualach
D'á sguabadh le gaoith.



Is truagh gan mé pósta
Le stór geal mo chroidhe,
Taobh thall de'n abhainn mhóir
Ná ag an gcloidhe teórann le na taoibh.
Cumhlódar* ban óg
Is iad a thógfadh mo chroidhe,
'S bheidhinn bliadhain eile† di b'óige
Dá mbeidhinn pósta ag mo mhian.



Go bhfásaidh dá sgiathán
As mo chliathán anuas
'S go n-éirighim anáirde
Ameasg éinín an chuain,
Go ndeuntar cómhra chláir dham
'S go dtéidh na tairngidhe innti go dlúth,
Ní sgarfaidh do ghrádh go bráth liom
Go mbéidh mé ráithche san uaigh.



†Di b'óige = níos óige. Foirm Chonnachtach = ní b'óige.


L. 26


Air h-allaidhibh an tighe mhóir-se
Cómhnuigheann a's bíonn mo ghrádh bán,
Air fhad mo reult-eólais
'S é is dóigh liom nach mbíonn* sé le fághail.
Budh mhillse liom a phóigín
'Ná an bheóir 's ná an siúcra bán
'S muna bhfágh' mé thu le pósadh
'S é is dóigh liom nach mbéidh mo chroidhe slán.



Atá an gáirdín seó 'nna fhásach,
A ghrádh gheal, no an misde leat é?
Faoi na toraidhibh† breágh' bána
Tá ag fás mar dhuilleabhar na g-craébh.
Níor bhinne liom glór céirigh
Ag gabhail an tsráid seo ná guth binn na n-eun,
'S gur euluigh mo ghrádh uaim
Cúl fáinneach go Caislean Ui Néill.



Is a m'sgeich i mbeul bearnan
Do fágbhadh mé air maidin Dé Luain,
Gan aon duine beó i ndáil liom
Acht mo ghrádh bán a's é imthighthe‡ a bhfad uaim
Ni bhfuil gile ná breághacht
Ná áilleacht d'á raibh ann san ríoghacht
Nach bhfuil ann mo ghrádh bán
A's gur fhág sé súd osna ann mo chliabh.



Nár fhágaidh mé an saoghal so
No go leigfidh mé dhíom an mí-ádh,
Go mbéidh bath agam agus caoirighe
Agus m'annsacht air leabaidh go sáimh.
Tróscadh na h-Aoine
Ná lá saoire ni bhrisfinn go bráth,
'S níor bhfada liom an oidhche
Do bheidhinn sínte le d'bhrollach geal bán.



*"Na bidheann sé," san MS.
†"Faoi s na torraidhe," 'san MS. - mar adeirid na Muimhnigh.


L. 28


Tá lúibín deas cúbhartha agam
Air chúl an chnocain,
Le mo chúlfhionn do bhreugadh
A's mo cheud míle grádh.
Mar sin a bhidheas mo chroidhe-se
Deunamh píosaidh ann mo lár,
Mar bheidheadh crann i lár sléibhe
'S é gan fréamhaibh ná croidhe slán.



Mar bheidheadh* grian os cionn duibheacháin
Bíonn m'inntinn, faraor!
Gan codladh gan suaimhneas
Le tuilleadh agus bliadhain,
Is mar sin a bhídheas mo chroidhe-se
Deunamh píosaidh ann mo lár,
Mar nach dtigeann tu do m'iarraidh
Seal aon oidhche amháin.



Ag so mar chaoineas bean andhiaigh a grádh-sa go fíor-shimplidhe
agus go h-an-bhinn. Fuair mé an píosa so ó shean mhnaoi dar
bh ainm Bríghid Ni Chosruaidh* bhí 'nna cómhnuidhe i mbothán i lár por-
taigh i g-condaé Roscomain agus í beag-nach ceud bliadhain d'aois.



MO BHRÓN AIR AN BHFAIRRGE.



Mo bhrón air an bhfairrge
Is é tá mór,
Is é gabhail idir** mé
'S mo mhíle stór.



D'fhágadh 'san mbaile mé
Deunamh bróin,
Gan aon tsúil tar sáile liom
Choidhche na go deó.



*Labhairthear an focal so mar "bheith," i n-aon siolla amháin, i g-
Connachtaibh.



*"Biddi Crummey," i m Beurla. Tá sí marbh anois agus a cuid
abhrán léithe.



**Labhairthear "idir" mar "eadar" i g-Conachtaibh agus i n-
Albainn.


L. 30


Mo léun nach bhfuil mise
'Gus mo mhúirnín bhán
I g-cúige Laighean
No i g-condaé an Chláir.



Mo bhrón nach bhfuil mise
'Gus mo mhíle grádh
Air bord loinge
Triall go 'Mericá.



Leabuidh luachra
Bhí fúm aréir,
Agus chaith mé amach é
Le teas an laé.



Táinig mo ghrádh-sa
Le mo thaébh
Guala air ghualain
Agus beul air bheul.



Bheurfaidh mé ann so abhrán grádh eile, an t-abhrán an-chliútach ainm-
neamhal sin, An Droighneán Donn, mar fuaras é dá bhliadhain deug
ó shoin o shean-fhear, Bháiteur sgurrlóg, i gcondaé Roscomáin,
fear do fuair bás o shoin. Beirim ann so é, mar tá sé rud-beag
eugsamhail ó'n g-cóip do thug Miss Brúc agus ó'n g-cóip do thug O
hArgadáin ná O Dálaigh dhúinn; agus má éirigheann sgoláire suas
ariamh le cur i g-cló príomh-abhrán na h-Éireann (agus is díobh-san
an Droighneán Donn) i g-cuma ceart le stuidéaracht chúramaigh
orra, ní fuláir* dhó an oiread cóip eugsamhuil do bheith aige agus
is féidir leis fhághail. Ní'l an chóip seó róchosmhúil le aon cheann
eile air a bhfuil fhios agam-sa, agus tá dithfir mhór idir í agus an
t-abhrán i leabhar an h-Argadánaigh.



AN DROIGHNEÁN DONN



Saoileann ceud fear gur leó féin mé nuair ólaim lionn,
'S téidheann dá dtrian síos díom nuair smaoinighim air do chómhrádh
liom.



Do chum is míne 'ná an síoda air Shliabh Ui Fhloinn,
'S go bhfuil mo ghrádh-sa mar bhláth an áirne air an droighneán donn.



*Deir siad i gConnachtaibh "ní mhór dhó," .I. is éigin dó.


L. 32


Agus slán feasta do'n bhaile údaigh,* shiar ameasg na g-crann
Is ann sin atá mo tharraingt go luath 'gus go mall,
'S iomdha anach fliuch salach agus bóithrín cam.
Gabhail idir mé 's an baile bhfuil mo stóirín ann.



Tá ribín ó mo cheud-searc ann mo phóca shíos,
Agus fir Éireann ni leigheasfadaois mo bhrón, faraor!
Tá mé réidh leat go ndeuntar dam cómhra chaol
'S go bhfásfaidh an feur 'nn a dhiaigh sin tríd mo lár aníos.



'S a Phaididh an misde leat mé bheith tinn
No a Phaididh an misde leat mé dul 'sa 'gcill?
A Pháididh an chúil cheangailte 's é do bheul atá binn,
'S go dtéidhim 'san dtalamh béidh mo ghean ort faoi do chómhrádh liom.



Is fear gan chéill a rachfadh a' dréim leis an gcloidhe bheidh árd
'S cloidhe ísioll le na thaoibh air a leagfadh sé a lámh.
Cidh gur árd é an crann caorthainn bíonn sé searbh as a bhárr
'S fásann sméartha 'gus sugh-craebha air an gcrann is ísle bláth.



'S a Mhuire dhílis créad deunfas mé má imthigheann tu uaim,
Ní'l eólas chum do thighe agam, chum d'agaird ná do chruach,
Cómhairle dhíleas do thug mo mhuinntir dham gan eulógh leat,
'S go raibh ceud cor ann do chroidhe-stigh na mílte cleas.



Is fíor-chaoin milis an dán so, agus níl áit air bith de'n tír nach
bhfuil sé le fághail fós, agus tá sé chomh coitchionn i mBeurla a's
atá se i nGaedheilg, acht ni bhfághmaoid i g-cómhnuidhe na bhéarsaidh
ceudhna ann. Bhí sean-bhean ann do ghabhadh dham é a bhfad ó shoin, agus
níor táinig sí ariamh do'n cheáthamhain sin



"Cidh gur árd é an crann caorthainn," nach sileadh na deoír as
a siúl. Ag so abhrán beag simplidhe eile do fuair mé ó sheanphío-
baire dar b'ainm Grín i g-condaé Ros-comáin.



*-"úd," i gConnachtaibh.


L. 34


IS TRUAGH GAN MISE I SACSANA.



Is truagh gan mise i Sacsana
I bhFrainc ná 'sa' Spáin
Ná thall annsna siar-indeachaibh
Mar a g-cómhnuigheann mo ghrádh bán.
Agus Máire an chúil dualaigh
'Nna suidhe idir mo dhá láimh,
A's go mbéidhinn-se 'gá breugadh
Go h-éirighe an lá* bháin.



Nuair luidhim air mo leabaidh
Ní'l sóchamhuil le fághail,
'S go bhfuil arraing ann mo thaoibh dheas
Agus loit sí mo lár.
Dochtúiridhe na cruinne
'S iad uile le fághail,
Ní'l mo leigheas ag an méad sin
Acht ag Máire an chúil bháin.



Is fada mé ag imtheacht
Air thuarasg mná tighe,
A macsamhuil ní fhacaidh mise
I mbaile no i dtír.
Da bhfeicfeá-sa an stuaidh-bhean
Air thaoibh Cnuic-na-sídhe,
Dual d'á gruaig bháin
'S é 'dá fuadach le gaoith.



Ní'l aon abhrán is simplidhe ann san leabhar so 'ná an ceann so.
Ní'l sé cosmhúil le h-obair fir do chleachtadh dánta do dheunamh, agus
is cosmhúile le h-abhrán Beurla É 'ná le h-abhrán Gaedheilg, óir ní'l
an chomh-fhuaim chéadna i ndó no i dtrí focalaibh anns gach líne,
mar atá annsna sean-abhránaibh eile; ní'l comh-fhuaim ann san
abhrán so acht amháin i ndeire an dara líne agus an cheathramhadh
líne, - rud chrothuigheas nach bhfuil sé an trean, agus nach obair
báird acht obair duine-tíre éigin é.


L. 36


Sí seó an áit dam abhráinín beag de'n tsórt ceudna do chur síos.
Bean éigin do thug grádh do tháilliúr do rinne é. Fuair mise ó
shean-fhear, Bháitéar Sgurrlóg, i gcondaé Roscomáin é, acht tá an
fear o a bhfuair mé ocht mbliadhna ó shoin é marbh anois. Tá sé an-
tsimplidhe, agus gach uile focal d'á ndubhairt mé i dtaoibh an abhráin
deirionnaigh is fíor é i dtaoibh an abhráin seó mar an g-ceudna.



TÁILLIÚRÍN AN EUDAIGH.



Fágfaidh mé an baile seó
Mar tá sé gránna,
Agus rachfaidh mé mo chómhnuidhe
Go claidh-Ui-Gheadhra.
An áit a bhfuighfead póga
'Óm'stóirín agus ceud fáilte,
'Óm' bhog chalamáinín (?) bó (?)*
Agus pósfad leis an táilliúr.



A tháilliúir, a tháilliúir
'S a tháilliúirín an éudaigh,
Ní deise liom mar ghearras tu
'Na mar chumas tu na breuga,
Ni truime liom bró mhuilinn
'S í tuitim i Loc Éirne,
'Ná grádh buan an táilliúir
Tá i mbrollach mo léine.



Shaoil mise féin
Mar do bhí mé gan eólas
Go mbainfinn liom do lámh
No fáinne an phósta,
Agus shaoil mé 'nna dhiaigh
Go mbudh tu an reult-eólais,
No bláth na sugh-craobh
Air gach taoibh de na bóithrín'.



*B'éidir = óm' bhog cholamáinin (= colum óig).


L. 38


Tá ceann de na bheursaibh seó le fághail i n-abhrán eile, agallamh
no comhrádh idir buachaill óg do bhí ag fágbháil na h-Éireann agus
mnaoi óig tá ag labhairt leis. Deir sé léithi ann san g-ceud rann
nach bhfuil dadamh aige acht a shláinte amháin, agus deir sésin le
greann óir is follasach go mb'fhearr leis i d'imtheacht uaidh. Ni
chreideann sise é agus tosuigheann sí ag clamhsán. Ag so é.



TÁ CAILÍN ÓG 'SA 'MBAILE SEÓ.



(An Buachaill).



Tá cailín ann san mbaile seo
'S is ainm dí-se Máire,
Do thug mé grádh 'gus taithneamh dí
Tar cailínibh na h-áite,
Ní'l ór agam, ní'l airgead
Na aon nidh acht mo shláinte,
'S má's rogha leat fear folamh
Bhídhim agad agus fáilte.



(An Cailín).



A ógánaigh óig
A bhfuil ór-buidhe ann a phócaibh
Go bhfeicidh mé do h-allaidhe
Geala, 'gus do chóistidhe,
Go bhfeicidh do gháirdín
Lán de gach tóradh,*
Agus na ceudtha ag fághail bháis
Le grádh do phósta.



Shaoil me féin
Mar bhí mé gan eólas
Go mbeurfá dham do lámh
No fáinne an phósta,
Agus shaoil mé 'nna dheigh sin
Go mbudh tu an reult eólais
No bláth na súgh-chraobh
Air gach taoibh de'n bhóithrín.



*Recté "toradh," ni "tóradh."


L. 40


(An Buachaill).



Is buachaillín bocht mé
Ag fágbhail na h-Éireann
Ag imtheacht chum na Fraince
I n-airm Righ Seumais,
Dhíol mé mo dhúithche
Air chárta dighe géire,
'S a bhean an tighe na páirte
Tabhair fliuchadh mo bhéil dam.



(An Cailín).



A ógánaigh óig
Bhfuil an t-ór buidhe ann a phéarlaibh
Agus an iomarcuidh ban óg
Ag pógadh do bhéilín,
Nár fhágaidh mise an saoghal so
Tá biodánach breugach
Go n-oilfidh mé do leanabán
Air bhrollach geal mo léine.



Tá píosa binn eile ann a bhfághmaoid an rádh ceudna, "reult an
eólais" agus os aoibhinn an rádh é. Is ag cur i g-céill atá sé go
mbíonn eólas dúbalta agus géir-inntinn meudaighthe go mór, ag
an té atá i ngrádh. Tá an grádh mar reult, agus tá sé mar
reult-eolais mar gheall ar an g-caoi ann a n-osglann sé ár g-ceud-
fatha, go mbidhimid dúbalta níos eudtroime níos beódha agus géire
'ná bhiamar roimhe sin. Tuigimid ann sin glóir agus áilleacht an
tsaoghail i riocht nár thuigeamar ariamh go dtí sin é. Ag só an
píosa air ar labhras, abhrán nach féidir a shárughadh i dteanga ar
bith ar a mhillseacht agus ar a fhíor-chaoine.



A ÓGÁNAIGH AN CHÚIL CHEANGAILTE.



A ógánaigh an chúil cheangailte
Le a raibh mé seal i n-éinfheacht
Chuaidh tu 'réir, an bealach so
'S ni tháinig tu do m'fheuchaint.
Shaoil mé nach ndeunfaidhe dochar duit
Dá dtiucfá, a's mé d'iarraidh,
'S gur b'í do phóigín thabhairfeadh sólás
Dá mbeidhinn i lár an fhiabhrais.


L. 42


Dá mbeidheadh maoin agam-sa
Agus airgead ann mo phóca
Dheunfainn bóithrín aith-giorrach
Go doras tighe mo stóirín,
Mar shúil le Dia go gcluinnfinn-se
Torann binn a bhróige,
'S is fad an lá ann ar chodail mé
Acht ag súil le blas do phóige.



A's shaoil me a stóirín
Go mbudh gealach agus grian thu,
A's shaoil mé 'nna dhiaigh sin
Go mbudh sneachta ar an tsliabh thu,
A's shaoil mé 'nn a dhiaigh sin
Go mbudh lóchrann o Dhia thu,
No gur ab tu an reult-eólais
Ag dul rómham a's mo dhiaigh thu.



Gheall tu síoda 's saitín dam
Callaidhe* 's bróga árda,
A's gheall tu tar éis sin
Go leanfá tríd an tsnámh mé.
Ni mar sin atá mé
Acht mo sgeach i mbeul bearna,
Gach nóin a's gach maidin
Ag feuchaint tighe m'athar.



Ag so abhrán fír-mhilis eile tá cosmhúil le píosa as Chúige Mumhan
tá sé chomh binn sin, acht creidim gur abhrán Connachtach é. Tá an rádh sin
"reult an eólais ann san bpíosa so mar an g-ceudna.
Is follasach go bhfuil sé briste suas go mór agus nach bhfuil an t-
iomlán ann.



*sórt sgáile no cáif, creidim.


L. 44


AN MHAIGHDEAN ÓG



Dá mbeidh' áitreabh agam féin
No gabháltas a's réim
Caoirigh breágh' bána
Ar árd-chnoc no sléibh,
Sláinte agus méin
Agus grádh ceart d'á réir
Bheidhinn-se 's mo ghrádh geal
Go sáimh ann san tsaéghal.



Tá maighdean óg 'san tír
'S is réaltan eólais í,
Grian bhreágh ar bórd í
A's togha de na mnáibh*
A cum fada breágh
'S a cúilín crathach bán
S gach alt léi ar lúth-chrith
O bhúcla go brághaid.



Dá mbeidhinn-se 's mo rún
Ar choill ag buain cnó
No ar [thaoibh] lisín aoibhinn
'S gan dídionn orrainn acht ceó,
Bheidheadh mo chroidhe-se d'á bhreóghadh
Le díogras d'á póig
'S do fhíor-sgaip mo shnódh.



Dá mbéidhinn-se 's mo ghrádh
Ar thaoibh chnuic no báin
'S gan feóirling ann ar bpóca
Ná lón chum na slighe
Bheidh' mo shúil-se le Críost
Le ár ndóthain† gan mhoíll
A's go dtógfadh mo stór geal
An brón so de m'chroidhe.



*"Togha gach óigfhir í, san MS., acht tá rud éigin amúgha 'san
bheursa so.



†"Go bhfághmaois ár ndochain gan mhoill" san MS.


L. 46


Dá mbéidhinn-se 's mo ghrádh
Cois taoide no tráigh
'S gan aon neach beó 'nn ár dtimchioll
An oidhche fhada, 's lá;
Do bhéidhinn-se ag cómhrádh
Le Neilidh an chúil bháin
Is liom-sa 'budh h-aoibhinn
Bheith ag coímhdeacht mo ghrádh.



Acht ni mheasaim go bhfuil aon abhrán grádh níos leathnuighthe ar
fud na tíre agus níos coitchionna i mbeul na sean daoine 'ná an
dán do rinne Tomás Láidir Coisdeala (no Coisdealbhach mar atá
an t-ainm sgríobhtha go minic) os cionn an chailín mhi-ághamhuil sgia-
mhaigh agus Úna nic Dhiarmada d'á dtug sé grádh. Ni raibh aon fhear i
n-Éirinn le na linn budh mhó neart agus lúth 'ná an Tomás so,
agus sin é an fáth faoi a bhfuair sé a leas-ainm, Tomás Láidir. Ni
bhídheadh na seancuidhe ariamh tuirseach ag innsint sgeul iongantach
d'á thaoibh. Mhair sé i n-aimsir an Dara Searluis, saoilim, agus
bhí a lán talmhan ag a mhuinntir, acht tar éis Cromuil do theacht go
h-Éirinn chaill se an chuid budh mhó dhí, agus tháinig sí i seilbh na
nDíolún i g-condaé Shligigh agus i g-condaé Mhuigh-Eó. Do bhí an
Tomás Láidir chomh luath sin go mbeurfadh sé ar bhromach tri bhlia-
dhain, nach raibh srian air ariamh, agus bhí sé chomh láidir sin go g-
congmhóchadh sé é gan leigean dó imtheacht chomh minic agus bhéarfadh
sé greim ar a mhuing. Deir siad gur b'é seó an cheud ghníomh mór
do rinne sé. Nuair bhí sé 'nna bhuachaill ag fás, timchioll seacht
mbliadhna deug d'aois, tháinig gaisgidheach go dti an baile-mór
Sligeach, agus chuir se dubhshlán faoi an tír ar fad, ag iarraidh fir
a rachfadh ag coruigheacht no ag spáirn leis. 'S é an gnáthas do bhí
aca an t-am sin, gur b'éigin do'n cháthair ann a dtiucfadh gaisgidheach
de'n tsórt sin an gaisgidheach sin chothughadh agus thógbháil no go
bhfuighfeadh siad fear eile a bhuailfeadh é ag coruigheacht.



Táinig an lá ann ar chruinnigh an condaé uile go Sligeach le feic-
sint an raibh aon duine a rachfadh ag coruigheacht leis an ngaisgidheach,
agus bhí dearbhráthair athar an Coisdealaigh ag dul ann mar an g-
ceudna. D'iarr Tomás air leigean dó dul leis, agus tar éis
impidhe fhada thug sé cead dó. Nuair thángadar go Sligeach bhí na
sluaighte ann rompa, agus chuaidh siad amach air an bhfaithche no ar an
moinfheur 'n áit a raibh an gaisgidheach. Gach uile dhuine do bhí dul ag
coruigheacht leis, bhídheadh sé d'á leagadh, agus d'á chathadh ar an
talamh, agus ní raibh fear air bith ionnánn seasamh 'nna aghaidh.
Chonnairc colceathair an Coisdealaigh óig Tomás ag crathadh agus


L. 48


air bruith. "Cad tá ort?" ar sé. "Óra," ar sé, "leig dam, leig
dam, dul ag coruigheacht leisean." A amadáín mhóir," ars an col-
ceathair leis, "cad é sin tá tu rádh? an maith leat go marbhóchadh
an gaisgidheach thu."? "Ní mharbhóchaidh sé mé," ars an buachaill,
"is láidre mise 'ná eisean." "Leig dam do rightheacha láimhsiughadh,"
ars an sean-fhear. Shín Tomás amach iad agus bhí na féitheacha bhí
ionnta chomh teann agus chomh cruaidh le iarann. Bhí an buachaill
ag cur impidhe air an t-sean-fhear agus ag síor-iarraidh cead air,
go raibh se sáruighthe faoi dheire agus thug sé cead dó dul ag troid
leis an ngaisgidheach. Ní raibh aon fhear eile ag teacht an t-am sin,
óir bhí siad uile buailte ag an ngaisgidheach an méad do chuaidh ag
coruigheacht leis, agus bhí faitchios air na daoinibh uile. Sheas amach
an Coisdealach ann sin agus dubhairt sé, "rachfaidh mise ag spáirn
leat." Rinne an gaisgidheach gáire nuair chonnairc sé an gasúr bhig,"
ar sé, "fanfaidh tu mar a bhfuil tu; agus ní thiucfaidh tu ag troid
liom-sa." "Deunfaidh mé mo dhithchioll leat, ar mhódh ar bith," ars
Tomás.



Is amhlaidh bud ghnáth leó coruigheacht do dheunamh an trath sin, crois
no beilt leathair do cheangailt timchioll cuim an dá fhear, agus
greim do thabhairt do gach fhear ar chrios an fhir eile, agus nuair
bheidheadh siad réidh agus nuair bhéarfaidhe an focal dóibh, thosóchadh
siad ag coruigheacht. Nuair chonnairc an sluagh mór do bhí cruin-
nighthe ann sin an crios ag dul air Thomás óg do ghlaodh siad amach
gan leigean dó dul ag troid, óir bhí faitchios orra go marbhfaidhe
é, mar do mharbh an gaisgidheach so cuid mhaith daoine roimhe sin, agus
shaoil siad uile nach raibh cosmhúileacht ar bith go dtiubhradh buachaill
bog óg mar Tomás a anam uaidh. Acht níor mhaith le Tomás éisteacht
leó, mar mhothuigh sé féin go raibh sé níos láidre 'ná shaoil na daoine.
Bhí an sean-cholceathair ag seilt deór nuair chonnairc sé nach raibh
aon mhaith dhó bheith ag caint leis.



Chuaidh an crios leathair air ann sin, agus fuair an gaisgidheach
greim daingean air, agus fuair seisean greim maith air chrios a
námhaid. Tugadh ordughadh dhóibh ann sin do thosughadh ar a chéile.
Nuair fuair sé an focal tharraing Tomás a dhá láimh do bhí grea-
muighte i mbeilt a námhaid, asteach chuige féin go h-obann, acht
níor chuir an gaisgideach cor as féin. Fuair Tomás bárróg air
agus thug se an dara fásghadh dhó acht níor chorruigh an námhad.
"A cholceathair dhílis," ar Tomás, "cad tá ar an bhfear so nach
bhfuil sé ag coruigheacht liom, sgaoil díom é go bhfeicfimid."


L. 50


Tháinig na daoine suas ann sin agus sgaoileadar lámha an ghais-
gidhigh de 'n chrios ann a raibh siad greamuighthe, agus ar an mball
do thuit an fear siar, agus é fuar marbh, - bhí cnámh a dhroma briste
lies an g-ceud fhásgadh thug Tomás dó.



B'é sin an cheud-ghaisgidheacht do rinne Tomás ariamh, agus thuig
sé féin ann sin go raibh sé níos láidre 'ná daoine eile. Chuir gobha
geall leis aon uair amháin go ndeunfadh sé ceithre crúdha capaill
nach bhfeudfadh sé a lúbadh ná a ndíriúghadh, acht go g-caithfeadh sé na
ceithre crúdha cur le chéile nuair a bheidheadh sé ag iarraidh a lúbadh.
Créad do rinne an gobha acht cruaidhe do chur ionnta i n-áit iarainn.
Tháinig Tomás agus ghlac sé na crúdha ann a láimh agus thug sé
fásgadh dhóibh, acht níor chorruigh sé iad, thug sé an dara fásgadh
dhóibh, acht ni raibh maith aige ann. "Dar mo láimh is maith do rinne
tu iad," ar sé, "caithfidh mé an cóta mór baint díom." Bhain sé an
cóta mór de, agus thug sé an tríomhadh teannadh dhoíbh, agus níor fheud
sé a lúbadh, mar is cruaidhe do bhí ionnta, acht rinne sé greamanna
díobh ann a dhá láimh, amhuil agus mar budh ghlaine iad. Bhí an Gobha
'nna sheasamh ag an doras, mar bhí faitchios air go mbrisfeadh na
crúdha, cidh gur dar leis féin budh rud do-dheunta é, agus chomh luath
agus chonnairc sé 'dhá mbriseadh iad, amach leis, agus tharraing sé
an doras 'nna dhiaigh. Ghlac lasadh feirge an Coisdealach nuair
chonnairc sé an cleas d'imir an gobha air, agus thionntuígh sé agus
chaith se na píosaidh cruaidhe do bhí ann a láimh andhiaigh na gobhan,
agus theilg sé chomh láidir sin iad gur thiomáin sé mar pheiléaraibh
iad amach tríd an doras.



Ta an oiread sgeul ag na sean daoinibh air eachtraibh agus
gníomharthaibh Thomás Láidir (no bhí cúig bliadhna deug ó shoin) nach
sgurfainn go bráth d'á n-innsint dá dtosóchainn orra agus dá bh-
feudfainn a n-innsint mar do chualas iad, agus ar an ádhbhar sin ni
innseóchaidh mé ann so acht an ocáid faoi a ndearnaigh sé an dán
atá me dul d'á thabhairt air Úna Nic Dhiarmada.



Thug Úna grádh dhó-san, gus thug seisean grádh d'Úna. Ní raibh
an Coisdealach saidhbhir, acht bhí mórán maoine agus talmhan ag
Mac Diarmada, agus d'orduigh sé do'n inghin, Úna, gan bheith ag
caint ná ag cómhrádh le Tomás Láidir mar nach leigfeadh sé dhí a
phósadh go bráth. Bhí fear eile ann budh shaidhbhre 'ná an Coisdealach,
agus budh mhian leis go bpósfadh sise an fear so. Nuair shaoil sé
faoi dheire go raibh toil a inghine briste agus lúbtha go leór aige,
rinne sé fleadh no feusta mór agus chuir sé cuireadh air dhaoinibh-


L. 52


uaisle an chondaé uile, agus bhí Tomás Láidir 'nna measg. Nuair
bhí an dinéar críochnuighthe thosuigh siad ag ól sláinteadh agus dubhairt
Mac Diarmada le na inghin, "seas suas," ar sé, "agus ól sláinte
ar an té sin is fearr leat ann san g-cuideachta so," mar shaoil
sé go n-ólfadh sí sláinte ar an bhfear saidhbhir sin do bhí leagtha
amach aige mar chéile dhí.* Ghlac sise an glaine, agus sheas sí suas,
agus d'ól sí deoch ar Thomás Láidir Coisdeala. Nuair chonnairc
an t-athair í ag deunamh sin tháinig fearg air agus bhuail sé buille
boise ar a leith-cinn. Bhí náire uirri-se, agus tháinig deóra ann
a súilibh, acht bhí sí ag gol faoi an mbuille thug an t-athair dí,
agus thóg sí bosca snaoisín agus chuir sí sguibín láidir do bhain na deóra dhí.
D'fhág Tomás Láidir an seomra ar an móimid. Is i dtaoibh
an nidh a thárla ann sin a dubhairt sé an rann so ameasg móráin
eile.



Nach lághach a dubhairt páiste na ngeal-chíoch é,
Ag fásgadh a dá láimh 's ag míniughadh a méar,
Ag cur sgáth air an ádhbhar agus í i bpéin,
A's cnead craidhte air! budh láidir an snaoisín é.



Buaileadh Úna nic Diarmada tinn 'nna dhiaigh sin, leis an ngrádh
do thug sí dhó, agus ni raibh sí ag fághail bisigh ar bith ná leighis ó
aon rud, agus bhí sí chomh dona sin faoi dheireadh nar fheud si a lea-
baidh d'fhágbháil. Ann sin agus ní go dti sin, thug Mac Diarmada
cead dí an Coistealach do ghlaodhach chuici féin. Chuir Úna fios air
agus tháinig sé, agus threóruigh siad go dtí seomra Úna é, agus
tháinig a h-anam arís chuici le sásúghadh inntinne nuair chonnairc sí
arís é. Rinne an lúthgháire do bhí uirri faoi n-a fheicsint an oiread
sin de mhaith dhí, gur thuit sí faoi dheireadh ann a codladh sáimh socair,
an cheud chodladh fuair sí le míosaibh, agus eisean 'nna shuidhe cois na
leapthan agus ise ag congbháil a láimhe-sean ann a láimh-se féin.
Shuidh sé ann sin ar feadh tamaill mhaith, acht mar nach raibh sise ag
dúisiúghadh agus mar bhí leisg air bheith ag fanamhaint ann sin, sgaoil
sé a lámh-san as a láimh-se, agus chuaidh sé amach as an t-seomra
agus síos na staidhridhe. Ní bhfuair sé duine ar bith ann san teach,
agus bhí náire air d'fhanamhaint ann leis féin. Ghlaodh sé ar a
shearbhfóghanta dialaide do chur ar na caplaibh, agus do bheith ag


L. 54


imtheacht. Chuaidh sé ar a chapall ann sin, agus mhárcáil sé go mall
ó'n tigh ag smuaíneadh gach móimid go g-cuirfidhe fios air, agus go
n-iarrfadh siad air filleadh. D'fhan sé mar sin, anaice leis an
tigh acht ní raibh aon teachtaire ag tígheacht le na ghlaodhach ar ais.
Bhí a shearbhfóghanta tuirseach ag fanamhamt leis, agus b'fhada leis
an t-am a bhí a mháighistir ag marcuigheacht gan dul a bhfad ó'n tigh.
Thosuigh sé ag rádh le n-a mháighistir nach raibh muinntir Mhic Dhiar-
mada, acht ag magadh faoi, agus chuir sé ann a cheann é gur feall
do bhí siad ag deunamh air. Níor chreid an Coistealach i dtosach
gur ab' amhluidh bhí sé, acht nuair nach raibh duine ar bith ag
teacht chuige agus nuair a bhí an searbhfóghanta ag siór-chur
an amharuis seó ann a cheann, do thosuigh sé féin a chreideamhaint
agus thug sé a mhóid agus a mhionna dar Dia agus Muire nach dtion-
ntóchadh sé ar ais go bráth agus nach laibheóoradh sé focal go deó le
Úna no le muinntir Dhiarmada muna nglaodhfaidhe ar ais é sul
chuaidh se thar ath na h-aibhne bige, na Donóige. Nuair chuaidh sé
asteach 'san abhain ní rachfadh sé thairsti, acht d'fhan sé 'san uisge ar
feadh leath-uaire agus níos mó, ag síor-shúil go dtiucfadh teachtaire
'nna dhiaigh. Thosuigh an searbhfóghanta d'á cháineadh annsin. "Is
mór an t-iongnadh liom," ar sé, "duine uasal mar thusa do bheith
ag fuaradh 'san uisge seó air son mná ar bith ann san tsaoghal
mór. Nach beag d'uaibhreas náire mar sin d'fhulaing." "Is fíor
dhuit sin," ars an Coisdealach, agus thiomáin sé an capall suas ar
an mbanca. Ar éigin bhí sé ar an talamh tirm nuair tháinig teach-
taire 'nna dhiaigh'nn a lán-rith ó Úna, ag glaodhach air do theacht ar
ais chuici go luath. Acht ní bhrisfeadh an Coisdealach a mhóid agus
níor fhill sé. Tar éis an Coisdealach d'imtheacht uaithi, níor dhuisigh
Úna ar feadh tamaill áidhbeul-mhóir. Ar ndúisiughadh dhí faoi
dheireadh go h-aerach eudtrom b'é an cheud rud do rinne sí fios do chur
ar an g-Coisdealach, acht bhí sé imthighthe. Sgannruigh sí ann sin
agus chuir sí teachtaire'nn a dhiaigh, acht níor tháinig an teachtaire
suas leis i n-am. Ghlac an Coisdealach lasadh-feirge ann sin agus
bhuail sé dorn ar an tsearbhfóghanta do thug an droch-chómhairle dhó,
gur mharbh sé de'n bhuille sin é.



Níor bhfada 'nna dhiaigh sin gur ghoill an brón agus an cúmha chomh
mór sin ar Úna gur sheirg sí, agus go bhfuair sí bás. Níor fheud
aon rud bhí ar an domhan sólas ar bith thabhairt do'n Choisdealach
'nna dhiaigh sin. Bhí Úna curtha ar oileáinín beag i lár Locha Cé,
agus tháinig an Coisdealach go bruach an locha an oidhche 'réis a
curtha,agus shnámh sé amach go dtí an oileán agus chaith sé é féin
síos ar an uaigh, agus chuir sé an oídhche thairis ag faire agus ag gol


L. 56


os a cionn. Rinne sé an rud ceudna an dara oidhche. Thainig sé an
tríomhadh oidhche agus dubhairt sé os cionn na h-uaighe mar chualaidh
mise é.



A Úna bhán is gránna an luidhe sin ort
Ar leabaidh caol árd ameasg na mílte corp
Muna dtagaidh tu fáidh* (?) orm a stáid-bhean bhí riamh gan locht,
Ní thiucfaidh mé chum na h-áite seó go bráth acht aréir 's anocht.



No mar fuair mé ceathamha só i láimh-sgribhinn dhroch-sgríobhtha,
an t-aon cheann amáin ann a bhfuaireas ariamh é,



A Úna bhán is gránna an luidhe sin ort
Air leabaidh caol árd, láimh leis na míltibh corp
Muna dtugaidh tu do lámh dam a stáid-bhean nach ndearnaidh olc
Ní fheuchfuighear mo sgáile ar an tsráid seó choidhch 'acht anocht



Ní luaithe dubhairt sé sin 'ná mhothuigh sé Úna ag éirighe suas agus
ag bualadh boise éudroime ar a leithcinn, agus chualaidh sé guth mar
ghuth Úna ag rádh leis "na tarraigh,"† agus d'imigh sé go sásta ann
sin gan filleadh go bráth.



Bhí an chuid eile de bheatha Thomáis Láidir chomh h-iongantach leis
an sgeul so, agus do bhidheadh an oiread sgeul ag na sean daoinibh
i g-condaé Roscomáin agus i g-condaé Shligigh d'á thaoibh agus chong-
bhóchadh duine ag éisteacht leó air feadh oidhche iomláine acht níor chruin-
nigh mé iad uile nuair d'fheudfainn agus anois ni thig liom a bhfághail.
Fuair sé bás faoi dheireadh. Bhí fear de na Ruadhánaibh agus gheall
na Díolúnaigh duais dó dá marbhadh sé é. Agus sgaoil sé peiléar
leis o chúl cruaiche móna agus mharbh sé é. Bhí sé 'nna luidhe ar
feadh trí lá ar an talamh gan duine ar bith le na thógbháil mar bhí
faitchios ar na daoinibh roimhe. Mar gheall ar an ngníomh sin ni
leigfeadh na Coisdealaigh do tháinig 'nna dhiaigh aon fhear d'a'r bh'ainm
Ruadhán bheith 'nna chómhnuidhe ar a ndúithche-sean. Acht deir cuid eile
gur b'é a dhearbhráthair-sean Dubháltach Caoch do fuair bás mar so.



Bheurfaidh mé anois na ceathramhna do rinne an Coisdealach ar
Úna nic Dhiarmada, mar chualaidh mé iad o mhórán daoine. Deir
na daoine-tíre gur i g-"cruadh-ghaedheilge," atá siad, agus nach



*"Fáidh," no "fáir," is é seó an focal chualaidh mé ó gach uile
dhuine a raibh an rann so aige, agus iad a bhfad ó chéile, trí fiche
míle ó chéile, acht ni thuigim cad é an chiall dé.


L. 58


fuaradh aon phíobaire ná aon bheilleadóir fós d'feudfadh a seinnm
ar a phíobaibh ná air a fhidil! Tá a lán ceathramha ann san dán acht
ni bhfuair mé an t-iomlán aca, ná an leath. Chualaidh mé na sgeulta
so ar Thomás Láidir o Sheumas O h-Airt, ó Bháitéar Sgurlóg, - tá
an bheirt aca marbh anois - agus o Mhártain O Braonáin i g-condaé
Roscomáin, acht fuair mé cuid de na ceathramhnaibh o fhear i n-oileán
Acaill, nár chualaidh caint ariamh air Thomás Láidir.



Nuair fuair sé bás cuíreadh é, mar d'orduigh sé féin, annsan
roilig agus ann san oileán ceudna annar cuireadh Úna, agus
d'fhás crann fuinnseóige as uaigh Úna agus crann eile as uaigh
Thomáis, agus do chlaon siad dá cheile, agus níor sguireadar d'á
bhfás gur casadh agus gur lúbadh an dá bhárr ar a chéile i meadhon
na roilige, agus dubhairt daoine do chonnairc iad, go raibh siad
ann sin fós, acht bhí mise ar bhruach Locha Cé go déigheanach agus níor
fheud mé a bhfeicsint, acht ni rabhas ar an oileán.



ÚNA BHÁN.



A Úna bhán, a bhláith na ndlaoidh ómra
Atá 'réis do bháis de bhárr droch-chómhairle,
Feuch a ghrádh, cia aca b'fhearr de'n dá chómhairle
A Éin i g-cliabhán 's mé i n-áth na Donóige.



A Úna bhán d'fhágbhuidh tu mé i mbrón casta,
Agus cia b'áil leat bheith trácht air go deó feasta,
Cúilín fáinneach air ar fhás suas an t-ór leaghtha
A's go mbfhearr liom air láimh leat 'ná an ghlóir flaithis.



A Úna bhán, ar seisean, na g-currachán (?) cam
'S an dá shúil agad budh chiúine d'á ndeachaidh i g-ceann,
A bhéilín an tsiúcra mar leamhnacht mar fhíon 's mar bheóir,
Agus a chos dheas lúthmhar is tu shiúbhalfadh gan phian i mnbróig.



A Úna bhán, mar rós i ngáirdín thu,
'S budh choinnleóir óir ar bhórd na bainrioghan' thu,
Budh cheileabhair agus budh cheólmhar ag gabhail an bhealaigh seó ró-
mham thu,
Agus 'sé mo chreach-mhaidne bhrónach nár pósadh le do dhubh-ghrádh thu.



A Úna bhán is tu do mhearuigh mo chiall
A Úna is tu chuaidh go dlúth idir mé 'gus Dia,
A Úna, a chraébh chúbhartha, a lúibín chasta na g-ciabh,
Nár bh'fearr damh-sa bheith gan súilibh ná d'fheiceál ariamh.


L. 60


Is fliuch agus fuar mo chuairt-se chum an bhaile aréir,
agus mé mo shuidhe suas ar bhruach na leapthan liom féin,
A ghile gan gruaim ag nár luadhadh an iomadamhlacht acht mé
Cad as nach bhfuagruigheann tu fuacht na maidne dham féin.



Tá daoine ann san tsaoghal so chaitheas di-mheas ar dhúithche falamh*
A lán de mhaoin shaoghalta, agus ni buan í accu†
Ceasacht maoine ni dheunfainn ná truagh fearainn,
Acht b'fhearr liom ná dá chaora da mbeith'‡ Úna ágam.



Fuair mé na ceithre ceathramhna so leanas i ndroich-sgríbhinn, nach
raibh acht cuid de na ceathramhnaibh shuas ann. Níor chualas féin
ariamh na ceithre cinn eile seó. Is soilléir nach é an Coisdealach
do rinne an ceann deireannach aca, ar mhódh ar bith.



Seasaidh agus dearcaidh bhfuil mo ró-ghrádh ag tígheacht,
Is mar chnap-sneachta í a's mar mhil-bheacha (do) róigheadh an ghrian,
Mar chnap-sneachta 's mar mhil-bheacha (do) róigheadh an ghrian,
Agus a chuid 's a charaid is fada mé beó do dhiaigh.



A Úna, a ainnir, a charaidh, 's a dhéid órdha,
A bhéilín meala nár chan riamh eugcóra,
B'fhearr liom-sa bheith ar leabaidh léi 'gá síor-phógadh
'Ná mo shuidhe i bhFlaitheas i g-cathaoir na Trionóide.



Ghluais mé tríd buaile mo charad aréir,
A's ní bhfuair mé féin fuaradh ná fliuchadh mo bhéil
'S é dubhairt an stuadh-chailín gruama a's madar as a méar
Mo thri truaighe ni (i) n-uaigneas do casadh liom thu (féin).



Ceithre Úna ceithre Áine, ceithre Máire 's ceithre Nóra
Na ceithre mná budh ceithre breáchta bhi (i g-) ceithre ceardaibh na
Fódhla,
Ceithre tairngidhe a's ceithre sábh ag ceithre cláraibh cómhra§
Ceithre gráin air na ceithre mnáibh nach dtiubhradh a g-ceithre grádh
d'á g-ceithre pógaibh.



‡= beith'= "bheidheadh," i g-Connachtaibh.



§"Ceithre tárnaigh a gceithre tságh a g-ceithre claraigh cómhanra,"
'san MS.


L. 62


Thug mé cóip de'n Cheann Dubh Díleas cheana, ameasg na n-abhrán
ar ar ghlaodh mé "abhráin ocáideacha," agus d'innis mé fáth a
dheunta, agus thaisbéan mé gur eugsamhuil ar fad é ó'n g-cóipín
gearr dé do bhí i g-cló le O h-Argadáin. Caithfidh mé anois an
treas cóip chur síos. Tá sí gearr simplidhe agus binn. Is cosmhúil
gur sine an chóip seó 'ná aimsir an Chearbhalánaigh. Tá sé seo níos
cosmhúile le ceathramhnaibh Ui h-Argadáin ná an t-abhrán do thug
mé ann san g-ceud-chaibidil.



CEANN DÚBH DHILEAS.



Tá mná an bhaile seo ar buile 's ar buaidhreadh
Ag tarraing a ngruaige 's 'gá leigean le gaoith,
Ní ghlacfaidh siad sgafaire d'fhearaibh na tuaithe,
Go dtéidh siad 'san ruaig le buachaillibh an righ.



Ceann dubh díleas díleas díleas
Ceann dubh díleas druid liom anall,
Ceann dubh is gile 'ná 'n eala 's an fhaoilean
Is duine gan chroidhe nach dtiubhradh dhuit grádh.



A ógánaigh uasail uasail uasail
Geobhaidh tu duais a's fuirigh go lá,
Geobhaidh tu sgioból a's urlár an bhuailte
Agus cead do bheith shuas go n-éireóchaidh an lá.



Ceann dubh díleas díleas díleas,
Ceann dubh díleas, druid liom análl,
Ceann dubh is gile 'ná 'n eala 's an faoilean
Is duine gan chroidhe nach dtiubhradh dhuit grádh.



Bhéarfaidh mé ann so abhrán air a nglaodhtar an Páistín Fionn.
Tá abhrán de'n ainm sin i leabhar an h-Argadánaigh acht ní'l aon
líne ann cosmhúil leis an dán so. Ní'l sé ró shoilléir cad air a
bhfuil an dán so ag trácht. Bhí sgeul i dtaoibh mná éigin a tháinig
cleathaire agus rógaire le na fuadach leis, acht chuir sí a culaidh féin
ar dhuine éigin eile, agus níor fhuaduigh an "cleathaire cam" an
duine ceart leis. Ní thig linn an sean-sgeul fhághail anois, tá
faitchios orm go bhfuil sé caillte. Is cinnte mé gur i dtaoibh ruid
fhírinnigh a tharla aon uair amháin ameasg na ndaoine, do cumadh
níos mó 'ná leath de na sean abhránaibh seó, acht ni thig linn fághail
amach anois cad iad na h-ocáididhe faoi a n-dearnadh iad. Is cos-
mhúil go bhfuil dá abhrán measgtha suas ann san abhrán so, an dá
cheud bheursa ag trácht ar an iarraidh do rinne an Cleathaire cam
leis an bPáistín Fionn agus cailín bán, d'fhuadach leis, agus ar an g-


L. 64


caoi ann ar mheall sí é, agus tá an chuid leanas ag moladh sgéimhe
an pháistin, agus ann sin deir duine éigin - an "cleathaire cam"
b'éidir - nár chóir a chrochadh ar son an pháistín, mar d'imthigh sí leis
go toilteannach. Da g-cruinneóchaidhe na sean-abhráin seó ceud
bliadhain no ceud bliadhain go leith, ó shoin, in n-éinfheacht leis na sgeul-
taibh bhaineas leó, ni bheidheadh na bearnadha móra ionnta, agus ní
bheidheadh siad chomh briste suas agus chomh do-thuigthe a's atá siad
anois. Is truagh fhíor-mhór é nár cruinnigheadh abhránacht agus bár-
dacht agus sgeuluigheacht na ndaoine - ní'l mé ag trácht ann so ar
abhránacht agus filidheacht na mbárd - a bhfad ó, agus do dheunfadh siad
an ciste agus an stór is luachmhaire agus is spéiseamhla d'á bhfuil le
fághail ameasg na náisiún labhras teanga "Ceilteach." Tá sé ró
mhall ann san lá anois, le dul d'á g-cruinnuighadh agus d'á mbailiughadh
óir bainidh leath no trí ceathramhna de na h-abhránaibh is fearr le ceart
lár na h-Éireann agus leis na condaéibh sin ann nach labhairthear acht
fíorbheagán Gaedheilge andiú. Má théidhmid a bhfad siar cois na mara
ameasg na sléibhteadh agus na n-iasgaire, geobhamaoid daoine go
deimhin labhras Gaedheilge de ghnáth, acht ni'l aca anois mórán eile
taobh amuigh de na h-abhránaibh agus de na sgeultaibh do bhí coitchionn
ann a measg féin, agus d'éirigh cois na fairrge, acht tá sgeuluigheacht
agus bárdacht na coda is saidhbhre agus is deagh-mhúinte agus na n-
daoine is mó eólas agus léighean, imthighthe agus caillte anois, mar
atá i gcondaé na Midhe agus na h-Iar-Mhidhe agus i gceart-lár na
h-Éireann ar fad, i gcondaé Longford, Roscomáin, Luimnigh, Tio-
braid Áran agus plúr na h-Éireann. Faraor geur! Is caill dhó-
chreidte é.



AN PÁISTÍN FIONN.



Ceann deireannach de'n tSáthairn músglóchadh an greann,
Tháinig mo deirbhshiuír chugam go caoimheamhuil fann.
"Tiucfaidh sé chugainn an Cleathaire cam
Agus béarfaidh sé mise 'sa' bh-fuadac."



Bain thusa dhíot eudaigh do chuirp a's do chinn,
Agus cuir ort mo hata 's mo chulaidh úr dhonn,
Má thigeann sé chugainn an cleathaire cam
Is mise bhéidheas leis ann sa' bhfuadach.


L. 66


Ní'l de mhaoin an tsaoghail agam acht aon deirbhshiúr amháin
Agus ní "réic" an domhain budh mhaith liom í fhághail,
Ní bhéarfainn-se sgilling ar m'fhortún go bráth
Muna* dtig liom a rádh gur liom féin í.



Nuair chuaigh mé amach leis an bpáistín fionn
Tá me láin-chinnte gur dhúbluigh mé an greann,
Chuir mé mo lámh thairsti a's dheasuigh sí liom,
A's d'fhreastail mé an t-am bhí 'sa' láthair.



Grádh le m'anam í, an páistín fionn
A croidhe 's a h-anam bheith fáisgthe liom,
Dá chích gheala mar bhláth na dtom
'S a píob mar an eala lá Márta.



Nuair d'éirigh sí ar maidin an páistín fionn
"A chuisle na g-carad créad dheunfas tu liom?"
"A shiúir" ar sa mise, "tabhair d'athair ar faill,
'S má thogruigheann† tu aithris do sgeul dó.



Cad do bh'áil daoibh mo chrochadh fá 'n b-páistín fionn,
A's gur ar mo neamh-thoil tugadh mé ann,
Ní éigin d'á n-aimh-dheoín do rinne mé ann,
Acht le lán-thoil a h-athar's a máthar.



Dá mbéidhinn-se i dteach folamh gan aoin-neach ann,
Gaoth mhór agus fearthainn dá séideadh os ár g-cionn
Gan neach do bheith 'm' aice, acht an páistín fionn
Is cinnte go n-ólfainn a sláinte.



Gan bhád ná coite do dheunfainn snámh,
Gan gunna gan phiostal do dheunfainn lámh,‡
Ní'l aoin-fhear a bhainfeadh le mo dheirbhsiúir amháin
Nach ndeunfainn púdar d'á chnámhaibh.



Is é an port agus ni h-iad na focail do rinne clú an abhráin seó,
mar chidhmíd le mórán eile aca.



Seó anois comhrádh idir buachaill agus cailín, ann a bhfuil an
cailín ag cur amhrais ann a dhearbhughadh go dtug sé grádh síorruidhe
dhí. Is an-choitchionn abhráin de'n chineál so, agus cuirim an ceann
so síos mar shompla ar mhórán eile.



†"eagraigheann tu," 'san MS. focal nach dtuigim.
‡= "Lámhach" agus sgaoileadh gunna?


L. 68


UCH A ÚNA



(Eisean).



Uch a Úna an tinn no an dúbhach leat
Mise ag deunamh cúmha am' aonar,
'S dá mbraithfinn do dhúthracht ann mo chodladh ná mo dhúiseacht
Do dheunfainn rún go h-eug ort.



Is iongantach liom-sa thu bheith bonn-os-cionn liom
'S mé bheith lán de'n dúil bheith réidh leat,
'S dá dtiucfadh* chúgainn a mhúirnín muirighin ná cúram
Is athair mé mhúinfeadh léighean dó.



(Ise).



A óganaigh mhúinte na labhartha ciúna
Taithnigheann do chlú a's do mhéin liom,
Níor bh'aite leat súgradh dar† m'fhallaing 'ná liom-sa
Acht ar eagla thu bheith breugach.



Mar is sgafaire thu tá meanmnach súgach
'Spalpadh na mionn 's na n-éitheach,
'S go mb'eagalach liom dá leanfainn-se thu
Gur casadh fa chúmha do dheunfainn.



(Eisean ag freagairt)



A ghrádh 'gus a chuid go bráth na tuig
Go ndeunfainn do mhalairt de chéile,
Go n-iompaigh' an mhuir ar fad 'nna fuil,
'S go ngabhann na cnuic fá chéile.



Go bhfásfaidh biolar tríd lár na teineadh,
'S go dtig na bric d'á éiliughadh,
'S go g-caillid na druid' ar fad a n-guib,
'S go ndeunfaidhe lon de'n chéirsigh.



Is abhrán Connachtach an Chúilín no an "Chúilfhionn" agus bheir O
hArgadáin dúinn é. Tá cóip Mhuimhneach i gcló mar an g céadna.
Acht bhéarfaidh mé ann so cóip eile do fuair mé i láimh-sgribhínn atá
agam do bhí sgríobhtha i g-condaé an Chláir, atá eugsamhuil ar fad
ó'n dá chóip eile. Fágaim amach dá rann dé atá ar aon fhocal, beag-
nach, leis na bhéarsaibh i leabhar Ui Dhálaigh, i bhfilidheacht na Cúige



*"dá dtigid" 'san MS. droch-fhoirm nach bhfeicimid go minic
annsna sean-abhránaibh seó. D'athraigh mé an líne seo beagán.



†"air," san MS.


L. 70


Mughan, 'san abhrán "A Mháire 'gus a chuisle," ag leathanach 224;
agus tá dá rann eile stróicthe i riocht nach dtig liom a léigheadh, acht
ag so an chuid eile dhé. Ní'l aon abhrán i n-Éirinn is mo clú 'ná an
Chúilfhionn agus ar an ádhbhar sin is rud fíor-usáideach é na cóipeanna
eugsamlhla dhé do bhailiughadh agus do chur i g-clódh. Deir O Daláigh
gur chuairtigh sé an Mhúmhan ar fad agus nach bhfuair se acht na tri
rainn do thug sé. Bhí mise níos ádhamhla.



AN CHÚILFHIONN.



Ceó meala lá seaca, ar choilltibh dubha daraighe
A's grádh gan cheilt atá agam duit a bháin-chnis na ngeal-chíoch,
Do chomh seang, do bheul tana, a's do chúilín bhí cas mín,
A's a chéad-shearc ná tréig mé, as gur mhéaduigh tu ar m'aicíd.



A's cia chidhfeadh mo ghrádh-sa ar cheart-lár an aonaigh,
'S gur marbhadh na mílte ógánach le rósaibh a h-eudain.
A gruaidh mar an g-cocan, 's budh bhréaghtha ar domhan sgéimhe
A's gur dóigh le gach spriosán gur ab áilleán dó féin í.



An té chidfeadh an Chúilfhionn 's í ag siúbhal ar na bantaibh
Ar maidin laé samhraidh 's an drúcht ar a brógaibh.
'S a liacht ógánach súil-ghlas bhíos ag tnúth le na pósadh
Acht ni bhfághaidh siad mo rún-sa ar an g-cúntas is dóigh leó.



A Neilidh, mo ghrádh-sa, an dtiocfá liom faoi shléibhtibh.
Ag ól fíona a's bolcáin* a's bainne an ghabhair ghlé-gil.
Ceól fada a's imirt do thabharfainn le d' raé dhuit,
A's cead dul a' codladh i mbrollach mo léine.



Ag so anois an ceathramhadh cóip de'n abhrán clúthamhail ceudna,
atá eugsamhail ar fad ó na tri cinn eile. Fágaim amach an dara
agus an tríomhadh rann óir tá siad ann san gcóip do thug O
hArgadáin, is é sin na rainn thosuigheas "gibé chidhfeach an Chúil-
fhionn," agus "An cuimhin leat an lá úd."



*Cineál uisge-bheatha, creidim. Taisbéanaidh an focal so go
bhfuil an chóip seó de'n Chúilfhionn sean go léor, óir is fada o bhí aon
trácht ar "bholcán." Chidhmíd an focal so fá dhó 'san abhrán cliútach
sin "magaidh láidir."


L. 72


AN CHÚILFHIONN. (Cóip eile).



A's éirigh do shuidhe a bhuachaill a's gleus dam mo ghearrán
Go rachaidh mé go luath* ag cur tuairisg mo dhian-ghrádh,
A's tá sí d'á luadh ó bhí sí 'nna leanabán
'S gur budh bhinne liom naoi n-uaire í 'ná cuach a's 'ná orgáin.†



An cuimhin leat an oidhche úd do bhíomar ag an bhfuinneóig
Ann a rug tu ar láimh orm 's gur fháisg tu orm boróg (?)
Do shín mé le do thaoibh, 's ann mo chroidhe ni raibh urchóid,
A's do bhí mé ann do chómhluadar no g-cuala mé an fhuiseóg.



'Sí mo shiúr í, 'sí mo rún í, 'sí mo ghrádh í, 'sí mo dhalta,
'S í grianán na bhfear óg í gach aon lá 'san tseachtmhain.
Tá a gruaidh mar an rós a's a píob mar an eala.
Sé mo chúmha gan mé i gcómhnuidhe mar a g-córaigheann sí a leabaidh.



Ní'l airgead ní'l ór agam, ni'l cóta, ni'l léine,
Ní'l pighin ann mo phóca 's go bhfóiridh Mac Dé orm,
Do gheall mé faoi dhó dhuit, sul a phóg mé do bhéilín
A mhaighre an chúil ómraigh nach bpósfainn le m'raé tu.



A mhuirnín a's a annsacht bí díleas a's bí daingeann,
A's ná tréig-se rún do chroidhe-stigh mar gheall ar a bheith dealbh‡
Do bhéarfainn an bíobla* a's nidh ar bith ar talamh
Go dtiúbhraidh mac Dé cuid na h-oidhche dhúinn le catadh.



A mhúirnín a's a annsacht do || mheall tu mé i dtús m'óige
Le do chluainigheacht mhín mhánla gur gheall tu mé phósadh,
Má thug mo chroidhe gean duit dar liom-sa gur leór sin,
A's gur fhág tu i leanndubh mé ar teacht an trathnóna.



*"Go luach mo" 'san MS, rud nach dtuigim.
†"na narragain" 'san MS. focal nach dtuigim.
‡dealbh= falamh no bocht. §"an biobla seoch" 'san MS. Ni
thuigim an "seoch" so. ||"le nar meall tu" 'san MS.


L. 74


Fágaim ar m'fhallaing gur fada liom uaim ad Dómhnach
Go bhfeicfidh mé an ainnir ag éirighe amach ar na bóithribh,
Triallfaidh mé chum aifrinn mar a mbéidh mo stór-sa,
- Sgeul cinnte gur fhág sí m'inntinn buaidheartha.



Bhéarfaidh me ann so cuid d'abhrán an chlúthamhail eile, d'á dtug
O hArgadáin tri rainn faoi ainm "Casadh an tSugáin." Fuair
mise é faoi ainm an "Súisín Bán."



AN SÚISÍN BÁN



Má bhíonn tu liom bí liom a ghrádh gheal mo chroidhe
Má bhíonn tu liom bí liom do ló gus d'oidhch,"
Má bhíonn tu liom bí liom gach orlach ann do chroidhe
'S é mo leun a's mo lom nach liom trathnóna thu mar mhnaoi.



An g-cluin tu* mé a Ghiolla tá ag iarraidh grádh,
Fill a-bhaile arís a's fan bliadhain eile mar táir,
Tháinig me asteach i dteach a raibh grádh geal mo chroidhe
A's chuir an chailleach amach ar chasadh an tsugáin mé.



B'ait liom bean a d'fhanfadh a bliadhain le n-a grádh
B'ait liom bean a d'fhanfadh bliadhain uile agus a lá,
Níor bh'ait liom an bhean bheidheadh leat-sa agus liomsa arís ar ball
'S mo ghrádh an bhean a d'fhanfadh ar an aon stáid amháin.



A's cad é an cat marbh do sheól ann san tír seó mé
A's a liacht cailín deas d'fhágbhaidh mé mo dhéigh,
Ni truimide mise sin, s ni bhuaileadh† orm é,
A's gur minic do bhain bean slat do bhuailfeadh í féin.



A's shíos i Sligeach chuir mé eólas ar na mnáibh,
Agus shiar i nGaillimh d'ól mé leó fá mo sháith, etc.



Is é fáth an abhráin seó, bárd do thug grádh do mhnaoi óig agus
tháinig sé asteach 'san tigh ann a raibh sí féin agus a máthair le
tuitim na h-oidhche. B'olc leis an tsean mhnaoi a thigheacht, agus
smuaín si aici féin cia an chaoi do b'fhearr le n-a chur amach arís
agus thosaigh sí ag casadh sugain no rópa tuighe. Choinnigh sise an
tuighe agus chuir sí an bárd g'á chasadh. Bí an bárd dul ar a chúl
réir mar bhí an sugán ag fadughadh no go ndeachaidh sé amach ar an



*"gluin tu leat mé" 'san MS.
†"ni bhuala" MS. rud nac bhfuil soiléir.


L. 76


doras faoi dheire, agus é ag síor-chasadh. Nuair fuair an tsean
bhean amuigh é, d'éirigh sí de phreap agus bhuail sí an doras ann a
eúdan. Theilg sí amach an chláirseach ann sin chuige thríd an bhfuin-
neóig agus dubhairt leis bheith 'g imtheacht. Is é "Nach é an cath marbh
chas ann na h-áite-si me" ceud líne de'n abhrán i leabhar Ui hAr-
gadáin, líne nár thuig mé ariamh, acht is dóigh gur locht an focal
"cath," agus gur "cat" mar fuair mise é budh cheart do bheith ann,
agus gur b'ionnann "cat marbh" agus droch-ádh, i g-canamhain an
bháird.



Ag so anois abhrán ainmneamhail eile chualas féin ó shean-duine.
Fuair mé cóip dé i sgríbhinn éigin a dubhairt gur b'é Dómhnall
Faire (no Farire?) O Gormáin, cia bé ar bith an bárd sin, do rinne é.



BRIGHID A STÓIR.



A Bhríghid a stóir ná pós an sean duine
Acht pós fear óg 's é d'oileadh leanbh duit,
Do shínfeadh síos go caoin ar leabaidh leat
Do bhéarfadh póg no dó ar maidin duit.



Ia truagh a Bhríghid nach bás do fuaras
Sul a thug mé grádh chomh buan duit,
D'fhág tu m' inntinn claoidhte buaidhrighthe
Mar an crann críothain 's an ghaoth g'á luasgadh.



Dá mbeidheadh an tír seo mar bhudh chóir dí
I g-caisleán aoibhinn do bheitheá do chómhnuidhe,
Bheidh' Gaill a's Gaodhail ag déanamh bróin tríot,
'S ni bhéidh mé féin* ag plé níos mó leat.



Do gheall tu dhamh-sa, 's do rinn' tu breug liom,
Go mbeitheá liom-sa ag Cró na g-caorach,
Do leig mé fead agus míle glaodh ort
'S ni bhfuaireas ann acht uain ag méidhligh†



'S do ghabh tu tharm, a's solas ann laé ann,
Dá dtiucfá féin asteach do m'fheuchaint
Deamhan fiarán (?) do bheidheadh‡ agam féin leat.



*"'S go mbiad liom fein a beith plé" 'san MS.
‡"Diún fiarán do bhach agam" etc. 'san MS., no mar chualaidh
mise é "niún (agus deamhan) bean i n-Eirinn b'fearr liom féin 'ná thu."


L. 78


Ag so abhrán milis fuair mé ameasg morain d'abhránaibh Connach-
tacha, acht ni ró chosmhúil le h-abhrán Connachtach é, tá sé ró bhinn.
D'athraigh mé an dá cheud líne, óir bhí siad mar so "Sí an Bhrighdeach
tam bhuait Dar muita si suairc" focla nár thuigeas. Bhí an t-
abhrán so sgríobhtha amach go h-an olc, agus ni bhfuaireas acht an
chóip seo amháin dé.



AN BHRIGHDEACH



'S í an Bhrídhdeach tá uaim
An chaoin-bhean shámh shuairc
Reull eólais na tíre í*
'S ar mo chroidhe chuir sí cuan.
Dá chích cruinne cruaidh
Geal-phíob mar an cúbhar
Folt bhreágh fada buidhe
'S ar mo chroidhe chuir sí cuan.



Ní hí Bhénus tá mé rádh
Ná aon bhean de na mnáibh
Acht an spéirbhean dhonn ghléigeal
Tá d'éis mo chroidhe (do) chrádh.
Ní sheunfad go bráth
A h-ainm súd do rádh,
Siúr gairim í, 's ní cheilim i,
Tar a maireann de mhnáibh.



Teannam go dti an sliabh
Ag éisteacht leis an bhfiach
Ann sna gleanntaibh dubha duaibhseacha
Mar a labhrann an fiadh†
Dar an leabhar so ann mo láimh
A Chúil áluinn na mbachall bán
D'fhanfainn leat i n-uaigneas‡
Go músglaigheadh an lá.



*Dúbailtear an líne seo agus treas líne gach rainn, nuair seinn-
tear é, acht níor sgríobh mise dúbalta é. Bhí an t-abhrán so ró
thruaillighthe agus d'athruigh mise cuid mhaith ann, nach dtaisbéanaim
's na nótaibh, oir budh ró iomadamhail na lochta sgriobhnóireachta
do bhí ann.



†"fearann" MS. ‡"go ngealthóin faoi do chliú seal" 'san
MS, rud nach dtuigim b'fhearr "go músglóchadh" 'ná "go músglai-
gheadh" 'san líne leanas.


L. 80


Teannam go dti an sliabh
Ag éisteacht leis an bhfiach,
'S na gleanntaibh deunamh lionn'-dubh
Mar ar chailleas mo chiall.
Ní bhíonn sólas againn ann
Gan dólas ann a cheann,
Ni bhíonn maise gan a masla,
Ná an díreach* gan a cam.



'S breágh a píob mar an aél
A's a brághaid gheal† gan péin
A's a bán-chíoch nár lámhuigheadh
O ghall-chreach‡ go h-éag.
Mo cheasa drom go h-eug.
Mar sgáil dubh§ ar éun,
'S gur b'í chrádh mé le lán-tsoillse -
Fáth brigh mo sgéil!



Ó'n tráth thug me grádh dhuit
Ó'n tráth thug mé grádh dhuit
Ó'n tráth thug mé grádh dhuit
A bhláth na súgh-chraébh
Do sháraigh do mhéin||
'S thug tu grádh leat ó'n ngréin,
'S gur idir do dhá láimh-se
Do b'fhearr liom dul d'éug.



*"chí" 'san MS, rud uach dtuigim. ‡"O gal chreach" 'san MS
ni thuigim é. §"sgail dibh air can" 'san MS. ni thuigim.
||"Do sháraigh tu an bhéin," MS.


L. 82


A's mo chantal 's mo bhrón
Gan mé 's tu a stóir
I ngleanntaibh dubha duaibhseacha
No i ngleann coille ar móin,
Is cneasta caoin cóir
Do mheallfainn uait póg
A réaltain bhreágh mhúinte
'S tu togha na mban óg.



Is í phoénics mo ghrádh
O hÉlen rug bárr,
An péarla ciúin tréitheach
Is féile ar bith cáil,
A cheud-sheirc mo láir
Ná leig mé chum báis,
'S go léighfinn-se do thréithe
I nGaedheilg* go sáimh.



Ag so rann milis eile, acht mar an t-abhrán shuas, is mó atá blas
Muimhneach na blas Connachtach air, cidh gur i sgribhinn Chonnachtaigh
fuaireas é. Agus chor leis sin, ní focal Connachtach an focal sin
"éisling" = laige, agus is iad na Muimhnigh go mór-mhór do chleacthadh
imirt le focal, mar chidhmíd ann so. Bheirim an rann ann so le
crothughadh na dithfre atá idir na sean-abhránaibh simplidhe do thug
mé cheana, agus abhránaibh nuadha na Muimhneach.



A MHÁIRE IS TU MO GHRÁDH.



A Mháire is tu mo ghrádh, a's grádh mo chroidhe do ghrádh
Grádh sin gan donas gan éisling,
Grádh ó aois go bás, grádh ó bhaois ag fás,
Grádh chuirfidh go dlúth faoi chré mé,
Grádh gan súil le saoghal, grádh gan tnúth le spré,
Grádh d'fhág mé cráidhte i ndaér-bhruid,
Grádh mo chroidhe tar mnáibh, 's a samhuil súd de ghrádh
Is anamh† é le fághail ag aen-fhear.



* "As Gaolam," MS. †"innuadh," 'san MS.


L. 84


Tá an imirt seó leis an bhfocal "grádh" cosmhúil le imirt i ndán
do sgríobh an "Mangaire Súgach" (Aindrias Mac Craith) o chondaé
Luimnuigh. Deir seisean i ndán áluinn do rinne sé ar fonn "Chailín
deas crúidhte na mbó."



A chumainn na g-cumann ná tréig mé
'S go bhfuilim i n-éag-chruth ad' dheóigh,
A's gur cumann mo chumainn nach dtréigfead
A chumainn go téidhim faoi an bhfód,
O thugas duit cumann as géilleadh
Mo chumann-sa a shéunadh ni cóir,
A's mo chumann a chumainn má thréigir
Gan cumann ag aén-bhean go deó.



Ag so abhrán eile do chualaidh mé o shean mhnaoi i gCon-na-mara,
agus ó dhaoinibh eile. Is abhrán coitchionn go leór é ameasg na
ndaoine, agus chuir mé leis ann so rann no dó do fuair mé i láimh-
sgríbhinn. Do chualaidh mise an tsean-bhean 'gá ghabhail agus í ag
bligh na mbó, agus do bhí tulleadh aici nach g-cuimhnighim, agus nach
bhfuaireas ó aon duine ó shoin.



PEURLA DEAS AN TSLÉIBHE BHÁIN.



Ceithre lá deug gan bhréig
Do chaith mise 'san tsliabh
Ag síor-innseacht mo sgéil
Do bhéilín ainnfhir na g-ciabh,
Mo thaebh le n-a taebh
A's mo dhá láimh tairsti aniar,
Mo bheul ar a beul
Gur eulaigh sin thorainn an ghrian.



Cluinim d'á luadh
Agus is caint í thuigeas a lán,
Go dtug mo chroidhe gean
Do pheurla deas an tSléibh bháin,
Gach a dtug me d'annsacht
A's ar shanntuigh me riamh de na mnáibh
Is í Beitidh ni h-Ainle
M'annsacht agus mo ghrádh.


L. 86


'S é mo chreach a's mo dhith
Nach bhfuil mé mo lacha bhig bháin
Go snámhfainn go h-aérach
I n-eudan na tuile 's na trágh,
Ag súil le mac Dé
Go réidheóchaidh seisean mo chás
'S go sínfinn mo thaébh
Le peurla deas an tSléibhe bháin.



Deir siad liom féin
Gur nidh beag suarach an grádh,
Acht is mairg air a mbíonn sé
Mí no seachtmhain no lá,
I 'nna luidhe ar a taoibh
(Faoi dhuilleabhar agus) bláth
Agus mé le n-a taoibh
Agus craobh bheag ghlas ann mo láimh.



Mo chreach a's mo dhith
Nach bhfuil eudach orm ná bláth
Ná gearráinín aérach
Do bheurfadh mise aon áit.
Go B'l'acliath na dteurma
Má théidhim ni fhillfead go bráth
Acht bíodh a rogha féin
Ag peurla deas an tSléibh' bháin.



Cad é an mhaith dham féin
Dá ndeunfainn capall de bhó?
A's cad é an mhaith dham é
Dá ndeunfainn caisleán ar ród?
Cad é an mhaith dham é
Dá ndeunfainn muilionn ar mhóin?
O chaill mise an gleus
Le a mbreugfainn Beitidh mo stór.


L. 88


Ag so dán aisteach, agallamh no cómhrádh - Carmen Amoebaeum -
idir mhnaoi agus fear, mar fághmaoid é i bhfilidheacht gach tíre o
aimsir Horatius go h-aimsir Thomáis Ui Mhórdha, agus mar bhéidh
sé comh fad a's tá fir agus mná ann. Fuair me é i litir do sgríobh
duine éigin go dti an sean Náisiún nuair bhí Tomás Dáibhís agus
Gabhan O Dubhthaigh 'gá stiúrughadh, ag súil, mar is cosmhúil, go g-
cuirfidís i g-cló dhó é. Is fiú a rádh ann so go raibh leath de na
h-Éireannaighibh, ar an laghad, ag labhairt Gaedheilge 'san am sin,
agus gur cuireadh mór-chuid Gaedheilge, abhráin agus uile shórt
do'n Náisiún le Gaedheilgtheóraibh ar fud na tíre. Is dóigh go
mbeidheadh siad clóbhuailte ann da mbeidheadh aon duine ar an
bpáipéar d'fheudfadh a dheunamh, óir bhí Tomás Dáibhís ancharthanach
do'n teangaidh, acht is dóigh nach raibh aon duine aca leis an gcló
do cheartughadh, agus leis sin is dóigh nach raibh aon chló Gaedheilge
aca. Dubhairt an fear do chuir an dán so chuca gur mar so do
rinneadh é. Bhí Tadhg O Doirnín a deir sé - acht ní'l fhios agam cia
an ó Doirnín é - ag siúbhal tré Eirinn agus tháinig sé go teach Ui
Luinín no Lindon. Bhí ó Luinín 'nna "bhiadhtach," is é sin fear a
raibh teach osgailte aige ag tabhairt bidh agus dídinn i n-aisge do
lucht-shiúbhalta na slighe. Chuaidh O Doirnín asteach agus tar éis
na seire no an tsuipéir, do cuireadh cláirseach ann a láimh, mar
budh gnáthach ann san tír 'san am sin, le feicsint ar mhian leis ceól
do dheunamh. Ni raibh eolas ag aon duine 'san tigh ar ó Doirnin,
agus bhí iongantas mór orra nuair thosaigh sé an ceól budh bhinne ar
bith do tharraingt ó'n g-cláirsigh. Chuir sé sin eud ar dheirbhshiúr
Ui Luinín óir do bhí si féin 'nna righ-chláirseóir. Dubhairt sí nach
raibh aon fhear do chuaidh an tslighe sin le fada d'fheudfadh ceól mar
sin do dheunamh, agus tar éis cómhráidh fhada leis, chuir sí dúbhshlán
faoi, an chláirseach do sheinm 'nna h-aghaidh féin, agus muinntir an
tighe ag éisteacht leó mar bhreitheamhaibh. Thosaigh Tadhg O Doirnín
agus chum se a's sheinn sé an leath-rann so ar an móimid, ex tempore
as a inntinn féin, agus d'fhreagair sise é ann san módh agus 'san
miosúr ceudna.



TADHG AGUS MAIRE.



Tadhg: Budh chiúin an tráth, bhí tulcha i mbláth
Nuair chonnairc mé thu a Mháire,



Máire: Níor bhreágha an lá 'ná thusa, an tráth
Do bhain tu a Thaidhg an báire.


L. 90


Tadhg: Do rosca, a spéir, ar dhath an aeír,
'S má 's féidir é níos áille,
Máire: Ní'l aér ná (g)leann is fios dam ann
Níoa sgíomhaighe 'ná do cháil-se.



Tadhg: Budh dhuibhe bhí an ghrian ag luidhe
Ioná do ghnúis a Mháire,
Máire: An reult no 'n ghrian ni thaidhbhrigheann trian
Oiread soluis le do sgáil-se.



Tadhg: Ar an tsluagh ban-sidhe budh mhaith 's budh ghnaoi
Do ghnúis gheal-chaoimh a Mháire,
Máire: Is fearr i ngné sluagh sidhe 'ná mé,
Acht b'fhearr do ghné-se an trá sin.



Tadhg: Barr-sgéimh an ghrádh i d'chuachan breágh*
Do chonnairc mé ort a Mháire,
Máire: Is tusa d'fhigh an cuachan mín
Le míne† chaoin do gháire.



Tadhg: Do rosca caoimh'‡ do dhealbhuigh an fhighe
Do ghabh mo chroidhe-se a Mháire,
Máire: Is ort-sa tá an ball-seirc do ghnáth
A lasas ghrádh gach stáidbhean.



Tadhg: Má 's áil leat mé a ghrádh mo chléibh
Is leat go h-eug mé a Mháire,
Máire: Táid lasrach' cluain 'gam' chrádh go ciúin,
Uch! úmhluighim duit, cidh náireach.



Ni feas dúinn cad é is deireadh do'n sgeul-so, no ar úmhlaigh an
óigbhean dó dá ríribh, no an ag magadh faoi do bhí sí.



*"Bárrsgéimh an graigh mar cucacan braigh, 'san MS.
†Ni léir dam cad é an focal so ann san MS. Is cosmhúil le
"minidheacht" é. ‡"caoi" 'san MS.


L. 92


Bhéarfaidh me anois píosa atá le fághail ann s gach áit ar fud na
tíre, Bean an Fhir Ruaidh. Ní'l fhios agam cad fáth ar chuir na daoine
an oiread sin spéis ann san abhrán so munab é an fonn atá air.
Ní fheicim féin mórán ceóil ná filidheachta 'sna foclaibh, acht tá an
giota so chomh deagh-aithnighthe sin, theas agus thuaidh, nach dtig liom a
fhágbháil amuigh. Fuair cara dham féin na briathra leanas o bheul
sheanduine i g-condaé na Gaillimhe, agus fuair mise uaidh-sean iad.
Fágaim amach rann no dó nach bhfuil roshoiléir.



BEAN AN FHIR RUAIDH.



Tá siad d'á rádh
Gur tu sáilín socair i mbróig
Tá siad d'á rádh
Gur tu béilín tana na bpóg.
Tá siad d'á rádh
A mhíle grádh go dtug tu dham cúl,
Cidh go bhfuil fear le fághail
'S leis an táilliúr Bean an Fhir Ruaidh.



Do thugas naoi mí
I bpríosún, ceangailte cruaidh,
Boltaidh ar mo chaolaibh
Agus míle glas as súd suas,
Thabharfainn-se sidhe
Mar thabharfadh eala cois cuain,
Le fonn do bheith sínte
Síos le bean an Fhir Ruaidh.



Shaoil mise a cheud-shearc
Go mbeidh' aon tigheas idir mé 's thu
Shaoil mé 'nna dhéigh-sin
Go mbreugfá mo leanbh ar do ghlúin.
Mallacht Righ Neimhe
Ar an té sin bhain dhíom-sa mo chlú,
Sin, agus uile go léir
Lucht bréige chuir idir mé 's thu.


L. 94


Tá crann ann san ngáirdín
Air a bhfásann duilleabhar a's bláth buidhe,
An uair leagaim mo lámh air
Is láidir nach mbriseann mo chroidhe;
'S é sólás go bás
A's é d'fhághail o fhlaitheas anuas
Aon phóigin amháin,
A's é d'fhághail o Bhean an Fhir Ruaidh.



Acht go dtig lá an tsaoghail
'Nna reubfar cnuic agus cuain,
Tiucfaidh smúit ar an ngréin
'S béidh na neullta chomh dubh leis an ngual
Béidh an fhairge tirm
A's tiocfaidh na brónta 's na truaigh'
'S béidh an táilliúr ag sgreadach
An lá sin faoi Bhean an Fhir Ruaidh.



Do chuir Éireannach éigin beagán mí ó shoin, cóip eile de'n abhrán
so i gclódh, dó bhí sgríobhtha, deir se, níos mó 'ná ceud bliadhain ó
shoin i gcondaé na Midhe. Chlóbhuail sé i bpáipéar Albannach é, "na
Himsiridhe Óbain." Ag so cuid dé.



BEAN AN FHIR RUAIDH. Cóip eile.



'Sé do bheatha ann san tír-se
A fhaoilinn is deise faoi ghruaidh
'Ná an bhean do bhí shiar
Ag Naois Mac Uisneach 'san g-cuan.
Sgriosfaidh mé an tír
Aníos go h-imeall Ros-cuain,
'S an uair casfad arís
Béidhead claoidhte ag Bean an Fhir Ruaidh.


L. 96


Is gile do bhrághaid
A mhíle grádh ná eala ar tuinn,
Is deirge do ghruadh
'Ná an rós do thig ar na crainn,
Is binne do bheól
'Ná 'n chuach 's í seinm go binn
'S gur míne 'ná 'n síoda
Gach dlaoi d'á dtig ar do cheann.



A bhruinnioll gan smál
A bhfuil an dealradh deas ar do ghruadh,
Cia bé an t-ógánach bán
Do b'áil liom leat-sa do luadh;
Cia cheilim ar aon
An t-ádhbhar fá bhfuilim faoi ghruaim(?)
Dá mbeidhinn gonnta ag an éag
'S í mo cheud ghrádh Bean an Fhir Ruaidh.



A bhláth-bhean na sgéimhe
Cuirim ceud míle beannacht leat uaim,
Tá mé gonnta ag an éug
I n-éugmais do tháthaighthe gach uair,
Dá mb'eól dam bean bhreugadh
Chuirfinn i g-céill duit m' anacra cruaidh
'S má fhillim go h-eug
'Sí mo cheud shearc Bean an Fhir Ruaidh.



Dá mbeidhinn 'san tír shíos
I bpriosún ceangailte cruaidh
Boltaidh ar mo chuim
A's míle glas as súd suas.
Thabharfainn-se sgríb
Mar do thabharfadh eala cois cuain
D'fhonn a bheith sínte
Seal oidhche le Bean an Fhir Ruaidh.


L. 98


Ag so abhrán maith fuair me ann mo shean-sgríbhinn féin agus ni
fhachaidh mé i n-aon áit eile é.



BRIGHID ÓG NA G-CIABH.



Cuirim do chuimrighidh*
Ar Dhia 'gus impídhim
Réidhtigh dham an bealach agus ná fulaing mé i bpian
Dá dtiucfá-sa fá an tsliabh
'N áit a gcómhnaigheann an fiach
Ag déanamh lionnduibh fa na gleanntaibh 's gur leat chaill mé mo
chiall.



Tá grádh agam ar mhnaoi
Agus chrádh sí mo chroidhe,
Rudh bhinne liom í naoi n-uaire 'ná an chuach ar an g-craoibh,
'S 'ná lon-dubh an bhéil bhuidhe
'S an ceirseacht† le n-a thaoibh
'S í‡ an smóilín binn breugach do ghéar-loisg mo chroidhe.



An g-cualaidh sibh-se trácht
Ar chluanaigheacht na mná?
Is ar feabhas do sgríobhfadh sí le caol-pheann ar chlár,
Ní'l sé le fághail
Ann 'san bhFrainc ná 'san Spáin
Nach bhfuil díol fir mar chéile innti, péurla an chúil bháin.



Gheobhainn-se go leór
Lucht síoda 'gus sróil,
Hataidh míne dubha, agus fáinnidhe buidhe óir,
Ni rachaidh mise leó§
Acht riot-sa, a mhíle stór,
A shiúir-cheart Iarla Anntruim 's gur tu plannda de'n fhuil mhóir.



*= coimirce, "cuirim thu faoi choimirce agus sgáth, Dé," b'fhéidir.
†"Is a ceasrach" 'san MS.
§"Ni leó rachuinn" 'san MS. "riot-sa" 'san líne leanas = leat-sa.


L. 100


Ag so abhrán maith eile fuair me i n-America. Ann san g-ceud
rann tá an cailín ag rádh nach leigfidh sí do'n bhuachaill a mealladh,
agus ann sna trí rannaibh leanas tá an buachaill ag cur a cháis i
g-céill dí agus 'g á breugadh.



MÓR NÁ BEAG.



[An cailín ag labhairt].



Mór ná beag níor luaidheadh riamh mise
I mbuaidhreadh fir ná céile,
A's go bhfuair mé mo bheatha ariamh gan aithis,
Ní mó* gur baineadh lasadh as m'éadan.
Má 's é díoghbháil mo charad thug slighe dhuit ar mo mhealladh
Ná d'aon fhear d'a bhfuil beó i n-Éirinn
A's má tá tusa ag brath mise do chur ó rath
Cuirim Críost tá ar neamh 'nna dhéigh ort.



[Eisean ag iarraidh í do bhreugadh]



Goirim tu a shiúir, goirim thu a rúin,
Goirim thu naoi n-uaire,
Goirim do chúl tá triopalach dlúth,
A's goirim do chum seang uasal.
Goirim thu ghrádh, tá m'anam ar do láimh,
Taraigh,† thusa, trá agus fuasgail,
Congbhaigh mé ó'n éug agus bídhim agad féin,
A bhruinnioll na ngeug nglan uasal.



Tá bath agam ar shliabh a's ní'l aon duine 'nna ndiaigh
A's mise do m' chiapadh leó-san,
A's m'fhocal duit a Dhia ó's ort atá mo thriall
Gur bhaineadar mo chiall go mór díom,
Mise bheith liom féin folamh, och ni bhéidead,
Anois agus mé i dtús m'óige,
A's gur mall guth gach éin a labhras leis féin‡
Ar mhala no ar shliabh móinte.



*"mór," 'san MS. ‡Tá an líne seó i n-
abhrán eile, is sean-fhocal é.


L. 102


Tá lasadh ann san ngréin agus lonradha dá réir
Timchioll do bhéilín mhódhmhair,
A's gur follus do'n tsaéghail gur mhearaigh tu le céill
Tuilleadh agus dá cheud óig-fhear.
A ainfhir bhréagh gheal shéimh na bhfad-fholt cuachach claon
Lasann mar an stuaidh (?) ómra
'S gur b'é d'iarrfainn-se de mhaoin no de shaidhbhreas an tsaoghail
Cead sínte leat gach aon oidhche Dómhnaigh.



Tá rann eile ann san abhrán so thosaigheas, "a chúil áluinn dheas"
mar tá sé i n-Éamon an Chnuic," agus is follusach é go raibh dá
abhrán measgtha le chéile ann so, mar chonncamar é deunta go
minic. Tá an dá rann thosaigheas "goirim thu a shiúr" ann san
"Mall Dubh an ghleanna" mar an g-ceudna.



Ann san abhrán so leanas tá an cailín ag caoineadh tar éis í do
bheith tréigthe le n-a grádh. Is simplidhe agus is binn an cheasacht atá
si ag deunamh. Samhluigheann sí a múirnín le "reult tríd an g-
ceó," rádh chuireas ann ár g-cuimhne an dán breágh sin i leabhar Ui
h-Argadáin, an dán is breágha de na dántaibh, b'éidir, atá 'san
righ-leabhar sin



"Chonnairc mé ag teacht chugam í tre lár an tsléibhe
Mar reultan tríd an g-ceó."



CAILIN BEAG AN GHLEANNA.



A ógánaigh óig mar reultan tríd an g-ceó
Do thugas-sa mo ghean go léir* duit,
A's do gheall tu bheith rómham ag coill ghlais na g-cnó
Go g-cuirfimís ár g-cómhairle i n-éinfheacht.
Tuig a mhíle stór nach bhfuil peacadh ar bith chomh mór
Is measa agus is mó le deunamh
Ná maighdean dheas óg do mhealladh le (do) phóig
Agus fealladh uirri go deó 'nna dhéigh sin.


L. 104


A Radaighe (?) o a rúin an aitreach leat go buan
Mar chuir tu le buaidhreadh an tsaoghail mé (?)
'S tu do dhúil i n-airgiod 's i mbuaibh
Agus i seafaideadhaibh dubha an tsléibhe.
B'fhearr liom go mór beith ar taoibh bhuachaill óig*
'Ná sealbhán bó ar taébh chnuic
'S é d'imeóradh (liom) air phean (?)agus cluithche cruaidh na ngeall
Agus shiúbhalfadh an saoghal go réidh liom.



Ag dul 'nna luidhe do'n ngréin, mo chreach, mo dhith go geur!
Is mise bhíos i bpéin an uair sin,
Go mbudh samhuil do m'ghné an té síneadh ann san gcré,
'S a Mhic Mhuire nach mór an truagh† sin!
Mo cháirde uile go léir, an chuid aca nár eug
Gur thugadar geur-ghuath dam,
Gan d'fhocal anna mbeul, acht "ó mhill tu thu féin
Fulaing do réir sin buaidhreadh."



I n-abhrán eile atá agam "Cuaichín Beinne Éidir" nach dtugaim
ann so, atá fear ag deunamh na casaoide ceudna i dtaoibh mhná,
agus mar dubhairt an cailín go mbfhearr léithe buachaill óg 'ná
"sealbh bó ar thaoibh chnuic," deir seisean



B'fhearr liom cailín óg
Ag córughadh mo leapthan
'Ná saidhbhreas righ na Fódhla
'S mo phósadh le cailligh.



Ní'l mórán filidheachta ann san abhrán so agus ni abhrán Connach-
tach é agus sin é an t-ádhbhar faoi a bhfágaim amach é, acht is fiú a
thabhairt fá deara go ndearnadh é 'san am ann a raibh Gaedheilg ag
na daoinibh i mBeinn-Éidir, seacht míle o Bh'l'athcliath.



*"seasamh buach la óig" san MS. rud nach dtuigim.


L. 106


So abhrán eile anna dtráchtar ar Bheinn Éidir.



NEILLIDH NA GCOCÁN.



'S a Dhia gan mé am' iasgaire
Shoir i mBeinn Éidir,
Agus Neillidh na g-cocán
Bheith i g-ceart-lár locha Éirne
Rachfainn-se os ísioll
Síos ar fad d'á feuchain,
'S ní thiubhrainn brobh luachra
Ar mhnáibh uaisle na h-Éireann.



'S a Neillidh, Dhia dhílis!
Ni cubhaidh* dhuit bheith am' thréigean,
'S gur a n-aice do mhín-chnis
Budh mhian liom bheith a d'bhreugan
Mo lámh ar an mBíobla
'S mé shíos ar mo ghlúnaibh,
Nach sgarfainn leat choidhche
Go sínfidhe 'san úir mé.



Tá cóifrín deas buidhe agam
'S é líonta le criostal,
'S tá glas geur go righin air
'S é go fíreannach curtha.
Athchuingim ar Íosa
A's ar Righ Cholam Cille
A mhaighdean gan mi-ghreann
Deagh-chríoch ort ó Mhuire.



Agus b'éidir go mbéidhinn-se
Agus maighdean an chúil ómra
Ar maidin ag éisteacht
Le h-aifrionn ár bpósta;
Munab cúis a rachfas,
Ar a h-aghaidh í, béidheadh brónach
Mar na lon-dubh' ar na coilltibh
Le soillse an trathnóna.



*= ni cóir é, ni oireamhnach é. Labhairthear an focal so mar
"caoi" no "cuídhe." Tá se an choitchionn i n-áiteachaibh i g-Cúige
Múmhan.


L. 108


'S a Dhia gan mé ar linn (?) léithe
'S gan uimpi acht a léine,
No i bParís na Fraince
No ar insibh loc' Éirne,
Ag cur síos mo chainte
'S ag deimhniughadh mo sgéil dí,
Mar shúil go mbeidhinn-se agad
A mhaighdean na gcraébh-fholt.



Ag so abhrán do rinne O Cearbhalláin, do réir mo láimh-sgríbhinne
-se, acht ní mheasaim féin gur b'é. Is dóigh go raibh a lán abhrán
sgríobhtha ar an bhfonn ceudna, agus ní'l aon amhras orm nach bhfuil
an port agus an t-abhrán níos sine 'ná aimsir Ui Chearbhalláin.
Bheir Seághan O Dálaigh - fear nach bhfuair ariamh a sháith molta ar
son an mhéid do rinne sé i g-cúis na n-abhrán Muimhneach - píosa
dhúinn air a nglaodhann sé "Bean Dubh an Ghleanna," agus tá cuid
dé an chosmhúil leis an dán só. Deir seisean gur b'é Éamonn an
Cnuic O Ruain do rinne an t-abhrán atá ann a leabhar féin timchioll
na bliadhna 1730-40. Tá an fonn simplidhe agus an-bhinn. Ag so
mar fuair mise é.



MALL DUBH AN GHLEANNA.



Is ag Mall Dubh an ghleanna
Tá mo ghrádh-sa i dtaisge,
Is í nach bhfuair guth ná náire,
Is caoidheamhail múinte maiseach
Dubhairt sí liom ar maidin
Imthigh a's ná feuch go bráth mé.
Ní'l ógánach deas
O Mhúmhain go Tuaim 's go Gaillimh,
Ná ó sin go laighnidh Ui h-Eaghra,
Nach bhfuil triall chum an ghleanna
Ar eachraibh slíocaidh sleamhain,
(Ag) feitheamh ar an mbean dubh is áille.


L. 110


Dá bhfághainn-se bean ó'n bPrionnsach,
A's bean ó'n Luinnseach>,
Agus bean eile ó Righ Seórsa,
Inghean Choirnéill Bingam
A's í do bheith le fonn liom,
No bean eile agus míle bó léith,
Inghean óg an Iarla
A's í do bheith go priachlach
D'á m'iarraidh féin le pósadh,
Mná deas' an domhain
D'á bhfaghainn orra mo roghan
Is Mall Dubh an Ghleanna thógfainn.



Gairim thu a shiúir,
Gairim tu a rúin,
Agus gairim thu naoi n-uaire,
Gairim-se do chúl
Tá feamuinneach breágh dlúth,
A's gairim-se do chom deas uasal.
Gairim-se arís thu a ghrádh,
Tá m'anam ar do láimh,
Muna dtigidh tusa, tráth, agus fuasgailt,
Cosain mise ó'n éag
Feasta a choidhch' dhuit féin,
A ainnir chaoin na g-céadfa ró-dheas.



Tá branndaigh agus beóir
Ar cheart-lár an róid,
Agus cláiréad ar an nós céudna,
Bantracht ban óg
Le siúbhal leat ann san ród,
Sin a's dul i g-cóiste sé n-each.
Geobhair síoda agus sról
(Ag) sileadh leat go feór,
Cáthaoir agus bórd-eudain,
A's nach fearr sin a stóir,
Agus eulóghadh liom a stóir,
'Ná cómhnuidhe faoi bhrón i n-Éirinn.


L. 112


Ni thig liom aon rud do b'fheárr dhéanamh ann so 'ná an dá bhéarsa
i n-abhrán Ui Dhálaigh atá cosmhúil le dá bhéarsa i m'abhrán-sa do
chur síos ann so, ag taisbéant na caoi ann a n-athruigheann na sean-
abhráin seó ó chúige go cúige. Tá an dá abhrán éagsamhail ar fad
ó chéile, acht amháin 'san dá bhéarsa so. Ag so mar fuair O Dáluigh
iad; ní athruighim-se a mhódh-sgríobhtha-san.



Ní'l ógánach cailce
O Bh'l'acliath go Gaillimh,
Ná as sin go Tuama Ui Mheara,
Nach bhfuil ag triall 's ag tarraing
ar eachaibh donna deasa,
Ag tnúith leis an mBean Dubh áluinn,
Gheabhainn-se bean 'sa' Múmhain,
Triúr bean i Laighean,
Agus bean o righ geal Seórsa,
Bean na lúbadh buidhe
D'fháisgioch mé le na croidhe,
Bean agus dá mhíle bó léi,
Inghion óg an iarladh
Atá go tein dubhach diacrach
Ag iarraidh mise d'fhághail le pósadh,
'S dá bhfághainn-se féin mo rogha
De mhná deasa an domhain
Is í an Bhean Dubh ó'n nGleann do b'fearr liom.



Is sompla maith é seó ar ádhbhar na n-athrughadh thigeas ann sna
sean-abhránaibh. Chidhmid mar d'athraigh an Muimhneach é do réir
inntinne a chúige féin ag cur ainm' na n-áit sin ar a raibh eólas
aige féin, ann san abhrán; agus mar do rinne an Connachtach an
rud ceudna ag trácht ar mhnáibh uaisle do bhain le muinntiribh do
bhí cliútach ar feadh Connachta go léir, mar atá na Prionnsaidh agus
na Luinnsigh, no na Frionnsaidh agus Loingsigh mar sgríobhthar iad
mar an g-céadna. Ar an ádhbhar so ni mheasaim go raibh lámh ar
bith ag an g-Cearbhallánach ann san abhrán so muna b'é gur chuir sé
bhéarsa no dó eile leis, ag tógbháil seomra nuaidh ar an tsean
chloch-bhonn.


L. 114


Acht atá cóip eile agam sgríobhtha le Dómhnall Mac Consaidin as
chondaé an Chláir, atá cosmhúil le cóip Ui Dhálaigh, acht ní'l sí chomh
cosmhúil léithe nach fiú a tabhairt ann so, óir budh chóir an méad
cóip agus is féidir de na príomh-abhránaibh ainmneamhla so do
chruinninghadh agus do chur i g-cló. Ní'l an dán so sgríobhtha ann sna
líntibh gearra ann a bhfuil dán Ui Dhálaigh, acht chidfidh an léightheóir
ar an móimid gur ann san miosúr céudna iad.



POL DUBH AN GHLEANNA.



Atá bó agam ar shliabh, is fada mé 'nna diaigh a's do chaill mé mo
chiall le nódhchar.
D'á seóladh soir (a's) siar, a's gach áit a ngabhann an ghrian, no go
bh'filleann sí aniar ('san) trathnóna.
Nuair féachaim-se anúnn* 'san mbaile a bhfuil mo rún tuiteann ó
mo shúil ghlais deóra
A Dhia mhóir na ngrás tabhair fuasgailt ar mo chás a's gur Bean
Dubh a d'fhág fá bhróin mé.



Cia bé chidhfeadh mo theach 's gan de dhíon air acht seasg, 's é déanta
ar thaoibh an bhóthair,
Go dtagann an bheach, a's go ndéanann an nead le grian agus le
teas an fhóghmhair,
Nuair críonann an tslat ni fhanann uirri meas, mar bhíonn ar an
mbuinne is óige,
'S a chúil áluinn deas a dtug mo chroidhe dhuit gean, cuirim slán
agus céad go deó leat.



Do gheobhainn bean Mhuimhneach, do gheabhainn bean Laighneach, do
gheabhainn bean agus dá mhíle bó léi.'
'S í bean na bhfáinnidhe buidhe an bhean do chrádh mo chroidhe, no bean
eile as an tír-se Sheóirse.
Atá inghean ag an Iarla a's tá si go diacrach ag iarraidh mise
d'fhághail le pósadh,
A's dá bhfághainn-se mo rogha de mhnáibh deasa an domhain is í Pol
Dubh an Ghleanna b'fhearr liom.



*= "anonn," foirm Mhuimhneach.


L. 116


'Sí Pol Dubh an Ghleanna, 'sí Pol Dubh do b'fhearra, 'sí Pol Dubh
budh ghile breághtha í,
A píb mar an eala, a h-éadan mar shneachta, 's a com seang singil
álainn.
A dá láimhín Mhuire, na g-cúig méara fuinte, do shíolraigh ó'n maighre
mhánla,
Nuair ghabhann an eala amach cailleann an ghrian a teas, agus
úmhluigheann an ghealach le grádh dhí.



Chidhmid mar do glacadh an t-abhrán so le fear bocht agus le fear
saidhbhir le seinm d'á múirnínibh, fear aca ag iarraidh an mhaighdean
do bhreugadh leis as Éirinn go dti an Fhrainc no an Spáin, agus
'gá gealladh bainnis ann a mbeidheadh an branndaigh agus an fíon
chomh h-iomadamhail sin go mbeidheadh siad le n-ól ar cheart-lár an
bhóthair, agus ag gealladh cóiste sé gcapall do'n mhnaoi le cuideacht
ban-óg. Acht ní'l ag an donán eile acht aon bhó ar shliabh agus bo-
tháinín gan aon chúmhdach air acht seasg no luachra. Is follusach mar
sin do réir mo bharamhla-sa go raibh an fonn sin agus cuid de na
briathraibh sean go leór, agus gur athruigheadh iad réir mar d'iom-
caireadh iad ó áit go háit agus ó chúige go cúige le daoinibh do chuir
bhéarsaidh nuadha leó - bhéarsaidh do bhain le n-a g-cás nó le n-a g-
cineamhain féin.



Ag so abhrán eile an tsimplidhe, obair duine tuaithe gan amhras,
ann a g-cuireann an duine bocht a bhrón i n-úmhal le fíor-chumha.
Is follasach ó'n abhrán go ndeacaidh se go B'l'acliath ag iarraidh a
leasa, agus gur mharbh an t-athrughadh é. Bhí sé ag fághail bháis,
mar is cosmhúil, nuair rinne sé an píosa so. B'éidir gur b'é com-
ráid dó, do rug a-bhaile leis é go cúige Connacht. No b'éidir gur
fhill sé féin tar éis a thinnis. Cia inneósas dúinn anois é!



GRÁDH MO CHROIDHE THU.



Grádh mo chroidhe thu a Bhrighdín mhaerdha,
Is minic 'san oidhche a smuaínim féin ort,
Tá mise tinn, ní'l mo léigheas ag aon neach
A's brón ar an ngaoith nach dtugann dúinn sgeula.


L. 118


Má ghabhann tu an bealach so siar, no an bóithrín,
Beir mo bheannacht mar a bhfuil mo stóirín,
Dá mbeidhinn 'nna h-aice bheurfainn póg dí
Acht nuair nach bhfuilim sílim deóra.



Chuir mé litir ann san bposta
Mar a bhfuil mo shearc, go raibh me tuirseach,
'Sé dubhairt sí liom go mbudh bheag an dochar
'S an té bhíos i ngrádh go mbíonn a inntinn corruighthe.



Beir mo bheannacht go bonn Shléibh Beachla
Mar éirigheann grian 's mar luigheann an ghealach,
Tá ceó liath ar Bh'l'acliath na mallacht
'S ní léar dham an t-aer os mo cheann ná an talamh.



Brón ar an mbás is gránna an nidh é,
Shaoil mé riamh go meallfadh bríob é,
Bheurfainn dó Éire lán faoi chaoraibh
Acht mé leigean do Loch-Riabhach ag feuchain mo ghaolta.



Is fada liom uaim na bóithre móra
'S gan fiú na mbonn faoi mo bhrógaibh
Cidh go dtéidhim chum an aifrinn ní le debhótion,
Acht le súil, O, go bhfeicfinn mo mhíle stór ann.



A Bhaile-cath-riabhach, mo chúmha, ceud slán leat
'S iomdha lá breágh aoibhinn do chaith mé láimh leat,
Ag síor-ól fíona 's mo mhian ar láimh liom
Bhídhinn gan phighin 's bídheadh m'inntinn sásta.



Tá na bheursaidh sin níos simplidhe 'ná na cinn eile seó. Ni
thugaim acht dá rann de'n abhrán so.


L. 120


AN MHÓDHAMHUIL MHAISEACH.



'Sé mo chrádh a's mo mhilleadh gan mo ghrádh agus mise
'S an Spáin no a bhfad ó ár ngaoltaibh,
I n-árus coille cois tráith' no toinne
'S gan neach 'san g-cruinne 'nn ár ngaor ann,
Is dlúth do dhruidfinn le plúr na g-cumann
'S is ceannsa phógfainn a béilín,
Chóireóchainn dí leabaidh a's luidhfinn 'nna h-aici
A'r thabhairfinn-se tamall d'á breugadh.



Ar an Mhódhamhuil Mhaiseach is meabhar liom labhairt
'S ar a tréithibh bhí measardha múinte,
Sgríobhfad go fairsing de bhrigh gur cailleadh
Na mílte pearsa bhí ag súil lé,
Tá ceud fear aca-san beó d'á maireann díobh
I bpéin i nglasaibh ag Cúpid,
'S ni saor tá mise acht mo mhogh i ndaor-bhruid dí
'S is baoghal go g-cuirfidh sí 'múgh' mé.



I ndeire an abhráin seó deir an file, no b'éidir file eile ag
deunamh magaidh faoi n-a bhochtanas féin agus é ag iarraidh cailín
mar í.



Súd an spré do ghearrfainn dam féin leis an ainfhir
Dúithch' Éile trasna, 's Cionn-tsáile
(A)bhfuil o Shliabh go Sionnainn 's dá dtrian Dhún gceannaing
'S a bhfuil siar ó dheas go Portláirge.
I Múmhan leat rachfainn, Dúrlas do ghearrfainn duit,
Agus Cluain-geal-meala chum áitribh,
'S bheidh' do chóistidhe ar lasadh le h-ór buidhe-dhearg
'S fir óga ag feitheamh go lá ort.



Is cuimhin liom dán eile de'n tsórt so do rinne file i g-condaé
an Chláir ag roinnt amach an chondaé sin ar a lucht-mhuinntearais
amhuil agus dá mbudh údhacht do bhí sé ag deunamh, agus an duine
bocht gan troighe tallmhan aige féin, acht ag deunamh magaidh faoi a
easbhuidh maoine.


L. 122


So dá rann eile ar ainfhir óig. Ní'l fhios agam cad é is ciall
de'n rádh gur bhuadhaigh sí (agus rug buaidh)ar Righ Seumas. B'éidir
go raibh sí ag an g-cúirt, agus "go dtáinig an sgeul thar tráigh
aníos" go raibh an Righ féin i ngrádh léithe.



ÚNA PHEUCACH.



A Úna pheucach rug buaidh ar Bhénus
A's 'dfhuadaigh an sgéimh ó mhnáibh an tsaoghail
A stuadh na féile ar shruadh na gréine
Do ghluais gan bhréig o Phárrthas naomh.
A ainfhir mhúinte bheusach do bhuadhaigh* ar Righ Seamas
Is luaidhte an sgeul thar tráigh aníos,
Nach truagh leat mé gan suan i d' dhéigh-se
A ghruaidh mar chaor 's an bainne tríd.



Gach dlaoigh mar an t-ór léithe síos go bróig
Leis an bhfaoileán mhódhmhar mhánla mhín
Maoth-chrobh ró-ghlan, mar chum Críost, dar ndóigh†
'S gach siolla d'á glór mar chláirseach chaoin.
A chiall na Fódhla, a mhian na n-óig-fhear
Sgaoil an brón tá i lár mo chroidhe,
Mo phian tá mór muna bhfághainn slán arís.



Tar éis an abhráin-grádh do "Úna pheucach tigeadh ceann eile
de'n chineal ceudna do "Bhrighid Beusach," tarraingim é as mo shean
láimh-sgríbhinn féin, acht chonnairc mé, ni chuimhnighim cia an áit, dá chóip eile dhé.



BRIGHID BHEUSACH.



Phósfainn-se Brighid Bheusach
Gan cóta bróig ná léine,
A stóir mo chroidhe dá mb'fhéidir
Liom, do throisgfinn duit naoi dtrát,



*"a bhuadh" 'san MS. †"ar ndóithe" MS.


L. 124


Gan bhiadh gan deoch gan aon chuid
Ar oileán i Loch Éirne,
D'fhonn mé a's tu bheith i n-éinfheacht
Go réighfimís ár g-cás.
A ghruaidh ar dhath na gcaor-chon
A chuaichín bháirr an tsléibhe,
Do ghealladh ná deun breugach
Acht éirigh (roimh an lá)
'S i n-aimhdheóin* dlighe na cléire
Go dtoghfainn thu mar chéile,
'S a Dhé, nár dheas an sgeul sin
Duine ag eulógh' le n-a ghrádh.



Gheit mo chroidhe le buaidhreadh
Agus sgannraigh mé naoi n-uaire
An mhaidin úd do chualaidh mé
Nach raibh tu rómham le fághail,
'S a liacht lá faoi shuairceas
Chaith mise 's tu i n-uaigneas
'S gan neach ar bith d'ár g-cúmhdach
Acht an "iug" a's é ar an gclár.
Dá bhfághainn amach do thuarasg
Dá dtéidhfeá go bonn cruaiche
Rachfadh an sgéul rochruaidh orm
No leanfainn do mo ghradh,
'S go mb'fhearr (liom) sínte suas leat
'S gan fúinn acht fraoch a's luachair
Na (bheith) 'g éisteacht leis na cuachaich
Bhíos ar siúbhal ag éirigh lá (i.e.laé).



'S é ádhbhar m'osna 's m'éagcaoin
Gach maidin mhoch d'á n-éirighim
A chúil na lúb 's na bpeurla
Nach tu bhí dam i ndán,
'S ni iarrfainn-se de fhéirín
Acht mé a's tu bheith i n-éinfheacht
I n-áit icéint† 'nn ár n-aonar
Go leagfainn ort mo lámh.



*"Ingdheóin" san MS. Labhairthear mar sin é i meadhon Chonnachta.
†Labhairthear "éigin" mar "icéint" i gConnachtaibh agus mar
"éigint" i Mumhan.


L. 126


Sheinnfinn ceól ar teudaibh
Duit, le bárr mo mheura,
Thréigfinn mná na h-Éireann ort,
A's leanfainn thu 'san tsnámh
'S dá mbéidhinn am'righ na Gréige
No am' phrionnsa ar na ceudtaibh
Do bheurfainn suas an méad sin
Do pheurla an bhrollaigh bháin.



Dá bhfeicfeá reult an eólais
'S í teacht i mbeul an bhóthair
Déarfá go mbudh seód uait
Do thógfadh ceó a's draoigheacht,
A gruadh dearg mar rósaibh
'S a súil mar drúcht an fhóghmhair
A béilín tana ródheas
'S a brághaid ar dhath an aoil.
Bhí a dá chích corra cómh-chruinn
Mhol mé íad 's ni mór liom,
'Nn a seasamh ag deunamh lóchrain
'S iad ceaptha os cómhair a croidhe,
Tá mé i mbrón 's i ndóghraing*
O sgiorr tu uaim tar teórainn,
Cidh is fada ó fuair mé cómhairle
Go ngearrfá-sa ar mo shaoghal.



Tosóchad shíos i mBréuch-bhuidhe
A's rachfad go Loch Éirne
O Shligeach go bonn Céise
Bheurfaidh mé mo sgríob,
Siúbhalfaidh mé Móin-Éile
Corcaigh a's Beinn-Éidir
'S ni sheasfaidh me i dTom-Gréine
Go dtéidh mé go Tráighlighe.


L. 128


Níl gleanntán cnoic ná sléibhe,
Ná baile-cuain 'san méad sin
Nach dtóireóchaidh mé má's féidir liom,
'S nach n-eulóchaidh mé le m'mhian,
Muna bhfágh' mé Bríghid 'san méad sin
Ní'l agam le rádh léithe
Acht beannacht slán a's ceud do chur
Le bláth na sugh-chraobh.



Tá an oiread eile ann san bpíosa so, acht is cinnte mé nach leis
an bhfear ceudna é. Ta sé lán suas de ainmneachaibh as na h-úgh-
daraibh Greugacha agus Rómánacha, agus is dóigh gur ag taisbéant
a mhúnaidh agus a eólais féin atá an file. Deir se gur casadh Mercuri
leis agus gur dubhairt gur dóigh gur b'é Pluto do sgiob an cailín
leis, agus cuireann an file roimhe dul go Tartarus le n-a tabhairt
amach as. Acht deir sé leis fein ann sin, má théidheann sé ann nach
mbéidh aon chongnamh mór aige ag troid ar son a ghrádh-san, óir
nach bhfuil mórán cúmhachta ag na Spánaighibh 'ná ag lucht an Phápa
ann sin shíos, acht da mbeidheadh Cranmer Calbhin Hannraoi no
Mártain beó go bhfuighfeadh sé litir uatha chum a g-cáirdeadh ann sin
do dheunfadh an gnó dhó.



Ni mhór dham* congnamh láidir
Ní bhfuil mé mór mar Charon
B'éidir dhó mé bháthadh
Dá dtigfinn ann a líon,
Tá a bhád 's a mhaididhe-rámha
Go síorruidhe ann súd ar gárda
Ni thaithnigheann dream an Phápa leis
Ni ghéilleann sé d'á ndlighe.



Deir sé ann sin go rachfaidh se i g-coinne na Féinne Éireann, go
dtiucfaidh Fionn Goll Osgar Cuchulainn agus Clann Uisneach leis
agus go mbrisfidh se ifrionn le n-a g-congnamh-san agus go n-
iomchóraidh sé a ghrádh ar ais arís leis faoi bhuaidh. Is cosmhúil gur
fear éigin eile do chuir na bheursaibh sin i g-cionn an mhéid do thug
mé, agus nach mbaineann siad ó cheart leis an g-ceud-chuid dé.



*= "Ni fuláir dham," mar deirid i gCúige Mumhan agus "is riach-
tanach dam."


L. 130


Caithfidh mé cúpla abhrán beag eile chur síos ann so, cidh nach
cinnte mé ar aon chor gur Connachtaigh do rinne iad. Ni obair
daoine-tuaithe iad acht daoine fóghlamtha. Ag so an cheud cheann.



OCH A MHUIRE.



Och! a Muire nach truagh mo chás
I bpiantaibh báis, ar dhith mo shuain,
Fá 'n g-cluanaigh mheangach do shlad mo ghrádh
'S nach bhfághaim bráth a malairt uait'.



Mheall sí mise le briathraibh bláth
An bhéith gheal* bhán is gile snuadh
Nach dtréigfeadh mé go dti lá an bhráth'
'S anois gur líon sí† lán de m'fhuath.



Is mairg a chreidfeas bean go bráth
No bhéarfadh i g-cás dí fios a rúin,
Mar do rinne mise do líon d'á grádh
'S anois gur náir léithe beannughadh dhúinn.



Tá an dán so 'nna Rannaigheacht Mór fadaighthe amach; ag so dán
eile tá níos cosmhuile go mór le fíor-Rannuigheacht. Ni bhfuair mé
aon ainm acht Uilliam Ruadh os cionn an abhráin seó, acht is cosmhúil
gur dán Muimhneach é, óir is focal Muimhneach "puínn" 'san gceud
rann;= "morán."



IS AOIBHINN DUIT. Uilliam ruadh cecinit.



Is aoibhinn duit a dhuine dhoill
Nach bhfeiceann puinn de na mnáibh
Och! dá bhfeicfeá a bhfeiceann sinn
Do bheidheá tinn mar atáim.



Is truagh a Dhia nach dall do bhios
Sul do chidhinn a cúl casta,
A corp sneachta, sliocht gheal saor,
Och! is saoth liom mo bheatha.



*"An mhéidgheal," 'san MS. †"'S gur líon sí anois," 'san MS.


L. 132


Daoine dalla budh thruagh liom
Gur fhás mo ghuais tar phúdhar cháich,
Thugas mo thruagh, cidh thruagh, ar thnúth,
A lúib na lúb ag lúib atáim.



Is mairg riamh do chonnairc í
'S is mairg nach bhfeiceann í gach lá,
Is mairg air a bhfuil snaidhm d'á searc,
'S is mairg sgaoilte as atá.



Is mairg do théidh d'á fios
'S is mairg nach bhfuil d'á fios de ghnáth,
Is mairg duine bhíodh 'nna h-aice
'S is mairg nach 'nna h-aice tá.



Do thug mé anois go leór de shompládhaibh ar an abhrán-grádh mar
do cumadh é leis na daoinibh-tuaithe, fir agus mná, agus measaim gur
an-bheag de na dántaibh do thug mé ann so do bhi déanta le daoinibh
a raibh eólas aca ar bharduigheacht, no le daoinibh do sgríobh iad mar
chathadh-aimsire agus le feuchaint créad d'fheudfadh siad do dheanamh
ag filidheacht. Acht, sul sguirim, caithfidh mé trí no ceathar de dhán-
taibh eile de na sean-dántaibh thabhairt ann so, mar shompla ar na
h-abhránaibh grádh mar bhíodar ameasg na nGaedhal na ceudta
bliadhain ó shoin. Ní thig liom a rádh cia h-iad na h-úghdair do chum
na dánta so leanas, no cia an t-am do mhair siad, act measaim
gur tamall maith ó shoin do bhí siad, agus is follusach go raibh siad
níos múinte agus níos eólaighe 'ná na daoine do chum an méad abh-
rán thug mé cheana. Fuair me iad i láimh-sgríbinnibh Connachtacha
agus bheirim ann so mar abhráin Connachtacha iad, acht leis an
fhírinne d'innsint d'fheudfadaois bheith cumtha i n-aon chuige de na
cúigibh, óir ni bhfuil dithfir ar bith idir an chanamhain do bhí cleach-
taighthe leis na bárdaibh dá cheud bliadhain no trí ceud bliadhain ó
shoin i n-aon chúige de na cúigibh. Do bhainfidís na h-abhráin leanas,
ó cheart, do chruinniughadh na bpíosa sin d'fhág na fíor-bháird 'nna


L. 134


ndiaigh, agus ni d'abhránaibh na ndaoine-tuaithe atá mé ag tabhairt
ann san leabhar so. Acht is cosmhúil nach bhfuil na píosaidh seo
róshean, cidh go bhfuil siad i miosúr riaghalta, no má tá siad
sean, féin, d'athruigheadh iad rud beag ó cumadh iad, leis na
daoinibh do ghabh agus do sgríobh iad, óir ní'l mórán focal i
n-aon cheann aca nach bhfuil chomh soilléir so-thuigthe anois agus bhí
siad ariamh. Agus sin é an t-adhbhar bheirim ann so iad, óir is dóigh
liom gur cuimhnigheadh leis na daoinibh iad, agus gur sgríobhadh síos
go déigheannach iad, óir ni bhfuair me acht ceann aca i n-aon sean-
sgríbhinn. Agus mar is i sgríbhinnibh Connachtacha fuair mé iad ni
mi-cheart ar fad é, áit do thabhairt dóibh ameasg na n-abhrán grádh so.



Breathnóchaidh an léightheóir leis an g-ceud amharc an dithfir an-
mhór atá idir na h-oibreachaibh seo na mbárd fóghlamtha smuaínteach,
agus na ndaoine tíre. Ag so an cheud cheann bheurfas mé.



AN SEARC 'GÁ DHIÚLTUGHADH.



Mo ghrádh, ón 'sí mo ghrádh
An bhean is mó bhíos 'g am' chrádh,
Is annsa í ó m'dhéanamh tinn
Ná an bhean do m'dhéanamh slán.



'Sí mo stór, ón 'sí mo stór,
Bean an roisg uaithne mar an rós,
Bean nach g-cuirfeadh lámh fá m'cheann
Bean nach luidhfeadh liom ar ór.



Sí mo shearc, ón 'sí mo shearc
An bhean nár fhág ionnam neart,
Bean nach leigfeadh mo dhiaigh och
Bean nach g-cuirfeadh liag am' leacht.



'Sí mo rún, ón 'sí mo rún
Bean nach n-innseann aon nidh dhúinn,
Bean nach leigfeadh am' dhiaigh och,
Bean nach ndeunfadh sile súl.


L. 136


'Sí mo chruth, ón 'sí mo chruth,
Bean nach g-cuimhnuigheann mé bheith amuigh,
Bean nach ngoilfeadh uair mo bháis*
'Sí chrádhaigh mo chroidhe go lár.†



Mór mo chás, ón mór mo chás
Is iongnadh fhad go bhfághaim bás,
Bean nach dtiúbhradh taobh liom
Dar mo mhionn is í mo ghrádh.



'S í mo roghan, ón 'sí mo roghan
Bean nach ndearcfadh siar orm,
An bhean nach ndeunfadh liom-sa sith
(A's) tá de shíor lán de ghráin.



Is mór mo bhrón, ón 's mór mo bhrón
Fá an droch-mheas mór
Ag an mnaoi do mo chlaoidh'
Is í shlad mé ó mo bheó.



'S í mo mhian, ón 'sí mo mhian,
Bean is annsa liom faoi 'n ngréin,
An bhean nach g-cuirfeadh orm binn
Dá suidhfinn le na taébh.



'Sí do chrádhaigh mo chroidhe
A's d'fhágbhuigh osna am' lár,‡
Muna dtógthar an t-olc so óm' chroidhe
Ní bhéidh mé go deó slán.



*"uiri mo bhás" 'san MS. †"gan larr" 'san MS.
‡"Ionnam choidhch" 'san MS.


L. 138


Is iomdha earráid agus tuisleadh i miosúr na línteadh seó, agus
is comhartha é sin nach bhfuil siad againn ann so mar tháinig siad o
láimh an fhile. Ag so an dara giota.



NI BHFÁG MISE BÁS DUIT.



Ní bhfágh mise bás duit
A bhean úd an chuirp mar ghéis,
Daoine leamha do mharbhais riamh
Ni ionnann iad a's mé féin.



Créad fáth rachfainn d'eug
Do'n ghob dearg, do'n deud mar bhláth(?)
An cruth mhíonla, an t-ucht mar ghéis,
An dóibh súd gheabhainn féin bás?



Na cíocha corra, an cneas úr,
Na gruadha corcra, an cúl fiar,
Go deimhin ni bhfuighfead-sa bás
Dóibh súd, go mbudh áill le Dia.



Do mhalaidh* caola, d'fholt mar ór,
Do rún geanmaidhe, do ghlór leisg,
Do shál chruinn, do cholpa réidh,
Ni mharbhfaid siad acht duine leamh.



Do mhéin aoibh, d'aigne saor,
Do bhos tana, do thaobh mar chuip,
Do rosg gorm, do bhrághad bhán,
Ní bhfág mise bas duit.



A bhean úd, an chuirp mar ghéis,
Do h-oileadh mé ag duine glic,
A bhos thana, a chráighe bháin
Ní bhfág mise bás duit.



Ag so anois an tríomhadh giota. Ní'l sé chomh sean leis an dá
cheann shuas, creidim. Ní'l an file chomh fuair-ghlic leis an mbárd
déigheannach, agus ni throideann sé an aghaidh an ghrádh atá 'gá
chiapadh.


L. 140


AN NAOIDH BHEAG SHIAR.



Goirim thu, a naoidh bhig shiar
Na bhfolt fiar, ar dhath an óir,
'S gach dual díobh go fada fann
Nach gann do shín go bárr an fheóir.



Na rosg liath, na bhfeucain mall,
Na malaidh ngann mar sgríb pinn,
Na ngruadh mbán acht corcair tríotha
Ochón! is tríotha táim tinn.



An beul blasta, ar shnuadh caoir,
'S an deud chailce,† shaor ar mhéid,
An tsrón dheas, an smig nach mór,
'S an phíobh bhán, snuadh de'n ngéis.



Na méur n-úr, na ngeal-lámh nglan,
Na ngeug lag dá n-iadhann (?) tiúin
Do gach ceol sigh-bhinn saor-bhláith
Do sgríobh an fhaoileann bhán dúinn‡



An t-ucht mar aol na g-cíoch g-cruinn
Ariamh fós nár dhórn aon,§
An corp séimh seang, an taobh bláith,
Ni sheinnim daoibh dáil mo ghéis'.



Is truagh gan mé astigh faoi ghlas
Ag mnaoi na mbas méar-glac-maoith,
I Portláirge na slios nglan
No i Liosgamhail na sreabh g-caoin.



Ag so faoi dheireadh, cómhairle - is dóigh le sean duine gruama
éigin - an aighaidh na mban, aon phíosa beag amháin le cathadh, mar
mheadhchan suarach, ann san taoibh eile de'n sgála, andhiaigh an mhéid
sin molta. Is fiú a thabhairt mar gheall ar an iarracht do rinne
an bárd sgeul d'innsint. Is sompla maith ar mhódh na sean-bhárd


L. 142


é agus tá an píosa so coitchionn go leór, tharraing mise é as
sgribhinn atá agam do rinne Dochtúir ó Donabháin an sgoláire
mór Gaedheilge. D'athraigh mise litriughadh na bhfocal.



AN T-IARLA BHÍ 'SAN RÓIMH.



Mairg do gnídh cumann leis na mnáibh
Ni mar sin atáid na fir,
Do budh chóir a g-cur i g-cré
I n-éagmais na mban so astigh.



Iarla glic do bhí 'san Róimh
Ag a mbidheadh coirn óir fá shíon,
Ar mhnaoi an íarla mhóir mhaith
Do chualadh sgeul ait, má b'fhíor.



Lá d'á rabhadar araon
Taobh le taobh ar leabaidh clúimh
Do leig sé air go raibh ag éag
Do chum sgeul, do bhraith a rúin.



"Och! och! dá bhfuighfeá-sa bás
Budh bheag mo chás ionnam féin,
Ar bhochtaibh Dé leath ar leath
Do roinfinn fá seach mo spré.



Do chuirfinn síoda agus sról
I g-comh-roinn fhairsing d'ór dearg
I dtimchioll do chuirp 'san uaigh,"
Ars an bhean do smuain* an chealg.



Deónaighthear leisean an bás
Do bhraith mná no mala seang,
D'á deóin níor chúmhaill sí sin
An dheóidh a fir, nidh d'ar' gheall.



*Labhairthear an focal so mar "smaoin" anois, ann gach áit i
n-Éirinn creidim, acht is follasach ó'n rann so gur labhaireadh é an
t-am sin "smuain" mar sgiobhthar é, ag deunamh cómh-fhuaime le uaigh.


L. 144


Fuair d'á mhalairt ar an sráid
An tráth sin - cidh 'r bheag an stór,
Dá bhann-láimh no trí de shac
Nach ráinig ar fad a thóin.



Do gheal sise bhréid a cinn
Ar ndul do'n chill leis an g-corp,
Ni thug pighin d'eaglais Dé
'S ni thug déirc do dhuine bocht.



Tugadh leisean éirigh prap
Nuair bhí a bhean ag dul uaidh,
D'fhiafraigh créad fá raibh a chorp
D'á chur nocht ann san uaigh.



Thug sise leithsgeul gar,
Ar nós na mhban bhíos le h-olc,
D'á saoradh ar a fear féin,
Bean nach ngeobhadh géill i locht.*



"Braithlín fá chosaibh gach fir
Ní bhéidh anois mar do bhí riamh,
Go roisir† go Righ na ndúil,
Budh leat tús ó a dtéid 'san tsliabh.



Do choimh-ling le tús na sluaigh
Ar shliabh Síonn - cruaidh an cás,
Do chumas duit aisléine gearr
Nach ráinig meall do dha mhás."



As na mnáibh cidh mór bhur ndhóigh
Fada dóibh ag dul le gaoith,
Tearc duine nach meallaid siad,
Mairg leigeas a rún le mnaoi.



*"Bean nár gabhadh geill a locht" 'san MS. †Go roisir = go
righidh tu, go dtig tu go.


L. 146


Cidh 'r b'iomdha canafás mín
Agus braithlín caol ann a tigh,
Nidh le a bhfolóchaidhe a nocht
Níos chuir sí fá chorp a fir.



Ag sin cumann na mná,
Ar san Iarla glic budh ghlan gnaoi,
"Féachadh gach neach clár dó féin
Sul fhágfas a spré ag a mhnaoi."



Ag fághail bháis dá mbeidheadh fear
Ná cluineadh a bhean é os árd,
D'á deóin na leigeadh amach
Och ná ach, cidh mór a mhairg.



Tá mé réidh anois leis na h-abhránaibh grádh. Ní thiúbhraidh mé aon
cheann eile ann so. Ní'l aon chineál abhrán ameasg na ndaoine-
tuaithe is iomadamhla ná iad so. An deich-fichead no dá-fhichead aca
do thug mé ann so, do thogh mé amach iad ameasg na g-ceudta, rud
nach raibh rofhoras le deunamh, óir atá an chuid is mó aca chomh
truaillighthe agus chomh measgtha tríd a chéile gur deacair é aon
ordughadh ceart do chur orra. An méad do thug me go dti seó,
déanadaois mar shompladhaibh ar an g-caoi ann a g-cuireann an
tuatach Connachtach a smuaínte grádh i n-abhránaibh agus i ranntaibh,
má's dóthchas no eudóthchas, má's brón no lúthgháire bíos 'gá chor-
rughadh.


L. 157


Is mairg a thaobhthadh bean mo dhiagh
Fá chían sin 's a chiall nach gar,*
Ni gnáth tuile gan trágha
Is ionann sin is grádh na mban.



Le na ngrádh na bíodh do spéis
Is bristeach a méin 's as olc a rún
Grádh na mban chugad is uait
Thig na ruaig is théid air ccúl.



An t'aon ghrádh is mó faoí an ngréin
'S a bheith aig do mhnaoi féin ort,
Na creid sin ach a bheith na bhréig,
'S a dhol a dhéag mur a théid a sop.



Da siúbhalfainn cnoic agus poirt
Do gheabhainn a nolc os áird
A Righ do bheir síneadh san ghréin
Go seachnaidh tu mé air a cceárd.



In this copy too, the wife is made to say:



Ni bhfuigfinn go bhfuighinn-se bás
Bruach d'uaimhe, do rádh an bhean,
S ni bhéinn gan ghruaim air mo ghnaoi
No go ccuirfinn mo thaobh le d'chneas.


L. 158


Do chum uaigneas d'fhághail dam féin
Ann sa ccill a bhfad o chách,
Chum do aonta, rún mo chléibh
Is fíor a méid-se táim a rádh!



CRÍOCH.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services