Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Ghiolla an Amaráin .i. Donnchadh Ruadh Mac Con-Mara.

Title
Eachtra Ghiolla an Amaráin .i. Donnchadh Ruadh Mac Con-Mara.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA GHIOLLA AN AMÁRÁIN .I.
DONNCHADH RUADH MAC CON-MARA.



1 Do riarfainn sgeól dom chomharsa air
aon rud,
A m-briathraibh beoil do b'eol do
chéadaibh;
Air Bhrian Boróimhe, air slóigh na
Féinne,
'S air chliar mhic Lóbuis mhóir a's
Mhaoghnais.
5 Níor chóra dham teacht tar ghreas d'á
saothar
'Ná air nuadhacht do bhain dam deasga
an t-saoghail:
Do bhrigh go rabhas-sa gann faoi
ghrétihribh
'S gur fríth go fann-lag dream na h-
Éireann,
Gan chíos, gan chabhair, acht sprionnsas
bréige,
10 Da sniomh le feall, le cam, le hétheach.
Ag múnadh sgoile dob' obair dom'
laethibh
Sa rún do'n phobal, ma's socair an
céird sin.
'Nuair thugadh mo chómharsain cóir a's
gleus dam
Ghnídhinn cuideachta a's spórt ó nóin go
chéile.
15 Níor chruinnidh me ór na stór air aon
chor
Acht an sgillinn a gheobhainn do ól go
h-éasguidh



Anns an oidhche am luíghe 'sme am aonar,
Bhíos seal a'smuaineamh air uíghde an
tsaoghail,
Air chathamh ma bheatha gan earra gan
éadach;
20 'S gur bh-fada go m-b'fearra bheith
tamall mar mhaol beag,
A g-comhar na g-capall no carta na
cré seal,
Nó óg-bhean chailce do ghlacadh mar
chéile,
No fós dá rachfainn as talamh na h-
Éireann
'Sgo m-b'eol dam sealad a chathamh am
chléireach,
25 Go ráchfainn faoi sheól re feoithne air
séide
Go Sagsana Nuadh má's dóigh go m-
b'fheidir.
Iar d-teacht do'n mhaidin, do phreabas
go h-éadtrom,
As mo leaba le taithneamh as sgéil
sin;
Beirim air bhata, 'sní stadfainn air aon
chor
30 do bhí feirc in mo hata de' bh-faision
a's faobhar air.
Do chuir me slán lem' cháirde i n-ein-
feacht
'S le cuid níor fhágbhas slán le foiréi-
gion
Dá g-casfadh dam árthach d'fhághail i n-
Eirinn
Do rachfainn tar sáile i n-áit nár
bhaoghal dam,
35 bheith am stróinse ag tarraingt air bhaile
gach sméirle
No aig ól bainne i d-tigh Maoilsheach-
lainn ui Mhaonaigh.
Biodh a fhios aig an d-talamh 'saig mai-
thibh geal Paorach,


L. 195


a liadhacht beatha, mion-earradh agus
gréithre,
Do thug an pobal a bh-fochair a chéile,
40 Chum mo chothuighthe i g-cogadh no a
spéirlinn,
Stór nach gcaillfeadh suim de laethibh.
A's cófra doimhin a d-toillfinn féin
ann,
Do bhi seacht bh-fithchid ubh circe 'gus
eanla ann,
Le h-aghaidh a n-ithe chomh minic 's budh
mhéin liom,
45 Cróca ime do dingeadh le saothar,
Agus spolla saille budh throime 'ná
dearfainn.
Bhi tuilleadh a's naoi g-clócha de mhin
choirce gloin chreithre ann,
Re dríodar na loiste 'sad crochta
uim a chéile:
Lán an bharraille dob' fhearra bhí i
n-Éirinn,
50 De phrátaoi dearga air eagla geur-
bhroid.
Do thugas cag leanna ann do lasfadh
le séide
'Sdo chuirfeadh na maiirbh 'na m-beatha
dá m-b'fhéidir.
Do bhí agam jackets comh gasta le h-
aon-neach,
Agus léintreacha breaca go barra mo
mheurabh,
55 Leaba 'gus clúda a g-ciumhais a chéile,
Ceangailte ar dhrom mo thronnc le
téadaibh:
Bhí bróga 'stigh ann wig a's beaver.
Agus stór mar sin anois nach n-déar-
fam Go prtláirge de'n stáir sin téidhim-se
60 Chomh farránda le Conán na Féinne.
Glacaim mo lóisdín bord bidh a's
feusta,
A bh-fochair an óg-mhnaoi budh chóraighe i
n-Éirinn.
Do bhí si fáilteach, fáinneach, tréitheach,
Budh chaoin, deas, sásta an drawer le
glaodhach í:
65 Gach sórt d'a d-tagadh a bhlaise ní
shéanfadh
D'inneósadh eachtra, startha, agus sgeul
duit,
Ní ghlacfadh sí falla na fearg go h-eug
leat,
Fad bhraithfeadh sí airgiod agat air aon
chor
'sa g-cúrsa mná ní tráchtaim féin air,
70 Acht cúis mo gháire fath sméide.
Do rin sí mo chlú d'a m'fiú mo sháothar,
Chuiread sí am' chul-sa púdar glé-geal:
Bhíodh deoch air maidin 'smé am leaba
d'a gléas dam
O bhonn go bathas 'sí bhearraidh go léir
me.
75 Budh mor m'iongantus a soinneandacht
féile;
Agus cruas a muime chum pingine
d'éiliom:
Ní mhaithfeadh a máthair cáirt ná braon
dam
Go g-caithfeadh sí an táile d'fhághail gan
phle uaim.
D'fhanas 'na bh-feidhil sin suim de
laethibh,
80 Aig feitheamh air loing do raghach as
Eirinn;
Bhí captaoin Allen fear meanmach
aerch.
Ag teacht fa'n m-baile 'snior bh-fada
gur réidheas leis.
Gléasaim orm go h-obann le féirsge,
Me féin a's mo chosdus áir sodar a
n-éinfeeacht;
85 Téidhim do'n Phasáiste air ghiorrán le
carréire,
Agus ualach sgadán am mheádháchan air
thaobh de.
Chuaidh mo chofra air bórd go h-aosgaidh:
Do bhí uaisle an phóirt ag ól gan
traochadh ann.
Fiafruighidh go h-aibigh an labhraim
béarla
90 A's d'fheudas a bh-freagairt in Laidionn
air éigin


L. 196


Níor bhfuláir dam m'ainm a thabhairt
do'n chléireach
A's Macnamara chuir tarsna 'san day-
book.
Dob' éigin mo chófra sheoladh air thaobh díom,
As mé ag dénadh ceoil a's spóirt 'san
state-room.
95 Sgaoilter seolta air neoin do
Phoebus,
Do bhí Eolus leó agus Thetis;
Sgeinnid de phreab amach 'san d-tréan-
mhuir,
Go n-druidid a bh-fad a d-teas na
gréine:
Níor bh-fada gur ghoill air chloinn sin
Mhaoghnuis,
100 An fhairge dhoimhin agus radarc na
spéire.
Bhí beatha gan roinn aig Tadhg Ó Lao-
ghaire,
'S ní bhlaisfeadh sé greidhm le treighid
na braon di:
Bhí Caoilte Ó Caoimh aig caoineadh a
chéile,
'S ní bh-fuigheadh sé a bhríste sgaoileadh
air aon-chor;
105 Bhí Peadair O'Dúbhda i g-cúinne in
aonar
'Sé aig urrshlugann air shúsa le Féidhlim;
Bhí Cairbre, a's Gearóid as Tiobóid
air saothar
Aig tarrumg mo phlocóide i n-onóir
na sgléipe.
Bhí Gearlailt Ó Doghair a's Flann
a'taosgadh
110 A's Cathal a's Conn a pleanncadh a
chéile.
Bhí Seaghan O Troighthe 'san roide d'á
thraoschadh
A's d'á cheann a ghoile aig cur air a
n-éinfheacht.
Do dhearbhuigh Diarmuid shiar a's faobhar
air
Nach marifeadh a d-trian le triall air
Éirinn.
115 Sin mar chaitheadar tamall go taom-
nach,
Brúighte, fadtuirseach, treascartha,
traochda.
Bíodh air m'anam ma budh thaise dham
féin sin,
Sínte tarsna chomh aindeis le h-aon-
neach.
D'fhanas am mhart gan phreab, gan
faothamh,
120 Mar a bheidheadh sac gan fead gan
glaodh 'nam:
Mo chreach fhada, níor mhaga budh mhéinn
liom,
Budh mé an cleas marga, nó an
lastram aonaigh.
Acht bacann an náire trácht air éig-
ceart.
Aisiog mo shláinte go ndeárnaidh mé
air fad.
125 Budh mhinic mé d'á iarraidh air Dhia dá
m-b'féidir
Stoirm d'ár bh-fiaradh an-iar go h-
Éirinn.
B'fhearr liom 'ná bh-feacas de mhaitheas
an t-saoghail so,
Dh'fhághail gé'r bh-fairsing, 'sa raibh a
d-taisge aig Croesus;
'Sná an lomra órdha do thóig Mac
Aeson;
130 'Na sochar na Scótach a's mhor-Dháil-
réada.
'S dá bh-faghainn 'san imirt an Fhinne-
bhean, Déirdre,
Le'r cailleadh clann chúmusach Uisnigh
na d-tréan-each.
'Sná ar dhearmad Seoirse i bh-Flondrus
de ghréithribh,
A's é aig teitheidh ó na namhaid go Han-
over air Éigin.
135 An-deirim do thabhairt mar mhalairt le
buidheachus
Air a bheith 'san m-baile no a g-calaith-
phort éigin.
Air a bheith 'san m-Barúntacht am'
neartugadh idir ghaodhalaibh,


L. 197


A' reic mo cheathramhan 'sa smachtúghadh
mo threáda.
No in-aice an t-sagairt thugadh teagasg
go seímh dam,
140 A's blaise na leanna go fairsing gan
éiliomh.
Nó ins an g-cill ó'n t-suim go chéile;
Nó aig brasuireacht le Peadair O
Cinnéide;
No a m-baile Sheoirse a g-cómhgar an
t-séimh-fhir,
Risteard bán dob' fheárr de Phaoraigh;
145 Nó ins an g-Creatlaigh mar a g-cleach-
taid mo ghaolta;
Nó i Luimneach for Shoineann na g-
caolbharc;
No air shliabh geal g-Cua rug buadh na
féile
Ag riar lucht duanta, druadh, agus
cleirigh,
A bh-fochair Uilliam ui Mhóráin fonn-
árd, léigheanta.
150 Do dhéanfadh sean-dán os cionn chláir
m'euga;
Ceud nidh fairis nach d-tagann am'
bheul-sa,
Beus do chleatann lucht fadtuirse i
n-eigin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services