Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Sheaghain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An Dara Caibidil.

Title
Beatha Sheaghain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An Dara Caibidil.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1882
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 25


Beatha Sheaghain Mhic hÉil, Áirdeaspoig
Thuama.



An Dara Caibidil.



“Innistear dúinn sgeulta ar n-atharach a chuaidh
romhainn.”

Ag cur ós cómhair súile an té a leigheas
na briathra so, cosamhlacht Sheághain Mhic
Héil Áirdeaspoig Thuama, a tá se riachta-
nach, ins an am céadna tracht air an aimsir
a bhí ann 'nuair a rugadh é.



Breathnuigh siar air an m-bliadhain úd
1789 — no, 1790, 'nuair a bhí an Fhrainc agus
an Euróip air fád, air bhruach a bheith briste
brúighte, faoi shaltart soighdiur a bhí air
mire le teann feirge a's lasarachta na
h-antola boirbe. Feuch iad ag bualadh agus
ag briseadh, ag reubadh, ag losgadh, agus ag
slad gach nidh agus gach duine air a raibh
meas no bláth, no biseach. Tá an righ, an
bhainríoghan — an fear-tíre, an mac óg, no an
inghean áluinn air aon 'ga d-tiomaint mar
chaorchaibh ann áir, le h-iad a mharbhadh agus
iad a dhícheannughadh. Budh h-é sin an t-am
geur, truaghach; bhí amhgar agus ansogh, crádh
agus caoineadh i measg daoineadh na Fraince,
agus na h-Eorpa air fad. Agus bhí Éire
féin ag feitheadh air uair a teastuighthe. Bhí
an domhan mór faoi chrith agus faoi eagla;
agus bhí meinne na n-daoineadh líonta d'
imnidhe agus de mhío-shuaimhneas.



Sin chugaibh an t-am in a rugadh Seághan
Mac Héil.



Budh h-í Máire Nigh Mhaoilchiaráin a mhá-
thair, agus Pádraic Mac Héil a athair. Bhí
aig a mháthair móirsheisear mac agus triur
inghean. Budh h-é Seághan an cúigeadh mac
agus an seiseadh duine de chlainn a mháthar —
óir bhí deirbhshiúr aige d'ár bh' ainm Anna a
bhí ní budh sine 'ná é féin. So h-iad ainmne
clainne a athar agus a mháthar; Tomás an
cheud duine; Máirtín, an dara leanbh — a
fuair bas 'nuair a bhí se 'na mhalrach; in sin,
Maolmhuire; agus Pádraic an ceathramhadh
duine — athair an ollaimh diadhachta Tomáis a
bhí seal geárr ó shoin 'na oide air feadh
bliadhan a g-coláiste muintire na h-
Éireann, i b-Pairís na Fraince. An cúigeadh
leanbh-fir — Seághan — d'a raibh se i n-dán a
bheith 'na Áirdeaspog, 'na threoir agus 'na
fhear coimeáda ag Catoilicighibh na h-Éireann
air feadh trí fícead bliadhan. Rugadh do
Phádraic Éadhmon agus Máire agus beirt
clainne eile, a fuair bas in aimsir a
n-óige — deichneabhar daoineadh — iomlán na
leanbh a rug Máire a chéile dhó.

Budh bhean ionmheasda Máire Nigh Mhaoil-
chiaráin, bean tuigsionach, árd-inntinneach,
céillidhe, a thug aire d'a tigh, agus d'a cúram
agus d'athair a clainne. Bhí gradh máthar
aice dóibh air fad, acht bhí feárr a's bárr sin
— grádh banaltraighe a bheireas aire d'á
clainn agus d'á cúram mar gheall go bh-fuil
si ag déanadh tola Dé. Mar gheall air so,
bhí gean mór aig a mac Seághan uirre cho fad
a's bhí si beo, agus tar éis a báis bhí a
cuimhne i g-cómhnuidhe aig a chroidhe mar rós
faoi bhláth ag tabhairt uaithi balaidh thaithnea-
mhaigh mhilis. Fuair si bás 'nuair bhí a mac
timcheall naoi bliadhna deug d'aois.



Do phós Pádraic an dara uair bean óg,
áluinn, mhaiseach — a chol-sheisear féin — d'a r'
bh'ainm Caitlín Nic Héil, d'á mhuintir agus
d'a chine féin. Bhí aige de'n phósadh so
seisear clainne, d'á bh-fuil beirt beo ins
an am a tá i láthair.



(Le bheith air leanamhain.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services