Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stáid na Gaedhilge agus Teangthadh Eile ins na Stáidibh Aontuighthe (agus i gCanada). An Treas Airtiogal.

Title
Stáid na Gaedhilge agus Teangthadh Eile ins na Stáidibh Aontuighthe (agus i gCanada). An Treas Airtiogal.
Author(s)
Ó Néill Russell, T. - T.O.Rúiséal,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

STÁID NA GAEDHILGE AGUS TEANGTHADH
EILE INS NA STÁIDIBH AONTUIGHTHE
AGUS I G-CANADA.



le T. O. Ruiseul.



An treas airtiogal.

Dubhramar beagán timcheall Francach na
Canada 'san airtiogal déigheanach, agus is
cóir dhúinn nidh éigin a rádh timcheall
Gaedheal na tíre sin, óir go deimhin is
“muintir fá-leath” iad mar tá na Francaighe,
acht faraoir! ní righne siad móran chum a
d-teangan do chúmhdach, gidh go mairidh si fós,
'se sin má's féidir linn a rádh go mairidh
teanga a tá cho truaillighthe sin go nach d-
tuigfeadh an scoláire Gaedhilge is feárr in
Éirinn, trí focail dí air n-a clos air d-tus.



Tá dá áit in Uachdar Canada in a
n-dearnadh áitighthe de Ghaedhealaibh
Albanacha; tá aon aca i g-condae
Gleanngarbh, air bhruach na h-amhann móire,
Naomh Lárais, agus tá an ceann eile láimh
le Gleanncoe air bhruach na h-amhann bige
Tamhuisge, i g-condaibh Elgin agus
Middlesecs. Do thánaic Gaoidhil Gleann-
gairbhe ó h-Albain 'san m-bliadhain 1785,
agus is beg nach bh-fuil siad ceud bliadhain
air an móirthir so anois. Ní féidir linn rádh
go beachd ca h-am thánaic Gaoidhil Gleanncoe
chum Canada, acht bhí se ag am éigin 'san
g-céad ceathramhuin na h-aoise so. Caithfidh
sinn rádh go righne Gaoidhil na h-Alban
comhbhrac níos feárr air son a d-teangan ioná
do righne na h-Éireannaighe air aon áit air
an móirthír so, óir labhaireann an chuid is
mó de mhuintir Gleanngairbhe agus
Gleanncoe, an Ghaedhilig fós,



Is éigin dúinn admháil gur nidh créid-
eamhnach do Ghaedhealaibh Canada, go
labhaireann siad a d-teanga féin fós, acht
is éigin dúinn admháil mar an g-ceudna,
nach bh-féidir le h-aon chine daoineadh a d-
teanga do coimheud beo anois muna m-
bidheann innti, leabhair, irisleabhair, paipeura
nuaidheachda, agus na h-uile neithe d'á d-
tugthar an t-ainm coitchionn de “fhóghluim
roithleánach,” no “current literature,” i m-
Beurla. Is maith an nidh é Éireannach do
bheith cumasach a theanga féin do labhairt,
acht is nidh dá uair níos feárr é do bheith
cumasach a theanga féin do léigheadh. 'Se so
an dearmud do righne Gaoidhil na Canada;
níor chuir siad páipeur no irisleabhar air
bun a riamh, agus d'á bhrigh sin, ní fad go m-
beidh a d-teanga marbh. Nach mór an t-
atharrughadh a tá teachd air Gaedhealaibh ó'n
aimsir in a righneadar cogadh air son aoin
leabhair amháin! Is cosamhuil go raibh níos
mó leabhar 'san Gaedhilig ins na seachtmhadh
agus ochtmhadh aoisibh, ioná do bhí in aon
teangain beo eile 'san domhan, acht anois tá
leabhair i nGaedhilig níos teirce 'ná leabhair
aoin teangan mínighthe air dhruim na talmhan.
Ní mór an t-iongnadh go bh-fuil ár d-tír
faoi neul agus go bh-fuil mímheas ag
daoinibh na d-tíorthann eile orrainn. Beidh
se mar sin no go d-tuigeann na h-
Éireannaighe gurab e an LEABAR an t-
arm is cúmhachdaighe air talamh, agus i g-
comórtus leis, nach bh-fuil an cloidheamh acht
mar traithnín earraigh.

Tá uibhir na nGaodhal Gleanngairbhe tim-
cheall fiche míle, agus iad so de Ghleanncoe
timcheall deich míle. Labhaireann na sean
daoine Gaedhilig maith go leor, acht dá d-
tiocfadh Oisín no Fionn air ais chum beatha,
níor bh'féidir leo thuigsin na n-daoineadh óg,
agus gan amhrus níor bh'féidir leis na
daoinibh óga d'á d-tuigsin air aon chor. Ní


L. 171


thuigidh Gaoidhil na Canada acht na focail is
simplidhe d'á d-teangain, mar is urus a
mheas nuair nach bh-fuil aon fhóghluim aca
innti. Acht ní leanann siad truaillighthe na
leabhar nuadh d'Albain; deirid beagnach a g-
cómhnuidhe “deunaidh se, tabhairidh si” in áit
“deunaidh é, tabhairidh í” mar chlobhuailtear
na ráidhte so in Albain anois. Tá an chuid
is mó de Gaedhealaibh Gleanngairbhe 'na g-
Catoilicibh: is fad ó bhí seanmóir Ghaedhilge
in aon eagluis 'san g-condae, agus deir na
sean daoine gurab é sagart áirighthe
Éireannach an seanmóruidhe dob' fheárr do
bhí aca riamh; níor bh'áil leis seanmórughadh
acht i nGaedhilig. Fuair se bás timcheall
caogad bliadhan ó shoin.



Is rod iongantach é, gidh go bh-fuil mórán
Gaedheal Albanach i Nuadh-Eabhrac agus na
cathrachaibh eile in a múintear an Ghaedhilig,
nar thánaic aon díobh chuiii na sgol ó cuireadh
air bun iad. Do righne mórán Ameri-
cánach cuairt dóibh, agus thánaic Breathnuighe
d'á bh-feicsin acht ní thánaic aon duine ó
shliocht Gaedheal Alban i ngar leo fós. Is
droch-chómhartha é so óir taisbeanann se nach
bh-fuil mórán measta ag na h-Albhanaibh
air a d-teangain. Feudaim rádh go cinnte
go g-cuirfeadh “céad mile fáilte” roimh
aon Ghaedheal Albanach do thiocfadh chum na
sgol Gaedhilige ins an g-cathair so, no i g-
cathair air bith eile air feadh na tíre. Ní
amháin go g-cuirfeadh fáilte roimhe, acht do
bheidheadh níos mó luathgháire air na sgoláiribh
d'á fheicsin ioná do bheidheadh dá d-tiocfadh
scór Éireannach, is cuma cia h-iad, no dá
mhór a saidhbhreas agus a g-clú.



Tar éis na bh-Francach, siad na Breathnuighe
a thaisbeanas an cúram is teo agus is
teagaraighe ins an d-tír uim a d-teangain.
Ní cosamhuil gur aithnighthe in Éirinn go bh-
fuil trí páipeura nuaidheachda ag na
Breathnuighibh ins an d-tír so, agus nach bh-
fuil aon fhocal Beurla ionnta ó thús go
deire! Tá aon aca clobhuailte i b-Pittsburg
'san stáid Pannsilbhania, ceann eile in
Utica san stáid Nuadh-Eabhraic, agus ceann
eile in áit éigin 'san Iarthar. Ná
smuaintear gurab ó shúgra clobhuailtear
na páipeura so, no nach n-deuntar airgead
asta. Tá siad go h-uile ag deunadh airgid
agus faoi bhláth. Ní léigthear Beurla
ionnta air aon chor, má's áil le duine
furfhógra do chur in aon de na páipeuraibh
Breathnacha so, caithfidh se bheith 'san teangain
Breathnuighe. Nach mór an náire do shliocht
na nGaedheal 'san d-tír so, go bh-fuil dornán
daoineadh as tír bhig — tír nach bh-fuil
mórán níos mó 'ná Cúige Connacht in
Éirinn — ag cur masla ortha i d-taoibh a
d-teangan? Nuair smuaineann Éireannach
air na neithibh so, tigeann báramhala in a
cheann timcheall a chomhdhuthchasadh nach lámhfadh
se cur air páipeur.



Ní'l aon áit eile 'san domhan in a m-beidh
an fhaill cheudna ag teangthóir le fóghluim
teangthadh a's do bheidheadh aige san d-tír
so. Ní'l aon teanga a tá labhartha 'san Eoirip
nach bh-fuil labhartha in America, agus tá
mórán díobh so na h-Asia le cloistin innti
mar an g-ceudna. De na h-uile cathrachaibh
innti, 'si Chicago an ceann is iltheangaighe
dhíobh. Tá cine daoineadh 'san g-cathair sin
nach bh-fuil le fághail in Nuadh-Eabhrac,
Philedelphia, Boston, ná áit air bith eile
air an móirthír so. Tá páipeura nuaidheachda
i Chicago i g-cúig teangthaibh deug éagsamhla,
agus dá m-beith Cardinal Mezzofanti no
Sir Uileam Ions innti, is cosamhuil go d-
teagmhóchadh siad le daoinibh nach d-tuigfidís,
gidh mór a n-eolas air theangthaibh. Tá aon
pháipeur nuaidheachda i Chicago i “nGearm-
anac Íochdarach” se sin “Low German;” an
ceann amháin le fághail in America. Ní
ceaduighthear clobhualadh na teangan sin
anois leis an riaghail Ghearmanaigh, agus
deirid nach bh-fuil aon pháipeur eile 'san
dómhan i nGearmanach Íochdarach acht an ceann
a tá i Chicago. Is ait an nidh é, an meud
mór de Ghearmanachaibh a labhaireas an
teanga sin fós. Ní múintear ins na sgolaibh
í, ní sgríobhthar i leabharaibh í, acht ní scuirfidh
na Gearmanaighe d'á labhairt. Tá mórán


L. 172


daoineadh ins an d-tír so nach bh-feudas aon
teanga — eile labhairt, gidh go léigheann siad
an “t-Árd-Gearmanach” maith go leor.

Tá fios ag an g-cuid is mó de léightheoiribh
an Irisleabhair so gurab iad na daoine ó
Holland d'áitigh an stáid Nuadh-Eabhraic
air d-tús agus do thóig an cheud tógbháil do
tógbhadh 'san g-cathair de'n ainm ceudna,
Tá an stáid agus an chathair faoi réim
Sacsann air feadh níos mó 'na dá chéad
bliadhan, gidheadh tá teanga na g-ceud
áitightheoir, 'ga labairt fós san stáid. Ní
labhairthear teanga na Holland acht leis na
sean-daoinibh 'san d-tuaith, agus ní'l acht an-
bheagán díobh féin thuigeas í anois. Ní
chidhtear gur chuir na daoine ó Holland aon
pháipeur air bun in a d-teangain i Nuadh-
Eabhrac, no in aon áit eile air feadh na sdáide;
ní mór an t-iongnadh, air an adhbhar sin, go
bh-fuil si beagnach marbh; feicfidh an
geinealach so deire dhí.

In aimhdheoin de'n uile ghlór timcheall an
chinidh mhóir Thutonacaigh no Ghearmanaigh, nach
iongnadh mór é nar ghlac aon d'á d-teangthaibh
freumh in aon tír coigcríche, acht an Beurla
amháin. Tá níos mó de Ghearmanaighibh
taoibh amuigh a d-tíre féin 'ná tá d'aon chine
eile 'san domhan; do bhí níos mó aistrighthe
ó Ghearmainia 'san aois so 'na ó aon tír eile
na h-Eorpa, acht ní túisge fágann siad a
d-tír 'ná cailleann siad a d-teanga. Níor
bh'fhéidir le daoinibh beo níos mó do dhéanadh
'ná do righneadh le Gearmainighibh le cúmhdach
a d-teangan 'san d-tír so, agus d'á coimhéad
ó bhás. Tá si múinte ins na sgolaibh
puiblidhe; tá go leor páipeur innti — níos mó
'ná léightear; — tá meas ag na h-American-
aighibh air an b-pobal darab teanga dhilis í,
acht ní ghlacaidh si freumh air bith gidh go bh-fuil
air an laghad deich milliún de'n t-sliochd
Gearmanach ins an tír so.



Tá adhbhar a mheas go m-beidh na
h-Éireannaighe in America ó so amach mórán
níos cúramaighe i d-taoibh a d-teangan ioná
do bhí siad riamh roimhe. Is fíor nach g-
cuireann na daoine saidhbhire mórán suime
innti fós; acht tabhair am dóibh: níor tógbhadh
Róimh in aon ló; tá mórán deunta cheana
Dá m-beith fir-eagair na b-páipeur
Éireannach beagán níos cúramaighe d'á
taoibh, is iongantach an meud dob' fhéidir leo
dheunadh. Ní'l aon aca thuigeas Gaedhilge,
no dheunas aon nidh d'á cabhrughadh acht amháin
fear-eagair an “Americain-Éireannaigh.”
Dá m-beith na páipeura Éireannacha eile
mar e, is geárr go m-beidheadh ár d-teanga
air bun in so, óir is cinnte go bh-fuil níos
mó daoineadh air an móirthír so a thuigeas
Gaedhilge ioná tá in Éirinn. Tá fírinne
de so socair le tuigsin, óir ins an aimsir
chuaidh thart agus ins an am láithreach féin
is ó áitibh in Éirinn in a labhairthear an
Ghaedhilig, thánaic an chuid is mó de na
daoinibh d'aistrigh chum America.



Críochnuighthe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services