Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amharca Dealbhchluthacha: Uimh. 4. Brian Boroimhe, a bhárd agus a mic.

Title
Amharca Dealbhchluthacha: Uimh. 4. Brian Boroimhe, a bhárd agus a mic.
Author(s)
O'Carroll, John James - Eoin Séamus Ó Cearbhaill,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AMHARCA DEALBHCHLUTHACHA.



Uimh 4.



Eoin Séamus Ua Cearbhaill, S.Í.
ro chán.



Brian Boroimhe, a bhárd, agus a mic.
(Brian, MacLiag i láthair.)

Brian. — Ná labhair 'nois mar sin. Ná
h-abair 'nois
Go m-badh fhéidir le Maoilsheachlainn bheith
'nár n-aghaidh
Air uair an chatha-so. Ní raibh se raimh
'Na chara do na Gallaibh, acht i g-cómhnuighe
Bhí sesean troid mar ghaisgeach buan na
h-Éireann
Go h-árd-lasánta 'n-agaidh na Galldachta.
Go deimhin thiocfadh leat céad uair níos feárr
Rádh ormsa féin gur ghrádhuigheas na Gaill.
Acht an fear sin, Maoilsheachlainn, nach raibh
riamh
'Na chuidightheoir le Gallaibh ins an g-cogadh,
Acht nuair bhí Gaill ag troid le Gallaibh
eile,
Agus é sin aon uair amáin; — Maoilsheach-
lainn
Do chaill a mhac féin in a chogadh deigheanach
Flann Alabannach treun ag troid mar é
Go dian in aghaidh na nGall; — é bheith anois
'Na fhealltóir meata ins an moméid-so
'San moméid deireanaigh, glórmhair roimh an
g-cath —
Dob' eígin bheith níos mó ná fealltóir ann!
Budh í an fhealltacht í, budh mhó, bud mheasa,
Budh iongantaighe obainne 'san domhan!
Ag truailliughadh in aon mhoméid clú a
bheatha,
Ag briseadh síos a obair-láimhe féin,
Ag saltairt faoi a chosaibh fola a chlainne,
Fola ro-úire grádhuighthe a mhic!
É sin a dhéanadh agus ceilt sin uaim —
Ní fealltacht daonda í, a éilightheoir,
Atá an sgeul sin 'glaoidh air dheimhniughadh
mór.
Abair cia h-é an fáth, cad é an nidh
Do chuir an faobhar air do theangain líomhtha,
A bháird na m-bárd, Mhic Liag!
Fan, inneosad;
D' innsis é cheana; tá fios shár-mhaith agam
Cad é an t-adhbhar sin. Budh chóir é bheith
nach bh-fuil
Maoilsheachlainn mar atá na daoine eile,
Acht an-doimhin-rúnach, dubh, fuar-fhuileach,
cealgach
Tar uile anamanna raibh 'san domhan a riamh.
Acht's bunoscionn a tá an t-adhbhar agat!
Mar gheall nar cheil se cheana cor air bith,
Measann tu go m-budh chóir dham bheith
crith-eaglach
Mí-amhrusach go bh-fuil se 'g ceilt anois.
Deirir, an uair bhí se 'na shuidhe i d-tallaibh
Thaidhg fhiail Uí Cheallaigh, in do láthair féin,


L. 152


I láthair móráin daoineadh (mar is gnáth
Bheith cruinnuighthe ag cluin le binne dán;)
Go bh-feacaidh tu nach cara damsa é
Go bh-feacaidh tu é so cho soilléir sin
Go bh-fuilir cinnte dhé. Taisbeánaidh se
Nach d-tig 'nois le Maoilsheachlainn ceilt an
oiréid sin
Nach d-tig leis é cheilt asat, agus tu
Ins an am ceudna gnóthach díthchiollach
Lán lasardha fó cheol a's filidheacht.
Agus an measair 'nois i n-diaigh sin
Go d-tig leis ins an áit so ceilt a íntinn,
É féin do cheilt air feadh na lá, na seacht-
mhain,
Agus mo shúile 'g feuchain, faire air,
A's é ag ullmhughadh an fheille is uathbhásaighe?
Ná smuain é sin níos mó. Ná h-abair
choidhche
Gur fíor no fós ionsaoilte é, MhicLiag.
Éist, éist, anois. Nach guth do mhic é sin?
Sin guth mo mhic-se. Fan, feuch orra féin!



(Tig Murchadh agus Mac
Liag Óg isteach)

Murchadh. — A athair ríoghamhail!



MacLiag Óg. — A Áirdrig na h-Éireann!

Brian. — Uch! a MhicLiag Óig, cuir grinn do
rosg
Annsin atá do athair dil ag fuireach -.
Ní h-é amháin eidir na daoinibh óga
Mar táthaoi, tusa agus Murchadh ionmhuin
Atá fíor-bhrigh an charadais le fághail.
Nuair bhidhis teacht annso a's Murchadh leat,
Bhí d' athair 'caint liom air an am chuaidh
tharrainn,
An grádh d'fhan aige ormsa ó n-a óige
Ó'n am a bhidhinn gan aon dún, gan teach,
Gan leaba fúm-sa,* “i bh-fianbhothaibh-fásaigh,
For chruaidh-fhrémhanaibh corracha, fliuchtha,
Mo thíre dúithche féin,” i d-Tuaith-Múmhain.
Is feárr atámaoid 'nois. Acht umorro
Is geárr go m-beidhmíd fo an talamh fuar,
Ag luighe ins an leaba chúmhaing go bráth.
Annsin beidh sibhse — 'se mo dhóthchas mór:—
Le bliadhantaibh a's bliadhantaibh fós beo,
Agus beidh sibhse cáint mar sinne 'nois
Air charadas neamh-arruighthe na beatha
Acht gan aon am geur dóchamhlachta cruaidhe
Ins an sgeul fada, mar bhí cheana againn.



MacLiag Óg. — Ta súil, a Áirdrigh, mar
an g-ceudna agam,
Go m-beidh do mhac, mo thighearna-sa, an-mhór,
An-mhór i g-clú, mar thusa in gach am,
An-mhór i sonas, mar tu féin anois,
Acht táim cinnte gur i meisneach, dianacht,
Árd-intinneacht, flaitheamhlacht, fialmhaireacht,
Atá mo thighearna dil, an t-ádhbhar righ,
Anois cho mór leat féin, Áirdrigh na
h-Éireann!



Brian. — Labair le d'athair, a óganaigh
uasail
'S mian le athair bheith ag caint le mac.
Caitfidh me dul anois le sgathadh beag,
In aoinfheacht le mo Mhurchadh, tríd an sluagh.
Acht roimhe sin, a Mhurchaidh, labhair fáilte
Annso, leis an árd-ollamh — sean-MhacLiag.

Murchadh. — Nach nuadh, a athair, agus ait an
nidh so?
Nach mór an t-iongnadh thu bheith 'g iarraidh
orm
Aon fheidhm air bith dem' theangain-sa do
dhéanadh.
Is gnáthach leat an ball bocht sin a staonadh
Ó thagradh agus cómhrádh agus caint.
Dob' fheárr leat gac lá mo lámha ná mo
ghuth,
Agus me a bheith le namhaid 'ná le cara.
Uch, bhidhis ceart, a athair, agus táir:
Fíor duit gur geur a bhidheann mo chuid caint.


L. 153


Acht tá se cinnte fós, do réir do mheasta,
Anois mar táim labhairt le MacLiag
Nach rachaidh focal eile as mo bheul
Acht briathra lán de bhuidheachas agus grádh.



Is iomdha nidh do righne tu, MhicLiag
Le láimh, le guth, le smuaineadh, i ngach am,
Ro chán, ro mhúin, ro chómhairligh a's ro chogaigh,
Ní thig liom cuimhniughadh air leith do chríoch-
nuighis
Le fóghnadh-tíre, moladh mór, árd-chlú;
Atá mo shaith-sa air aon nidh amháin.
Mar gheall gur bhronnais, a árd-ollaimh orm
An t-ógánach ro-uasal so, do mhac,
Táim am' fheitheamhnach an-mhór anois,
A's beidh na fiacha sin i g-cómhnuighe orm.



Brian. — Mo adhbhair-righ! tá súil agam
go m-beidh
Do theanga righeamhuil mar do láimh a's
croidhe.
Acht b'fheárr liom féin do theangadul a múgha
'Ná lámh no croidhe. Tar liom anois, a mhic;
Rachamaoid thríd an bh-foslongphort le chéile;
air caithfidh mé chur fuagartha ann go m-beidh
Cóimhthionol righ air ait na m-bun chum
éisteachta
Le teachtaire na nGall a tháinic chugainn.
Annso a bheidheas an cóimhthionol, agus
Is maith liom sinne bheith ag dul ag ionsuidhe
Na righ a bheidheas 'teacht. Fan, a Mhic Liag,
Le fáiltuighadh rómpa, ins an m-bothán fair-
sing,
Cuirfidh me chugat-sa MacCoise fós,
Agus na báird uile go léir an t-sluaigh.
Beidh ceol binn agus dán mórdhálach réidh,
Mar fiu an aimsir, a's mar fiu an tír.



(Téidh amach Brian agus Murchadh.)



MacLiag. — Sin fear, sin righ. Is righ ó
dhúthchas é,
Do rugadh é chum bheith ag riaghlaghadh daoineadh
Air feadh a bheatha. Agus mise fós,
Gidh b'é is furus liom le daoinibh eile
Dul in a n-aghaidh, is minic chaillean me
I bh-fochair Bhriain mo shaoirseacht féin air fad.
A mhic, má tá aon duine ins an domhan
De'n mheud tá 'g iarraidh riaghluighthe, budh
mhaith leis
Fios ceart bheith aige air an g-caoi is feárr
An cleacht is fusa agus tabhachtaighe,
An módh is uaisle agus cúmhachtaighe, -
Tigeadh an duine sin annso a's cuireadh
Grinn geur a roisg, a chluas, a mheanman
intinne,
Air nós a's beachtaibh, caint a's cómhradh
Briain.
Ní fhuil aon nidh ann tá beag; ní fhuil aon
dithchéille;
Ní thagann focal as a bheul nach bríoghmhar.
Labhaireann a shúil, a ghluaiseacht a's a seasadh
A's labhaireann siad aon sgeul i g-cómhnuighe
air, —
Go bh-fuil cúmhacht aige agus fios doimhin
cinnte
An fheidhm is maith do dhéanadh dhé. — Atá se
ceannsa
Có-fhad a's nach bh-fuil fáth air bith 'na aghaidh.
Acht in a shocaireacht sho-cháirdigh fós
Tá smuaineadh doimhin, fíor-throimeacht, toil
ro-láidir.
Do labhaireann se go beacht an meud is
mian leis
An meud a dúbhairt se, caithfidh sin bheith ann.
Má tá aon nidh 'na aghaidh, is cuma leis.
In aghaidh na ngníomh, tá aige cúmhacht na
h-Éireann;
In aghaidh na bh-focal, a árd-aidhneas féin,
An t-aidhneas is deagh-labhartha, agus
Is cúmhachtaighe bh-fuil le fághail i measg na
n-daoineadh
Éirigheann a chómhrádh mór mar luachar-
ghaoith,
Thiomáineann agus scuabann as an m-
beallach
An oireud bh-fuil 'na aghaidh; tá an obair
déanta.
Tuiteann an árdghaoith síos go socair, sámh;
Go h-obann críochnuighthear an cómhrádh mór.
Is maith at-á fios againne, air fad,
Cia h-é agus cad é an t-Áirdrigh Brian.
Is feárr anois le gach asn duine againn
Sealbhugadh a fhéile 'ná a fhearg do chathughadh.


L. 154


Acht umorro an cara a tá fíor
Caithfidh se fós bheith eaglach air a son
An uair nach maith le Brian borb aon fhaitcheas.
A mhic an d-tuigidh tu mo chaint? Ní
thuigir!
Cad fá bh-fuil me ag labhairt le do leitheid?
Is cuma leat bheith riaghlughadh no bheith daor
Is cuma leat an fear bheith mór mar Bhrian
No bheith 'na fhlaithín beag le sluagh suarach
Ní fhuil tu ag iarraidh acht aon nidh amháin;
Sin, bheith air feadh do bheatha fó aon fhear,
Agus é Murchadh breágh, an t-adhbhar-righ.
Chuige nach maith leat bheith ad' bhárd saor,
cúmhachtach,
Le'r tig cur eagla air gach thigearna tíre?
No, má is maith leat bheith fó dhuine éigin,
Cad chuige thógais mar do thighearna Murchadh?



MacLiag Óg. — Níor mise thóg é; thóg mo
thighearna me
Bidheann se fialmhar mar atá se meisneach.



MacLiag. — Och, ní fuil me seunadh go
bh-fuil meisneach aige,
Ní sheunaim go bh-fuil fialmhaireacht go leor:
Deirim nach fiu é bheith 'na righ air bith,
Mar gheall air an g-caint fhochmhuidigh tá
aige.
Nach bh-fuil fios agat-sa, sean Titus Libhius.,
Cad é a dúbhairt se air an righ Philippus? —
Ní h-é Philippus, athair do Alastor,
Do bhuaidhteoir mór-righeachta na Persia;
Acht an Philippus eile a righne coghadh
Gan clú gan ráth in agaidh na Romhánach,—
Dúbhairt an t-árd-eachtaire air Philippus
dona
“Erat dicacior natura,” a's do chuir
Briathra ro-throma leis, “quam decet
regem.”
Ní thuigir 'nois é sin: — inneosad duit …

MacLiag Óg. — Ná h-innis dam aon nidh
air bith, a athair,
A bh-fuil in aghaidh m'fhómóis air mo thighearna.



MacLiag. — Níor budh mhaith leat-sa riamh
an t-eolus: 'nois
Ní maith leat fios bheith agat-sa, acht fómós!
Laibheoraidh me go soilléir, beacht, i
nGaedhilig,
I nGaedhilig choitchionn leat. Nach breágh
na neithe
Do righne le n-a chaint ro-ghéir, ro-fonnmhair
Do thighearna-sa, an t-adhbhar-righ, Mac
Bhriain?
Nac é-sean le n-a shúgadh nimheamhail,
chaith
An splanc a d' fhás teine an chogaidh aiste
Le n-a bh-fuil an ríoghacht lasardha an-diu?
Muna m-beidheadh sesean déanadh magaidh
air
Maolmordha i g-Cinncoraidh 'g imirt fithchille
Ní bheidheadh an cogadh mór so ann air bith,
Caithfidh na Gaedhil a's na Gaill air fad
Íoc anois focal mórluaigh Mhurchadha.
Ni fiu aon neach mar sin i d-tír na
h-Éireann
Bheith 'na righ choidhche, no 'na thighearna dhuit.



MacLiag Óg. — A athair dhil, má tá se
fíor gur Murchadh
Thug an príomh-adhbhar do'n mhór-chogadh so
Tré bheagán focal, tá sin cinnte fós
Gur maith a tá se 'g cosaint caint le gníomh.
Ní fhuil amhrus air go m-beidh an bhuaidh
againn.
Ní fhuil amhrus air gur mór an clú a
bheidheas
I g-cath na sluagh aig mo thighearna-sa.
Ní thig liom caint air ríoghacht leat a's
riaghlughadh.
Ní thuigim nidh air bith d'á leithid sin.
Is beag an tuigsin fuaras uait, a athair,
Níor fheud me leanamhain ariamh 'san
bh-filidheacht
Do chómhairle agus d'oide-ghníomh árd-bhreagh.
Bhudh tharcuisneach an duine mise, measg
Na n-ógánach ad' thimchioll in do scoil.
Níor thaithnigheas le fear air bith 'san tír
Acht le aon fhear, mo thighearna-sa, amháin.
Ro thaithnigh mise leis, gan fóghluim áird,
Gan críonacht doimhin, tré mheisneach agus
cáirdeas.
Ro thaithnigheas-sa fós cho mór sin leis,


L. 155


Nach bh-fuil aon óglach uasal eile ann,
Nach m-bidheann eagla roimh a fheirg mhóir
air,
Acht mise amháin. Deirir gur geur a theanga;
In aghaidh do mhic ní bhidheann faobhar uirre.
Liomsa atá an t-adhbhar-righ an-chiuin
An-cháirdeamhail, sásta, búidheach i ngach am.
Gach nidh d'fheudann se déanadh air mo shon,
Bidheann se déanta gan aon moill i g-
cómhnuighe.
'Na eugmais, bheidhinn-se am' fhlaithín bocht
Táim anois fó mheas árd, saidhbhreas mór,
Agus cho-fhad a's bheidh se féin fó cúmhacht,
Beidh, beagnach, an chúmhacht cheudna in mo
láimh.
O! tá se ceart, ag smuaineadh 'nois go
bh-fuilim
Fíor-thugtha dhó ós cionn gach nidh 'san domhan!
Táim, a athair, agus beidhead-sa go bás.



MacLiag. — Leat-sa badh maith a chosaint
ó gach olc?



MacLiag Óg. — Badh h-é mo mhian agus m'
iarratus,
Badh h-é mo thoil, mo gháirdeachas, mo shaint,
Ó gach aon olc a chosaint le mo fhuil.



MacLiag. — Dá m-beidheadh fios agam air
aon guais anois; —
Agus go m-beidheadh se i g-contabhairt mhóir.

MacLiag Óg. — A athair, má tá fios mar
sin 'nois agat,
Abair dam air an m-ball! Ná ceil, ná ceil!
Dá d-tiocfadh liomsa fialmhaireacht mo
thighearna
Do chúitiughadh air chaoi éigin! O! nach
áthasach
An lá so a's an uair so! Abair, abair!



MacLiag. — “Abair, ná ceil, ná ceil, acht
abair, abair ! ”
Is furus sin a rádh. Is furus labhairt, —
Bh-fuil aon mhaith ann bheith labhairt 'nois
amach?
Sin é an fiafruighe. Bh-fuil aon chiall
agat? —
A mhic, ní duine críona a tá ionat.

MacLiag Óg. — A athair mhaith, a athair dhil,
bí trócaireach;
Fíor duit nach m-bidheann ciall no cómairle
agam,
Acht atá duine eile ionam 'nois,
Mar tá mo tighearna grádhuighthe i g-conta-
bhairt.
Feuch, feuch air na cruitiurachaibh is ísle
In intinn a's roimhsmuaineadh agus fios!
Atá an t-oide-dúthchais acá fós,
D'á múineadh nuair atá an grádh ag glaoidh.
Feuch air an eun ag eitiolladh 'san spéir;
Cad é is lúgha an chuimhne no an sgrúdadh?
Cad é is lugha an obair no an fhoighid?
Acht nuair a tá an t-am ann nead a
dhéanadh
Air feadh na laethadh ta an t-eun ag
oibriughadh,
Go h-áluinn ciallmhar air an ál le teacht.
Ná bidheadh aon fhaitcheas ort. Beidh ciall
fós agamsa,
Air son mo thighearna ghrádhuighthe i nguais.



MacLiag. — Is deas an chaint é sin. Tá
cuid dí fíor:
Fiosuighim oide-dúthchais bheith aig eunlaith
Ní thagann oide-dúthchais chum na n-daoineadh,
Gan céill ní théidheann daoine air a n-aghaidh.



MacLiag Óg. — “Ní bhidheann oide-dúthchais
aig na daoinibh.”
Fíor duit, a athair, act ní fíor nach bh-fuil
Aon oide eile aca acht a g-ciall.
Tá aontughadh agus géilleadh aca fós.
Muna bh-fuil ciall mhór agam-sa, tá
Fios maith go g-caithfidh me in uair na guaise
Bheith géilleamhuil roimh an bh-fear is mó an
chiall.
Is é an géilleadh oide-dúthchais daonda!
Go mórmhór do gach fear a bh-fuil fios aige
Gur bocht a's beag an chiall tá aige féin,
mar mise.
In áit crúb geur agus goib déin an iolair,
Adharc an tairbh a's nimhe na h-uillphéiste
In ionad fiacal mór an mhadraidh allta,
Tá aig an duine a lámh nocht tá glic.
Agus in áit an oide-dúthchais fhiadhanta,


L. 156


Tá aig an duine géilleacht roimh an
g-críonacht.
Tá sin, tá oide-dúthchais daonda agam;
Ní h-eadh an géilleadh daor, an géilleadh lag
Roimh uile dhuine a's roimh uile nidh.
Acht an saor-ghéilleadh, géilleadh láidir
treun
In uair is maith liom agus maith dham
géilleadh,
Tá an t-árd-ghéilleadh sin, a athair, agam-sa,
Mar gheall air sin atáim aig mo tighearna:
Beidhead in so anois an-ghéilleamhail duit.
Leat-sa atá an inntinn doimhin nach d-tug
An dúthchas dam. Leat-sa atá an fios,
Abair, a athair, agus taisbeán dam
An baoghal, agus muin cad é is éigin,
Cad é is feárr déanadh air son mo thighearna.
Is meisneach, ciallmhar thu. Beidh mise
géilleamhail
Duit-se in gac aon nidh, i d-tocht, i m-briathar,
'N uile dheagh-ghníomharthaibh na beatha a's an
bháis,
Is mian leat aithneadh dham i d-taoibh an
ghnó so.



MacLiag. — Mionnuigh an meud sin 'nois
agus inneosad duit.



MacLiag Óg. — An meud a dúbhart
tabhraim mo mhionna air.



MacLiag. — Bidheadh fios agat, a mhic, gur
namhaid fós
Maoilsheaclainn righ do'n áird-righ a's d'á
shliocht.
Ní bheidh aon chath an-diu mar gheall gur
tháinic
Tír-teachtaire na nGall. Beidh caint mhór
ann.
B'fhéidir go m-beidh caint bheag, rún-
chealgac fós
Eidir Mhaoilsheachlainn a's an teachtaire. -
Ná h-abair focal air air bith. —



MacLiag Óg. — Gan labhairt!

MacLiag. — Abair 'nois nach laibheorair.



MacLiag Óg. — Ní laibheorad.

MacLiag — Dob' olc an nidh an sgeul sin
bheith aig Murchadh.



B'é an rud ceudna, bheidhead se 'g creideamh é,
No'g cur mí-chreidimh air. Dá g-creidfeadh
se,
Is geárr go m-beidheadh an cogadh 'measg ár
sluaigh;
Dá saoileadh se gur breug an sgeul é so,
Do dhéanfadh se gach uile nidh 'na aghaidh,
Agus thaisbeánfadh sé gach caoi is féidir
Gur daingean fós a mhuinighin air Mhaoil-
sheaclainn.
D'innseas an sgeul do'n Áirdrigh féin.
Ní thuigim
Cad é a fhíor-mheas air … Dúbhairt se
nach féidir
Maoilsheachlainn bheith 'na fhealltóir gan
aon fios
Bheith aige-san, an t-Áirdrigh, air an bh-feall.
Má tá fios aige, ní inneosaidh dhúinn -
B'fhéidir nac g-creideann se air bith an nidh
Agus is éigin dúinn 'na aimhdeoin, congnadh.
— 'San g-cath amháin tig liom an congnadh
thabhairt

MacLiag Óg. — Ní thuigim thu a athair.

MacLiag. — Ins an g-cath
Caithfidh Maoilsheachlainn beith le cúmhacht
bhig le h-aghaidh
Feille … Caithfidh a shluagh bheith amuigh
leis féin.
Caithfidh gach brigh an chatha bheith i lámhaibh
Do thighearna-sa agus na n-daoineadh eile.
Caithfidh tu cur air leith Maoilsheachlainn as.



MacLiag Óg. — Mise! A athair, cia an
chaoi?



MacLiag. — Tré Mhurchadh.

MacLiag Og. — Ná'r aithin tusa dham
anois gan labhairt?



MacLiag. — Gan labhairt air an bh-feall
is cosamhail bheidheas ann.



Acht labhair le do thighearna treunmhar, fial
Air mhórán neitheadh eile. Griosfair é
Air chaoi air bith an sluagh eile chur
Ós cómhair na nGall, agus air leith
Maoilsheachlainn.
Labhair air chlú, cath, buaidh leis.



MacLiag Óg. — Laibheorad.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services