Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Triúr Clainne na Bárd-Sgolóige

Title
Triúr Clainne na Bárd-Sgolóige
Author(s)
Mhag Ruaidhrí, Micheál,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1914
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Shíl Cornlach go mbudh í an chroch chrochta bhí i ndán dó, acht
i n-a leabaidh sin fuair sé an bhean a mb'ainm dí an Chroch
Chumhra." — L 36.


L. v


RÉAMHRÁDH.



Tá sgéal eile de chuid "Mhéarthóige Ghoill" (.i. Mhichíl Mhig
Ruaidhrí) dá chur amach ins an leabhar so. 'Sé Uilliam Soirtéal
do chuir síos i dtosach é. Do léigheas féin os comhair "na
Mhéarthóige" é agus do bhrígh an léighte sin dob' éigean dam
mórán mór de na foclaibh d'athrughadh, ó thárla nár mhol an
sgéalaidhe an chaoi i rabhadar i sgríbhinn cheana.



Maidir leis an téx atá annso, thugas iarracht fá bheith níos
dlúithe don chanamhaint féin ná mar do bhíothas ins na sgéaltaibh
eile do cuireadh amach, go fiú "Lúb na Caillighe."



Gheobhfar roinnt focal ins an sgéal so freisin nach fuil mórán
tuairisge ortha ins na foclóiríbh. Do dheismireacht air sin nás,
spincín seaca, stáluighim, teangaidh eabhrach, agus rl. Tugadh gach
aon mhíniughadh ortha so dob' fhéidir a thabhairt, agus a fhios againn
nach beidh an míniughadh le fagháil leith-chéad bliadhain ó indiu.
Sin rud a bhfuil daoine éigin dár lochtughadh-ne mar gheall air
acht is cuma linn sin. Ní'l ionnta, dar linne, acht guaigíní
(Laighneachas é sin, is dócha) nach tuigeann méad an bhaoghail
atá ar bheathaidh na teangadh 'n-ar dhual di bheith i dtreise 's i
dtréan ins an tír dá mbeadh an spéis cheart ag Gaedhealaibh
innti.



SEOSAMH LAOIDE.



Eanáir, 1914.


L. vi


"Tá ádh agus amhtar rómhaibh-se agus tá lom-dhearg mí-ádha
orm-sa."



L.20.


L. 1


TRIÚR CLAINNE NA BÁRD-
SGOLÓIGE



Bhí beirt dearbhráithreacha ann fad ó, agus is fada
ó bhí. Dá mbeith sinne an uair sin ann, ní bheith sinn
ann anois; bheith sgéal úr ná sean-sgéal againn, agus
níor dhóichide sin ná bheith gan aon sgéal.



Árd-sgológ ab' ainm do'n dearbhráthair budh sine,
mar d'fhág a athair, uair a bháis, gach uile nídh d'á raibh
ar a sheilbh ag an Árd-sgolóig, agus d'á bhárr sin bhí
rún díoghaltais ag an dearbhráthair ab' óige i n-aghaidh
na hÁrd-sgolóige, acht ar a shon sin, d'fhan sé faoi i
n-én-tigh leis an sgolóig, acht, má d'fhan, i n-aghaidh a
chosa badh mhian leis brof oibre a dhéanamh, mar bhí sé
i n-a intinn nach dhó féin a bhí sé ag obair, acht do
inghin fir eicínt eile, mar bhí rún pósadh ag an Árd-
sgolóig, agus, ar ndóigh, bhí togha agus rogha ban na
tíre le fagháil aige, mar nach raibh aon fhear ins an
tír budh acmhainnighe ná é, agus bhí Coirneach, a dhearbh-
ráthair, gan thúrla gan thárla, agus é ag obair i n-aghaidh
a tholach do'n sgolóig. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag
breith faille le dó-bheart a bhualadh ar an sgolóig, dá
mb' fhéidir leis é, is ní raibh aon fhear le n-a linn budh
triollúsaighe, budh ghlice ná budh tádhbhachtaighe ná
Coirneach 'léir intinn chinn.



Bhí go maith is ní raibh go dona. Chuir an sgológ
caraid leis ag iarraidh mná, agus, a bhuachaill mo
chroidhe, fuair sé sin, bean urrudhanta láidir shlachtmhar
ghnaoidheamhail, agus com cailce aicí a rithfeadh thrí
fháinne óir. Rinneadh banais bhreágh, agus ar ndóigh,
bhí na céadta, sé lá na seachtmhaine, ag caitheamh
slumairt na bainse, agus ní fhuair Coirneach de'n
bhanais acht "cuid Pháidín de'n mheacan," 'sé sin, an
rubaillín caol.


L. 2


Bhí go maith. Nuair a bhí silt na bainse thart d'imthigh
lucht na bainse a mbealach fhéin agus d'fhan an
lánamhain nua-phósta fúbhtha agus Coirneach i n-a gceann.
D'éirigh an saoghal go maith leobhtha, mar bhí ádh agus
amhtar orthú agus an t-ór d'á chárnadh isteach go
fairsing acú. Nuair a bhí siad cúig bliadhna pósta
fuair an bhean bás agus chrádhuigh easbhaidh a mhná go
mór an sgológ, mar d'fhág sí triúr dílleachtaidhe 'na
diaidh, 'sé sin, triúr mac, agus budh iad sin triúr
clainne na Bárd-sgolóige, agus a ghrádh, chrádhuigh a
bás chomh mór sin an sgológ agus gur éag sé mí 'na
diaidh. Annsin agus ní go dtí sin a bhí Coirneach ar
seol na brach', mar bhí sé a' rinnc mhacrais le bród
nuair a bhí an saidhbhreas uilig ar a chomhairle fhéin
aige, agus níor bh' fhallsóir é i n-a chionn, mar chruinnigh
sé gach uile ní d'á rabh ar foghnamh, i gceann an méid
talmhana bhí ag an sgolóig a dhíol, agus bhailigh sé leis
an t-airgead agus d'imthigh sé as an tír gan fios ag
éinne beó goicé ar thug sé a aghaidh is d'fhág sé an
triúr dílleachtaidhe i muinighin na gcomharsan le n-a
dtógáil ná a leigint 'un báis.



Nuair a chonnaic na comharsanaí go rabh siad gan
athair gan mháthair thug siad lámh i n-a dtimcheall agus
thóig siad iad i gcuideachta a gclann féin, i gceann
sgoil agus léigheann a thabhairt dóbhtha mar fuair páistí
na tíre agus thug na comharsanaí faoi deara go rabh
rud eicínt uathbhásach thar bárr i n-intinn clainne na
Bárd-sgolóige, mar bhí siad níos toradh-airighe agus
níos críonna nuair a bhí siad i n-a marlaigh ná bheith
fear i n-aois a dhá fhichead bliadhain. Bhí na comharsanaí
an-chionamhail orthú agus bhí siad i dtólámh ag innsint
dóbhtha an dó-bheart a bhuail an t-oncal orthú, agus
níor chuir sin brón ar bith orthú, mar bhí siad cinnte go
dtiocfadh an lá go bhfágfadh siad alla na héagcaoine
air. Bhí siad ag feabhsughadh agus ag dul 'un
críonnachta gach lá agus d'fhan siad i measg na
gcomharsanaí go rabh an mac ab' óige bliadhain is fiche,
agus Cunglach ab' ainm dó.


L. 3


Thimcheall an tráth' sin shuidh an triúr acú i gcomhairle
agus arsa Cunglach:



"Tá sé i n-am againn déanamh dhúinn fhéin feasta
agus tá sé thar am againn imtheacht ar lorg ar n-oncail
agus sásadh a bhaint as i n-éiric na héagcóra a rinne
sé orainn."



Thainic an bheirt eile suas ar chomhairle Chunglaigh,
agus d'fhág siad slán agus beannacht ag na comhar-
sanaíbh, agus as go brách leobhtha ag ísliughadh na
n-ísleán agus ag árdughadh na n-árdán, ag cur féir
agus uisge ó n-a gcosaibh, ag imtheacht chomh lúthmhar
le sinneán gaoith' Márta agus ceó stúir ar a gcúl a
dhallfadh na céadta le mhéad aclaidheachta a dtroigh
agus aibéile a gcoiscéim. Bhí siad ag imtheacht agus
ag síor-imtheacht go rabh siad an-fhada ó n-a dtír
dhúithche féin, 's nuair a bhí siad beagnach sladtha ag
dócamhal coisidheachta, tart agus lafairt agus
easbhaidh bídh, b'éigin dóbhtha a gcoiscéim a ghiorrachan
agus siubhal go réidh. D'éirigh siad de'n bhóthar mór
agus shiubhail siad ar bhóithrín glas-chumham cam crotach
agus famainní féir ag slabhcadh ar bhruach na díge,
agus sheas siad tamall beag ag faire ar an bhféar
uaibhreach a bhí ag fás ar an sgreablach talmhana, agus
arsa Cunglach leis an mbeirt eile:



"Bhí capall glas ag fasaidheacht annseo agus bhí sé
manntach."



"Bhí," ars' an darna ceann, "agus é ar leath-
shúil."



"Bhí," ars' an tríomhadh ceann, "agus é bacach."



Bhí go maith. D'imthigh siad leobhtha i ndiaidh na
cainte sin, agus iad ag greanntaidheacht le chéile, agus
níor chuir siad thar leith-mhíle ó n-a gcosaibh go bhfaca
siad fear mór ag déanamh orthú agus pílidh de bhata i
n-a láimh leis. Nuair a thainic sé i bfoisgeacht cainte
dóbhtha:



"Maise," ars' eisean leobhtha, "an dtug sibh faoi
deara aon chapall ag fasaidheacht ar na bóithribh in bhur
siubhal?"



Sgeart an triúr ag gáiridhe agus arsa Cunglach:


L. 4


"An capall glas a bhí ann?"



"Budh eadh," ars' eisean.



"A' rabh sé manntach?" arsa Cunglach



"Bhí," ars' an fear.



"A' rabh sé bacach?" ars' an darna dearbhráthair.



"Bhí go deimhin," ars' eisean.



"A' rabh sé ar leath-shúil," ars' an tríomhadh
dearbhráthair.



"M'anam go rabh," ars' an fear. "Tá na
comharthaí agaibh, agus mo ghrádh sibh, innsigidh dham cá
bhfuil sé."



"Seafóid!" arsa Cunglach, "ní fhaca muidí do
chapall chor ar bith."



D'éirigh an fear ar buile agus bhí siad-san ag
magadh faoi agus stáluigh sé orthú go ndeárna siad
rud eicínt leis an gcapall agus go gcaithfeadh siad
éiric a thabhairt dhó. Ní rabh aon chabhair dhó ag caint
leobhtha, mar bhí siad ag steall-mhagadh faoi.



"Nuair nach bhfuil aon áird agaibh orm," ars'
eisean, "caithfidh sibh a thidheacht liom go dtí an
breitheamh atá 'na chomhnuidhe annseo thall agus b'fhéidir
go mbeith áird agaibh ar a bhreitheamhnas, mar rachaidh
mise i mbannaíbh go gcuirfidh sé fabhairt in bhur
gcluais."



"Támuid sásta a dhul leat," ars' iad-san, "agus
tá a lán-chead agat mionnughadh i n-ar n-aghaidh 'léir
mar is toil leath."



Shiubhail an ceath'ar acú coiscéim ar choiscéim gur
shroich siad teach an bhreitheamhan. Thainic an breitheamh
i láthair agus chuir sé air a pheireabhuic le n-a bhreithe
thabhairt, agus ars' eisean le fear an chapall:



"Aithris an choir atá agat i n-aghaidh na bhfear seo."



Thoisigh fear an chapaill ag aithris, agus nuair a bhí
gach uile fhocal aithriste aige do'n bhreitheamhain, ars' an
breitheamh leobhtha:



"Caithfidh mé bhur gcligean, mur' dtugaidh sibh
aimhdeachtáil soilléara dhom goicé ar rath a chuir sibh
ar a chapall, mar nach dtig libh fhagháil as 'léis sibh na
comharthaí innseacht bhí ar a chapall."


L. 5


D'fhreagair Cunglach agus dubhairt:



"A bhreitheamh eagnaidhe, ní fhaca sinne a chapall
chor ar bith," agus ars' an breitheamh:



"Nach breagh go raibh sibh i n-an' na comharthaí a bhí
ar a chapall innsint dó?"



"B'fhurust sin a dhéanamh," arsa Cunglach.



"Bhfuil fios roimh sé agaibh?" ars' an tighearna
breithe.



"Ní fhuil," arsa Cunglach, "acht fíor-mheabhair ghlan
intinn chinn."



"Maith go leór," ars' an breitheamh, "ach innis
anois cé'n chaoi i bhfuair sibh eolas ar dhath an chapaill,
a bhacghail agus a chaochghail."



Leabhair Cunglach agus dubhairt:



"Bhí mise ag breathnughadh ar an bhféar a bhí ag fás
ar bhruach na díge agus thug mé faoi deara fionnadh
bán thríd an bhféar agus dubhairt mé liom péin go raibh
capall glas ag fasaidheacht am icínteacht annsin, agus
ine gach uile áit ar bhain an capall smailc féir, i
lár na smailce bhí ruibeachaí féir gan gearradh agus bhí
fhios agam 'léir cuma na smailce go raibh sé manntach."



Labhair an darna dearbhráthair agus dubhairt: —



"Chonnaic mise an áit i ndearnaidh sé féin iúnnfairt
agus thug mé faoi deara go raibh lorg a leath-shúile
ins an gcréafóig, agus bhí fhios agam 'léir sin go
rabh an tsúil sin dall, mar, dá mbeith an radharch
ainntí, nach mbuailfeadh sé i n-aghaidh na talmhan í."



Annsin dubhairt an tríomhadh dearbhráthair go bhfaca
sé lorg na gcruidhthe ins an bhféar agus nach rabh le
feiceáil acht lorg trí cinn agus bárr an cheathramhadh
ceann, "agus annsin, a thighearna breithe, nach dtuig-
feadh fear dall-intinneach go raibh an capall sin
bacach, mar bhí sé ag lúbarnghail nuair nach rabh lorg
na gceithre cruidhthe le feiceáil; agus badh chóir anois,"
ars' eisean leis an mbreitheamh, "go sásóchadh an
t-ughdar sin thú i dtaobh na gcomharthaí."



"'nDomhnach," ars' an breitheamh, "bím sásta nó
ná bím, ní thig liom bhur gcligean, mar is sibh-se badh
chóir a bheith in bhur mbreitheamhain agus ní mise. Bí


L. 6


thusa ag imtheacht," ars' eisean le fear an chapaill,
"mar nach dtig liom rud ar bith a dhéanamh dhuit."



D'imthigh sé leis agus é ag bunránacht leis féin agus
annsin labhair an breitheamh le triúr clainne na Bárd-
sgolóige agus ars' eisean leobhtha:



"Suidhidh i mbun bhur gcosa agus déanaigidh bhur
sgrísde, mar badh mhaith liom faill chainte bheith agam
libh, mar nár casadh éinne orm ariamh is fad-
cheannaighe ná sibh acht amháin uachtarán na tíre seo,
agus sílim go gcaithfidh sibh a bheith gaolmhar aige, mar
tá sibh ag dul i gcosamhlacht leis."



Labhair Cunglach agus ars' eisean:



"Cé dhár ainm an t-uachtarán, le toil d'onóra?"



"Maise," ars' an breitheamh, "ó chuir tú an cheist
sin orm, innseochaidh mé a ainm dhuit agus fáilte.
Coirneach mac Cumhaill is ainm dó."



"Go rabh míle maith agat, a thighearna breithe,"
arsa Cunglach, "agus leis sin dhearc an triúr acú ar
a chéile agus thoisigh siad ag maol-gháiridhe.



Bhí go maith, a dhearbhráthair mo chroidhe. D'órduigh
an breitheamh d'á ghiolla béilidh bídh fhagháil faoi réidh
go tapaidh agus an triúr fear sin a riar. Fuaras
faoi réidh é agus, nuair a leagadh an biadh i n-a
bhfiadhnaise, ní rabh éinne acú ag blaiseachtáil dó,
agus is é an cineál bídh bhí acú arán cruithneachta,
muicfheoil agus fíon. 'Léis tamaill thainic, an giolla
isteach acú le t'illeadh fíona, is nuair a thainic, ní
rabh greim ná deoch ithte ná ólta acú.



"Maise," ars' eisean, "bhfuil an biadh glonnmhar
nó goicé an t-adhbhar nach bhfuil sibh 'ghá ithe?"



Labhair Cunglach agus dubhairt:



"Ní thig liom-sa," ars' eisean, "an t-arán a ithe,
mar is ar chnámha na marbh a d'fhás sé."



"Ní féidir liom-sa," ars' an tarna dearbhráthair,
"an mhuicfheoil ithe, mar is ar bhleacht madaidh a
tóigeadh é."



"Tá glonn agam-se," ars' an tríomhadh dearbhráthair,
"i n-aghaidh an fhíona, mar is mac gréasaidhe bróg árd
a rinne é."


L. 7


Níor labhair an giolla hú ná há acht imtheacht go dtí
an breitheamh agus d'innis sé mar atá innste agam-sa
dhaoibh-se. D'éist sé le briathra a ghiolla go foigh-
deamhail agus, nuair a bhí an teachtaireacht innste aige
dhó, fhobair nár chaill sé a chiall i dtaobh an fhíona, mar
nár hóladh aon bhraon fíona i n-a theach nach é fhéin a
rinne é.



Shiubhail sé chomh fada leobhtha agus d'fhiafruigh sé a
rabh an biadh ar a mian. Dubhairt siad leis nach rabh
agus dubhairt siad an chaint chéadna i n-éisteacht a
chluas a bhí siad 'léis a rádh leis an ngiolla.



"Maith go leór," ars' eisean, "caithfidhear é sin
a chruthughadh agus, má's ag innsint bréag atá sibh,
solas an lae i mbáraigh ní fheicfidh sibh go brách!"



"Támuid sásta," ars' iad-san.



Ní dhearnaidh an breitheamh fionna feanna acht
teachtaire a chur i gcoinne an mhaoir. Thainic an maor
ar bhuille boise, d'umhluigh sé do'n bhreitheamhain, agus
ars' an breitheamh leis:



"Tá mé ag goil ag iarraidh suim ceisteannaí dhaot
agus ar do bhás ná hinnis aon bhréag. I dtoiseach, innis,"
ars' eisean, "cé'n áit ar fhás an chruithneacht ar
mheil muid an bleitheach deireannach mine dhae?"



D'fhreagair an maor é agus dubhairt sé gur fhás an
chruithneacht ar lorg sean-reilice a bhí i n-íochtar fáil
na ngamhna.



"Tá go maith," ars' an breitheamh, "innis dom
anois," ars' eisean, "goicé ar tóigeadh ná goicé thóig
an súghán muice a marbhuigheadh an lá faoi dheireadh."



Dubhairt an maor leis an t-ál deiridh banbh a bhí ag
an gcráin bhí cúig bainbh déag aicí agus ní raibh uirthí
acht ceithre shine dhéag agus bhí an t-aircín gan én-sine,
"agus bhí truaighe agam dhó, mar bhí fhios agam go
bhfuigheadh sé bás a d'eireasaidh bainne. Bhí coileáin
ag an mbleacht an tráth céadna agus chuir mé an
t-aircín ag diúl uirthí nó go raibh sé i n-an' biadh ithe
uaidhe fhéin."



"Tá go maith," ars' an breitheamh, "tá do ghnaithe
déanta anois."


L. 8


D'imthigh an maor leis i gcionn a chuid oibre agus
shiubhail an breitheamh go dtí a sheomra féin agus
ghlaoidh sé ar a mháthair. Thainic sí chuige, dhúin sé an
chónlaidh agus shuidh siad síos i gcaoin-chomhrádh is thríd
an gcomhrádh d'fhiafruigh sé dhí cé'n cineál fir a bhí i n-a
athair i dtús a óige nó an raibh ceird ar bith aige.



Dubhairt sí leis gur mac ríogh le bainríoghain a bhí
ann agus go raibh sé saidhbhir sáthach i rith a shaoghail
agus gur fear stuamdha fad-cheannach a bhí ann agus
go raibh sé an-déisteallach i dtaobh gléas, "agus a
mhic mo chroidhe, ó's dhuit-se tá mé 'ghá innsin, bhí sé
chomh déisteallach sin agus nach gcaithfeadh sé na bróga
bhí na gréasaidhthe a dhéanamh, mar bhí siad mí-chuimsire,
agus bhí sé fhéin chomh stuamdha sin agus go mbíodh sé
ag déanamh bróg árd dhó fhéin agus d'á mhuintir, mar
nach rabh fhios ag duine ar bith eile a leithidí sin a
dhéanamh, agus bhíodh lucht ríoga na tíre ag cur fáirnis
cé'n áit a raibh muintir d'athara ag fhagháil a gcuid
bróg, acht ní fhuair siad fáirnis ar bith i n-a thaobh. Sin
a bhfuil agam-sa, a mhic, le n-innsint duit i dtaobh
d'athara."



"Go rabh maith agat, a mháthair," ars' eisean,
"agus tá mé sásta le d'ughdar."



Ní dhearnaidh sé ceó acht siubhal go dtí seomra na
sgológ, agus ars' eisean leobhtha dho aon phleasg
amháin:



"Tá gach ní a dubhairt sibh fíor agus caithfidh sibh a
bheith in bhur dtargairí thar bárr, agus i leabaidh mise
bhur ndaoradh 'sé an chaoi a dtiubharfaidh mé lóistín mo
thighe dhaoibh ar feadh bliadhna agus cead agaibh ithe agus
ól liom ar aon bhord amháin."



"Go rabh míle maith agat," arsa Cunglach, "de
bhárr do thairisgint, acht ní féidir linn fanacht, mar tá
sé riachtanach againn imtheacht chomh tiugh géar agus is
féidir linn é, agus sul má n-imthighidh sinn badh mhaith
linn, má's é toil d'onóra é, 'innsin dúinn an bealach
is goire go dtí teach an uachtaráin sin, mar badh
mhaith linn faill chainte a bheith againn leis."


L. 9


Labhair an breitheamh agus dubhairt — Cuirfidh mise
ar an mbóthar díreach sibh, acht b'fhearr liom go mór
dá bhfanfadh sibh tamall in mo chomhluadar, acht, nuair
nach bhfuil dúil agaibh sin a dhéanamh, seo dhaoibh sporán
óir a bhéarfas sgathamh de'n bhealach sibh."



Rug Cunglach ar an sporán óir agus é an-bhuidheach
dhe dh'á bhárr agus amach leobhtha agus an breitheamh i
n-a gceann gur thiosbáin sé dhóbhtha an bóthar a bhí ag
dul glan díreach go dtí teach an uachtaráin a bhíodar
a thóraidheacht.



Bhí go maith. Nuair a bhí eolas an bhealaigh acú,
d'umhlaigh siad do'n bhreitheamh agus thug siad crathadh
láimhe téagrach dhó agus ars' eisean leobhtha:



"Má bhíonn dréim agaibh le Coirneach, cosnaigidh
sibh féin air, mar is fear baoghlach tobann é, agus, a
ógánachaí, uair ar bith ar maith libh filleadh ar ais 'un
mo bhaile-sa, béidh na seacht gcéad fáilte rómhaibh."



"Go rabh míle maith agat, a bhreitheamh eagnaidhe,"
arsa Cunglach leis, "acht caithfimid sgaramhaint ó
chéile anois, mar ní tráth dh'á fhaillighe é, agus b'fhéidir
go bhfillfeadh sinn agus b'fhéidir nach bhfillfeadh."



D'imthigh siad leobhtha mar sinneán gaoith' Márta agus
ní rabh siad i bhfad ná i ngearr ag imtheacht as amharc
agus éisteacht an bhreitheamhan.



Bhí go maith, a dhearbhráthair mo chroidhe. D'fhill an
breitheamh ar ais agus rinne an triúr ógánach coisidheacht
lúthmhar agus dheamhan mórán féir ná uisge d'fhás faoi
n-a gcosaibh nó gur shroich siad teach an uachtaráin agus
budh é sin a n-oncal. Nuair a thainic siad isteach
thimcheall na sráide, hinnsigheadh dhóbhtha go rabh
call triúr buachaillí aimsire ar an uachtarán agus, ar
ndóigh, dubhairt siad-san gur aimsir a bhí siad a
thóraidheacht.



"Tá go maith," ars' an maor leobhtha, "mar is leis
a bhí siad ag caint, "tiugainn anois go dtí an
t-uachtarán, agus 'sé mo bharamhail go gcuirfidh sé
aimsir oraibh."



Bhí go maith. Thug an maor i láthair Choirnigh iad
agus ars' an maor le Coirneach:


L. 10


"Seo triúr ógánach atá ag tóraidheacht máighistir
agus, má thaithnigheann siad leat, is cóir dhuit aimsir a
chur orthú."



Dhearc Coirneach ó n-a mhailidheacha orthú agus chuir
sé a radharc treasnaí thríobhtha le chomh géar agus
bhreathnuigh sé iad.



Tar éis é sámh móiméid ná dhó, labhair sé agus ars'
eisean leis an bhfear budh toirteamhla acú:



"Goicé an cineál ceird' oibre a leanann tusa dhí?"



"Brothaire mise," ars' eisean.



"Tá go maith," arsa Coirneach, "teastuigheann do
leithide uaim."



Labhair sé leis an darna dearbhráthair budh mhó agus
ara' eisean: —



"Goicé an tslighe bheathadh a chleachtuigheanns tusa?"



"Fuineadóir mise, chomh maith agus d'fhuin dabhach
taois ariamh."



"Maith go leór," ars' eisean, "tá call fuineadóra
orm."



Labhair sé le Cunglach, mar budh é an fear budh lugha
de'n triúr agus thug sé deireadh an togha dhó.



"Bhfuil ceird ar bith agat-sa?" ars' eisean le
Cunglach.



"Ní ceárdaidhe mé 'léir stuaim, acht seanchaidhe mé
'léir meabhair, mar sin í an tslighe bheathadh thogh mé i
dtús m'óige."



"I n-am a thárlaidh sibh," arsa Coirneach, "mar bhí mé
ag tóraidheacht bhur leithidí le ráithe mór fada."



Chuir sé aimsir ar an triúr acú agus shásuigh sé iad
'léir tuarastal agus budh í obair an dearbhráthar
budh sine greadadh feola a mharbhadh 'léir mar bheith
call léithi, agus, ar ndóigh, chaithfeadh an fuineadóir
dalladh aráin fhuint agus fhraoitheadh do mhuinntir an tighe
agus budh í obair Chunglaigh a bheith ag seanchas ó luighe
gréine go dtí éirghe gréine i n-a shuidhe ar chathaoir ag
ceannádhairt leabtha Choirnigh agus gan cosg a dhul ar
a bhéal ar an bhfad sin; budh chuma i n-a chodladh nó i
n-a dhúiseacht Coirneach, chaithfeadh Cunglach leanmhaint


L. 11


d'á sheanchas, agus budh é an coinghioll a bhí eatorra,
dá dtéidheadh cosg air, chaillfeadh sé a cheann lá ar
n-a bhárach.



Maith go leór, a ghrádh mo chroidhe. Chuaidh an
brothaire go dtí teach an chrú le haghaidh damh a mharbhadh.
Rug sé ar an tuaigh agus tharraing sé buille aniar
thar a chúl, agus, sul már shroich cúl na tuaighe bathais
an daimh, leag sé an tuagh ar an talamh, agus bhain
sé dhe a chasóg agus a léinidh. Chuir sé air a chasóg i
n-aice a chraicinn agus chuir sé a léine os cionn a
chasóige. Rug sé ar an tuaigh ar ais agus tharraing
sé buille fad-roighin agus, sul már bhuail sé an damh,
leag sé an tuagh uaidhe. Fuair Coirneach focal na
faire go raibh an brothaire ar buile mar ngeall ar an
ngearramansaidheacht a bhí faoi. Thainic Coirneach ar
bhuille boise, agus d'fhiafruigh sé de'n bhrothaire goicé
an t-ádhbhar nach raibh sé ag marbhadh an mhairt.



"Ach, muise," ars' an brothaire, "tá ceist in m'
intinn agus tá sí ag cuir íognó mhóir orm agus ní thig
liom an damh a mharbhadh go bhfuighidh mé fear icínteacht
a fhuasglóchas brígh mo cheiste."



"Cia an cheist í?" arsa Coirneach.



"Badh mhaith liom fios fhagháil cé aca is goire m'
athair nó mo mháthair dhom 'léir gaoil."



"Do shoraidh dhaot, a phílidh," arsa Coirneach, "nach
bhfuil fhios agat "dá ghoire dhuit do chasóg is goire ná
sin do léinidh," agus d'á bhrígh sin, is goire dhuit do
mháthair a d'iomchair thú trí ráithe faoi n-a broinn agus
thug rughtán a cliatháin dhuit go rabh tú i n-an' biadh
ithe uait féin."



"Go rabh míle maith agat," ars' an brothaire, "ar
shon d'ughdair, mar tá fhios agam gur gaolmhaire mo
mháthair dhom ná m' athair."



Leis sin chuaidh sé i gcionn a chuid oibre is ní rabh sé
i bhfad ná i ngearr ag marbhadh agus ag seitheadh an
daimh.



Bhí an fuineadóir i gcionn a chuid faoi seo
agus shiubhail Coirneach chomh fada leis go bhfeicfeadh
sé goicé an chuma oibre bhí faoi, 's, nuair a thainic sé


L. 12


isteach, bhí cnap taois ag an bhfuineadóir, agus é dh'á
shuathadh agus dh'á fhuint, agus 'léir mar bhíodh sé ag
leathnughadh na mbológ, bhéarfadh sé orthú athuair agus
ghníodh sé cnapán taois dhaobhtha ar ais. Níor thaithnigh
a chuid oibre lé Coirneach agus ars' eisean leis:



"Leig do do chuid áilleacánachta, agus fuin an
t-arán go tapaidh."



"Ní thig liom a ghoil 'un cinn le mo chuid oibre," ars'
an fuineadóir, "nó go bhfuighidh mé duine eicínt níos
meabhraighe ná mé fhéin a innseochas dhom cé aca is
fusa a dhul go hifreann ná go flaitheas."



"Ar mar sin é?" arsa Coirneach.



"'Seadh go deimhin," ars' an fuineadóir.



"Agus nach bhfuil fhios agat," arsa Coirneach, "gur
fusa dhá choiscéim a thabhairt le fánaidh an chnuic ná
coiscéim i n-aghaidh an chnuic."



"Tá mé buidheach dhíot anois," ars' an fuineadóir,
"mar tá m' intinn sásta agus rachaidh mise i
mbannaíbh nach mbéidh mé i bhfad ag fuineadh neart aráin
dhuit."



Thoisigh sé ag fuineadh agus shiubhail Coirneach amach
agus é ag rádh leis féin go rabh na buachaillí seo ró-
ghlic dhó.



Bhí go maith 's ní rabh go dona. Bhí gach ní ag dul
'un cinn go maith nó go dtainic coinfheasgar na hoidhche,
agus, ar ndóigh, nuair a thainic, chuaidh Cunglach isteach
go dtí seomra Choirnigh, agus shuidh sé ar a chathaoir
shócamhlaigh, agus bhí Coirneach i n-a shuidhe, ar a chathaoir
féin. Tar éis Coirneach suidhe, shíl sé go dtoiseochadh
Cunglach ar a sheanchas, acht dheamhan hú ná há a thainic
as a bhéal.



"God chuige nach dtoisigheann tú ag seanchas?" ars
Coirneach.



"Ar fear an tighe atá an chéad sgéal," arsa
Cunglach.



"Béidh fhios agat sin i mbárach," arsa Coirneach,
"mar béidh do cheann agam-sa go hárd os cionn mo
dhorais mhóir."


L. 13


"Má's cúrsaidhe mar sin é," arsa Cunglach, "is
cóir dom toisiughadh, acht deirim leat "ní críonna an
cat ná an coiméad"."



Leis sin, a bhuachaill ó, thoisigh Cunglach ag seanchas
agus le binneas briathra a bhéil thuit Coirneach i n-a
shac codlata, agus lean an seanchaidhe dh'á sheanchas go
dtí uair a dódhéag, agus thimcheall 's an tráth sin
thoisig Cunglach ag smaoineadh go rabh an t-olcas i
gcomhnuidhe i gcroidhe a oncail, agus, go mór-mhór
dá bhfuigheadh sé fios gur'b iad triúr clainne na
Bárd-sgolóige bhí aige, go gcuirfeadh sé 'un báis iad
ar thionntódh an tsuip.



D'éirigh Cunglach agus fuair sé claigeann capaill
a bhí aige roimh ré le haghaidh na hócáide agus chuir sé
teangaidh eabhrach ins an gclaigeann agus leag sé an
claigeann ar luasg a chuir sé i bhfastódh ar an gcathaoir
agus bhí claigeann an chapaill ag stolladh cainte as
agus Coirneach ag srannadh. Amach le Cunglach agus
bhí an bheirt eile ag fanacht leis. Nuair a bhí siad
ollmhuighthe le n-imtheacht, dubhairt Cunglach leobhtha nach
rabh aon tslighe le dhul amach ar an doras iadhta
agus go rabh cú nimhe ceangailte ar chúl na cónlaidhe
agus trí coileáin aicí, agus go mbudh é a bharamhail go
rabh sí an-bhaoghlach.



"Tá sgamhógaí an daimh agam-sa," ars' an brothaire.



"Tá agus cnap taois agam-sa," ars' an fuineadóir,
"agus is cóir dúinn a gcathamh aicí agus chómh'n's
bhéidheas sí 'ghá n-ithe, ní bhainfidh sí linn."



"Tá go maith," arsa Cunglach, "agus leis sin
shiubhail siad go dtí an doras iadhta agus, sul má rabh
am ag an gcoin tafann a chur aistí, chaith siad na
sgamhógaí aicí agus, ar ndóigh, leis an slumairt a bhí
aicí 'ghá n-ithe níor thug sí áladh ar bith ortha. Leis
sin chrom Cunglach faoi agus thóig sé i n-a lámha na
trí coileáin agus amach leobhtha, agus a ghrádh, ní bréag
a rádh nár thug siad dho na buinne é mar is maith a bhí
fhios acú go mbeith an tóir 'na ndiaidh.



Bhíodar ag cur a mbealaigh dhaobhtha agus gan fios an
eolais acú, agus, a ghrádh, lé éirghe an lae ar maidin


L. 14


dhúisigh Coirneach agus thoisigh sé ag cumailt na sram
dh'á shúilibh agus an claigeann sa gcathaoir ag stolladh
cainte as. Chuir Coirneach cluas le n-éisteacht.
"Dar brígh an liobair," ars' eisean, "is aisteach an
cineál glóir é sin mar nach dtigim focal de."



D'éirigh sé 'na sheasamh go labhruigheadh sé le Cunglach,
má b'fhíor dó fhéin, acht ní raibh le fagháil aige i n-áit
Chunglaigh acht claigeann capaill agus teangaidh eabhrach.
D'éirigh sé ar buile agus bhuail sé a dhá bhois i n-aghaidh
a chéile 's "Dar fiadh," ars' eisean, "'siad sin clann
mo dhearbhráthar a shíl mé a bhí faoi'n bhfód leis na
bliadhantaibh, 's mur gcuirfidh mise 'un báis iad go
luath 's go tapaidh, buailfidh siad cor orm-sa nach
gcuideóchaidh liom." Ní dhearna sé ceó acht siubhal go
dtí an chú nimhe agus a sgaoileadh, agus, ar ndóigh,
nuair a fuair sí cead na gcos, d'imthigh sí mar sinneán
gaoith' Márta i ndiaidh na gcoileán agus níor thug
seisean faoi deara na coileáin imthighthe 'chor ar bith.



Bhí an triúr imthighthe tamall fada faoi seo, acht má
bhí féin, ní rabh an chú i bhfad ag tidheacht suas leobhtha,
's nuair a d'airigh siad a torann taobh thiar dhaobhtha,
leag siad ceann de na coileáin ar an mbóthar, agus
leis an bhfuadar a bhí fúithe chuaidh sí thar an gcoileán
leis an tsaint a bhí uirthí sglamh a bhaint asta, acht
nuair a fuair sí baladh an choileáin, d'fhill sí ar ais
agus rug sí ar an gcoileán i n-a béal agus as go
brách a bhaile léi, 's nuair a shroich sí an baile,
thainic bánaidhe ar Choirneach, mar bhí fhios aige nach
ndearna sí aon dolaidh do'n triúr agus rug sé
ar an lasg agus thoisigh sé 'ghá lasgadh nó gur
chuir sé 'un bealaigh aríst í le mhéad an bhualadh a thug
sé dhí. D'imthigh sí léithi agus caor theineadh as a béal,
agus bhí siad-san sgathamh fada ó'n mbaile an tráth
sin, acht má bhí fhéin, ní rabh sí i bhfad ag tidheacht suas
leobhtha, 's nuair a chualaidh siad an siubhrán a bhí sí a
bhaint as an ngaoith, bhí fhios aca nár thráth dh'á fhaillighe
é, mar leag iad an darna coileán ar an mbóthar,
agus, dá mhéad an tsaint a bhí uirthí le n-a n-ionnsuighe,
ní sgaithfeadh sí an coileán nuair a thainic sí chomh fada


L. 15


leis. D'fhosgail sí a dranndal agus rug sí ar ghreim
chúil chinn air agus a bhaile léithí chomh haibéil le sgal
teinntrigh. Bhí Coirneach roimpí agus d'ionnsuigh sé
í leis an lasg nó gur chuir sé an treas uair 'na
ndiaidh í, agus a dhearbhráthair mo chroidhe, d'imthigh sí
ar a lorg agus níl léigheadh ná innsint sgéil ar an
fuadar a bhí fúithe no go dtainic sí suas leobhtha, 's
nuair a thainic, bhí a craos fosgailte le áladh a
thabhairt orthú, agus ar thionnthódh an tsuip chaith Cunglach
an treas choileán isteach i n-a craos, 's nuair a fuair
sí baladh an choileáin, thionntuigh sí ar ais agus ní rabh
sí i bhfad ná i ngearr ag teacht a bhaile, agus ó fuair
sí na trí coileáin sa mbaile, dá ndéanfadh Coirneach
ceithre ceathramhnacha dhuit', ní fhágfadh sí an baile ní ba
mhó.



Bhí go maith, a bhuachaill an domhain, ba mhaith a bhí
fhios ag Cunglach nach bhfágfadh sí an baile tar éis a
coileán fhagháil ar ais, agus bhí fhios aige mar an
gcéadna go gcuirfeadh an t-oncal an tóir 'na ndiaidh,
agus ar an ádhbhar sin dae, thug an triúr aca dho na
buinn é, is bhí siad ag imtheacht agus ag síor-imtheacht
do dtí uair a' mheadhoin lae, agus timcheall 's an
tráth sin casadh leobhtha beirt fhear ag bualadh coirce
le dhá súiste ar an mbóthar, agus an treas fhear ag
crathadh an chochain. Bheannuigh Cunglach dóbhtha, agus
ars' eisean: "B'fhéidir go bhfuil sibh tuirseach agus ní
dhéanfadh sé dochar dhaoibh bhar sgrísde dhéanamh agus na
súistí a thabhairt dhúinne, mar támuid fuar agus
téighfidh sinn sinn féin tar éis sgathamh buailte."



"'nDomhnach," arsa na buailteóirí leobhtha, "is
caraid a bhéarfadh sgathamh dhúinn."



Bhí go maith. Rug an bheirt ba sine ar an dá shúiste
agus thoisigh siad ag bualadh, agus ar ndóigh níor
bh'fhallsóir Cunglach ag crathadh an chochain. Shín an
triúr roimhráidhte ins an gcaraidh chochain agus ní rabh
siad i bhfad ann nó gur thuit siad i n-a gcodladh, mar
bhí siad tuirseach, agus i n-áit Cunglach an cochan a
cheangailt i n-a bpunannaíbh, i n-a leabaidh sin 'sé an
chaoi a rabh sé 'á chathamh i mullach an triúir a bhí 'na


L. 16


gcodladh. 'Léir mar bhí na buailteóirí ag bualadh bhí
siad ag cur alluis, agus chumail siad crúca stúire
dh'á n-éadan le iad fhéin a shalughadh, mar bhí siad ag
feitheamh móiméid ar mhóiméid go mbeith an toir i n-a
mullach, agus a ghrádh, níor bh'fhada uabhtha go bhfaca
siad marcshluagh an oncail ag tidheacht a mbárr na
bhfásgaidhtheithe, 's nuair a thainic siad a ngar do na
buailteóirí, gháir an taoiseach ós árd, agus ars' eisean
leóbhtha:



"An dtug sibh faoi deara triúr fear ag gol an
bealach sin indiú?"



Ní fhuair sé fáir na freagradh uabhtha, acht bhagair
Cunglach a lámh air agus rinne sé comhartha le n-a mhéar
dó go rabh siad ins an gcaraidh chochain.



Ar thionntódh do bhoise, a ghrádh, léim triúr aca de
mhuin a n-each agus thóig siad an cochan dhaobhtha, agus
bhí mo chréatúir i n-a sac codlata agus sgaith siad na
trí cinn dhaobhtha ó bhun na diuide, agus, ar ndóigh, bhí
an taoiseach sástaí annsin, mar shíl sé gur'b iad triúr
clainne na Bárd-sgolóige bhí ar lár.



D'fhill siad ar a n-ais agus thug siad na trí claigne
a bhaile mar tabhartas ag Coirneach. Nuair a bhreathnuigh
Coirneach orthú, ní rabh air acht cineál bog-shásaimh, mar
bhí mearbhall air nár bh'iad claigne na n-ógánach a bhí
leóbhtha, acht a bhaiste, b'éigean dó bheith sásta, mar
bhí fhios aige go rabh sé chomh tairbheach dhó bheith ag
iarraidh dart a bhualadh i n-aghaidh na gréine 's le bheith
ag iarraidh dó-bheart a bhualadh ar chlainn a dhearbhráthar,
mar bhí siad ró-ghlic dhó 'léir intinn chinn.



Bhí go maith 's ní rabh go dona. Nuair a d'fhill an
marcshluagh a bhaile, d'imthigh Cunglach agus an bheirt
eile ar fud na tíre, mar bhí fhios aca go dtóigfeadh
muintir an triúir a bhí marbh gleo agus clampar i
dtaobh an dúnmharbhadh a tugadh orthú. D'éirigh siad
de'n bhóthar agus choinnigh siad an áit ba uaithbhéalta
d'fhéad siad fhagháil. Chaith siad tamall d'á saoghal ar
an gcuma sin 'ghá dtógáil fhéin le éanlaith na
ngleannta agus cnoidhthe na gcoillte. Bhí rún aca i
gcomhnuidhe dó-bheart a bhualadh ar a n-oncal, dá


L. 17


mb'fhéidir leóbhtha, agus thainic an lá sin ar deireadh
thiar, mar bhí an t-oncal amuigh ag fiadhach 's ag fionn-
sgaradh agus bhí sé ag filleadh a bhaile i n-a aonrac
leis an gclapsholas glan díreach thríd an gcoill a raibh
an triúr aca ainntí, agus chomh tiugh géar agus chonnaic
Cunglach é, ars' eisean leis an mbeirt eile:



"Seo é ar n-oncal, agus toiseoghaidh sinn ag
bualadh a chéile faoi thiomna ar n-athar, 's nuair a
thiocfas sé chomh fada linn, tá mé cinntí go bhfiafróchaidh
sé dhaoinn cé'n t-ádhbhar a bhfuilmid ag gabhailt ar a chéile
agus, mar réidhteochaidh sé an tiomna dhúinn, fágfaidh
sinne sailghradaigh air."



Leis sin fuair an triúr aca trí chleath agus thoisigh
siad ag fead-rúsgadh a chéile agus bhí siad ar an
gcuma sin go dtainic an t-oncal aca agus, ar ndóigh,
níor aithnigh an t-oncal iad, acht mar sin féin, a mhíle
grádh, d'fhiafruigh sé dhaobhtha goicé an fáth a rabh siad ag
bualadh a chéile agus ar thionntódh an tsuip sheas an
triúr aca thart thimcheall an chapaill, agus arsa
Cunglach leis:-



"Maise," ars' eisean, "nuair a bhí ar n-athair ag
fagháil bháis rinne sé tiomna aisteach, mar nach dtig
linn ciall ar bith a bhaint as agus d'fhág sé a shocrughadh
ar bhreitheamhnas a chéad fhear a thiocfadh annseo agus
is tusa an chéad fhear a thainic ó fuair m'athair bás."



"Innis dom an tiomna," ars' an t-oncal.



Labhair Cunglach agus dubhairt:



"D'fhág sé an t-úr agus an críon agam-sa."



Ars' an darna fear:



"D'fhág sé an cam 's an díreach agam-sa."



"Maise," ars' an tríomhadh fear, "d'fhág sé a
bhfuil faoi thalamh agus as cionn talmhana agam-sa."



"Seafóid," ars' an t-oncal, "ar ndóigh, níl aon
fhear beo a shocróchadh an tiomna sin."



"Maise," arsa Cunglach, "mur bhfuil tú i n-an'
do bhreitheamhnas a thabhairt air, glac é seo uaim-se,"
agus ar an toirt thug sé buille de'n chleith dhó trasna
blaoisg a chinn agus chaith sé mo chréatúir dho aon tuairt
amháin i n-aghaidh na talmhana agus arsa Cunglach:


L. 18


"Is milse é sin ná glór an teangaidh eabhrach."



"Ábobú," ars' an t-oncal, "is sibh atá ann,"
agus le sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal fada bhí
an triúr aca ag gabhailt ar a n-oncal no gur fhág
siad i n-a stolp é, agus annsin bhí siad sásta 'léir
sásamh intinne.



"Tiugainn anois," arsa Cunglach, "mar nach tráth
d'á fhaillighe é, agus caithfidh sinn an tír so fhágáil go
luath is go tapaidh."



D'imthigheadar chomh haibéil agus d'fhéad siad bonn a
leagaint le bóthar no gur ghlan siad as an tír sin
amach is amach, agus stór mo chléibhe, ní dhearna siad
stad, marbh ná comhnaidhe no gur tharrainn siad ar na
Sléibhte Gorma, mar bhí fios roimh sé ag Cunglach go
rabh dall glic ag rígh na Sléibhte Gorma agus nach rabh
aon ghliocaidhe ar dhruim uachtair na talmhana ba ghlice
ná é 'léir feasa; agus, nuair a bhí siad i bhfoisgeacht
dó nó trí de mhílte do chathair an ríogh, bhí siad ag
árdughadh árdán, agus nuair a nocht siad a mhullach, bhí
cathair an ríogh soilléartha i n-anc a súl, agus arsa
Cunglach: "Tugann faoi deara carbad agus cuingir
chapaill faoi i n-a gcos i n-áirde, agus gan dé dearbh
ar bith," ars' eisean, "'sé an rí atá sa gcarbad, agus,
ar ndóigh, tá an dall glic leis, mar nach dtéidheann
sé amach gan é, agus anois ar n-am lé é ar bhfortún
innsint dúinn."



"Maise," ars' an dearbhráthair ba shine, "cé an
chaoi a bhfuighmid faill chainte leis?"



"Hath!" arsa Cunglach, "is furust é sin a dhéanamh,
Mar sínfidh sinn ar ar bhfad a chois an bóthair agus
thimcheall 's péirse talmhana eidir 'ach éinne againn,
agus nuair a fheicfeas giolla na gcapall sínte sinn,
gáirfidh sé ós árd go bhfuil corp i n-a stolp a chois an
bhóthair."



B'fhíor an sgéal. Rinneadar mar tá ráidhte, agus
an dearbhráthair ba shine an chéad fhear a casadh leobhtha.
Gháir an giolla ós árd go raibh fear marbh ar an
mbóthar agus nach sgaithfeadh na caiple é, mar bhí siad


L. 19


ag glacadh sgáth. Leis sin dhearc an rí amach agus
ars' eisean le n-a dhall glic:



"Tá fear ann gan aimhreas, bíodh sé be ná marbh."



"Labhair an gliocaidhe agus dubhairt: "Tugadh an
giolla mé chomh fada leis."



Rinneadh mar tá ráidhte agus leag an dall glic a
lámh ar chroidhe an fhir.



"Níl sé marbh go fóill," ars' eisean, "mar tá a
chroidhe ag preabadh, agus ba mhór an sgéal é bheith
marbh, mar tá sé i n-a gheineamhaint é bheith i n-a cheann-
urraidh ar arm na Róimhe."



Thiomáineadar leobhtha agus ní dheachaidh siad thar
péirse no gur casadh an darna dearbhráthair ba shine
leobhtha.



"Mo dhona 's mo dhóthain dhom," ars' an giolla, "tá
fear breagh eile marbh annseo."



Tugadh an gliocaidhe chomh fada leis agus nocht sé
a chliabhlach agus chuir sé a lámh ar a chroidhe



"Tá sé beó bídhgeamhail," ars' eisean, "agus tá
ádh ag fanacht leis, mar béidh sé i n-a rígh ar ríoghachta
na Ceirúire."



Bhí go maith 's ní rabh go dona. Cuireadh na caiple
faoi shiubhal, agus, ar ndóigh, ní dheachaidh siad i bhfad
gur ghlac na caiple sgáth agus thoisigh siad ag
gearramansaidheacht agus ag árdughadh a dtoiseach i
n-áirde.



"Goicé an breathas atá ar na caiple," ars' an rí
leis an ngiolla.



"Á, tá fear eile sínte ar a fhad trasnaí an
bhealaigh," ars' an giolla.



"Má's cúrsaidhe mar sin é," ars' an rí, "ní bheadh
sinn ag deireadh ar n-aistir indiu, acht cébí sin dae,"
ars' eisean leis an ngliocaidhe, "féach ar beó ná marbh
dho'n fhear sin."



Tugadh an gliocaidhe chomh fada leis, agus d' fhéach
sé fíorchuisle na fola, agus ars' eisean leis an rígh:



"Tá sé beó beathadhach; agus tá sé i ngeineamhaint
an fhir seo a bheith pósta ag an gCroich."


L. 20


"Is féar ghortach atá ortha leis an ocras," ars' an
rí, agus leis sin chaith an rí sporán óir ag Cunglach
agus, a ghrádh, níor chuir Cunglach cor ná cleas dhae,
agus annsin, a chumhlódair, theann an giolla an béalmhach
i mbéal na gcapall agus thug sé an lasg dóbhtha, agus
as go brách leobhtha i n-a gcos i n-áirde.



Nuair a bhí torann na gcapall imthighthe ó éisteacht
chluas Chunglaigh, d'éirigh sé agus, ar ndóigh, chuir sé an
sporán i n-a phóca go cúramach.



D'éirigh an bheirt eile mar an gcéadna agus
shiubhladar i n-airicis a chéile.



Bhí go maith. D'fhiafruigh Cunglach de'n bheirt goicé
an fortún a bhí i ndán dóbhtha agus, nuair a d'innis
siad dhó mar tá innste agam-sa, thoisigh a chuid iosgadaí
ag lúbadh faoi, agus ars' eisean:



"Tá ádh agus amhtar rómhaibh-se agus tá lom-
dhearg mhí-ádha orm-sa, mar tá mé le bheith pósta ag
an gCroich agus níl aon mhí-ádh ó'n aer go dtí an talamh
is measa ná sin."



"Dona go leór," ars' an bheirt eile, mar shíl
siad go mbudh í an chroich chrochta bhí i ndán do, acht
ar a shon sin d'imthigh siad leobhtha, agus 'léis sgathamh
coisidheachta thainiceadar ag ladhar bóithrí, agus arsa
Cunglach do aon phleasg amháin:



"Ní ghabhfaidh mise níos fuide libh mar, ó thárla gur
ball de'n chroich mé, níl sé ceart ná cóir agam bheith i
gcumhlódar-sibhse."



Thoisigh an bheirt 'ghá bhladar, acht ní raibh aon chabhair
leis. Thug Cunglach cúl a chinn dhóbhtha, mar thóig sé an
bóithrín cumham a bhí ag dul siar ó dheas is fuaidh siad-san
soir ó dtuaidh; agus is dóiche go ndeachaidh siad ins
na fíor-ghlinnte, mar tá críoch le n-a dtrácht annseo.



Bhí go maith 's ní rabh go dona. D'imthigh Cunglach
leis i mbéal a chinn roimhe, agus ní raibh mí-riaghalta
ar bith ag dul uaidhe, mar bhí sé chomh domblasach sin
is go rabh lámh aige i n-i gach uile choir níos measa ná
a chéile, mar shíl sé lá ar lá go mbudh é lá na croiche
é, agus, 'léir mar bhí sé ag cur a bhealaigh dae, bhí sé
i dtólámh ag bunránacht agus ag siamsánacht agus ag


L. 21


troid le n-a intinn féin i dtaobh é bheith chomh mí-ádh-
amhail sin thar a bheirt dearbhráthar, acht ar a shon sin
bhí sé i gcomhnuidhe ag dul 'un cinn, agus níor námhaid
dhó sporán an ríogh, mar bhí sé i n-an' íoc ar a chuid
béilidhthe bídh agus deolaidhthe, 'léir mar d'fhághadh sé
iad. Bhí cuid mhor de'n tír curtha ó n-a chosaibh faoi
seo aige.



Le linn smáil na hoidhche casadh isteach i gcathair é
agus bhí sé ag siubhal ar fhad na sráide agus thug sé
faoi deara teacht gréasaidhe agus shiubhail sé go dtí an
doras, agus, ar ndóigh, bhuail sé isteach ar fud na
bhfud, agus nuair a sheas sé ar an urlár d'iarr sé
lóistín oidhche agus ars' eisean:



"Níl mé 'mo dhiúgaire, mar tá mé i n-an' íoc na
shon mo lóistín."



"Maith go leór," arsa bean an tighe, "gheobhaidh
tú lóistín uainn mar tá sé againn, agus, mur mbídh
tú sásta leis, ort fhéin a bhéidheas an locht."



Ní rabh éinne sa teacht acht bean agus fear;
gréasaidhe a bhí ins an bhfear agus, nuair a shuidh
Cunglach i mbun a chosa thoisigh sé ag caint 's ag
comhrádh le fear an tighe agus ars' eisean leis:



"Tá mise stuamdha agus deas-lámhach agus, má tá
grádheil ort i dtaobh do chuid oibre, cuideochaidh mise
leat, mar tá mé i n-an' bróga dhéanamh le fear ar
bith."



"Maise, 'sé beatha an sgéil," ars' an gréasaidhe,
"mar tá call do leithide orm le tamall, agus b'fhéidir
gur'b é an t-ádh a chas isteach againn thú."



Leis sin, a ghrádh, thug sé ceap, leathar, meannadh,
casúr, agus ruadhóg do Chunglach agus thoisigh sé ag
fuagháil agus ag lasgadh na bróige agus ní raibh baoghal
ná guais ag fear an tighe a bheith 'na ghréasaidhe leath
chomh maith le Cunglach.



Bhí go maith. Ní rabh sé i bhfad i gcionn a chuid
oibre nó go dtainic cráin mhór mhuice go dtí an doras
agus chuir sí a smut isteach agus chuir sí gnúsacht aistí.
D'éirigh bean an tighe agus fuaidh sí go dtí an doras
le cnap taois eidir a dhá lámh agus chaith sí ag an


L. 22


mhuic é. Bhí Cunglach ag breathnughadh na muice le
súil agus an tsúil eile ag breathnughadh ar a chuid
oibre agus nuair a bhaluigh an mhuc ó'n doras d'fhiafruigh
Cunglach a' mbudh leobhtha fhéin an chráin mhuice sin.



"Maise, ní headh," ars' an gréasaidhe, "acht le
méire na cathrach í, agus téidheann sí thart annseo
maidin 's tráthnóna agus caithfidh 'chuile theach ar fhad
na sráide suim bídh a thabhairt dhuith'."



"Tá go maith," arsa Cunglach, "acht god chuige nach
ndéanann duine eicínt ins an mbaile stolp dhuit."



"Ábobú!" ars' an gréasaidhe, "dá ndéanfadh éinne
éagcóir uirthí, thairnneochaidhe a cholann ó chéile eidir
seisreach capall ar an toirt."



Chraith Cunglach a cheann agus dubhairt sé faoi n-a
chúir-fhiacail: "Déanfaidh mise stolp dhuith', ó thárla go
bhfuil an chroch i ndán dom."



Bhí go maith. Nuair a tháinig am codlata, fuair siad
leabaidh faoi réidh do Chunglach, agus, ar ndóigh, fuaidh
an triúr aca a chodladh agus ní túisge tháinig
fáinneachan an lae ná bhí Cunglach agus an gréasaidhe
'na suidhe agus thoisigh siad ag lasgadh bróg ar a lán-
dhícheall. D'éirigh bean an tighe tamall beat 'na
ndiaigh agus thoisigh sí uirthí ag triall béilidh na maidne,
's nuair a bhí sé triallta aicí, dheasuigh an dá
ghréasaidhe leis an mbord, agus lom siad orra at ithe.
Ní raibh thar leatha sáith itthe aca 'nuair a thainic an
chráin go dtí an doras agus chuir sí gnúsacht aistí:
"Ó dar brígh an liobair," ars' an bhean, "seo í an
mhuc agus ní'l dath na ríogh-ruaidhe agam dhuith'," agus
ní dhearnaidh sí ceo acht breith ar an mbiadh a bhí i
bhfiadhnaise an dá ghréasaidhe agus a chathamh go dtí an
doras ag an muic.



D'éirigh Cunglach ar buile de bhárr an tsaothair sin
agus spalp sé mionna mór go gcaillfeadh sé casadh
ná go mbainfeadh sé sásamh as an muic.



Maith go leór, a chumhlódair! Chuaidh an bheirt aca i
gcionn a gcuid oibre ar ais agus d'oibrigh siad as
sin go dtí smál na hoidhche, agus, nuair a bhí béilidh
an tráthnóna ullmhuighthe, stad siad d'á n-obair agus


L. 23


d'ionnsuigh siad an biadh go faobhrach agus faoi ocras
agus ní rabh itthe aca acht dó nó trí de smailceannaibh
nó gur chuir an mhuc gnúsacht aistí ag an doras.
D'éirigh bean an tighe ag freastal ar an muic agus
d'éirigh Cunglach go lúthmhar aigeanta agus rug sé ar
an mbiadh as lámhaibh na mná.



"Beathóchaidh mise an mhuc an taca seo," ars'
eisean.



Chaith sé an biadh ar lár an urláir agus mheall sé an
mhuc isteach 's ar an móiméid a bhí plaich de'n bhiadh i
n-a béal aicí bhí a fhios aige nár fhéad sí sian a chuir
aistí, agus ar an toirt bhuail sé í le cúl na tuaighe i
gceart-lár tobair na bathaise agus, a ghrádh mo
chroidhe, níor fhág sé smeach i n-a cluaise.



"Ábobú!" arsa lánamhain an tighe, "crochfaidhear i
mbárach sinn."



Bhuail Cunglach a chos faoi thalamh.



"Bígidh in bhur sost," ars' eisean, "ná mur mbídh,
béidh bhur n-anama agam."



Sgannruigh sé na leitheachaí ins na créatúirí, agus
diabhal focal eile adubhairt siad.



Dhúin Cunglach cónlaidh an dorais agus thoisigh sé air
ag faochadh na muice le uisge bruitthe, agus go deimhin
agus go dearbhtha, ní rabh sé i bhfad ag glanadh na
muice agus ag cur gag i n-a béal, acht ar a shon sin
leis an méid a bhí inntí thóig sé lárm mhór uisge le n-a
faochadh 's ar an ádhbhar sin dhae, b'éigean dó teine mhór
a choinneáil dearg an chuid is mó de'n oidhche. Ghearr
sé i n-a ceathramhnachaibh í agus rómhair sé poll i n-urlár
an tseomra agus shoill sé an mhuc ins an bpoll.
Nuair a bhí sí soillte, chuir sé meadhachan agus falach
uirri i riocht nach mbraithfeadh an tsúil budh ghéire lorg
an phuill. Nuair a bhí sin déanta aige, chuir sé
grísdíní agus gach nídh eile a bhain le n-a comallach i
bhfalach. Ar maidin lá'r na bhárach, a ghrádh, bhí ruaille-
buaille ar fud an bhaile, nuair nár fhill an chráin a
bhaile agus bhí an oidhche ag reodhadh seaca agus sneachta
i n-a cheann, agus níor fhéad siad lorg na muice
fheiceáil ins an sneachta agus d'á bhárr sin bhí fhios aca


L. 24


gur mharbhuigh duine eicínt í agus, nuair a hinnsigheadh
do'n mhéire nach raibh an chráin le fagháil, shuidh sé i
gcomhairle le n-a dhall glic agus ars' eisean leis:



"Ní bhéidh mise ag tabhairt tuarastail dhuit-se, mur
bhfuil tú i n-an' innsint dhamh-sa goicé an rath a
cuireadh ar mo mhuic."



Ars' an gliocaidhe: "Bhí sioc agus sneachta againn
ar feadh na hoidhche agus cébí teach ins an mbaile ar
marbhuigheadh an mhuc ann níl aon spincín seaca ar an
teach mar ngeall ar theas na teineadh a bhí aca i rith na
hoidhche, agus cuir do chuid saighdiúr ar fud an bhaile
agus, má tá aon teach ins an mbaile gan spincíní, sin
é an teach a bhfuil do mhuc ann."



B'fhíor an sgéal. Chuir sé amach na saighdiúir agus
thoisigh siad ag breathnughadh ar na tighthibh agus bhí gach
uile theach ins an mbaile reóidhte le sioc acht an teach
sin, agus a bhuachaill ó, "níor chríonna an cat ná an
coiméad," mar bhí Cunglach chomh cliste leis an dall
glic, mar is maith a bhí fhios aige go dtiubharfadh teas na
teineadh an tóir ar a theach, agus, nuair a chonnaic sé
na saighdiúir ag teacht, níor thráth dh'á fhaillighe dhó é,
's leis sin bhain sé dhae a chuid éadaigh agus isteach leis
i n-a leabaidh. Dubhairt sé le lánamhain an tighe teinidh
mhór fhadódh agus lán an choire mhóir de uisge chuir ar
an gcrochadh as cionn na teineadh agus an bheirt aca
líobacha flainnín a fhagháil agus a bheith 'ghá dtumadh ins
an gcoire agus a gcuir le n-a dhá thaoibh, mar bhí sé ag
béicighil le doigh imleacáin, má b'fhíor dó fhéin.



Rinneadh mar tá ráidhte, agus thainic na saighdiúir
isteach agus dhearc siad fúbhtha agus tharstú agus níor
fhéad siad sdéig, grísdín ná lorg fola fheiceáil, agus
ins an tráth céadna, a bhuachaill ó, bhí béal Chunglaigh
fosgailte agus é ag iarraidh breith ar a anáil, agus a
ghrádh, é ag goil ó bhás go beatha le mhéad na doighe.
Bhí lánamhain an tighe ag caoineadh, mar déarfá, agus
iad ag tumadh na líobacha go tapaidh ins an gcoire,
agus 'ghá gcuir as cionn na háite a rabh an doigh.



Labhair ceannphort na saighdiúr agus dubhairt: "Ar
mac libh é seo?"


L. 25


"'Seadh, a ghrádh," arsa bean an tighe, "acht ní mac
linn i bhfad é, faraor, mar tá clochar an bháis i n-a
sgornaigh le mhéad na doighe atá ag cuir as dó ó
tráthnóna aréir, agus tá mé fhéin agus m'fhear beag-
nach i ndeireadh an déithe ag iarraidh uisge a théidheadh
dhó ar feadh na hoidhche, agus 'ghá fhothragain, théinte go
bhfuigheadh sé réidh an achair acht ní bhfuair."



"Dona go leór, a bhean bhocht," ars' an ceannphort,
agus leis sin d'orduigh sé d'á chuid fear dhul amach
mar bhí a sáith anró ar mhuintir an tighe agus gan
iad-san a bheith ag cur aighneas' orthú.



D'imthigh siad leobhtha, a ghrádh, mar bhuailfeá ar an
gcluais iad agus a bhaile leobhtha go dtí an mhéire, 's
nuair nach raibh tuairisg ar bith leobhtha faoi'n muic,
fhobair nár chaill an méire a chiall agus shuidh sé i
gcomhairle ath-uair leis an dall glic.



"'Sé mo bharamhail," ars' eisean leis, "gur ag
magadh fúm atá tú, ná arb é do mhian pleib magaidh a
dhéanamh dhaom. Mur n-innsighidh tú dhom go tapaidh
cé an chaoi a bhfuighidh mé mo mhuc, cuirfidh mé dho'n
tsaoghal thú ar áit na mbonn."



"'Sé mo chomhairle-se dhuit," ars' an gliocaidhe,
"fuagradh chur amach go bhfuil mála óir i n-a leithide
seo dhe mhuilionn, agus fear ar bith a bhéidheas chomh
misneamhail agus an t-ór a thabhairt as an muilionn go
bhfágfaidh tú an t-ór aige agus go ndéanfaidh tú leas-
mhéire dhae i gceann é bheith i n-a árd-mhéire (má
mhaireann sé) i ndiaidh do bháis, is cébí fear a mharbhuigh
an mhuc déanfaidh sé a dhícheall an t-ór fhagháil, agus,
ins an am céadna, ná fág doras ná fuinneóg ar an
muilionn nach ndúnfaidh tú, acht ceann beag cumham a
bhéidheas as cionn ocht dtroighthe ó thalamh, agus faoi
bhun na fuinneóige taobh istigh cuir baraille mór agus
líon é le tarra agus bealadh i riocht, nuair a ghabhfas an
gadaidhe isteach, go gcaithfidh sé tuirlint síos ins an
mbaraille, agus nuair a thuirleongas, dá mbeith
urrudhas na gcéadta ann, ní bhfuighidh sé as."



Rinneadh mar tá ráidhte, a bhuachaill ó, agus, nuair
a chualaidh Cunglach faoi'n ór, thoisigh sé ag bladar an


L. 26


ghréasaidhe agus leis an slumairt bhreagh a bhí aca ag
ithe na muice badh mhaith leobhtha an t-airgead fhagháil i
riocht go mbeith siad a' rinnc mhacrais amach 's amach;
acht cébí chaoi a rabh an sgéal chuir Cunglach an chluain
ar an ngréasaidhe agus amach leobhtha i lár an mheadhoin
oidhche go ndeachaidh siad go dtí an muilionn, 's nuair
a sheas siad ag bun na fuinneóige, arsa Cunglach:



"Rachaidh mise isteach agus fair thusa go géar 's ná
leig an tóir orm," acht, a bhuachaill, ní raibh Cunglach
acht ag cur i gcéill, mar bhí fhios aige go raibh gléas
báis taobh istigh, acht cébí sin dae, thoisigh sé ag
strapaireacht ar an mballa ag leagaint amach go rabh
deifir an tsaoghail air ag dul isteach.



Bhí an gréasaidhe i n-a shámh agus bhí éad air mar an
gcéadna, mar mheas sé, dá dtéidheadh Cunglach isteach,
go ndéanfadh sé leathchumaidh air i dtaobh an airgid,
agus, fhad 's bhí na smaointe sin ag rith thrí n-a intinn,
ars' eisean le Cunglach:



"Tá mise níos lugha ná thusa, agus is fearr a
gheobhfas mise thríd an bhfuinneóig, mar tá sí beag, agus
is géire do radharc-sa leis an tóir a fhaire, agus is
láidre thú le cor pionnsaidheacht' a thabhairt dóbhtha, má
thigeann ort."



"Bíodh sé amhlaidh," arsa Cunglach, agus leis sin d'
ísligh sé a cholann nó gur sheas an gréasaidhe eidir
bois a dhá shlinneán agus d' árduigh sé é chomh hárd leis
an bhfuinneóig.



Isteach le mo ghréasaidhe, mar shíl sé nach raibh aige
acht breith ar an ór, acht i n-a leabaidh sin, ní raibh sé
balach íslighthe de'n fhuinneóig nó gur chualaidh Cunglach
é ag gárthaighil ar chongnamh.



Suas le Cunglach ar an bhfuinneóig, agus bhí mo
chréatúr thíos ins an mbaraille agus an tarra ag
plubarnaighil isteach i n-a bhéal. Níor fhéad Cunglach
congnamh ná cúiteamh a thabhairt dhó, mar bhí sé thíos go
dtí á n-a mhailidheacha ins an tarra.



"Ó thárla nach dtig liom fóirighthin a thabhairt dhuit,"
arsa Cunglach, "ní rachaidh mise a bhaile gan an
t-airgead."


L. 27


Leis sin, sheas sé ar cheann an ghréasaidhe agus isteach
leis dho aon léim amháin. D'fhastuigh sé an mála agus
bhí sé chomh hurrudhanta sin agus gur chaith sé an mála
óir amach thríd an bhfuinneóig. Gheárr sé an ceann
de'n ghréasaidhe agus chaith sé amach é i ndiaidh
an mhála mar bhí fhios aige, dá mbeith aghaidh an
ghréasaidhe le feiceáil ar maidin, go n-aithneochaidhe é
agus go gcrochfaidhe eisean ar maidin. Nuair a d'fhág
sé colann gan cheann aca, d' árduigh sé é fhéin suas,
agus amach leis thríd an bhfuinneóig. Chaith sé an mála
óir aniar ar a dhruim agus chuir sé an ceann faoi n-a
asgaill 's as go bráth leis chomh lúthmhar le meannán
gabhair nó go dtainic sé go dtí cúl tighe an ghréasaidhe
ins an áit a raibh cúláinín talmhana agus d'ádhlaic sé
ceann an ghréasaidhe go domhain i bpoll. Nuair a bhí
sin déanta aige, chuaidh sé isteach 'un an tighe i
nganfhios do éinne d'á raibh beó agus chaith sé an mála
óir i n-aghaidh an urláir. Agus, nuair a chualaidh bean
an ghréasaidhe torann an óir, "Ábobú!" ars' ise,
"cé'n rud é seo atá leat ná cá bhfuil sé fhéin?"



"Is cuma a' bith mhóir cá bhfuil sé," arsa Cunglach.



Sgread sise ag caoineadh agus "bíodh geall," ars'
ise, "go bhfuil m' fhear breagh marbh."



"Tá," ars' eisean, "is má tá fhéin, nach bhfuil mise
agat i n-a áit, is nach bhfuil mise níos fearr ná lucht
luinge d'á chineál-san, agus i gceann an méid sin tá
neart óir agus muicfheola againn agus, ó thárla go
bhfuil, níl ádhbhar bróin ná casaoide agat."



Nuair a chuala sí na briathra sin, shámh sí agus thoisigh
sí ag maolgháiridhe; agus a ghrádh, ar leagan do shúl bhí
sí chomh péacach le péacóig a bheith ag déanamh bróid
aistí fhéin as comhair sgátháin, agus, fhad 's bhí sí ag gol
anonn 's anall ar fud an tighe, bhí sí chomh haereach agus
d'fhéad sí a bheith, mar shíl sí go mbeith Cunglach aicí
mar compánach agus ar deireadh chuir sí bleib cainte
uirthí fhéin agus ars' ise:



"Mo ghrádh thú, goicé bhfuair tú an t-ór?"



"Is cuma goicé bhfuair mé é," ars' eisean, "acht
tá sé againn; agus tá faitchíos m'anma orm go


L. 28


n-íocfaidh mé an féarach dh'á bhárr, agus tá mé 'god'
agairt anois," ars' eisean, "gan an rún a leigint
leis an bhfárdoras, ná má leigeann, is gearr go
mblaisfidh mise 'gus tusa do'n bhás."



Tar éis iad sgathamh de'n oidhche a chur tharstú le
seanchas, chuaidh 'ach éinne aca i n-a leabaidh féin, agus
ar maidin lá'r n-a bhárach, a ghrádh, bhí ruaille buaille
ar fud an bhaile go raibh an t-ór tugtha as an muilionn
agus colann gan cheann ins an mbaraille tarra.
Nuair a shroich an sgéal an méire go raibh an t-ór
imthighthe agus gan na gadaidhthe le fagháil, thainic
báinidhe air agus mhionnuigh sé go mbeith anam an daill
ghlic aige, mar budh é a chomhairligh é an t-ór a chur sa
muilionn. Leis sin chuir sé fios ar an dall glic agus
thainic sé chuige ar bhuille boise.



"Tá an t-ór imthighthe," ars' an méire.



"Sin é chluinim," ars' an gliocaidhe.



"Sílim go bhfuil tú ag magadh fúm," ars' an
méire.



"Dheamhan baoghal ar bith orm," ars' an gliocaidhe,
"acht 'sé mo bharamhail ag bhfuil an cleasaidhe sin,
cébí é fhéin, ar na fir is críonna d'á bhfuil beó agus
caithfidh mise mo mheabhair a chur thar a riocht le breith
air, má tá sé saoghlach ar an saoghal seo, agus seo í
mo chomhairle dhuit-se anois: fágh an cholann atá ins an
muilionn agus ceangail í ar dhruim capaill. Siubhladh
an capall ar fud an bhaile. Bíodh fear le n-a cheann
'ghá cheannaireacht agus feádhnach saighdiúr i n-a dhiaidh.
'Léir mar bhéidheas an capall ag goil thar na doirsibh
béidh na daoine ag faire ar an gcorp agus cébí
muirighin ins an mbaile ar leobhtha an corp, gan
dé dearbh ar bith, nuair a fheicfeas siad é, sgeart-
faidh siad ag caoineadh le cumhaidh."



"Is maith é do chomhairle," ars' an méire, "acht,
mur mbídh sí tairbheach, is gearr do sheal-sa ar an
tsaoghal."



Rinneadh mar atá ráidhte, a chumhlódair, agus, nuair
a chonnaic Cunglach an capall ag ceann na sráide,


L. 29


shiubhail sé ó'n doras go dtí 'n teinidh, agus ars' eisean
le bean an tighe:



"Ar do bhás coiméid an dtoiseochthá ag caoineadh
nuair a thiocfas an corp as comhair an dorais?"



Dubhairt sí nach gcaoinfeadh agus thoisigh seisean ag
lasgadh bróg agus deireadh a shúile i gcomhnuidhe aige
uirthí-se, agus a ghrádh, ar an móiméid a fuair sí
radharc ar an gcorp, gháir sí ag caoineadh agus níor
thráth dh'á fhaillighe do Chunglach é, tharraing sé sracadh
de'n sgein trasnaí a ladhraicín i riocht go rabh sí ag
sliobarnghail leis.



Nuair a chualaidh na saighdiúir an sgread caointe
phlucht siad isteach mar sgata míoltógaí agus bhí
Cunglach i lár an urláir ag cur fola mar mart, agus
é ag béicighil le mhéad na péine agus an bhean ag gol
ó laige go laige ag caoineadh an chuirp, acht shíl na
saighdiúir gur ag caoineadh Cunglaigh a bhí sí, mar
dubhairt Cunglach leobhtha go raibh ádhbhar caointe aici,
mar nach raibh slighe ar bith acú acht an méid a bhí sé
fhéin i n-an' a shaothrughadh ag déanamh bróg, "agus is
ádhbhar truaighe sinn," ars' eisean, "má bhím i bhfad
faoi sguilthí na méire."



I leabaidh ceannphort na saighdiúr muintir an tighe
a dhaoradh, 'sé an chaoi ar ghlac sé truaighe dhóbhtha agus
shiubhladar amach agus shiubhail siad ó shráid go sráid
ar fud an bhaile agus gan rud ar bith acú dh'á bhárr,
agus d'fhill siad le linn an tráthnóna a bhaile ag an
méire gan thúrla gan thárla, agus a dhearbhráthair, nuair
a d'innis siad dhó go mbudh ádhbhar magaidh iad i rith
an lae, is beag nár chaill sé a chiall, "agus," ars'
eisean go feargach le n-a dhall glic:



"Ní thiubharfaidh mise faill eaglach dhuit níos mó, mar
béidh do chnámha ag tuaradh ar an gcarn aoiligh ar
maidin i mbárach."



"Dona go leór," ars' an dall glic, "acht agruighim
d'onóir seal lae agus bliadhna a thabhairt dhom agus,
mur mbídh greim cruaidh againn ar an gcleasaidhe i
gcionn an ama sin, bhéarfaidh mé cead duit do rogha
bás a thabhairt dhom."


L. 30


"Bíodh sé amhlaidh, mar sin," ars' an méire, "acht
anois aithris dom cé'n chaoi i bhfuil brath agat an
cleasaidhe a chreapall."



Labhair an gliocaidhe agus dubhairt:



"Bhí craoiseach na dubh-dhraoidheachta ag do bhunadh-sa
agus baineadh dhaobhtha í le láim láidir agus tá sí faoi
láthair ag rígh na Sléibhte Gorma agus agat-sa badh
chóir a bheith sí, dá mbeith ceart le fagháil, acht
"téidheann ag neart ar cheart," agus níl aon rí ar
thalamh an domhain i n-an' an bhuaidh fhagháil ar rígh na
Sléibhte Gorm a fhad 's tá an chraoiseach sin aige, mar
tá oiread draoidheachta ins an gcraoisigh sin agus
mharbhóchadh na mílte le n-a síneadh fad do righe uait i
muigh an chatha; agus dá mbeith an chraoiseach sin agat-
sa badh gearr go mbeitheá in do rígh i n-áit Ríogh na
Sléibhte Gorm. 'Sé mo baramhail nach bhfuil éinne le
fagháil atá i n-an' a faghála, mar tá na céadta thart
i n-a timcheall 'gá cosaint agus tá na céadta marbh
cheana fhéin ó am go ham a thug iarracht ar a fagháil;
agus mo chomhairle-se dhuit anois," ars' eisean,
"goirm sgoilb a chur amach agus a rádh go dtiubhraidh
tú d'inghean mar chéile do'n ghaisgidheach is fearr a
bhfuil misneach aige a ghol go dtí rí na Sléibhte Gorma
agus an chraoiseach dhubh-dhraoidheachta a thabhairt agad
agus seal lae agus bliadhna a thabhairt dhó leis an
obair sin a chóinlíonadh agus tá mé cinnte go ngabhfaidh
an cleasaidhe ar an aisdear sin agus tá mé ro-chinnte
nach n-éireochaidh leis, agus ar ndóigh, má éirigheann
leis agus an chraoiseach a thabhairt agad, is maith an
airidh ar d'inghin é, agus, mur dtéidh éinne ar an aisdir
sin, béidh mise toilteanach i gcionn lae agus bliadhna
an bás fhoilint."



D'éist an méire go foighdeamhail leis agus, nuair a
bhí deireadh le n-a chuid cainte, labhair an méire agus
ars' eisean:



"Is minic a chualaidh mé bunadh mo shean-athar mhóir
ag caint faoi'n gcraoisigh, agus bhéarfainn gach a bhfaca
mé ariamh acht í a bheith agam agus déanfaidh mé mar
atá ráidhte agat."


L. 31


Cuireadh an ghoirm sgoilb amach, a ghrádh, agus bhí
ógánaigh na tíre ag breathnughadh air gach lá, acht má
bhí fhéin, ní rabh an mhisneach aca a ghoil ag dréim le rígh
na Sléibhte Gorm, dh'aindeoin go raibh cathughadh i
ndiaidh inghine an mhéire aca uilig, mar bhí a dathamhlacht
thar bárr.



Bhí go maith 's ní rabh go dona, a ghrádh. Nuair a
chonnaic Cunglach an ghoirm sgoilb, "M'anam," ars'
eisean, "ó thárla go bhfuil an chroch i ndán dom, go
bhféachfaidh mé babhta leis an gcraoiseach fhagháil, mar
tá mé chomh sásta bás fhagháil ag troid go meisneamhail
le bás fhagháil ar an gcroich."



Chuaidh Cunglach a chodladh an oidhche sin agus é
socruighthe i n-a intinn aige go ngabhfadh sé ar thóir na
craoisighe, dá mbadh nás dó a cheann a chailleadh i n-a
chionn.



Thimcheall 's an uair mharbhtha de'n oidhche bhí sé i n-a
shac codlata agus thoisigh sé ag brionglóidigh agus
b'fhacas dó thrí n-a bhrionglóideach go raibh sgéimh mhná
i n-a seasamh ag colbha na leabtha agus labhair sí leis
agus dubhairt:



"A Chunglaigh! thainic mé agat le comhairle do leasa
a thabhairt dhuit, agus má ghlacann tú mo chomhairle,
gheobhfaidh tú an chraoiseach a bhfuil tú ag brath léithe.
Téirigh i n-a leithide seo de mhachaire ins and oidhche i
mbárach agus sín ar d'fhad ins an bhféar agus tá ocht
láir chapaill ins an machaire agus béidh siad ag
smúracht agus ag ithe féir thart in do thimcheall. Ná
cuir cor ná cleas dhíot acht coinnigh cluas le n-éisteacht
agus, cébí acú dhaobhtha a chuirfeas trí seitrigh aistí ar
uair a dódhéag san oidhche, éirigh ar áit na mbonn agus
sgar do dhá chois uirthi agus rachaidh mise i mbannaíbh
go dtiubharfaidh sí thú go ceann d'aisdir. Déan mar tá
ráidhte agus má ghníonn, feicfidh tú mise aríst. Slán
leat anois agus go n-éirighidh do aisdear leat."



D'éaluigh sise ar bhuille boise agus dhúisigh Cunglach
ar leagan do shúl agus bhí gach uile fhocal de'n méid
seo i nglan-mheabhair aige. D'éirigh sé ar maidin chomh
héasgaidh le gealbhann, chomh croidheamhail le huan agus


L. 32


chomh lúthmhar le mionnán gabhair. Chuir sé baslach ar
a éadan agus shlíoc sé a chúl, agus, ar ndóigh, d'ith
sé béilidh na maidne agus thoisigh sé ag goil anonn 's
anall ag baint stiall dhe'n lá no go dtainic an
tráthnóna agus dearbhuighim gur ghluais sé go dtí'n
machaire agus shín sé ins an bhféar mar hubhradh leis agus
níor bh' fhada gur chruinnigh na láracha i n-a thimcheall
agus ar uair an dó-dhéag chuir an ceann budh lugha agus
budh craidhtigheacha trí seitrigh aistí agus bhí brón ar
Chunglach nuair nár chuir ceann de na lárachaí slíoctha
beathuighthe na seitrigh aistí, mar mheas sé nach raibh an
ceainnín beag baoideach sin i n-an' a iomchur, acht, ar
a shon sin, mar bhuailfeá do dhá bhois faoi chéile, fuaidh
sé dho léim ar a druim agus rug sé barróg fhuinte
chruaidh ar a muing, mar budh in é a shrian agus a
dhiallaid le n-a choinneáil ó thuitim.



Bhí go maith, a ghrádh mo chroidhe. Ní túisge bhí sé ar
a druim ná d'éirigh sí ins an spéir agus ní rabh a
leithide de imtheacht ó thiar an domhain go dtí thuar an
domhain agus bhí fúithi; agus a ghrádh, ar an bhfad sin
bhí greim an fhir bháidhte ag Cunglach ar a muing, mar
chonnaic sé roimhe lasracha teineadh ag dul go hárd ins
an spéir agus dubhairt sé leis féin, dá ngabhfadh sí
thríd an lasair, go mbeith seisean i n-a luaithreamhán,
agus chomh tiugh géar agus thainic sí go dtí 'n lasair
chuir sí sian agus seitre aistí, agus ar an toirt sgar
an lasair ó chéile ins an riocht go ndeachaidh siad thar
an lasair gan spuaic dóighte.



Seal gearr 'na diaidh sin thuirling sí ar an talamh
agus thuirling Cunglach d'á druim le fóirighthin fhagháil,
mar bhí sé i n-anafóir. Ní túisge bhí sé ar an talamh
ná chum an láir í féin i gcumraidheacht mná agus thoisigh
Cunglach ag téigheadh, dá mhéad a mheisneach.



"Ná bíodh fuacht ná faitchíos ort romham-sa," ars'
ise, "mar nár thug mise annseo thú le díoghbháil a
dhéanamh dhuit, acht tá sé riachtanach agam innsint
goicé mé fhéin. Mise an leannán sídhe a bhaineas le


L. 33


do threibh, agus ní tusa an chéad duine acú ar fhóir mé
dhóbhtha; agus," ars' ise, "an bhfeiceann tú an ráth ríogh
sin thall?"



"Feicim," arsa Cunglach.



"An chraoiseach a bhfuil tusa ar a tóir, tá sí annsin,
agus mur ndéanfaidh tusa do réir mar déarfas mise
leat, is gearr do shaoghal. Tá na céadta faoi airm
ghéar agus trom ag cosaint na craoisighe, agus
bíonn siad trí hoidhche agus trí lá i ngach uile
sheachtmhain i n-a gcodladh agus ceithre hoidhche agus
ceithre lá i n-a ndúiseacht, agus ó thuitfidh siad 'na
gcodladh níl ní ar bith le n-a ndúiseacht go mbídh an
t-am caitthe acht aon ní amháin, agus 'sé sin trae óir
tá crochta ar an mbocán céadna a bhfuil an chraoiseach
agus duine ar bith a théidheanns go dtí an chraoiseach
beireann siad ar an trae óir i dtoiseach agus, nuair
a bheireann, léimeann sé as a láimh agus tuiteann sé
ar an talamh agus le mhéad binneas a thorainn cuireann
sé crith talmhana seacht míle ar a thimcheall agus as an
toirt, a ghrádh, tá an t-arm i n-a seasamh agus a n-airm
i gcúl a nglaice aca, agus is iomdha mach ríogh le
bainríoghain atá 'léis blaiseadh do'n bhás ag iarraidh an
chraoiseach fhagháil. Anois, a Chunglaigh, atá siad faoi
láthair i n-a gcodladh, agus tig leat-sa a dhul isteach
agus siubhal i n-a mullach agus ní baoghal go ndúiseochaidh
tú iad, 's nuair a ghabhfas tú chomh fada leis an
gcraoisigh, ar do bhás ná leag do lámh ar an trae óir
no go gcaithfidh tú trí smugairle air i dtoiseach, agus
ó chaithfeas, tá na geasa briste agus an draoidheacht
faoi lár. Nuair a dhéanfas tú sin, beir ar an trae
óir in do láimh chlé agus an chraoiseach in do láimh dheis,
agus cas thart trí huaire thimcheall do chinn é agus ní
baoghal duit as sin amach í. Inthigh anois agus déan
mar dubhairt mé leat agus taraidh chugam ar áit na
mbonn."



D'imthigh Cunglach leis, a ghrádh, chomh lúthmhar le
sinneán gaoith' Márta agus isteach leis agus, le mhéad
ar méid lucht cosanta a bhí ag cosaint na craoisighe,
b'éigean dó siubhal i n-a mullach no gur shroich sé


L. 34


bocán na craoisighe. Rinne sé mar tá ráidhte agus
níor fhás mórán féir faoi n-a chosaibh nó go dtainic sé
ar ais go dtí an leannán agus bhí sí i n-a láir ag
filleadh dó. Níor labhair sé focal, mar nár chuir sí
furán ar bith air, acht rinne sí comhartha dhó a dhul ar a
druim. Rinne sé sin go tapaidh agus d'éirigh sí i
n-áirde agus as go bráth léithi an bealach céadna a
dtainic sí nó gur thuirling sí ins an machaire céadna
a bhfuair Cunglach ann í i dtoiseach, 's ar a móiméid
ar thuirling d'fhág sí Cunglach i n-a sheasamh ar a dhá
bhonn agus d'éaluigh sí uaidhe gan húth ná háth a rádh
leis agus chráidh sé sin Cunglach go mór, nuair nár
fhan sí le comhrádh beag a bheith aca le n-a chéile.



Thimcheall 's an tráth céadna bhí an lá agus bliadhain
i n-aice a bheith caitthe agus mheas Cunglach go mb'fhearr
dhó a ghoil go teach an mhéire i dtoiseach agus an
chraoiseach a thesbáint mar comhartha gur chóimhlíon sé
brígh a ghoirm sgoilb.



Phreab sé leis ar áit na mbonn agus an tráth ar
shroich sé teach an mhéire bhí muintir an tighe ag brath
ar an dall glic a chuir 'uin báis, mar bhí an lá agus
bliadhain caitthe, agus níor chualaidh an méire go
ndeachaidh duine ar bith ar thóir na craoisighe, acht i n-am
a thárlaidh Cunglach le n-a thárrtháil, mar bhí siad ins
an tráth céadna ag goil dh'á phlúchadh eidir dhá leabaidh
clúmhaigh 's nuair a thainic Cunglach i láthair: "Goicé
an ealadhain í seo ar siubhal agaibh?" arsa Cunglach
leis an méire.



"Tá," ars' an méire, "ealadhain atá tuillte ag an
ngliocaidhe seo le tamall, mar tá sé 'léis pleib
magaidh a dhéanamh dhíom-sa go mion 's go minic, acht
cuirfidh mise deireadh le n-a chuid gliocghaile, agus
b'fhada ó badh chóir dhom sin a dhéanamh."



"Fóill, fóill!" arsa Cunglach, "b'fhéidir nach bhfuil
sé cionntach 'chor ar bith, agus aithris dom anois, le
toil d' onóra, goicé an chaoi a ndearna sé pleib
magaidh dhíot."



D'innis an méire dhó faoi'n chráin mhuice agus
faoi'n muilionn agus an t-ór agus faoi'n gcraoisigh a


L. 35


bhí ag rígh na Sléibhte Gorm, "agus, ar ndóigh," ars'
an méire, "tá an lá agus an bhliadhain caitthe agus
ní bhfuair mé fios, fáirnis ná faisnéis faoi'n gcraoisigh
ar an bhfad sin."



"Bhí foighdeach, a dhuine chóir," arsa Cunglach, "agus
éist liom-sa. Níl aon dall glic le fagháil is glice
ná do ghliocaidhe de bhárr an trí chomhairle a thug sé
dhuit-se le breith ar an ngadaidhe, acht sháruigh an
gadaidhe sin a lán daoine fad-cheannach 'léir stuaim
agus meabhair, 'léir intinn, agus deirim leat anois,
a mhéire, go bhfuil tú ag caint láithreach leis an bhfear
sin, mar is mise a mharbhuigh do mhuc agus a ghoid an
t-ór agus is mise a fuaidh ar thóir na craoisighe, agus
d'éirigh liom a fagháil agus 'léir do ghoirm sgoilb,
is liom-sa d'inghean, agus is maith atá sí saothruighthe
agam."



Thoisigh an méire ag maolgháiridhe agus ars' eisean:
"Ar ag magadh ná dáiríribh atá tú i dtaobh an méid
atá ráidhte agad?"



"Ní tráth magaidh é," arsa Cunglach, "agus sul
má dtéidhmid níos fuide ins an tseanchas, tabhair a
shaoirseacht do'n dall glic, agus gan smúid ar a
theasga."



Labhair an méire agus dubhairt:



"Bhéarfaidh mé a shaoirseacht dó ar choinghioll, 'sé
sin, má shásuigheann tú mé 'léir comharthaí gur tú rinne
gach ní atá ráidhte agat."



Ní dhearnaidh Cunglach ceó acht a lámha a shíneadh amach
uaidhe agus ars' eisean leis an méire: "A' bhfeiceann
tú go bhfuil bárr na ladhraicín sgaitthe dhí sin? Mar
ghearr mé í an lá a dtainic do chuid saighdiúr ag
tóraidheacht na muice agus chuir sé a lámh i n-a phóca
agus thóig sé aníos dhá chluais fir, agus ars' eisean:



"Seo iad cluasa an fhir a bhí ins an mbaraille an
oidhche a goideadh an t-ór."



D'fhosgail sé a thriús agus thug sé amach ó'n asgaill
an chraoiseach, agus ars' eisean:



"Seo í an chraoiseach a bhí ag Righ na Sléibhte Gorma
agus, mur bhfuil tú sásta anois, is deacair do shásamh."


L. 36


Níor labhair an méire focal, acht shín sé a lámh i
gcoinne na craoisighe:



"Ní bhfuighidh tú in do láimh é," arsa Cunglach, "go
mbídh d'intinn agam-sa i dtoiseach, 'sé sin, an
gcoinneoghaidh tú d'fhocal 'léir do ghoirm sgoilb?"



"Coinneoghaidh mé m'fhocal," ars' an méire, "agus
god as nach gcoinneoghainn , agus feicim anois go bhfuil
tú 'léis mo shásadh i n-i gach uile nídh a bhain le
comhairlí mo dhaill ghlic, agus saoruighim anois é, agus
céad fáilte agus sláinte romhat-sa, a mhic mo chroidhe,
mar nach bhfuil do leithide le fagháil 'léir inntreachta
agus gaisgeamhlachta, agus is ádhbhar bróid dhamh-sa do
leithide a bheith agam mar mac-chliamhain, agus bhéar-
faidh mé m'inghean dhuit, mar is maith an airidhe ort í."



Ní dhearnaidh an méire ceo acht a dhá bhois a bhualadh i
n-aghaidh a chéile, 's nuair a chualaidh a inghean torann
na mbos, thainic sí i láthair ar an toirt, agus rinne sé
a gcaidreamh le chéile ar an móiméid, agus ars' eisean
léithe:



"Seo é do chompánach as seo amach, agus tar éis
mo bháis béidh m'oighridheacht aige."



Rinneadh an cleamhnas, agus thoisigh siad ag
ollmhughadh i gcomhair na bainse. Fuair lucht ríoghdha
agus lucht boichte cuireadh chum na bainse. Chruinnigh-
eadar, a ghrádh mo chroidhe, lag agus láidir, agus a
chumainn, níor bhainis go dtí í, mar mhair sí seacht
n-oidhche agus seacht lá, 's bhí blas na meala ar gach greim,
agus ní raibh aon dá ghreim dho aon bhlas. Bhí ithe agus
ól aca i rith an ama agus lucht na bainse uilig ar seol
na brach' agus b'fhearr an tslumairt a bhí aca ar
dheireadh na bainse ná bhí ar a toiseach. Nuair a bhí
sult na bainse caitthe agus easbhaidh chodlata orthú go
léir, sgap siad ar an t-ochtmhadh lá, agus i nDomhnach, a
ghrádh mo chroidhe, fuaidh mise an clochán, fuaidh siad-san
an bóthar, thainic mise in dtír agus fuaidh an t-iomlán
aca amach ar an gcróchar.



Shíl Cunglach go mbudh í an chroch chrochta bhí i ndán dó,
acht i n-a leabaidh sin fuair sé an bhean a mb' ainm
dí an Chroch Chúmhartha.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services