STÁID NA GAEDHILGE AGUS TEANG-
THADH EILE INS NA STAIDIBH AON-
TUIGHTE (AGUS 'SAN G-CANADA).
Le Tomás Ua Néill Ruiseul.
II.
Is éigin dúinn rádh nár' tháinic aon chine
daoineadh do chum na h-America, do righne
troid ba mheasa air son a d-teangan ioná
a n-déarnadh leis na h-Éireannaighibh.
Cho luath a's tigeann Éireannach chum na
tíre so, má tá Gaedhilig aige, déanann se a
dhíthchioll d'á dearmad air an m-ball.
Bh'fhéidir go bh-fuil leitheachasa ó'n riaghail so,
acht dearbhuigheann na leitheachasa an riaghail.
Ní cóir dúinn na daoine bochta labhaireas
Gaedhilig do lochtughadh mar gheall air an
g-cionnta so, óir do múineadh iad d'á dhéanadh
le gach uile threoruightheoir do bhí aca ó
aimsir Uí Chonnaill, agus ní mór an t-ion-
gnadh go bh-fuil a d-teanga tíoramhail
beagnach marbh; 'se an t-iongnadh is mó d'á
bh-fuil 'san domhan, go mairidh si fós.
Is truagh an nidh é go bh-fuil Éireannaighe
an ranga mheádhonaigh ins an America cho
neamh-chúramach tímchioll na Gaedhilge a's a
tá daoine an ranga cheudna 'san m-baile,
'Siad na daoine ba bhoichte in Éirinn a tá
ag congbháil suas na sgol Gaedhilge ins an
America, agus dá m-beidheadh na cléirighe
Catoiliceacha beagán níos cúramaighe d'á
taoibh, is geárr go m-beidhead an Ghaedhilig
leathnuighthe ó bhun go bun na tíre. Is
deacair le tuigsin creud fáth nach d-tabh-
aireann siad níos mó aire do'n Ghaedhilig,
óir dob' urus leo arm geur neartmhar do
dhéanadh dhí in a d-troid in aghaidh an pheacaidh.
Ní'l acht dhá bhliadhain ó shoin ó tugadh sean-
móir i nGaedhilig i m-Boston; ní raibh riamh
roimhe an meud ceudna daoineadh 'san
eaglais in a d-tugadh í. Do tháinic céad a's
caogad duine aisdear beagnach trí scór
míle, d'á clos; acht — agus 'se so an t-ion-
gnadh is mó d'á taoibh — ní raibh seanmóir
Ghaedhilge i m-Boston no in áit air bith eile
ins an America ó'n lá sin go d-tí andiu!
'Sí an trioblóid is mó i d-timchioll na
Gaedhilge ins an America gur deacair
oididhe maithe dhí d'fhághail. Tá go leor
daoineadh le fághail i m-beagnach gach baile
mór 'san d-tír, le eolas oireamhnach air an
nGaedhilig d'á múineadh do dhaoinibh óga; acht
tá níos mó 'ná eolas riachtanach dhóibh so
iarras teanga do mhúineadh. Budh chóir dóibh
bheith cumasach do labhairt na teangan dob'
áil leo múineadh, acht is deacair le fághail
ins an America, daoine fheudas i sgríobadh
agus labhairt go beacht. Rugadh an chuid is mó
dhíobh so a léigheas Gaedhilig, i g-Cúige
Múmhan, agus nuair cuirthear daoine ó
Chonnacht agus Ulladh do labhair Gaedhilig
'san m-baile, faoi oideas fir ó dheisceart
na h-Éireann, is minic a bhidheann “Trioblóid
'san sgoil.” Is urus le tuigsin go m-beidh
gach oide ag múineadh blais a chúige fein do
na sgoláiribh, agus gidh go bh-fuil acht an-
bheag dithfire idir bhlasaibh na g-cúigeadh
Éireannach, is leor í, go mío-ádhmhar, do chur
imreasáin air uairibh idir oididhibh agus
sgolairibh; agus muna m-beidheadh mar gheall
air an trioblóid so i d-timchioll an bhlais,
do bheidheadh morán niós mo daoineadh ag
meamrughadh na Gaedhilge ins an America
'ná tá anois.
Dubhradh 'san g-céad tráchta go raibh na
h-uile theangtha cóigchríocha ag fághail báis
go mall no go luath ins an tír so acht an
Fhraincís amháin. Is fiór go bh-fuil cló
cúmhachdac Gearmánach ins an America, agus
go bh-fuil deich b-páipeura Gearmánacha innti
in agaidh aoin pháipéir Francaigh, 'se sin
taobh amuig de Chanada. Ní'l aon Stáid 'san
d-tír taobh amuigh de Stáidibh na Sacsann
Nuaidhe in nach bh-fuil Staats Zeitung 'san
d-teangain Gearmánaigh; gidheadh, is urus
le feicsin gur iad na daoine ó'n t-sean-
duthchaigh a choimheudas na páipeura Gear-
mánacha beo: ní léigheann na daoine oga
Gearmánacha iad. Muna congbhuigthear
suas teanga air bith insan America leis na
daoinibh rugthar innti, ni féidir léi mar-
thainn acht air feadh tamaill bhig. Ní'l aon
chineul Gearmánach air mhóirthír na h-America
agus d'á rugadh innti, do chongbhaigh a
g-caint beo acht amáin na Gearmánaighe
san Stáid Pensilbhania. Thángadar go d-tí
an America i d-timchioll na bliadhna 1720,
agus tá a sliocht 'san áit cheudna in ar'áitigh
siad air d-tús. Labhaireann siad a
d-teanga thíoramhail fós, acht tá si cho
truailligthe sin, nach bh-féidir le Gearmánach
ó'n t-sean-tír í tuigsin air aon chor. Níor
chuir siad páipeur air bun riamh, agus ní'l
fear i g-céad aca feudas a theanga féin
do léigheadh. Gidh nach righne siad feabhas i
bh-fóghluim, do righne siad maith i neithibh eile,
agus meastar iad a bheith 'na bh-feilmeoiridhe
is feárr ins an America. Dá fhichid bliadhain
ó shoin, bud dheacair aon aca d'fághail le
focal Beurla in a cheann, acht anois
labhaireann gach aon aca Beurla, agus i
m-beagán de bhliadhantaibh beidh a d-teanga
marbh go léir, agus gan aon dóthcas í
aithbheodhadh.
Air iompógh ár súl dúinn chum Íochtair-
Chanada agus Louisiana, feicimíd an dá áit
amháin air thuaisceart na móirthíre so taobh
amuigh de Mecsico, in nach bh-suil lán-réim
aig an m-Beurla. Ní righneadh in aon áit eile
'san domhan, cómhbhrac níos uaisle 'ná do
righne Francaighe na d-tíorthann so air son
a d-teangan. Níor chaill an Fhraincís aon
troigh ins na tíorthaibh so fós. Tá níos mó
daoineadh ag labhairt Fraincíse in Íochtar-
Chanada agus i Louisiana andiu 'ná do bhí
riamh roimhe so. Má tá aon atharrughadh tean-
gan 'san g-Canada is atharrughadh ó Bheurla
go Fraincís é. Is fíor go bh-fuil bárracht aig
muintir na Fraincíse ós cionn daoineadh na
d-teangthadh eile mar gheall air áilleacht agus
díongmháltacht a g-canamhna; acht muna
raibh meisneach, seasmhacht agus gradh-cinidh
mór aig Francaighibh Íochtair-Chanada, ní
fheudfadh siad a d-teanga do chúmhdach in
aghaidh an Bheurla. Ní'l aon chine daoineadh
'san domhan níos crábhaige 'ná Francaighe na
Canada, acht d'fheicfidhe ó neithibh éigin, go
g-cuireann siad suim in a d-teangain
maraon le n-a g-creideamh, óir ní féidir le
duine bheith acht tamall beag 'san g-Canada
gan feicsin an fhocail-faire so “Ár d-teanga,
ár g-creideamh agus ár n-dlighthe,” ós
cómhair a shul, is cuma ca h-áit in a d-tion-
tuigheann se. Chidhthear é air ghairm-dhuil-
leogaibh páipeur agus leabhar, agus air
dhóirsibh tógbháil, &c.
Labhaireann an chuid is mó de na
h-Éireannaighibh, Sacsannaighibh agus Albann-
aighibh na rang meádhonach i Montreal agus
Cuebec Fraincís cho maith, no beagnach cho
maith, a's labhaireann siad Beurla. Ní'l aon
fhógradh ná riaghail, ná cóimhthionól na
m-bailteadh mór, nach m-bidheann foillsighthe
'san dá theangain, Fraincís agus Beurla.
Ní fhaghmaoid co-shomplaidhe de so in aon
chathraigh no baile mór in a n-áitigheann na
Mar thaisbeantar le Francaighibh Chanada
an radharc is breágha 'san móirtír so i
d-taoibh cúmhdaigh a d-teangan, is dóigh nach
d-tuirseochar an léightheoir má deirthear
beagán níos mó d'á d-timchioll.
Dá m-beidheadh aistriughadh daoineadh ó'n
bh-Frainc go d-tí na Canada, ní bheidheadh aon
iongnadh go g-cúmhdochadh Francaighe na tíre
sin a d-teanga, acht is tearc go bh-fuil
duine do rugadh 'san bh-Frainc le fághail 'san
g-Canada. Ní aistrigheann na Francaighe
acht go h-anamh, agus go h-áirigthe ní théidheann
siad gus an Canada ó cuireadh faoi smacht
na Sacsann í; ní fuair na Canadachaighe,
air an adhbhar sin, aon chongnadh ó n-a g-co-
chine 'san t-sean-dúthchaigh le cúmhdach a
d-teangan. Tá siad scartha ó'n bh-Frainc
ó'n am in a rug an Taoiseach Bholf buaidh
ós cionn Montcalm air Árdaibh Abraham
'san m-bliadhain 1759, agus dá m-beidheadh
cine eile do bhí ann, do bheidheadh a d-teanga
marbh anois. Acht níor dhearmuid na
cléirighe Francacha an Fhraincís. Cho luath
a's chonnairc siad nach raibh aon dóthchas aca
do smuaineadh air athnuadhadh réime na
bh-Francach, chuireadar cúmhdach a d-teangan
rómpa, agus níor oibrigh daoine riamh níos
feárr agus níos seasmhaighe 'ná iad. Bhí
mórán aineolais i-measg na bh-Francach
tar éis claoidhte a sluaigh leis na Sacsann-
aighibh, óir níor fhan na h-oifigidhe Francacha
'san g-Canada; do chuaidh siad air ais go d-tí
an t-sean-dúthchaigh, agus níor fágadh de
Fhrancaighibh ins an d-tír acht na cléirighe
agus na daoine bochta. Is fíor gur fhan
dornán na d-tighearnadh no Seigneurs
Francach aig a raibh mórán ionmhuis 'san d-tír
i riocht talmhan. Ní raibh acht timchioll fichead
díobh so, agus feudamaoid a rádh gur ab iad
na cléirighe do shaor an Fhraincís 'san
g-Canada, óir budh bheag an congnadh fua-
radar ó na tighearnaighibh.
Mar a dubhradh cheana, do bhí na Francaighe d'
fhan ins an g-Canada tar éis sgriosta réime
na Fraince innti, ro-aineolach; ní raibh acht
beagán díobh d'fheud léigheadh no sgríobhadh:
acht muna bh-fuil siad cho eolgach fós a's
budh chóir dhóibh, caithfidh sinn admháil go
righneadar gach nidh d'á raibh in a g-cumas
chum a sean-aineolais do dhíbirt. Má's
ceart dúinn baramhuil a dhéanadh i d-timchioll
stáide fóghluma daoineadh, ó'n uimhir páipeur
nuaidheacht a tá aca, do gheibhthear go bh-fuil
Francaighe na Canada ós cionn na coda is
mó de mhuintir eile, óir ní'l aon chineul
daoineadh air an móirthír so, no b'fhéidir in
áit air bith eile de'n domhan, aig a bh-fuil an
meud sin de pháipeuraibh do réir a n-uimhre.
Is baramhuil choitcheann í go labhaireann
Francaighe na Canada droch-Fhraincís, acht is
dearmad mór é so. Is fíor go labhaireann
daoine neamh-mhuinte na Canada, olc go
leor acht déanann daoine neamh-mhúinte
na Fraince féin, an rod ceudna. Ní'l
Fraincís 'san domhan níos feárr 'ná labhair-
thear le daoinibh an ranga mheádhonaigh in
Íochtar-Chanada.
Tá sompla na g-Canadach tairbheach do na
h-Éireannaighibh in iomad módh. Feicfidh siad
dornán beag de dhaoinibh air a rug a sean-
namhaid buaidh, dealuighthe ó thír a sinsear
air feadh níos mó 'ná céad bliadhan, agus a
meádhon a n-uile thrioblóide, ag tabhairt na
h-aire agus an chúraim dob' fheárr do bhí aca,
do chúmdhach agus do shaothrughadh a d-teangan
tióramhla. Ó so amach ní bheidh aon trioblóid
aig Francaighibh na Canada i d-taoibh a
d-teangan; tá an cath beagnach críochnuighthe,
óir is cine cúmhachtach anois iad. Ó sheacht-
mhóghad míle duine do bhí ann nuair rug
na Sacsannaighe buaidh orra, d'fhásadar do
bheith miliún go leith anois! Ní'l a d-tír
leor-fhairsing dóibh; tá saithe mora dhíobh in
Uachtar-Chanada agus ins na Stáidibh Aon-
tuighthe, agus má mheuduighean siad air feadh
an leath-chéid bliadhan a tá le teacht mar do
mheuduigh siad ins an am chuaidh tharsta, ní
bheidh lán-réim aig an m-Beurla air thuais-
ceart na móirthíre so.
Mar a dubhradh cheana, bhí na Francaighe
Canadacha dealuighthe ó n-a g-cine-gaoil 'san
Eoróip air feadh níos mó 'ná céad bliadhan,
acht mar is feasach do gach aon shaoileas go
ceart agus go doimhin timchioll neitheadh de'n
t-sórt so, ní féidir le daoinibh a labhaireas
aon teanga bheith ibh-fad in ainbhfios d'á chéile,
agus faoi dheire, i g-ceann céad a's tríochad
bliadhan, tá cáirdeas agus muinteardhas
ag eirghe eatorra agus Francaighibh na
Fraince. In aimsir trioblóide agus
claoidhte na Fraince do shín na Canadachaighe
a ngeuga amach go grádhach tars an t-sáile
chum a g-cinidh-gaoil, agus ó'n am sin go d-
tí anois tá siad ag teacht níos foigse d'á
chéile gac lá. Tá file breágh aig na
Canadachaighibh d'ar b 'ainm Freschette, agus
do righne na Francaighe ball de'n Choláisde
mór i b-Paris dé — an chéad fhear nach rugadh
'san bh-Frainc dá n-déarnadh ball dé riamh.
Tá cumann air bun cheana le priomh-airgead
céad míle dollar i láimh chum líne long-
gaile do chur air bun idir Brest agus
Cuebec. Tá cumas na teangan ag breith
an dá phobail i bh-fochair a chéile i g-caid-
reamh agus i g-cáirdeas.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11