Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos.

Title
Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGEUL AN FHIR DO CHUAIDH AMACH LE
FÓGHLUIM CRIOTHNUIGHTE LE FAIT-
CHÍOS.



Bhí fear fad' ó ann, agus is fad ó bhí: bhí
beirt mac aige: bhí an mac budh sine aca
deas-lámhach, tuigsionach, críona, agus tháinic
leis gach nidh a dhéanadh, acht bhí an dara mac
dall air gach gnáth agus bhí se díthcéille agus
ní fheudfadh se rod air bith a thuigsin no a dhéa-
nadh. Nuair do chonnairc na daoine é — siad
sin, na cómhursanna — agus go m-beidheadh
se 'na ualach trom air a athair, dúbhradar go
bh-faghadh a athair doilghíos mór uaidh. Mar
so, nuair do bhí nidh air bith le déanadh
thimcheall na h-áite, is air an mac budh sine
do thuit a chur chum cinn. Dá n-iarrfadh
a athair air an mac budh sine dul i d-teach-
taireacht, dá m-beidheadh se tamall ins an
oidhche agus dá m-beidheadh an bealach
uaigneach, mar bhí se amach ó n-a d-teach-san,
agus bhí an bóthar ag imtheacht le taoibh reilge,
do bhidheadh eagla mhór air an mac so i g-
cómhnuighe a bheith amuigh 'san oidhche. Annsin
déarfadh se le n-a athair, “bidheann faitchíos
orm dul an bhealaigh sin.” Tráthnónaidhe
geimhre aig cois na teineadh, nuair do
bhidheadh sgeulta uathbhásacha, 'se sin faoi
thaidhbhsibh agus faoi na daoinibh matha, agus
stártha de'n chineul so 'ga n-innseacht, no go
n-déarfaidís daoine a bhidheadh ag éisteacht
leo, lé chéile, “táimse ag creathadh le
faitchíos:” air feadh na cainte so do shuideadh
an dara mac ins an g-cuaine ag éisteacht
le gach nidh d'á raibh siad ag rádh. Agus níor
tháinic leis tuigsin cia an fáth a n-déarfadh
siad go rabhadar-san air crith le faitchíos.
“Táid-sean i g-cómhnuighe ag rádh, tá se ag
cur creatha orra; is íonghantach an rod é,


L. 207


acht ní fheudaim a thuigsin cia an fáth a
chreathaidís.”



Annsin do thárla se lá áirighte go d-táinic
an t-athair asteach agus do labhair se leis
an mac so agus dúbhairt se leis, ag glaodhach
air a ainm — “Éist liom, thusa, insan g-cuaine,
táir-se ag fás suas, mór, láidir, preabach,
agus is mithid go bh-fóighleomthá chum rod
éigin a dhéanadh go d-tuillfeá do bheatha leis.
Nach bh-feiceann tu amhas agus cruadhas do
dhearbhráthar agus an aire a bheireann se do
gach aon rod timcheall na h-áite agus an
imnidhe a bhidheas air faoi gach nidh d'á m-
bidheann le déanadh, acht leatsa tá an
searbhlus agus an bhraich caillte.” D'
fhreagair an t-ógánach; — “A athair,” dúbhairt
se, “budh mhaith liom rod éigin d' fhóghluim agus
da bh-fóighleomainn rod air bith dob' áil liom
fóghluim le creathadh, óir nach d-tuigim aon
rod in a thimcheall fós.” Do chualaidh an
mac budh sine an freagra do thug an mac
eile air a athair. Uime sin righne se
gáire agus dúbhairt se leis féin; — “Cia an
t-amadán mo dhearbhráthair; ní fhéadfamuid
aon cheo dhéanadh dhé choidhche, acht caithfimíd
cur suas le toil Dé.” Do léig an t-athair
osna agus d'fhreagair se é; — “deirir-se gur
maith leat fóghluim le criothnughadh acht tá
eagla orm go bh-fóighleomaidh tu le creathadh
luath go leor acht ní thuillfidh tu do bheatha
leis choidhche.”



Tamall geárr 'na dhéigh sin tháinic cléireach
an teampuill chum an tighe aca air cuairt,
agus ins an g-cómhrádh a bhí eadarra righne
an t-athair míniughadh dhó de'n trioblóid,
agus go h-áirighte an meud buaidheartha do
bhí se fhágail ó'n mac díthchéille so, tuille
eile nach raibh fios aige aon nidh a dhéanadh
no rod air bith fhóghluim. “Creud a
mheasair,” a dúbhairt an t-athair, “nuair
d'fhiafruigheas dé cia an chéird badh mhaith leis
fhóghluim, cé an freagra fuair me? Dúbhairt
se go m-badh maith leis fóghluim le
creathadh.” — “Muna bh-fuil acht an nidh sin
uaidh,” dúbhairt an cléireach, “cuir liomsa é
agus múinfead-sa an chéird sin dó.” Bhí an
t-athair sásda; dúbhairt sé leis féin, “Ní
féidir nach d-tiocfadh se air aghaidh idir é
féin agus an cléireach.” Bhí go maith; thug
an cléireach leis 'sa bhaile é, agus an obair
a bhí aige le déanadh, na cloig a bhualadh.
Dhá lá no trí, air oidhche an tríomhadh lae, do
mhúsgail an cléireach é air uair an mheádhoin-
oidhche, agus dúbairt se leis, “Éirigh, téidh
amach ins an d-teampul, agus is éigin duit
dul suas i d-tur na h-eaglaise agus na
cloig a bhualadh.” Dúbhairt an cléireach leis
féin, — “Creid mise, a mhic, gur geárr go bh-
fóighleomaidh tu creathadh do dhéanadh ins an
áit a bh-fuilir ag dul.” Do lean an
cléireach asteach 'san teampul gan fhios é,
agus do chuaidh se roimhe, agus do sheas se
air na staidhribh le taoibh fuinneoige. Nuair
d'iompoigh an fear óg so timcheall leis an
g-clog a bhaint do chonnairc se tort duine,
gleusta, geal, 'na sheasadh in aghaidh na fuin-
neoige. D'fhiafruigh se go teann: — “Cia
tá annsin?” acht ní bh-fuair se aon fhreagra
agus níor chorruigh an tort. Nuair chonnairc
se nach bh-fuair se aon fhreagra, dúbhairt se
leis; — “Bí ag imtheacht as sin go tapaidh no
cuirfead-sa as go sgiobthaidh thu; ní fhuil
gnáthaidhe air bith agat annso 'san oidhce.”
Acht d'fhan an cléireach mar bhí se gan
cor a chur dé, ionnos go g-creidfeadh an
t-óglách gur taidhbhse a bhí ann. Do ghlaoidh
an t-óglách ainach go h-árd an dara uair,
agus dúbhairt se arís; — “Cread a tá tu ag
déanadh ann so: labhair, má's fear cneasda thu:
muna laibheortha cathfaidh me síos na staidh-
re thu” Dúbhairt an cléireach leis féin — “Ní
fhuil a rún cho h-olc a's tá a leigean amach.”
Níor chuir se cor dhé, acht do sheas mar
bheidheadh fear gearrtha as cloch. Dúbhairt
an t-óglách leis féin: — “Béarfaidh me an
treas fhógradh dhó agus muna nglacfaidh
se sin feuchfaidh mise bealach eile leis.”
Níor chorruigh an taidhbhse mar shaoil sesean
gur b'é sin a bhí ann. Annsin do thug se
iarracht faoi agus do rug se air agus do
chaith se síos na sdaidhre é. Budh in deich
sdaidhre cloiche do thuit se, agus d'fan se


L. 208


annsin 'na luidhe 'san g-cuainne. Annsin do
bhuail an t-ógánach na cloig gan suim air
bith aige ins an gníomh a righne se, chuir se
glas air an teampul, agus do chuaidh se a
bhaile. Chuaidh se air a leaba agus ann sin is
geárr na dhéigh sin go n-deachaidh se ann suain.
D'fhan bean an chléirigh 'na suidh i bh-fad 'san
oidhche ag fanacht le n-a fear teacht a
bhaile, acht ní raibh se ag teacht, agus do ghlac
imnidhe í nuair nach bh-facaidh si é ag teacht. Do
chuaidh si chum an seomra a raibh an t-ógánach
'na chodladh ann, agus do ghlaoidh si air agus
d'fhiafruigh si dhé, an raibh fios aige cá raibh
an fear; gur imthigh se amach uaithe ins an
tur ós a cómhair. “Ní fhuil aon fhios
agam-sa,” dúbhairt an fear óg, “cá bh-fuil
se, acht bhí duine éigin ins an tur agus folach
geal air, 'na sheasadh in aghaidh na fuineoige;
do cheistigh meé, ní bh-fuaras freagra;
annsin do shaoil me gur gadaidhe a bhí ann,
do rug me air agus do chaith me síos na
sdaidhre é. Téidh amach agus feuch an é a
tá ann, agus má se tá ann, bheidheadh aithmhéal
orm faoi n-a dhéanadh.” Níor leis an mnaoi
a bealaighe do rith si amach agus fuair
si annsin é ins an áit ar dúbhairt an
t-óglách léi ar chaith se é, 'na luidhe 'san g-
cuaine i b-péin mhóir agus é ag caoineadh
agus ag cnead agus a chos briste. D'
iomchair si a fear a bhaile agus budh
chráidhte an sgeul doí é. Nuair d'fhág si air
a leaba é d'imthigh si agus í ag gul go h-árd
go d-tí teach athar an ógánaigh. Dúbhairt si
leis, — “Thug do mhac-sa mí-ádh mór treasna
orm agus air mo mhuirighin; do rug se air
m'fhear shuas i d-tur an teampuill agus do
chaith se síos na sdaidhre é agus do bhris se
a chos. Mar sin tóg leat as an teach uainn
é; ní fiu dadaidh é.” Do ghlac geite mór
an t-athair air a chloistin dó, do rith se go
bh-feicfeadh se an cléireach agus bhí buaidhreadh
mór air é fheicsin ins an g-cuma agus inneall
a bhí air. Thug se díol mór air an mac faoi
an rod a righne se, acht budh suarach an
sasadh do'n chléireach agus d'á mhuirighin
sgílle an athar air an mac. “Cia an
cineul namhdais é so” — dúbhairt an t-athair -
“a chuir an diabhal cathughadh ort a dhéanadh air
an g-cómhursain chneasda, mheasamhail a bhí
againn?” “Athair,” — dúbhairt an mac, -
“éist liom; tá mise saor air nidh air
bith a chuireas tu am' leith. D'fhan se annsin
air feadh na h-oidhche mar bheidheadh duine aig
a raibh droch-smuaineadh ag dul tríd an
inntinn. Ní raibh fios agam cia h-é do bhí
ann, ní dhéarna me le droch-rún air bith é,
Thug me fuagra dhó trí h-uaire agus níor
glac se é; d'iarras air labhairt no imtheacht.
Ní dhéanfadh se ceachtar aca.” “Acht” -
dúbhairt an t-athair leis, — “bhéarfair-se an
mí-ádh orm; imthigh as m'amharc; ní maith
liom thu d'fheicsin níos mó.” Déanfad
sin, athair,” — dúbhairt an mac, — “fan go n-
éirigh an lá, agus annsin imtheochad go sásda
agus fóighleomad le creathadh, agus annsin
beidh céird agam a thuillfead mo bheatha leis.”
“Fóghluim cia b'é air bith rod fhógaras tu,” -
dúbhairt an t-athair, — “is cuma liom cad é,
So cúig ranna deug airgid duit; imtigh
air fan an domhain, agus ná h-innis
d'aoinneac cia thu féin, cad as a d-táinic tu,
no cia h-é d'athair, óir do bheidheadh náire
mhór orm.” “Déanfad-sa, athair, mar deir
tu,” — dúbhairt an t-ógánach,- “muna bh-fuil
tu ag iarraidh neithe air bith eile acht sin,
feudaidh m e sin a dhéanadh go réidh.”



Clann Conchobhair.



(le bheith air leanamhain.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services