Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Amhráin Chuilm de Bhailís

Teideal
Amhráin Chuilm de Bhailís
Údar
De Bhailís, Colm,
Dáta cumtha
1904
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


CEITHRE RAINN
annso do rinne Colm De Bhailís do'n leabhar beag so féin:



A leabhair atá anois faoi chló,
Imthigh rómhat thré Éire uaim;
Amhráin ghreannmhar', amhráin bheó!
Nach deas, ar ndóigh, an féirín thú?



Tá'n Ghaedhilge ag éirghe 'rís i réim;
Tá meas ag téacht ar ar gcláinn;
Tá siad ag troid le buille béim;
Is gearr go mbéidh lucht Béarla gánn.



Thré Chúige Chonnacht déan do thriall
Go Laighin na bhFiann 's go Cúig' Uladh,
Go Cúige Mumhan 's go Manainn thar muir,
Go hAlbain soir 's go Lúnndain mhór.



An Connradh ag tabhairt ar ais ar gclú,
'Ghar gcoinneáil fhéin ag tnúth le Gaedhealtacht;
Sin obair mhór amach faoi 'r gcómhair;
Bhur gclaidhmhthí tógaidh, 's bígidh béiceach!


L. vii


RÉAMHRÁDH



Tá an leabhar so faoi chló faoi dheireadh. 'Sé an rud atá
le cur síos anois, a cheart do thabhairt do gach aon duine
a thug a chabhair & a chongnamh ins an saothar beag so.
'Sé an file féin badh chóir a bheith i dtús an sgéil seo. Cé
go bhfuil Colm tuitthe i n-aois anois, rinne sé dícheall mór
ar chuimhniughadh ar na hamhránaibh, ní nár bh'fhurus dó.
Pádraig Ó Domhnalláin atá 'na chomhnaidhe i Sráid an
Champa i bhfogus d'Uachtar Árd, is eisean do chuir síos na
hamhráin diaidh i ndiaidh & a chuir chugam-sa iad. Do
réidhtigheas féin & Eoghan Ó Neachtain iad, tar éis a bhfaghála
ó Mhac Uí Dhomhnalláin damh-sa. D'éan-toisg adeirim gur
“réidhtigheamar” iad, óir ní raibh gach uile fhocal i gceart
ionnta, & is minic dob' éigean damh-sa sgríobhadh ar ais go
hUachtar Árd i dtaobh rud' éigin a bhí bun os cionn ar fad.
Ná meastar go bhfuilim ag cáineadh an Domhnallánaigh 'sa
méid seo. Ní'lim. Níor bhfurus dó sin an uile fhocal
d'fhághail sa gceart agus na fiacla caillte ag Colm. Rinne sé
dícheall agus dúthracht lem' riar-sa i leith na síor-cheisteann
dob' eigean dam a chur chuige, agus ní fuláir dam a rádh go
bhfuilim fíor-bhuidheach dhe faoi. Ní sgríobhfainn so ar chor ar
bith acht go bhfuil eagla orm faoi focla éigin a bheith amugha
fós.



Níor bh'é sin an t-éan-chongnamh amháin a fuaras ó
Eoghan séimh Ó Neachtain. Ar ndóigh, níor bh'é, mar do léigh
sé na fromhtha ó bhun go barr & cheartuigh mórán rudaí do
chuaidh uaim-se. B'é sin dálta ag an gCraoibhín geal
Aoibhinn freisin. Gach aon fhocal riamh d'á dtáinig 'sa gcló,
do léigh seisean é go haireach grinn breathnuightheach & do


L. viii


chomharthuigh rudaí do sgiorr tharm-sa agus thar Mhac Uí
Neachtain — nach iongantach an sgéal é sin? — mar sin féin,
is fíor é. Chuir an Craoibhín i gcomhairle dham freisin an
“Tagra” do sgríobhadh.



Is iomdha sin caoi ar amhránaibh Chuilm De Bhailís anois i
mbéal na ndaoine. 'Sé an fáth atá leis sin, thug Dia
saoghal fada do Cholm, ar mhodh go bhfuil na hamhráin le
fada & le cian ar eolus ag lucht Gaedhilge Chonnamara, &
tá fhios ag an saoghal, an rud atá ar eolus ag na daoinibh,
go gcuirtear cor agus casadh ins na foclaibh thar mar bhí ag an
bhfilidh féin. Fuaramar caoidheanna éagsamhla aca so ar
“Amhrán an Téi ” & ar “Chúirt an tSrutháin Bhuidhe,” &
muna mbeadh iad sin, is olc ar fad a bheidís faoi chló
againn. Bheirmíd buidheachas mór d'Éamonn Fóirnéir De
hAlba mar gheall ar a iomláine agus chuir sé an chéad cheann i
gcló (ní fhuair Mac Uí Dhomhnalláin acht ocht gceathramhna ó
Cholm féin). Is mór do thuill Eoin meisneamhail Mac Néill
ar mbuidheachas freisin. Seo mar bhí. Sgríobh seisean
“Cúirt an tSrutháin Bhuidhe” roinnt bliadhan ó shoin ó dhuine
éigin i gConnamara. Ar m'impidhe-se chuir sé an sgríbhinn
chugam, agus muna mbeadh a fheabhas agus fuair seisean é, ní bheadh
acht cúig ceathramhna i gcló againn ó Cholm féin tríd an
Domhnallánach (ní hag fághail lochta ar Mhac Uí Dhomhnalláin
é, ó's fíor go ndearna sé a dhícheall, acht Colm bocht atá
comh haosta anois nach bhféadann sé cuimhniughadh ar gach a
bhfuil 'na cheann aige). Pé aca, caithfimid míle buidheachas
a thabhairt do Eoin Mhac Néill, mar gheall ar fheabhas na
cabhrach a fuaramar uaidh. Seo í an litir a chuir sé chugam
i n-éinfheacht leis an “gCúirt”: —



“Seadh anois, a Laoidigh, sin agad Cúirt an tSrutháin Bhuidhe do réir
mar chuala féin é dhá ghabháil ag stócach óg de thiománaidhe cáirr thiar
i nIorros beag i gConmhaicne Mara, ní cuimhin liom anois cé an bhliadhain.
Is cosmhail gur uaim féin do chualais-se é, nó an sean-pháipéar d'fheicsin
agam a bhfuil sé sgríobhtha, ná níor chuireas sa riamh i gcló é, agus ní bheadh
sé ar fagháil agad anois, marach go dtárla ag cuartach mé i mbosga atá


L. ix


agam & é lán de litreachaibh a fuair me fad'ó, & theagmhuigh an sgríbheann
so liom & rudaí eile do chuir mé síos san am céadna, mar tá Abhrán an
Tae, Seilg Sléibhe gCuilinn, & giotaidhe beaga de sgéalaidheacht do chuala
san áit sin. Rinne mé a aithsgríobhadh fad' chomhair-se. Níor athruigh mé
na focla, acht mo thuairim féin fá cheart an abhráin do chur síos os cionn
na bhfocal i gcorr-áit ann. Go dtugaidh Dia saoghal Chuilm dhuit, & go
seachnaidh sé saoghal Chuilm ort, & nárab bás do cheachtar agaibh acht
malairt bheathadh agus domhsa mar an gcéadna. Ámén.



Eóin mac Néill.”



“14/12/1903”



Do bhárr an dá innsint éagsamhail so ar “Amhrán an
Téi” agus ar “Chúirt an tSrutháin Bhuidhe,” táim ag ceapadh
go bhfuighe Colm corr-fhocal ionnta nár chum sé féin, acht is
beag an locht é sin, má tá na focail ar fheabhas & go
dtuigeann sé iad. Rud eile, bhaineamar mórán focal
Béarla as na hamhránaibh ar fad; ní locht é sin ar chor ar bith,
má thuigthear na focail Ghaedhilge cuireadh 'na leabaidh.



Níor cheart dúinn críoch do chur ar an réamhrádh so gan
tagairt do'n rud so freisin. Sin é, go bhfuilmid an-
bhuidheach do lucht eagair an pháipéir nuaidheachta an Dublin
Evening Mail, faoi gur chuireadar ar ar gcumas dealbh
Chuilm do chur os comhair ar léightheoirí i bhfíor-thús an leabhair
seo.



Ní'l 'fhios againn cá bhfuair an Dublin Evening Mail an
dealbh so Chuilm ná cia an t-am ar tairngeadh í. Ní hionann
é & an dealbh a chuir Pádraig Mac Piarais os comhair léigh-
theóirí an Chlaidhimh Soluis le goirid. Is cosmhail, nuair a
tairngeadh clódh Chuilm le haghaidh na deilbhe seo fuair muin-
tir an Evening Mail, go raibh sé ní b'óige 'ná mar bhí sé 'san
tráth ar chuir an Piarasach a chlódh ar tarraint an ath-uair.
'Sé an chosamhlacht atá air annso é bheith láidir reamhar
beathuighthe & is dócha go mb'amhlaidh dhó nuair a rinne sé na
hamhráin is fearr d'á ndearna sé 'san am a raibh sé — ní hé
is ionráidhte dhúinn “i mborradh agus i mbláth na hóige,” acht —
ina fhear mhór iomlán ag siubhal Gharumna & Leitreach Maoláin
& Leitreach Caladh, ag déanamh tighthe & ag tuiriosgaidheacht, &


L. x


é “ag gabhail bhéarsaí & ag deachtughadh ceóil” le linn na
ngnó sin a bheith ar bun aige.



Ní ceart dúinn dearmad do dhéanamh ar Phádraig Mac
Piarais ins an trácht so. Támaid buidheach de faoi'n
sgríbhinn Bhéarla bhronn sé orainn le haghaidh an leabhair bhig
seo — 'sa gClaidheamh Soluis is eadh is túisge bhí sé faoi chló,
acht chuir an Piarasach athrughadh beag thall & i bhfus ann faoi
n-ar gcomhair-ne. Is beag í ar spéis 'san mBéarla, ní mó
is maith linn é chur os comhair muintire Chúige Chonnacht an
dream a mbadh ceart dóibh gan acht an Ghaedhilg a léigheadh
& a labhairt. Acht, faraor! “is fada an raon atá romhainn.”
Caithfidh beagán Béarla bheith i ngach leabhar go fóil go dtí
go dtiocfaidh le haos óg na hÉireann leabhar Gaedhilge
d'fhosgailt gan cheist ná buaidhreadh ar bith a bheith ortha
faoi é bheith ar fad in-a “dteangaidh mhín mhilis mháthardha
féin.”



Go méaduighe an leabhar so labhairt agus léigheadh na Gaedhilge
i sean-Olnecmacht, i gcúige Oiliolla & Mheidhbhe, is é ar
nguidhe-ne.



S. L.



Aibreán, 1904


L. xi


RÉAMHRÁDH
AN CRAOIBHÍN AOIBHINN.



Is mór an t-athrughadh tháinig ar Éirinn nuair is féidir
linn dánta Chuilm De Bhailís do thabhairt amach. Níor shaoil
Colm féin, ná aon duine eile i n-Éirinn, cúig no sé de
bhliadhantaibh ó shoin, go mbeith cáil ná trácht go deó arís ar
a chuid abhrán. Acht tá an tír seo ag siúbhal go tapa le
tamall, & an rud Gallda a mbíodh meas air, an uair sin,
ní'l suim ar bith ann anois. Agus, ar an taoibh eile, an
rud Gaedhealach do bhí an t-am sin fá dhroch-mheas & fá
tharcuisne, súd é anois fá onóir & fá urraim é.



Ni h-é gur fíor-bhinn ná gur fíor-chliste filidheacht
Chuilm, acht gur fíor-Ghaedhealach é! Is dóigh gurab é Colm
an file deireannach gan Béarla, bhéas againn i gConnach-
taibh, & ar an ádhbhar sin ní maith linn leigean d'á chuid
abhrán bheith caillte. Béidh filidhe eile ag na Gaedhil le
congnamh Dé i gConnachtaibh fós, filidhe a bhéas i bhfad níos
binne & níos bríoghmhaire 'ná Colm, acht má tá, is chuig Colm
féin rachaidh siad ag fóghluim. Óir is aige-sean atá gach
leagan cainte budh dhual do Ghaedheal ó nádúir. Níor
milleadh eisean riamh le sgoil “náisiúnta.” Ní raibh an
teanga Ghallda, na smuaínte Gallda, ná páipéaraidhe
nuaidheachta na nGall agus na nGall-Ghaedheal, ag rith tré n-a
chloigionn, & ag buaidhreadh a inchinne nuair chuir sé na
h-abhráin seo le chéile . Agus is fiú iad do shábháil ó'n mbás,
insan chéad áit mar gheall ar an gcaint mhaith Ghaedhilge
atá ionnta, insan dara h-áit mar gheall ar gach focal &
leagan cainte d'á bhfuil ionnta nach bhfuil le fághail i n-aon
áit eile, & insan tríomhadh áit, mar chomhartha onóra do'n
tsean-ghaisgidheach féin.


L. xii


Ní féidir Cholm De Bhailís do chur i gcómórtas leis an
Reachtabhrach; tá sé greannamhail go maith, acht ní'l an bhrígh
chéadna ann, agus ní'l an binneas céadna aige. Acht do bhí na
Gaedhil go láidir i n-Éirinn nuair bhí an Reachtabhrach beó.
Thar mar tá siad anois; & bhí lucht éisteachta le fághail ag
an Reachtabhrach ins gach aon áit i gConnachtaibh; & ó bhíodh sé
ag síor-shiubhal agus ag dul isteach 's amach ameasg gach uile
shóirt daoine, do leathnuigheadh a chuid eólais agus a chuid
smuaínte go mór, agus ní raibh sé ariamh caol-radharcach. Ní
raibh na buntáistidhe seo ag Colm, acht fuair sé ádhbhar a
chuid abhrán as a bhaile féin & ó na daoinibh do bhí thimchioll
air. Níor bhain sé, acht i n-aon chás amháin, ádhbhar a chuid
abhrán as an síor-chogadh idir Gaedheal & Gall, ná as stáid
na tíre, ná as an troid idir an Riaghaltas & na daoinibh, mar
do bhain an Reachtabhrach iad. Acht, mar adubhairt mé, na
filidhe thiucfas 'na dhiaidh i gConnachtaibh, béidh mórán aca le
fóghluim uaidh-sean.



Ní ceart an roimh-rádh gearr so do chríochnughadh gan focal
buideachais do thabhairt do Phádraig Ó Domhnalláin do sgríobh
síos na h-abhráin seo ó bhéal Chuilm féin, go lán-tsaothrach
agus go dícheallach. Is dóigh go dtiucfaidh maith as an leabhairín
seo, & as an méad grinn atá ann — cia dheunfas dearmad
go bráth ar “Abhrán an tae?” — &, má thagann, béidh
Connradh na Gaedhilge lán-tsásta fá go dtug siad amach é.



AN CRAOIBHÍN AOIBHINN.


L. xiii


COLM DE BHAILÍS



Cia hé Colm De Bhailís? Sin ceist air nach bhfuighthidhe
freagra a thabhairt tá roinnt bliadhan ó shoin, taobh amuigh
de'n dúthaigh arb as é féin. Ní mar sin dúinn anois. Chuir
an saoghal Gaedhealach, go raibh maith ag Pádraig Mac Piarais
& ag daoinibh nach é, aithne & eolus ar a ainm & ar a cháil ó
shoin. Tá fhios againn gurab é an t-éan-duine amháin beó
as Connamara é a bhfuil ainm file air ina dhúthaigh féin.



File tuaithe atá ann. D'á bharr sin, duine ar bith ar
gnáthach leis filidheacht a léigheadh, ní ceart ná cóir dó bheith
ró-chruaidh nó ró-dhocht ar ar n-amhránaidhe bocht atá anois
os cionn céad & seacht mbliadhna d'aois. Ní raibh sé riamh
ar sgoil filidheachta. Ní'l ann acht tuathtach bocht a rugadh
ina fhilidh. Nach 'in é an rud adeirtear 'sa Laidin ? Ní'l
ó'n bhfilidh acht é bhreith. Ní féidir a leithéid d'oileamhaint
.i. ní fhéadfaidhe go deó file dhéanamh de dhuine le múnadh
amháin.



Is iomdha sin modh ar a ngabhann Colm ceól. Bíonn sé
grádhmhar geanamhail mín múinte macánta caoin cneasta
ag moladh ban. Acht ní mar sin dó agus é ag cáineadh nó ag
aoradh a namhad. Gearrann sé le géar-chaint iad gan taise
gan trócaire. Ní fhéadfadh aor ar bith bheith ní budh géire
'ná na haoir a rinne sé ar Bhairtlín Ó Cúnnaigh & ar Phádraic
Ó Muireáin.



Ní gan greann atá sé acht an oiread. Cá bhfuil an té
adéarfadh nach raibh greann aige i ndiaidh “An Bhó fuair
Cáll” a léigheadh? Deir sé leis an mboin :



“ní shásóchadh féar an fhoghmhair thú, a shompla shalach, fuair tú cáll!”



'Sé an freagra gheibh sé uaithi go dtáinig sí ó bhruidhin Chnuic
Meádha, áit i raibh sí le dhá mhíle bliadhain faoi dhraoidheacht,


L. xiv


&, ó chinn ar na sídheógaibh í dhéanamh slán, go mb'éigean dóibh
í sheoladh go Cúirt an tSrutháin Bhuidhe “ag ídiughadh gort &
gráinne bárr.” Ní shásuigheann sin Colm agus leanann sé dhi go
dtí “gur spalp sí mionnaí móra gur'b é Feóras a sheól
a'ainn í.” Ní'l ceachtar aca go holc faoi dheagh-chaint a
chaitheamh le chéile.



Deirtear gurab é an ceann is fearr a rinne sé “Cúirt
an tSrutháin Bhuidhe.” Is deas an t-amhrán é, ar ndóigh.
Gheobhfar cúnntas éigin ar ádhbhar an amhráin seo i ndeireadh
an leabhair seo faoi'n teideal “Ádhbhar gach amhráin.” Má's
fíor an sgéal so, is mór go deimhin an mheabhair chinn a bhí
aige an uair sin & a rádh go ndearna sé amhrán chomh breagh
leis as ádhbhar a bhí chomh suarach sin! Acht go deimhin féin,
is do-chreidthe an rud é. Seo mar a sgríobh Éamonn Fóir-
néir De hAlbha i “gCeltia,” i nDeireadh Foghmhair, 1902 (ní
fearr dúinn rud a dhéanfamais de 'ná a chuid cainte
sgríobhadh gan ghiorrughadh ar bith):



“Ba ghearr gur casadh dream mór daoine dhúinn ag teacht ó'n Aifreann.
Do ghlaoidh fear aca amach agus dubhairt m'ainm féin & chraith mo dhá láimh &
chuir fáilte romham. 'Sé Diarmaid O Maoilsheachlainn do bhí ann. 'Sé an
fear go bhfuil gach uile amhrán & dán aige do chum Colm De Bhailís riamh.
Fuair mé 'Amhrán an Tae' & 'Cúirt an tSrutháin Bhuidhe' uaidh tá dhá
bhliadhain ó shoin. Dubhairt sé liom gur cailleadh bean an Bhailísigh ó shoin,
& go bhfuil an sean-fhile anois i dTigh na mBocht i n-Uachtar-Árd. Céad &
sé bhliadhain d'aois atá ag an seanfhile úd, agus gan árus aige acht teach na
mbocht! Saor & tógbhálaidhe b'eadh é 'na aimsir féin. Thóg sé botháinín
do féin agus d'á mhnaoi nuair phós sé í, & 'sé 'Cúirt an tSrutháin Bhuidhe' a
thug sé mar ainm air.”



Cuir 'na cheann so go bhfuil “Cúirt an tSrutháin Bhuidhe”
gan aimhreas ar bith mar ainm ar theach Chuilm 'san amhrán
úd ar thráchtamar air tá tamall ó shoin ann .i. “An Bhó fuair
Cáll,” & céard is inmheasta dhúinn? B'fhéidir gur mar so
atá an sgéal: Bhí “Cúirt an tSrutháin Bhuidhe” cheana aige
mar ainm ar a theach féin, acht níor smaoin sé riamh ar é mholadh
go dtí go raibh sé ar fasgadh faoi'n mbráicín i n-aice an
tsrutháin bhig. Rud eile, tá fhios againn anois gur'b é


L. xv


Micheál Ó Clochartaigh, comhursa Chuilm (nó a “bhráthair,”
mar deir sé féin), a chum na trí ceathramhna dheiridh de .i.
XII., XIII., & XIV. Go deimhin & go dearbhtha, níor bh'fhiú
le Mac Uí Chlochartaigh an “Chúirt” a mholadh chomh deas sin,
muna mbeadh ann acht bráicín beag suarach. Is beag an
chiall do bheadh le “maoin Tuirgeis,” dá mbeadh i ndán, &
nach raibh 'sa gCúirt acht bráicín.



Pé ar bith ádhbhar a bhí le “Cúirt an tSrutháin Bhuidhe,” an
teach úr a rinne Colm le linn a bhainse nó an bráicín bocht
a chuir sé os a chionn le bheith ar fasgadh, is cosmhail gur
beag duine nach molfadh é go mór, le feabhas na cainte &
na smaointe ata ann. Deir sé:



“'Te théigheanns an ród is ghéilleanns dó
'San am a mbíonn sí i gcaoi,
Lá nó dhó níor mhór liom dó
Go ndearcadh í go grinn;”



& deir sé freisin gur mar so a cuireadh le chéile í : —



“Siúntaí míne ar chaidíníbh,
'S gan orlach ar bith cám —
Tá'n Bhictória ríoghan i bhfeirg faoi,
Mar moladh léi an bárr.”



Agus mar sin dó. Ní raibh sé sásta leis an moladh thug
sé féin di, acht d'iarr sé ar mhuintir an tighe spás a thabhairt
d'á “bhráthair,” Mac Uí Chlochartaigh, ar chor go bhfuigheadh sí
tuilleadh molta!



'Sé an t-amhrán is mó mhol an Craoibhín Aoibhinn “Amhrán
an Téi,” &, go deimhin, b'fhiú dhó é mholadh. Tá dúil mhór ag
an bhfear 'san tobac & ní thig leis déanamh dh'á uireasbhaidh.
Is mar sin do'n mhnaoi i dtaoibh an téi. Ní ghéillfidh
ceachtar aca do'n duine eile, agus cé go n-abrann an bheirt
aca go bhfuil grádh mór aca d'á gclainn, ní chuireann sin
stad leis an gcaint. Cuireann an fear an dlighe ar an


L. xvi


mnaoi, cailltear an t-airgead, & 'sé an rud is déidheanaighe
deir Colm :



“acht ceapaim gur cailleadh na páistí.”



Bhí gean mór ag Colm ar Bhrighid Ní Fhlaithbheartaigh, cailín
óg a chomhnuigh ar éan-bhaile leis. Bhí an gean chomh mór sin
aige go ndearna sé dhá amhrán di. 'Sé an ceann is fearr
aca, b'fhéidir, “Brighdín,” acht tá “Brighid Ní Fhlaithbheartaigh”
go han-mhaith freisin.



Ní ceart dúinn “A Cholann, Cuimhnigh ar do Chríoch” ar
fad a luadh leis. B'fhéidir go ndearna sé dhá rann de uaidh
féin, acht maidir leis na rannaibh eile, ní'l ionnta acht
rainn chrábhaidh a bhí de ghlan-mheabhair aige ó bhéal-oideas na
ndaoine.



Is fíor-mhaith an t-amhrán é “An Loch i nGarrdha Fataí.”
'Sé an t-amhrán is doimhne ciall é d'á ndearna sé riamh.
Is beag an t-ádhbhar a bhí leis, dar leis féin. Chonnaic sé
“Loch uisge i ngarrdha ag déanamh puill isteach i bpoll mór
fataí.” Leigeann sé air go raibh sídheóg ag baint leis an
loch & déanann sé fáithsgéal deas de'n ádhbhar sin. Cér
bh'é an “bráthair maith de thogha na tíre” bhí aige? Is
ionann é sin agus Gaedhealtacht na hÉireann. Agus cia hí an
“tsídheóg mhalluighthe, inghean draoidheadóra?” Ní'l innti
acht spiorad na Galldachta .i. aigne na nGall a tháinig
anall as Sasana. 'Sé an leithsgéal atá ag an sídheóig gur
dhíbir na Lochlannaigh ar siubhal í, agus go mb'éigean di theacht
go hÉirinn, agus go mb'fheairrde an tír seo í, mar nach raibh
innti acht “garrdha sléibhe nach bhféadfadh fás,” agus go mb'
ise is túisge threabh agus d'fhuirsigh í. Fiafruigheann Colm di:



“Cé chuir fios ort ná bhí 'got' éiliughadh?”



& fuagrann sé cogadh uirthi.



Freagrann sise dhó nach bhfuil aon mhaith dhó i “gcúrsaíbh
cogaidh” agus “comhacht ó'n Turcach agus ó Rí na Gréige” le
fághail aici uair ar bith badh mhaith lé féin é. 'Sé freagra
Chuilm uirthi go bhfuil comhacht “Mhic na Sgéithe” & a aingil


L. xvii


bheannuighthe níos treise 'ná sin. Cuireann sin fearg is
faitcheas uirthi :



“Ghlac sí fearg agus faitcheas géar romham;
Chuir sí sgréach aisti 's dhúisigh a clánn,
'Tugaidh bhur n-airm libh, tá tóir ghéar orainn
Annso, má fhéadann siad ár gcur chun báis;
Shíl mé tamall nach raibh sé i n-Éirinn
Aon fhear adéarfadh gur bh'é fhéin ab' fheárr,
'S i n-aimsir Chromuil gur mé rinne réidhteach
Idir Ghaedhil & Clanna Gháll.'”



Deir Colm annsin go bhfuil a “dáta istigh anois 'sa
tsaoghal so,” & “gur bocht an sgéal dó í fhágáil ann.”



Is cinnte gurab é an cineál amhráin é seo amhrán fáidh-
eamhail nó fáistineach. Ní le goirid a rinne Colm é, acht tá
gach aon rud ag tuitim amach ins an tír seo go díreach mar
tá sé thíos aige. Cá bhfuil an té adéarfadh nach bhfuil an
tsídhheóg úd na Galldachta ag cur sgréiche aisti anois & ag
dúiseacht a clainne?



File ó dhúthchas, file do réir nádúire, atá i gColm; file
thráchtas ar ghnóthaíbh beaga tuaithe a chonnaic sé os comhair
a shúl. Tá brígh & beodhacht & binneas ina chuid ceoil - i
mórán de ar chuma ar bith. Is baoghalach gur cailleadh
mórán d'á ndearna sé — badh dheacair dó cuimhniughadh ar
gach uile amhrán d'á ndearna sé riamh, & é tuitthe i n-aois
anois.



Seo rann beag a rinne sé ag cáineadh Inis-Meadhoin.
Ins “An gClaidheamh Soluis,” 28 Márta, 1903, is tuisge bhí
sé faoi chló: —



INIS MEADHOIN.



Bhí Colm de Bhailís, an file, i n-Árainn uair, agus níor thaithnigh leis an
fiúntas a caitheadh leis ann. Tá le rádh go dtáinig fearg air i dteach
áirithe, agus gur dhubhairt sé an rann so le duine éigin eile 'n-a dhiaidh sin:
“Inis Meadhoin,
Inis gan 'rán,
Inis gann gortach;
Mara dtiubhraidh tú leath 'rán
An lá ghabhas tú ann,
Béidh tú an lá sin 'do throsgadh.”


L. xviii


Seo sgéilín faoi n-a ghreann (féach “An C. S.,” M.
Foghmhair, 1903). Nár bh'abartha an freagra thug sé ar an
mnaoi?



GREANN CHUILM DE BHAILÍS.



Tá daoine ann & deir siad nár dhubhairt Colm De Bhailís focal
greannmhar ariamh. Go deimhin, tá cuid aca agus déaraidís nach file 'chor ar
bith é, acht bíodh sin mar atá. Éistigidh leis seo:



Bhí sé ag obair i Ros Muc aon gheimhreadh amháin, agus bhí an aimsir an-fhuar
amach 's amach, mar bhí sé ag cur sheaca go trom. Aon mhaidin amháin, bhí
Colm ag déanamh rud eicínt ar an taobh amuigh de theach áirithe agus
shiubhail bean thart. Labhair sí, agus seo iad na focla adubhairt sí: “tá
gob ort indiu, a Chuilm,” mar bhí a shrón dubh-ghorm leis an bhfuacht.



“Maiseadh, ní iongantas mór é sin,” d'fhreagair Colm. “Ar ndó', ní
fhaca tú Colm ariamh gan gob air.”



UACHTAR ÁRD.



Níor leig Colm do dhuine ar bith droch-mheas do chaitheamh
air féin ná ar a chuid filidheachta. Is féidir an méid
sin a thuigsint as an aor deannachtach dian a rinne sé ar
“Pádraic Ó Muireáin.” Ní baoghal nár leig “Muireán”
dó uaidh sin amach. Is ar éigin d'fhéadfadh sé sin tabhairt
faoi é cháineadh arís i ndiaidh a bhfuair sé uaidh.



'Séard dob' aistighe i dtaoibh Chuilm De Bhailís, an dream
daoine ar chomhnuigh sé 'na measg agus d'fhoghluim a chuid
amhrán uaidh, gur dhearmadar é ar fad agus é beo beithidheach!
B'fhéidir gur'b é rud a mheasadar go bhfuair sé bás. Pé aca
é, cé go raibh a chuid amhrán de ghlan-mheabhair ag a lán i
gConnamara, agus go mbítí ag innsint sgéalta faoi le hais na
teineadh fhad is bhí seisean i dTeach na mBocht i n-Uachtar Árd,
& trácht air i bhfad ó n-a bhaile féin i n-áiteachaibh nach raibh
sé riamh ionnta, ní raibh fhios ag duine aca go raibh sé 'na
chomhnaidhe i mbaile mór d'á gceanntar féin!



Is beag atá le cur síos againn ar an saoghal a chaith sé i
n-Éirinn, acht dá laighead é, tá súil againn go léighfidh ar
léightheoirí é go fonnmhar.



Rugadh Colm De Bhailís i Leitir Maoláin (mar sin
deirtear é) an dara lá de Bhealtaine, 1796. Sábhóir &
saor cloch do b'eadh é. D' fhágaibh sé a bhaile dhúthchais & é


L. xix


'n-a fhear óg, agus shiubhail sé mór-chuid d'Éirinn. Chuala sé
an Reachtabhrach uair ag bheidhleadóireacht ar an mBóthar
Mór i nGaillimh. “Fear garbh” b'eadh an Reachtabhrach,
adeir sé. Chaith sé bliadhain i gCathair na Mart, & as sin
chuaidh sé go dtí Tulach Mhór i gConndae an Ríogh. Ó Thulaigh
Mhóir chuaidh sé go Cill Ruis i gConndae an Chláir, mar ar
chaith sé aon bhliadhain déag d'á shaoghal. D'fhágaibh sé Cill
Ruis 'sa deireadh agus chuaidh sé a-bhaile. Phós sé fá dhó, & bhí
aon mhac amháin aige. Cailleadh an mac i n-aois a bhliadhna
is fiche nó mar sin. Cailleadh a dhara bean timcheall trí
bliadhna ó shoin, & b'éigean do Cholm a dhul isteach i dTeach
na mBocht i n-Uachtar Árd. D'fhan sé annsin gur bailigheadh
beagán airgid ar a shon ó léightheóiríbh an Chlaidhimh. Tá sé
anois 'n-a chomhnaidhe i dteach duine muinnteardha leis i
n-Uachtar Árd, & é chomh láidir, do réir cosmhalacht', le
Sasanach. Sin a bhfuil le n-innseacht mar gheall ar a
shaoghal.


L. xx


Colum Wallace.
(From “An Claidheamh Soluis,” August 8th, 1903.)


L. xxi


“Cuirfimid an choróin ar Bhónapáirt”


L. xxii



L. xxiii


“Tá an chúirt seo déanta i lár na tíre, 's moltar léi an bárr,
Ó theach an ríogh, ó bhaile an draoi, & ó 'ch uile chaisleán árd; —
Ní le draoidheacht a rinneadh í, acht le obair stuamdha lámh —
Craoibhín grinn de'n Ghobán Saor, — tá Colum i n-a ceann.” *


L. xxiv


“An tú Jupiter bhí fad ó ann, nó Hercules, bhí ceannusach,
nó Neptune, Dia na fairrge, tháínic ó'n muir féín?”



“Tráthnóna Dia Sathairn ag dul faoi do'n ghréin,
Seadh chonnaic mé lánamhain i ngarrdha leó féin, —
Bhí an bhean is í go caithiseach ag cainnt ar an tae,
'S níor mhaith leis an bhfear í bheith 'trácht air!”



“Táim cinnte gur cailleadh na páistí!”



Pádraic Mac Piarais.


L. xxv


MÉADARACHT NA N-AMHRÁN



Amhrán
An mhéadaracht atá ar fághail ins na hamhránaibh seo, is iomdha sin caoi
ar cleachtadh í. Tá gach uile chineál di ar taithighe ag lucht amhrán do
dhéanamh faoi láthair i n-Éirinn. Ní hannamh gheibhthear an cineál so i
n-amhránaibh na gConnachtach: —



— (An Ceannaidhe, II).



Tá méadaracht “Phádraic Ó Muireáin” i gcosamhlacht go mór leis, acht
tá athrughadh beag ann, mar so, cuir i gcás:—



— (I.).



Seo cineál eile nach annamh i n-amhránaibh Chonnacht:—



— (An Bás, II., IV.).



An chéad tsiolla atá ann, is minic ar lár é, & ní misde é bheith amhlaidh
ar uairibh.



Tá spéis ag muintir Chonnacht 'san tomhas so freisin:—



— (An Loch i nGarrdha Fataí, I.)



Seo eisiompláir eile atá coitcheann go maith aca:—



(An Gréasaidhe, III.)



Is deacair “An Bhó fuair Call” a chur faoi riaghlachaibh méadarachta,*
mar is í an úsáid bhaineas muintir leithe Chuinn as an gcineál so & é 'na
mhiosúr sgaoilte aca ina dtoilltear fad beag, gearrfhad maith & fad
mór — beagnach gach aon fhad! Acht dá dtugthaoi faoi, b'fhéidir go mbeadh sé
rud beag cosmhail leis seo:—



(VII.)



*Cá hiongnadh sin? 'Sé dubhairt Colm féin leis an gcneamhaire bó so:
“Deagh-riaghlacha níor ghéill tú dhóibh!”


L. xxvi


Ní doiligh dhúinn méadaracht “Cúirt an tSrutháin Bhuidhe” d'fhághail.
Tá sé simplidhe go maith: —



— (I.).



Is mar sin d' “Amhrán an Téi” freisin:—



Ceapamaid go dtuigfidh ár léightheoirí gach méadaracht eile as na
heisiompláiríbh seo. Tugaidís féin faoi na hamhránaibh eile ar an gcuma
chéadna & ní chinnfidh ortha na cineáil atá ionnta d'fhionnachtain.



Tuigidís fós gur'b éigean “ú” do dhéanamh d' “ó” go minic, do réir
chanamhna deiscirt Chonnacht. Seo sompla maith air agus é litrighthe díreach
mar deirtear é:—



Ní dhéarthainn leat tada dá ligtá do Núra,
Geárrchail' ar fiúntach a daoiní's a dreám:
Bhí sí sách measúil, ní ra' sí 'na húinsigh,
Mar bhí mná na gCúnnach i bhfus & tháll.
Maidir le seanachas, 's don' é le dúiseacht,
'S má chloisim díos mú bhoit, nú 'n fhocal amháin,
Díbreód thar Dhaingean thú héin is do chúram,
Mar' laghduí sin m'úmás do Nansaí Cháit Sheáin.



— (An Ceannaidhe, V.).



Le congnamh beag a thabhairt do'n léightheóir is coitcheannta tá ann, tá
“dream,” “cinn,” “trom,” “druim” & a leithéidí sínte againn, mar atá,
“dreám,” “cínn,” “tróm” (= trúm), “druím,” &rl., nuair is é is cor
do na foclaibh seo iad a bheith i gcomhfhuaim.



DÁN.



Ní'l acht fíor-bheagán de Dhán ins an leabhar so, corr-rann de, mar
déarfá. Cá hiongnadh é sin, & a rádh, an méid dáin atá i mbéal na
ndaoine 'san am atá i láthair, gur ó'n tsean-tsaoghal a tháinig sé? Ní
dócha gur cumadh aon Dán imeasg na ndaoine le trí chéad bliadhain (cumadh
mórán de le déidheanaighe ó thosuigh an Connradh ag obair).



Tá beagán de'n Dán Díreach féin againn, mar atá, dhá rann. Tá rann
aca (“A Cholann, Cuimhnigh ar do Chríoch,” X.) i Sean-deibhidhe, tomhas i nach
mbíodh acht aon amus amháin i lár an chomhaid (thall = dam?). Seo mar
do léighfidhe anois é do réir bríghe an ghotha:—



Ins an tsean-aimsir is cosmhail gur mar so adeirthí é:—
(fó cheathair).



Ní'l sin ar fághail anois ann acht ins an treas líne, .i. ins an gcéad
leith de'n chomhad.


L. xxvii


Bhéarfamaid anuas anois an rann céadna & gach éileamh de comharthuighthe,
an uaim i gcinn-litreachaibh:—



Is mithid Dam Dul a nonn —
Deacair Dam gan lón romham —
Misde dham do Mhair i bfos;
Is truagh nach Thall do Threabhas.



B'fhéidir go raibh rann VI. ar l. 16 i Rannaigheacht Mhóir i dtosach, acht
ní'l ina chomhad anois acht Ógláchas. Is mar sin ar fad do'n II sa rann &
do'n V.eadh rann de'n dán chéadna, mar is dóigh gur ag aithris ar Rannaigh-
eacht mhóir a ceapadh iad.



Tá rann a II. de na ceithre rannaibh atá i dtús an leabhair seo (l. iii)
'na sompla ar Ógláchas ar aithris na Rannaigheachta móire freisin:—



Tá'n Ghaedhilge 'g éirghe 'Rís i Réim,
Tá meas ag Téacht ar ar gcláinn;
Tá siad ag troid le buille béim;
Is gearr go mbéidh lucht Béarla Gánn.



CUMASG DÁIN & AMHRÁIN



Gheibhthear trí somplaí ar chumasg ins na Ceithre Rannaibh do luaidheamar
romhainn (l. iii.). 'Sí an mhéadaracht chéadna atá 'sna rannaibh I. &
III.:—



Seo é an t-imtheacht atá faoi rann a IV. ar an leathanach céadna:—



Is deacair méadaracht do mhíniughadh do lucht Gaedhilge na haimsire seo
i nGaedhilg. Na focail bhaineas léi ní'l siad ar fághail aca anois. Ní
mór dóibh iad d'fhoghluim & iad a bheith aca de ghlan-mheabhair gan mhoill.



Ní mór dhúinn ar ndícheall do dhéanamh chuige, & ár sean-ndícheall, mar
is fada an t-aisdear atá orainn sul bheimid i n-ann caint ar mhéadaracht
a chur dhínn & a thuigsint i nGaedhilg mar táthar i mBéarla agus, do réir mar
rinneamar gach a bhfuil déanta againn, féadfamaid an mhéadaracht
fhoghluim. Ní féidir linn cúram na foghluma soin a chur dhínn, &, dá bhíthin
sin, déanaimis í fhoghluim.


L. xxix


AMHRÁIN CHUILM DE BHAILÍS.


L. xxx


Dar a bhfuil dhe bhric 's dhe bhréantaibh
Ar thóin Loch' Bhréachmhuighe,
'S dar a bhfuil dhe ghréibhlíbh
Ins an bhFrainnc,
Cíos ná béasa
Cha rabh me 'dréim leis —
Fuair me réim mhór,
'Gus chuaidh se liom.”



— Amhrán ó'n Midhe.


L. 1


EIBHLÍN NÍ FHLAITHBHEARTAIGH



I.



D'éirigh mé ar maidin lae,
Th'réis mé féin a choisrigean,
Dubhairt mé beagán paidreacha
Bhí orduighthe dam ó'n gcléir;
Tharraing mé mo chathaoir liom;
'San áit is fearr a thaithnigh liom;
Rug mé ar leabhar an tseanchais
Is thosuigh mé 'gá léigheadh;
Chuartuigheas 'ch uile bhunadh ann
Anuas ó na deich n-aithreachaibh —
Níor bhac mé le sliocht Protastún;
Níor bhain siad do mo sgéal;
Anois tá'n t-ughdar ceart agam
Ó bhíobla an Athar Ó Mainnidhin
Ar Eibhlín bháin Ní Fhlaithbheartaigh,
Togha gach uile chraobh.



II.



Ní le bród as cuid nó as maoin
Nó as foclaibh móra gaisge an tsaoghail —
Ní dóibh sin a thug sí gnaoi;
Ní hiad bhí ag rith 'na ceánn —
Acht lean sí an bóthar a bhí ag Brighid
Thug deagh-eólus dí 'na croidhe;
Ríoghacht na glóire shaothruigh sí
Le cungnamh Rí na nGrás,
Is milse a póg 'ná beóir, 'ná fíon;
Is binne a glór 'ná ceólta sídhe;
Is geall le siúcra craithte ar ím,
'Nuair dhéanas sí an t-'rán.


L. 2


Is aoibhinn do'n té gheobhfas í —
Tá sé saor ó chogadh choidh'e,
'S 'na tímcheall tá siad boicht an tsaoghail
D'á gcothughadh 'ch uile lá.



III.



Dá mbeadh sí i n-imhne bheith 'na mnaoi
'San am ar thosuigh sgrios na Traoi,
Ní thiocfadh cogadh, sgrios ná bruighean,
'S ní bheadh a leitheidí ánn.
Ní fhéadfadh Bhénus í chur faoi dhraoidheacht
Ná Páris bheith 'na mháighistir dlighe,
Lé Eibhlín bhán a thabhairt do bhríb
Dóibh idir a dá láimh,
Mar bhí, Iúnó socair mín;
Shuidh Diána le n-a taoibh.
Bhí Deianíra i bhfeirg faoi
Nach í féin a fuair an bárr;
Tógadh Eibhlín os a gcíonn
I gcataoir óir i bpálás ríogh;
Fuair sí buadha thar mhnáibh an tsaoghail.
'S tá'n réim aici go bráth.



AN CEANNAIDHE.



I.



Ní raibh tú 'do cheannaidhe gur ionnsuigh tú Cúig' Uladh
Is cipíní cúipéaracht' a'ad in do láimh,
Uairleacháin 's iteán is dorn de na crúibíníbh,
Íochtar sean-chiumhsóige anuas ar do bhrághaid,


L. 3


Ceirtlín bheag eile d'fhan d'fhuighleach na n-úghmacha,
Cloigne sean-spúnóga 's earraí gan áird; —
Gur atais i gcolainn ar theallaigh na cómhursan,
Dhearg do shúile lé a bhfuair tú de cháll.



II.



Thriall tú ar an mbaile nuair thainic an foghmhar,
Ag fagháil greim ó na cómhursnaibh i bhfus & tháll;
Casadh an sagart ag teach pobail Thuama dhuit
Agus shaoil sé gur púca nó taidhbhse bhí ánn;
Chuir sé trí cheist i n-ainm an deamhain ort,
“Cé'n t-achar a shiubhail tú nó cé hiad do dhreám?”
“Is ainm 's is sloinneadh dham Bairtlín Ó Cúnnaigh;
Ag súil le do chúngnamh-sa thainic mé ánn.”



III.



“A leicinn lom chaithte chómh tanaidhe le péatar;
A pheictiúir do chéadhlacan, a dhearbhráthair do'n bhás;
A chuim chuit ar anshógh a mb'ainm dó géar-cháll,
Nó a bhriongláin de ghéagán a thuitfeadh de chránn;
A chúil mhíolaigh charraigh, a rud shramaigh gan léargus;
A shompla de chréatúir a tógadh le cáll,
A cuireadh i dtalamh ithte ag na péistibh
Gur athchuir Mac Dé thú, 'do spiorad le fán.”



IV.



Déarfaidh mé tuilleadh, ó's agam tá'n t-ughdar,
Agus tiubhrad díbh comhairle a thuigfeas a lán,
Leigint de raiméis nó caint ar na cómhursnaibh, —
Sgéal nach bhfuil fiúntach, 'sé tháirngeas mí-ghreánn.
Is suarach an seanchas Bairtlín Ó Cúnnaigh,
Fear tá 'tabhairt cúil mhóir le fada do'n ádh,
A bhfuil a chroidhe lobhtha ag spioraid na drúise,
Déanadh sé cúnntas nó íocadh sé ánn.


L. 4


V.



Ní dhéarfainn leat tada dá leigteá do Nóra,
Gearr-chaile ar fiúntach a daoine's a dreám;
Bhí sí sáthach measamhail, ní raibh sí 'na hóinsigh,
Mar bhí mná na gCúnnach i bhfus & tháll.
Maidir le seanchas, is dona é le dúiseacht,
'S má chloisim níos mó uait, nó aon fhocal amháin,
Díbreoghad thar Dhaingean thú féin is do chúram,
Mara laigheaduighe sin m'ómós do Nansaí Cháit Sheagháin



AMHRÁN AN TÉI.



I.



Tráthnóna Dia Sathairn ag dul faoi do'n ghréin,
'Seadh chonnaic mé lánamhain i ngarrdha leó féin;
Bhí an bhean 's í go caithiseach ag caint ar an téi,
'S níor mhaith leis an bhfear í bheith 'trácht air.



II.
An Fear.



“Maise, bíonn tusa i gcómhnuidhe 'cur síos ar an téi,
'S an lá bhíos sé agad, ní fheicthear a'ad é;
Imthigh leat 's fagh tobac dam ar mhaithe leat féin,
Nó roinnfidh mé leat feac na láighe!”



III.
An Bhean.



“Cia an tslighe atá a'am-sa? Cá bhfuighinn-se dhuit é,
Acht ag ceangal dá chirc a raibh ubh aca aréir?
Rud a thóg tú faoi Nodlaig, níor íoc tú fós é,
'S tá an méad so sáthach gann ag na páistíbh.”


L. 5


IV.
An Fear.



“Tá mise d'á cheapadh gur suarach an tslighe
Bheith ag obair dhuit-se gan tada d'á chíonn;
Dá dtiginn isteach ag aon fhear 'sa tír,
Gheobhfainn tobac uaidh 's roinnt pháidhe.”



V.
An Bhean.



“'Sé a n-iarrfá de obair i gcaitheamh do shaoghail
Ag caitheamh tobac is d'á leigean le gaoith:
Taisbeán anois cá bhfuil do mhaith nó do mhaoin
'S nach siamsamhail do lón do na páistíbh?”



VI.
An Fear.



“Dá dtéidhinn go Gaillimh nó soir go hÁth Cínn,
Anonn go Cinn Mhara nó 'mach go Tráigh Lí,
Casfaidhe i dteach mé seachtmhain nó mí
Go saothruighinn luach drár & báinín.”



VII.
An Bhean.



“Maise, d'imthigh tú cheana is thainic tú arís;
Ní fhacamar agad c'róin, sgilling ná pighinn;
Luigh tú ar do leabaidh 's do thaobhanna tínn,
'S an slaghdán go domhain in do chnámhaibh.”



VIII.
An Fear.



“Stop do bhéal feasta, a amaid de shraoill!
Nó buailfidh mé buille ort a bhrisfeas do dhruím!
Ag cogadh 's ag achrann do chaithis do shaoghal;
Bhí an faisiún sin céadna ag do mháthair.”


L. 6


IX.
An Bhean.



“Má tá mise im' amaid, 's go bhfuilim im' sraoill, —
Léine ar mo chroiceann chomh dubh leis an daol, —
Dhíol mé a raibh agam go n-íocfainn an cíos,
Agus sin é d'fhág folamh mo lámha.”



X.
An Fear



“Rud adubhairt mé leat cheana, adeirim leat é,
Mara n-éistidh tú feasda le glórthaibh mo bhéil,
Mara stopaidh tú anois agus leigean de'n téi,
Is geárr a bheas teach a'ad ná árus!”



XI.
An Bhean.



“Tá mé le fada ag coinneáil an tighe,
'S ní cóir go bhfeicfeá mo dheoch ná mo ghreím;
Mara n-ólfainn ar maidin lán sgilléid dá phighinn,
Ní bheadh braon ins an gcích ag an bpáiste!”



XII.



Chuaidh sé go Gaillimh go réidhead le fear dlighe;
Ní bhfuigheadh sé bheith 'caint leis gan leath-ghiní buidhe;
“Bí agam 'sa Spidéal ar maidin Dia'rdaoin;
Táim cinnte go réidteó' mé an cás sin.”



XIII.



Bhí an lánamhain 'sa Spidéal ar maidin an lae,
Agus dheamhan blas a rinneadh acht a gcur ar an réidh;
Ní dearnadh de'n bheirt sin acht magadh 's bith-éigheamh,
Acht ceapaim gur cailleadh na páistí.


L. 7


BHRIGHDÍN



I.



A Bhrighdín, mo bheannacht go bráth dhuit,
Is tú inghean na lánamhan tá fial;
Táim cinnte nach stopfadh do lámha,
Dhá roinnteá ar na táintibh do bhiadh;
Is aoibhinn do'n té 'bhfuil tú i ndán dó;
Is tú réidhteóchas gach gábhadh le ciall:
Nar bhainidh éagcóir ná éan-ghalra gránna
Gan Rí geal na nGrás le n-a riar.



II.



Tá sgéal as na pláinéid, 'sé chreidim,
Faoi'n óig-bhean is deise fearr méin;
Tá an Franncach 's an Spáinneach sáthach crosta,
Mara mbídh' siad i bhfeileamhaint dh'á réir;
Gach náisiún ag téisglim chun cogaidh,
Deir siad nach nglacfaidh siad reidh;
Tá'n bhruinneal chomh breagh is chomh socair.
Nach bhfágfaidh sí amach a ríoghacht féin.



III.



Léigh mé arís ar Mhac Uisnigh,
Ar Dhéirdre bhí ag rith faoi n-a sgéith,
Ar Bhénus bhí ag dul seal le Bhulcan,
Agus sháruigh sí uile g' iad ar sgéimh;
'An óig-bhean is deise faoi 'n ngréin;
Is mór tá Bhictória i bhfeirg
Nár moladh i dtosach í féin.



IV.



Le linn coiste mór fhághail ó'n mBáinríoghain,
Go leor ag fághail bháis d'easbhaidh réir,
Agus tuilleadh 'cur stuam' ar an ngánntan,
'Seadh d'fhosgail sí a lámha ar ghrádh Dé;


L. 8


Ní raibh sí acht ag oileamhaint na ngrásta
D'á bunadh 's d'á dtáinig 'na déidh;
Is rígh-mhór an sólás í i bpárrthas,
Tá lóistín i ndán di gan phéin.



NA FATAÍ.
I.



A chómhursanna, creididh an sgéal tá mé 'ínnseacht díbh:
Lá chuaidh mé ag obair ar theastuigh mo shaothrughadh uaim;
Tháinig mé i dteach a raibh cáil mhaith ag daoinibh air,
Is sul d'fhág mé amach é, ar mh'anam gur tínn a bhíos.
'S óró, ó.



II.



Bhí beatha chomh fairsing is chonnaic mé i dtír ar bith —
Seacht n-oiread is d'ithimís d'fhanadh sé d'fhuighleach uainn;
Acht bhí muca is madraí 'sna sráideannaibh sínte aici,
Is mná & páistí gan tógáil a gcínn ionnta.
'S óró, ó.



III.



Bhí na buachaillí aimsire cantalach claoidhte lag,
Ag súil leis an am a n-athróchadh an dlighe ortha;
Ní rabhamar chomh caillte, 'nuair is gainne bhí an saoghal
orainn;
Is béidh mé lán-tsásta, má sháruighim an oidhche 'nocht.
'S óró, ó.



IV.



Annsin do labhair Pádhraic go fáidheamhail 's go críonna deas,
“Ithidh bhur sáith de na fataíbh breagha gaoithe sin;
Má's iad na sábhóirí 'mbeadh roinnt cás ag daoinibh dhóibh,
Dheamhan greim níos feárr 'ná iad thiubhras mé choídhche dhóibh.”
'S óró ó.


L. 9


V.



Muis! dhá mbeadh póitire fuisge ann 'mbeadh iomarca
fiachaibh air,
Nach bhfuigheadh cáirde ó aon dhuine 's go dtiubharfaidhe droch-
dhíolaidhe air;
Tagadh sé isteach i n-am a mbeadh an biadh ar bun;
Fághadh sé trí fhata aca, bheadh meisge na bliadhna dhe.
'S óró, ó.



VI.



Nó duine bocht folamh 'mbeadh ceannach go síorraidhe air,
Muirighin lag, is go mbadh deacair dó riar do fhághail;
Fághadh sé trí clocha dhíobh, bhainfeadh sé an bhliadhain asta,
Is sul a bheadh a leath ithte, chuirfeadh sé an fiabhras de.
'S óró, ó.



VII.



Muise! mara'dh gur cheapas nach mbeadh sé sáthach fiúntach
a'am
Caint ar sórt beatha ar bith d'fheicinn ag cómharsannaíbh,
Ó thug mé an t-anam a-bhaile Dia Dómhnaigh liom,
Ní bhéidh mé aríst aca, fágaim le hudhachta sin.
'S óró, ó



AN SEANDUINE CAM.



I.



Bhí aithne 'gam is eólas ar shean-fhear sáthach dóigheamhail —
'Sé an áit a raibh a chómhnuidhe thíor ins an ngleánn —
Bhí sé i ndeis mhóir ann, bhí eallach go leór aige,
Airgead is ór buidhe, is é ag cur 'na cheánn;
Rinne sé cómhairle, bean óg a phósadh,
Go gcoinneóchadh sé a chúrsaí seacht n-uaire níos feárr,
Maidin is tráthnóna bhí fearg agus gruaim uirthi
Faoi eochair an trúnc, is ní raibh sí 'ghá fághail.


L. 10


II.
An Bhean.



“Ba suarach an tslighe dhuit tú bhualadh faoi mhnaoi ar bith,
'S a fhios a'ad go rígh-mhaith nach dtiubhradh dhuit grádh!
Nuair nach mór í mo ghnaoi ort, nár fhágha tú do shaoghal é
Go bhfanfa mé taoibh leat, a sheanduine cháim!”



III.
An Fear.



“Nach dtug mé go leór dhuit, airgead is ór buidhe,
Báid bheaga 'gus báid mhóra, capall agus cárr;
Le n-ithe do dhóthain, beatha mhaith i gcómhnuidhe,
Togha leabadh clúmhaigh 's cead codladh go sáimh?
Sin is 'ch aon tsórt eile a gcuirfeá-sa spórt ann
Go fiú an pharasóil le tabhairt leat in do láimh;
Capall maith nó póiní le cur fút i gcómhnuidhe
'Dul 'un Aifrinn Dia Dómhnaigh, má thogróchá dhul ánn!



IV.
An Bhean.



“Dhá dtugthá an mór-shaoghal le n-ithe 's le n-ól dam,
Saidhbhreas Rí Sheoirse, badh mhór é le rádh,
Loingeas faoi sheoltaibh is cóistí ar bhóithribh,
Is b'fhearr liom fear óg 'ná thú, a sheanduine cháim.”



V.
An Fear.



“Nuair nach nglacfa tú cómhairle, téirigh dh'á thóruidheacht,
Cuir ort do bhróga, do chlóca ar do bhrághaid;
Bí ar na cros-bhóithribh tidheacht an tráthnóna;
Tá seans ar fhear óg a'ad, má bhíonn tú i bhfad ánn.
Nuair thiocfas an oidhche 's nach bhfuighe tú aon dídean,
Tosócha tú ag caoineadh 's gan aon mhaith dhuit ánn;
Thiubhrainn an Bíobla annsin le glan-fhírinn
Go mb'fhearr leat bheith 'ríst ag do sheanduine chám!”


L. 11


VI.
An Bhean



“Is suarach an nídh dham mo shamhail dhe mhnaoi bheith
Ag caitheamh mo shaoghail leat gan súgradh ná greánn,
'S a fhairsneacht 's tá'n saoghal a'am ó Ghaillimh go Luímneach,
'S a liachtaighe sin Muímhneach i gConndae an Chláir;
Nó dhá bhfághainn dídean timcheall na Saoirsinn,
D'fhéadfainn an geímhreadh a chaitheamh go sáimh;
Shásóchadh sé m'íntinn 's ní bheadh tuirse croidhe orm
Ag fanamhaint taoibh leat, a sheanduine cháim!”



VIII.
An Fear.



“Dá mbeitheá chomh críonna 's badh cheart do bhean tighe bheith,
'S tú d'fhéadfadh an geímhreadh a chaitheamh go sáimh,
Olann na gcaorach, 's go n-íocfadh sé an cíos dúinn,
'S an méad eile dhéanfaimís, é bheith faoi n-ar láimh;
Ní mar sin a bhí tú, acht lán de dhroch-smaointibh —
Is iomdha sórt íntinn a thigeanns do mhnáibh;
Acht tá mé rígh-chínnte, dá mbeitheá sáthach caoidheamhail,
Nach n-amhdóchá choidhche go raibh tú 'ghá fhághail.”



PÁDHRAIC Ó MUIREÁIN,



I.



A Mhuireáin na mannt a chuaidh ag caint gan aon réasún,
Ag fosgailt do bhéil gan fios goidé 'n fáth;
B'fhearr dhuit do mhála agad ag iarraidh na déirce
'Ná ag ollmhachan sgléipe istigh ins an áit.
'Séard thú murdaróir fealladóir, gealladóir bréagach —
Is feasach an saoghal gur'b í sin do cháil:
Chroch tú fear cheana le neart mionna éithigh —
Ní cungnamh maith d' Éirinn thusa bheith ánn.


L. 12


II.



A Mhuireáin na bréige, na lachan 's na ngéadha,
Gach aon nídh d 'ár fhéad tú, na caoirigh 's na huain!
Nach tú bhí gan chéill is tú dhul im' éadan,
'S gan fhios a'ad nach léighfinn duit fios go cé thú!
Ní fhéadair é shéanadh, nuair d'athchuir an t-éag thú;
Níor bh'fhiú leis thú éiliughadh, ó chaill tú do chliú,
Mar shiubhail tú thré Éire, 's do mhátháir i n-éinfheacht,
Ag iarraidh na déirce 's do mhála ar do mhúin.



III.



'Nois, a shean-Mhuireáin, bí thusa 'fághail réidh;
Tá an t-athair ag téisglim ag tidheacht faoi do chómhair,
'Na chith theine ghioláin aniar as do bhéal
Agus le do dhroch-bhéasaibh 'seadh dhamain sé thú.
Is cosamhail le frog thú, do bholg ag pléasgadh,
Ag lapáil 's ag éigheamh thar locháin anúnn.
Tá 'n t-áirleacan caithte agad is deireadh na bréige
'S is gairid, a chréatúir, go gcloisfidh tú an siubhal.



IV.



Go deimhin, a Mhuireáin, dá n-íocfá na fiacha,
'S iomdha áit a mbeadh riar beag eile le fághail,
Seachas próis agus fiche 'tidheacht anoir is aniar ort —
Nach ort bhí an riabhach nuair rinne tú báid?
Níor thug tú a chuid mine do'n té bhí 'ghá hiarraidh;
Ar ndóigh, ní riarfadh céad eile bean Mháis,
Ná Séamus Ó Catháin ó'r ghoid tú poll síolta, —
Tá beatha na bliadhna so agad dh'á bhárr.



V.



Chualas dh'á aithris ag duine de'n áit seo —
Bhí sé chomh lághach is nach n-innseoghadh sé bréag —
Go raibh laogh ag Páidín Phaidí 'r bhuail aicíd is pláigh é,
Míola 'gus sneáidh gur cuireadh uaidh éag,


L. 13


Gur seoladh amach é go dtí coigthighis do'n Márta
Chuaidh sé dh'á bháthadh, 's níor thóigeadar é:
Casadh do Mhuireán é, chuir sé 'na mhála é —
Ba gheall le fos sláinte d'á ithe aca é!



VI.



Annsin do labhair Sorcha, “A shean-bhacaigh Chúig' Uladh
Tharraing an cúrsa le sinn chur 'un báis.”
“Stop, a dhiabhail caillighe, tú féin a chuir dúil ann;
Ba dheacair é chumhdach ort féin is do chlánn.”
Bhí Sorcha 's an tlúdh aici, Muireán 's an súist' aige;
Annsin bhí an rúsgadh go raibh sé 'na lá!
Acht an fear bhí 'na sheasa; ag barr Crompáin na Múimíní,
'Sé thiubhradh an cúnntas cé aca ab' fheárr.



VII.



“Stop!” arsa Muireán, “is déanfamuid réidhteach;
Tara liom fhéin go dtéighmid ar cuairt.”
“A Chúig' Uladh bhacaigh, ní shiubhalfad go héag leat,
Mar tá tú níos bréine 'ná fata bheadh fuar!”
Thosuigh an t-achrann annsin dí (= ní) ba thréine;
Bhí arm ag 'ch aon-duine 's buille de'n tlúdh.
Cé 'n gar atá damh-sa cur síos ar a dtréithre;
Mallacht Shíl Éabha dhóibh uaidh seo go buan!



AN GRÉASAIDHE,



I.



Is suarach an tslighe dhamh-sa, do bhuachaillín óg fiúntach,
Ag dul faoi mhórán cúram 's an bhliadhain ag tidheacht
ro-dhaor,
Gréasaidhe bheith 'n mo sheómra, nach gcuirfeadh mo chomhachta
ar siubhal é;
Is olc an cungnamh damh-sa é, níor íoc sé fós mo chíos;


L. 14


Fuair mé beagán cúnntais as Albain 's as Lúnndain
Gur i mBaile Átha Cliath gan chúntabhairt tá an Phárlai-
meint le suidhe;
Béidh páidhe mhaith ar dtús a'ainn agus beatha gan aon chúnntas,
Proctóirí 'dul ar gcúl agus deachmhaidh gan aon phighinn.



II.



An mhuinntir a cheap damh-sa gréasaidhe bheith 'n mo sheómra,
Rinne mise a gcómhairle 's níor íoc sin fós mo chíos;
Maidin is tráthnóna fearg agus gruamdhacht
Ar Shiubhán 's í go buadhartha 's gan 'fhios ar bith cé faoi;
Nuair thiocfas ráithe an fhóghmhair díbreócha mé ar siubhal é,
Ceannócha mé roinnt ubhla, builíní 'gus líonn;
Béidh fuisge a'am gan cúnntas, fíon do dhaoiníbh fiúntach',
Spás go haimsir cnúdáin is íocfar 'ch uile phighinn!



III.



Acht a bhfágha mé 'steach an méid sin, ceannócha Siubhán éadach,
Lásaí, síodaí, céimbric, muislíní bheas daor,
Bróga de'n ór Gréagach, falluing mar an gcéadna
I mbéidh ribíní go féar in-a gcnotaíbh léithi síos,
Piléirín bheas déanta a mbéidh cosamhlacht gach éin ann,
Peictiúr Rí na Gréige 's a arm ar gach taoibh;
Béidh mór-uaisle na hÉireann ar cuireadh aicí 's ar féasta —
Sin de bhárr mo ghréasaidhe 's nach feárr 'ná cíos an tighe?



AN BHRUINNEAL DEAS.
I.



Éistigidh feasta go mínighe mé an cás so dhíbh,
Go bhfaca mé an bhruinneal ba dheise 'gus b'áilne gnaoi,
Ar dhubhairt Naoise mac Uisnigh go mb'fhearr leis í fhághail
mar mhnaoi
'Ná Bhénus, 'ná Helen lé'r cailleadh páirt mhór de'n Traoi.


L. 15


II.



Ní'l pamhsae dhá dheise i bpeictiúr i bpáipéar thíos,
Ná pamhsae dhá dheire d'ar socruigheadh i bpálás ríogh,
Ná seoid ar bith eile, 's ní thiocfaidh go bráth aríst
Chomh breagh leis an ainnir; ag saothrughadh na ngrás tá sí.



III.



Tá an sonas ar talamh 's gach bealach a ngabhann sí thríd,
'S tigeann bród ar an ngealaigh nuair chloiseas sí glór a
cínn.
Ní'l aon fhear agaibh-se cheapfadh go bhfuigheadh sé saoghal
Nár bh'fhearr dhó fuar folamh í 'ná bean is chúig céad d'ór
buidhe.



IV.



Léigh mise cheana ar sgata de mhnáibh breagha an tsaoghail
A dtug gaisgidhigh gean dóibh 's nach raibh leath chomh breagh
le Brighid.
Tá ceól binn na bhflaitheas ag teacht ann gach lá os a cíonn,
'S í gan peacadh ag na hainglibh, 's faoi shólás an cheóil bhreagh
bhínn.



A CHOLANN, CUIMHNIGH AR DO CRÍOCH.



I.



A Mhuire croidhe na míorbhailte,
A mháthair gach fíoránaigh,
A bhán-eala fhíonn-uasal,
Féach & fóir ar m'anam bocht.



II.



Tar, is bí romham 'sa bport;
Ná léig-se m'anam bocht thart;
Ní fhéadaim gan géilleadh dhuit;
Rígh-mhór m'eagla roimh do Mhac.


L. 16


III.



A Íosa chuireas brígh 'sa tSácraiméid,
A sgaoileas na mílte bhí lán de phéin,
Léig braon in mo chroidhe de do ghrástaibh féin
A sgaoilfeas gach claon-pheacadh dh'á ndeárna mé.



IV.



A Íosa mhilis, agus a Bhainríoghan na hÓighe,
Is libh a dhéanfas mé mo chasaoid, óir is agaibh tá m'fhóirthint,
Ná léig mé i bpeacaíbh, acht cuir mé ar an eólus,
Léig mo chroidhe i n-aithrighe go silidh mé deóra.



V.



Léig anuas deóra troma;
Leis an gcodladh ná déan tnúth;
Ar maidin ná bí id' bhalbhán;
Is dóigh gur beó an marbhán thú.



VI.



A cholann, cuimhnigh ar do chríoch;
Ná codail i bhfíoch ná i bhfeirg;
Fuar an t-éadach rachas leat,
Is do chneas leis an gcré dheirg.



VII.



Tabhair aire dod' Athair do cheannuigh 'gus d'fhualaing an Pháis;
Tabhair aire do'n Aifreann ar eagla an Luain, lá bráth'!
Nó, dar brígh mo bharamhail! caithfir seal i nguais nó i ngábh';
Íocfaidh t'anam do bhearta 's do cholann 'na cuailín cnámh!



VIII.



A Íosa mhilis, is a Bhainríoghan na glaine cumhartha,
Seachain mé ar na piantaibh tá i gciantaibh dorcha dúnta;
Is iomdha coire ag fiuchadh, is anam duine dh'á bhrúghadh ann;
A Dhia 's a Mhuire, ná leigidh mise i gcúntabhairt.


L. 17


IX.



Tiomnuighim m'anam ar maidin do'n Rí glórmhar,
Is do'n mhaighdin bheannuighthe, an bhanaltra shítheólta,
Do Mhícheál aingeal, teachtaire an Fhíor-chómhachtaigh,
Acht a Chríost, tabhair m'anam go Cathair na Tríonóide.



X.



Is mithid dam dul anonn —
Deacair dam gan lón romham —
Misde dham do mhair i bhfos;
Is truagh nach thall do threabhas.



XI.



Acht is tú m' athair, 'gus is tú m' oide,
Is tú an Mac a rugadh i stábla Bhethlem;
Ní fiú mise fó mo bhruidhin go dtiocfá,
Acht, a Athair, go mbudh slán mé as ucht thú fheiceáil.



AN BÁS.



I.



D'fhág mé lá an baile amach is chuaidh mé ar oileán fairrge;
Tháinig mé i dteach geanamhail — ba bhréag dham 'athrughadh
rádh.
Ba socair céillidhe aigeanta an beag 's an mór d'ár
casadh liom;
Bhí múnadh ar fhear is bhean aca nach bhfaca mé ar a lán.
Gach uile nídh d'ár thaithnigh liom gan gársamhlacht, gan
grabaireacht,
Gan focal ar bith arannta, acht a ndéanaimís de ghreánn.
Dhá gcaithinn ráithe an earraigh ann, chómhairfinn nach mbéinn
seachtmhain ann,
Acht 's ann a cóirigheadh leaba dham ag cómhrádh leis an
mbás!


L. 18


II.



Labhair sé liom go colgach, acht chuir mé ceist go fearamhail
air:
D'fhiafruigheas de cé'n t-ainm é, nó'n cé'n taobh ó 'mb'as é,
“An tú Iupiter bhí fad ó ann, nó Hercules bhí ceannusach,
Nó Neptún, dia na fairrge, tháinic ó'n muir féin?
An tú an Dearg Mór; nó Airicín, mac Anncair na long as
Rath-Mhullach,
A shaoil sin Éire thabhairt leis ó b'fhurusta buille béim;
Nó Talc mac Treóin 'raibh air ceann cuit nár stop gur dhóirt
sé cuid mhór fuil;
Nó Goll mac Móirne a chlaoidh é sin — ní saor a bhí sé féin?”



III.



“Ní mé Iupiter bhí fad ó ann, ná Hercules bhí ceannusach
Ná Neptún, dia na fairrge, tháinic ó'n muir féin,
Acht is mé an bás atá faoi ghiúin, a bhí dí (= ní) b'fhearr ná
iad uile g';
Tá mé ag cómhrádh leat-sa anocht, agus béidh tú a'am dam
féin.”



IV.



Nuair labhair sé liom chomh feargach sin, láimhsigh mise m'arm
air,
Shaoil mé theacht chomh fada leis, acht ní bhfuair mé agam é.
D'árduigh mé mo chlaidheamh liom 'na dhiaidh ar fud na ngarr-
antaí;
Ní bréag nach láidir acfuinneach bhí'a rith agus a léim.
“Éist agus léig m'anam liom, tiubhra mé mo gheallamhaint
dhuit:—
Má 's fada geárr a mhairfeas mé, ní thiocfad faoi do
dhéint;
Dá mbeitheá amuigh i nGleann Catha agam, ní bheitheá leath
chomh ceannusach,
Is ann atá mo dhream go tiugh a sheasfadh dam cóir phléidhe.”


L. 19


V.



Sgannruigh beithidhigh 'gus mná an chnuic, nuair chualadar é
ag gáiridhe gol;
Ní bhfuair sé aon áit i dteach ar bith, acht d'imthigh sé as a
chéill.
Thíos i mBearna tá sé anois, le cráidhteachán i mbothán bocht,
Gan mórán fághaltais ann ná deis, acht clúid aca dhóibh
féin!
Tá fir na h-áite ar gárda amuigh, roimh an gcúpla is gráinne
ar bith,
D'á bhfacas riamh tháll nó 'bhfus nó ceárd ar bith faoi'n
ngréin.
Beannacht dhíbh & gabhaigidh an bheirt, ceanglaidh iad do chúpla
cloch,
Sgaoilidh siar iad leis an tsruth, 's ná tagadh siad go
héag!



AN LOCH I NGARRDHA FATAÍ.



I.



Bhí bráthair maith agam de thogha na tíre,
Sgoth na ndaoine ó Éabh análl;
Ba gheall le bainis bheith ar feadh an gheímhridh aige;
Níor chuir sé suím air, a gcaithfeá ánn.
Ghabh sídheóg mhalluighthe dhó, inghean draoidheadóra
Fuair na fuighligh 's ní raibh sí sáthach;
Chuaidh 'cartadh an gharrdha air, mar bheadh gadaidhe caorach —
Acht a bhfuighe mé greím uirthi, ní bheidh sí slán!



II.



“A shídheóg bhradach, cuirim mallacht Dé ort;
Nach bocht an sgéal dam thú fhágáil ánn,
Nó aon chraobh ded' bhunadh a bheith i n-Éirinn,
Pé ar bith réagún a mb'as do dhreám?”


L. 20


“I n-aimsir Lochlannach do thidheacht go hÉirinn
D'fhéad mé éalódh uatha ins an snámh,
'S nár ghann an cothughadh dham th'réis an méid sin
An garrdha sléibhe nach bhféadfadh fás?”



III.



“Cé chuir fios ort ná bhí 'got' éiliughadh?
Ní cómhursain d'aon duine síos leis ánn.
Bhí acra pis curtha agam as a chéile;
Mhill tú an méid sin agus leag tú an fál.
Bhí tobar uisge déanta istigh i n'éadan;
D'ól tú i n-éinfheacht é d'aon deoch amháin.
Fuagraim cogadh 'nois le claidheamh géar ort,
Nó imthigh féarálta is fág an áit.”



IV.



“Cúrsaí cogaidh má's é tá tú 'éiliughadh,
B'fhearr duit réidhteach a ghlacadh i n-ám;
Tá comhacht ó'n Turcach 's ó Rí na Gréige,
Is chuirfinn sgéala aca thidheacht análl.
Béidh míle Protastún i n-aghaidh gach Gaedhil a'am,
'S nach beag an réasún 'tá istigh 'n do cheánn,
'S an cabhlach Sasanach ag gárdáil Éireann,
'S go dtógfadh sé i n-éinfheacht aon oidhche amháin!”



V.



“A shompla shalach ghránna, stop do bhéal feasta;
Ní'l aon ghéilleadh agam d'á bhfuil tú 'rádh:
Cúrsaí Protastún a chur ag pléidhe
Le Clannaibh Gaedhil, ní'l aon mhaith dhóibh ánn:
A bhfuil i Sasana dh'á dtreibh 'sna réagúin,
'S a gcur fré chéile ar aon chnoc amháin,
Leagfadh aingeal beannuighthe, 's gan a dhéanadh acht sméid-
eadh,
Agus Mac na Sgéithe lé aon bhuille amháin!”


L. 21


VI.



Ghlac sí fearg & faitcheas géar rómham;
Chuir sí sgréach aisti 's dhúisigh a clánn:
“Tugaidh bhur n-airm libh, tá tóir ghéar orainn
Annso, má fhéadann siad ár gcur chun báis;
Shíl mé tamall nach raibh sé i n-Éirinn
Aon fhear adéarfadh gur bh'é fhéin ab'fheárr,
'S i n-aimsir Chromuil gur mé rinne réidhteach
Idir Ghaedhil agus Clanna Gáll.”



VII.



“Tá do dháta istigh anois 'sa tsaoghal so.
Nach iomdha créatúir fuair beagán cáill,
Sheas go cneasta 's nár mhill rud ar éinne
'Bhfuil cead aige Éire shiubhal gan cháin?
Níor bh'é sin duit-se; bhí do shúil le 'ch aon rud
A ghoid, dá bhféadfá, thú féin 's do chlánn;
'S gur i lár mo gharrdha tá uain thalmhan déanta a'ad,
'S nach bocht an sgéal dam thú fhágáil ánn?”



AN BÓ FUAIR CÁLL.
I.



Colm.



“A chailín a bhuail fúm-sa tráthnóna agus d'ith mo dhrár,
Badh chóir go gcuirfeá cúnntas ag na cómhursnaibh go raibh
tú gánn!
Mara'dh tú a bheith mí-mhúinte, ní bheadh súil agat i bhfus is
tháll!
Ní shásóchadh féar an fhóghmhair thú, a shompla shalach, fuair tú
cáll!
Innis dam cé'r fríoth thú nó cé an taobh a mb'as do dhreám,
Nó, má théighim ag dlighe leat, cuirfead príosúntacht ort,
bliadhain is ráith'!”


L. 22


II.



An Bhó.



“De chineál Chlanna Baoisgne mé, agus thug Fíonn toil mé a
chur chun báis,
Tá mé le dhá mhíle bliadhain anois faoi dhraoidheacht i mbruidhin
Chnuic Meádha.
Bhuail seilg im' chroidhe mé, chínn ortha mé dhéanamh slán,
Gur sheóladar do'n tír seo mé ag ídiughadh gort is gráinne
bárr;
Ag Cúirt an tSrutháin Bhuidhe, dubhairt an síogaidhe, dá
mbéinn mí ánn,
Gur'b í thógfadh aríst mé, má bhí sí leath chomh maith 's bhí a
cáil.”



III.



Colm.



“Dá n-imtheóchthá sáthach féarálta, d'fhéadfá fanacht tamall
ánn,
Acht tháinic easbhaidh céille ort, nuair nár fhéad tú dul thar
fhál!
D'aithneóchainn ar chlár t'éadain go raibh léim agat, rith
'gus snámh,
'S gun bh'é neart na mionnaí éithigh d'fhág an t-éalang ort is
liat do cheánn.”



IV.



An Bhó.



“Stop, anois, tagadh ciall duit, ná hiarr de rath, chomhfhad
's bhéas tú beó,
Go gcuirfeá i bpoll criathraigh mé, acht triallfaidh mé go
hIorrus Mór.
Is mé an bhean a bhí ag Aindriú Díolún; bhí fiachaibh orm ag
Domhnall Phóil;
Dhíol sé i gCondae Chiarraidhe mé, 's níor iarr sé orm acht
punt nó dhó.”


L. 23


V.



Colm.



“Má dhíol sé i gCondae Chiarraidhe thú, 's nár iarr sé ort
acht punt nó dhó,
B'fheárr leis i dTír Riabhaich thú, 's gan iarraidh ort theacht ar
ais go deó,
Mar bhí tú gortach díoghbhálach, 's deagh-riaghlacha níor ghéill
tú dhóibh.
Ná raibh poll ná portach iadhta romhat, dóigh fhiacal ort is
domblas mór!”



VI.



Chriothnuigh sí faoi dhó annsin, tháinig glór dhi, 's níor thuig
mé í,
Gur spalp sí mionnaí móra gur'b é Feóras a sheól
a'ainn í —
'Sé b'ainm dhó Dia na Feóchan bhí 'ghá dtreórughadh le bheith
'fóghluim dlighe;
Thlig sé i mBaile an Ródhba í, 's le neart cómhairleacha níor
crochadh í.



VII.



B'fhurus aithinte an chéad uair ar a héadan gur bh'ain-
spioraid í,
A bhí 'sna Fraoiméasons ag déanamh pléiseam ar fud an
tsaoghail,
Nó seal 'na táilliúr aereach a dhéanfadh culaith éadaigh le
'ch uile ghreím,
Bhí fighte fuaighte i n-éinfheacht, 's níor éiligh sí aon fhear
conganta faoi.


L. 24


BRIDHID NÍ FHLAITHBHEARTAIGH.



I.



Trathnóna lae 's mé 'm'aonraic,
Ag siubhal fa ghleanntán sléibhe,
Dearc mé 'n bhruinneal bhéasach
Do b'áille sgéimh is bláth;
A gruag mar an gcaor chaorthainn,
'S a mailí lána caol deas,
A ruisg mar dhrúcht ar fhéar ghlas,
Ar aghaidh gréine maidin bhreágh.
Ní'l fear ar bith dá thréine,
Cheapfadh gur leis féin í,
Nach gcaillfeadh trian d'á réasún,
Mara bhféadfadh sé í fhághail.
Ariamh ní raibh sí claontach
Do pheacaíbh ar bith a dhéanamh.
Tá dóthain Rí na Gréige innti,
Mar chéile dhó go bráth.



II.



Dá mbeadh a hathair sásta
Í leigean uaidh thar sáile,
Is iomdha leómhan d'fhear áluinn
Bheadh ar gárda faoi n-a cómhair.
Samson bhí sé láidir,
Is Hector mac Phríámus.
Bhí Herculés ní b'fheárr 'ná iad;
'Sé shábháil Gile an Óigh:
Nuair a tháinig an phéist ghránna
Do'n Traoi ag tógáil árd-chíos,
Ní claidhmhthí géar' ná beáignit
Do b'fhearr leis faoi n-a chómhair;


L. 25


Throid sé le brígh láimhe,
'S le barr iarainn bhain sé 'n ceánn de.
Tá a roghain ag Bríghid le fághail aca,
'S ní sásta tá sí fós.



III.



Tá Bhalaintín is Árson
'S mac Anncair na long láidir
Ag an Árd-Seighneór i n-áirid
Mí na Beáltaine ar a tús.
Fionn mac Cumhaill i n-áirdeal;
Goll mac Móirne ar gárda;
Cúchulainn 's Aonghus Márgain
Bheas Lá Fheil' Pádraig ar an gcuan.
Tosócha siad ag lámhach
'S ag losgadh le n-a námhaid —
Beidh an Franncach ann 's an Spáinneach,
'S na Meiriocánaigh, ar ndóigh,
Beidh bratachaí a'ainn árduighthe
Agus pé ar bith fear is feárr léi,
Ní buailfear buille mar gheáll uirthi,
Acht a mbeidh ánn a chur ar siubhal.



IV.



Dá maireadh Alas' Ánntruim
Is impire na Fráinnce,
Naipeólon a bheadh cánntlach,
Mara dtáirngeadh sé roinnt sgléip',
Mont-Helen is a ghárdaí
Ag teacht ann le láimh láidir,
Ó chuala seisean trácht uirthi,
Nó go bhfágha sé í dhó féin.
Ba mhór a gceist 'sa bpáipéar,
Cogadh Bhónapáirtidhe,
Nelson, Uuolf is Sáirséal,
Is iad bheith uile g' cruínn;


L. 26


Bhí Feilipín an sáirseant
Ag coinneáil cirt do Mháirtín,
Is sgiobadar an ceánn díobh,
Mar shinneáinín de ghaoith.



CÚIRT AN TSRUTHÁIN BHUIDHE.



COLM CCT.



I.



Is deas an féirín gheobhthá gléasta
Cúirt an tSrutháin Bhuidhe,
Ar thalamh déanta ar dheis na gréine
I bhfosgadh ó 'ch uile ghaoith,
'Bhfuil a gáirdín pléisiúir le n-a taobh
A dhéanfadh óg de'n aois,
'S go bhfuair na táinte bhí gan sláinte
Fóirighint ánn le mí.



II.



'Té théigheanns an ród is ghéilleanns dó
'San am a mbíonn sí i gcaoi,
Lá nó dhó níor mhór liom dó
Go ndearcadh í go grínn.
Tá sé ráidhte ó bhéal an Phápa,
“Triallaidís thart cruínn;
'Sí an fhéis is áirde i n-Éirinn bhláthmhair
Cúirt an tSrutháin Bhuidhe.”



III.



Ar feadh mo shaoghail ní chuirfinn síos
Dá mbéinn 'ghá sgríobh' le peánn,
Ar feabhas an ghníomha rinne an saor
A d'fhág í sin gan cháin:


L. 27


Siúntaí míne ar chaidíníbh,
'S gan orlach ar bith cám —
Tá'n Bhictória ríoghan i bhfeirg faoi,
Mar moladh léi an bárr.



IV.



Nach deas an spóirt, ag teacht do'n fhoghmhar,
Cúirt an tSrutháin Bhuidhe,
Ar shúil an bhóthair ins an tórainn
Idir an dá thír?
Tá'n long sheólta ag teacht le cóir
Le Bainríoghain na Sárdín;
Is tá sí córuighthe is geataí óir léi,
Fuireann díol an ríogh!



V.



Fós ní deárnadh i bhfus ná tháll
Aon chúirt ab'fheárr 'ná í,
Faoi cheann sgláta, urlár mármair,
Gáirdín le n-a taoibh;
Gach pamhsae álainn i gcumhra ag fás ann,
Is mil ar bhárr an fhraoich,
'S go bhfuil caladh trácht ag luing 's ag bád
Ag tidheacht do'n tSruthán Bhuidhe.



VI.



Tá luach na gcéadta istigh fré chéile
I gCúirt an tSrutháin Bhuidhe
De thogha gréithre, fuireann ghréidhí,
Clár cruinn díol an ríogh;
Pianó déanta l'aghaidh na spéir-bhan,
An uair a bhéas siad cruínn;
'S nach mór an chéim d'éin-fhear i n-Éirinn
Í bheith os a chíonn?


L. 28


VII.



'San am ar léigheadh ar fud na réagún
Cúirt an tSrutháin Bhuidhe,
Bhí Rí na Gréige ag iarraidh sgéala
Cé an chaoi a ndearnadh í.
Ní bhfuigheadh sé é níos lugha 'ná céad,
'S go mbíodh sé sásta ar 'íoc,
Mar nach raibh i n-Éirinn ná i n-éin-réagún
Teach ab'fhearr 'ná í!



VIII.



Nach iomdha sin sórt nár chaintigh mé fós air
I gCúirt an tSrutháin Bhuidhe?
Tá néamhainn dóirtthe ann ag déanamh lóchrann
Roimh chabhlach mór an ríogh.
Mearbhall eólais ní baoghlach dóibh —
Tá'n clog ann do ló 'gus d' oidh'e
Ag coinneáil cónntais os a gcomhair,
'S teach soluis le n-a taoibh.



IX.



Nuair a bhíonns gach spéir-bhean gabhtha gléasta
Ag tidheacht do'n tSruthán Bhuidhe,
'Sa ngáirdín sgéimhe bhíonns an pléisiúr,
Nuair a bhíonn siad uile g' cruínn.
Cuireadh sgéala ar fud na hÉireann,
'S gach ceárd de na seacht ríoghacht,
Go raibh fleadh 'gus féasta rompa gléasta
Ag Bainríoghain na Sárdín.



X.



Nuair bhíodar réidh le fleadh 's le féasta,
Tharraing sí orrab draoidheacht,
'Sa gcaoi nach bhféadfadh siad a shéanadh
Nach rabhadar uile g' buidheach.


L. 29


D'fhág sí a réidhteach siúd a'am fhéin;
Mar cheap sí mé bheith grínn;
Fuair gach éinneach áit dó fhéin,
Is leigeadar a sgíth.



XI.



Bhíomar sásta lá ar n-a bhárach,
Mar bhíodar uile g' buidheach,
Mar 's iomdha cás nach maith bheith 'trácht air
Bhíonns ag lánamhain tighe.
Tá mo bhráthair cumhachtach láidir,
Mac Uí Chlochartaigh;
Tabhair dó spás go haimsir áirneáin;
'Sé a chríochnóchas í.



MÍCHEÁL Ó CLOCHARTAIGH CCT.



XII.



Tá an chúirt seo déanta i lár na tíre
Is moltar léi an bárr
Ó theach an ríogh 's ó bhaile an draoi,
'S ó 'ch uile chaisleán árd.
Ní le draoidheacht a rinneadh í
Acht le hobair stuamdha lámh,
'S an brainnse grínn ó'n nGobán Saor,
Bhí Colm i n-a ceánn.



XIII.



Ní mór sin céad i n-aghaidh gach lae
Do Cholm is d'á mhnaoi;
Mar is mór an sgéal nach bhfuighdís é,
'S an fhéile bhí 'na gcroidhe.
Maoin Tuirgéis go gcaithfidhe é
I gCúirt an tSrutháin Bhuidhe,
Dh'á roinnt 'na dhéirc ar bhochta an tsaoghail
Ag Bainríoghain na Sárdín.


L. 30


XIV.



Tá'n lacha ar snámh ann, an broc dh'á bheánn ann,
Fiach dubh i ngleánntaibh fraoich;
Tá turloch báire, cúrsaí rása,
Ag dream atá faoi dhraoidheacht.
Tá 'n Eaglais Ghállda buailte geárrtha
Amach ó theámpall Chríost,
Is beidh Liútar gránda ag súil le párdún
I gCúirt an tSrutháin Bhuidhe!



BAIRTLÍN DHÓMHNAILL



I.



Sgéal tá mé 'aithris i dtír is i dtalamh,
'Ghá innsint do lag is do láidir,
'Ghá chur ag na sagairt, as sin ag na heasbuig —
Iad sin le sgríobh' ag an bPápa,
Sailm na mallacht a léigheadh de'n altóir
Ar aon duine dhéanas coir náireach,
'Sé Bairtlín an gadaidhe is cionntach ar fad leis,
Nuair robáil sé Bhailís gan ádhbhar.



II.



Chuaidh sé lá Sathairn do Cholm 'baint crannóige,
'S 'g dul siar dó ag teach Pheadair Mháirtín,
Bíodar 'ghá dearcadh, 's 'ghá tabhairt sin faoi ndeara —
Cheap siad gur fear bhí i mbád é.
Labhair Micheál Thomáis, 'séard dubhairt sé le Peadar,
“Sílim gur duine é gan náire!
Fágaim ar m'anam nach leigfidh mé 'steach é
Go bhfágha mé sin teastas níos feárr air.”


L. 31


Hárduigheadh an fiadhach roimhe taobh thiar,
Is cuireadh aniar é le fánaidh;
Dubhairt Pádhraic Ó Biadh, “Nár fheicidh sé Dia,
Má leigeann thar Chuigéal go bráth é.”



III.



Labhair Páidín Sheagháin Bhreathnaigh, nuair d'éirigh sé ar
maidin,
Is dubhairt sé le mac Bhairtlín Phádhraic,
“'S olc an rud gadaidhe bheith imeasg daoine cneasta,
Ná tuitim i bpeacadh mar gheáll leis.”
Dubhairt mac ruadh Sheagháin Bhreathnaigh é cheangal do'n
tairsigh,
'S é choinneáil annsin go dtí 'mbárach,
Go dtigeadh muintir an Chamuis, Ros Muc is Gleann Chatha,
'S nach mbeadh 'fhios cé chuirfeadh chun báis é.



IV.



Dubhairt Caitilín Úna, “Is fearr dhíbh é phlúchadh,
Nó a thabhairt ag an gCrúmpán 's é bháthadh;
Breathnuigidh rómhaibh; béidh an costas an-tróm,
'S ní íocfaidh a dhúithche go bráth é.”
Bhí Pait Ó Conghaile amuigh 'faire na hoidhche
Go bhfághadh sé aon amharc amháin air,
Acht tá mé rígh-bhuidheach do Mháirtín Chaitríona
Thug leis an diabhal caoch & bháidh é.



V.



Dá ngéillfeá do'n teagasg a d'órduigh Naomh Peadar,
Ní bheitheá chomh bradach is tá tú:
Rachthá ar an altóir is ghéillfeá do'n tsagart,
Is b'fhéidir go gcuirfeadh Dia 'n t-ádh ort;
Seachas do dhá shúil ag dearcadh, ag faire ar Bhailís,
Is muinntir an bhaile bheith 'trácht ort!
Sgread mhaidne ar an bhfeamainn a ghoid tú ó Bhailís;
'Sé d'fhág “Bairtlín gadaidhe” go bráth ort.


L. 32


Lá chuaidh mé ar Fuaidreadh.



I.



D'imthigh mé ar fuaidreadh lá bhí cineál fuar
Nó go mbaininn cúpla sguab ar an gCaolach;
Bodhruigheadh suas mo chluasa le rud eicínt a bhuail mé,
Gur shíl mé go raibh sluaighte 'mo thímcheall.
Chonnaic mé bean uasal bhí ar an taobh ó thuaidh dhíom
I gcosamhlacht bheith 'gluaiseacht go dtí mé.
Nach mise chruthuigh suarach, nár dhruid mé faoi n-a tuairim,
Go dtugadh sí dham tuairisg cá mbíonn sí?



II.



Bhuail aithmhéala chomh mór mé 's gur imthigh mé ar a tóruidh-
eacht,
Gur thóruigh mé Dúithch' Sheoigeach 's Both Íseal,
Dhá thaoibh Beanna Beola, as sin go Baile an Ródhba,
As sin thré Uarán Mór is go Míon-loch.
Bhí sé 'na thráthnóna sul bhí mé i gCoill an Róistigh,
'S gan fios a'am cá bhfuighinn lóistín na hoidhche!
Ní dhearna mé aon chómhnaidhe go ndeachas go Ceann Bóirne,
Is as sin siar go tórainn Rinne Mhaoile.



III.



Casadh fear ar fóghnamh dham, Aibhistín Ó Tnúthail —
Ba fheileamhnaighe a chómhairle le déanamh:
“Mara bhfágha tú í níos cómhgaraighe, téirigh go Cnoc an Dúin,
Is tiubhraidh siad duit cúnntas cá mbíonn sí.”
Fuair mé bád is iomlacht siar go hInis Músgraidhe.
Is cuireadh go Ceann Gólam aríst mé,
Acht d'innis Uáitéar Cúca, 'gabhail aniar thrí Aill na mBrón
dam,
Gur ag tóruidheacht Bhairtlín Dhómhnaill a bhí sí!


L. 33


IV.



'Séard dubhairt Bairtlín Dhómhnaill nach raibh pioc innti acht
óinseach,
'S í 'tidheacht faoi mo chómhair 'sa tír seo.
Ní thairngeochadh sí cliabh móna, maidin ná tráthnóna,
'S ní thiubhradh sí aon chóngnamh dham choidhche.
B'fhearr liom gearr-chaile óg ,a mbeadh aithne 'gam 's eólus,
Cead agam dul i gcómhrádh le n-a muínntir
Tá seandaoine dh' fhir óga 'sa mbaile seo gan pósadh,
Is measaim gur 'ghá dtóruidheacht a bhí sí.


L. 35


ÁDHBHAR GACH AMHRÁIN



EIBHLÍN NÍ FHLAITHBHEARTAIGH.



Seo amhrán a rinne sé i n-uraidh faoi 'n máighistreás sgoile atá i dTeach
na mBocht i n-Uachtar Árd. Bhí sí cineálta i gcomhnuidhe & thaithnigh sí go
mór leis.



AN CEANNAIDHE.



Bhí Nóra i ngaol do Cholm. Bhí an ceannaidhe, Bairtlín ó Cunnaigh, ina
fhigheadóir. Thosuigh sé ag caitheamh droch-mheasa ar Nóra & ag cúl-chaint
uirthi. Chuala Colm gur dhubhairt Bairtlín caint ghránda léithi & thosuigh
sé air mar atá thuas. Tá an chuid is mó de na foclaibh 'sa gcéad bhéarsa
ag baint le figheadóireacht.



AMHRÁN AN TÉI.



'Sé an fáth bhí ag Colm le h-“Amhrán an Téi” a dhéanamh — bhí sé lá ag
siubhal thiar i nGarumna thar gharrdha 'na raibh fear agus bean ag obair (ba de
Mhuinntir Dhaireáin iad). Bhí argóinteacht eatortha, an bhean ag iarraidh
luach an téi, & an fear ag rádh nach raibh éan-mhaith ann, & ag rádh 'san am
chéadna go raibh tobac i bhfad ní b'fhearr. Chuala Colm iad & budh é sin
ádhbhar “Amhrán an Téi.” Is dóigh gur fearr an t-ainm air an teideal do
sgríobh Eoin Mac Néill ins an Irisleabhar, .i. “Téi agus Tobac,” 'ná “Amhrán
an Téi,” acht is ionndamhail gur b'é an dara ceann a bhíos air ag muinntir
Chonnamara.



BRIGHDÍN.



Rinne Colm an t-amhrán so do Bhrighid Ní Fhlaithbheartaigh. Ba comhursa
dhó í. Deir sé go raibh sí deagh-chroidheach dícheallach dúthrachtach & fial
flaitheamhail & í toilteanach i gcomhnuidhe ar gar a dhéanamh do dhuine.



NA FATAÍ.



'Seard do bhí mar ainm ar na fataíbh seo “na Rattlers.” Bhíodh an sórt
seo mar bhiadh ag na daoinibh tá leith-chéad bliadhain ó shoin nó faoi 'n
tuairim sin. Bhí Colm ag obair i dteach lá & cuireadh na fataí seo síos
le haghaidh an dínnéir. Bhí puill go leor ionnta & pé ar bith duine d'itheadh
beagan aca líontaoi le gaoith é. Is cosmhail go bhfuair Colm forcan
maith aca. Bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh, budh iad-san ba bhun ughdair leis
an amhrán.



AN SEANDUINE CAM.



An t-ádhbhar: Bhí píopa aige, & cos mhaide ann — píopa maide, mar
déarfá — & éan-oidhche amháin d'fhágaibh sé ar an teinnteán é, nuair a bhí sé
ag dul a chodladh. Nuair a d'éirigh sé ar maidin, fuair sé an píopa dóighte
go dtí an ceann. Is dóigh go raibh sé meidhreach go maith an mhaidin
chéadna, mar bhlaoidh sé “An Seanduine Cam” ar an bpíopa, & i n-imtheacht
an lae rinne sé na bhéarsaí.


L. 36


PÁDRAIC Ó MUIREÁIN.



Dubhairt Pádraic Ó Muireáin seo gurab iad cailíní an bhaile a bhí ag
déanamh na n-amhrán do Cholm. Bhí aon mhac amháin ag Colm & chuala sé
Mac Uí Mhuireáin ag gearradh Chuilm síos i n-áit eicínt. Tháinic sé a-bhaile
& labhair sé le n'athair mar seo:—



“Tá tú i bhfad in do thost anois, a shean-Bhailís. Caithfidh tú a bheith ag
corruighe.”



“Cé an fáth, a mhic ó?” arsa Colm.



“Tá tú ithte ó theach & ó árus ag Muireán,” ars' an mac; “dubhairt sé
nach tú bhí ag déanamh na n-amhrán chor a' bith.”



“Bhfuil tú cinnte gurb' é dubhairt é?” arsa Colm.



“Tá mé,” ars' an mac.



“Déanfaidh sin,” arsa Colm; “is gearr go mbídh béal dúnta ag
Muireán.”



AN GRÉASAIDHE.



'Sé an fáth a ndearna sé an ceann so: Bliadhain nó dhó thar éis a phósta
bhí sé an-bhocht agus ní raibh mórán bídh 'sa teach aige. Bhí sé chomh spíonta sin
amach & go raibh an t-ocras 'sa seomra aige, & ghlaoidh sé “An Gréasaidhe”
ar an ocras.



AN BHRUINNEAL DEAS.



Bhí gaol ag Brighid leis féin agus bhí sé ag brath ar í phósadh, acht 'san am
chéadna bhí sé an-bhocht & níor mhaith leis í thabhairt leis annsin. Níor
pósadh 'na dhéidh sin iad.



A CHOLANN, CUIMHNIGH AR DO CHRÍOCH.



Chum sé an t-amhrán crábhaidh seo oidhche amháin & é i dTeach na mBocht
i n-Uachtar Árd & é, dar leis, i mbéal báis & faitchios air nach dtiocfadh
an sagart i n-am. Acht ní ceart a rádh gur chum sé uile go léir é. Deir
sé féin go bhfuil focla annso & annsúd ina chuid amhrán a tarraingeadh as
filidheacht Dhonnchaidh Mhóir uí Dhálaigh agus Sheagháin de hÓr.



AN BÁS.



Rinne sé an t-amhrán so faoi tháilliúr eicínt a bhí i gConnamara fad ó.
Bhíodh “an bás” mar leasainm ar an táilliúr so. Bhí sé ag obair i dteach
aon uair amháin, agus thárla go raibh Colm ann freisin. Tháinig daoine eile
go dtí an teach an oidhche chéadna ag iarraidh aoidheachta & b'éigean do
mhuintir an tighe leaba Chuilm a thabhairt dóibh. Cuireadh Colm a chodladh
i n-éin-leabaidh leis “An mBás” d'á bhárr. Nuair a chuala bean an tighe
an sgéal so, dubhairt sí le Colm go dtiubhradh sí cárt poitín dó acht
amhrán maith a dhéanamh do'n “Bhás” faoi am codlata lá ar n-a bháireach.
Dubhairt Colm go ndéanfadh & ar maidin lá ar n-a bháireach shuidh sé os
comhair “An Bháis” bhoicht agus thosuigh sé air. Fuair sé an poitín, rud nach
iongnadh.



AN LOCH I NGARRDHA FATAÍ.



Ní raibh d'ádhbhar leis, adeir sé féin, acht go bhfaca sé loch ag déanamh
puill isteach, bpoll mór fataí, acht sílim-se gur an-chosmhail é le teacht


L. 37


na Sasanach go hÉire. 'Sé mo thuairim gurb' é an t-amhrán is fearr a
rinne sé riamh é, & go bhfuil doimhneacht & eolas cruinn le tabhairt faoi
deara ann.



AN BHÓ FUAIR CÁLL.



Rinne sé an t-amhrán so faoi bhoin comharsan a d'ith drár flainín leis
a bhí ar tuar agá n-a mhnaoi.



BRIGHID NÍ FHLAITHBHEARTAIGH.



Féach ádhbhar “Bhrighdín” thuas. Do'n duine chéadna rinne sé an ceann so.



CÚIRT AN tSRUTHÁIN BHUIDHE.



Lá amháin, tá dá fhichid bliadhain ó shoin nó mar sin, nuair a bhí Colm i
Leitir Caladh i n-aice Gharumna, tháinig múr báistighe (cioth fearthanna)
air, & le fasgadh a dheanamh dhó féin, bhailigh sé gabháil bhrosna & chuir
treasna os a chionn idir dhá charraig mhóir chloiche iad agus sgrathacha ortha
anuas. Glaoidh sé “Cúirt an tSrutháin Bhuidhe” mar leasainm ar an
mbráicín (bpúirthín) seo, mar gur tharla dhó bheith le hais srutháin. Nach
iongantach an trácht a rinne sé air? An té mhol a leitheid d'áit chomh
mór sin, bhí meabhair chinn thar barr aige.



'Sé Colm a rinne an chuid is mó de'n amhrán, acht deir sé féin gurb' é
Micheál Ó Clochartaigh, duine bhí ar éan-bhaile leis, & nach “raibh go dona”'
chor ar bith, a chum na bhéarsaí XII., XIII. & XIV.



Seo cunntas eile thug Eoghan Ó Neachtain dúinn air, acht is beag nach
é an rud céadna innistear ann: —



“Bhí sé ag obair le lucht déanta tighe agus b'fhada leis a dhul a-bhaile 'un a
bhéileachaí, mar bhí Leitir Caladh trí mhíle ó n-a theach. Rinne sé bráca
beag dhó féin i sgailp idir dhá charraig, chuir sé maidí treasna i n-uachtar
air & d'fholuigh sé iad le sgrathachaíbh. Bhíodh an t-árus sin aige leis an
mbéilidh a théitheamh & le dhul ar fasgadh ann ó mhúr báistighe. Nuair a bhí
an teach so críochnuighthe aige, ghlaoidh se 'Cúirt an tSruthain Bhuidhe' air.”



BAIRTLÍN DHOMHNAILL.



Bhí Bairtlín seo ar éan-bhaile le Colm. Bhí cúpla ualach feamainne
bainte ag Colm & í fágtha ar an tráigh aige, acht tháinig Bairtlín breagh
so oidhche agus d'fhágaibh sé Colm gan feamainn. Sin é an fáth bhí aige leis
an amhrán so dhéanamh.



LÁ CHUAIDH MÉ AR FUAIDREADH.



Leigeann sé air go ndeachaidh sé lá ag baint ádhbhair sguab agus go bhfaca
sé “bean uasal” an amhráin. Is cosmhail gurb' é Bairtlín Dhomhnaill seo
a chonnaic sé an té ghoid an fheamainn roimhe sin uaidh, agus nár mhór leis
buille eile thabhairt dó. Deir sé go raibh “seandaoine dh'fhir óga 'sa
mbaile seo gan pósadh” & gur mheas sé gurb' iad sin a bhí sí 'thóruigheacht,
mar gur shaoil Bairtlín go raibh sé ina óigfhear.



(Pádraic Ó Domhnalláin a thug ádhbhar an “ádhbhair” seo dhúinn. — S. L.)


L. 38


Tagra.



“Dá mbeadh sí suas i n-éifeacht, i n-innbhe bheith 'na céile,
'San am a raibh an Ghréig i gcogadh leis an Traoi,
Bheadh Helen gan aon éiliughadh, 's ní bhuailfidhe buille ar éan-taoibh,
Acht Páris ag teacht chun réidhtigh le Úna dheas Ní Néidh.”


L. 39


“Tiocfaidh an geimhreadh & sgréadfaidh an Márta,
Agus tuitfidh an sneachta go trom fána hárdaibh;
Tiocfaidh éag ar an eallach & feannfaidhear gamhna,
'S a chara mo chléibh, ná bíodh do spéis uile g' ionnta."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services