Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhilg Bharántamhail

Title
An Ghaedhilg Bharántamhail
Author(s)
Ní fios,
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 28, 1903.



AN GHAEDHILG BHARÁNTA-
MHAIL.



Is mór an t-ádhbhar gearáin atá ag muinntir
Chonnartha na Gaedhilge ar fuaid na hÉireann
leis an dá pháipéar nuaidheacht atá againn i
nÁth Cliath — an dá pháipéar a leigheas orra
féin a bheith náisiúnta — fá'n gcleas tuatach
gránna a d'imrigheadar ar cheist na Gaedhilge
an tseachtmhain seo chuaidh thorainn. Labhair
an tAthair Seaghán Ó Raghaillaigh ar cheist na
teangadh, os comhair Craoibhe an Chéitinnigh,
& mhínigh sé céard is ciall le teangaidh
bharántamhail. Is fada fada chaith sé ag cainnt
ar an gceist bhríoghmhair so, & maidin lá ar n-a
bháireach is mó an áird a bhí ag an dá pháipéar
nuaidheacht ar chúrsaidhibh na Sasanach & na
nGearmánach & gach uile-anach eile dá bhfuil
ann ná bhí aca ar chúrsaidhibh na hÉireann, &
ar chúrsaidhibh a teangadh. Is mór an náire é,
is sganalach an sgéal é le n-aithris, gur mó
an tsuim a chuireadar i sgéaltaibh nach
mbaineann leis an tír, & i sgéaltaibh suaracha
amaideacha ná sa gceist ar ar labhair an
tAthair Seaghán, & tá sé air ag lucht na
Gaedhilge labhairt go dána & glamhthar a chur
asta le lucht na bpáipéar sin ar ócáid de'n
tsórt so, nó ní cuirfear aon leigheas ar an
sgéal.



Badh cheart do Chraoibh an Chéitinnigh nó do
Choisde na gClódhann an óráid a chur i gcló
ionnus go mbeadh sí ag an oireachtas le
léigheadh, mar chaith an tAthair Seaghán cainnt
a raibh ciall innti, & cainnt ar a raibh croic-
eann. Níl i gcainnt na ndaoine, adeir sé,
acht, suaraighil le hais cainnte ghlaine na
leabhar, na litridheachta & na hÉireann.
(Cuma éigin mar sin adubhairt sé é.)
“Dá bhrígh sin,” arsa sinn-ne linn féin, “& má's
fíor é, ní féidir le litridheacht uasal ná
litridheacht fhiunntach a bheith againn i gcainnt
na ndaoine amháin.” Dá sgríobhthaidhe leabhra
i mBéarla na mBéarlóirí atá gan sgríobhadh,
gan léigheann, gan oideachas, cá bhfuil an té
a mb'fhiú leis leabhra mar iad sin a léigheadh?
Téirigh go Sasana — tír i n-a bhfuil tabhairt
amach an Bhéarla, & ní fearr ná sin a bhéas an
sgéal agat, acht b'fhéidir níos measa. An
bhfuil an Ghaedhilg blas níos fearr? Tá sí, &
go mór, thar é tá Gaedhilgeóirí ann adéarfadh
seacht sgóir de ranntaibh dhuit ar Oisín is
Pádraig, nó sgéal fiannaidheachta a líonfadh
leabhar mór dhuit, as cos i dtaca, mar déarfá,
& ní chuirimís iad-san i gcomórtas le grifisg
Shasana a labhras laparnacht Béarla i gcoir-
neál de Shasana & laparnacht eile i gcoirneál
eile gan dream aca ag tuigsint an dhreama
eile. Choinnigh an litridheacht sin a lán daoine,
ag a raibh sí annso is annsúd, árd-intinneach
spioradamhail, & dhá gcuirthidhe síos a gcuid
cainnte b'fhada uainn droch-mheas a chaitheamh
uirri.



Acht curtar anga sa gcuid sin de'n chomh-
rádh annsin fá láthair. Tá aon rud amháin le
rádh — & fairíor má tá — níl an seanchaidhthe
againn anois, níl an t-aon duine árd-
aigeantamhail orainn a chumfadh sgéal, mar
cheann de na sgéalta móra breagha sin
“Diarmuid & Gráinne,” & a leithéid. Ní
taobh le bheith níos fearr ná cuid mhór de
phraiseach atá anois againn atá na han-sgéalta
so; ní headh, acht níor b'fhiú dhuit féachaint
thart orra le n-a nais. Agus ní hiongantas
ar bith an méid sin. Ní raibh an t-oideachas
ar an nGaedheal ná ní raibh an tabhairt suas
Gaedhealach ar an nGall-Ghaedheal. An
iongnadh dá dhruim sin, go raibh an Gaedheal
sa lathaigh nuair a bhí an foghluim badh chóir a
bheith air, ar iarraidh, caillte, curtha sa
gcréafóig? Is beag dhá mhilleán ar an
nGaedheal muna bhfuil sgríbhneóirí againn
chomh clisde ar an nGaedhilg & tá muinntir
Shasana ar an mBéarla. Dá mbeadh foghluim
ar an Reachtaire bocht lá, ní chuirfeá Milton
an Bhéarla i gcomórtas leis i bhfilidheacht.



Acht is amach romhainn atá. Séidimís na
builg, & socruightar cora cainnte & focla
na teangan gan na bataí bheith i n-áirde.
Caithfear cainnt na ndaoine a shaothrughadh, &
na leabhra i n-a bhfuil an ghlé-Ghaedhilg a léigh-
eamh, & aire mhaith a thabhairt do'n chainnt a
sgríobhfar. Tiocfaidh an ghlán-Ghaedhilg go
réidh do Ghaedhilgeóir ar an nós so & ar an
nós so amháin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services