Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Sgéalta Thairis

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Sgéalta Thairis
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Sgéalta Thairis



MÓR THAISBEÁNADH CHORCAIGH



Tá cathair Chorcaigh n-a teineadh-bhruidhte ag a
n-ullmhughadh féin fá chomhair na bliadhna so chugainn.
Ní'l píosa ná paiste de theach, ná de shean-bhalla san
áit nach bhfuil siad ar tí stróiceadh anuas, le tighthibh
breagha, móra, aereacha, folláine a thógáil n-a n-áit.
Sin é an rud is mó atá ag goilleadh ar lucht
stiúrtha an Taisbeánadh, nach mbeidh a ndóthain ná a
leath-ndóthain áite aca, agus tá siad ag brath ar áit a
cheannach ar choisneochas ó leath-mhíle go dtí míle punt,
agus tighthe chur ar bun ann. Tá súil aca leis an
domhan daoine a theacht chuca, agus tá caint ag lucht
na dtighthe ósda ar luach bidh agus lóistín a árdughadh.
(Má ghnidheann siad sain ní féidir iad a bhacadh, acht
is féidir gan a dhul go dtí iad. Tá fhios againn
daoine a d'árduigh luach bidh agus lóistín cheana i ngeill
le a raibh de dhaoinibh ag teacht chum na háite, agus an
bhliadhain a bhí chugat níor tháinig a leath-oiread daoine
san áit). Is mian leis an Ard-mhaor agus le n-a chuide-
achta fairsneacht a bheith aca anois, agus tiubhraidh siad
iarracht ar é bheith aca. Beidh airgead ghá chaitheamh
ann ar nós ar bith, agus is fearr-de Corcaigh an méid sin.



'Nois ó thárla nach bhfuil ag daoinibh coimthidheacha
acht a dheichmheadh cuid de'n áit, tá súil againn nach
dtiubhrfar aon leas-ainm ar an Taisbeánaidh mar-
gheall ortha. Bhí caint ar Taisbeánadh Idir-Náisiúnta
a thabhairt air acht ní'l aon idir-náisiúntacht ann, agus
ní'lid ag iarradh é bheith ann, má's cóir iad féin a
chreidsint. Má's leo é bhaisdeadh, bíodh sé Gaedhealach.
Acht má chuireann siad ainm Gaedhealach air, céard a
dhéanfas siad gan an teanga muna bhfuil sí aca?
Seo cleas maith le déanamh. Bíodh leabhar mór aca, agus
má thagann Francach, ná Danair, agus a rádh gur paca
Sasanaigh iad, mionnuigheadh gach uile Bhéarlóir ar an
leabhar gur Gaedheal é.



Beidh sé a' mionnughadh bréige annsain, ó thárla nach
bhfuil an Ghaedhilg aige. Sin rud nach dtuigeann sé,
acht, ar a shon sain, is fíor é.



Beidh halla pictiúr ann, agus teach-bidh, agus táid ag brath ar
sheimléar cruaighe do thógáil os cionn halla na maisíne-
anna. Chonnaiceamar simléir iarainn cheana céad go
leith troigh ar airde, agus ní cruach a bhí ionnta acht iarann.
Bhí téadracha iarainn asta, a bhí greamuighthe shuas
bhfoigseacht fiche troigh do'n bhárr, agus iad greamuighthe
arís i n-iachtar timchioll an tsimléir, ar spílidhibh
adhmuid a bhí daingighthe sa talamh chomh maith le céad
troigh amach ó bhun an tsimléir. Is n-a bpíosaibh a
curtar suas iad, na bpíosaibh chúig troighthe nó mar
sain. Bíonn na simléir sin sé troighthe treasna, agus
nuair bhíos trí phíosa ann a chéile árduigheatar suas
é agus is faoi a chuireas siad an fad as i leabaidh as a
chionn, agus bidhtear ghá árdughadh suas no go mbíonn sé
an áirde ceart fá dheireadh. Ag sin ugach do mhuintir
an tsimléir.



CÚIGE CHONNACHT



Bhí righ ar Chonnacht fad' ó, nuair nach raibh aon ainm
ar an gCúige, agus b'ainm dó Conn. Draothadóir a bhí
ann, agus is mó an draoidheacht a bhí aige ná bhí ag na
Tuathaibh De Danann. Bhí sé níos iomartha ná iad, agus
bhídís-sean ag creachadh na Cúige air, agus ag goid an
eallaigh. Tar éis creachadh mór a dhéanamh dhóibh, uair,
ar an gcúige, tharraing Conn cioth sneachta anuas, agus
bhí an sneachta na luidhe ar an talamh ar feadh i bhfad,
agus cheithre troighthe ar dhomhainn ann. Ní raibh fhios ag na
Tuathaibh De Danann céard a dhéanfaidís leis an
sneachta a leághadh, mar bhí sé ag cinnt ortha, tar éis a
raibh d'easarluidheacht aca. Bhí dearbhráthair ag Conn,
agus bhí sé i n-ionann agus a bheith chomh cliste le Conn féin
ann san obair, agus dubhairt sé le na Tuathaibh De Danann,
aobha trí chéad bó bhán fhághail, ba a mbeadh cluasa
buidhe ortha, agus a chur ann aon chárnán amháin, agus go
leághfadh sé sin an sneachta. Fuaireadar na ba,
mharbhuigheadar iad, agus chuireadar na haobha i gcárnán
ar mhágh i gConndae Roscomáin, ar a bhfuil Magh Aoibh
ó shoin. Ní i bhfad a bhí na haobha ann, nuair a thosuigh
an sneachta a leághadh, agus budh ghearr go raibh sé ar fad


L. 546


imthighthe n-a uisge. Deir daoine gur b'in é an fáth
ar tugadh Conn-shneachta ar an gCúige ó thús, agus gur
hathruigheadh leis an aimsir an tainm go Connachta.



CEARC, MADA AGUS CAT



Sgoil Onacht,
Oileán Árainn, Gaillimh,
Deireadh Fógh. 30, 1901.



A dhuine uasail, — Seo sgéal beag a chualadh mé atá
tamall ó shoin —



Bhí cearc agus mada agus cat ag ól bainne d'aon phláta
amháin. Shíl an chearc go raibh sí féin ag déanadh obair
mhór ar an m-bainne, agus dubhairt sí mar seo. “Tá an
mada dhá fhuaradh, an cat dhá phógadh agus mise dhá ól na
dheochanna móra.”



Nuair a bhíonns an chearc ag ól, árduigheann sí a
cheann le chuile bhraon ólann sí agus sin é an fáth a shíl sí
gur mó a bhí sí fhéin ag ól de'n bhainne ná an mada
'sná an cat.



Tá mé ins an gh-cúigeadh raing, agus atá mé deich
mbliadhna d'aois. Léitheann mé an Claidheamh chuile
sheachtmhain. Innis dam má sé do thoil é cia an meas
atá agat ar mo sgríbhneoireacht.



Mise le meas,
Cathal Ua Tuairisg.



Fear an Claidhimh.
(Go mbudh fada buan a mhaireas tú a Chathail. Is
fearr go mór an sgríbhneoir tú ná mé féin. Saoilim
gur fearr a sgríobhthá le do chiotóig ná “Fear an
Chlaidhimh.”)



IARRACHT AR THRÉIN A LEAGANN



Lá an mhí seo chuaidh tharainn, bhí tréin ag tarraingt
ar na Gleanntaibh, i nDún na nGall agus os cionn dhá
chéad paisinéara innte, agus dul chum a' mhargadh. Ag
tarraing ar dhroichead dóibh, chonnaic an fear a bhí ag
tomáilt, toirt éigin ar an ráille roimhe. Shaoil sé gur
aiteann a bhí ann, acht ar theacht níos goire do'n toirt
chonnaic sé go mb' clocha a bhí ann, agus iad treasna ar an
dá ráille. Níor fhéad sé stad a chur leis an luathas
a bhí faoi 'n tréin sáthach sgiopaidh, agus rinne an stumpa
iarainn a bhí a chosaint na chéad róthaidhe sprúdhánaidhe
de na clochaibh, agus fuair na cóistidhe tuartháil mhór
i n-aghaidh a chéile, acht ní dhéarnadh aon dochar thairis
sin.



AN tEALLACH AGUS AN TALAMH-FHÉIR



“Ní thigeann gaoth as aer nach mbíonn i seoltaibh
dhuine éigin” adeir an sean-fhocal, agus má tá faoi
mhuintir Mheiriocá feoil a thárlughadh anall annso
ionnus nach mbeidh píghinn le fághail ar bhulláin ramhra,
déanfadh sin féin leas do dhuine éigin. Dhá mhíle dhéag
ceann, agus cheithre mhíle dhéag agus cheithre fichid caora a
tháinig anall i n-imtheacht seachtmhaine, agus cá bhfuighfeadh
an tír seo dhul i gcomórtas le daoinibh a bhfuil fairsne
mar sain aca. Bhíodh an sgéal ar a méis féin ag lucht
stuic agus eallaigh roimhe seo, nuair a bhíodh ocht nó naoi
phunta sa gceann de bhrabach aca i n-imtheacht trí ráithe,
nó ceathair nó cúig de phúnta ó Shamhain go Bealtaine.
Bhídís ríméadach go leor an uair sin, agus níor mhisde
dhóibh, acht má bhídhtear ag cárnadh feola an Oiléain Úir
isteach, mar tá sé a teacht le goirid curtar slán le
réimsibh móra talmhan ag tabhairt fhéir le haghaidh
eallach a ramharughadh, i leabaidh bheith ag tabhair toradh
a bheathochadh daoine. Sin iad an saidhbhreas i dtír,
daoine. Acht ní'l aon chur síos ar an saidhbhreas atá
i ndaoinibh a sheasfas uatha féin ar a son féin, agus gan a
bheith ag aithris ar thíorthaibh eile.



Muna n-íocadh an beathadhach gach a n-íosfadh sé níl
aon mhaith 'gh á chothughadh, agus ní fhéadfar leigeann do'n
talamh dhul i bhfásach. Is forusta an sgéal sain a
leigheas, ar mhodh, acht ar mhodh eile bhí sé chomh maith
bheith ag iarraidh an spéir a tharraing anuas. Sé an
leigheas atá air, an talamh a thabhairt do na daoinibh
bochta, nach bhfuil aca acht a bheith sgríobhadh idir charraig-
reacha agus clocha móra, le lán sluaiste de chríofóig
fhághail a chlúdochadh an sgiollán dóibh. Dhá bhfuighidís-
sean a gcionnóracht de thalamh mhaith ar b'fhéidir beatha
a bhaint as, ní bheidís chomh triopallach ag dul go
'Meiriocá agus tá siad. Budh chóir do Riaghaltas na tíre
an talamh sain a cheannach agus a roinnt ar na daoinibh
seo, acht mo léan is mór eile atá ar aire an Riaghal-
tais anois seachas a bheith ag cuimhniughadh ar obair
úsáideach a dhéanamh i nÉirinn.



AN COGADH



Ní dheárnadh a leithéid de smíochadh, ná de phléasgadh,
de charta, ná de réabadh ná de threasgairt le fada
san Aifric Theas, agus rinneadh ann an tseachtmhain seo
chuaidh tharainn. Ní bhfuair Seaghan aon bhuille sa
tsúil ó aimsir Spion Cop mar fuair sé. Is shíos ann
a thalamh féin i dTír na Rinne, do bhí an t-ár, céad
míle, nó níos lugha ó phríomh-chathair na críche sin. Ní
féidir nó sé De Bhet a bhí ann, agus é tinn leis a bhfad
úd, má b'fhíor do mhuintir Sheaghain. Deirtear go raibh
os cionn sé mhíle capall ann, agus nár fhágaidh na Búraigh
ceann amháin n-a ndiaidh aca, acht an méid a d'fhágadar
marbh. Maruigheadh an ceannfairt a bhí ar na Sasann-
achaibh, agus móir-sheisear eile oifigeacha, agus b'fhéidir tuill
eadh nár fritheadh cúntas ar bith ortha, agus lotadh cheithre
oifigeach dhéag eile; agus maidir leis na fearaibh bochta,
maruigheadh leath chéad aca, agus lotadh ionann agus dhá chead
eile. Chuaidh na Búraigh soir trí Thír na Rinne tar éis
an áir, agus má chuaidh féin ní follamh a d'imthigheadar.
Thugadar péire de na gunnaibh móra leo, a deirtear,
agus b'fhéidir go bhfuaireadar ceathair nó cúig de cheann-
aibh orgáin (nó pianas) freisin, thar é, bhí na horgáin
ag an Sasanachaibh, ar fhaitchíos nach mbeadh a ndóthain
ceoil thar phíobaireacht aca. Bhí gunnaidhe móra a'
réabadh mar an toirneach, agus gunnaidhe beaga a' pléas-
gadh, fir ag tuitim i ndiaidh a gcúil, agus ar a mbéal
fútha gan eiriughadh go bráth ná go sléibhe, acht is beag
sain ag na Búraibh. Sin iad na fir a dubhairt le
Seaghan, nuair d'iarr sé cead an Béarla a labhairt


L. 547


i dteach na feise sul thosuigh an cogadh, ons zal niet,
eerst met jullie over de taal praaten niet, sé sin le
rádh, ní chainteochaidh muid amháin libh ar an teangaidh,
ní hé amháin í leigeann isteach nar measg. Ó thús go
deireadh, bhíodar chomh muinghineach asta féin gnóthughadh,
chomh muinghineach agus dá mbeadh buaidh le feiceál rómpa
aca os a gcomhair.



SEATHRÚN CÉITINN



Thug Éamonn Ó Néill (ó'n Ard-Chraoibh) seanchus
uaidh tráthnóna, an tseachtmhain seo chuaidh tharainn ar
Sheathrún Céitinn. Dubhairt sé nach raibh cur síos ar
bith leis an easbaidh eolais a bhí ar na daoinibh go coit-
chionnta i dtaoibh na bhfear mórdhálacha, Gaedhealacha,
a chuaidh rómhainn sa tír seo. Is beag duine indiu,
adeir sé, a bhfuil a fhios aige gur mar gheall ar a bheith
cneasda Críostamhuil a ruaigeadh Céitinn, agus gur mar
gheall ar a ghrádh dhá thír do bhí an ghráin ar féin. Labhair
Mac Uí Néill annsin ar an “Díonbhrollach” ar “Forus
Feasa ar Éirinn” ar “Eochair Sgiath an Aifrinn,” agus ar
na “Dánta Amhráin agus Caointe” do shaothruigh Dochtúir
Céitinn, agus dubhairt sé go raibh Connradh na Geadhilge
anois ag féachaint le eolas a thabhairt do'n tír ar
Chéitinn agus ar a leithéid, ar na laochraibh do mhair nuair
a bhí Éire Gaedhealach, agus nuair a bhí stuaim, gliocas agus
inntleacht ann sna daoinibh.



Budh os comhair “Cumann i naghaidh an Olacháin” do
rinne Éamonn an seanchus, agus sé an tUachtarán an
tAthair Mac Nioclás a bhí sa gcathaoir ag an gcruin-
niughadh. So Cumann atá ag déanamh a míle díchill
an t-ól a chongbháil fá chois, agus meas a thabhairt do dhaoinibh
ortha féin, seachas a bheith ag déanamh amadáin agus oin-
seacha dhíobh féin. Budh mhór an grádh-Dia cabhairiughadh
leis an gCumann, i halla an Athar Maitiú, le misge-
óireacht agus dróbhlas a dhíbirt amach as an tír.



AN FILE



Bhí Mícheál 'ac Suibhne, an file Connachtach ag dul
chum Aifrinn, maidin Domhnaigh, agus b'éigin dó dhul thar
abhainn le dhul chum an tséipéil. Bhí an sagart na
chomhnuidhe ar an dtaoibh céadna de'n abhainn, agus bhí
seisean ag dul leis an Aifreann a rádh. Casadh
Mícheál agus an Sagart ar a chéile agus thosuigheadar ag
cómhrádh.



An Sagart. — Cá bhfuil tú ag dul a Mhíchil?



Mícheál. — Dul chum an Aifrinn, 'athair.



S. — Cá fháide ó bhí tú ag faoisdean?



M. — Dhá bhliadhain go leith.



S. — Ta sé chomh maith dhuit d'fhaoisdean a dhéanamh
liomsa anois, ó thárla nach bhfuil aon dhuine ann anois
acht an bheirt againn.



M. — Tá mé sásta 'athair. Níl aon locht agam a
dhéanamh anois acht an oiread le am ar bith eile,
acht ní dóigh liom go gcuimhneochadh ar a leath anois.
(Shroitheadar an abhainn an tam so, agus mar bhí sé thar
éis bháisdigh, agus gan aon droichead le dul anonn b'éigin
do Mhícheál an sagart iomchur ar a dhruim. Níor sguir
Mícheál de'n fhaoisdean ag dul trasna, agus mar bhí sé ag
innsint na gceanna móra, bhí an sagart ag eirghe mí-
shuaimhneach, agus faoi dheireadh nuair tháinig páin mhór
amach ó Mhícheál.)



S. — O! tá an deamhan ar fad ort a Mhíchil.



M. — Má tá 'athair ní bheidh se a bhfad orm (ag caith-
eamh an tsagairt de síos sa sruthán, nó go dtug sé
cead dó siubhal dhó féin, nó fanacht san abhainn).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services