23. N.16, fol.133v.
Cap. I.
(1.) Omne quod volumus investigare uno trium modorum investigari potest
.i. gach ní bhus ail linn do lorguirecht is ar modh eigin dona tri modhuibh
so fédmuid a lorguirecht .i. ona ainm no ona ghniomh no ona deffinition
fhirinech eisidha fhoillsighes esse an ráoda. Et fedmuid an tshiruircecht
do lenmuin arna tri modhuibh sin agus ar tús do leith in anma, oir is innann
cyros agus lamh agus gyos agus oibriughthóir. Is inann sciruirci re
radh agus oibriughadh lamh, oir is annsa tshíne laimhe ata crich tharbhtha
na hoibri so. Et fedmuid ar in mhodh cedna aithne an raoda dfhaghail do
leith an ghnímha, oir is o ghníomh na lamh doniter an toibriughadh so agus
adeir Galienus nach i an aithne do-ghabur do leith an anma aithne is
forfuidh ann. Do reir an úghdurrais so: Qui veritatem rerum perpendere
voluirit non eum ex suo nomine sed sui essensia investigare conatum
.i. gidh bé lenab áil firinne na ráod do thabuirt da uigh, ni hona ainm do
gabur an fhirinne
sin acht trialltur a lorgairecht a hesse na ráod agus is trid sin adeir
Avicenna: Noticia nominis impositi non tollit ignoranciam, quam dat
extraneitas rei .i. aithne in anma do curadh ar an ráod ni thógbhann se an
tainbhfhios do beir esse rannaighthi in ráoda. Ar in adhbur (134r) sin
ni maith an aithne do ghabur do leith an anma agus is bec in aithne do
leith an ghnímha mar sin. Mas edh fágmuid curob í an aithne fhoillsighes
diffinition agus essensia ráoda is ferr ann. Ar in adhbur sin adermuid
curob edh is cyrurgia ann .i. egna leighis teaguisgis dúinn oibriughadh le
lamhuibh ar an ccorp ndaonna ag sgaoiledh na continnoidighi agus ag
treorughadh sgaoili na continóidighi cum na staide a raibhe ar tús ina
bheither a treorughadh, agus do scris na niumurcach do reir inntinne
theoruice in leighis. Ar an adhbur sin an uair adermuid curob egnuidh in
síne laimhe contraramuid don druing adeir curob oibriughadh rannaighthi an
sínedh laimhe ata ina ráod nach crichnuighthi sho-truaillighthi, oir ni
labrann an egna dhibh sin, agus an uair adermuid leighis, ni co dilios
aderar egna leighis, acht co coitchind gabur hí, mar is follus a ttegni.
Et an uair aderur teagusg is duin oibriughadh .i. da dhechfriughadh on
theoruic aderur sin, agus an uair aderar maille re lamuibh is da
dhechfriúghadh ó ghneithibh eile na praitici aderur é. Et an uair aderur
ar an gcorp ndaonna is da dhechfriúghadh ona marusgaluibh oibrighis le
lamhuibh ar na hainmhinntibh bruidemla aderar é. Et is mar sin fedtur tri
dechfricha na sciruirgidh, no gach dechfer dhibh ar leith do tharruing cum
deiffinitioin na praitici, agus is iad so na dechfricha sin .i. in
chointinóidighi do sgaoiledh agus sgaoiledh na cointinóidighi do
dhaingniugadh agus in iumarcach dinnarbadh. Et in uair aderur cum na
staide ina raibhe ar tús no ina beithear a treorughadh, ni tuicter as sin
nach sciruirghid é da tteagmhadh nach cuirfedh se an ball annsa cruth ina
raibhe ar tús, oir is lór a cur annsa cruth is ferr ina bfhédfuighter a cur,
gion co mbia deaghmhaisech no iomlán do reir mar do bhí ar tús. Et in uair
aderar do reir inntinne na teoruicthi, tuicter as sin curob eigin don
tshiruirgidh beith ina theoruicthid do reir mar fhoillsigher sin ina
ninadaibh fein.
(2.) Et is iad so rainn gheneralta na siruirci, gidh be ni aderid morán
dona doctuiriph .i. tri hinntinni na siruirghidh
do reir mar foillseochamuid ina gcaibidhliughuibh disle fein. Et is iad so
suibidhechta foicsi na siruirghid .i. in corp daonna agus na boill
comchusmhaile agus na boill oifigecha, oir is orra sin co huilidhi oibrighis
an siruircidhi.
Cap. II.
Necessarium est quod cirurgicus et cetera .i. is eigin don tsiruirci
cumachtadh cudruma do bheith ina corp agus coimplex mesurdha do bheith
aige. Ar in adhbur sin adeir Raisis gidh be ag nach bía adaigh scothamail
na dheaghmhaisech is decair dhó bheith deaghbhésach. Et adeir Avicenna
gidh be aga mbia drochcoimplex co ndlighinn sé bheith drochbhesach, agus
adeir co ndlighinn lama cruthamhla do bheith aige agus meóir chaola fada
agus corp laidir nemhcrithanach agus ball chalma iomlana do crichnuighedh
deagh-oibrecha in anma, agus co ndlighinn inntlecht seimh do bheith aige,
oir ni heidir gach ní badh eigin cum na noibrighthi so do chomurtughadh le
leitrichibh, agus bí sé umul co nadurdha agus bí menma laidir aige agus na
raib laidirecht aicidech í agus bí sé egnuidhi agus ni hannsa leighis amáin,
acht in gach áonrann don fheallsamh nadurdha, agus bí se ina loicicidhi,
innus co ttuigedh (134v) ... na ... agus na leitreacha agus bí na
gramatuidhi, innus co laibheóradh co cert agus bí ina achtaighidh innus co
ttuigfedh se na harrguminti do dhénadh do derbadh le resún, agus bí ina
raetoirici innus go bfhédfedh in ní do veith ina inntinn dfhoillsiughadh le
briathruibh maithi, agus foghlumuighedh sé etheica, innus go ttuigedh
tatháir ar na lochtuibh, agus co mbeith féin déaghbhesach, agus na bí se
cráosach, na druith, na formadach, na sanntach, agus bí innruic, agus is mar
so do beith sé ar bith an otuir, innus nach curfadh sé a nadaigh áonnech
teagmhasaidh da tteagmadh etturra co follus obonn, agus na habradh
briathradh leighis nach benfadh ris a ttigh in otuir, agus na fecadh sé co
morrgánta ar aonmhnaoi da mbia a ttigh in otuir, agus na tabhradh sé
comuirle bhenfas re tarbhaidh in otuir no in comuirle iarrfaidhter air, agus
na troidedh risin otur no re háoinnech da mhuinntir, acht labhradh co milis
riu, agus gealladh sé sláinte in gach éneaslainti dho, gidh edh da mbe
midhochus aige a sláinti in otuir foillsighedh da gháoltaibh agus da
chairdibh mur do cithfidhter dhó. Et na gnathuigedh sé cur cum na leighis
ndocumlach, agus na hotuir na bia doigh asdu, na benadh riu, agus gabadh ag
na bochtaibh mar bhus eidir leis, agus na coigledh spensa maith do bhein
dona daoinibh saidhbri, agus na moladh é féin agus na tabhradh tatháoir ar
nech ele (ele), agus tabhradh onoir do gach uile liaigh agus cleirech, agus
na tabradh se cúis fhuatha do áonliaigh ele agus is mar sin vhias se
subiltach agus clú maith air agus ainm maith a gcoitchinne. Et as í
ethica teaguisgis sin dó agus foghluimighed se fisigecht, innus co mbeith
fis gach innstruminti dfhoigheonadh cum gach aonoibre dó bhenfadh risin
siruirci aige, agus a mbeith arna mberbadh le riaghlachaibh na theoraice,
mar derbhas an silogismus so, oir gach uile shiruirci is praitici é agus
gach uile praitici is teoruici é; da reir sin gach uile theoruici is
teoruici é. Derbhtur an maior mailli re tex Avicenna, adeir go
ccoimhliontur ráod an leighis .i. na praitici leis na tri neithibh so no le
ní dhibh, mar ata regimen no oileamhuin. An dara ní tabairt na leigheas.
An 3 ní oibriughadh laimhe, mar adeir Galienus agus Constantinus agus
Hailiabas, oir ní curand sé acht dá ní dhibh so ann .i. regimen
agus leighes, oir adeir curob ní ele an toibriughadh lamh. Derthtur in
minor le diffenicion na theoruice agus na praitici agus iad féin ac
fregradh da cheile, oir is edh is teoruic ann, aitne forfuidh na ráod gabur
annsa tuicsin amáin ac dénam chuimhne ar oibrightibh in ráoda ata fuithe
.i. Do reir uird na mbrigh is túsga ghabur ráod annsa tuicsin na
tidhluicter don chuimne é. Ar an adhbur sin is eigin co madh túsga do
denadh duine foghluim na teoruice, na badh eidir a tidhlacadh don chuimhne.
Et is edh is praitic ann, foillsiughadh na teoruice annsa cedfadh
ghabaltaigh, agus a noibriughadh na lamh do reir tuicsina na teoruice tic
roimpe. Ar an adhbur sin is follus curob tri shuibidhecht aithne na
teoruice oibrighis an praitic, agus is mar sin is follus in silogismus so,
oir is eigin co ttuicter an conchlúid so asna hainntisedensaib aderur.
(3.) Et bi a fis agad ... (135r) agad co tteaguisginn innstrumint na
siruircecht ...gi na siruircecht, as eigin dó sin do tuicsin agus
... ainbhfis ar an liaigh ar an egna labrus dona duilibh ... neithibh
nadurdha agus dona gallraibh, bíadh
ainbfhis uilidhi air agus is eigin ... bheith follus do reir mar
fhoillseochamuid in ar ndiaigh. Et bí a fhis ag an tsiruirci co
ngeinter gach uile corp cumusgtha da bfuil fan cercaill lunardha a 4
corpaibh áonda brisis a foirminnibh a ... cheile, mar ata teine agus aer,
uisge agus talamh, gidh edh do suigighedh(?) iad a bfhad ona corpaibh a
bfuil ... ar son adultrais agus contrardhachta na ndúl do leith a gcaile,
gidh edh tigid siad maille re na gcailibh annsa comshuigiughadh, innus co
ttéíd rann robec dúla aca a rann robec dula ele, ar chor co mbrisinn an
comcumasg sin contrardhacht a foirminn, agus co ttic foirm ele o comcumasg
na substainti sin agus co ttic coimplex nuadh mur in cedna o comcumasg na
caile agus gach fad da mbe an comcumasg o contrardhacht na ndúl, agus bhes
sé a bfhogus do coimplex inmedonach as í an méide sin bhes an ni
cumuscthed(?) ullamh do ghabail foirme uaisle na betha, agus as i in foirm
sin áonní is uaisle do ghabur idir na corpaibh cumusgtha annsa spirid
daonna, gidh edh na caile thic le corpaibh na ndúl annsa comcumasg, is ní
nach eidir dealughadh ris na corpaibh cumusgtha sin agus na cuirp do bheith
ar marthuin, agus atáid a ceathrur dhibh ann .i. teasaidhi agus fuar, fliuch
agus tirim agus is uatha sin cruthuigter an coimplex. Ar in adhbur sin
dob eigin 4 coimplex dfhagail isna corpaibh cumasgdha ata innuinn co
huilidhi do ghabur o ghniom agus o fulang na caile contrardha tic ona
duilibh, mar ata rann ro-bec dúla aca do dul a rann ro-bec dúla ele agus
techt mar sin annsa cumasg. Et uair ele coirighter na 4 coimplex so
.i. te agus fuar, fliuch agus tirim innus co gcruthadh 4 coimplex ele
uatha mar ata teasaidhi agus tirim, teasaidhi agus fliuch, fuar agus fliuch,
fuar agus tirim, agus is mar sin ata a hocht dibh ann .i. a 4 áonda agus a
4 comsuigighti. Et bí an tochtur sin uair ann co adhburdha agus uair ele
co nemhadhpurdha agus ataid siad a 16 mar sin ann agus ataid in 16 sin
do reir tuicsina druinge ele nadurtha do druing eigin agus minadurtha do
druing ele, agus ataid sin a 12 ar 20 dibh mar sin. Et is eigin
éncoimplex cudruma dfagail idir na corpaibh cumasgdha cum a ndéntur na
coimplex ele do compraid, agus do frith in coimplex cudruma sin a nduine
eigin, gidh edh is da compraid ris na corpaibh cumasgdha ele do ghabur é,
agus ni cudrumacht do reir truime no etroimi na ndúl sin, na cudrumacht do
reir thomais, acht cudrumacht
eigin do reir chora, oir teaguid na duile a nduine eigin cum in mhedhoin ata
a bfad o contrardhacht, ar chor nach eidir leo techt cum cuirp ele agus is
mar sin ainmnighter gach ní ele do beith te no fuar, no fliuch no tirim
a naithfhégadh in coimplexa daonna, agus fédadh an ní sin bheith mesurdha,
masa ní leighes amain é, no mas biadh a naithfhégadh in cuirp daonna, oir bí
an ní sin fuilingtach on tes nadurtha ata innainn, gidh edh ní théiginn agus
ni (135v) ... agus e so curob tégadh amáin doní no curob fuaradh amáin
... cailibh ele agus adermuid an ní sin do beith teasaidhi sa cedceim
... ata innainne agus é ag tégadh ar gcuirp, gidh edh ni theighinn
... urcoid duinn, agus ata an ní sin teasaidhi sa dara ceim agus ata tes ele
téi ... co huilidhi agus ni fhédann ar ttégadh gan urcóid do dhenamh dhúinn,
agus adermuid curob i sin ... ata in tes sin. Et an uair téighter sinn
agus urcóid fhollus do dhénam dhúinn, adermuid co bfuil ... é sa 4 ceim
oirinn doní scris follus agus is inann ferc agus al doibh sin agus dona tri
coimplexuibh ele.
(4.) Et bí a fhis agad curob eigintech don tshiruirci aithne coimplex na
mball agus na ccorp agus na leighes do bheith aige, agus derbhtur so co
follus mar so .i. coirighim co bfuilid cneadha ar dhís ata a naonáois agus a
ttabairt orra a náonuair agus a naoininadh o chloidemh cona chosmbaile,
gidh edh teagmhaidh co bfuil nech aca aga bfuil coimplex teasuidhi fliuchaidhi
agus nech aga bfuil coimplex fuaraidhi tirim agus as í baramail na
ttuathadha ar na fhaicsin, curob leighes inann fhodhnus doibh, gidh edh
teaguisgidh aignedh in coimplexa ata ar na derbadh le resún nach cóir
áonleighes doibh ar áon, oir is cóir dhuinn egla do vheith oruinn co
ngeinfidhi neasgoid ón chneadh ata annsa coimplex teasuidhi fhliuchaidhi no
fiabhras, oir adeir Galienus na baill teasaidhi ina teagmaid neasgoidi co
bfuilid siad ina mbunait ag an fiabhras, mar ata in uamha cum in arain do
berbadh. Et adeir Galienus agus Ysac agus Avicenna nach fuil dona
coimplexuibh coimplex is ullmha cum na bfiabhrasadh do ghabail na an
coimplex teasaidhi fliuchaidhi, mas edh da tteagmad cneadha inntu coimédtur
iad co maith. Ni ele teagmhas doibh .i. fliche fola, agus legur cuisle a
laimh contrardha an táoibh sin no a cois an táoibh crechdnuighthi da
bfhuilingedh an bhrigh agus an
áois agus na neithe rannuighthi ele agus da mbia an bhrigh anbfhonn curtur
fásadharc ar agaidh in da shliasad agus folmuighter uair sa ló le
supositorium no le clisdiri muna bfuigha se fein folmughadh nadurdha, agus
dluitighter buird na cnedhi re cheile re fuigil no le hadhartanaibh no le
ceangal ele munba heigin a fuagáil, agus leighester na cneadha mar aderam
don táoibh shis dínn.
(5.) Et curem leighes coimédach arna cneadhaibh toirmisges rith na
leanna, mar ata bolus arminicus agus ola roisicda agus becán finegra.
Et na tabhradh fín da ól doibh na feoil na uighe na énbhiadh ghinfis morán
fola agus is lór mar bhiadh doibh sugh coirci no eórna maille re sugh
almont agus is riagail gheneralta gan acht becán do bhiadhaibh seimhe do
thabairt dóibh, no co mbeit siad innill o nesgoid agus ó fiabhras agus
leighestur ainnsein iad mar is luaithi fhedfuighter. Et madh fuar tirim
vias an coimplex na legur cuisle doibh agus na curtur fasadharc orra, oir
is innmhas in coiméd a fuil derg innsa coimplex fuar tirim agus taburtur
fín agus feóil doibh ar son nach fuilnginn an gaile na a mbrigh dhileghach
diét séimh, oir is eigin diét o ngeintur moran fola do thabairt do leighes
na gcoimplex fuar tirim ara mbid cneadha, oir ni egail linn fiabhras doibh
ar son nach fuil a gcoimplex ollamh cum a ghabhala. Praeterea fédmuid
áonleighes inann ata arna ullmhugadh a náonmodh do tabart (136r) a
gcneadhaibh ata a gcoimplexuibh examhla, gidh edh n... vitriolum
romhanach re nabruid na Francaigh co c...il innta agus ni fliuchaidhecht
amáin gheinis acht cnaidedh, gidh edh ni bfuil acht ... ataid eifechta
examhla aigi, do reir examhlacht na gcoimplex ai... ata gnimh na greine
examuil agus ni har son na greine sin, acht ar son exa... noibrighinn, oir
tirmuighi an vitreolum co mór annsna corpaibh tirma agus calmuightur na
sesmuighidh ag connmail a nert fein innta. Da reir sin ni fhédann sé acht
an fed do g... se annsa chneadh da tirmughadh agus is feoil ghinis. Annsna
cneadhaibh fliucha, imorro, bí coimplex anbfonn aca agus ni heidir leo
sesmhugadh do dhénam le nert an vitriolum, innus co ngabadh ... vatha le
ndentur a legadh, innus co méduighter siledh, no mar annsna cneadhaibh on
vitreolum, mar adubrumar romuinn annsna coimplexuibh examhla.
(6.) Et adeir Galienus da mbia inannus silidh a da ccneadhaibh, agus
cneadh dhibh a mball teasaidhi agus cneadh ele a mball fhliuchaidhi curob
tirma in leighes dleghtur do thabairt annsa chneadh vhís annsa ball
teasaidhi na annsa chneadh vhís annsa ball fliuchaidhi. Et da mbeith
cneadha a dha mballaibh agus coimplex inann aca agus moran siledh ag cneadh
dhiph agus becan ag cneadh ele, curob don chneadh ina mbia morán silidh
dlegtur an leighes as tirma do thabairt, do reir fhiadhnise Iohannes
Damasenus, oir adeir: Medicamina et emplastra debent esse homogenia
membris quibus aponuntur, oir adeir co ndlighid na leighes agus na
ceirinecha bheith homogenia dona ballaibh re gcurtur iad. Et adeir co
ndleghtur na neithe nadurdha do coiméd ona gcosmuiles agus co ndleghtur na
neithe ata a nadhaidh na nadura do scris ona contrarda. Da reir sin da mbia
an liaigh ainbfhisach a gcoimplex na mball, cinnus bhus eidir leis leighis
examhla do thabairt a gcoimplexuibh examhla, mar dleghur a ttabairt agus co
ro-mór da mbia se ainbfhisach a gcoimplexuibh agus a gceimenduibh na
leighes. Et is eigin dona legaibh a fhis do bheith aca cinnus gintur na
lenna is rann dona neithibh nadurdha masa eigin dó scians agus leighes na
nesgoidi do tuicsin, mar foillsighter a ttrachtaidh na nesgoidi in ar
ndiaigh. Et dlighid a fhis do bheith aige ce hiad na baill ata examuil
annsna corpaibh, agus cad hí an tarbhaidh agus an oiffic ata aca, innus co
mbeith a fhis aige cia hiad na baill aga bfuil brigh mor sa corp, agus cia
na boill ina bfuil mothughadh mor leis nach eidir leighes laidir dfulang.
Et is eigin dó aithne na mbrigh do bheith aige innus co bfeicfedh sé an
bhrigh arna hanbhfhuinniugadh isna ballalbh, oir dleghur furtacht do
thabairt don ball ata arna ghortughadh do calmughadh a oiffigi agus a
ghnimha nadurdha, agus madh aithne dho egna na mbrigh agus na noibrighthed
agus na spirad, badh aithne dhó an ní do dhénadh díth doibh. Et ataid na
neithe so adubrumar romhuind nadurdha agus is iad cedboill na cedfoghla
do berar lesin retoiric a nealadhain leighis iad.
(7.) Et is eigin dó ar an modh cedna aithne na neithe nach nadurdha do
bheith (136v) ... cneadh no nesgoid, oir ni tirmuighter na cneadha annsa
... naiterrach on aer tirim soluis ghlain deaghbalaidh ... annsa geimhredh,
oir ri
urcóidighinn áonni do lucht na ccneadh agus dona ... doni an fuacht. Annsa
tshamhradh, imorro, ni heigin an taer do mhesrughadh ... sa geimhredh,
gidh edh is eigin do an diét imcubhaidh do thabairt ann. Item is eigin dó
...anadh imcubaidh dordughadh dho, oir da mbia cneadh annsa cend no goin
annsa bfeith is eigin do ... agus silens do thabairt don othur agus
leabaidh bhog shocur innus nach gluaisaid agus nach gortuighthi an ball
tinn, agus gidh edh da mbeith seinchneadha gan teinnes annsa laimh, is maith
don eslán siubal do dénam ... a lamh ar iomchur fana braghid. Et da mbeith
na cneadha annsna luirgnibh no annsna troighthibh is na luighi is coir doibh
bheith agus saotur do dhenam lena lamaibh. Item dlighid an shiruircidhi
codladh mesurdha do thógairm an meid fhédfus, oir doni an codladh imurcach
in eslainti do mhédughadh agus anbhfhuinnighidh na brigha. In nemhcodladh,
imorro, dísgaoilidh agus cnaoididh na spirid agus gérighi na lenna agus
treoruighidh na cneadha cum tirmuighachta minadurdha agus is cuis teinis é.
Item is deghmhaisech dó an linadh dfolmughadh agus in riachtanus a les do
coimlionadh, innus co ttreorocadh sé in teslán cum fliuchuidheachta mesurdha
agus muna derntur sin ni cnesuighter an chneadh ar áonmodh. Et is eigin na
tedhmanna ainmighid do mhesrughadh, oir ritidh an spired co himurcach cum
na mball bforimillech on ferg. Ar an adhbur sin lasaidh an ball
crechdnuighthi co minic. An egla agus in dobrón, imorro, agus midhochus as
a shlainti toghairmid siad an spired an in medhon agus anbfhuinniughter
na brigha uatha sin, innus nach eidir leó adhbur in athnuaigighthi do
gheinmuin isna cneadhaibh. Et is iad so na .6. neithe nach nadurdha is
dara rann do theoric an leighis.
(8.) In galur, imorro, agus na neithe bhenus ris, mar ata cneadh agus
crecht agus fistula agus cancer agus nesgoid agus moran do neithibh ele,
is eigin don liaigh fis do bheith aige, innus co mbeith a fhis aige cia ara
ndingnedh sáothur, no a nagaidh a ndingnedh no créd cum a ndingnedh, oir
ataid so uile examail agus is so an examhlacht so examhluighter an ní
furtachtuighis iad. Cuis an galuir agus ma cneidi dleghur a aithne verbi
gratia, oir ni hinann an leighes is cóir do
dhénam don chneadh do ghéntur le cloigemh agus don chneadh do géntur le
bualadh cloichi, no o tuitim, agus ni hinann modh ara leighister gerradh in
mhadra áonda agus gerradh in mhadra gháoithe, agus do gébhtur so annsna
hinadaibh bhenus riu fein. Et is eigin doibh aithne na naicidi vhis a
ndiaigh na cneidi do bheith aca, oir muna hinnarbtur na haicidi, ni
leighester na cneadha, agus do gébhtur sin ina gcaibidliughuiph dísle fein.
Et crichnuighter teoric an leighis co huilidhi annsa tri neithibh so
.i. annsa galur agus annsa chúis agus annsa naicid, agus mar adubrumar
romhuinn, annsna .7. neithibh nadurdha agus isna .6. neithibh nach
nadurdha. Et ni heigin don tshiruirci innstrumint echtrannach dfhagail
a negmuis an dara innstrumint adubrumar romhuinn, gidh edh is eigin in diét
dordughadh (137r) innus co ... do a fis do bheith aigi ... aige cinnus
do béredh sé purgoid agus scethrach don druing ... in adhbur ona cneadhaibh
an uair folmuighter na droclenna on corp, agus i... adhbur sin, gidh be thuigis
agus smuainis gach uile rann don leighes ... don tshiruirci dfoghluim don
ealadhain leighis agus is an ... maithe ele thosguighes on naduir
crichnuighter an prohemium so etc..
Cap. III. An .3. caibidlech do ... hinntinniph dhlighes
an siruirci do bheith aige.
(9.) Sciendum est quod omnis intencio ciruirgici agus cetera.
.i. bi a fhis a ... inntinn dlighis in siruirci ... aige co bfuil si examuil
co rannuighi agus do crichnuighthi o aonduine, gidh edh connmuidhter iad fo
tri hinntinnibh co generalta. An cedinntinn dibh scáoiledh na
continóidighi. An .2. hinntinn in sgaoile sin do shlanughadh. An .3.
inntinn inurbadh na nimurcach. Et o dhoniter so uile le laimh conmuighter
gach inntinn vhis ag an tshiruirci fona tri hinntinnibh so, no fa chuid
dibh. Et scáoilid an sciruirci an continóid le cuislinn, no le
scarification, no le cauterium, no le sanguis sugibh do cur a lenmuin
don ball. Et ge légmuidne so uile dona barbuiribh agus dona mnaibh le
huadhbur agus le midhingmaltacht, as dobuir in tshiruirci iad, oir do rinne
Galienus agus Raisis na hoibrecha so lena lamaibh fein, mar is follus
ina leabhruibh fein agus is cuisleóir gnathach misi fein, oir legim
cuislinna
nach fétuid na barbuiri ro-oirrderca do légin. Et sgaoilter an
continóidighi an uair scoilter cuislinna na narac agus in édain, agus
doniter cauterium co minic orra sin i nadhaidh eslainti na súl, agus
doniter cauterium a ninadaibh iomdha annsa chend agus annsa corp ar son
morain desláintibh, do reir mar fhoillseochas forcedal caibidligh na
cauterium isna caibidliughuibh labrus dibh fein, no sgaoilter an
continoidighi an uair gerrtur ar lucht na hydrópisi, agus in uair bhenmuid
na clocha fuail as an lamhonnán le gerradh sgaoilimid an continoidighi agus
ni hinnta sin amain scáoilimid í, acht ac dénam chneadh a ninadhaibh imdha
annsa corp, agus foillseóchamuid so a moran dinadhaibh annsa leabur so. An
.2. hinntinn .i. na cneadha agus na crechta agus in fistula agus in
cainnser do chnesúghadh, agus in brisedh cnamha dhaingniugadh le
hoibrechadh an tshiruirci, agus ni hedh amáin acht morán doibrechaibh
examhla ele do dhénamh leis an inntinn so, agus do ghebhtur forcedal imslán
annsa leabhur so orra so. An .3. inntinn .i. in imurcach dinarbadh, mar
ataid scrophuili an chinn agus in mhuinil agus na mball ele, agus
cataracta agus ungula agus pannum agus sebel agus feóil imurcach agus
nodi agus moran dimurcachaibh ele bentur as na suilibh, agus polipus
(137v) ... agus imurcha herm...isach é.
Doctr. II, Cap. I. An cedcaibidlech don ... techt.
(10.) Quoniam ut dicit Galienus: necessarium est cirurgico scire
anathomiam .i. adeir Galienus curob eigin don liaigh ... do bheith aige
ar chor na haibeoradh sé curob sreabann an liga. ... an ligamentum cruinn
agus muna bhia fis anathomia aige ... a oibriughad. Ar an adhbur sin do
shanntuighis caibidlech dilis do denam don naduir agus dfoirminnibh
... arbadh na mball comchosmuil, oir adeir Avicenna: Noticiam rei quae
causam habet non potest haberi nisi per suas causas sciatur .i. ni heidir
aithne an ráoda aga mbí cúis dfaghail acht muna ... é ona chúisibh. Ar in
adhbur sin is eigin duinn aithne chúise na mball comchosmuil do veith
aguinn ... Ar an adhbur sin curfid suiminna so-creidemhna ar thosaighedh in
leighis, innus co ttuicfid na legha iad, agus ar tus curfad ann geinemain
embrio do reir mar creiter o doctuiribh in leighis é.
Et da mbeith (nech) badh airde na liaigh le madh ail eolus badh mó na sin
diarraidh saothruighed sé as muchtsa agus a hucht na druinge do rinne eolus
damh a ngnimh na hegna leighis.
(11.) Et ataid .4. silbha a geinemain embrio, mas fír don lucht
iarrus an fhirinne, agus ataid triur diph sin nach tic le cheile
a náonfhírinne agus ataid cuid ele aca tic le cheile ina mbriathribh acht
becán, agus nach tic annsa bhfírinne, oir adeir an fisigi ro-árd curob o
shilne an fhir agus o fuil mista na mna geinter embrio, agus curob amhail
foirme ata síl an fhir agus amhail adhbuir ata fuil na mna, agus is mar so
do tuic Averoes nach téid sperma in fhir na na mna a substaint embrio,
agus is amhlaidh chredis Galienus so, curob o shil an fhir agus na mná ag
gnimh agus ac fulang ara cheile geinter embrio .i. an gnimh is laidire a
síl an fhir agus an ghnimh is anbfhuinni a sil na mná. Avicenna, imorro,
do shaotruigh ar mo shonsa a morán do raidhtibh agus lenus opinion
Galienus agus scrisadh sé opinion Averoes co huilidhi, oir adeir curob
ón da shilne sin adubrumar romhuinn geinter embrio. Da derbadh sin da
mbeith gan síl na mna do bheith ann ni geinfidhi ann. Et mar vhis an
bhinid cum in cháisi a slighi chenguil ghnimaigh is mar sin vhis sil an
fhir cum embrio amhail bhinide fuilingtighi, agus is mar sin vid an da
bhinid vhis ina rannaibh a substaint in cháise doniter uatha, is mar sin
vhid an .2. sperma ina rannaibh ag embrio, agus ni fuil an briatur so
asáontach risin bfeallsamh, oir ni fuil sperma na mná in méide so égcosmail
re naduir fola ar da adhbur. An cedadhbur dhibh ar son fuaire na mna agus
nach fédann sí a berbadh co maith. An .2. hadhbur ar son fhoicsi
shoithighi in sperma agus in macluig da cheile ni dingmhalach nach sperma
is cóir do radh ris, agus is ar an adhbur sin ghairis an feallsam embrio,
agus is as sin geinter gach uile bhall comcosmuil a négmuis na feóla agus an
... (138r) ata foirm agus in ... ball chum a ngnimha dilis ...nnighedh se
é fein co nadurtha ina timchill agus ... An brigh cruthuigtech, imorro, ata
dílis cum na hoiffigi so ...-mhuighter, oir is do sheicreidiph Día an ní
so, agus glántur a ... spiruduibh agus téid sís cum an da sperma sin
.i. cum sperma in fhir in ... sperma sin trina cheile, agus
do beir da uigh gach aonspirad do gheinemain .i. ...oduighthi agus na
brighi ainmighi agus na brighi nadurdha, agus doniter iad sin annsna
.6. ... ní don fuil mista san aimsir sin cum an .2. shilne sin, oir ni
bhí disgaoiledh ann ... a suim, gidh edh tinnsgnaidh ina dhiaigh sin, fuil
mista do tharruing chuige agus is a ... attractiva .i. an bhrigh
attarruingtech, agus a gcend tri la ina dhiaigh sin ti... agus linedha. A
gcend an .6. la ina dhiaigh sin téid an fuil mista a gcend an sperma
... sin dealuigter a .5. rannaibh re fedh aimsiri an toirrchis. An
cedrann dibh claochluighter a ... tinnsgnedh médughadh ar ngabáil tosaigh on
.2. sperma aderur. An dara rann .i. fail reamur ... claochluighter a
bfheóil í. An .3. rann .i. fuil tsheimh téchtuighter o fuacht agus
claochluighter a methradh í ... fuil maith iomduighes ona gneithibh sin uile
agus téid sin cum na gcich agus inntighter an gn... An .5. rann is
imurcach doibh sin uile, mairidh sé annsa maclach co ló beirthi an
toirrchis ... .15. lá o lá ghabála in toirrchis, bí se re fedh .12. la
ele ag géinemuin na fheola ... a fhliuchidhechta agus a smeara smeanntain
aga fhaidiughadh. Et a gcend tri la ina dhiaigh sin a ... a craidhi agus a
inchinn agus a ae, agus ina dhiaigh sin a imlican, agus gach ni ele bhus
follus ina dhiaigh sin, agus is ... rompa thinnsgnus se. Et a gcend .9.
la ina dhiaigh sin thinnsgnus an cend sínedh ona guaillibh agus in bhrú ona
táobaibh agus na boill foirmillacha on broin. Et a gcend .4. la ina
dhiaigh sin crichnuighter an corp uile. Et a gcend .5. la ina dhiaigh
sin, innus curob inann sin agus .5. lá agus .40. ... gabhus sé
mothughadh chuige, agus sin arna dhubladh is ann gabhus se gluasacht chuige
agus is inann sin agus .90. la agus sin arna dhubladh fa tri, innus curob
inann sin agus .9. mí ... ann bertur é, agus ...nighter sin a ndruing
dona mnaibh, gidh edh is mar sin is minca berar iad.
(12.) ... recipit matrix generando spermata patrum. Sex in lacte ...
linea punctus. Incipit agus sanguis .6. post in spermate t...tas
agus caro fit sequentibus in duodenis .i. in uair ghabhus (138v)
... gcend in sperma ... Nuchaque longiatur ... reliquis novem extremis
latera distant. ... venterque sequentes. Perficiunt totum dant
motum duplica scique dies dant nonagessima totum. Si ... tempus
triplica totum. Et a gcend tri la ina dhiaigh sin faidighter ...tigher
na tri boill oiridha. Et a gcend .9. la ina dhiaigh sin tinnsg... a
guaillibh. Et a gcend in .4. lá ina dhiaigh sin cruthuighter cúl in
chinn ... .5. Et a gcend .5. la ina dhiaigh sin cruthuighter é uile.
Dubuil sin uile agus as inann ... .80. Et mas é fis breithi an
toirrchisa iarraidh tri-dhubuil sin uile.
(13.) Et ... agus methradh amáin on fuil mista, agus geinter na cnamha
agus na maothain agus na liga. ... feithe agus na cordaidhi agus na
hairteri agus na cuislenda agus na sreabhuinn agus in croicend on da ... mar
sin is ail le hAvicenna agus leis na hughduiribh uile é, mar derbhus
innstrumint na ... da ngerrtur áonball dona ballaibh spermatica ni
hathnuaigighter co fírinnech ... curob é sperma na matur agus in atur ar
ngabáil foirme ele is adhbur doibh, gidh edh gabaidh athnuagadh chuice ar
son curob on fuil geinter hí, agus curob é a foirm connmhas.
(14.) Et a ... coimplex agus furtacht examuil ag na ballaibh
comchosmuile so, do reir examlacht phoirsioin ...sa gcoirighter iad, oir
ge coirighter in obuir so uile o áonadhbur cumusgdha, gidh edh atá poirsion
cinnti ar leith ag gach áonball comchosmuil díph don adhbur le ndlighinn se
foirm examail agus furtacht examail do ghabáil chuige, oir do beir Dia
cumachtach, nach fuil formadach na sanntach, foirm do gach aonní do reir mar
dhleghas meid no loiged in adhbuir.
(15.) An cnaimh, imorro, is é is tosach dona ballaibh comchosmuile agus
ata fuar tirim agus ataid foirmenda examhla ar fhud an cuirp air, agus ata
foirm iomdha exam... ar son examlacht na bfurtacht ata aige annsa corp.
Et is ime sin do himdaighed furtacht na gcnaimh ... ar son gurob eigin
ball do ghluasacht gan ball ele, agus ni fédfuighi so da madh áonchnaimh do
bheith annsna ballaibh ... ata cuid ele dhibh mar sgeith a goin na mball mar
ataid cnamha in chloiginn, agus ata cuid ele ina ... mar ataid cnamha in
droma agus na gcos agus na lamh, agus ata cuid ele mar armaibh agus ina
... cnamha a táobaibh alt in droma agus ata cuid ele linus na cabhain
vís a ce... vis follus isna lamaibh agus isna cosaibh. Et ata cuid
dona cnamaibh sin cruinn ag ... na mball le gcengultur iad, agus ní luguide
ata gluasacht aca sin, mar ataid ...
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11