Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1851
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bruach Loch Gamhna



I
Air Phurt an tSiúir do chonairc mé mo shiúr,
's go mbudh saoghlach slán a bheas m'annsacht,
Mo leanbán séimh an bhrollaigh ghléghil,
's gur milse a béal ná an balsam.
Ó 's mian liom trácht air sgéimh na mná,
a bhfuil a súile mar dhriúcht maidin shamhraidh,
'S gach dlaoi dá gruaig ar dhath an ghuail,
's a déad ar lí an ómra.



II
Mo mhallacht féin air Charraig an tSéin,
's air an gcéad lá rinn' mé aimsir
Nó sgar mé féin le searc-rún mo chléibh,
muna mbéinn ach seal ag caint léithe.
Aon tseachtmhain déag atá orm féin,
's a Dhia, nach fada an aimsir!
Ach ag teacht na féile bhéaraidh mé an réim so
siar fá bhruach Loch Gamhna.



III
"A londubh an bhéil bhinn, cár chodail tú aréir
nó an bhfaca tusa m'annsacht?"
"Chonairc mé aréir í, aniugh is ané,
's air an mball a bhí mé ag caint léith."
"Tabhair sgéala fána déin is aithris dona béal
go bhfuil mé claoite fann-lag,
'S nár chodail mé néal ó thuit an oidhche aréir,
's gan fios ag aon-neach air m'inntin."




Marbhnaidh Lúcáis agus Phara Bháin a
crochadh san gCabhán.



I
A Dhia ghléighil, féach agus fortuigh oram i n-am ,
Oram féin is air mo chéile atá feasda choidche 'na dhall;
Tá sé le léigheadh ag mnáibh Éireann dár oil ariamh clann,
Go bhfuil mo chroidhe dá réabadh 'na chéad cuid ag cur fola an uile am.



II
Tá an gleann go dubh-chroidheach faoi smúid is cumhaidh air a lán
Ó d'éag an dís buachaill dár dhual dóibh fíon fhágáil air clár;
Thug an uaill ortha gur fhuaduigh siad mí-sgéimh na mná -
'Sé d'fhág san úir iad, mo sgriúdadh, ag teacht an lae bhreágh.



III
Tá éclips air an ngréin is beidh go lá an bhráith;
Adubhairt an squire, by my faith, nach nglacfadh sé a bpáirt.
A Dhia chléibh, godé sheól na deigh-mhic a casadh ina dáil
Fá ghráin an aonaigh, nach raibh a leithide air an talamh le fagháil?



IV
Shiubhail mé Éire le chéile is Sacsana thall,
Baile Shéamuis a' phléisiúir is go malaigh an tSléibh' Báin;
I gCabhán Uí Raghailligh, 'sé mo léan-sa, a cuireadh iad chum báis,
Mar atá le léigheadh san méid sin, speech Luky is Phara Bháin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services