Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1771
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


I
A shean-chríoch Fáil nach náir an sgéal duit
a dtugann tú do shár gach lá ar an Ghaedhil-treibh!


L. 10


Ach is mar súd budh ghnáth dod cháil a dhéanamh,
bheith a' cothughadh do námhad is a' básughadh do ghaolta -
sliocht Sheáin is Mhairtin ar sgáth i n-éifeacht
is gach aicme dar fhás ón Spáinn dá dtréigean.
Is mairg atá dod chathughadh a mheirdreach
mhalartach lúbach chluainteach bhréagach.
Nachar fhóir dhuit ar dtús gach cúis dá ndearn' tú
i nEachdruim an áir is gach áit ar chlaon tú,
nó gur bhris tú an stiúir se re humhla do ghéilleadh
do chreideamh na n-abstal is do theagasg na cléire?



II
Réab tú an stóras a d'fhóirfeadh don éigse
is ghaduigh tú fós dá n-ór is dá n-éideadh;
d'fhág tú na dílleachtaidhe claoite doinach,
is baintreabhacha tláith go dtrásta ag géar-ghol.
Fána sgiath re tártháil budh ghnáth ag réidhiughadh dhóibh,
flaith na ngreagh, na bhfleadh is na bhféastaidhe,
bile na n-each slim budh hiomchubhaidh tréartha,
acht teacht go hAnas Caoin is fíor gurab éigean,
's gan tilleadh dhó arís ar a chaomhthach céillidh.
Ní sgarfadh sé a choidhche re hinghin a Mhajor,
an réalta maoith-gheal míon-tais méir-gheal
budh chiallaidh sgolartha galanta tréitheach,
i dtus a coineamhna a hoileadh go réimeamhail.



III
Níl deilbh dá bhfacaidh nach mbreacfadh 'na ngréasaibh,
an long 's an seól san mbóchna bhraonaigh,
an mhuc mhara 's an rón is tóir na n-iasgaibh,
crainn na coilleadh is fioghair na n-éanlaith,
an t-athair nimhe 's an abhall fár pheacuigh síol Éabha,
go dtug sí i gcló an mhuir bheó - gach gné dhíobh.
Is na tíortha ar milleadh ar ghiorrra do chéilidhe,
bheir cách ar mearadh i mbarúnacht Fhearn'aighe,
re cluistin do halla bheith gan tathaidh na laochraidhe,
's do phárlus gan táiphleis, gan téad-chruit,
gan ord, gan aifreann, gan freasdal na cléire,
gan cantail na salmaibh ann dá léigheadh,
gan bhantracht ag dealbhadh na ngréasaibh,
's aithnighim ar amharc na fiormaimint' 's na néallaibh
gur atharruigh pláinéid a n-áitibh re chéile.



IV
Do dhorchuigh Lúna i dtús gach oidhche,
bhain tuisleadh do shiubhal is do chúrsa na gréine,
is táid uile faoi smúid is do mhúch na réalta,
Ó do chuaidh san gcróchar ní bhia ró re haon raod,
ní mheasaim níos mó go mbia tórtha ar ghéagaibh,
is ní mó bhias fós ar mhóin-fhéar féartha.


L. 11


Biaidh gach mion-mhagh ar bearaonaigh go treagchruth
is biaidh na branaraibh gan lán-toradh déise,
gan bólacht ag dáil bainne i bhfásaighibh ná ar shléibhthe,
is biaidh na linntibh go cinnte gan iasgaibh,
is na coilltibh gan bhionn-ghuth na n-éanlaith,
is gan fuaim ghuth na gcuach ina bhfaonrann,
gan chantail na londubh 's na smaolach,
ach dá ruagadh ar fhuarlaigh gan téagar.



V
Biaidh na tulcha is na mullaigh gan phléisiúr,
gan uaill chon ag ruagadh an mhíl mhuighe,
is gan bhuabhall don uaisle dá shéideadh,
gan suairceas dá ngluasacht chum féasdaidhibh.
Táid an uair se go gruama tinn tréith-lag
fána gcuallaidh bheith a' fuaradh san gcréidh uatha.
A Rí na gcréacht dá mb'éidir a rádh dhuinn,
nó dámadh chuibhthe dhuinn a fhiafraighe do Dhia na ngrása -
ach má chanamuinn tréas tabhair féin duinn párdún,
gé go n-abraid nach ndéan tú an éagcóir, a Aird-rí.
Ó gheallais dona dílleachtaidhibh go bhfuighdís athair,
is don mbaintreabhaigh céile 's nach mbiadh gan árus,
cionnus chreidfeam an scéal soin tar éis an áir se?



VI
Do bhuail tú an té se bheireadh braighde as gábhadh,
is ceann cohtuigh'e don méid sin tar éis réamh-ráite.
Acht ó leag tú an ghéag do chraoibh ar fhéaghadh dí,
is maith thú má léigir Séamus slán duinn.
A ghleacaigh na ngleó gé gur león an bás thú,
a chaithmhílidh dhreach-nálainn do chonnairc mé lá thú,
is do dheaghla thrí dtriúr ní dhiúltfá an t-áth dhóibh,
is dá gcuirfeadh a nguaille do chomhar go dtiocfá slán uatha.
Fear mar Hearcuil na mbuadh thú i gcruas gach gábhaidh,
nó mar Hector fán Traoi ag dío-chur náimhde,
nó mar chú na hEamhna thug geall, fán Tánaidh;
is samhail Fir Dhiadh i ngliaidh go gáibhtheach thú.



VII
Fear mar leanbán re fann-lag do ghnáth é,
fear mar uan chum truagh do thárrtháil
an mheirge bheódha chródha chráibhtheach,
mar Pharis mhac Prímh sa tslighe dá dtarla.
Gé budh líonmhar teacht cíosa ó thíortha 'na lámha,
budh tighearna ar muir é, budh mhinic ar sáile,
's dá dtéigheadh fearaibh Éireann mar aon leis san áibhéis
nár bhaoghal do neoch dhíobh basgadh ná báthadh.
Budh síothchánta Neptune ag taisdeal 'na mbárc dhó,
's bhíodh Aeolus agus Boreas gach uair go sáimh dhó,
agus deabhtha na mara ní lamhadh bheith dána
ó théigheadh sé ar tuinn go dtilleadh chum tráighe,
is tá mo dhóigh mór go dtug an Cóimhdhe grádh dhó.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services