Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1841
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


XVII. AN CAILÍN BÁN.



Ag gluaiseadh amach damhsa maidin shamhraidh
'Sé chuala mé an channtáil 's na ceóltaidhe binn,
Ag gach éan dob aille a' fagháil buaidhe air a chéile,
An londubh 's a' smaolach 's a' nightingale.
Bhí caoirigh a' méalthaigh agus uain a léimnigh,
Ag déanamh pléisiúir do mhíle grádh;
Bhí cnuic a' réabadh le teas na gréine
Ag moladh sgéimhe mo chailín bán.



II.
Ó fhíor-bhárr 'sé chonairc mé an stáid-bhean
A coiscéim státamhail ró-shásta romham,
Réult na maidne gan choc gan lása,
. . . A fuais gift ón nádúireacht a chuir uirthi coróin.
Budh ghile a croiceann ná an sneachta b'áille,
Ionná an eala snámha air a'loch le stát;
Bhí dearcaint mhómhar ina súile ómra,
'S ní fhacas leithide mo chailín bán.



III
Budh bhinne a glórthaidh ná flute is orgáin,
Ná Apollo béul-bhinn ná Orpheus mín;
Budh mheillse liomsa an tseoid ag caint liom
Ná stór na Frainc agus ór an tsaoghail.
Shiubhail mé an Ásia 's cuid mhór d'Arábia,
ó Thransilbhénia go hOlympus breágh,
Insa méid sin réagún, 's dá ndéarfainn Éirinn,
Ní fhacas leithide mo chailín bán.



IV
Dá mbéinn mar Hector nó Alexander,
Nó 'm impire, India b'í so mo fheidhm:
Mo choróin go hiomlán go dtiúrfainn gan roinn díth
'S nach n-iarrfainn mar chompórt acht stór mo chléibh.
Mo chréatúr alainn, sgéimh gach nádúire,
'Tá súgach sásta deas díreach árd,
Go bfuil sí le chéile mar obair chéir bheach,
'S ní fhacas leithid mo chailín bán.



V
Gay, Pope is Dryden, an triúr i n-aoinfheacht,
Cha chuirfeadh a tréartha 'lic síos air dóigh;
An péanntóir is snasta cha ndéanfadh a leithide;
Air gach filidh foghluimte go dtug sí buaidh.
Homer eagnaidhe 's a pheanna tréitheach
Air a ciall 's air a méin mhaith gur sgriobh sé a lán;
An chuilim nó an eala, an t-uan nó an phoenix -
Gur deise liom féin go mór mo chailín bán.



VI
Ó thús, tráth chonairc mé í, leis an fhírinn innsigh,
Chuir a ciall 's a simplidheacht oram stráic;
Tháinic Ciúpid timchioll annsin i gcinnteacht,
Lena shoighde tinntidhe ghoin sí in mo lár.
A bhlánairt mhaiseach, tabhair cabhair gan mhoill domh,
'S gurab é dearcadh do mhall rosg d'fhág mé faoi smál,
A phlannda is deise ariamh dár hinnligeadh,
Gan do chabhir nó compórt go bhfuigh' mé bás.



VII
A ainndhir álainn, tabhair damhsa párdún,
Agus freagair go sásta insa gceist so anois -
"An duine saoghalta thú nó naoimh-bhean áird-ríogh,
A tháinic mar bhláinirt anois 'nar measg?
An tú Aurora nó an dia-bhean Flora
Nó an tú Adonis a fuair sgéimh an tslóigh?


L. 9


Nó an tú Helen sgiamhach fá dtug Diomedes
Don iomad géur-ghoin ag cuan an Tróidh?"



VIII
'Sé dubhairt sí liomsa go ciúin is go céillidh:
"Ná bí dom bhréagnugadh, a bhuachaill óig.
Is fearr liom fanacht seal gan chéile
Nó go bhfuigh' mé pléisiúr is a thuilleadh spóirt.
Dod chomhrádh cumainn go dtug mé spéis mhór
'S duit féin i n-éinfheacht, a mhíle grádh.
Is é is ainm damhsa "Polaidh bhéusach"
Ó Chootehill aedhearach nó "an Cailín Bán"."



IX
Le méad mo lúthgháire ní thiocfadh liom innsigh
Nuair a fuair mé 'un cainte le mo mhíle grádh -
'Sé dubhairt mé léithsan go socair simplidhe
Go raibh cóir gan mhoill againn araon le fagháil.
Go raibh tír is talamh is Jove na séud linn
'S fortacht araon againn air muir 's air tráigh,
Go gceanglochadh Hymen le toil na cléire
Mé féin le cheile 'gus mo chailín bán.



X
Ó thathaighe daoine 'sé thóigfead árus
'S cha bhíom 'mo raca a choidhch' níos mó,
Gach neóin 's gach maidin a' smuaineadh ort, a óig-bhean,
'S má ghní tú m'atharrach cha bhíomsa beó.
A' meabhrughadh ortsa go mbiad go cinnte,
'S na plánóidigh in m'inntinn, a mhíle grádh,
Agus nuaidheacht freisealta ag tíacht 'mo thimchioll
Ua shíol na bprionnsaidh, mo chailín bán.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services