Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Targaireacht Bhriain Ruaidh Uí Chearbháin agus Stair-Sheanchas le Cois

Title
Targaireacht Bhriain Ruaidh Uí Chearbháin agus Stair-Sheanchas le Cois
Original Title
Red Brian Carabine's prophecy and other interesting historical matter
Author(s)
Bailithe ag Micheál Ó Tiománaidhe,
Compiler/Editor
Ó Tiománaidhe, Micheál
Composition Date
1906
Publisher
Gill, M.H. / Gaelic League

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TARGAIREACHT BHRIAIN RUAIDH UÍ
CHEARBHÁIN



Rugadh agus tóigeadh Brian Ruadh Ó Cearbháin i
mBaile na h-Inneona, i n-aice le h-Inbhear, i n-Iarros,
agus bhí a theach comhnaidhthe ins an bhFál Ruadh, i ngar do
chladach na fairrge. Duine macánta nach raibh saidh-
bhreas mór aige, acht mar an choitcheanntacht badh eadh é,
agus ní raibh fios roimh ré aige i dtús a shaoghail acht mar
bhí ag gach uile dhuine eile dh'á raibh i leath-bharúntacht
Iarruis, nó go dtí an bhliadhain 1648.



Ní raibh éan bhóthar ag dul go h-Iarros ins an tráth
sin, agus thóigfeadh sé trí lá é, ó d'fhágfadh sé a theach
féin ag dul thart le bruach fairrge sul a mbeadh sé i
mBaile Nuadh Tír Amhalghaidh; is ann a d'íocadh sé an cíos
le Iarla Árann, oighre dúithche.



Lá dh'á dtáinig Brian ag íoc cíosa, bhí baintreabhach
bhocht roimhe ins an oifig a raibh muirighin lag mar chúram
uirthi, agus ní raibh greim aici le tabhairt dóbhtha acht
bainne na bó, mar bhí beatha gann an bhliadhain sin,
agus dá dhonacht dá raibh an bhliadhain chaithfeadh an
tighearna an cíos 'fhagháil.



Bhí a gcuid cíos' íoctha ag na tionóntaí go dtáinig sé
go dtí an bhaintreabhach, agus ba as éan bhaile le Brian
í, agus nuair a ghlaoidh an tighearna ar a hainm, d'iarr
sí spás air ins an gcíos nó go dtigeadh a slighe isteach,
agus dubhairt sí leis nach raibh seibhte ar bith aici le n-a
cuid páistí a thógáil acht bainne éan bhó amháin a bhí aici.



“An bhfuil éan duine agat a rachas i mbannaí ort?”
do ráidht an tighearna. “Ní'l,” ar sise, “acht Dia.”


L. 4


Bhí baramhail ag an mhnaoi bhoicht nach bhfuigheadh sí éan
duine a rachadh i mbannaí uirthi. “Cuirfidh mé Dia i
mbannaí orm go n-íocfaidh mé a leitheid seo de lá thú,”
ar sise. “Is maith liom fear eile fhagháil i gcuideachta
Dé,” ars an tighearna.



Bhí Brian Ruadh i láthair agus ghabh sé truagh mhór do'n
mhnaoi, agus nuair a chonnaic sé an bhaintreabhach bhocht
ag gol gan í fagháil bannaí ar bith, ní dhearna sé acht a
lámh a chur i n-a phóca agus an cíos 'íoc dhí, agus dubhairt
se go nglacfadh sé féin bannaí Dé.



Bhuail aithreachas an tighearna agus dubhairt sé go
nglacfadh sé féin Dia i mbannaí annsin nuair a bhí an
t-airgead íoctha ag Brian leis, acht dubhairt Brian
nach raibh éan chall leis, go raibh an t-airgead íoctha aige
féin.



Thug an bhaintreabhach bhocht a seacht míle beannacht ó
n-a croidhe ar a dhá glúin, do Bhrian Ruadh ó Cearbháin
agus d'imthigh sí a-bhaile. Ba bean uasal as Ionndainn
a bhí ag Iarla Árann mar chéile, agus ghlac sí buidheachas
mór le Brian i dtaobh a dheagh-chroidhe théagaraigh, mar
d'fhóir sé do'n bhaintreabhaigh uair a hanró.



D'umhluigh Brian do'n mhnaoi uasail, agus, ar seisean,
“cuirfidh an t-Athair uile Chumhachta a dhá oiread in mo
bhealach mar glac mé mar bhannaí É, thar éis d'fhear-sa
A dhiultughadh, agus ní'l éan deor dhár sheil an bhain-
treabhach bhocht le n-a croidhe cráidhte nár thuit gach uile
dheor aca ag cosaibh Ríogh na Glóire i n-A chathaoir
ríoghdha i nglóir na bhFlaitheas, agus gheobhaidh sise nó
mise éiric as gach uile dheor aca sin.”



Bhí na tionóntaí ag sgapadh annsin, 'ch uile dhuine ag
dul a bhealach féin, agus d'imthigh Brian mar an gcéadna,
agus rinne sé aith-ghiorra trasna píosa mhóir sléibhe,
agus nuair a bhí sé leath-bhealaigh chun a thighe féin tháinig


L. 5


marbhtha-chodlata air, agus bhain sé a chóta mór dhe agus
chuir sé faoi n-a cheann é, gur chodail sé támh.



Bhí bos a láimhe faoi n-a leiceann, agus cébí tráth a
raibh sé i n-a chodladh níor tháinig leis a rádh, acht tháinig
aisling air, agus ins an aisling dubhradh leis, an nidh a
gheobhadh sé i muichille na láimhe deise de'n chóta a chur i
dtaisge go cúramach, agus gan amharc a thabhairt do
mhnaoi ná do pháiste air, ná d'éan neach acht dhó féin.



Bhí cúrsaí na h-Éireann — an méid a bhí le déanamh
ó'n lá sin go dtí críoch an domhain — go so-thuigsinte
dhó-san clodhbhuailte ar an áilleacán a fuair sé i
muichille an chóta mhóir, nuair a dhúisigh sé, agus gach uile
uair a ndearcfadh sé air go bhfuigheadh sé fios ar olc is
ar mhaith a bhí le teacht ar an saoghal, agus bhí na soillsí
ba bhreághachta dh'á bhfaca sé riamh ag teacht uaidh.



An chéad targaireacht a rinne sé, dubhairt sé go
mbeadh teach mór ar gach cnocán; droichead ar gach
fiodán; buataisí ar na brealláin, agus Béarla ag na
tachráin.



Dubhairt sé go ndéanfaidhe bóithre mine ar fud na
h-Éireann; go ndóighfeadh coinneal leith-phighne airgead
na h-Éireann uilig; ní raibh éan pháipéar punnta ag
imtheacht an uair sin, ná eolas ar bith aca ionnta, ginidh-
eacha buidhe a bhí ann agus airgead glas agus airgead
ruadh.



Dubhairt sé go gcuirfidhe droichead miotail ar abhainn
na Daoile ag Crois-mhaoilfhíona, agus go gcuirfidhe droichead
Lóbáin ar abhainn na Muaidhe i mBéal an Átha, agus go
gcaillfidhe suim daoine go fóill leis, agus go dtiocfadh
an saoghal nuair a bheadh droichead ar gach sruthán.



Dubhairt sé go mbeadh hataí ar na tachráin, agus go
dtiocfadh saoghal na mban óg gan náire.



Dubhairt sé go dtiocfadh na cruacha cáithe, agus go


L. 6


dtiocfadh ar shliocht oighre dúithche clann Sheaghain, duine
a dhóighfeadh an méid tighthe a bheadh ó Chrois-mhaoilfhíona
go Bearna na Gaoithe le coinnlí dubha, agus go mbeadh
bóthar ar gach bogán, agus go mbeadh súile ribe ar na
bóithre.



Dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair a bheadh rotha
iarainn ar chóistí teineadh ó dheas agus ó thuaidh, agus
go mbeadh na clocha ag cainnt ar na bóithre. Sin iad
na clocha míle.



Dubhairt sé go dtiocfadh na liatha luatha agus go
dtiocfadh an lá a séanfadh duine a bhó i n-a dhoras féin;
go dtiocfadh dhá ní eile, gur dhaoire an falach ná an rud
a bheadh istigh ann; go mbeadh claidhtheacha ar na bóithre,
agus geataí ar na cros-bhóithre le lucht treaspáis a
choinneál siar.



Dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair nach mbeadh bláth
ar an bhfraoch, & go mbéarfaidhe fear i gCúige Mumhan,
agus go mb'fheairrde d'Éirinn gan a bhreith.



Dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair ba charadach an
mac a bhéarfadh greim bidh dh'á athair, agus thiocfadh nidh
eile is measa — béidh na measa ghá dtomhas dubh.



Dubhairt sé go ndéanfaidhe droichead ar an Abhainn
Mhóir ag Comhraic, agus nach gcríochnóchthaoi choidhche é.
Tá sé amhlaidh. Tá cloch amháin le cur ann go fóill,
agus atá sé mar sin ó rinneadh é, agus ní fhuil misneach
ag duine ar bith an chloch sin a chur air — mar atá con-
tabhairt ann is dóigh.



Dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair a bheadh na
daoine ghá gcur i bpríosún, gan choir gan cháin, agus go
mba chríonna an fear a rachadh thar fairrge, agus go
dtiocfadh bliadhain an óir agus bliadhain an bhróin i n-a
dhiaidh, bliadhain bheagh eile nó dhó, agus is beag a bhéas
beo i n-a ndiaidh.


L. 7


Dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair a bheadh lán
adhairce d'ór ar bhuin, agus go rachadh an rón glas
trasna cnuic an Tearmainn, agus an fear a mharbhóchadh
é nach gcomhlíonfadh sé an bhliadhain, agus b'fhíor dhó, do
thárla sé.



Thug a mhac leis leabhar agus thoisigh sé ag sgríobhadh
gach focal d'á raibh Brian a' ráidht, agus tháinig an bheirt
amach an bealach thríd an mbogach ag tarraingt ar Thír
Amhalghaidh, agus adubhairt Brian le n-a mhac —



“Béidh bóthar mine déanta ar an áit atá tú in do
sheasamh go fóill, agus béidh cóistí agus carranna ag rith
ann, agus rachaidh sgéal i mbárr bata níos tapaidheachte
ná thiocfadh seabhac ins an aer ó Bhaile Átha Cliath go
Cuan an Fhóid Duibh.”



Níor thuig a mhac a chuid cainnte, & chaith sé a leabhar i
bpoll garbh-bhuaice, agus adubhairt sé, “Ní fhuil éan-
chiall agam-sa atá ag tabhairt áirde ort.”



I dtaobh na mbóithre mine, tháinig an targaireacht isteach
fírinneach go maith, i n-áit íocaidheacht 'fhagháil i n-air-
gead ag lucht oibre ar na bóithre is min fuaras ins an
droch-shaoghal, agus go minic ó shoin, agus sin é an fáth a
nglaoidhtear bóithre mine ortha; agus ó fuair Brian an
t-áilleacán seo bhí a cháil ar fud na tíre ar fad.



CAIB. II. — AN LONG MHAOL



Lá dhár éirigh Brian, agus nuair a bhí a chéad phroinn
caithte aige, agus é gléasta chun siubhail, dubhairt sé le
n-a mhnaoi go rachadh sé go haonach Bhaile Nuaidh chum
beithidhigh a cheannach. “Cá bhfuighidh tú an t-airgead?” ar
sise leis. “Nach fada siar an rud a chuireas Dia aniar?”
ar seisean.


L. 8


Chuaidh sé chun an aonaigh agus bhí Ultach annsin a raibh
sealbhán mór bulán aige gan díol, agus d'iarr sé ar
Bhrian a gceannach.



Arsa Brian, “Ní fhuil éan airgead agam-sa le go
gceannóchainn iad. Dubhairt an t-Ultach leis go dtiubh-
radh sé cáirde dhó leis an airgead 'íoc, agus chuir sé chomh
cruaidh ar Bhrian gur thóig sé na beithidhigh uaidh, agus
dubhairt sé leis an Ultach é bheith i n-a theach a leitheid seo
de lá, agus go mbeadh an t-airgead aige le tabhairt dó.



Tháinig an t-Ultach faoi dhéin a chuid airgid go teach
Bhriain ar an bhFál Ruadh an lá dubhradh leis a theacht.
Chuir Brian fearadh na fíor-chaoin fáilte roimhe, agus thug
sé dinnéar maith dhó, agus nuair a bhíodar sgathamh ag
comhrádh, dubhairt bean Bhriain, “Céard a dhéanas tú
anois, ní fhuil pighinn airgid agat le tabhairt do'n fhear
seo?”



Dubhairt an t-Ultach le Brian, “Thug mise turas
fada annso, agus shíl mé go mbeadh luach na mbeithidheach
agat le tabhairt dom.” Adubhairt Brian, “Ar m'fhírinne
níl sé agam, go gcuiridh Dia chugam é.”



Níor thaithnigh an comhrádh sin leis an Ultach chor ar bith,
mar shíl sé gur ag magadh faoi bhí Brian, agus tháinig
gruaim air, agus nuair a bhí sé ag tarraingt ar am
codlata dubhairt Brian leis, “Téiridh a chodladh a fhir
chneasta, atá do chuid airgid an taobh ó thuaidh d'Albain
an móiméid seo.”



Rinne an t-Ultach smaoineadh nach raibh tada le fagháil
aige, agus chuaidh sé a chodladh brónach go leor.



Adubhairt Brian leis roimh an lá, “A' bhfuil tú in do
chodladh a ghiolla thuas?” “Nílim anois,” dubhairt an
t-Ultach. “Gabh amach chun an dorais,” arsa Brian,
“agus breathnuigh ar an bhfairrge agus féach an bhfuil
rud ar bith ag teacht uirthi.”


L. 9


Bhí sé i n-a lán-ghealaigh, agus sheas an ceannachóir
amuigh, agus dubhairt sé go bhfaca sé mar bheith éan i
bhfad uaidh agus adubhairt Brian leis, “Bí ag amharc
ar sin go bhfeicidh tú cia'n áit a bhfuil a thriall,” “Tá
sé ag tarraingt ar an gcaladh,” ars an ceannachóir, “is
cosamhail le luing mhaoil é.”



“A' bhfuil sé i bhfad ó'n gcladach?” arsa Brian.



“Tá sé ag déanamh isteach air, i n-aice an chalaidh,”
ars an ceannachóir.



Tháinig an long mhaol isteach i lár na hoidhche ins an
gcuan, gan éan ghabháil uirthi, le hais tighe Bhriain, mar
thiocfadh long faoi dhraoidheachta.



“Béidh neart airgid ar ball againn,” arsa Brian.
“Bíomar ag dul síos, ins an luing mhaoil sin atá luach
do chuid bulán,” agus níor fhan sé leis an luing mhaoil
an cladach a bhualadh gur chnap sé ioscada a bhríste go
dtí a dhá ghlúin, agus go ndeachaidh sé amach i n-aircis
na luinge maoile.



Fuair sé bosca mór fada leathan, agus domhain ar
bhord na luinge maoile, agus eochair sáidhte i bpoll an
ghlais, agus chas sé an eochair, agus bhain sé an glas
agus d'fhosgail sé an bosca, agus bhí sé lán de ghinidh-
eacha buidhe go dtí an béal; chomhair sé amach as an
mbosca luach a chuid bulán chuig an Ultach. Dhruid sé
an bosca, agus chas sé an eochair tuaitheal aríst, agus
d'imthigh an long mhaol amach an bealach céadna.



“A dhuine gan chéill,” ars an t-Ultach le Brian,
“goidé'n fáth a ndearna tú sin, ó tháinig sé chugat
isteach nár choinnigh tú uilig a léir é?”



“Ní raibh ag teacht chugam-sa acht an méid sin, agus
bhain mé mo theastáil as,” arsa Brian. “Tá sé sin ag
dul go cúig cúigear eile go fóill.”



Bhuail an t-Ultach an bóthar go lán-tsásta ag tar-


L. 10


raingt a-bhaile & an t-airgead leis; agus sul dár shroich sé
an baile tháinig na gadaidhthe air, ar a bhealach, acht
d'éirigh leis an t-airgead a chur i bhfalach, mar b'í an
oidhche a bhí ann, agus 'sé an áit a chuir sé é, ar thaoibh
chnocáin, agus ní raibh éan chomhartha aige air acht comhartha
fánach, agus thar éis na ngadaidhthe imtheacht, chuaidh sé
ag tóraidheacht an airgid, agus sháruigh sé air cnocán an
airgid fhagháil, mar nach raibh éan chomharhta aige air acht
comhartha na gealaighe, agus b'éigean dó filleadh ar ais
chuig Brian.



Nuair a bhí an t-Ultach ag cur a chuid airgid i bhfalach
bhí an ghealach ag sgalladh, agus shíl sé go mba comhartha
maith dhó agus dhá chuid airgid an ghealach a bheith ag
sgalladh ar an gcnocán i n-a raibh sé i bhfalach, acht ar
ndóigh bhí an ghealach ag sgalladh ar gach uile chnocán
thart timcheall air an tráth céadna.



Ní raibh an t-Ultach i bhfad i dteach Bhriain gur thuit
sé i ngrádh le inghin spéireamhail a bhí aige, agus thug
sise grádh dhó mar an gcéadna, agus pósadh an lánamhain,
agus bhí bainfheis aca ar feadh seachtmhaine, agus bhí
saidhbhir agus daidhbhir ann ag ithe agus ag ól, ag déanamh
siamsa agus grinn, blas na meala ar gach éan ghreim,
agus gan dhá ghreim ar éan bhlas, agus gan éan ghreim
tur.



Dubhairt Brian le n-a mhac a dhul chun a leitheide seo
d'áit, agus go bhfuigheadh sé airgead an Ultaigh; chuaidh
an mac ann mar do hórduigheadh dhó, agus fuair sé an
t-airgead ar thaoibh an chnocáin, agus thug sé do'n
Ultach é, agus chuir sé faoi annsin, agus dubhairt Brian
leis go dtiocfadh sliocht sagairt ar a threibh go fóill — Ó
Conmhacháin bhí mar shloinne air.



Do b'fhíor do Bhrian sin mar tháinig ar a sliocht
muirighin cloinne, agus nuair a mhéaduigheadar sgapadar


L. 11


ar fud na tíre, agus ó'n tráth sin go dtí an tráth atá
láithir is iomdha sagart a bhí agus atá againn de'n
tsloinne sin — 'sé sin Ó Conmhacháin. Bhí inghean ag an
Ultach, agus bhí sí chomh breágh sin gur thug muinntir na
tíre “Áilne na Gréine” uirthi. Pósadh “Áilne na
Gréine” le fear de mhuinntir Dhomhnaill, agus tá an
bunadh sin anois fairsing ar fud na tíre, agus atá
sagairt agus easbog againn de'n tsloinne céadna, &
sílim léir sin go dtuigfidh an léightheoir go raibh clár
na fírinne i mbriathra Bhrian Ruaidh Uí Chearbháin.



Dubhairt an sagart paráiste — ag a raibh Brian ar
dtús — leis an bpobal, gan éan áird a thabhairt air,
agus go mbadh é a díchéille a bhí air, agus d'fhan Brian
nó go dtáinig an pobal amach gan labhairt, agus annsin
dubhairt sé leo gan éan áird a thabhairt ar an sagart,
agus go mbadh é an mac tíre i gcraiceann na caorach é.



“Ná creidigidh éan fhocal de'n mhéid a déaras mise
chomh fhad 's bhéas mé beo,” arsa Brian, “mura mbéidh
an sagart sin iompuighthe i n-a mhinistéir leis an team-
poll gallda i mBaile Chill Alaidh ceithre seachtmhaine
ó'n lá indiu.”



D'fhan na daoine le foighid nó go dtáinig an lá, agus
nuair a tháinig, bhí an sagart iompuighthe, mar a dubhairt
Brian; as sin amach chreid siad é, agus chuaidh a cháil
amach ar fud na tíre go raibh sé saidhbhir i ndiaidh an
bhisigh a bhí i n-a chuid beithidheach aige ar feadh na bliadhna.



Chuaidh sé ag amharc ar an áilleacán aríst, agus thug
a bhean faoi deara go mbíodh sé ag tarraingt ar an
mbosca go minic, agus go gcaithfidh go raibh nidh cúramach
aige ann, agus nuair a chuaidh Brian chun an tseomra
bhí a bhean suas i n-a dhiaidh, agus nuair a dhearc sé ar an
áilleacán bhí a bhean taobh thiar dhe, agus dhearc sise
amach thar a ghualainn, agus chonnaic sí radharc ar choir-


L. 12


néal de'n áilleacán, agus an méid a chonnaic sí dhe,
d'éirigh sé chomh dubh le gual ceardchan, agus níor dheall-
ruigh sé nidh ba mhó.



I gcionn tamaill i n-a dhiaidh sin dubhairt a mhac go
dtosóchadh sé ar theach úr a fhorgaint.



“Ná tosuigh,” ars an t-athair, “go dteasbánaidh mise
dhuit an áit a dtosóchaidh tú.”



Chuaidh Brian amach agus láighe leis ag glanadh luirg
an tighe. “Tosuigh annso,” ars an t-athair, ag teasbáint
na háite dhó a dtosóchadh sé.



Nuair a ghlan an mac go dtí an chéad choirnéal fuair
sé soitheach ar dhéanamh bosca lán le ginidheacha óir. Bhí
sé bródamhail go maith annsin faoi'n ádh mór do chuir
Dia i n-a bhealach.



Ars an t-athair leis, “Gabh thart le gréin go dtí an
coirnéal eile, agus b'fhéidir nach fearr an coirnéal sin
ioná an coirnéal eile.”



Fuair sé soitheach eile ag an darna coirnéal lán d'ór
mar an gcéadna.



Dubairt se leis toisiughadh aríst go dtéidheadh sé go
dtí an treas coirnéal. Rinne sé mar dhubhradh leis, agus
fuair sé soitheach eile ann lán d'ór; lean sé do'n obair
nó go dtáinig sé do'n cheathramhadh coirnéal, agus fuair
sé soitheach eile óir annsin.



Ní raibh cuimse ar a chuid saidhbhris annsin; ní raibh
meas ar leathar stainín aige le haghaidh a chuid bróg nó
go bhfuair sé péire buataisí árda de leathar na Spáinne.



CAIB. III, — PÓSADH AN MHIC AGUS BÁS BHRIAIN.



“Anois, a bhean thall,” arsa Brian le n-a mhnaoi,
pósfaidh do mhac bean uasal; ní bhéidh sásamh ar bith


L. 13


aige i mnaoi thuaithe a phósadh go pósaidh sé bean uasal,
agus is gearr a bhéas siad pósta go mbéidh sí ag fagháil
droch-mheas air nuair nach bhfuil sé i bhfuil chomh honórach
léithi féin.”



Anois nuair a bhí saidhbhreas as cuimse aca rinne
mac Bhriain smaoineadh ar pósadh, agus b'fhíor do'n
athair, ní raibh meas ar chailíní na comhursanacht' aige.
Facthas dó nach rabhadar sáthach maith dhó go bhfághadh sé
bean uasal, acht dubhairt an t-athair leis go mb'fhéidir
go mbeadh sé chomh maith aige an cailín aimsire bhí ar a
urlár a phósadh.



Níor ghlac sé comhairle a athar, mar phós sé thar a
chros, agus fearacht a lán ógánach eile a chuireanns
spéis i gcailíní árdnósacha péacacha, níor éirigh leis,
mar seal gearr thar éis é an bhean árd-uasal seo a
phósadh, thosuigh sí ag cathadh droch-mheas' air, ar an ádhbhar
gur chas sí leis go mion is go minic nach raibh sé i bhfuil
chomh honórach léithi féin.



Mar gheall ar a mío-stainnc agus ar a comh-intinn
bhuirb b'éigean dó imtheacht uaithi ar feadh tamaill nó
gur thraoi a fearg, agus gur imthigh beagán de'n uabhar
dhi, agus ba bhuidhe bocht léithi é a theacht ar ais, agus an
tráth ar fhill sé, bhí lúthgháir mhór ar a athair, mar ba
mhian leis iallach a chur ar a mhac a thargaireacht a
sgríobhadh i riocht go mbeadh sé ag na daoine thar éis a
bháis.



An tráth a bhí Brian ag iarraidh an tsagairt ní raibh
cosamhlacht bháis air, mar nach raibh sé tinn, agus shíl na
daoine gur éadtrom cinn a bhí air, acht níor bh'eadh, mar
bhí fios aige ó Righ na Glóire go raibh a sheal caithte ar
an saoghal seo, agus go raibh áit ag fanacht dhó i gcúirt
na n-aingeal i bhFlaitheas síorraidhe na ngrásta, agus
ar an ádhbhar sin d'agair sé a mhac a dhul i gcoinne an


L. 14


tsagairt dó, go raibh sé i n-Inis Géidhe, agus nach
bhfuigheadh sé bás go dtigeadh sé.



Chuaidh marcach i gcoinne an tsagairt annsin dó. Las
sé teine ar chnoc an Tearmainn, mar chomhartha do'n
tsagart, agus tháinig sé amach as an oileán nó go gcuir-
eadh sé an ola dhéidheanach ar Bhrian.



Ní raibh éan bhóthar ann an uair sin acht ag siubhal
thríd na móinte agus thríd na portaigh. Bhí bealach fada
rompa go dtí teach Bhriain, agus ní fada chuaidh siad go
ndeachaidh capall an tsagairt dh'á báthadh, agus sgoith sí
crudh, agus dubhairt Brian, “Dia agus Muire agus
Pádhraig linn, a shagairt, agus crudh sgoithte ag do
chapall,” agus é ag saothrughadh an bháis ar a leabaidh.



D'fhiafruigh a bhean de goidé'n fáth ar dhubhairt sé sin,
agus adubhairt sé léithi, “Chuaidh sé gar go maith do'n
tsagart ar an gceis ghairbh anois, agus sgoith a chapall
crudh.”



Nuair a bhí an sagart ag teacht ag caladh na trágha
baineadh truisle as a chapall, agus níor mhór nár
cuireadh as an diallaid é. Bí sé i bhfuisgeacht míle de
theach Bhriain an tráth sin.



“Goirm agus coisreacaim thú.” arsa Brian. Arsa a
mhuinntir, “Tá sé ag rádhmhaillidhe.”



I gcionn tamaill i n-a dhiaidh sin nuair a bhí an sagart
ag árdughadh ag binn an tighe i gcomhrac na trágha agus
an chladaigh, baineadh truisle eile as an gcapall, agus
cuireadh an sagart amach as an diallaid, agus d'fhóbair
go mbrisfidhe a mhuinéal.



“Dia agus Muire agus Pádhraig linn,” arsa Brian,
“agam féin thú as gach uile olc agus urchóid,” agus gan
é ag amharc ar an sagart ag tidheacht chor ar bith, agus
nuair tháinig sé isteach badh é Brian an chéad duine a
chuir fáilte roimhe, agus bhí beagán feirge air nuair a


L. 15


chonnaic sé Brian i n-a shuidhe ag cainnt agus ag comh-
rádh leobhtha.



“Cad chuige gur chuir tú fios orm-sa?” ars an sagart
leis, “agus gan cosamhlacht tinnis ar bith ort?”



Arsa Brian, “Déan deoch dhuit féin ar dtús, agus
beannuigh é. Níor mhór dhuit mise agat anocht, nó bhí tú
i gcruadh-chás.” D'innis Brian do'n tsagart 'chuile áit
ar baineadh truisle as an gcapall. “Chuaidh tú thríd
ghábhadh mór anocht. Sgoith do chapall crudh ag an gceis
ghairbh nuair bhí sí ghá báthadh. Cuir duine faoi n-a dhéin
agus gheobhaidh sé é.”



Dhearc an sagart ar a chapall, agus b'fhíor do Bhrian,
fuair sé i n-uireasbhaidh cruidh í. Chuir sé duine ar ais,
agus fuair sé an crudh.



Dubhairt Brian leis an sagart, “Chomh luath agus
bheannóchas tú deoch dhuit féin, gabhfaidh tú amach chun an
tighe sin amuigh; atá sgata ban ag sníomhachán ann, agus
an cailín óg atá i n-a suidhe ag doras an tseomra ag
cárdáil, abair léithi í féin a ullmhughadh, nó go gcuiridh
tú an ola uirthi; gheobhaidh sí sin bás romham-sa.”



Níor labhair an sagart, acht chuaidh sé amach, agus
d'orduigh sé do'n mhnaoi óig í féin a ullmhughadh nó go
gcuireadh sé an ola dhéidheanach uirthi. Rinne sí mar
dhubhradh léithi, agus cuireadh an ola uirthi, agus shíoluigh
sí ar an mball sin.



Chomh fhad 's bhí an sagart ag cur na hola déidheanaighe
ar an gcailín bhí Brian & a mhac ag comhrádh, agus é ag
sgríobhadh briathra Bhriain mar aigisín leis an méid de'n
targaireacht a bhí sgríobhtha aige roimhe sin, agus ins an
tráth céadna tháinig bean bhocht isteach, agus bhain an
mac spailleadh aisti. “Éist léithi,” arsa Brian, “béidh
cuid de do bhall féin curtha seacht mbliadhna romhat
féin, agus bhí, mar chaill sé méar a láimhe i n-a dhiaidh


L. 16


sin, agus cuireadh sa' talamh í, agus nuair a chualaidh an
mac an méid sin chaith sé an targaireacht ins an teinidh,
agus dóigheadh é.



D'fhág sin muinntir na hÉireann gan targaireacht
Bhriain Ruaidh Uí Chearbháin a bheith sgríobhtha aca nuair
a chaith a mhac an chéad chuid de ar sgríobh sé i bpoll
garbh-bhuaice, agus an darna cuid ar sgríobh sé, chaith
sé isteach sa' teinidh é, agus ba mhór an truagh sin, mar
tháinig furmhór de'n targaireacht isteach fíor.



Nuair a tháinig an sagart ar ais go teach Bhriain,
dubhairt sé gur mór a bhí na daoine ag dul amudha nár
thug creideamhaint d'á chuid cainnte, agus é thógáil síos
ar pháipéar, agus go mbeadh gach cúis dh'á mbainfeadh le
hÉirinn go so-thuigsinte aca.



“Anois,” arsa Brian leis an sagart, “tá mise réidh
faoi do chomhair.” Chuir an sagart an ola dhéidheanach air.
Chomh luath agus bhí sé réidh leis, shín sé siar agus
d'éag sé.



Ní raibh éan tslighe leis an targaireacht seo fhagháil
acht ó bhéal na ndaoine, agus sin é an chaoi a bhfuair
mise é.



Mar atá inniste agam cheana gur chuir mac Bhriain
an méid de'n targaireacht a bhí sgríobhtha aige ó rath
agus meireach go ndeachaidh mise ag cuartughadh, agus
go bhfuair mé an méid seo bheadh sé faoi'n bhfód mar
atá an méid a mhill a mhac. Fuaras an méid de'n tar-
gaireacht atá annso ó thriúr seanchaidhe fad-cheannach,
meabhrach, geal-intinneach — siad sin 'Liam Pléimeann,
Leath-árdán; Séamus Mac Enrí, Inis Bigil, agus Seaghan
Ó Conmhacháin, Tolachán, Dubh-Thúma; agus d'á laghad
an méid seo féin coinneóchaidh sé ainm Bhriain Ruaidh Uí
Chearbháin i gcuimhne chomh fhada 's bhéas an saoghal ar
suidheachan, le congnamh Dé.


L. 20


NÓRA GHEAL tSÉIMH, INGHEAN ANNRAOI.



Tá duibhthean ar ar spéir,
Ar an ngealaigh is ar an ngréin,
Is an fhairrge seo go léir in mo thimcheall;
Is gan annsiúd uilig a léir,
Acht mar gheall ar an sgéimh,
Bhí ag Nóra gheal tséimh, inghean Annraoi.



A annsacht is a shiúr!
Is a réalta maidne thríd an gceo!
Ag a dtug mo chroidhe istigh mórán spéis' duit;
Is gur gheall tú a bheith romham,
Faoi choillte árda dlúith',
Nó go gcuirimís ár gcomhairle i n-éinfheacht.



Anois ó d'athruigh tú cúis,
Is go bhfuil fear eile agat romham,
A stóirín! atá mo chroidhe istigh dh'á réabadh;
Acht chomh fhada 's mhairfeas mé beo choidhche,
A théagair! ní rachaidh mé chun do thighe,
Ná ní dhearcfaidh mé ins an taoibh i mbéidh tú.



Nach moch is nach neoin!
Ghuilim féin mo dheor,
Is ghním osna mór in do dhiaidh-se;
Is tá fhios ag Righ na nDeoil,
Nidh nár chan mé riamh go fóill,
Nach bhfuil fhios go mór fios m'ádhbhair.



Dheamhan sin cailín óg,
Dhár luaidheadh liom-sa riamh go fóill,
D'fhágaidh leath-oiread leat bróin ar m'intinn;
Acht fan thusa, a mhíle stóir!


L. 21


Go mbéidh agam ceannach bó,
Sin is mo dhóthain éadaigh.



Nach fada ó fuair mé seans
Ar an gcailín a bhí ins an ngleann?
Sin is a fagháil le pósadh;
Acht 'sé mo chreach is mo chrádh!
Ní dhi a thug mé grádh,
Acht do'n t-é údaigh nach bhfuil i ndán go deo dhom.



Dhá dtéidhinn-se anonn do'n Spáinn,
Is a thidheacht a-bhaile slán,
Ní thiubhrainn-se do ghean ar éan mhnaoi;
Acht a Nóra gheal mhín bhán!
'Sé do sgéal ba mhian liom fhagháil,
Nó an bhfuil tú le bheith i ndán go deo dhom?



Seo beirt a thug gean ghá chéile i dtús a n-óige, agus
thar éis seal suirgheacht' eatortha, d'fhuaruigh an grádh i
gcroidhe an chailín, mar mheas sí nach raibh a sháith saidh-
bhris aige, agus fearacht a lán cailíní eile, thug sí gean
d'fhleásgánach a bhí i n-a chomhnaidhe timcheall na háite, i
riocht gur fágadh an chéad suirghe faoi lionndubh.



Nuair a bhí an fleásgánach agus í féin ag ullmhughadh
i gcóir a bpósta, shín an chéad bhuachaill ar a leabaidh,
agus chum sé an t-abhrán seo, agus an uair a bhí sé cumtha
aige, ghabháil sé ós árd é. Bhí Nóra i n-a comhnaidhe i
n-éan doras leis, agus nuair a bhí an t-abhrán críoch-
nuighthe aige, shiubhal sí isteach agus rug sí greim dhá lámh
air, agus, ar sise, “Tá mo chroidhe athruighthe de bhárr
binneas' d'abhráin, agus mo lámh is m'fhocal duit nach
bpósfaidh mé éan fhear eile go deo acht thú,” agus a chomh-
luadair, dearbhuighim dhíbh gur pósadh an lánamhain, agus
fágadh an fleásgánach gan húrla gan hárla.



Seo abhrán fuaras ó Mhicheál Ó Muinidhle a bhí i n-a


L. 22


chomhnaidhe ar an nGob, i n-aice le Dubh Thuama, i n-Iar-
ros. Sgríobhas mórán abhrán uaidh. Ba shiamsamhail,
agus ba dheagh-chroidheach an fear é, agus seanchaidhe mór
i dtaobh Sean-Éireann, agus ba bhinn é a ghuth ag gabháil
fhuinn. Seal gearr thar éis mé na habhráin do sgríobhadh
uaidh, cailleadh é, rud a chuir buaidhreadh ar mo chroidhe.



Go ndéanaidh Dia trócaire air, agus flaitheas Dé go
bhfághaidh a anam!


L. 23


DIARMUID A' REATHA AGUS AN
GAR-LÁMHACH.



Ins an am a raibh Inis na Naomh mar ainm ar Éirinn,
tháinig naoimh go h-Acaill, agus tháinig beirt aca go
Cill Damhnaid — beirt cailíní beaga dárbh' ainm Damh-
naid, agus baisteadh an t-ainm sin ar an áit ar an
ádhbhar sin, agus bhí tobar beannuighthe aca annsin, agus
d'fhan siad ann nó go bhfuair siad bás.



Tháinig ceann eile dhíobh go híochtar Acla, dárbh' ainm
Naomh Mionnán, agus rinne sé tobar ann, agus tugadh
d'ainm ar an gcnoc — Cnoc Mionnáin — bhí an tobar
ar bhord na fairrge, agus bhí aill mhór ann, agus tugadh
mar ainm air, Dubh-cinn Aille.



Tháinig mac-gall agus chaith sé salachar eicínt isteach
ins an tobar & do thriomuigh sé. Chaill an fear a chiall
mar gheall ar an tobar a shalughadh, agus d'éag sé.



Tháinig naomh eile aca chun a' Chaisil dárbh'ainm Naomh
Sgeachóg, agus chuir sé crann sgeiche ins an talamh,
agus do mhéaduigh sé i n-a chrann mhór. Tháinig fear
agus bhain sé géag dhe, agus rinne sé maide cas-ádhmad
báid de, agus chuir sé i n-a bhád é. Chuaidh sé chun
fairrge lá ar n-a bhárach ins an mbád, agus briseadh air
í, agus ní raibh a-bhaile leis acht na maidí rámha agus an
cábla.



Deir gach uile dhuine gur mar gheall ar an ngéig do
bhain sé de'n chrann naomhtha a briseadh an bád.



Tháinig annsin an cúigeadh naomh go Sliabh Mór, agus
rinne sé áitreabh ann, agus atá tobar ann a mbímid ag
tabhairt turais le teasbánadh a thabhairt dúinn, agus
chímid go bhfuil an tobar fíor mar is iomdha teasbánadh


L. 24


i dtaobh báis daoine, agus iad éirghe slán a fheiceas
muid, agus badh é an t-ainm a bhí ar an naomh — Naomh
Colmar. I ndiaidh an mhéid sin tháinig allmhuicidhe go
huachtar Acla, agus bhí sé annsin ag allmhuiceacht, agus
ní raibh mórán ann le creachadh acht éanacha agus ceatha-
raí. Bhí sé lá annsin ag spaisteoireacht, agus chonnaic
sé fear agus bean ag teacht isteach fearsad Acla, agus
bó leobhtha. Bláthmhail bhí mar ainm air.



Triomuigheann an tráigh míle ar fad agus míle ar
leithead, i riocht is go dtéidheann roinn de'n fhairrge
suas Béal na gCliath, agus roinn eile de síos Béal an
Bhuláin, & nuair a bhíonns tráth-rabharta ann, shiubhalfá
anonn tirim in do bhróga, agus ar mheath-rabharta bheithfeá
go dtí do chom ag dul trasna na feirste.



Máille bhí mar ainm ar fhear uachtar Acla, agus
chonnaic sé an bheirt seo ag teacht trasna na trágha,
agus chuaidh sé chun a n-aircis', agus thug sé leis iad go
huachtar Acla, agus an bhó, agus nuair a chuaidh an fear
a thug sé leis, a chodladh, bhí faitchíos air go marbhóchthaoi
é, agus d'imthigh sé féin agus a bhean leobhtha nuair a
fuair siad fear a' tighe i n-a chodladh.



Ní raibh a fhios aca cé rachadh siad mar badh í an oidhche
a bhí ann, acht bhíodar ag siubhal rompa nó go dtáinig
an lá, agus níor stadadar nó go ndeachaidh siad go
Sliabh Mór, agus rinneadar árus beag dhobhtha féin
annsin.



Ní fada a bhíodar imthighthe nó go gcualaidh fear a'
tighe go rabhadar ag Sliabh Mór, agus tháinig sé ar
maidin go moch chun a' tighe, agus nuair tháinig sé isteach
d'fhuagair sé comhrac ar an mBláthmhaileach, agus chuaidh
an bheirt aca ar mhachaire an dubhshláin, agus thar éis
seal pionnsaidheachta marbhuigheadh an Bláthmhaileach.



Seal gearr i n-a dhiaidh sin phós an Máilleach an bhain-
treabhach, agus bhí ceathrar mac mar mhuirighin aici — 'sé


L. 25


sin an mac ba shine leis an mBláthmhaileach, agus an
triúr eile leis an Máilleach.



Níor thaithnigh an chéad mhac leis an Máilleach chor ar
bith, mar ba Bhláthmhaileach a bhí ann, agus nuair a mhéad-
uigheadar, bhíodh siad ag imirt i gcuideachta, agus facthas
do'n Mháilleach go mba bheodhachte an Bláthmhaileach 'ná
a thriúr mac féin, agus dubhairt sé go mbuailfeadh sé
dó-bheart ar an mac ba shine — 'sé sin an Bláthmhaileach
— acht sul már éirigh leis sin a dhéanamh, bhuail taom
tinnis é, agus fuair sé bás faoi na sguilthí, agus do
hadhlacadh é, agus chuireadar leacht os cionn na huaighe
mar chomhartha do na daoine gur uaigh bhí annsin.



Bhí annsin an mháthair agus an ceathrar cloinne i
gcuideachta nó go dtugadar mná leobhtha cébí áit a
bhfuaradar iad, agus gur phósadar.



Bhí na daoine ag fairsniughadh agus ag tidheacht go
h-Acaill an tráth sin. Tháinig cúram cloinne ar cheath-
rar mac na baintreabhaighe, agus nuair mhéaduigheadar i
n-a mbuachaillibh óga, mac mic an Mháilligh, b'ainm dó
Diarmuid a' Reatha Ó Máille, agus mac mic an Bhláth-
mhailigh b'ainm dó an Gar-lámhach Ó Bláthmhail.



Bhí athair Dhiarmuda ag foirgint tighe i mBéal an
Átha Salaigh, agus nuair a bhí sé ag snaidhmeadh na
ngabhlach, bhris an seimhnéire an treathair, agus b'éigean
dó stad, agus bhí an gabha i n-a chomhnaidhe ag droichead
na Bairr-Dhéise, deich míle fhichead uaidh, agus chaithfeadh
duine dul fearsad Acla le dul chuige, agus deis fhagháil
air. Adubhairt an t-athair le Diarmuid — “A mhic!
caithfidh tú dul amach fearsad Acla anocht, agus dul
chun an ghabhann, agus deis a chuir ar an treathair.”



Nuair a mheas Diarmuid go raibh sé i n-am aige dul
chun na feirste, d'imthigh sé, agus chuaidh sé trasna na
feirste, agus as go bráthach leis chun na Bairr-Dhéise,


L. 26


agus nuair a shroich sé an áit, dhúisigh sé an gabha, agus
chuir sé deis ar an treathair dhó, agus tháinig sé a-bhaile
an fhearsad chéadna ar imthigh sé.



Ó d'fhág sé an teach go dtáinig sé a-bhaile aríst —
timcheall cúig uaire a chluig — rinne sé trí fichid míle
de shiubhal, agus nuair a dhúisigh a athair ar maidin,
dubhairt sé, “A Dhiarmuid! chodail tú ar an bhfeirsid.”



“Dearc faoi'n leabaidh agus leig dhom codladh,” arsa
Diarmuid. Dhearc sé faoi'n leabaidh, agus fuair sé an
treathair deasuighthe, agus sin é an t-ádhbhar a tugadh
Diarmuid a' Reatha mar ainm air.



Chuaidh Diarmuid lá go h-Each a' Ghabhair ag díol a
chuid árnéis, agus dhíol sé iad ar an oiread seo airgid,
agus nuair a chuaidh na ceannachóirí ghá íoc, ba mhian
leobhtha gan baoghal ar an oiread airgead a thabhairt dhó
agus gheall siad, agus thoisigheadar ag tabhairt na
mbeithidheach leobhtha dhá aindeoin, agus gan leath an
airgid íoctha aca.



Chaith Diarmuid smugairle ar a mhaide, agus d'ionn-
suigh sé iad, agus rith sé thríotha mar rithfeadh seabhac
thríd ailt éanacha, gur bhuail sé iad agus gur thug sé
leis an áirnéis, agus bhuail sé an bóthar ag tarraingt
a-bhaile, agus na beithidhigh leis.



Lean beirt fhear é, agus d'agair siad é, na beithidhigh
a thabhairt dobhtha, agus go n-íocfadh siad an t-airgead
go hiomlán. Fuair sé annsin luach na mbeithidheach,
agus thug sé dhobhtha iad.



Bhí allmhuraigh móra as Cuan na Marbh ar an aonach
ag amharc air, agus dubhradar gur gaisgidheach a bhí ann.



Bhí feilméara mór i gCuan na Marbh sínte ar
theorainn leis na hallmhuraigh seo, agus nuair a chonnaic
seisean an gaisge a rinne Diarmuid, labhair sé leis,
agus d'iarr sé d'impidhe air, a theacht siar leis go tír


L. 27


Sheoigheach, agus go dtiubhrfadh sé a inghean dhó le pósadh,
agus go dtiubhrfadh sé gach uile nidh eile dhó dhá réir,
acht a theacht agus a feiceáil, agus muna dtaithnigheadh sí
leis go dtáinigh leis gan a pósadh. Chuaidh sé siar leis
go tír Sheoigheach nó go bhfaca sé an cailín, agus thaitin
sí leis, agus dubhairt sé le n-a hathair go nglacfadh sé
léithi mar mhnaoi.



Pósadh an lánamhain, agus d'fhuagair an t-athair
fleadh agus féasta ar feadh trí oidhche agus trí lá, ag
ithe agus ag ól, blas na meala ar gach éan ghreim, gan
dhá ghreim ar éan bhlas, agus gan éan ghreim tur. Chruin-
nigh bocht agus nocht, saidhbhir agus daidhbhir chun an
fhéasta, ag ithe agus ag ól, ag déanamh siamsa agus
grinn, nó go dtáinig cunntas isteach go raibh ceann
de na ba ceaptha ag na hAllmhuraigh, agus dubhairt
Diarmuid a fágáil annsin nó go dtéidheadh sé féin
amach.



Nuair a chaitheadar a ndinnéar go socair sámh, d'éirigh
Diarmuid agus rug sé ar a bhata, agus bhain sé crathadh
as, agus d'iarr sé ar aireoir na mbó a theacht leis, agus
an bhó a theasbáint dó.



Shiubhal sé féin agus maor na mbó go dtí talamh na
n-allmhurach — an áit a raibh an bhó — agus d'iarr sé air,
an bhó a thiomáint leis go bhfeiceadh sé a dtiocfadh éan
duine roimhe. Thiomáin sé leis í, agus níor tháinig éan
duine roimhe le bac a chur air; agus dubhairt Diarmuid
leis, má d'imthigh éan bhó uaidh le bliadhain, a tiomáint
leis chomh maith, agus thiomáin sé leis trí cinn eile, agus
níor leig na hallmhuraigh ortha féin gur imthigheadar.



Nuair a tháinig sé chun a' tighe aríst bhí ithe agus ól
aca ar feadh dhá lá eile, nó gur sgap na comhursna
ar deireadh thiar go buidheach beannachtach.



Seal gearr i n-a dhiaidh sin thug sé cuireadh do na


L. 28


hallmhuraigh chun dinnéir. Tháinigeadar chuige, agus bhí
fáilte mhór aca roimhe ins an gceanntar sin, agus
bhíodar i n-a gcomhursna maithe as sin suas.



CAIB. II. — NA GADAIDHTHE.



Nuair a bhí Diarmuid suim aimsire i gConndae na
Gaillimhe, tháinig gadaidhthe go hAcaill, ag tabhairt
leobhtha maoin bó do bhí ag Gar-Lámhach Ó Bláthmhail,
agus nuair a thug siad leobhtha iad, d'imthigh an Gar-
Lámhach siar go Conndae na Gaillimhe, ag iarraidh Diar-
muda a' Reatha Uí Máille, agus ag innsin dó go dtug
na gadaidhthe na beithidhigh leobhtha, agus go dtáinig sé ghá
innsin dó-san gur imthigh siad, agus ag éileamh a
chonganta.



Nuair a chaith sé a dhinnéar d'iarr Diarmuid air im-
theacht agus a bheith i n-áirdeall na mbeithidheach, agus go
leanfadh sé féin é lá ar n-a bhárach. D'imthigh Diar-
muid ar maidin agus a thrí contacha leis, agus nuair a bí
sé ag dul síos Gleann na Magh Dubh cailleadh an chéad
chú; ghearr sé uaigh dhi le n-a chlaidheamh, agus chuir sé sa'
talamh í.



Ag dul thar Mháim a' Sgárdáin cailleadh an darna cú —
thuit sí marbh — agus d'fhosgail sé uaigh le n-a chlaidheamh
dhi, agus chuir sé sa' talamh í,



Ag dul síos Gleann Tomáis dó, thuit an tríomhadh cú
marbh ag á n-a chosaibh; d'fhosgail sé uaigh dhi le n-a
chlaidheamh, agus chuir sé í.



D'imthigh leis síos thríd bhaile mór Chathail, agus siar
Gleann Chaisil, síos Béal an Mhuirthid, thart siar muing
Sheaghain Chaoich, siar as sin an Geata Mór leis, agus
nuair a bhí an Geata Mór fágtha aige chonnaic sé na


L. 29


beithidhigh ag dul siar an tráigh, agus chonnaic na gad-
aidhthe an fear ag teacht i n-a ndiaidh faoi shiubhal mór.



Bhí ceannphort na ngadaidhthe ag marcaidheacht, agus
nuair a chonnaic sé an fear mór ag teacht i n-a dhiaidh
agus an siubhal mór a bhí faoi, sgannruigh sé, agus as
go bráthach leis chomh tréan agus d'fhéad sé an capall a
thiomáint.



Nuair a tháinig Diarmuid suas leis na beithidhigh, níor
chuir sé éan áird ortha, acht lean sé an marcach, agus
sul már shroich sé a chúirt, tháinig sé suas leis agus
d'fhuagair sé comhrac air.



Ní raibh éan dul as ag an ngadaidhe, agus b'éigean
dó dul ar mhachaire an dubhshláin le Diarmuid agus a
throid; agus mar bhí sé i sáinn throid sé go borb agus
go fíochmhar le Diarmuid go ndearnadar praiseach de'n
talamh, acht ar deireadh thiar thug Diarmuid buille dh'á
chlaidheamh dhó, agus bhain sé an ceann de, agus d'fhág sé
é ag léimnigh le báinidhe ar an machaire, agus thionntuigh
sé ar a sháil, agus thug sé a aghaidh ar na beithidhigh.



Nuair a chonnaic na gadaidhthe eile é ag tarraingt
ortha agus a gceannphort marbh, d'imthigheadar i mbárr
na bhfásgaí, agus d'fhágadar na beithidhigh i n-a ndiaidh,
mar bhí uathbhás agus sgannrughadh ortha roimh Diarmuid.



Nuair a bhíodar ag dul thríd an nGeata Mór leis na
beithidhigh, agus sul már tháinig Diarmuid chomh fada
leobhtha, rinneadar moill ag bleaghan na mbó, agus ag
déanamh pasóide de'n bhainne dobhtha féin, mar shíleadar
nach raibh éan bhaoghal ortha; acht a beag sin bheadh siad
sa' mbaile faoi chumhdach a ndaingin roimh Diarmuid,
agus annsin thiocfadh leis a dhul ag feadghail i n-aghaidh
na gaoithe.



Dubhairt sé dhá mbeadh fear eile aige go dtiubhrfadh
sé na beithidhigh as Iarros. Bhí sé ag cainnt leis féin,


L. 30


agus dubhairt an Gar-lámhach, “Tá mise annso agat,”
agus bhí sé ar buille boise le n-a thaoibh. Thiomáin siad
leo aníos a-bhaile iad nó go dtáinigeadar go dtí an
áit a dtugtar Béal na Creiche air. Nuair a thug na
gadaidhthe leobhtha na beithidhigh trasna Béal na Creiche,
ba hí sin an uair a tugadh an t-ainm sin air.



Bhí Diarmuid agus an Gar-lámhach le sgaradh ó chéile
annsin — Diarmuid ag dul siar go Conndae na Gail-
limhe — agus sul már sgar sé leis an nGar-lámhach,
dubhairt sé dhá dteastóchadh a chongnamh aríst uaidh go
raibh sé le fagháil aige agus fáilte. Dubhairt an Gar-
lámhach go raibh sé go han-bhuidheach dhe, agus sgaradar ó
chéile.



Tháinig an Gar-lámhach a-bhaile, agus an áirnéis leis,
go dtí an Sliabh Mór, agus bhíodar annsin nó go dtáinig
na gadaidhthe aríst air ag tabhairt leobhtha na mbó.
Tháinig siad go tráigh Dhúin Inbhir le barc agus bád
fada, agus chaitheadar an ancaire annsin, agus d'imthigh-
eadar leo ag siubhal go dtáinig siad go dtí an áirnéis
aríst, agus chuireadar tiomáint ortha. Bhí naoi nó deich
de mhílte le siubhal aca thríd chnuic agus gleannta agus
bogaigh, agus nuair a bhíodar ag caladh na mbád, bhí an
oidhche ann agus an ghealach ag éirghe.



Thoisigheadar ag cur na mbeithidheach isteach ins na báid
fhada; lean an Gar-lámhach iad, agus a bhuachaill agus a
chailín leis, agus thugadar leo beart cochain & aithinne
teineadh, agus lasadar an cochan ar an árd os cionn na
mbád, agus nuair a chonnaic na fir a bhí ins na báid, an
teine, dhearcadar suas agus chonnaiceadar iomadamh-
lacht na ndaoine ag rith anuas le fánaidh, agus ní raibh
ann acht an triúr ag rith thart thimcheall na teineadh, &
shíl an mhuinntir thíos gur daoine a bhí ag rith anuas do
bhí ionnta.


L. 31


Ní raibh ann acht go raibh an ghealach ag soillsiughadh,
agus sgáth na dtriúr chonnaiceadar go síorraidhe ag dul
thart thimcheall na teineadh, nuair a bhí an cochan lasta, &
shíleadar go raibh na mílte ann. Ní raibh acht éan bhulán
amháin aca istigh sa' mbád nuair a chonnaiceadar an
t-amharc sin, agus chaitheadar an bulán sin amach sa'
bhfairrge, & mar gheall ar an mbulán a caitheamh amach
sa' mbéal, baisteadh Béal an Bhuláin mar ainm air.



D'imthigheadar leobhtha le huathbhás agus le sgannrughadh
a-bhaile, & thug Gar-lámhach a chuid maoine a-bhaile leis,
agus nuair a shocruigh sé é féin sa' mbaile, annsin thoisigh sé
ag déanamh oibre, agus thug sé leis saoir agus rinne sé
cúirt ag Béal an Átha Salaigh, agus rinne sé clais naoi
dtroighthe ar leithead agus naoi dtroighthe ar airde thart
thimcheall na cúirte, agus tharraing sé uisge gur líon
sé an chlais, i riocht is nár bh'fhéidir le éan duine dhul
isteach ann, agus chuir sé luasc-droichead air, i riocht is
go dtiocfadh leis a tharraingt isteach ins an oidhche agus
a chur ar an gclais ar maidin.



Chuir sé biolla cosanta le bruach na claise taobh istigh
i riocht is nach dtuitfeadh a chlann amach nó a mbáthadh.



Bhí an chúirt le feiceáil go dtí le gairid, agus bheadh
sí go fóill ann acht mar bheag gur tugadh na clocha aisti,
& gur rinneadh garrdha gabhann dhíobhtha dhá mhíle siar ó
Dhubh-ghuirt.



I n-a dhiaidh sin tháinig an Gar-lámhach gur rinne sé
daingean ar oileán beag sa' bhfairrge i n-aice le Dubh
Ghuirt, & is é is ainm do'n oileán — an Dún Mór; agus
rinne sé ceithre tighthe thuas ar a bhárr, agus 'sé an chaoi
ar chairt sé an lán as agus chaith sé an chréafóg amach
sa' bhfairrge — ceithre tighthe dúbailte badh eadh iad.



Ursana cloch atá ins an doras i n-áit ádhmaid, agus
atá na hursana cloch cúig troighthe ar airde, agus do


L. 32


réir mar bhí sé ag árdughadh bhí sé ag leathnughadh, agus
ní raibh ins an doras ar leithead ins an gceap tairsighe
acht ocht n-orlaigh déag, agus ar airde, ceithre troighthe.
Bhí an doras ceithre troighthe eile ar leithead mar bhí sé
ag árdughadh, agus ní'l a fhios agam go cé'n chaoi a raibh
sé as sin suas, ar an ádhbhar nach bhfuil a fhios agam go
cé'n chaoi a raibh an chuid uachtar, mar nach bhfuil sé ann,
tá sé tuitthe.



Tá an t-oileán timcheall trí fichid slat ar fad agus
fiche slat ar leithead, agus atá ocht bhfead ar airde ann
os cionn na fairrge, & atá áirse ann, agus an fhairrge
ag dul thríd mar rachadh árthach.



Triomuigheann sé i riocht is go dtig le duine dul
suas air ag strapadóireacht le dhá uair tráighte, agus
nuair a thuileann sé bíonn sé i n-a oileán, agus bíonn
na mílte éan 'ch uile oidhche i n-a gcodladh air go socair
sámh, agus atá se ráidhte go dtéidheadh an Gar-Lámhach
d'éan léim amháin isteach air, ó'n tír mhóir.



Atá sliocht Dhiarmuda a' Reatha agus sliocht an Ghar-
lámhaigh i n-Acaill i gcomhnaidhe. Nuair a fuair Diar-
muid a' Reatha bás, fosgluigheadh é, agus fuaras sgiathán
ar a chroidhe, agus bhadh é sin an fáth a raibh an luathas
mór ann.



'Sé Pádraig Mac Gréil, atá i n-a chomhnaidhe i nDubh-
Ghuirt i n-Acaill, d'aithris an paiste stairidheachta seo
dom; thug sé cunntas dom faoi 'n bhfile Pádhraig
Daeid, agus faoi'n Athair Mághnus Mac Suibhne mar an
gcéadna. Is sgéalaidhe iongantach cumasach é Pádhraig,
agus is fear measamhail, lághach, geanamhail é freisin.
Gidh go bhfuil sé aosta, atá sé beo, bríoghmhar, meabhrach
faoi láthair. Tá sé i n-a fheilméara, i n-a iasgaire, &
i n-a tháilliúir. Go mba fada buan é, faoi shaoghal
agus faoi shláinte!


L. 36


MAL DUBH AN GHLEANNA.



Nach í Mal Dubh an Ghleanna an óg-bhruinneall mhaiseach?
Ag ar dhóirt mé mo ghean go léir dhi,
Is beo ní bhéidh mé i bhfad mara bpósaidh mé mo shearc,
Is gan bó ar bith a ghlacan léithi;
Tá a ceol sidhe gan stad le n-a méara míne geala,
Le téadra ciúine cearta ar chláirsigh,
Tá a cúilín breágh clannach i n-a lúibíní a' casadh,
Is tá na cuacha uilig ag seinnm sailm dhí.



A ógánaigh! a thug taithneamh do Mhail Duibh an Ghleanna,
Nach claoidhte lag marbh atá tú?
Is fós riamh ní fhacaidh do stóirín le mealladh,
Is gur spóirtín do fheara Fáil thú;
Ní'l sin mac marcaigh ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh,
Ó Chorcaigh go dtí Umhall Uí Mháille,
Nach bhfuil ag tarraingt chun an Ghleanna ar eachraidh
donna daithte,
Ag dréim leis an mhnaoi dhuibh is áilne.



Nach lághach críona an mheach tráth ghníonn sí nead?
Le méin is le teas an Fhoghmhair,
Acht ó chríonuigheas an tslat ní bhíonn uirthi meas,
Ní h-é sin do'n chrann is óige;
Siúd é mo theach ní'l díon air ná sgraith,
Acht é déanta le h-ais an bhóthair,
Díoghbháil na bhfear a d'fhágaidh orm lear,
Is sgaoilim mo bheannacht leobhtha.



Dhá bhfághainn-se bean de luingseach bean eile de
Phrionnsach,
Bean eile de shliocht Ríogh Seoirse,


L. 37


Bean as Baile an Mhaoir is bheith ghá teannadh le mo
chroidhe,
Bean eile is dhá chéad bó léithi;
Agus inghean óg an iarla is iad bheith uilig go priaclach,
Le mise fhagháil le pósadh,
Dhá bhfághainn-se mo roghan de mhná deasa an domhain,
'Sí Mal Dubh an Ghleanna a thóigfinn.



A Mhal Dubh a rúin a bhláth bhreágh na n-ubhall!
Nach deas is nach ciúin é do gháire?
Gurab é dubhairt do dheada liom “Ná bíodh ort-sa brón,”
“Gheobhair í is míle fáilte;”
B'fhearr liom-sa go mór ná lán mo luinge d'ór,
Nach dtugainn féin fós mo ghrádh dhuit,
A ghruaidh dhearg! mar an rós a dhiúltuigh mé faoi'n bpóig,
Is d'fhágaidh mé faoi chumhaidh i n-a dhiaidh sin.



Sgríobhas an t-abhrán seo ó Shéamus mac Enrí, Inis
Bigil. Feilméara 'seadh é, agus fear breágh sgéalta
agus abhrán freisin, agus tá togha na Gaedhilge aige.


L. 38


CEAP-SINNSEAR MUINNTIR MHÁILLE.



Ins an sean-tsaoghal bhí muinntir Mháille ar sgoith-
fhir na hÉireann. Bhí fathaighe & an-daoine ar thalamh na
hÉireann an uair sin, agus mharbhuigheadar muinntir
Mháille go hiomlán, acht éan fhear amháin, agus bhí ag
an bhfear sin, buachaill aimsire dh'árbh' ainm hEireachtaigh,
a bhí i ngar le bheith chomh maith leis féin.



Mharbhuigh na fathaighe an Máilleach nuair a bhí sé dhá
mhí pósta, agus d'fhág sin a bhean i n-a baintreabhaigh,
agus bhí sí oidhche agus lá ag guidhe Dé, a gin chloinne
bheith i n-a mhac nuair a thiocfadh sé ar an tsaoghal.



Maith mar thárlaidh. Is mac thug sí chun a' tsaoghail,
agus nuair a chonnaic sí sin, chaith sí í féin ar a dhá glúin
agus thug sí buidheachas do'n Athair Síorruidhe go raibh
ádhbhar éan fhear amháin aici a choinneochadh an cineadh
Mháille beo.



Seal gearr i n-a dhiaidh sin, d'imthigh sí as Umhall Uí
Mháille, agus an páiste léithi, agus chuaidh sí amach go
Conndae an Chláir, agus ní raibh sí i bhfad annsin nó
gur phós fear eile dárbh'ainm Cheallaigh í.



Tháinig beirt mhac ar a sliocht, agus shíl an Máilleach,
a leas-dearbhráthair, go mbadh é a leas-athair a athair
féin, agus nuair a mhéaduigh an triúr buachaillí sin,
théidheadh siad ar an machaire le himeartas gaisge, agus
bhíodh an Máilleach i gcomhnaidhe i gcomórtas i n-aghaidh
na beirte.



Nuair a bhí an fear ab'óige bliadhain agus fiche d'aois,
bhí an triúr ar an machaire lá, ag camánacht, & bhí an Máil-
leach ag imirt i n-aghaidh na beirte, mar ba gnáthach leis
i gcomhnaidhe, agus 'sé an margadh a bhí eatortha, cébí


L. 39


taobh a chuirfeadh an báire amach ar an taoibh eile,
buille de'n chamán a bhualadh ar an gcloigeann ar an
taoibh a leigfeadh amach é. Bhí an Máilleach ghá chur amach
chomh minic go raibh cloigne na beirte gortuighthe aige,
agus tháinig fearg ortha, agus dubhradar leis, nár dhear-
bhráthair leobhtha é, acht go mba garlach a bhí ann.
Tháinig sé isteach ag á n-a mháthair brónach go leor, agus
d'fhiafruigh sé dhi, an raibh an sgéal fíor, agus d'innis sé
dhi an t-ainm a ghlaoidh a bheirt dearbhráthair air ins an
imirt. Dubhairt sí leis nach raibh sé fíor, acht go mb'fhearr
an fear a athair 'ná éan-fhear a raibh dh'á gcineadh ar
thalamh na hÉireann, agus má bhí amhras ar bith aige ar
a cuid cainnte go raibh buachaill ag á n-a athair ba
sloinne dhó hEireachtaigh, agus go raibh sé i ngar dhá bheith
chomh maith le n-a athair féin, & go gcualaidh sí ó fhear
siubhail a tháinig an bealach le gairid, go raibh sé beo
go fóill, i n-a luighe ar a leabaidh, agus é dall le trí
bliadna. “Agus má's duine ag imtheacht uaim thú,” ar
sise. “déan do bhealach go h-Umhall Uí Mháille, agus
bhéarfaidh sé fáirnis duit.”



D'imthigh sé ag tarraingt ar hEireachtaigh, agus nuair
a chonnaic a bheirt dearbhráthair sin, leanadar é; ní
bheadh siad beo i n-a dhiaidh, dubhradar, le méid ceana
agus bhí aca air.



Bhí an geimhreadh ann agus sneachta mór trom leis,
acht níor stad an triúr nó go dtáinigeadar go teach
hEireachtaigh, agus leis an sneachta a bhaint dh'á gcuid
bróg ag an doras, bhualadar chomh cruaidh na bróga ar an
tairsigh gur chualaidh an fear dall a bhí ins an leabaidh
na buillí, agus dubhairt sé, “siúd buille ó Máilleach.”



Tháinigeadar isteach chun a' tighe agus ag caitheadh a
gcuid clócaí dhíobhtha, agus ag crathadh an tsneachta
asta, dubhairt an fear dall, “sin neart Máilligh, má


L. 40


tá duine dhíobhtha beo; tabhair dhom greim láimhe ort,
agus aithneochaidh mé neart do chnámha.”



Chuaidh an fear ab'óige go dtí é. Rug sé greim láimhe
air. “Ní Máilleach thú,” adubhairt an fear dall. Chuaidh
an darna fear go dtí é. Rug sé greim láimhe air, “Ní
Máilleach thú,” adubhairt sé, “acht an oiread.”



Chuaidh an Máilleach chuige. Rug sé greim láimhe air,
“Á!” adubhairt an fear dall, “tá cnámh an Mháilligh
in mo láimh anois.”



Shuidh an Máilleach síos i ngar dhó, agus d'aithris sé
dhó na focla céadna a d'innis an mháthair dhó faoi ghaisge
a athara. Annsin dubhairt an fear dall leis, “Seo é
claidheamh d'athara atá agam-sa ó'n lá ar mharbhuigh an
fathach é.” Bhí sé taobh thall de crochta ar an mballa.



Rug an Máilleach ar an gclaidheamh, agus dubhairt
sé, “bainfidh mise sásamh as an bhfathach, nó tuitfidh mé
féin.”



Dubhairt an fear dall, “Ní fhuil éan tslighe sásaimh
agat le baint as, acht ar éan chuma amháin. Tá tobar
annsin thíos ins an gcoill, agus ata éan áit amháin ann
a dtig leat féin a dhul i bhfalach, agus tiocfaidh an
fathach ar uair a' dó dhéag gach lá agus tumfaidh sé a
cheann ins an tobar, agus má bhíonn tú chomh lúthmhar le
bheith aige sul má ndírighidh sé a cheann, agus do bhuille
a bheith buailte, nó mura mbéidh, tá tú i gcontabhairt.”



Maith mar thárlaidh. Chuaidh an Máilleach amach
agus faobhar géar ar a chlaidheamh, le croidhe agus
misneach, le sásamh a bhaint amach faoi bhás a athara.
Chuaidh sé i bhfalach mar dhubhradh leis, agus nuair a
tháinig an fathach, thum sé a cheann ins an tobar, agus bhí
an Máilleach de léim chuige, agus bhuail sé an buille
sul már dhírigh sé a cheann, agus chaith sé an cloigeann
de'n cholainn.


L. 41


Chuir sé gad i n-a chluais, agus tharraing sé i n-a
dhiaidh isteach é, chuig hEireachtaigh — an rud a chuir bród
ar a chroidhe.



“Anois,” dubhairt hEireachtaigh, “tiocfaidh a dhear-
bhráthair i ngearr-am ar a thóir, agus tumfaidh sé a
chloigeann féin ins an tobar.”



“Téiridh amach agus caith an cholann atá thíos as
amharc, agus bí faoi réir mar bhí tú cheana.”



Chuir an Máilleach treas faobhar ar a chlaidheamh, agus
shiubhal sé amach le misneach nidh b'fhearr ioná bhí aige
cheana. Tharraing sé an cholann mhór a bhí thíos ag an
tobar, agus chaith sé i n-áibhéis í, agus chuaidh sé i bhfalach.
Níor bh'fhada go bhfaca sé an fathach mór ag tidheacht, a
bhí chomh hárd le crann, agus nuair a tháinig sé chomh fada
leis an tobar, thum sé a cheann ann, mar rinne a dhear-
bhráthair roimhe sin. Thug an Máilleach truisle, agus bhí
sé ag an tobar nuair a bhí an fathach ag tógbháil a chinn,
agus bhuail sé an buille ar bhaic a mhuinéil air, agus
chaith sé an cloigeann mór isteach ins an tobar, agus thuit
an cholann siar ar thalamh tirim, ag léimnigh le báinidhe,
an fhad 's bhí éan urradhas ann. Chuir an Máilleach gad
i n-a chluais, agus tharraing sé an ceann isteach i n-a
dhiaidh — an rud a chuir bród mór ar hEireachtaigh.



“Anois,” adubhairt hEireachtaigh, “atá tuilleadh le
déanamh agat. Tá an ceann is mó dhíobhtha uilig, thall
ar an oileán, agus 'sé an comhartha a bhíodh aca, teine a
chur ar an árdán agus thiocadh an fear thall anall, agus
má bhíonn tú chomh maith agus go mbéidh tú roimhe, caithfidh
tú dul amach i n-a aircis, nó má leigean tú isteach ar
thalamh é, tá tú i gcontabhairt.”



Chuir an Máilleach an teine amach, agus chuaidh sé go
dtí an áit ar dhubhairt an fear dall leis a bheith — an
áit a dtíocfadh an fear thall anall — agus ní fada go


L. 42


bhfaca sé an gíoplach ag tidheacht ag iomradh a churacháin,
agus chuaidh sé amach i n-a aircis go dtí a chom ins an
bhfairrge, agus mar bhí culaidh an chéad-fhathach a mharbhuigh
sé, air, shíl an fathach mór go mbadh é a dhearbhráthair a bhí
ag tidheacht amach i n-a aircis, nó gur bhuail sé buille
dhá chlaidheamh ar a mhuinéal, agus thuit an cloigeann
isteach ins an gcurachán, agus léim an cholann amach sa'
bhfairrge.



Tháinig an Máilleach a-bhaile chuig an bhfear dall &
an cloigeann leis — an rud a chuir glionndar ar a
chroidhe. Chaitheadar an oidhche sin le sult agus le
greann.



Ar maidin lá ar n-a bhárach, d'imthigh an Máilleach agus
thug sé leis a mháthair agus a leas-athair as Conndae an
Chláir, isteach go h-Umhall Uí Mháille, agus thóg sé seilbh
ar árus na bhfathach, agus ní ghlacfadh an bheirt dear-
bhráthair ainm a n-athara a bheith ortha, acht Máille as
sin amach, agus sin é an fáth a bhfuil cuid de na Máil-
ligh níos lugha 'ná chéile.



An treibh a tháinig ó mhuinntir Cheallaigh tá siad chomh
beag le bunadh ar bith eile ins an tír, acht atá treibh na
Máilleach mór-ghníomhamhail le gaisge i gcomhnaidhe agus
béidh go bráthach.



Seo paiste seanchuis a d'aithris 'Liam Pléimeann dhom,
atá i n-a chomhnaidhe i Leath-ardán ag bun Néifin. Is
tréan an fear é 'Liam. Atá a cháil agus a chlú ar fud
an domhain mar sgéalaidhe cumasach i dteangaidh a thíre
dúthchais. D'fhoghluim sé a chuid sgéalta — agus tá na
céadta aca aige — trí fichid bliadhain ó shoin, ó chean-
naidhe dhárbh'ainm Gheireachtaigh, a bhíodh ag dul thart ar
fud na tíre ag díol earraidh. Flaitheas Dé go bhfághaidh
a Anam! agus go mba buan saoghlach an Pléimeannach!
le tuilleadh seanchas a thabhairt dúinn.


L. 44


AN ÓG-BHRUINNEALL MHAISEACH.



Mo léan 's mo chreach, is m'éagcaoin bheag lag!
Gan mé aríst i dtús m'óige, [ngar,
Nó i lár an tsléibhe ghlais, 's gan éinneach bheith i n-ár
Is cinnte go mbéinn ghá pógadh.
A óg-bhruinneall mhaiseach, a bhláth na n-ór-fholt daithte!
Is tú d'fhágaidh mé gan rath gan foghnamh,
Féach é a shearc! is maith a d'éalóchainn leat,
I n-áit a mbéinn i ngar go leor dhuit.



Éirigh a shearc! gluais is bí a' teacht,
Go bhfágamuid amach an dún seo,
Mara bhfuighim ól 's aiteas romhainn ar na bealaighe,
Is uaisle na bhfear ag dúil linn.
Tá an t-éinín is binne 's an chéirseach 's í ag seinnm,
Is an londubh faoi bhárr na n-iubhar nglas,
Go deo deo ní thiocfaidh, a stóir! an bás dár ngoire,
Faoi lúibín na coilleadh cumhra.



Nach truagh, a Mhuire! mise, ag gabháil do mo bhosa,
Anuas ar do bhrollach glégeal, [lae,
Do dhá shúil ghlasa nár chlaon acht mar dhrúcht ag éirghe
Mo sheacht is mo chéad grádh thú!
Do chúilín fada réidh síos léithi go féar,
Is casadh ann ag béal a bróige,
Leanbháinín tséimh ar chruthuigh Mac Dé,
Is féach! féin marab ádhbhar bróin é.



'Sé díoghbháil na bhfear a d'fhágaidh mé faoi lear,
'S is buan buan mo bheannacht leobhtha,
Mise bheith liom péin folamh ní bhéad,
Anois is mé i dtús m'óige,


L. 45


Is gur mall guth gach éin dá labhróchthaoi leis féin,
Ar an tulaigh seo nó ar thaoibh na Muaidhe,
Go bhfásaidh an bláth buidhe thríd lár mo chónra aníos,
Do mhalairt ní dhéanfad 's féach! thusa mar atá mé.



Fuaras an t-abhrán seo ó Mhícheál Ó Muinidhle, Dubh
Thúma Iarros.


L. 46


PÁDHRAIG DAEID, AN FILE.



Rugadh an file seo os cionn céad bliadhain ó shoin, i
n-Árd Mór, i n-Iarros, agus tháinig sé go Baile a'
Chruaidh i n-a chomhnaidhe i n-éinfheacht le n-a mháthair, nuair
a bhí sé i n-a stócach, agus thar éis é bheith sgathamh aim-
sire annsin, chuir tionóntaí an bhaile sin ar bhárr sléibhe
é, isteach go h-Inis Bigil mar mhaor. Bhí bárr sléibhe
aca isteach leis an sean-talamh ar oileán mara Inis
Bigil an tráth sin. Bá leobhtha an t-oileán seo uilig ar
an gcuma sin, agus bhí a gcuid beithidheach uilig ann faoi
chúram Phádhraig Daeid agus a mháthar, agus thugadar
neart talmhan dóibh le cur agus dallamh póir le cur
ann.



Ba fiadháin agus ba huaigneach an áit í an tráth sin,
mar nach raibh ins an talamh go hiomlán acht portach, &
ba doiligh a bhriseadh, agus ba diucra 'ná sin bárr a
bhaint dhe, acht nuair a bhí an t-oileán uilig faoi féin
thiocfadh leis togha agus rogha na talmhan a bheith aige le
haghaidh curaidheacht', agus má bhí sé amuigh i gceart lár
na fairrge ar oileáinín uaigneach, gan comhluadar ar
bith acht a mháthair, bhí sólás amháin aige, 'sé sin teas na
teineadh, mar thiocfadh leis neart móin a bhaint ann.



Bhíodar mar sin — é féin agus a mháthair — ar feadh
suim bliadhanta, nó gur éirigh clampar idir é féin agus
duine a tháinig isteach ar an oileán, ag áirdeall ar na
beithidhigh. Bhuail Pádhraig chomh mór sin é, gur shíl sé
nach dtiocfadh sé as, agus b'éigean dó rith agus a mháthair
'fhágáil annsin.



D'imthigh leis amach tráigh mhór agus amach tráigh
eanaigh go ndeachaidh sé go Baile a' Chruaidh, agus bhí sé


L. 47


ag imtheacht roimhe nó gur shroich sé Cúige Uladh na
hÉireann, i n-áit a raibh daoine muinnteardha dhó i n-a
gcomhnaidhe.



Chuir sé faoi annsin, agus thoisigh sé ag foghluim na
ceird' táilliúireachta, agus d'fhan sé ann dó nó trí de
bhliadhanta, nó go raibh sé i n-a thogha táilliúra.



Bhí sé lá amhain ag spaisteoireacht idir dhá bhaile, agus
tháinig cioth mór fearthanna air, agus b'éigean dó tar-
raingt ar fasgadh, i n-áit a raibh beirt fhear roimhe faoi
dhídean sgeiche.



Ceannachóirí stocaí a bhí ionnta, agus ba as Baile a'
Chruaidh an bheirt, mar ba ghnáthach leobhtha bheith ag dul go
Cúige Uladh ag díol stocaí an tráth sin. Chuir an táil-
liúir seanchas ortha, agus d'fhiafruigh sé dhíobhtha cé'r b'as
iad, agus cá raibh a dtriall. Dubhradar leis gur as
Baile a' Chruaidh iad, agus d'fhiafruigh sé dhíobhtha an raibh
aithne aca ar an maor mná a bhí i n-a comhnaidhe i n-Inis
Bigil, agus dubhradar leis go raibh aithne mhaith aca uirthi,
agus go raibh sí beo i gcomhnaidhe — badh í sin a mháthair.
D'fhiafruigh sé dhíobhtha an raibh aithne aca ar a leitheid
seo d'fhear i dTalach, agus dubhradar leis go raibh, agus
go raibh sé ar fheabhas — b'in é an fear a shíl sé a bheith
marbh.



Nuair a chualaidh sé go raibh a mháthair beo, agus nach
raibh an fear a bhuail sé, caillte, thriall sé ar ais chomh
fada le n-a mháthair gan aireachtáil. Níor aithin an
mháthair é, mar bhí culaidh éadaigh ghuirm air, agus mar
gheall ar an gculaidh ghuirm éadaigh a bhí air, baisteadh an
“Táilliúir Gorm” mar ainm air. Ní raibh éan chulaidh
ghorm eile le feiceáil i n-Acaill an tráth sin, agus
d'fhan sé annsin ag á n-a mháthair gur cailleadh í.



Annsin d'imthigh sé leis ag táilliúireacht ar fud an
pharáiste, agus as sin chuaidh sé go hAcaill, agus bhí sé


L. 48


ag táilliúireacht ann ar fud na mbailte nó gur phós sé
bean a raibh teach agus talamh aici, agus bhí cúigear
cloinne mar chúram ortha.



Nuair a bhí sé suim bliadhanta ag saothrughadh na
talmhan, d'fhág sé annsin é, agus chuaidh sé i n-a chomh-
naidhe go Tóin an tSean-Bhaile, agus rinne sé teach ar
an Alt Dearg, san áit a nglaoidhtear Botany Bay, &
atá áit a thighe annsin le feiceáil go fóill.



Cailleadh a bhean annsin, agus d'imthigh a chlann ag
déanamh eas dóibh féin, agus thar éis tamaill, phós sé
ath-uair, bean arbh' ainm dhi Caitlín Ní Ghallchobhair, agus
chaith sé a shaoghal ag imtheacht ó bhaile go baile ar fud
oileáin Acla ag táilliúireacht agus ag cumadh abhrán.



Bhí eolas mór aige ar rud le teacht. Dubhairt sé go
ndéanfaidhe baile mór ar laithigh an iarainn, agus i
ndiaidh suim ama go ndéanfadh na préacháin neadracha
ins na similéiribh.



Rinneadh an baile mór faoi chéad slat de'n áit
adubhairt sé, agus 'sé is ainm de'n bhaile mór sin —
Colony Dubh-ghuirt, agus tháinig leaghadh air, mar adubhairt
an file. Dubhairt sé go ndéanfaidhe mainistir manach
i log a' Chonaidh, agus rinneadh mainistir faoi cheathramha
míle de'n áit adubhairt sé, acht an áit adubhairt sé
a ndéanfaidhe í, as sin tugadh na clocha a rinne an
mhainistir.



Bhí sé dhá staighre ar airde agus tháinig mór-sheisear
manach i n-a gcomhnaidhe innti, agus thóigeadar feilm
mhór talmhan, agus nuair a bhí siad sé nó seacht de
bhliadhantaibh annsin, d'athruigh siad agus rinneadar
mainistir úr i mBun a' Chorraigh, agus atá siad annsin
ó shoin.



Bhí Pádhraig Daeid beo go bhfaca sé an méid sin. Bhí
sé i n-a fhear bhreágh abhrán. Bhéarfaidh mé dó nó trí


L. 49


cinn de na habhráin a chum sé, ins an leabhar seo mar
shompla do'n léightheoir. Bhí file eile ann a rugadh i
n-Acaill dárbh'ainm Dubhgán, agus chuaidh an bheirt aca
thar a chéile le briathra, i riocht gur thoisigheadar ag
déanamh abhrán agus ag sgilidheacht i n-aghaidh a chéile,
agus seo iad briathra gach éan aca. Dubhairt an
Dubhgánach:—



“A Pádhraig Daeid is gránda an phéist thú!
Nuair a bhíonns do dhá shúil druidte,
Agus do mhalaí ag léimnigh,
Agus gur fhás an ghruag i n-a héadach ar do cheann;
Agus léir mar chanann siad is tú Bréag Éireann,
Agus is olc an t-éan thú, do thóig do cheann.
Is nach dona an tsamhail thusa, a Phádhraig Daeid!
Bíonn do leiceann súightheach is do cheann gan
réidhteach,
Is do mhalaí ag léimnigh nuair a bhíonns tú ag cainnt.”



Dubhairt Pádhraig Daeid:—



“Is mithid dom trácht ar ádhbhar an tsiams'
An dream údaigh tháinig le pláigh chun na ríoghacht',
Ag dul do mo cháineadh, is mé i ndeireadh mo shaoghail,
Clann smug i bpóca agus brosgán Sheaghain Bhuidhe,
Gaiseadh ar gach sáthadh is nár fhág riamh fuigheall,
Agus an bobaró deidearó Dubhgán,
Is tú frailic is pléaráca na mbacach sa' gCaol.
Go deimhin a Sheaghain ceannaidhe! má's tusa an fear
is fearr,
Croch ort do mhála is gabh ar luing an dream' thall,
Muna bhfághaidh tú in do chaiptín, bí in do phisín go
bráthach,
Ag lige na meadar is gach nidh eile is fearr.”


L. 50


Fear plucach dubh, buidhe, gearr-adhastrach, giortach,
beo, bríoghmhar, a bhí ann. Bhí fáilte roimhe ins gach
uile theach, mar ba gearr leobhtha an t-am a d'fhanadh sé
aca, agus dubhairt ughdar na cainnte seo liom — sé sin
Pádhraig Mac Gréil, Dubh Ghuirt — gurab iomdha oidhche
a chaith an “Táilliúir Gorm” i n-a theach féin, agus go
mba mhaith an chuimhne atá aige air.



Bhí malaí móra troma air, agus iad i gcomhnaidhe ag
léimnigh, nuair a bhíodh sé ag cainnt. Bhí sé timcheall
ceithre fichid bliadhain d'aois nuair a fuair sé bás. Tá
sé adhlaicthe i n-uachtar Acla, agus muna bhfuil leacht
os cionn na huaighe, agruighim ar na fíor-Ghaedhil, i
n-Acaill, gan dearmad a dhéanamh ar an bpoinnte sin,
acht leacht buan, daingean Gaedhealach a thógbháil, i
gcuimhne an fhilidh thréin, Pádhraig Daeid, do mhair i n-a
measg, agus a d'fhág na h-abhráin bhreághtha aca, a mhair-
feas go lá deireadh an domhain. Go ndéanaidh Dia tró-
caire ar a anam!


L. 52


UAISLE ACLA.



Is truagh gan mé i n-Acaill!
Nó ar bhóithre Thír an Áir,
Ag Róise ar an Mol-Reathnaigh.
Nó thíos ag Maighréad Bháin;
Domhnall óg Ó Ceallmhaoi,
Is é a chrathfadh liom-sa lámh,
Nó Séamus Bhriain i n-Acaill thall,
Níor bh'fhada liom an lá.



Dhá mbéinn-se ar an Doirín,
Is ann a gheobhainn greann,
Nó ag Párthalán, croidhe na gcarad,
Nó as sin siar go Céibh;
Tomás mór Ó Gallchobhair,
Agus a' Charraig uilig ní bréag,
Dhá rachainn ag cruinniughadh fataí,
Ba mhaith sin lán mo chléibh.



Dhá mbéinn-se i n-Acaill bhig istigh,
Bhéinn seal ag Antoine Eoghain,
Nó ag Seaghan 'ic Taidhg an sgafaire,
Atá thall ar an gCloich Mhóir;
Tá na báid a' tidheacht as fairrge ann,
Is na luingis faoi reacht seol,
Acht tá mé i measg na bhfear láiste,
Is ní bhéidh mise mí beo.



Is truagh gan mé i nDubh Éige!
Is ní fhéadaim a dhul ann,
Tá éisg na mara ag éirghe,
Is na báid a' tidheact ó'n tuinn;
Tá cailíní breághtha spéireamhla ann,
A dhéanfadh súgradh is greann,


L. 53


Fáilte mhór ins gach éan teach romham,
Is pluid ghlégeal os mo chionn.



Dhá mbéinn-se i nDubh Cinn Aille,
Ar an Abhainn nó ar Shliabh Mór,
An Caol ní bhéidh mo dhearmad,
Mo chreach is mo bhrón!
Is ann a gheobhainn na sgafairí,
A d'íocfadh síos an sgór,
Dubh Ghuirt is Tón an tSean-Bhaile,
Is as sin go teach Sheaghain Mhóir.



Dhá mbéinn-se ar an gCaiseal,
Is ann a gheobhainn greann,
Nó ag Úna i mBun a' Chorraigh,
Níor bh'fhada liom an oidhche;
Bhéinn seal ag Pádhraig Ceabhtharcaigh,
Is seal eile ag Aindriu Mór,
Acht tá mé i measg na bhfear láiste,
Is ní bhéidh mise mí beo.



'Sé Pádhraig Daeid do chum an t-abhrán seo agus
Pádhraig Ó Máille a d'aithris dhom é, ar oileán Inis
Bigil. Baineann sé le Muinntir Acla le'r chomhnuigh an
file sgathamh dh'á shaoghal.



Atá Pádhraig Ó Máille ar chiumhais céad bliadhain,
agus go bhfágaidh Dia a mheabhair aige mar atá sin aige
faoi lathair, meabhair agus intinn gheal-ghlic, agus tuige
nach mbeadh sin aige nuair a shíolruigh sé ó bhunadh
Ghráinne Mháill'?”


L. 54


NÓRA DHEAS NA GCRAOBH-FHOLT NÍ BHEAIDH.



Bhí mé lá breágh gréine,
Is mé 'triall ag dul chun aonaigh,
Is casadh liom an réalt gan smál;
D'fhiosruigh mé de'n spéir-bhean,
An í Bainríoghan óg ó'n nGréig í,
An í Juno, Pallas, nó Venus í, nó an gheall?



Tá a gruaidh ar dhath na gcaor,
Is a leaca bí dhá réir,
Mar atá an eala is í ag éirghe de'n tsnámh;
Is dubhairt sí liom go céillidhe,
“Ní neach ar bith de'n mhéid sin,
Acht Nóra dheas na gcraobh-fholt Ní Bheaidh.”



Is a mhaighdean mhaiseach, mhúinte!
Is a bhéilín tanaidh ro-dheas!
Is a chúilín mar an ómar go sáil!
Cidh gur milse blais do phóigín,
Ná mil na mbeach a reoidhfeadh,
Is go dtiubharfá-sa na sluaighte ó'n mbás.



Cé chífeadh ag gabháil an bhóthair thú,
Is tú bheith in do chóiriughadh,
Is é is amhail duit an réalt eolais gan smál;
Is tú mian gach buachaill óg,
Is tú grádh gach fear a phósfadh thú,
Is tú Nóra dheas na gcraobh-fholt Ní Bheaidh.



Dhá mbéinn in mo Iúlas Saesar,
Nó in mo cholainn éifeacht,
Do mholadh ní fhéadaim-se amháin;
Mar bhí tú múinte céillidhe,
'Sé is amhail duit gath gréine,
Nó réalt na maidne ag éirghe gach lá.


L. 55


Saidhbhreas Ríogh na Gréige,
Is fághaim uilig thré chéile,
Is go sgapfadh sí le féile a dhá lámh;
Is a Dhia! nárbh' ait na béasa,
Bhí ag ainnir an chúil chraobhaigh,
Nóra dheas na gcraobh-fholt Ní Bheaidh.



Níl teanga dá raibh ag na saoithe,
Nach raibh déanamh ionnta ag Saesar,
Is cumhra deas a léighfeadh sí an clár;
Mar bhí Frainncis, Spáin', is Gréigis,
Laidin doid is Gaedhilge aici,
Is teanga bhlasta bhéarla gan tláith.



Sheinnfeadh sí ar téadraí,
Le meabhair chinn is méara,
Fidil fliut ar éan staid amháin;
Is riarfadh sí na céadta,
Gan gruaim a chur i n-a h-éadan,
Nóra dheas na gcraobh-fholt Ní Bheaidh.



Rinne Pádhraig Daeid an t-abhrán seo do Nóra Ní
Bheaidh a bhí ina comhnaidhe ins an gCaiseal i n-Acaill,
mar thug sí a chéad-phroinn dó agus é ar an mbóthar ag
taisteal go moch ar maidin. Deirtar nach raibh sí ró-
dhathamhail, acht gur mar gheall ar a féile do mhol an
file í. 'Sé Antoine Bláthmhail i nDubh Each a d'aithris
dom é. Is sean-Ghaedhilgeoir cliste é, agus ughdar
maith abhrán.


L. 56


GEARR-CHUNNTAS AR ÍDE AN ATHAR
MÁGHNUS MAC SUIBHNE.



Rugadh an t-Athair Mághnus Mac Suibhne i nDubh Cinn
Aille, i n-íochtar Acla. Ba fear an-shaidhbhir a bhí i n-a
athair agus ó bhí sé i n-a mharlach, gur mhéaduigh sé i n-a
stócach, b'fhacthas do na comhursana go raibh naomhaidheacht
i n'aghaidh thar stócaigh an pharáiste, agus dá bhárr sin,
thuig a athair go raibh sé orduighthe ó bhéal Dé, sagart a
dhéanamh dhá mhac, le muinntir na tíre a thárrthughadh agus
a dtreorughadh i mbealach a leasa le mór-chumhachta an
Spioraid Naomh mar an darna Críosta ar thalamh.



Chuir a athair é do'n Fhrainnc, nó go bhfuair sé oideas
agus ord sagairt; mar tabhair faoi deara, a léightheoir,
nach dtiocfadh le éan duine i n-Éirinn, an tráth sin,
sagart a dhéanamh dhá chloinn mhac, agus ar an ádhbhar
sin de, is mar ngeall ar sin do cuireadh Mághnus Mac
Suibhne go Páras.



Thar éis é thidheacht ó'n bhFrainnc i n-a shagart, ní
bréag a rádh nach raibh áthas agus lúthgháir ar a mhuinntir
agus ar na comhursana go léir, mar ba sagart téagarthach


L. 57


lághach a bhí ann, agus badh é treoir na ndaoine é, uair
a gcrádh' agus a ngéar-chaill.



Ba sagart fíor-Ghaedhealach agus tír-ghrádhach thar
bárr a bhí ann, agus mar ngeall ar sin, bhí fuath agus
gráin-shaoghalta ag dream duibheacánta na tíre air,
agus ní raibh uatha acht siocairín beag fhagháil, leis an
Athair Mághnus a mharbhadh, mar bíodh a fhios agaibh seal
gearr roimhe sin, go raibh cúig phunta le fagháil ag
fear ar bith a bhéarfadh ceann sagairt go dtí an ríoghal-
tas gallda, agus deich bpunta ar cheann easbuig.



B'fhéidir go ndéarfaidhe nár chóir na neithe seo a
nochtughadh, acht deirim-se go bhfuil sé ceart agus cóir
a nochtughadh go fírinneach, nó dhá bhfágthaoi gan nocht-
ughadh iad, bhéimís ag plúchadh stair ár dtíre, agus ag
teasbáint do'n tsaoghal go raibh cladhraidheacht agus
neamh-náisiúntacht i lorg ár bpeann.



Timcheall an tráth' seo a bhfuil mé ag trácht faoi, bhí
cumhachta na ngall, láidir treiseamhail, agus ní le
calmaidheacht ná le crógantacht a bhí an bhuaidh sin aca,
acht le cladhraidheacht, tútghail, agus fealltacht.



Thárlaidh ball de'n diabhal, ó Chúige Uladh go dtí Baile
Uí Fhíodhcháin, timcheall an ama sin, ar bh'ainm dó Ridire
Niall Ó Domhnaill, agus is dubh-chroidheach an sgéal é,
go gcaithfidh sinn a aimhdeachtáil, i lom-chlár na fírinne,
go raibh sé chomh baoghalach i n-aghaidh na gCaiteiliceach is
bhí Iúdás i n-aghaidh ár Slánuightheora, neoin gur shíolruigh
sé ó bhunadh daoine ba calmaighe, agus ba tréine d'á
raibh le fagháil, agus ba fíochmhaire dhár throid ar son
saoirseacht' agus creidimh i n-Éirinn. B'éigin dó im-
theacht ar teicheadh ó n-a chúige féin, mar ngeall air a
bheith i n-a fhealltóir, ag tabhairt iarracht' ar a bhunadh
féin a lot, agus a dtarcuisniughadh go mío-náireach.



Nuair a tháinig sé go Baile Uí Fhíodhcháin bhí cumhachta


L. 58


na Sacsan aige, mar ngeall air a bheith i n-aghaidh an
chreidimh Rómhánaigh, agus bhain sé a gcuid talmhana de
dhaoine bláthamhla, a bhí annsin nuair nach séanfadh siad
a gcreideamh, agus seo ainm cuid aca — na Máilligh;
clann a Ghlachlainn; agus muinntir Medlicot; agus is
iomdha nidh níos measa ná an méid sin a rinne sé nach
féidir liom-sa a thabhairt dhíbh faoi láthair, agus seo é
an panantóir bradach, a chroch an t-Athair Mághnus mar
fheicfidhear.



An tráth a dtáinig Humbert chun na tíre, bhí na Cait-
eilicigh annsin i gcruadh-chás, agus bhíodar ag guidhe na
Maighdine Muire agus a héan-mhac, congnamh a chur
chuca le réidh an achair creidimh a thabhairt dobhtha.



Fuaradar a nguidhe, mar seoladh na Franncaigh chuca,
agus chruinnigh fir an Iarthair i n-éinfheacht leo, agus
throideadar cath fíochmhar borb ag Caisleán a' Bharraigh,
i riocht gur chuireadar an ruaig ar na tartalaigh, neoin
go raibh deichneabhar de na Sacsanaigh i n-aghaidh duine
de na h-Éireannaigh.



Seal gearr i ndiaidh tluiseadh ar na Franncaigh, dubhairt
an Domhnallach go raibh an t-Athair Mághnus i n'árd-
chomhairleoir ag comhairleacan Humbert agus a shluaighte,
agus mar gheall ar sin, a ghrádh! d'fhuagair sé barántas
le n-ár sagart arún a ghabháil.



Tar éis seo thairig an Domhnallach duais tairbheach do
dhuine ar bith a bhéarfadh ar an Athair Mághnus beo nó
marbh. Bhí saighdiúirí, spídeoirí agus fealltóirí amuigh
aige ar fud paráiste Acla oidhche agus lá ar a thóir,
agus sháruigh sé ortha a fhágháil amach. Ní cheannóchadh an
méid óir a bhí i Sasana muinntir Acla, agus níor thuga-
dar éan fháirnis air, mar bhí siad dílis, agus bhí cion aca
ar a sagart paráiste, agus ar an gcreideamh Rómhánach.



Chuaidh sé suas ar chnoc Sliabh Mór, agus bhí áitreabh


L. 59


annsin roimhe ó Dhia. Ní daoine rinne é acht Dia.



Tá teach cloiche, bord, águs cathaoireacha cloiche ann,
agus ní thiocfadh le éan duine doras an tighe fhagháil
amach.



Tá acra talmhan ar thaoibh an chnuic, chomh pollta le
criathar, agus ní fhuil duine ar bith ag dul ghá iarraidh,
ar fhaitchíos nach rachadh siad isteach ins an doras ceart,
agus go gcreaplóchthaoi iad, agus nach dtiocfadh leo a
dhul amach as.



Is fíor-chinnte go raibh pálás ann, ag an Athair
Mághnus, go bhfuair sé amach an t-árus galánta seo,
agus thiocfadh leis a bheith ann go bhfuigheadh sé bhás, acht
go raibh sé míle agus céad troigh suas ins an gcnoc,
agus go mb'fhada leis, a cháirde a bheith ag tabhairt bidh
chuige. Bhí sé chomh hárd sa' gcnoc, leis an áit a dtuga-
muid an doras mór mar ainm air. Tháinig sé ar a thoil
féin a theacht anuas, i measg a dhaoine muintearach.



Nuair a bhí sé suim aimsire i measg a ghaolta, chuaidh
sé síos ar cuairt go Tóin an tSean-bhaile.



'Sé an áit a raibh na tighthe, ar ghob an chorráin, an
uair sin, agus an tráth a bhí sé annsin, tháinig saigh-
diúirí chun a' bhaile ar a thóir. Tháinig an spídeoir go
Tóin an tSean-bhaile, agus theasbáin sé an teach a raibh
sé ann, ar dhuais airgid. Leag an t-oifigeach sparán
óir ar a láimh, agus nuair a bhí an spídeoireacht déanta
aige, sgiob sé an sparán as a láimh, agus níor ghnóthuigh
sé leith-phighinn ruadh ar a chuid spídeoireachta.



Tháinigeadar isteach annsin chun a' tighe, agus chuar-
tuigheadar an teach agus ní bhfuaireadar an sagart, &
nuair a bhíodar ag dul ag imtheacht, loisg fear aca
urchar suas ins an lota. “Ó! Dia dhá réidhteach,” arsa
sean-bhean a bhí i n-a suidhe ins an gclúid, “tá an
sagart marbh.”


L. 60


Nuair a chualaidh siad cainnt na sean-mhná, chuaidh siad
isteach aríst chun a' tighe, agus chuaidh siad suas ar an
lota agus chuartuigh siad é, agus fuair siad an sagart
ann, agus thugadar leo é go dtí an Domhnallach, i
mBaile Uí Fhíodhcháin.



Nuair a bhíodar ag imtheacht, bhuail lagar agus tart
an sagart, agus d'iarr sé deoch uisge; thug ceann de
na fir deoch uisge chuige, agus nuair a bhí sé ag ól an
dighe, bhuail fear aca an soitheach, a raibh sé ag ól an
dighe as, agus sgap an t-uisge ar éadan an tsagairt,
agus dubhairt sé, “gurab í sin an lámh a bhéarfas chun
na cille thú.”



Bhí a shliocht air; bhí sé faoi Samhain dár gcionn, ag
fiadhach, agus loisg sé, agus loic an t-urchar, agus bhuail
ceap an ghunna ins an láimh é, agus briseadh í, agus
fuair sé bás faoi na sguilthí.



An fear a thug an deoch uisge chuige, d'iarr sé saoghal
fada le séan dó, agus a sháith a bheith aige, chomh fhad 's
bheadh sé beo, agus flaitheas dhá anam.



Bhí a shliocht air; fuair sé céad agus deich mbliadna
d'aois, agus is gearr ó cailleadh é. Bairéadach bhí mar
shloinne air.



Nuair a tugadh i láthair an Domhnallaigh an sagart,
níor cuireadh cúirt ná coiste air, acht d'orduigh an Domh-
nallach a chrochadh ar buille boise, agus crochadh é ar an
9adh lá de Mhí Mheadhoin, 1799, i sráid an mhargaidh, ar
mheadh na sgálaí, i mbaile Uí Fhíodhcháin, i gConndae
Mhuighe Eó. Soillse agus glóir na bhflaitheas go raibh
ag a anam!



Nuair a bhí sé crochta, dubhairt fear de na Lyghtels
go mba hárd a bhí splíonach sagairt an lá sin, agus, ar
seisean, “A' rath sin ar an gcuid eile aca.” Agus
dubhairt deirbhshiúir an tsagairt, “Nár ba fada go


L. 61


mbéidh tusa in do splíonach níos airde.” Bíonn am na
hathchuinge ann mar fuair sí a guidhe.



Níor bh'fhada i n-a dhiaidh sin go raibh an fear sin ag
siubhal, agus go dtáinig sneachta trom, agus chuaidh sé
amudha ar an mbealach, agus bhí sé ag imtheacht roimhe go
ndeachaidh sé suas ar mhullaigh cnuic áird, agus bhí sé
caillte thuas ar a mhullach, agus ní raibh éan tuairisg
ar a bheo ná ar a mharbh nó go dtug na madaidhe a chosa
agus a lámha anuas ar fud an bhaile.



Leanadar na madaidhe suas an cnoc, agus fuaradar
a chuid splíonaighe lobhtha annsin, agus thionntuigheadar
fód air, agus badh in é deireadh Lyghtel.



Chuireadar leacht os a chionn le teasbáint do na
daoine gur annsin a bí Lyghtel curtha, a bhain aithis as
an sagart a crochadh go héagcóireach. Báille a bhí i
Lyghtel, agus is iomdha droch-ghníomh fealltach a chuir sé
i ndiaidh a láimhe, agus mar adubhairt an sean-fhocal,
“Ní'l tuile dhá mhéad nach dtráigheann,” b'fhearacht sin
le Lyghtel é; bhlas sé an bás níos luaithe ná bhí sé ag
brath leis, agus atá uaigh a shean-chreatalacha le feiceáil
go fóill ar bhárr Chnuic Chartúin.



Bhí ceann de na Máilligh, a dhíbir an Domhnallach as a
gcuid talmhana, i n-a cheannphort ar na h-Éireannaigh,
ag Cath Bhaile na Muc; agus bhí beirt dearbhráthair de'n
tsloinne chéadna, as Buir-ghéis Umhall, ag troid go
calmach ar thaoibh na nÉireannach, agus is mór an gníomh
do rinne ceann aca mar atá sé ráidhte gan dédearbhadh
ar bith, gur mharbhuigh sé os cionn trí chéad d'á náimhde,
agus gan aige acht fear ag stancadh a ghunna dhó le
méarthóga, mar nach raibh gráin ná piléir aige. Seosamh
bhí mar ainm baistidh air. Gabhadh é, agus le hordughadh
Cornwallis crochadh é, mar bhrostuigh an Domhnallach é,
an fheill-bheart a dhéanamh


L. 62


D'éirigh leis an dearbhráthair eile, 'sé sin Aibhistín, a
bhealach a dhéanamh go h-Acaill, agus chaith sé seal gearr
annsin, i measg na gcomhursan téagarthach, neoin go raibh
sé fuagruighthe ag an Domhnallach, teach ar bith a bhéar-
fadh fasgadh dhó, gur bás splíontaidheachta a bhí i ndán
do mhuinntir an tighe sin.



Níor sgannruigh sin muinntir Acla, mar thug siad
fasgadh agus dídean dhó, agus sócamhal léir mar bhí sé
aca.



Bhí duais tairbheach le fagháil ag neach ar bith a bhéar-
fadh tuairisg faoi, agus theip sé ar na brothairí an duais
fhagháil, mar ní raibh éan fhealltóir i n-Acaill.



Bhí fear de mhuinntir Chaiticín ag seoltóireacht thart
thimcheall Acla, agus thug sé Aibhistín Ó Máille leis ar
a ghleoiteoig go dtí long Fhranncach, a bhí ag fuireacht
leis ins an mbáidhe.



Nuair a chuaidh an Máilleach ar bhord na luinge, thug
sé a sheacht míle beannacht do Chaiticín, i gceann trí
phunta a thairgsint dó mar luach saothair.



Dhiúltuigh an Caiticíneach an t-airgead, agus dubhairt
sé leis an Máilleach, “I n-áit airgead a ghlacadh uait
dá mbeadh fairsingeacht airgid agam, bhéarfainn fiche
punta dhuit a chuideochadh leat in do bhealach.” Sgara-
dar le chéile annsin, agus nuair a shroich an Máilleach
an Fhrainnc, chuaidh sé i n-airm na Frainnce, agus le
méad a chalmaidheachta agus a chrodhachta níor bh'fhada go
ndearnadh oifigeach dhe.



Chaith sé bliadhain agus fiche ins an airm, agus le linn
an ama sin d'éirigh sé dall, agus tháinig sé abhaile go
Buir-ghéis Umhall, agus ní bréag a rádh nach raibh fáilte
ag a cháirde roimhe. Bhí buan-chíos bliadhanamhail ó
Ríoghaltas na Frainnce aige, i gceann seacht bpíngne
sa' lá a bheith aige dh'á mhadadh, a bhí ghá cheannaireacht.


L. 63


Bhí an Domhnallach beo nuair a tháinig sé, agus casadh
leis an Máilleach ar dhroichead Bhaile Uí Fhíodhcháin, agus
bhain sé aithis as an dall. “Aithnighim do ghlór, a
bhodaigh,” ars an Máilleach, agus leis sin chuir sé a lámh
i bpóca a asgaille, agus thug sé amach a phiostal, agus
ar an móiméid a chonnaic an Domhnallach an piostal rith
sé mar rith siad ag Caisleán a' Bharraigh, agus badh in
é gníomh na bhfealltóirí mbréagach do rith mar chladhairí.



Dia dhá réidhteach, a ghrádh! Ba dubh-chroidheach an lá
do chlainn na nGaedheal an lá do crochadh an t-Athair
Mághnus, & is iomdha deor cráidhte a sheil baintreabhacha
agus dílleachta mar ngeall ar a bhás, agus cúirsí na
fir dhe, bhíodar tanuighste de bhárr an chatha mhisneamhla
bhuird do throideadar ag Caisleán a' Bharraigh, agus ag
Baile na Muc, agus an méid aca do righnigh ó na catha,
b'éigin dobhtha imtheacht ag cois chladaigh agus i n-uamh-
acha faoi thalamh le fasgadh 'fhagháil.



Bhí saighdiúirí Shasana ar a dtóir, agus ag smúracht
rompa mar fhaol-chú, le n-a marbhadh gan siocair ná
ádhbhar, acht grádh creidimh agus tíre, neoin go bhfuil sé
ins an teagasg críostaidhe, “Dia do ghrádhughadh os cionn
gach uile nidh, agus do chomhursa mar thú féin.”



Is iomdha droch-ghníomh eile a rinneadh le hordughadh
an Domhnallaigh bhradaigh an tráth sin, nach bhfuil am ná
achar agam-sa faoi láthair, a chuir i sgríbhinn le haghaidh
na nGaedheal, nach bhfacaidh solas an lae go fóill; acht
le congnamh Dé b'fhéidir go dtiocfadh fíor-Ghaedheal a
nochtóchadh iomlán beatha an Athar Mághnus Mac Suibhne,
agus a ghríosóchadh tútghail meilm agus feille an Domh-
nallaigh agus a ghramsgair chonganta.



Sagart fíor-Ghaedhealach, fírinneach, fíor dhá thír agus
dhá chreideamh badh eadh é, agus atá stuair a chnámh faoi
láthair i n-ithir bheannuighthe Ghaedhealaigh, agus mar ngeall


L. 64


ar a ghaedhealtachas agus ar a fhearamhlacht ag cosaint
a thíre agus a chreidimh, do crochadh é.



'Siad na Béarlóirí le n-a ngall-chumhachta diabhalta
a d'imir an fheill-bheart sin air, & nach truaighmhéileach
an sgéal é go gcaithfidhear aimhdeachtáil annseo gur ins
an tSacs-bhéarla atá an feart-laoi greanta, atá ar
a chloich-thomba.



Agruighim-se fir an Iarthair anois, agus Gaedhil na
h-Éireann i n-a gceann, leacht a thógáil go luath agus
go tapaidh os cionn na huaighe, i riocht go mbéidh sé mar
threoir ag clainn ár gcloinne, nach ndearnamar dear-
mad ná cionn-faillighe, gan comhmóradh onórach a chuir
ar a chnámha ins an talamh le teasbáint do na Béar-
lóirí gur chuireamar feart-laoi i dteangaidh ár dtíre
os a chionn.



Do hadhlacadh é ar an 9adh lá de Mhí Mheadhoin, 1799,
i Mainistir Bhuir-Ghéis Umhaill, i ngar do Bhaile Uí Fhíodh-
cháin, i n-éan uaigh amháin le n-a athair agus le n-a
mháthair, agus atá uaigh na Máilleach réamhráidhte, le
n-a hais.



Tá a cholann sa' talamh,
Is a anam i bhFlaitheas,
Faoi chúram na n-aingeal,
Na n-easbol is na naomh;
Is gan cosg le n-a theangaidh,
Acht ag agairt na Tríonóide,
Le Éire a shaoradh
Ó ghangaid is baoghal.



Tá an Mhaighdean i n-A bhfochair,
Agus Seosamh, a céile,
Ag éigneach go fábharach,
Leathtrom na nGaedheal;


L. 65


Atá faoi dhuibheacan creidimh,
A tháinig go h-Éirinn,
I soisgéal neamh-thairbheach,
I nGall-bhriathra béil.



Crochadh na sagairt,
Is céasadh na céadta,
Marbhuigheadh na mílte,
Is na milliúin, a ghrádh!
Nuair nár thréig siad a gcreideamh
Ar thoiseach na Féile,
Is an Mhaighdean a shéanadh,
Ar son rálaighe mná.



Bhí an soisgéal seo i bhfalach,
Ó aimsir na Páise,
Go dtí tráth an tsean-pheanantór',
An fimineach tréan;
Mar bhrostuigh an donas é,
Le dhul i n-aghaidh an Phápa,
Agus an Bíobla a athrughadh,
Léir a neamh-smaointe féin.



An Méarthóg.



Sgríobhas mórán de'n ghearr-chunntas seo ó Phádhraig
Mac Gréil, Dubh-Ghuirt; agus sholáthruigh Pádhraig
Ó Domhnaill i mBaile Uí Fhíodhcháin roinn eile dhe dhom.
'Sé Antoine Ó Bláthmhail i nDubh Éige do chruinnigh ó na
seanchaidhthe agus do sgríobh do Phádhraig é.



Táim go an-bhuidheach de Phádhraig Ó Domhnaill agus
d' Antoine Ó Bláthmhail dhá bhárr.



Fuaras mórán conganta ó Shéamus Mac hÉnrí, Dubh
Thúma, agus ó Sheaghan Ó Ruadháin, Dubh Loch, le h-abhráin
agus targaireacht agus neithe eile do sholáthar dhom.
'Siad seo an bheirt stócach is fearr sgoláireacht i n-a


L. 66


dteangaidh dhúthchais dhár casadh liom i n-Iarros. Táim
go han-bhuidheach dhíobhtha de bhárr an mhéid do rinneadar
dhom.



'Sé Micheál Mac Ruaidhrí do chuidigh liom leis an
leabhar seo do chuir i n-ordughadh. Tá lorg a láimhe ar
gach leathanach dhe, agus cébí rath atá air, bíodh na léigh-
theoirí buidheach de Mhicheál mar 'sé do chuir an slacht
sin air. Ní'l sé in mo chumas ughdar Aodha Uí Néill do
mholadh. Ní'l agam le rádh acht go dtugaidh Dia saoghal
fada le séan dó le Gaedhilgeoirí na tíre do theagasg!


L. 68


AN T-ATHAIR MÁGHNUS MAC SUIBHNE.



Nach é bás an Athar Mághnus,
A d'fhág fán ar go leor?
Gaedhil bhochta cráidhte,
Is gach lá ag sileadh deor;
Dhá maireadh sé is grásta,
Is Bonepartí theacht thar sáile,
Chuirfeadh sé crann saoirse i n-áirde,
Le n-a dhá láimh os cionn Mhuigheó.



Tá duibhthean ins an spéir.
Is na réalta uilig faoi cheo,
Fir éantuighthe gan éan smid,
Is tá an ghrian a' cailleadh a teo;
Ó d'éag sé flaith na féile,
'S sé a sheasfadh dhúinn — na Gaedhil,
An leomhan, an fhuil ba tréine,
Nach ngéillfeadh do go leor.



Tá na Franncaigh gabhtha gléasta,
Is Humbert a' tidheacht thar tuinn,
Golfaidh siad go géar é,
Is éiric a thabhairt ann,
Mallacht Ríogh na gCréachta,
Do'n t-é úd a mhionnuigh an t-éitheach air,
Crann seasmhach clann na nGaedheal,
'Sé mo léan géar! go bhfuil sé i gcill.



Seo rann do chum Pádhraig Daeid faoi bhás an Athar
Mághnus. 'Sé Pádhraig Ó Domhnaill i mBaile Uí Fhiodh-
cháin do chuir é ag triall orm.


L. 69


PÁDHRAIG DAEID AGUS AN BÁS.



(É féin do chum.)



Ar dhroichead Luimnigh casadh an bás orm,
I n-a ghadaidhe ghránda, is a chúl le claidhe,
Dhruid sé in m'aice is chraith sé lámh liom,
Is dubhairt “a Phádhraig! cionnus atáoi?”
“Tá mé breoidhte lag in mo chnámha,
Ó shníomh mé an mála atá a' dul thrí mo thaoibh,”
“Leag tharad é is gluais mar chách liom,
Go gleann aoibhinn áluinn i n-a bhfuil gach éan.”



“Impide ort a ghadaidhe ghránda!
Tabhair dhom spás go ceann dhá mhí,
Go dtéighidh mé go Baile Chruaidh chun Uí Eaghra,
An fear is áilne faoi éadaighe Chríost;


L. 70


Ann siúd a bhíomar-ne i dtigh tábhairne,
I measg na sár-fhear ag ól na dighe,
Bhéarainn go dian duit dá bhfághainn mo shláinte,
'S is fada ó'n áit seo bhéinn aríst.”



“Deirim leat-sa má bhíonn tú i nÉirinn,
Faoi luighe na gréine nó i gCrích Fáil,
Go dtabhrad cuireadh dhuit i láthair bheinnse,
Is go mbéidh mé i n-éinfheacht leat in mo luighe ar chlár;
Cuir fios ar an Eaglais sul dá n-éagfair,
Déan aithrighe ghéar le Righ na ngrás,
Béidh tú borramhail i measg na naomh,
Acht diúltuigh an saoghal seo, is do na mnáibh.”



“Dhá mbéinn i n-Acaill nó i n-Umhall Uí Mháille,
I gCaisleán a' Bharraigh nó i dteach Chuinn Fhéil,
Nó i mbaile a' Chreachair ag dul le fánaidh,
Dhéanainn gáire a chluinfeadh an saoghal;
Is iomdha óig-fhear lúthmhar láidir,
A chuirfeadh fáilte romham, is céad,
Is a Mhághnuis Suibhne! chraithfinn lámh leat,
Is d'ólfainn cárt' leat gan focal bréig'.”



“Gaisgidheach mise a shiubhal thart Éire,
An Fhrainnc an Ghréig is an Ghearmáin,
Thug mé Oisín liom is Fianna Éireann,
Oscar tréan is Goll an áird;
Thug mé an t-óg is an críon dá réir liom,
An fear is tréine 's is milltighe cháil,
Bhéarad tusa liom a Phádhraig Daeid!
Leig dhe do phléidhe liom, is gluais mar chách.”



Seo abhrán do chuir Pádhraig Ó Domhnaill ag triall
orm, do sgríobh sé ó n-a charaid gaol Aodh Ó Domhnaill
i gCill Míodna, leath-bhealaigh eidir Baile Uí Fhíodhcháin


L. 71


agus Cathair na Mart. Is caismirt atá ann, eidir an
File agus an bás.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services