Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mí na Feil' Eoghain. 1924

Title
Mí na Feil' Eoghain. 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Comhaltas Uladh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN t-ULTACH



PÁIPÉAR MÍOSAMHAIL FA CHOINNE GAEDHEAL TUAISCEART ÉIREANN.



Iml. 1. Uimhir 6. MÍ NA FEIL' EOGHAIN. 1924. Luach Dhá Phighinn.



AN t-ULTACH.
Árus Chonnradh na Gaedhilge,
5, Plás na Trágha,
Dún Dealgan.



Foillseóchthar “An t-ULTACH” an chéad lá de ghach mí.



LUACH: 2ph.; nó 3ph thríd an phost.



Sínteanas bliadhantamhail (airgead roimh ré) leis an
pháipéar a fhagháil thríd an phost, 3s.



RÉIDH ANOIS!



“LÁ NA CÚIRTE.”



(Le “Cú Chulainn.”)



Leabhar breagh so-léighte. — 87 Leathanach — Tagra.



Saor thríd an phost — 2/2; ó
PHEADAR Ó DUBHDA, Dún Dealgan.



FÓGRADH.



Tionólfar cruinniughadh i gCluain-Eois, Diardaoin
Chuirp Críost (Meitheamh 19), chun Comh-Cheangal Gaedheal
Uladh a chur air bun. Béidh Feis air siubhal i gCluain-Eois
an lá sin, agus fógrochthar uair agus ionad an chruinnighthe
a's an árdán. Súiltear go gcuirfear teachtairidhe a's na
Craobhacha, na Coisdi agus na Cumainn eile. Duine air
bith a chuireas spéis san obair, béidh fáilte roimhe.



OIGHREACHT NA nGAEDHEAL.



Bhí mé 'mo sheasamh ar ardán, agus mé ag amharc ar
an dúthaigh a bhí le feiceáil thart fa dtaobh díom. I bhfad
siar uaim, ag bun na spéire, bhí Tóin Glinne le feiceáil —
sliabh atá i ndeas do Ghleann Cholmcille — gleann
a fuair cliú agus cáil de thairbhe a bhailigh Artur
Darlaigh de shean-cheolta Gaedhealacha ann. Níos
deise damh fós, bhí na sléibhte ar a' taoibh eile
den Chlochán Líath — Croch Uí Bhaoighill, Oileán Árainne,
agus Uaighe — cé nach gcualaidh trácht orra-súd, agus ar
an méidh scéaltaí agus tairngireacht a bhaineas leobhtha:




“Mo thrí thruaighe naoí n-uaire,
Toraighe, Uaighe, agus Árainn,
Plaincéid shuaidhte, dhearga fútha,
In áit 'na bplaincéud bán.”




Cha ndéanaim-se dearmad orthu, cibé ar bith, go bhfuaraidh
an bás mo bhéal, ná is iomdha lá pléisiúrdha a chaith mé i
dTír Chonaill, agus is iomdha oidhche a chaith mé tamall ag
gabháil do “Chloich Cheann Fhaolaidh,” “Mo Dhá Róisín,”
“Maicín,” agus a leithéidí ag féachaint le cuid d'aoibhneas
agus de dhraoidheacht na tíre sin a thabhairt ar air chugam,
agus mé tuirseach de “Leabhraí troma gránna” na
hollsgoile.



Ach d'fhóbair go ndéanfainn dearmad de na rudaí
eile a bhí le feiceáil ó'n droichead adaí — Abhainn na
Cláideadh agus í ag déanamh slighe thríd na portaigh
dhubha, an bealach mór cnapach, corrach, clochach, a chois na
h-abhna, na toighthe beaga, na clocha móra loma, na cnuic
chorcra ó Chroiligh go Cnoc Fola, agus an t-Earagal ag
coimhéad amach thar an tír mar a bhéadh sean-rí 'na sheasamh
ag ceann cláir, agus a chuid cómhairleóir thart fá'n bhórd.



Is minic a shílinn gur ghlac sé droch-bharamhail díom a'
chéad lá aríamh a leag sé súil orm — dá mbéinn i Machaire
a' Chlochair, nó ag dul suas go Mín Doire Dhamh, nó soir
go Doirí Beaga, nó siar go Machaire Loisge, nó go Rann
na Feirste, bhéadh sé ag coimhéad orm, dá mbéinn ar a
bhealach siar nó soir, bhéadh sé ag gluaiseacht go mall,
sílfheá, ag íarraidh coinneáilt suas liom, agus cibé áit
'na mbéinn 'sa dúthaigh mhóir, fhairsing sin, tchínn é
díreach os mo chómhair amach.



Agus 'san oidhche fhéin, agus é dubh, dorcha, chuirfeadh
ceol na habhna agus boladh bréagh, cúmhra na mónadh
aoibhneas ar do chroidhe, agus bhéarfeá do mhíle buidheachas
do Dhía, cionnus bheith beó in Éirinn ársa na bhFíann.



Ach ní'l 'sa mhéid atá scríobhtha agam thuas ach rud
amuideach ann fhéin. Buidheachas mór le Día go bhfuil tír
bhréagh againn — ach fanfaidh an tír ann, go deireadh an
tsaoghail. Má thig an lá achoidhche a mbéidh an Gaedheal
deireannach imthighthe as Tír Chónaill agus as Éirinn — agus
nár leige Día é! — béidh na cnuic agus na sléibhte ag
amharc chomh bréagh an lá sin agus tá siad indiú. Dá
mbéadh deireadh le hÉirinn, agus “Sasuinn nua dár
b'ainm Éire” préamhuighthe 'san oileán seo, ní bhéadh a
rían ar an Earagail, agus bhéadh a' Chláideadh chomh binn
ceólmhar agus atá sí indiú.



Caidé an rud a bhfuil mé ag teacht air? Tá, gur
cine, uasal, ársa, Clanna Gaedheal, agus go bhfuil
oidhreacht uasal le sábháil acu. Go bhfuil an tír álainn seo
acú, ó láimh Dé le sealbhughadh go deireadh an tsaoghail,
agus nach bhfuil sé de chead acú a dtír fhéin a thréigbhéail,
ná a n-oidhreacht uasal a shéanadh. Go bhfuil an náisiún sin
a buaileadh ag Cionn tSáile beo go fóill, ó Thír Chonaill
go Cíarraidhe, ach go bhfuil fuil a chroidhe dá sileadh go
fóill, go bhfuil na stócaigh láidre, agus na girrseacha
glana cúmhra doigheamhla ar chóir daobhtha a bheith na gcúl
taca daoithe dá ruagadh thar sáile — siar go 'Meiricá agus
anonn go hAlbain.



'Síad muinntir na Gaedhealtachta na fíor Ghaedhil —
Gaedhil sinne, fosta (Muinntir Bhaile Átha Cliath agus na
Galldachta), agus is iomdha buille a bhuail muinntir Bhaile
Clíath ar son na Saoirse — ach na bímís 'ár ndalladh fhéin,
pé Saoirse a bainfear amach i mBaile Átha Clíath, nó cibé
cineál ríaghaltais a cuirfear ar bun ann, ní bhéidh baint
aige leis an náisiún a d'oil Cú na gCleas, má leigimíd
do'n Ghaedhealtacht bás fhághail — má leigimíd do mhuinntir
na Gaedealtachta dhul go hAmericá.



Caithfear cothrom na Féinne thabhairt do mhuinntir na
Gaedhealtachta, obair a thabhairt daobhtha, agus 'íad
d'athchur ar bhántaibh saidhbhre na tíre — an talamh a baineadh
díobhtha fadó a thabhairt arais.



Caithfear oideachas meadhonach, agus árd-oideachas
saor a thabhairt do chuid páistí na Gaedhealtachta — ná ní
féidir an Ghaedhilg a shábháil gan íad, agus ní mhairfid
spiorad na Náisiúntachta má fhághann an Ghaedhilg bás.



Ní thig le muinntir Bhaile Átha Clíath an Ghaedhilg a
thabhairt ar ais leis a bheagán Gaedhilge atá acu fhéin. Ní
féidir leó ach cuidiú leis na daoine 'sa Ghaedhealtacht —
agus nach mór an obair sin. Ní'l mé ag cur milleáin
orrthú — ná is duine acú mé fhéin — ach sin an fhírinne.
Ceileadh a' Ghaedhilg orainne i mBaile Átha Clíath.
Gaedhilg chos-mhaide, Gaedhilg bhacach, atá ag an chuid is
fearr againn — agus tá 97 as a chéad de Mhuinntir Bhaile
Átha Clíath gan Ghaedhilg. Dá mbainfidhe an chos de dhuine,
b'amuideach an rud é a chur a throid le gaisgidheach mór
clúiteach mar Balor Béimeann — ach bhéadh sé comh
hamuideach an fear a cháineadh cionnus é a bheith ar leath-
chois. Mar sin do “Ghaedhilg Bhaile Clíath.” B'amuideach
rud é fear maith ar bith a cháineadh chionn's gan Gaedhilg
mhaith a bheith aige, muna bhfuil neart aige fhéin air. Ach,
b'amuidighe ná sin Gaedhilg bhacach, bhriste “Bhaile Átha
Clíath” a chur a throid le Balor Mór Béimeann an
Bhéarla.



Ar an “native speaker” atá ár seasamh. Sé an fear
a bhfuil Gaedhilg ón chlíabhán aige a shábhálfas an Ghaedhilg.
Ní sábhálfar an Ghaedhilg gan é — ach caithfidh Gaisgidheach na
Gaedhilge cabhair fhághail uainne, nó is baoghalach nach
bhfuigh sé buaidh ar Bhalor. Ní mise an chéad duine
adubhairt rud mar seo, agus tá súil agam nach mé an
duine deireannach a déarfas é. Donn Piatt.


L. 2


SEANCHUS SA CHEARDCHAIN: Cú Chulainn.
do Scríobh.



CEIST NA TEORAINNTE.



Brian Gabha, a phrintiseach gasura Leáraidhe agus cupla
comhursanach ag cur síos ar chúrsa na h-aimsire.



Brian; Tchím go bhfuilthear chun ceist seo na teorainnte
a shocrú fa dheireadh.



Paidí: Tá; is goirid uainn anois go mbéidh a cheanntar
ag cumhangú isteach ar an Chréagach; caithfidh sé
géilleadh.



Séamaí: Caithfidh — agus tá'n chuma sin air! Is é nach
ngéillfidh órlach — agus tá'n ceart aige.



Brian: Ár ndóigh, a Shéamaí, char dheas leat go mbeadh an
teorainnte seo ann i gcómhnuidhe.



Séamaí: Ba chuma liom; acht char dheas liom gan
leanamhaint do'n t-sean-dóigh a bhí aige n-ár sinn-
sir.



Paidí: Cá bhfuair tú do chuid eolais ar stáir no ar chruinn-
eolas na tíre, a Shéamaí, nuair a deir tú sin.



Séamaí: Nach fada atá Cúige Uladh ann, agus cad chuige
go mbeadh cead ag duine ar bith no ag dream ar
bith teorainnte na cúige sin a bhrisiu.



Brian: Ag magadh atá sé, a Phaidí.



Séamaí: Ag magadh! Is annamh damh-sa ag magadh, a
Bhriain. Saoileann cuid daoine gur a' magadh atá
an Créagach fósta, acht mise 'mo bhannaidhe nach a'
magadh 'tá sé acht i n-dairíre píre.



Paidí: Agus nár mhaith leat go ndeanfaidhe socrú ar an
cheist?



Séamaí: Ba mhaith liom go leanfaidhe do'n t-sean-roinnt
a bhí i n-Éirinn, i., na cúigí bheith mar bhí fad ó. Acht
b'fhearr liom go mbeadh an sean-chúige Uladh ann —
suas go dtí bruach na Bóinne — an bruach theas.



Brian: Tá tusa níos déine ná an Créagach fhéin, mar sin.



Séamaí: Sin an locht amháin atá agam air — nach bhfuil sé
ag dul d'réir an t-sean-roinnt. Acht 'sé mo
bharramhail nach mbéidh se i bhfad sásta le sruthainín
no claidhe cloch mar theorainnte do n-a chúige.



Learaidhe: Is iontach é an teorainnte sin, a Shéamaí. Bhí
mé fhéin agus Micí Thoirdhealbhaigh thart an bealach
sin cupla lá ó shoin agus chan fhacamuid a'n dadaí
a thaisbeanfadh go rabh dhá chúige ann chor ar bith.
Thug Micí fa dtear beirt de na “specials” 'na
suidhe ar an droichead rómhainn agus stadmuid.
Acht giota beag níos fuide suas bhí saighdiur d'arm
an t-Saor-Stáit agus guna in a láimh aige. Bhí
muid-inne san Saor-Stát agus bhí na saighdiuirí ann
fósta acht bhí na “specials” a bhí eadrainn i gcúige
Uladh — agus cha rabhamuid uilig níos mó na leath-
chéad slat ó n-a chéile.



Brian: B'iontach sin — séid, a Learaidhe, tá an teinidh ag
dul as.



Séamaí: Sin a' seort amaideacht' atá ar siubhal aca, a
Learaidhe. Chan fhuil fhios aca cá bhfuil an
teorainnte in áiteacha. Bhí Tom Mag Fhinn ag
ársuighe damh fhéin go bhfuil gort d'a chuid san dá
chúige, agus nuair bíonn sé ag treabhadh bíonn
capall amháin de'n chuingir ag siubhal san Saor-
Stát agus an capall eile ag siubhal ar chúige an
Chréagaigh.



Paidí: Agus bíonn soc an chéachta ag teanntú aníos an
teorainnte, is cosamhail!



Séamaí: Bíonn. Tá an teorainnte 'ghá bhriseadh aige
Tom, acht is ar thaobh an Tuaischirt caitheann clár
an chéachta an fód; mar sin de is ag leathnú talamh
an Chréagaigh tá sé. Acht dá mbeadh an sean-
teorainnte ann — an Bhóinn — cha bheadh aon triobloid
mar sin ann. Agus ós tusa is déigheannaighe bhí ar
scóil, a Learaidhe, thig leat fírinne mo chuid eolais
a chruthú: nach mbíodh eiscir fhada trasna na
h-Éireann ó fhairrge go fairrge ag roinnt na tíre
'na dhá leith fad ó shoin?



Learaidhe: Bhíodh, d'réir sean-leabhair atá ag an
Mhaighistear; agus de ghainimh bhí sé sin deanta —



Brian: Na séid anois, a Learaidhe; tabhair cupla buille
do'n soc seo. Is doiligh an cheist a thuigbheail, a
bhuachaillí.



LEATHANACH NA MUINTEOIRÍ.




STÁIR — Colm Cille.



Rugadh i nGartán é de dheoin
'Sdo hoileadh é i gCill Mhic Neóin
'Sdo baisdeadh Mac na maise
I dTulaigh na Dubh-ghlaise.




B'fhéadfaidhe (b'fhéidir) gurb é Colm Cille an naomh
ba mhó a rugadh in Éirinn ariamh, agus air an ádhbhar sin,
tá cliú agus cáil air Thír Conaill, an chonntae 'na
rugadh é.



Nuair a chuaidh Naomh Pádraig go dtí Grianán Ailigh,
an áitigh na mbíodh ríghte Uladh 'na gcomhnuidhe, bhí rí ann
a chuir fáilte chroidheamhail roimhe leis. Eóin a bhí air an
rígh. D'fhág Naomh Pádraig a bheannacht aig an rígh, agus
ag a bheirt mhac, Conall agus Feargus. Ba h-iad Conall
agus Feargus sinnsir do Cholm Cille, do Aodh Ó Neill,
do Aodh Ruadh Ó Dómhnaill, agus d'Eóin Ruadh Mhac Áirt.



Is i nGartán i dTír Conaill a rugadh Colm Cille 'sa
bhliadhain 521. Fuair sé a chéad mhuineadh i gCill-
mhac-nEanáin, ó'n tsagart céudna a bhaist é. In a dhéidh
sin, chaith sé tráth ag foghluim ag Cluain Ioraird, agus
tráth eile ag an scoil mhóir i Magh-bhile i gCo. Dhoire.
D'oibrigh sé go dúthrachtach chun an creideamh a chraobh-
scaoileadh in Éirinn, agus cha raibh sé acht in aois a chúig
bhliadhan déag nuair a bhí seacht gcinn déug a's fíche de
chealltracha (chealla) curtha air bun aige.



Bhí grádh iongantach mór aige do léigheann agus
d'fhilidheacht. Bhí sé fhéin 'na fhile. Is iomaidh dán agus
rann beag d'ar chum Colm Cille atá le fághail ins
na sean-leabhraí. Deirtear gurb é an grádh mór seo do
léigheann a bhí aige, a dhíbir a's Éirinn é. Ársochamuinn
(innseochamuid) scéul iongantach fa dtaobh de sin ins an
chéud uimhir eile.



CEISTEANNA:



Goidé 'n áitig 'na rugadh Colm Cille?



Goidé 'n chonndae 'na bhfeil Gartán?



Taisbean Conndae Thir Conaill air an léarsgáil?



An dtigidh leat Gartán a fhéiceail air an léarsgáil?



Gá huair a rugadh é?



An raibh Naomh Pádraig i nGartán ariamh?



(Bhí, agus deirtear gur ársuigh sé scéul fa dtaobh
de'n naomh iongantach a bhí le bhéith ann, seal i-ndéidh
a bháis fhéin.)



An raibh N. Pádraig in Aileach? Gá bhfeil Aileach?



Taisbean air an léarscáil é?



Cé bhí 'na chomhnuidhe ann?



An raibh Clann ag Eóin? Ar éist siad le Pádraig?



Ar ghlac siad an baisteadh?



Goidé d'fhág Pádraig 'na dhéidh?



An raibh Colm Cille goirid i ngaol d'Eóin?
(Nó — an raibh sé i ngaol gar dó?)



Goidé 'n chonndae 'na bhfeil Cill-mhac-nEanáin?



An raibh Colm Cille ann ariamh?



Gad chuige go dteachaidh sé ann?



An raibh Colm Cille beo in aimsir Phádraig?



An raibh Pádraig i bhfad marbh nuair a rugadh Colm?



Gad chuige go dteachaidh sé go Cluain Ioraird?



Ar chuir sé ceall air bun i gCo. Lúghbhaidhe ariamh?
(Chuir — ceithre cinn aca — i mBaile Lúghbhaidhe; i
gCluain Mór; i Mainistir Buithe; agus in Oméith.)



Ar chuir sé ceall air bun i gCo. Mhuineacháin? &rl.



Goidé an cheall ba mhó scéul dar chuir sé ar bun?
(Doire Choluim Chille.). Ar chum sé fhéin dán ariamh?



Ar chuir sé spéis i rud air bith eile seachas an
creideamh do chraoibhscaoileadh?



Arbh' fhurus leabhraí 'fhághail, an uair sin?



Gad chuige narbh fhurus? An furus iad fhághail anois?



An raibh leabhraí cló-bhuailte le fághail in aimsir
Choluim? Goidé mar bhí na leabhraí an t-am sin?
(Ba láimhscríbhinn gach leabhar.)


L. 3


SIMIDÍN RUADH.



Dar a leabhra s'iomdha duine greannmhar a bhí ariamh
ar an bhaile s'againne, agus bhí Simidín Ruadh ar dhuine
aca. Cé bith áit a mbéadh cruinniughadh nó cuideachta chaith-
feadh Simidín a bheith ann, agus a ghob sáithte aige i n-achan
sgéal, na bhí an donas air le fiafruigheacht agus bíodh fhios
agat nach rabh mórán le h-imtheacht air. Bhíodh sé ar a chois
le bodhairíneacht an lae, agus ní bhíodh na comhursana 'na
suidhe a gceart go mbíodh m'óganach isteach 'sa mhullach
ortha. “M'anam gur chodluigh sibh néal bréagh ar maidin,”
a deirfeadh sé. Acht bhí na comhursana chomh cleachtuighthe
sin leis nach dtabhradh siad a dhath dhe áird air. Níor lugha
le Brighid 's'againne na an sioc é a fheiceáil ag teacht 'un
an tighe, agus nuair a tchífeadh sí ag teacht aníos an camhsa
é, deirfeadh sí le mo mháthair go rabh an “socadán ruadh”
ag teacht. Bheireadh mo mhathair duithe annsin é cionnus a
bheith ag tabhairt leas-ainmneacha ar dhaoine. Chuireadh
Brighid smut uirthi annsin acht ní mhúinfeadh sin í, na chomh
luath agus thiocfadh Simidín ní thabhradh sí aon bhumaite
suaimhnis dó, acht ag déanamh diabhlaidheachta air agus ag
cur cáirr uirthi fhéin leis. Bhíodh fearg ar Shimidín léithe
corr-uair, acht ní mhairfeadh sin i bhfad. “An ghirrseach
bhocht,” adeirfeadh sé, ‘tá sí óg aigeantach, agus ní thig a
bheith 'na dhiaidh uirthi; nuair a bhíomuid fhéin 'san aois
chéadna, leabhra ba bheag buaidhreadh a chuir an saoghal
orainn. ‘Ní thig ciall roimh aois,’ ar ndóighe.”



Bhí deárthair domhsa i n-Albain agus thainic sé 'na
bhaile bliadhain amháin le tamall saoire a chaitheamh againn,
agus bhí aithriseán nó gramaphón leis. Ní rabh an
t-aithriseán acht úr 'sa tsaoghal 'san am, agus ar ndóighe
bhí iongantas ar achan duine an gléas sónruightheach seo a
fheiceáil. An tráthnóna a thainic mo dheárthair is cosamhail
go rabh Simidín ag bogadaigh thart mar ba ghnáth agus go
bhfaca sé ag teacht é, mar nach rabh dadaidh i ngainfhios dó.
Ní mó ná go rabh sé istoigh 'sa teach i gceart na seo isteach
Simidín ag 'na shála. Bhí mo dheárthair 'sa tseomra ag
taisbeáint an aithriseáin do Bhrighid, agus leig Brighid aon
gháire amháin aisti nuair a mhothuigh sí Simidín istoigh.
“Caidé'n diabhlaidheacht atá in do chionn anois?” arsa mo
mháthair léithe agus í ag teacht anuas doras an tseomra.



“Fan anois, a mhaimí,” arsa Brighid, “agus bhéarfaidh
mise ádhbhar cainte agus clabaireachta do'n bhoc ruadh an
tráthnóna seo.” “Leig thusa ort,” ar sise le mo dheárthair,
“go bhfuil tú pósta agus creidfidh Simidín thú. Leigfidh
mise orm fhéin go bhfuil samhnas orm le do mhnaoi; nach
bhfuil innti acht bean Domhnaigh; nach bhfuil dadaidh ag cur
as duithe acht ceoltóracht agus galantas agus éirghe-i-
n-áirde. Fág thusa an t-aithriseán réidh damhsa agus
éalochaidh mise anuas annseo 'un an tseomra agus cuirfidh
mé ar obair é. Cuirfimid i gcéill do Shimidín gurb í do
bhean atá ann agus í ag gabhail cheoil. Rachaidh Simidín ar
fud an bhaile agus cuirfidh sé iongantas agus alltacht ar
achan duine a chasfar air. Ó, bhí fhios agam go mbéinn
ionchurtha leis an chabadán go fóil.”



“Ní'l splaid agat, a Bhrighid,” arsa mo mháthair,
“agus is mór an náire duit a bheith ag gabhail do'n tsean-
duine bhocht sin ar a leitheid de dhóigh.”



Cibé ar bith, chuaidh mo dheárthair 'na cistinighe, agus
chuir Simidín fearadh-fháilte roimhe.



“Cá fhad a bhfuil tú ag brath fanacht againn an iarraidh
seo?” arsa Simidín.



“Tá eagla orm,” arsa Brighid, “gur beag de a
tchífeas sinn feasta; nar chuala tú go bhfuil rúplach de
mhnaoi leis?”



“Arú, tá tú ag innse!” arsa Simidín; “maise tá
mé 'sa chéad áit ar chuala mé é. Maise cá bhfuil sí ar chor
bith go ndeana mé crathadh lámh léithe?”



“Maise, a Shimidín,” arsa Brighid, “is cuma duit cá
bhfuil sí; a leitheid de bhábóig ní fhaca tú ó thainic do cheann
ar an tsaoghal — gan ag cur caithte uirthi acht galantas
agus ceoltóracht agus aer an tsaoghail — Bean Domhnaigh
amach's amach, a Shimidín.”



“Cumhdach an ádha orainn,” arsa Simidín, “an é sin
an seort peata atá innti?”



“Sin an seort atá innti anois,” arsa Brighid; “ní'l
fhios caidé-n donas mío-ádh a thainic air.”



Le sin chuaidh Brighid 'un tseomra, fuair ceann de
na foghrothaí (foghar-rothaí), agus chuir ar an aithriseán é,
agus thoisigh an ceol. Chuir Simidín cluas air fhéin agus
d'éist sé go h-aireach ar feadh tamaill.



“Cibé eile atá aici,” ar seisean, “tá guth deas aici
ar sgor ar bith.”



Le sin thóg sé a bhata agus d'imthigh sé. Ar a bhealach 'na
bhaile níor fhág sé teach 'na dhiaidh nár chaith sé tamall ann
gur innis sé dóbhtha uilig fá'n mhéid a chuala sé agus nach
bhfaca sé i dtigh s'againne. Bhí iongantas ar achan duine
nuair a chuala siad an sgéal agus bhí caibidiol da gcuid
fhéin ag na mná, ar ndóighe; agus Máire Nóra agus Síle
Pheadair a bhí amuigh ar a chéile leis na bliadhanta agus
ag tarraingt an ghrágáin da chéile achan lá 'sa
tseachtmhain, chonnaictheas i gcionn comhráidh iad ag Binn
Éamoinn Mhóir agus iad chomh mór le chéile le dhá cholmán
ar mhaide creata.



“TAOBHÓG.”



CISTE AN ULTAIGH.



£ s. d.



An t-Athair Séan Mac Diarmuda, Béul
Tairbeirt 0 10 0



An t-Athair Ó Flaithbheartaigh, Cúil Mheallghuis,
Co. Árd Mhacha 0 10 0



Peadar Mhac Cana, Droichead-Átha 0 10 0



Enrí Ua Tuathghaill, An Mhaigh, Co. Thír Eoghain 0 10 0



Seosamh Ua Maolain, An Carraic, Tír Chónaill 0 10 0



Máire Nig Aonaigh, “Lourdes,” Roinn Mhic
Ghioll' Ruaidh, Co. an Dúin 0 10 0



Proinnseas Ua h-Eachaidh, An Dubh-Charraig,
Tír Cónaill 0 6 0



Pádraig Ua Gallchobhair, An Bun Beag, Leitir
Ceanainn 0 5 0



Seán Ua Maoilsheachlainn, Baile Bó Fiaich,
Tír Cónaill 0 5 0



LEABHAIR GAEDHILGE.



Má theastuigheann leabhar ar bith uait, nó eolus
i dtaoibh leabhair, cuir nóta ag triall ar



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87, Sráid Uach. na Driseóige,
I mBaile Átha Cliath.



Cycles, Motor Cycles, Motor Cars.



Sports Goods of Every Description.



T. WILLIAMSON, DUNDALK.



TOMÁS MHAC CUILEANNÁIN,
Ard-Cheannuidhe, Dún Dealgan.



Ta togha gach bídh agus rogha gach dighe le fághail annseo.


L. 4


Beidh



AN t-OIREACHTAS
I
gCORCAIGH



22-28 Meitheamh i mBliana.



Cuirmeacha Ceoil, Drámaí,
is Siamsaí Eile.



Comórtaisí i n-amhránuidheacht, Rinnce,
Ceol, is rl.



BEIDH NIALL MAC LÉIN Ó ÁLBAIN ANN.



AN t-ULTACH.



MÍ NA FEIL' EOGHAIN.



Cead againn cúpla focal a rádh indiu fa dtaobh de'n
pháipéar seo. Tá an seiseadh h-uimhir de'n “Ultach” dá
cur amach againn anois. Chuaidh leath-bhliadhain thart ó'n
am sin nuair a chinneamuid go rabh sé de dhualgas orainn
“AN t-ULTACH” a chur amach ar dhóigh go dtiocfadh linn
rud éighinteacht a dhéanamh leis an Ghaedhealg atá againne a
choinneáil beo agus a chur 'un cinn aríst. Támuid cinnte
go dteárnmuid obair airteach (úsáideach) mar mhaithe le
n-ár dteangaidh fhéin. Támuid sásta nár thosuigh muid ar
an obair seo lá ar bith ró-luath. Caithfimid a admháil go
rabhmuid ag cailleadh talaimh lá ar lá, agus marab é go
bhfuil an páipéar seo againne, bhéadh an sgéal i bhfad níos
measa indiu 'ná mar a bhí sé sul a dtáinig “AN t-ULTACH”
ar an tsaoghal.



Nach mór an tairbhe dhúinn uilig dá bhrígh sin go bhfuil
“AN t-ULTACH” le fagháil againn uair amháin fhéin sa mhí?
Agus ár dteangaidh mháthardha mar atá sí dá labhairt go
seadh i dTír Chonaill, i nÓirghialla, agus i n-áiteachaibh eile
i dTuaisceart Éireann, nach bhfuair sise neart is fuinneamh
as craobhsgaoileadh an pháipéir bhig bhaoidigh seo? Obair
thairbheach an obair atá déanta againn; tiocfaidh toradh
bláthmhar aisti a chuirfeas lúthgháir ar gach duine againn
ar mhaith leis an Ghaedhealg a chur i mbéalaibh na ndaoine
aríst. Cha déan sé dochar ar bith dhúinn smaointiughadh ar
na ceisteannaibh seo nuair a bhéas “AN t-ULTACH” dá
léigheadh againn an mhí seo.



Támuid fíor-bhuidheach do Dhia gur éirigh chomh maith
sin linn san obair a ghlacmuid as láimh, agus gur mhair ár
bpáipéar fhéin ó'n chéad lá a dtáinig sé amach gus an t-am
seo. Támuid ró-bhuidheach mar an gcéadna do gach duine
eile a chuidigh linn — do na daoinibh a phronn orainn a raibh
aca d'airgead le spáráil leis an páipéar seo a chur ar
bun chomh maith leis na daoinibh eile a líon “AN t-ULTACH
ó mhí go mí le n-a gcuid scríbhinn. Cé gur luigh eagar-
thóracht an pháipéir so go trom orainne — níos truime 'ná
mar shaoil muid ar dtús — rinne muid a dtiocfadh linn le
páipéar maith fóghanta a chur os comhair ár léightheoirí gach
mí. Chan orainne atá an locht go bhfuil “AN t-ULTACH”
chomh beag agus atá sé go fóill, ach cha dtiocfadh linn níos
mó a dhéanamh leis an mhéid airgid a bhí fá'n láimh againn.
Dá mbíomuis shaidhbhir i maoin is i n-éadáil, bhéadh “AN
t-ULTACH” ar an pháipéar is mó agus is fearr dá bhfuil le
fagháil ag Gaedhealaibh Éireann.



Caithfimid dearcadh rómhainn anois. Dhéanfamuid ár
ndícheall le h-obair an pháipéir seo a choinneáil suas agus
a chur ar aghaidh chomh maith agus thig linn. Ach chan leor sin.
Tá a lán rudaí eile le déanamh againn, agus cé dhéanfas
iad? Tá feidhm ag ár gcuid páisdí sgoile le leabhraibh
a bhéas fóirstineach dóbhtha leis an Ghaedhealg a fhoghluim do
réir a gcanamhna fhéin. Bhfuil sgríbhneoirí againn a dtioc-
fadh leobhtha na leabhraí seo a sgríobhadh? Agus, má tá,
goidé mar thiocfadh leobhtha na leabhraí a chur i gcló, agus
iad a dhíol? Tógthar dhúinne nárbh' fhéidir linn mórán a
dhéanamh le cló-bhualadh na leabhar seo agus a ndíol go
dtí go rabh comhlucht amháin againn ag a mbéadh cúram
na hoibre speisialta seo. D'iarr muid cheana fhéin ar
Ghaedhealaibh ár gCúigidh fhéin a theacht le chéile, ach chan
fhuil dadadh déanta go fóill leis an cóimhcheangal seo a
chur 'un tosaigh. Mara n-oibrighmíd ar a'n iúl chéadna,
is doiligh, san am de lá atá indiu ann, rud éifeachtach ar
bith a dhéanamh a rachfas 'un tairbhe dhúinn go léir.



Iarramuid anois ar Chómhaltas Uladh cóimhthionól a
ghlaodhach i gCluain Eois nó i n-Dún Dealgan gan mhoill.
'Tchífimid annsin goidé a thig linn a dhéanamh le leabhraí
a fhagháil a d'fhóghnfadh d'ár gcuid páisdí sgoile. Chan
fhuil gar dhúinn a bheith ag gearán go gcuirtear isteach i
lámhaibh ár gcuid páisdí leabhraí i n-a bhfuil Gaedhealg nach
gcluintear agus nach labhairthear sa bhaile. 'Sí ár ngnaithe
fhéin na leabhraí de'n chinéal atá riachtanach a thabhairt i dtír,
agus i n-a dhiaidh sin, thig linn féachaint chuige go ndéanfar
úsáid dhíobhtha i n-ar gcuid sgoltach i dTuaisceart
Éireann.



Taobh amuigh de na leabhraibh nach bhfuil i lámhaibh na
bpáisdí sgoile s'againne, agus atá ag teastáil go mór
uatha, tá leabhraí de sheort eile de dhíth orainn; sé sin,
leabhraí a bhéarfas eolas agus aoibhneas dúinn am ar bith
nuair a bhéas fonn léightheoireachta orainn. Cha dtiocfadh
linn súil an náisiúin ná baramhail mhaith an phobail a
tharraingt orainn fhéin mara rabh ár gcuid sgríbhneoirí sa
Tuaisceart chomh maith, chomh dúthrachtach agus chomh saothrach
agus atá na sgríbhneoirí i gCúigidhibh eile na hÉireann.
Is maith an rud go rabh cuid d'ár gcuid sgríbhneoirí i
gCúigheadh Uladh i gcionn a bpinn agus go bhfuair muid
toradh a saothair ar na maillibh. Agus béidh leabhraí eile
le fagháil againn sul i bhfad ó sgríbhneoiríbh Ultacha. Tá
úr-sgéal ó pheann “Mháire” i lámhaibh na gclódóirí, agus
deirtear go bhfuil leabhar a sgríobh “Cú Uladh” dá chló-
bhualadh i láthair na huaire seo. Agus tá leabhar ag teacht
ó dhuine amháin d'ár gcuid sgríbhneoirí fhéin — an Sagart
Pádraig Mac Giolla Cheara — leabhar a mhéadóchas meas
agus cliú na nUltach gach áit a bhfuil Ultach bocht sgaithte
ar fud an domhain.



Cluinim go bhfuil baint ag an chuid is mó de na
hUltaighibh i mBaile Átha Cliath le Cómhaltas Uladh.
Cluinim fosta go bhfuil ár gcanamhain fhéin le cloistin i
mórán áiteach annsin, ar na sráideannaibh, i n-oifigibh
puiblidhe chomh maith le hoifigibh príobháideacha, san Oll-
sgoil agus ins na coláistibh. Uair amháin san tseachtmhain
— gach oidhche Dhia'rdaoin — bíonn an Ghaedhealg — beo,
bríoghmhar mar atá sí againne — ar bhéal gach Ultach a bhíos
ag cruinnighthibh an Chómhaltais. An sean-rádh: “Bíonn
meas ar na daoinibh a mheasas iad fhéin;” coinnigheann na
hUltaigh i mBaile Átha Cliath sin i n-a gcuimhne, agus cha
leigeann siad a gcanamhain dúthchais faoi chois. Támuid
ag dréim le cuidiughadh na nUltach i bpríomh-chathair na
hÉireann, agus thig linn bheith cinnte dearbhtha nach locann
siad orainn. Má sheasuigheann na h-Ultaigh gualainn ar
ghualainn, béidh an báire go tóin leo!



Druim Ráithne.


L. 5


TEACHT CHEALLAIGH MHÓIR.



I.



“Agus tá lánamhain thall annsin i mBaile an
Teampaill agaibh,” arsa sean Shéarlas Ó Gleadair le
Donnchadh Óg Dhonnchaidh Bhriain.



Bhí Donnchadh Óg tógtha le Síle, an bhean a ba óige de
chuid nigheanach Shéarlais, agus ba mhinic fá'n teach é. Bhí
sé na shuidhe ar an stól ag taobh na leabtha an tráthnóna
seo, ag iarraidh cómhrádh a choinneáil leis an tseanduine,
agus ag breathnughadh Shíle ans an am cheadna ag
timthireacht fríd an teach.



“Tá,” arsa Donnchadh, “béidh oidhche mhór 'toigh Eoghain
Uí Ceallaigh anocht.”



“Béidh,” arsa Séarlas, “tá an rathamhnas ag Eoghan.”
Thost sé bomaite. “Fiche bliadhain agus an oidhche anocht,
go díreach, a d'imthigh Ceallaigh Mór. Bhí teach buadhartha
ag Eoghan an oidhche sin.”



Thóg Donnchadh a shúile de'n mhuineál gheal fada a bhí
ar Shíle agus d'amharc sé isteach 'sna súilibh ar an tsean-
duine.



“Sin dearbhrathair Eoghain. Chualaidh mé iomrádh go
minic ar an fhear sin. Nach é chuaidh dhe léim trasna Pholl
na Péiste?”



“Rachadh sé léim thaire rud mheasardha ar bith, lá de
rabh sé,” arsa Séarlas. “M'anam dhe Dhia ba é sin an
fear, dá mbíodh ciall aige. Chonnaic mise —”



“Goidé a chuir Ceallaigh Mór ar shiubhal as an tír,
'athair?” arsa Síle. Bhí Séarlas ag gabhail a thoiseacht ar
scéal eighinteacht eile, acht thainig Síle aníos agus chuaidh
sí ar a leath-ghlúin ag na thaoibh, agus leag sí a lámh láidir
gheal ar a ghlúin. Thug sé isteach daoithe. Chuir sé a bhata
'na sheasamh díreach agus a dhá láimh ar a cheann, agus
d'amharc sé isteach sa teiní agus na bliadhanta meara
misneamhla a bhí caithte ag deallramh ann a shúilibh.



“Sul a dtainig tú ar an tsaoghal, a nighean, bliadhain
is fiche ó shoin, a bhí Ceallaigh Mór i dtreis. Ba bhreagh
amach an giota dhe fhear é. Bhí sé sé troighthe ar áirde,
trom dhe réir, agus aghaidh fir air cómh dóigheamhail agus
thiocfadh leat a fheiceáil. Sílfeá Eoghan a bheith na fhear
bhreagh fheiceálach i gcruinnigheadh, acht ní rabh ann acht
cleitire beag suarach le taoibh an fhir seo. A Chúirt
Aingeal, an muineál a bhí air agus an dá shlinneán a bhí
air! Agus an choiscéim a bhí leis! Ní bhrisfeadh sifín
cocháin faoi na bhonn. Ní rabh a'n fhear bata i n-íochtar na
conndae a bhí ion-churtha leis. Bhí sé na reathaidhe, 'na
shnámhaidhe, na choraidhe, na iomróir. Ní fhaca mé a'n fhear
ariamh ar urlár ag damhsa ba deise ná é. Tá fhios agat
an chloch mhór ghlas atá i chois na h-abhna, faoi theach
Dhoiminic Ruaidh. Thóg sé an chloch sin. 'Sé mo dhá shúil
féin a chonnaic é. Agus i dtaca le léimneach dó, bhí sé
mar bhéadh an eilead mhaol ann. Léim sé Poll na Péiste,
agus léim sé Abhainn na Madadh, agus ár ndóighe tá léim
Cheallaigh le feiceáil ag an tsaoghal mhór thiar ar Phollán
Raithnigh. Theiseáin Éamonn Mhac Ailín damh-sa í an uair
dheireannach a bhí mé thiar. Tá dhá chloich ar an léana ag
marcáil na h-áite ar éirigh sé agus na h-áite a dtainig
sé anuas. Breitheamhnas Dé ar m'anam má tá mé ag
déanamh focal bréige — tá cúig troighthe fichead eadar an
dá chloich!



Ní rabh Cnochabhar Ó Ceallaigh os cionn bliadhain is fiche
nuair a bhí a gháir achan áit fríd an chonndae. Ní rabh aonach
ná margadh nach mbíodh sé air ná damhsaí, ná cuideachta ó
seo go Gaoth Beara nach mbíodh sé aige, agus dá mbíodh
féin ní rabh fear ar bith ann a leigfeadh an eagla dó dhul
'un spáirne leis. Ní rabh a'n ainm air acht Ceallaigh Mór,
agus ní rabh a'n Chríostaidhe, ó dhuine liath go leanbh, i dtrí
bpobal abhra nach rabh an t-ainm sin ann a bhéal.



Bhí na mná ag briseadh na gcos na dhiaidh, nídh nach
iongnadh, ná chuirfeadh sé pléisiúr ar mhnaoi ar bith, bhí sé
comh dóigheamhail sin. Ní rabh a leithéid dhe toil ag Ceallaigh
daobhtha-san, na dhiaidh sin. Chuireadh sé thart an t-am go
subhailceach ann a gcuideachta, acht bhí sé fada buan agus
níor thóg sé é féin le cailín ar bith áirithe. Fá dheireadh
thug sé toil mhór de Nóra Pheadair Uí Bhraonáin i n-Ailt
Eoin. Daoine toiceamhla mór-luachacha a bhí 'sna Braonain
sin ariamh. Bhí muileann ag Peadar — tá sé beo go fóill
mar Pheadar — agus léab mhór thalaimh, agus péire beathach.
Bíodh a fhios agat go rabh sé na shuidhe go teith, agus go
bhfuil a chlann annsin na dhiaidh. Chonnaiceas dó ar scor
ar bith, nach rabh Ceallaigh Mór maith go leor ag na nighin.
Ní rabh ar bhunadh Cheallaigh acht beo bocht san am sin, siud
is go dtainig siad 'un tosaigh go maith ó shoin. Ba mhaith
le Peadar a' Mhuilinn cleamhnas a dhéanamh eadar Nóra
agus mac de Éamonn Ó Chanann a dtugadh siad Séamus
Catach air. Bhí Mac Uí Chanann na thoicidhe agus na fhear
chruaidh ghasta le na chois sin, agus na fhear chríonna
thábhachtach nach mbéadh ar shiubhal na phlearáca cosamhail le
Ceallaigh bocht.



B'fhéarr leis an mhnaoi óig méar beag Cheallaigh Mhóir
ná Séamus Catach ó bhun go bárr, acht ní chluinfeadh a
muinntir iomrádh ar í bheith ag cómhrádh ar chor ar bith leis.
Na dhiaidh sin bhíodh sí ag coinneáil cuideachta leis eadar
amannaíbh go for-mhothuighthe, agus ní thugadh sí uchtach ar
bith de'n fhear chatach. Bliadhain amháin ar scor ar bith,
d'imthigh Ceallaigh suas toighe Pheadair na gColpach i Sráth-
na-Bratóige ar cuairt. Bhí Peadar gaolmhar daobhtha, tá
fhios agaibh, ó thairbhe Phádruig Dhuibh. Chaith Ceallaigh
seachtmhain thuas, agus ag teacht na bhaile dó, goidé bhí acht
Séamus Catach ag Nóra Ní Bhraonáin an oidhche sin.



'S dóigh liom go ndiúltochadh sí féin é, acht ní dhéan-
fadh a dhath maith de na muinntir acht í a chur leis. Ghlac
sí sa deireadh é fríd chaoineadh. Cuireadh sgéala chuig
sgaifte beag de'n chomhursain, agus fhuidh siad thart go
súgach a chaitheamh oidhche na dála.



Níor bh'fhada is níor ghearr go dtainig Ceallaigh Mór
isteach. Dubhairt sé leobhtha go rabh dúil aige nach mbéadh
siad ag doicheall roimhe, siud is gur stucaire a bhí ann.
Hubhradh ár ndóighe go rabh fáilte aige, cé nach rabh mórán
dúile ag Peadar a' Mhuilinn ná ag muinntir Chanann ann.
Chuaidh an bhiotáilte thart agus thoisigh an t-ól. Sa deireadh
d'éirigh Peadar Ó Braonáin agus d'iarr sé orthú sláinte
na lánamhaine óige a ól, mar bhí, Nóra agus Seamus
Catach Ó Canann. Chuaidh an gloine thart. D'ól acha'n
dhuine é go fonnmhar, go dtí go dtainigeas fhad le
Ceallaigh.



“Sin sláinte nach n-ólann an mac seo go bráthach,”
arsa seisean. D'éirigh sé le'n rúchladh amháin agus chuir sé
a lámh thart ar Nórainn. Amach ar an dorus leis an bheirt
acú, agus tharraing Ceallaigh an dorus na dhiaidh a gheall
ar moill a bhaint as an mhuinntir eile.



Shín an rása. Ní bhéadh Ceallaigh i bhfad ag cur folach
cnoc ar lucht na dála acht go bé go mb'éigin do fanacht i
mbun Nórann. Thug siad a n-aghaidh ar an chladach, an áit a
rabh bád agus cupla comráduighe inntí fá choinne Nóra a
thabhairt ar shiubhal. Bhain siad an chreag amach. Chuaidh
Ceallaigh dhé léim isteach sa bhád. Bheir sé greim láimhe ar
Nórainn 'ghá tabhairt isteach. Le sin taraidh Seamus Catach
'un tosaigh agus beiridh sé greim thaire 'na corp oirthi.
Thug Ceallaigh iarraidh í a sgathadh as a chuid greamannaíbh
acht ní rabh dul aige é a dhéanamh. Bhí an sluagh ag
tarraingt orthu, agus iad sa taoibh laig. Bheir Ceallaigh
ar chrann na stiúrthach agus bhuail sé Séamus Catach trasna
na cloigne agus rinn sé ceirtlín dó. Tharraing se Nóra
isteach sa bhád, bheir ar a rámha agus as go bráthach leo.



Nuair a thainig bunadh Shéamuis Chataigh chun tosaigh
fuair siad 'na luighe annsin é gan smeach ann. Thóg siad é
agus thug siad 'un toighe é. Chaith siad an oidhche ag iarraidh
é a thabhairt fríd. Ní rabh gar ann. Bhí blaosc na cloigne
briste aige agus fuair sé bás roimhe an mheadhon-oidhche.



Lá ar na bhárach d'éirigh an gháir go rabh Ceallaigh Mór
indiaidh Séamus Catach a mharbhadh agus an bhean a bhaint
do. Chuaidh muinntir Chanann síos chuig an Chaiptin Ua
Hannluain agus d'innis a sgéal do. Thug sé cead daobhtha
fir a chruinnigheadh agus breith ar Cheallaigh Mór. Rinn
siad sin. Ní rabh an áit a rabh duine de na muinntir fríd
na bailte nár chruinnigh siad iad, agus thainig fear agus
fiche go Baile an Teampaill a bhreith ar an fhear mhór.



Ní rabh fhios ag Ceallaigh a dhath fá bhás Shéamuis, agus
bhí iongantas air nuair a chonnaic sé an sluagh ag déanamh
air, agus spádaí, foirc, corráin, sgiana agus achá'n arm
a dtiocfadh leobhtha a lámha a fhágháil air, ar iomchair leobhtha.


L. 6


Bhí sé istoigh 'toigh a uncail, 'toigh Sheáin Ruaidh, é féin agus
Nóra. Chonnaic sé an sluagh ag tarraingt ar theach a
athara. Chonnaic sé ar ais ag pilleadh iad indiaidh an teach
a chuartughadh. Rinn sé amach gur 'na dhiaidh a bhí siad.
Amach leis go dtí cárnán cloch agus sheasuigh sé annsin go
dtainig siad fá fhad urchair dó. Thoisigh sé a chaitheamh
orthú annsin comh tiugh géar agus thiocfadh leis. Níor chaith
sé an urchar cam ariamh, agus bhí a shliocht air, bhí cloigne
dearga ag Muinntir Chanann sul a rabh sé i bhfad ar obair.
Bhí sé ag teicheadh ar fad agus é ag caitheamh go dtí go
dtainig sé go mullach Árd na Gaoithe. Bhí leacht ar mhullach
Árd na Gaoithe, agus thoisigh sé gur chaith sé a rabh de
chlochaibh 'sa leacht orthú. Bhuail cloch mhór throm Proinnsíos
Anna Eoin sa chloiginn agus loit sí go millteanach é.
Buaileadh agus gearradh cuid mhór eile acú fosta, agus
b'éigean daobhtha 'sa deireadh an bealach a thabhairt do
Cheallaigh Mhór.



D'éaluigh Ceallaigh agus Nóra as an tír an oidhche sin,
agus ní fhacas ceachtar acú ó shoin. Nuair a chualaidh an
pobal gur mharbh sé Séamus Catach, agus gur chaith sé an
leacht a bhí os cionn na marbh ar an mhuinntir a thainig ar a
thóir, thainig siad i gcionn a chéile, agus rinn siad amach
gan Ceallaigh a leigean isteach na h-áite a choidhche arais.
Acht ní dóighche go gcuirfidh Ceallaigh coisgreadh ar bith
faobhtha, ná níor chualas iomrádh ó shoin air.”



Stad Séarlus. Níor labhair aon dhuine ar feadh leath
bomaite.



“Agus 'athair,” arsa Síle, “dá dtigeadh sé anois nach
sílfeá go leigfidhe dó? Is fada sin thart anois.”



“Tá eagla orm nach leigfidhe, a shiúir,” arsa sean-
Shéarlas, “ní dhearn Muinntir Chanann dearmad ar bith de
bhás Shéamuis Chataigh go fóill, agus ní bhéadh siad i bhfad
ag spreagadh suas na ndaoine.”



“Ba thruacánta an sgéal é,” arsa Donnchadh Óg, go
leath-íseal, ag amharc isteach sa teinídh. Bhí sé 'ghá
fheiceáil féin i n-áit Cheallaigh Mhóir, agus é ag goid Síle
ó na námhaid, oidhche na dála. Ba é a Sheamus Catach san
Niall Sheáin Mhóir, stócach beag groidheamhail a rabh toil
aige de Shíle, agus, sílfeá amannaibh, toil aicí dó fosta.
Nuair a bhí an bhrionglóideach críochnuighthe aige, d'éirigh sé
a sheasamh.



“Nach bhfuil tú i n-am go leor?” arsa Séarlas.



“Caithfear déanamh réid fá choinne na bain'se,” arsa
Donnchadh, ag tabhairt amhairc ar Shíle, oiread is a rádh,
“Déan deifre, a chailín.”



(Le críochnughadh 'sa' chéud uimhir eile.)



IOLANN FIONN.




RADHARC ULADH.



(Leabhar Laighean 204a).



I.



Foderc dam fri sellad súairc
Oc Ard Asse immacúaird
Fert mná Nemid, níth co ngail,
Med mac ingine Balair.



II.



Port cos' tucsat lugair luing
I ndesciurt maige ind óen-ruind
Snám in tuirc trén iar trath tert
Sech is focus is foderc. F.



III.



Loch Echtra, Loch nEchach n-án,
Sliab Breg, Sliab Bairche bith-bán
Lecc suidi Congail na cend,
Sliab n-ard n-airegda n-Ullend.



IV.



Sliab Slánga, Sliab Cuilind cain
Sliab Moduirn i mMugdornaib
Sliab Cairthind ocáni án
Sliab Fóta fetach find-ár.



V.



Slebe Ulad allatúaid
I crích Araide adruaid
Sliab Mis magnech, monor ngand,
Sliab cáin comramach Talland.



VI.



Slébe Connacht sund, Sliab Tua,
Sliab Cairn, Sliab Betha bithnua,
Sliab Carthind, Sliab Bethach bend
Slebe gann-ardda Galeng.



VII.



Cenél nEogain, crích Ulad
Fir Breg féta fir-bunad
Crích na Colla ni cói ceirt
For cech oen leith is fodeirc. f.




Is léir, ó'n chéad cheathramha air thuas, go raibh an file
'na sheasamh air Árd Aisse (an sliabh air a dtugtar
Mullaighe Aisse anois) nuair a bhí sé ag cumadh an dáin
seo. Tá gluais aineolach air mharghán an leathanaigh
(LI. 204a) — Lugmad, is ass athconnairc (Louth, it was thence
that he saw). Is suarach an radharc atá le feiceáil go gléineach, la
geal soillseach, ó Mhullaighe Aisse, ó Shleibh Cuilinn, nó ó
bhárr Shliabh Fathaigh.



A NÓTAÍ.



I. 1. “Visible to me, for a pleasant view.”



I. 2. 3. Inmacuaird, “all around;” Fert mna Neimid —
Armagh. Cf Forus Feasa, I. p. 176:— “Is tusga do eug
bean Neimheadh in Eirinn iona Ainninn, Macha a
h-ainm agus is uaithe ainmnighthear Ardmacha oir is
ann do hadhnaiceadh i.” Nith co ngail, “struggle with
valour.”



I. 4. “Med, the son of Balar's daughter.” Hiolcadh i
Lughmhaighe e.



II. 1. Is doiligh an line seo a thuigbheail. Is cosmhail go
luaidheann se Inbhear Colptha, an port mar a dtainic
Eiremon i dtir. Cf. Forus Feasa II. 88.



II. 2. “In the South of the plain of the one rann.”



II. 3. Snam an tuirc — Mucknoe (?). II. 4. “Though it is
near, it is visible.” B'fhearr da mbeadh Sech ní focus
ann. III. 1. Loch Echtra. Eadar Sliabh Modhairn
(Cremorne) agus Sliabh Fuait. Loughpatrick in Cross-
maglen parish (?). Cf. Fertas Locha Echtrae, Lu. 52a;
LI. 65; Lb. 21a. Loch n-Echach — Lough Neagh —
Primloch Erenn (Lu. 98a).



III. 2. Sliab Breg — Sliabh Breagh i gCo. na Midhe. Sliab
Bairche — Na Beanna Bairche (Mourne Mountains), Co.
an Duin.



III. 3. Lecc Suigi Congail (Congal's sitting-stone) — An
Chloch Mhor ata thuas air an tsleibh i bhfogus do
Chaislean Ruaidhri (Rostrevor).



III. 4. Sliab Uillend. cf. LI. 31; Lec. 501, 1.



IV. 1. Sliab Slanga — Sliabh Domhanghairt i gCo. an Duin.
Sliab Culind i gCo. Ardmhacha.



IV. 2. Sliab Moduirn i gCrich Modhairn, Co. Mhuineachain.



IV. 3. Sliab Cairthind, i nGailenga, Co. na Midhe. Ocani.
gs. Ogan, ait ata i bhfogus don Uaimh.



IV. 4. “Magnificent Sliabh Fuait of the white slaughter.”



V. 1. 2. “To the North, Sliabh Uladh, in rough-red
Dalaradia.”



V. 1. 3. “Sliabh Mis, where plains are scarce.” V. 4. Sliabh
Talland i nDal n-araide. V. 1. Sliab Tua (?).



VI. 2. Sliab Cairn (?); Sliab Betha — Sliabh Beagh.



VI. 3. Sliab Carthind. cf. IV. 3; Sliab Bethach i nGailengaib,
Co. na Midhe; VI. 4. Slebe Galeng, i gCo. na Midhe
agus i gCo. an Chabhain.



VII. 1. Cenel nEogain — Tir Eoghain agus Doire. Crich Ulad
— Co. an Duin agus Co. Aondruim.



VII. 2. “Magnificent Fir Breg of true origins.”



VII. 3. Crich na Colla — Oirghialla (Monaghan, Fermanagh and
Armagh).



Ni coi-ceirt, “no lamentation for justice.”



MUIREADHACH MÉITH.



“LÁ NA CÚIRTE.”



Leabhar nua eile ó “Chú Chulainn!” Maise, 'seadh
go dearbhtha agus míle fáilte roimhe. Tá Ultaigh ag
tarraingt ortha an peann agus má tá fhéin is mithid.
“Lá na Cúirte” is ainm den leabhar seo a scríobh “Cú
Chulainn.” Gach duine dár léig “Ar Lorg an tSeanchaidhe”
a scríobh Peadar Ó Dubhda tá naoi mbliana ó shoin béidh a
fhios aige go bhfuil maighistireacht ag Peadar ar an pheann
agus go dtig leis Gaedhealg a scríobhadh mar labhaireadh
seanduine ar bith í. Bhí iomrádh ar Chú Chulainn na sean-
aimsire ar fud Éireann mar gheall ar a ghníomhartha
gaisge; b'fhéidir go mbéadh trácht go fóill ar “Chú
Chulainn” an lae indiu i saoghal litridheachta na hÉireann
mar gheall ar a shaothar pinn. Gurab amhlaidh bhéas, 'sí
guidhe gach Ultach í. Béidh léirmheas fada againn sa chéad
uimhir eile den “Ultach” ar an leabhar úr seo dá chuid atá
i ndiaidh a theacht amach.


L. 7


I dTIR NA hOIGE.



AN SAGART AGUS NA BEACHA.



Bhí seanfhear 'na chomhnuidhe in Oméith uair amháin a
raibh saithe beach aige, agus nuair a thainic teas na Feil'
Eoghain, d'éirigh an saithe ar shíobadh. Lean an seanfhear
'na ndéidh anonn 'sanall, suas agus anuas, ó mhullach an
mheadhoin-lae go dtí cromadh dubh na gréine, agus fá
dheireadh thuirling na beacha anuas air thomóig a bhí ag fás
aige doras an tsagairt. Bhuail an seanfhear stailc bhorb
air an doras agus thainic an sagart amach.



“Goidé tá ag cur corruidhe ort?” arsa'n sagart.



“Siúd thall mo chuid beach,” arsa'n seanfhear, “agus
tá feidhm agam air bhráithlin go dtabharfaidh mé abhaile
iad.”



“Téid abhaile, a shean-ghiostaire gan chéill,” arsa'n
sagart, “agus na bí 'ga mo bhuaidhreadh. B'fhéarr duit a
bhéith ag fóghluim do Theagaisc-Chríostaidhe.”



Nuair a phill an seanfhear 'na bhaile, bhí a bhean ag
fuireachas leis aig an doras.



“Ga bhfeil na beacha?” arsa sise.



“Thuirling siad anuas air an tomóig atá aige doras
an tsagairt.”



“A's goidé dubhairt an sagart?”



“Dubhairt sé liom dul 'na bhaile agus mo Theagasc
Críostaidhe 'fhoghluim.”



“Fan go rachaidh mise anonn, agus cuirfidh mé smacht
air.”



Chuir sí cadach air a slinneáin agus amach léithi anonn
chuige doras an tsagairt. Sgairt sí amach air agus
dubhairt sí go dtainic sí fó na cuid beach.



“Téidh abhaile a's seo, a shean-chailleach ghránda, agus
abair do chonóir Mhuire — tú fhéin a's do chuid beach.”



Agus d'fhreagair sise:—




“An gcluin tú mise, a shagairt, a choinnigh an mhil,
A's nach leigeann aon choir do dó chómhair!
Lá na croiche, nuair a bhéas tú air an tsleibh
Béidh na beacha uilig thiar air dó thóir.”




Fuair sí na beacha abhaile léithí.



Saithe: a swarm (of bees).



Teas na Feil' Eoghain: the midsummer heat.



AN BHEIRT DH'RÉAR.



Bhí beirt dh'réar ann, a'n uair amháin — bhí d'réar aca
bocht agus d'réar aca raidhbhir. An fear a bhí bocht, bhí a
lán toighe de pháistí aige, acht cha raibh a'n pháiste air bith
aig an d'réar a bhí saidhbhir. An d'réar a bhí bocht, bhí sé i
gcomhnuidhe ag gearán agus i gcomhnuidhe ag grumblán
leis an d'réar a bhí saidhbhir. B'fhéadfaidhe go raibh ádhbhar
aige, acht cha raibh an d'réar saidhbhir ag tabhairt áirde air
nó ag éisteacht leis. Cha raibh 'fhios aig an d'réar bocht
goidé mar thógfadh sé na páistí no goidé a dheanfadh sé
leobhtha.



An Fear Déirce.



Oidhche amháin, thainic fear déirce chuig an doras, agus
fuair sé loisdin go lá.



“Tá ocras air na páistí bochta,” arsa'n fear déirce
leis an d'réar bocht.



“Chan fheil neart agam air,” arsa'n d'réar bocht,
“chan fheil a'n ghreim bídh astoigh.”



“Tabhair leat an mála sin, agus cuideochaidh mise
leat,” arsa'n fear déirce.



Chuir an d'réar bocht an mála trasna a ghualann agus
fuaidh an bheirt amach air an iúl. Shiubhal siad píosa maith
agus píosa fada acht chan fhuair siad a'n dadamh a
chuirfeadh siad isteach 'sa' mhála.



“Ga leis (cé leis) an pháirc 'na bhfeil na caoirigh”
arsa'n fear déirce.



“Is le mo dh'réar í,” arsa'n d'réar bocht.



“Gheobhaidh mé greim air chionn de na caoirigh agus
muir'fidh (marbhfaidh) mé í. B'fhéarr go mbéadh rud
inntean abhaile linn.”



Ghabh siad caora mhaith reamhar agus bhain siad an
croiceann dí. Bhruith siad leis-chaoir-fheola (1) agus thug
siad pota maith feola dos na páistí. Bhí meadhon-lae
deas aca an oidhche ud!



Maidin lá'r na bhárach, thainic an d'réar saidhbhir
anall chuige toigh an d'réair bhoicht.



“Cailleadh caora de mo chuid, oidhche aréir,” arsa
seisean.



“Goidé bhain dí?”



“Chan fheil fhios agam, acht tá siad cionn gearr (i. in
éagmuis).”



“Rachaidh mise leat d'á cuartughadh.”



Shiubhal siad píosa maith agus píosa fada, agus bhí an
d'réar a bhí bocht i gcomhnuidhe ag gearán agus i
gcomhnuidhe ag grumblán leis an d'réar a bhí saidhbhir.
B'fhéadfaidhe go raibh ádhbhar aige, acht cha raibh an d'réar
saidhbhir ag tabhairt áirde air. Nuair a thainic an
coinfheascar aríst:



“Tá sé chómh maith againn dul 'na bhaile,” arsa'n
d'réar bocht.



Bhruith an fear bocht leis-chaoir-fheola eile an oidhche ud,
agus bhí meadhon-lae maith aige sna páisdí aríst.



Bas a Mhathara.



Bhí a mháthair 'na comhnuidhe 'sa toigh céudna, ag
tabhairt aire dos na páisdí, agus bhí sise i gcomhnuidhe
ag cainnt agus i gcomhnuidhe ag grumblán. B'fhéadfaidhe
go raibh ádhbhar aicí — acht fuair sé greim uirthi agus thlig
sé amach air an doras í. Cha leigfeadh an d'réar saidhbhir
isteach í acht an oir'd. Thainig sí arais agus thosaigh sí ag
caoineadh ag an doras.



“Truagh an chléibh,” arsa sise, “nach raibh triúr mac
agam. Dá mbéadh, b'fhéadfaidhe go dtabharfadh duine aca
isteach mé.”



Bhí an fear bocht ag éisteacht léithi, agus fuaidh sé
amach agus thug sé isteach í. D'éug sí an oidhche ud, agus
h-iolcadh 'rith na seachtmhaine í. An d'réar a bhí bocht agus
an d'réar a bhí saidhbhir, rinn siad an t-iarratas (2).
Shiubhal siad píosa maith agus píosa fada i ndéidh an
tórraidh. An d'réar a bhí bocht, bhí sé i gcomhnuidhe ag
cainnt agus i gcomhnuidhe ag gearán leis an d'réar a bhí
saidhbhir, acht cha raibh an d'réar saidhbhir ag tabhairt áirde
air no ag éisteacht leis.



An oidhche chéudna, thainic an fear déirce agus thóg
sé an corp aríst, agus d'fhág sé 'na sheasamh aige doras
an d'réair a bhí saidhbhir é. Chuir sé dhá bhata faoí 'n tsean-
mhnaoí. Cuireadh sgéal isteach chuig an d'réar saidhbhir go
raibh a mháthair ag an doras. Léim sé amach air an
fhuinneóig agus thainic sé anuas an áitigh a raibh an d'réar
bocht.



“Thainic mo mháthair arais aríst.”



“An dtainic?” arsa'n d'réar bocht.



“Thainic, agus chan fheil fhios agam goidé dheanfas
mé.”



“Árso' mé sin duid. Cuir an treas chuid ded' chuid
saidhbhreas faoí 'na cionn 'sa' chófra, agus an treas chuid
eile faoí 'na cosaibh.”



An d'réar a bhí saidhbhir, fuaidh (chuaidh) sé 'na bhaile,
agus chuir sé dhá mhála óir agus airgid isteach 'sa' chófra.
D'imthigh an fear déirce agus d'fhoscail sé an cófra agus
thug sé an dá mhála abhaile leis.



Bhí saoghal maith agus saoghal fada ag an d'réar bocht
'na dhéidh sin. D'éirigh na páisdí suas agus fuaidh siad
ag obair agus a thuilleadh dóbhtha fhéin. Bhí airgead agus
ór agus gach uile rud air an tsaoghal a bhí uabhtha aca;
agus an d'réar a bhí bocht, bhí sé a bhfad nios saidhbhre ná an
d'réar eile san ar éug sé.



(Sean-Mhicheal Mhac Árdghail a's Dromlach-Oméith
d'ársuigh an sgéul so.)



(1) Leis-chaoir-fheola: A leg of mutton.



(2) Rinn siad an t-iarratas: They collected the offerings.



MUIREADHACH MÉITH.


L. 8


GIOLLA NA h-EARRMHÚINTE.



III.



Nuair a fuair an maighistir Seáinín ar thalamh shábhailte,
d'fhág sé na cladaigh faoi fhéin agus chuaidh i gcionn a chuid
oibre mar ba ghnathach.



I dtaca le Seáinín dó, ní rabh tús no deireadh ar an
íontas a bhí air fa gach nidh dá bhfaca sé. Bhí méad na
scoile ag cur íontais air, bhí na h-éadain choimhthightheacha a
cur íontais air, bhí na léar-sgáilidhe agus na pioctúirí a
cur íontais air, agus an rud ab íontaighe leis na'n
t-iomlan, comh modhamhail, socair suaimhneach agus bhí gach
gasúr agus giorsach bheag ag coinneál ann a n-áiteacha
fhéin.



Mhealac mo dhuine bocht leis ó áit go h-áit, anonn agus
anall imeasg na ranganna agus gan duine a cur chuige nó
uaidh agus é mar an gcéadna leobhtha.



Chaith sé mar sin ar feadhg i bhfad, agus an sgilling
a thug an maighistir dó, go cúramach i gcúl a dhoirn leis.
Fa dheireadh d'éirigh sé níos dána agus sheasadh sé i
n-amannaí amach os coinne buidhean de na páistí beaga,
d'fhosgluigheadh a dhórn agus theisbeanadh an scilling ar a
bhois, chuireadh cár ortha agus adeireadh:



“Crádh! crádh oraibh!”



I n-amannaí ní abrochainn na theisbeanadh Seáinín ball
beag mí-riaghalta eile, go gearr sgiobalta, le gach
“crádh” agus cár dá gcuireadh sé ortha. Cia bith aca rinn,
na nach dteárn, bíthear á chur sin air, cia bith cúis é.



Ní go ró-mhaith a bhí seo uilig ag taitneamhail leis an
mhaighstreas a bhí os cionn na bpáistí seo, na ba ro dhoiligh
a n-aire a choinneál ar a gcuid oibre fhad as bhí'n ealadhain
seo ar bun ann a láthair. 'N-a dhiaidh sin ní thainig léithe
dadaí a radh le Seáinín, na bhí droch bharamhail aicí dá
gcuireadh sí brothlámh ar bith air, go mbfhéidir go mbéic-
feadh sé arís mar rinn sé ar maidin ag an gheafta agus
bfhearr léithe go mór cead a chinn a thabhairt dó na a leithid
sin de hullach a chur ar bun arís.



Dá mbéadh fhios aicí mar bhí le theacht, ba bheag sin de
shaothar Sheáinín an lá sin, agus má bhí corrghail oirthí fá'n
dí-iomchair a bhí air anois, bhí a sáith ádhbhar gearáin aicí sul
mar bhuail sé'n trí an tráthnóna sin.



Sé'n chéad rud a chuir cosg ar Sheáinín ó na
h-earrmhúinte seo, na fuaim an chlog nuair a bhuail an
maighistir é le h-áthrughadh na leathuaire. Nuair a chualaidh
Seáinín é, d'fhás a dhá shúil comh mór le dhá phréata agus
arsa seisean comh sean-airseardha agus adéarfadh fear
cheithre fichead bliadhain



“Tcí'n Rí sin, caidé seo!”



Ní thug duine ar bith toradh air na eólas ar bith dó
fá'n nidh a chuir an t-íontas air, agus ní sásta a bhí sé le
sin. Ba é a mhian fághail amach ca h-as a dtainig an fhuaim
íontach, agus mar ba léar leis nach san chionn de'n scoil
ann a rabh sé a rinneadh í, mhealac sé leis go dtí an ceann
'na raibh an maighistir.



Bhí an fear sin gnoitheach ag an tábla ag cur cunntaisí
na maidne i n-eagar agus siud a's gur bhreathnuigh sé
Seáinín a tarraingt air, níor leig sé air go bhfaca sé é.
Ba mhaith leis fheiceal go díreach caidé'n cor a chuirfeadh sé
de, agus caidé bhí cur bhuaidheartha air.



Thainig Seáinín ar aghaidh agus chuir sé a dhá chrúib
bheaga suas ar an tábla agus ní mó na go rabh a smigead
a sroicheachtail os cionn chlár a' tábla. Thosuigh sé a shiubhal
anonn agus anall le h-ais an tábla agus a smigead a
sguabadh an chláir, ach n-a dhiaidh sin 's uilig níor leig an
maighistir air go fóill go bhfaca sé é, agus níorbh é sin sáith
Sheáinín.



Bhí corr shúil ar Sheáinín anois, agus íontas an domhain
ar na páistí' go léir fá comh dána agus bhí sé.



Fá dheireadh nuair a chonnaictheas dó go rabh an
maighistir a déanamh neamh-shuim de amach 's amach, sheas sé
ar bharra' a ladhar, agus arsa seisean comh neamh-
urchoideach agus comh beag 'e choir agus d'fhéadfadh páiste
á radh.



“Heth — tá mise anseo.”



“An tú Seáinín?” arsa'n maighistir.



“Shíorruidheacht na bhFeart nach fada bhí tú gan a theacht
a dh'amharc orm? Caidé rinn an torman deas?”



“Dheamhan fhios agam,” arsa'n maighistir.



“Maise, dheamhan fhios na aghamsa,” arsa Seáinín.



“B'fhéidir gurb é an cat udaí thíos ar an chlár a rinn
é,” arsa'n maighistir.



FÉIS BHRÉIFNE,
DIA DOMHNAIGH, 29 MEITHEAMH.



FÉILE, CEOL, GAEDHILG, ÓRÁID, RINNCE.



CUIRM CEOIL SA TRÁTHNÓNA.



CÉILIDH IN A DHIAIDH.



(Turas tráeneacha ó gach áit.)



“Sí an Fhéis is áilne in Éirinn bhláthmhar.”



“Geall gurb é agus gur mias atá briste aige,” arsa
Seáinín.



“Síos leat go bhfeicidh tú, a Sheáinín,” agus as go
brathach le Seáinín go cionn na naoidhneán de'n scoil go
bhfeiceadh sé caidé'n mío-fhortún a bhí déanta ag an chat,
na seach beathadhach ar bith beo, ní rabh trócaire ar bith ann a
Seáinín do na cait.



Ní rabh an maighistir ach mar gheall ar fághail réidhtigh'
le Seáinín agus a chúram fhágail ar an mhaighstreas a bhí
anois ag teisbeaint do n-a naoidhneáin an dóigh le pioctúir
cait a dhéanamh.



Thainig Seáinín aníos comhgarach do'n chlár agus cinnte
go leór bhí'n cat annsin agus níor bhréag sin air, pataí de
chat mhór bhuidhe nach saoilfeadh moran ar bith de mhias a
bhriseadh.



D'fhág an mhaighstreas na naoidhneáin anois ann a
muinghín fhéin, agus thug iarraidh ar rang eile a bhí a feitheamh
oirthí. Ach má d'imthigh sise, dheamhan cor a chuir an cat de.
Chuir seo íontas ar Sheáinín da bhrígh nach rabh a'n chat sa
chomharsantacht ó thainig ann, nach rabh ar bharra creatha
roimhe agus nach n-imtheochadh 'san feadha fásaigh nuair a
tcífeadh siad é.



D'amharc Seáinín thart féachailt a bhfuigheadh sé dadaí
fá n-a láimh le cathadh air, no steafog 'e bhata le pléisg
mhaith a thabhairt dó, ach ní rabh sin le fághail, agus mar bhí
mío-shásamh air, an cat a bheith comh dána agus bhí sé, raith
sé suas 'sair a' chlár agus arsa seisean le teann a chuirp:



“Scuit amach ar sin leat! Scuit adeirim,” agus
thug sé a'n scráblughadh amháin ar an chat, ach nídh nach íonadh,
ní bhfuair sé a'n ghreim ar an chat, agus ach oiread le sin
níor choruigh an cat.



Thosaigh an gleo, an callan, agus an scotbhach gáiridhe
imeasg na bpáistí nuair a chonnaic siad an ealadhain agus
an amaidigh a bhí ar Sheáinín, agus siud anall leis an
mhaighistir, sheas os cionn Sheáinín, agus arsa sise go
leath chointineach leis:



“Caidé'n ealadhain í seo ort, a Sheáinín?”



Bhí Seáinín fa'n taca seo, agus é stánadh suas ar an
mhaighistir, nó comh luath agus chualaidh sé clog na
h-éisteachta arís, bhí sé ar a bhonnaí' na go bhfeicfeadh sé ca
h-as a dtainig an fhuaim. D'éirigh leis sin a dhéanamh amach
an iarraidh seo, na bhí'n clog go fóill i n-a láimh ag an
mhaighistir. Nuair a chonnaic Seáinín mar bhí chuir sé
leiceann ar fhéin agus arsa seisean:



“Há rógaire, is tú fhéin a rinn é!”



Rinneadh gáire maith eile anois agus b'éigean do'n
mhaighstreas í fhéin, aoibh a chur oirthí, comh maith leis a dara
duine.



“Á Sheáinín,” arsa sise, “is mór an náire dhuit.”



“Cad chuighe?” arsa Seáinín.



“Bhí barraidheacht callain agat tá bomaite ó shoin.”



“Agus cad chuighe nach n-imthigheann sé mar imthigheas
an uile chat,” arsa Seáinín.



“Ar ndóiche ní thig leis imtheacht,” arsa'n mhaighstreas,
“ní'l ann ach pioctúir, a Sheáinín.”



“Agus seo mar tá,” arsa Seáinín.



“Sé leoga, Sheáinín, agus mas maith leat é, bhéarfaidh
mise leabhar agus peann luaidhe dhuit go ndéanaidh tú féin
ceann aca.”



“Déana go díreach,” arsa Seáinín.



Fuair an mhaighstreas an leabhar agus an peann luaidhe
dhó, agus chuir 'n-a shuidhe sa chéad shuidheachan é. Ba ghoirid
go rabh Seáinín faoi sheól a tarraingt phioctúir an chait, má
bfhíor. P. Mac S.



Leitreacha:



Gach leitir a bhfuil baint aici le gnaithe an pháipéir seo,
cuirtear chuig an bhainisteóir í;



Gach leitir a bhfuil baint aici le h-Eagarthóireacht an
pháipéir seo, scríobhthar chuig an Eagarthóir í.



Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig “Scriúduightheoir Dhúin Dealgan,” i nDún Dealgan.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services