Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá Feil' Bríghde. 1924

Title
Lá Feil' Bríghde. 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Comhaltas Uladh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN t-ULTACH



PÁIPÉAR MÍOSAMHAIL FA CHOINNE GAEDHEAL TUAISCEART ÉIREANN.



Uiml. 1. Uimhir 2. LÁ FEIL' BRÍGHDE. 1924. Luach Dhá Phighinn.



AN t-ULTACH.
Árus Chonnradh na Gaedhilge,
5, Plás na Trágha,
Dún Dealgan.



Foillseóchthar “An t-ULTACH” an chéad lá de ghach mí.



LUACH: 2ph.; nó 3ph thríd an phost.



Sínteanas bliadhantamhail (airgead roimh ré) leis an
pháipéar a fhagháil thríd an phost, 3s.



Leithreacha:



Gach leitir a bhfuil baint aici le gnaithe an pháipéir seo,
cuirtear chuig an bhainisteóir í;



Gach leitir a bhfuil baint aici le h-Eagarthóireacht an
pháipéir seo, scríobhthar chuig an Eagarthóir í.



“RAINN AGUS AMHRÁIN.”



Saoilidh a lán nach bhfuil litridheacht ar bith ag Ultaighibh
ar fiú trácht air, nach bhfuil filidheacht ar bith aca a chorróchadh
croidhe an duine mar chorruigheas fíor-fhilidheacht gach
náisiúin lucht léighte na filidheachta sin. Ní'l duine dá
léigfidh “Rainn agus Amhráin,” dhá fhichid amhrán breagh ó
Chonndae na Midhe, ó Chonndae Lughmhaighe agus ó Chonndae
Árd-Mhacha a chuir Éamonn Ó Tuathail, M.A., Árd-
Mhaighistir Choláiste Laighean, i n-eagar, nach bhfuighe scoith
filidheachta na seachtmhadh agus na hochtmhadh haoise déag a
chum filidh an tuaiscirt nuair a bhí an Ghaedhealg mar árd-
theanga na tíre. Ba chóir d'Ultaighibh a bheith buidheach
d'Éamonn Ó Tuathail ar shon a shaothair. Chuartuigh sé
láimh-scríbhinní i leabharlannaibh i nÉirinn, i n-Albain agus
i Sasain go bhfuair na sean-amhráin bhreaghtha seo agus gur
theisbeáin don tsaoghal Fódlach fíor-fhilidheacht a cumadh
nuair bhí an Ghaedhealg i saoghal agus i sláinte le linn na
seachtmhadh agus na hochtmhadh haoise déag taobh ó thuaidh
den Bhóinn.



Adeir Éamonn i Reamh-rádh an leabhair gur le linn na
gceithre scór bliadhan a tháinig i ndiaidh Briseadh na Bóinne
a cumadh a bhfuil sa leabhar; adeir sé mar i gcéadna gur
beag difridheacht atá eatortha, eadar ghné agus ádhbhar,
agus na hamhráin a rinneadh i n-áiteacha eile i nÉirinn i
dtráthaibh an ama chéadna. Ba mhaith linn filidheacht
Shéamuis Mhic Cuarta, Airt Mhic Cubhthaigh agus Pheadair
Uí Dhoirnín a chur i gcomórtas le filidheacht Eoghain Ruaidh
Uí Shúilleabháin nó Sheáin Chláraigh Mhic Dhomhnaill nó
Thaidhg Ghaedhealaigh Uí Shúilleabháin. Ní'l doimhne nó
feallsamhnacht ró-mhór b'fhéidir i bhfilidheacht dhuine ar bith
aca, ach mura litridheacht a saothar ní'l a fhios agam-sa cad
is litridheacht ann.



Ba deacair an dán beag deas seo — an chéad cheann
atá sa leabhar — a bhuaileadh amach ar shimplidheacht cainte.
D'fhéadfamuis a rádh go bhfuil sé comh maith le dán ar bith
dár chum filidh Bhéarla na seachtmhadh haoise déag agus
go bhfuil áilne na Nádúire ag briseadh amach thríd.
Séamus Mac Cuarta a chum é ag cur fáilte roimh an
éan:—



Fáilte don éan is binne ar chraoibh
Labhras ar chionn na dtor le gréin;
Damh-sa is fada tuirse an tsaoghail
Nach bhfeiceann í le teacht an fhéir.



Cluinim gidh nach bhfeicim a gné
Guth an éin darab ainm cuach;
Amharc uirthi i mbárraibh géag,
Mo thuirse ghéar nach mise fuair!



Gach neach dá bhfeiceann cruth an éin,
Amharc Éireann deas is tuaidh,
Bláth na dtulcha ar gach taoibh —
Dóibh is aoibhinn bheith dá luadh.



Tá “Úr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte” a chum Peadar
Ó Doirnín ainmnighthe i gcomhnuidhe ar a bhinneas agus ar
a fheabhas mar phíosa filidheachta. 'So an chéad
cheathramha:—



A chiúin-bhean tséimh na gcuachann péarlach,
Gluais liom fhéin ar ball beag,
Nuair bhéas uaisle 's cléir is tuataigh i néall
Ine suan faoi éadaighe bhána;
I n-uaimh go mbéinn i bhfad uabhtha araon
Teacht nua-chruth gréine i mbárach,
Gan duas linn féin i n-uaigneas aerach
San uaimh sin Chéin Mhic Cáinte.



Féach ar dheise na meadarachta sa dán beag seo nach
bhfuil ainm a ughdair leis:—



Coisg do dheór, a mhacaomh mná,
'S ná creid go bráth lucht na mbréag;
Ní bhfuil bean ar a bhfuil mo ghrádh,
Is ní bhéidh tráth ach thú fhéin.



Is iomdha ainnir mhánla shuairc
Ar gach bruach don loch so thíos
Ag iarraidh mise do mhealladh uait,
Is ná bíodh gruaim ort na thríd.



Ní bhfuil bean dá háille gruaidh,
Gibé stuaim do bheith 'na méin,
Do bhainfeadh mise dhíot le cluain —
Bí go suairc is ná creid bréag.



Bhí an Ghaedhealg ar a dtoil fhéin ag na filidhibh a bhfuil
cuid dá gcuid filidheachta sa leabhar seo a chuir Éamonn
Ó Tuathail i n-eagar. Go rabh an teanga ag scríbhneoirí
Gaedhilge na haimsire seo mar bhí sí aca siud ní bhéidh na
huirnéis againn le litridheacht a thabhairt i dtír a mbéidh
maith ar bith innti. Is fiú do gach scríbhneoir Gaedhilge
stuidéar a dhéanamh ar shaothar seo na bhfileadh agus iarraidh
a dhéanamh ar a chuid smaointighthe a chur i gcaint comh deas
agus comh bríoghmhar is chuir siad-san é. Ar ndóighe, ní
hionann filidheacht agus prós ina ndéanamh agus ina



Caithfidh muinn ár leithscéul a gabháil le
P. Ó Brógáin, P.M.S., Toirdhealbhach Ó
Rabhartaigh, Iolann Fionn, Donn Piatt agus
Taobhóg nach dteachaidh againn fairsingheacht a
thabhairt dóbhtha san uimhir seo. Easbhaidh áite agus
uaine ba bhun leis, chionn's go raibh cuid de'n
uimhir seo innealta mí ó shoin. Cuirfear isteach
iad an mhí seo chugainne.



gcosamhlacht. Tá difridheacht mhór eadar phrós an Easbuig
Uí Ghallchobhair agus filidheacht Shéamuis Mhic Cuarta nó
Airt Mhic Cubhthaigh. D'fhág gach duine aca saothar ina
ndiaidh nach bhfuil beag nó suarach i dteangaidh a rabh
cumhacht pinn aca innti.



Mothuigheann duine filidheacht atá maith á chorrú agus á
bhogadh i gcomhnuidhe, is cuma cé'n teanga ina bhfuil sí
scríobhtha, má thuigeann sé an rud a bhíos dá léigheadh aige.
Mhothuigh mise na dánta atá sa leabhar seo do mo bhogadh
nuair a léigheas iad agus ní beag sin mar theist ar fheabhas
na filidheachta atá ionnta.



Tá a chuid eagarthórachta déanta go maith ag Éamonn
Ó Tuathail ar na hamhráin atá sa leabhar; tuillidh sé moladh
ar shon a shaothair agus tá Ultaigh buidheach dhó gur chuir an
fhilidheacht bhreagh seo os comhair Gaedheal Éireann.



Niall Mór.


L. 2


SEANCHUS SA CHEARDCHAIN: Cú Chulainn
do Scríobh.



Brian Gabha, a phrintiseach gasura Leáraidhe agus
cupla comhursanach ag cur síos ar chúrsa na h-aimsire.



CÁIN NO PÓSADH.



Brian: Tá siad a' rádh, a Phaidí — agus ní'l fhios agam an
fíor nó bréagach é — go bhfuil Séaimín annseo le
pósadh go h-aithghiorra.



Paidí: Dheamhan a chuala mé de dhath faoi, maise; an fíor
é, a Shéaimín?



Séaimín: Tá sé chomh fíor 's go bhfuil mise i mo Phríomh-
Mhinistir Shasan! Hum! — pósadh, an eadh!



Paidí: Bhail, le gach cead duit, a Shéaimín, cha mbainfeadh
sé cor as fás d'óige dá bpósfa.



Séaimín: Mura mbainfeadh fhéin bhainfeadh sé níos mó
asam ná tá agam — sin mo chuid bheag píghneach —
agus cuid mhór de chibé ciall atá agam. Tchím a
lán d'a bhfuil pósta agus chan feairrde a saoghal
d'a bharr; agus chan feairrde an saoghal féin iad.



Brian: Bhail, sin a' sgéal a chuala mise ort, a Shéaimín,
agus chan déigheannaigh é ná ar maidin indiu. Is
iontach nach leigfeá fhéin dadaidh ort.



Paidí: Cha leigfeadh, ár ndóigh; bíonn an grádh cuthaileach
mar sin — tuigeann tú fhéin an méad sin, a'l
bharainte.



Brian: Tá sé chomh fada anois ó bhuail an grádh mé fhéin
nach cuimhneach liom i gceart é faoi seo. Tá reamh-
rádh an phósta imthighthe leis an aimsir.



Séaimín: Tá mé cinnte go bhfuil, a Bhriain. Agus nach í
an chomhairle bhearfá anois do dhuine óg ná gan aon
bhaint a bheith aige le buaidhreadh an t-saoghail!



Brian: Chan é, bhail. Tá bean mhaith agam, buidheachas do
Dhia, agus cha dteanfainn malairt stáite leat-sa ar
a bhfuil de shaidhbhreas ag an triúr againn. Saoilim gur
mór an náire duit gan bean a bheith agat roimhe
seo. Ba chóir go mbeadh do chlann curtha i gcríoch
agat.



Paidí: Ní'l sé de leith-scéal aige bheith gan dóigh-theacht-i
dtír air.



Séaimín: Maise, is bréagh an dóigh í — slán gach samhail!
Ag sclábhuidheacht le giodán beag talaimh a bhfuil a
leith faoi chreagacha agus seascán.



Leáraidhe: Chonnaic mise agus Toirdhealbhach Maol Chraoibhe
thú, a Shéaimín, ag cainnt le Peigí Mhicil ruaidh an
oidhche fa dheireadh agus inne ag teacht ó na
pictiuirí!



Brian: Séid na builg, a Leáraidhe! Ta tú chomh ciallmhar
sin, a Shéaimín, nach leifeá ort — agus sin a dóigh
cheart, b'fhéadthaidhe.



Séaimín: Ní'l focal fírinne sa scéal. Tá mise cosamhail
le Séadna — tá mé ag tabhairt aire do mo ghnaithe
fhéin; agus ba mhaith an rud dá ndeanfadh gach
duine eile amhlaidh.



Paidí: Acht sin gnaithe gach 'n duine. Agus nuair a
tchíthear beirt mar sin le céile — agus ag éirghe
mór, mar deirfeá — cuireann sé na comhursanaigh
ag smaoitiú agus ag cainnt.



Séaimín: Maise, is beag an rud chuireas ar na daoiní
cainnt a dheanamh. Agus chan í an chainnt le céill
í acht oirid. —



Brian: Is maith ciallmhar agus deas an cailín í Peigí
Mhichil ruaidh. Tá aithne agam uirthí ó bhí sí sa
chliabhán; agus bhí aithne agam ar a máthair agus ar
a gaidí sul ar rugadh í. Deagh-chomhursanaigh
mhacanta bhí ionnta i gcomhnuidhe.



Paidí: Creidim go bhfuil sparán maith teann aige Micheal.



Leáraidhe: Chonnaic mise Micheal ruadh ag teacht amach
as an Bhanc lá amháin agus é ag sathadh beart mhór
nótaí airgid isteach 'na bhrollach.



Brian: Gabh amach, a Leáraidhe, agus tabhair isteach canna
uisge. Ba chóir go mbeadh clúideóg mhaith airgid
aige Micheal. Char chaith sé mórán de ariamh go
h-amaideach, dálta 'siomdha duine — agus mo
dhálta fhéin. Agus fuair sé trí no ceithre céad leis
an bhean.



Séaimín: Ar son Dé agus ná bígidh ag baoth-chainnt! Tá
sibh níos measa ná sean-mhná geabaireachta!



Paidí: Acht ní'l dolaigh ar bith ann bheith ag tabhairt
comhairle a leasa do dhuine, a Shéaimín.



Séaimín: Ná bígidh ag iarraidh mise 'chur ar m'aimhleas.
Ní bhéidhinn ceangailte do'n bhean is deise agus is
saidhbhre agus is fhéarr 'a bhfuil ar an insgne
cheudna!



Brian: Chan fhuil tú chomh mío-nádúrach sin. Bean mhaith
chéile agat agus bhéidhfeá ar fheabhas. Chuirfeadh sí
slacht ort, a Shéaimín.



Paidí: Is fhéarr bean ná spré, deirtear.



Brian: Tá 'fhios agam-sa sin. Mara b'eadh an chéile a
fuair mé, bhéidhinn as fad ó shoin.



Paidí: Agus rud eile: tá clúideóg bhréagh agat, a
Shéaimín, agus gan oirid 's duine amháin de chúram
ort. Nach mór an náire duit-se bheith mar tá tú
agus an Rialtas a' baint sgillinge sa t-seachtmhain
de shean-Chaití Nic Géadha!



Séaimín: Chuala mé go dtug sí íde na muc 's an asail
do Mhaghnus Mag Uidhir — an teathtaire Dala — an lá
fa dheireadh fa'n sgilling sin.



Brian: An chréatúir!



Séaimín: Nach mór an éagchóir an beagainín beag a bhí sí
'fhághail a dheanamh níos lugha — agus ceithre céad a
thabhairt dó-san agus gan pioc maitheasa 'a dheanamh
aige!



Paidí: Seadh; i n-ionad é bhaint de shean-sheascairí
díomhaine mar thusa, má tá sé le baint ó éinne!



Brian: Ha-ha! Sin a' chainnt! Séaimín — agus Séimíní
mar é — is cionntach.



Séaimín: Tá sibh chuige chugam aríst! Bhail, ar thóradh an
donais!



Leáraidhe: Casadh duine eintéan orm amuigh annsin in-aice
an tobair, a Shéamín. D'innis mé dí go rabh tú
annseo — agus gur chualamuid uilig an sgéal, agus
dhearg sí suas — acht thug sí cupla ubhall domh.



Brian: Tlig steall de'n uisge sin ar an ghual atá faoi
na builg, a Leáraidhe — agus séid leat!



“Cú Chulainn.”



LEITREACHA.



Baile-Átha-Cliath.



A Chara, —



Seo chugat síntiús leis an páipéur nuadh seo fhagháil,
agus bronntanas beag le na chois.



Is ádhbhar áthais damh go bhfuil sibh ag braith ar an obair
seo a dheanamh agus tá súil le Dia agam go néireochaidh
libh.



Ní thuigeann a lán daoine a chomh saidhbhir is atá
Gaedhealg Chúigidh Uladh 'ná líonmhaireacht na gcor-cainte
atá innti, 'ná áilneacht na smuainte fágadh 'san fhilidheacht
bhaineas leis an chúigeadh sin. Má dhéanann sibhse an mhéid
sin do chruthughadh, déanfaidh sibh obair mhaith “chum onóra
na hÉireann.”



Úna Ní Fhaircheallaigh.



15 Pairc Kenilworth, Crois an Aroldaigh,
Baile Atha Cliath.



A Chara, —



Binn liom an sgeal go bhfuil bunadh Lugh' agus na
gceanntar eile ar theorainn na Conndae sin ag brath ar phaipear
Gaedhilge a chur ar bun. Is fada me fein a' tiomsu amhran,
sgealta agus dreachta beaga eile a rinneadh sa taobh sin
d'Eirinn. Mar sin deirim “Se a bheatha” leis an phaipear nua.



Feachfad le ceannuightheoiri fhaghail don phaipear annseo
i mBaile Atha Cliath agus cuirfead rudai chugaibh o am go
ham fa choinni an phaipeir.



EAMONN O TUATHAIL.



Scríobh Seán Ó Caiside, Árd a' Rátha, mar leanas:—



“Nach maith an rud duit dá mbéadh leathanach ar leith i gcóir
na bpáisde atá ag foghluim na teangtha — Gaedlic
shimplidhe acht blás is snás cainnte na ndaoine air —
sgeultaí beaga, no agallamha a d'fhoirfeadh mar adhbhair
cainnte do phaisdíbh scoile.” Thug a lán eile an chomhaile
chéudna duinn, agus rinneamar iarracht faoí'n obair 'san
uimhir seo.


L. 3


PAIDREACHA NA nDAONNAÍ.



PAIDIR AN SCABAILL.



An gcluin sibh mise a lucht na scaball
Na leigigidh faillighe in mbur gcás;
Is mairg a bhíonns gan caraid
Nuair a bhíonns sé air leabaidh a bháis.



A dhuine gan chéill, na teana bréag le Muire,
Na hith feoil Chéadaoine is na héag in do thinneas,
Teana do chasaoid chuig an chléir
A's teana faoisdin ghlan dá réir.



Corruigh do chos go luath 'nan aifhrinn,
Foscail do bhéul agus labhraidh d'anam
Má abrann tú an phaidir gach uair a's gach tráth,
Tcífidh tú Muire 'n Tighearna trí lá roimhe le do bhás.



Sé Síomhóin Stoc a bhí a réidhtiughadh do'n lucht,
'Sé bhí déigh-bhéasach, riaghalta, múinte;
Chuir Muire, le na toil, scabal air a chorp
Le n-a dá láimh beannuighthe gan diúltadh.



Molaim go deóigh thú, a Mhaighdean na Glóire,
Molaim go deóigh a's go síorraidhe thú;
Chuir Muire, le n-a toil, scaball air a chorp,
Le n-a dá láimh beannuighthe gan diúltadh.



Bhí Muire'n Tighearna ag siubhal amuigh ló,
Thainic an duine ró-naomhtha chuicí, Síomón a's an Róimh;
Shín sí chuige scaball na mbráinnse óir,
A'n nduine iomch'ras mo scabal, béidh a anam 'sa Ghlóir'.



A Mháthair na bhflaitheas, a's a Bhuime na hóige
Is leat a ghním mo ghearán maidin 's tráthnóna;
Tais'ean damh an bealach ó's tú fuair an teolas,
Fagh damh an athfuinghe ó do Mhac ghlórmhar,
Go rach'muinn go flaitheas, ag caitheamh na glóire.



A Mhaighdean mhodhmar, ghlórmhar, bheannuighthe,
Is tú mo lón, mo stór a's mo thaiscidh,
Is tú an réult eolais rómhainn 'sa bhealach,
Ar stiúir 'sa ród nuair a bhíonns tóir air a' pheacach.



Líonaidh mo chroidhe le grádh do'n Athair
Líonaidh mo bhéul le grádh do'n Mháthair
Nigh mo lámha a's smál na bpeacaidh;
Air uair mo bháis, tabhair tarrtháil air m'anam.



PAIDIR ROIMHE LE BIADH.



Cúig aráin agus dhá iasg
A roinn Dia air na cúig mílte;
Ráth an Ríogh a rinn an roinn
Air ar gcuid a's air ar bproinn.



PAIDIR INDÉIDH BÍDH.



Moladh le Dia nach gann,
Moladh gach am do'n Rí,
Moladh le hÍosa Críost
Air son a raibh againn de'n bhiadh.



DO'N ÍGHEAL CHOIMHDEACHTA.



A íghil Dé, cuir mé faoi do smacht
Mar órduigh duid Uan geal na ngrás
Seasaigh im' láthair gach uair mo shaoghail
Agus coinnigh m'anam gan peacadh gan baoghal.



IN AIMSIR CHATHUIGHTHE.



Bríghid agus a brat,
Muire agus a Mac,
Eadrainn a's gach uile olc.



IN AGHAIDH AN FHIABHRAIS.
A Anna, máthair Mhuire,
A Mhuire, máthair Dé,
A Eiliseabéad, máthair Eóin Báisde,
Eadrainn agus fiabhras na leaptha,
Le do chúmhdach, a Mhic Dé.



IN AGHAIDH GADUIDHTHE.



Mo chuimrighe ort, a Mhuire, atá lán de na grástai,
Paidir bheag bheannuighthe chun mo shábháil air mo náimhde;
Ag luighe damh anocht a's ag éirghidh damh ambárach,
Mo chuimrighe ort, a Íosa, bhí air íacradh (?) na páisc.



Muireadhach Méith.



EOGHAN RUADH AG AN BHEINN
BHUIRB.



Maidin chiúin samhraidh le teacht geal na gréine,
A's ceol ag na h-éanlaith a thógfadh díod gruaim,
A' sagart i n-éideadh 'rádh Aifrinn Dé ann,
'S a' pobal bhí ag éisteacht, fir thréana Eoghain Ruaidh.
Le a bhfaca tú 'riamh nach sgarfá fá phléisiúr,
Dá bhfaghthá a'n radharc amháin ar a' tsluagh
Ar bhruach na h-Abhann Duibhe bhí cruinnigh' le chéile
An lá ud nach n-éagann a sgéala go luath!



Tráth chríochnuigh an t-Aifreann 's d'éirigh na laochra,
A's suaimhneas Dé mar bhéadh fíon le n-a gcroidhe,
Ars' Eoghan leo — 's ba bhinne ná ceól a chuid bréithre —
“Tá mian mur gcléibh agaibh, a fheara, go fíor:
An drong ud do Mháthair an Tighearna nach ngéilleann,
Tug íde ar naomha ar fearr gan a mhaoidh',
'S 'n-a bhallógaí tréigthe d'fhág fárus an Éin-Mhic,
Táid chugainn fá ghéar-shiubhal, altughadh do'n Rí.



“An dream ud ariamh thug díbirt a's léir-sgrios
Ar shean-Chlanna Gaedheal gan taise, gan truagh,
A sheallbhuigh dúithchí ar n-aithreach go h-éigceart
A's briathraí Dé leo n-a gcaim-bhéal 'ach uair;
Táid chugaibh, 's dá néirigheadh leo obair an lae seo,
Is fada bhéadh Éire bhocht aca n-a truaill;
Ach, le cuidiughadh an Té sin ariamh nar thréig sinn,
A seal i dTír Néill ní bhéidh fada nó buan.”



Fá dheireadh bhí tús ar a' bhriseadh 's níor thréine,
Dar leat, bhí na Gaedhil ná bhí Gaill an droch-chroidhe,
'S níor bh'annamh as deireadh gearr-bhruighne nar bh'éadtrom
Monroe 's a chuid faol-chú ar uachtar 's a' tslighe.
Ach cogar, an té sin ar Eoghan gheobhadh radharc,
Níor bhréag é nar léar dó ach pléisiúr 's déagh-aoidh,
A's b'fhurus dó smaoitiughadh gur chríoch í do'n “ghame” ud
Na Gaill bheith níos céillidhe roimh thuitim na h-oidhch'.



An leomhan faoi ocras a tchidhfeadh uaidh caora
'S gan dul aige léim a thabhairt uirthe go luath,
Ar m'fhocal nar bh'fuide leis aimsear a ghéibhinn
Na caitheamh an lae ud ag gaisgidhigh Eoghain Ruaidh.
Agus Eoghan, níor bh'fuaire ná é an leac-oidhre
Go deireadh an lae 's go bhfaca sé uaidh
Na Gaill bheith dhá ndalladh ag deallradh na gréine,
'S gur athain fá phléisiúr go dtainig an uair.



Seal gearr dó 'cur athchuinge ar Dhia na féile
Bheith páirteach le h-Éirinn 's a náimhde a chlaoi,
'S bhí teine 'n-a shúile a's crith i n-a thréan-ghuth
Tráth thionntuigh sé a aghaidh ar a chompánaigh arís.
“Cuirtear ‘Sancta Maria’ chuig cluais 'ach aon fhear —
A's Muire ró-naomhtha go gcluinidh ár nguidhe —
'S i n-ainm na Tríonóide bheannuigh sean-Éire
'Nois bíodh 'ach Gaedheal maith de léim ins an tslighe!”



Níor luaithe sin ráidhte ná tógadh 's na spéirthí
An gháir sin le géire a réabfadh do chluas,
Óir d'iomchuir sí cuimhne na n-éagcóir 's na péine
Bhí fuilinte ag Gaedhil leis na cianta anuas;
'S níor ghaisde an ghaoth Mhárta fríd ghleann chumhang sléibhe
Ná rúide na dtréin-fhear a' tarraingt ar shluagh
Na nGall nó gur chreathnuigh an drong sin mar éanlaith
Roimh dhalladh na gréine 's an táirneach dá thuar.



Mar thuitfeadh na diasa roimh speala fíor-ghéara
Lucht foghmhair go saothrach ag freastal a gcaoi,
Thuit Albanaigh 's Sasanaigh bhradacha ag béicfigh
Roimh lanna na nGaedheal bhí ghá ngearradh gan sgíth.
A's tarraingt Mhonroe ar a Bheinn Bhuirb, má b'éascaidh,
Ba ghaisde a éalódh chun siubhail fá thrí;
A's deirtear ag daoine nach féidir a mbréagnughadh
Nar rug luighe na gréine air 's a' cheanntar arís.



“Brighid.”


L. 4


AN t-ULTACH.



LÁ FHEIL' BRÍGHDE, 1924.



Bríghid agus a brat
Muire agus a Mac
Eadrainn a's gach uile holc.



Cha seasann an ró acht seal. Le linn an chogaidh mhóir,
nuair a bhí mór-luach le fághail aige 'sna feirmeóirí air a
raibh le díol aca, bhí dóigh-theacht-i-dtír mhaith aca. Tá fhios
aig an tsaoghal go bhfeil siad i gcruadh-chas anois. 'Chionn
'snach bhfeil an tairgead aca ins na tíortha móra eile anois,
cha dtig leobhtha na rudaí atá le díol againn annseo a
cheannach; agus mar gheall air sin, tá torrtha an talaimh
chomh saor, cha mhór, agus bhí siad roimh an chogadh. In a
aghaidh sin, tá costas an tsaothruighthe i bhfad níos aoirde
ná mar bhí sé deich mbliadhna o shoin. Tá cánaighe agus
sreathanna ag dul suas ins na réagúin; tá tuarasdal
lucht oibre 75 a's 100 níos daoire ná mar bhí sé, agus tá
trí oirid eile d'airgead le tabhairt amach aig an fheirmeóir
le n-a chuid earraidhe a iomchur 'na mhargaidh, agus le pór,
leasughadh, sáslach, éadach agus ádhbhar bídh a fhághail.
Deirtear go bhfeil na roinnteóirí agus na fir-mheadhonaigh
ag cur cluana air an fheirmeóir fosda. Cuirtear bainne
go Baile-Átha-Cliath air scilling an galún, agus díoltar
annsoin air leath-chonóir an galún é! Sí an chuid is measa
de'n scéul go bhfeilmuinn uilig — eadar deantóirí,
siopadóirí, doctúirí, sagairt, múinteóirí, cléirigh, saoir
agus oibrighthe — i dtuilleamaigh an fheirmeóra. Dá gcuir-
fidhe ar lár é, fuigfidhe an chuid eile againn air an anás.



Dá gcuirfidhe Cogadh Mór eile air siubhal, bhéadh an
feirmeóir luthgaireach i lá a sonais aríst. Acht tá
imtheacht gan tilleadh air na bádaí-fá-mhuir, agus caith-
fimid léigheas eile fhághail in aghaidh an ghaláir. In
aimhdheoin na droch-bhliadhna, tá na scológa beaga cosamhail
sosáilte. B'fhéadfaidhe nach mbíonn miníneacht aca i
gcomhnuidhe, acht dálta Labhrais Mhóir, bíonn a sáith aca
do'n gharbh-bhiadh — preátaí, uigheacha, éanlaith, brachán-choirce
agus toradh bó. Chan eagal dóbhtha go bhfuighfidh siad bás
leis an ocras. Cha bhíonn tuarasdal árd le tabhairt amach
aca; ná stailc nó imreas ag cur buaidhridh orra. Baineann
siad tairbhe chomhthrom a's a gcuid oibre, agus bíonn dóigh-
theacht'-i-dtír aca i dteólaidh. Má thig droch-bhliadhain,
oibrigheann siad níos déine, agus bíonn a gclanna
cleachtach le soláthar agus le saothar dócamhlach. Agus d'a
mhéid a noibrigheann siad, is amhlaidh is fhéarr do'n tír é.



Deirtear go bhfeil níos mó ná ceithre milliún acraí
talaimh ins na ráinnsí móra, nach bhfeil acht bullóga ag
féurach orra. Má thaistealair ar do rothar fhríd Ros-
comáin nó an Tuath-Mhumhan, fhríd Cill-dara nó áiteacha eile
i gceart-lár na hÉireann, tcífidh tú na ráinnsí móra air
'acha'n taobh díot, sínte go dtí bun na spéire, a's gan
ann acht corr-bhóthán le dídean a thabhairt do no buachaillí
bó. Uaigneas, fairsingheacht agus fasachas! Cha cluintear
acht tafaint na madadh gus búirfeach na mbullóg.
B'fhéadfaidhe go bhfeil a mhalairt bheag de scéul againn
annseo i gCo. Lúghmhaighe, acht, má tá fhéin, tá rud éigin
ar cearr. Tógthar duinn go bhfeil an iomadaigh talaimh ag
dul air chasúr an mhaighistir-chanta 'acha'n bhliadhain. Tá na
feirmeacha ró-mhór. “Tá stócaigh stuacaigh in áit na
huaisle,” feirmeóirí a mbfhéarr leobhtha cosamhlacht na
ndaonnaí uasal a thabhairt orra fhéin na rian a lámh a chur
air an talamh. Agus tá sean-sheascairí sanntacha ann fosda,
gan bean gan clann, gan suim aca i rud air bith acht amháin
an tairgead a dheanamh agus a bhailiughadh. Truagh nach
rachadh aca an tairgead agus an talamh a thabhairt leobhtha
isteach 'san uaigh. Nuair a bheas siad marbh, gheobhaidh an
cruinniughadh cumhaing scabadh fairsing. “Béidh cuid an
taisgeora aig an chaithteóir.”



Tá daoine in Oméith Mára, agus gan aca acht gabhal-
tais bheaga nach bhfeil cúig acraí de thalamh ionnta. Tá an
sgéul i bhfad níos measa aige 'sna céudta i dTír Chonaill,
i Muigh Eó, i gCuan-na-mara agus i gCíarraidhe. Deirtear
“gur beag an áitigh 'na mbeathochfaidhe bearach,” acht badh
doiligh do'n bhearaigh fhéin lán a béil a fhághail ins na
háiteacha seo. Goidé mar rachadh aige 'sna daonnaí seo
clann a oileamhaint nó a chothughadh mar badh chóir. Atá
orra na páistidhe óga a chur amach air an tsaoghal — go
hAlbain, go hAmeriocá agus go Canada — le dóigh-theacht'-
'-dtír a thuilleadh dóbhtha fhéin, agus le “féirin
ráithcheamhail” a chur abhaile chuige 'sna sean-dhaonnai. Cha
dtig a bhformhór arais, mar “is fusa scabadh nó
cruinniughadh.”



Badh chóir na ceithre milliún acraí ins na ráinnsí a
roinnt air scológaí óga na tíre. Rachadh againn
ceathrachadh acra a thabhairt do ga'n dhuine aca, agus bhéadh
céud míle feirmeóir eile againn. B'fhuras agus badh chóir
go dtoghfaidhe fíche míle, air an chuid is lugha de, a raibh
Gaedhilig aca ó'n chliabháin, agus “léaghsaí air fhearann
saor” a thabhairt dobhtha ar a'n iúl. I ndéidh deich mbliadhna
eile, nar dheas a bhéith ag éisteacht le céud míle páisde,
agus gan acht an Ghaedhilig bhinn aca i scoil agus i mbaile.



Is fusa briathra na gníomhartha. Cluinim an cheist — ga
bhfuighfidhe an tairgead le haghaidh na ráinnsí a cheannach
amach? B'fhuras a fhághail, dá mbéadh an toil againn.
Deirtear go bhfeil suas le céud milliún punt d'airgead i
dtaisce i mbanncanaí na hÉireann; agus dá nglacfaidhe
a's láimh an obair, agus dá bhfuighfidhe tamallt de'n
airgead úd, bhéadh an talamh ann i gcomhnuidhe mar
urradhas air.



Acht chan fheil an ionntaoibh againn asainn fhéin leis an
obair seo a ghlachadh a's láimh fá láthair. An timreas agus
an teasaontas, is iad is cionntach leis an amhras agus an
neamhshuim atá coitcheannta anois. Dá mbéadhmaoist go
léir i ndéidh a bhéith ag cur le céile mar bhíomar dhá
bhliadhain ó shoin, bhéadh a mhalairt de scéul le hársuighe.
“Cha dtig uachtar air bhainne an chait.” Chan fheil gar a bhéith
ag cainnt air leasughadh na tíre anois. Tá an réim leis na
scigirí agus na sleagairí, acht, má tá fhéin, badh chóir
dúinne, a bhfeil iontaoibh a's muinighin againn a's ar dtír
go fóill, an síl beag a phlanndughadh agus a fhliuchadh, agus
b'fhéadfaidhe “go mairfidh an chraoibh air an fhál nuair nach
mairfidh na lámha a chuir.”



An bhfeil rinncí gallda agus cleasa-lútha gallda in
aghaidh Spiorad na Gaedhilge? Chualamar an cheist seo 'a
pléidhe in Árus Chonnradh na Gaedhilge i nDúndealgan,
oidhche amháin, agus smaoinigh a lán nach mbaineann an
Spiorad sin le rud ar bith, acht amháin le labhairt na
Gaedhilge. 'Sé ar mbaramhail fhéin nach bhfeil an ceart
aige 'sna daonnaí seo, acht caithfidh muinn admháil go
bhfeil ádhbhar deaspóireachta ann. Badh mhaith linn baramhail
lucht léighte an Ultaigh a chluinstin air an cheist seo.



Nach dtigidh linn Dáil Uladh nó an Cumann Liteardha
a aithbheochaint, nó Cumann nuadh a chur air bun i gCúige
Uladh. Tá riachtanas le na léithid chun litridheacht agus
canamhaint Chúige Uladh a bhuanughadh. B'fhéadfaidhe nach
bhfeilmuinn uilig air aon fhocal fá chursaí na Gaedhilge, acht
is fhéarr an timreas ná an tuaigneas. B'fhéarr i bhfad
Cumann ughdarásach a bheith i mbun an pháipéir seo.



Bhí luthgháir mhór orrainn roimhe le litir a fuaireamar ó
Mhairtín Mhac Eachmharcaigh, tá cupla lá ó shoin, 'na raibh
seic chúig punnt, “féirin beag” a bhronn Cóisde Ceanntair
Chaisleán a' Mhuilinn orrainn. Chan cneastacht agus
dúthracht go dtí é. Tá craobhacha eile i gCúige Uladh a
bhfeil ubh séide curtha ar leathtaoibh aca “le haghaidh na
Coise Tinne.” Tá Fear na Coise Tinne ag dul thart anois
agus cha rachadh aige 'sna craobhacha seo féidhm nios fhéarr
a bhaint a's an airgead atá i gciste aca ná cuidiughadh a
thabhairt do'n Ultach.



Muireadhach Méith.


L. 5


MAR THÁINICH AN t-ÁDH AR NÓRA.



(Ar Leanamhaint.)



Sin iad na smaoitigh a thigeadh i gcionn Nóra agus í
go huaigneach. Bhí sí oidhche amháin 'na suidhe cois na
teineadh agus na smaoitigh céudna a rith trid 'na ceann
nuair a tháinic a hathair isteach agus d'fhiafruigh sé de Nóra
cá rabh a máthair.



“Chuaidh sí 'mach,” arsa Nóra, “ag cóiriu na gcearc ar
an fharabh.”



“Tcidhim,” arsa'n tathair, “an bhfuil sé i bhfad go rabh
sí 'steach?”



“Ní thig dí bhéith i bhfad amuigh feasta,” arsa Nóra.
“An bhfuil deifre ort léithe?”



“Ó níl!” arsa seisean, “acht bhí súil agam cupla
ceann do na birigh seisc sin a chuir go h-aonach Ard-a'-
Ratha i mbárach agus ba mhaith liom ise iad a fheiceal sul
'a gcuirfinn isteach 'na bótóighe iad. B'fhéidir go mbéadh
ceann nó beirt acu gur mhaith léithe chonghbhail agus annsin
ní bhéadh ann acht ath-obair, 'bhéith 'a gcuir isteach agus
da scaoileadh amach arís, agus nuair atá siad uilig
annso tá sé comh maith dí iad 'fheiceal agus annsin
piocfaidh sinn na rudai is fearr, le cuir 'un aonaigh, asta,
agus bhéirfidhmid cead a gcinn 'na' chruic do na rudaí
eile.”



Cé thainic isteach ar an tseanchas acht Máire agus
d'iarr Eoin oirthi dul leis siar 'na páirce móire go
bhfeiceadh sí na birigh go mb'fhéidir go mbéadh ceann no
dó acu gur mhaith léithe congbhail.



“Cinnte,” arsa sise. “An dtiocfaidh tusa, 'Nóra, a
tháiscidh?”



“Is cuma liom.” arsa Nóra, ag éirigh 'na seasamh
agus amach ar an doras leis an triuir aca, agus síos an
camhsa, agus síar an casan 'na páirce móire. Budh so
an áit a gcongbhuigheadh Eoin an teallach a bhí 'sa' bhaile
aige agus sin an fáth a rabh an teallach seisc aige 'sa'
pháirc sin anois.



Nuair a chuaidh Eoin agus a bhean, agus Nóra isteach
'sa' pháirc chuaidh siad ag amharc thart fa'n eallach agus
thaisbean Máire trí cholpach do Eoin ar mhaith léithe
congbháil, agus chuir Eoin amach 'sa' pháirc iad, a bhí le
taoibh na Páirce Móire. Annsin thoghaidh Eoin cúig no sé
birigh a cuireadh sé 'un aonaigh lá-thar-na bhárach agus i na
measg so bhí'n bireach beag, deas, breac a bhí acu 'sa
bháile.



Bhí an-chion ag Nóra ar an bhireach so agus nuair a
chonnaic sí a hathair d'a chur isteach measg na rudaí a bhí
sé dul a dhíol, chuaidh sí ag caoineadh agus arsa sise,
“Cinnte, a athair, ní'l tú dul ag dhíol an bhirigh sin. Ní
bhéidhinnse beo seachtmhain 'na dhiaidh.”



“O! a nighean dhílis,” arsa'n tathair, “díolfaidh an
bireach sin na cúig cinn eile dhúinn, agus mar rabh si linn,
ní fiú ar saothar dul 'un aonaigh ar chor ar bith.”



Ní rabh gar a bhéith leis an athair, bhí a intinn deanta
suas aige an bireach a chuir 'un aonaigh lá thar na bharach.
Chuaidh Nóra chuig na máthair, a bhí 'sa' pháirc eile agus
d'innis an sgéul dí.



“Tcidhfidhmidh caidé thig linn a dheanadh,” ars' an mháthair,
agus thainic an bheirt acu fhad leis an athair a bhí ag cur an
mhaide ar an bhearnaigh indiaidh an teallach a chur amach.



“Is fearr duit,” arsa Máire, “gan an bireach breac
sin a chur 'un aonaigh go fóill. Béidh neart aontaigh ag
teacht roimh' an Mhárta agus ar ndóigh thig leat í a chuir
chuig ceann éiginteach acu.”



Níor chuir Eoin aon suim i na cuid cainnte agus
thiomain leis an teallach soir i naice an bhóithigh. Fa
dheireadh indiaidh móran blandar, fuair Máire lámh-an-
uachtair ar Eoin agus d'aontuigh sé an bireach a fhághail 'sa'
bhaile. Bhí an oiread sin lúthgháire ar Nóra gur snaoim sí
a dhá laimh fa mhuineal a máthar agus phóg sí í. Chuaidh an
triúir acu 'un toighe annsin agus chuir Eoin na birigh isteach
'sa' bhóitheach agus nuair a bhí siad ceanglaidhe aige thainic
sé isteach. Bhí Máire agus Nóra 'na suidhe ar dhá thaoibh
na teineadh agus tharraing Eoin leis cathaoir agus shuidh i
lár báire eadar an bheirt acu. D'amharc sé isteach 'sa'
teinidh ar feadh tamaill agus annsin thionntuigh sé chuig
Máire agus arsa seisean.



“An rachfaidh tusa liomsa, 'un aonaigh i mbárach”



“Rachfaidh cinnte,” arsa sise, “agus creidim go mbéadh
sé comh maith ag Nóra dhul linn, bhéadh sé uaigneach aicí
a bhéith annseo rith an lae léithe fhéin.”



“Tá sin fíor go leor,” arsa seisean, “acht tá sin 'sa'
cómhairle fhéin aici.”



“Nóra,” arsa'n mháthair, “caidé dheanfas tú?”



“O 'mháthair,” arsa Nóra, “rachfaidh mé libh. Ní bhéinn
acht ag caoineadh annso i rith an lae, agus ní minic a bhím
amuigh, agus b'fhéidir go bhfeicfinn rud éiginteach a
thógfadh cian díom.”



Sócruigheadh annsin go rachfadh Nóra 'un aonaigh
fosta.



Ar maidin lae-thar-nabháraigh, ba í Nóra an chéud
duine a d'éirigh. Chuir sí síos teine, chroch an citeal,
scuab an turlár agus rinne réidh an bricfeasta. Nuair
a bhí sin deanta aici scairt sí ar a hathair agus ar a
máthair agus níor bh'fhada go rabh siadsan ag n-a mbric-
feasta fosta.



Nuair a bhí an bricfeasta thart, chuaidh Eoin amach ag
tabhairt soip féir dó'n eallach, sul 'a gcuirfeadh sé 'un
siubhail íad, agus arsa seisean leis féin, ag amharc anonn
ar an bhireach breac. “Is truagh nach bhfuil tú ag dul 'un
aonaigh indiu. B'fhiú mo shaothar mo shiubhal da mbéithfeá
liom, acht ní'l neart air anois. Go namharcaidh Dia ormsa
leis na mnáibh atá fa'n teach seo. Ní'l gar damh focal a'
labhairt amach as mo cheann. Ní tabharfar áird orm, ní'l
meas madaidh orm, acht béidh fios an difir acu go fóill.”



Le sin thionntuigh sé thart agus isteach 'un toighe leis.
Bhí Máire agus Nóra réidh le bhéith ar siubhal agus ba
ghoirid an mhoill a chuir Eoin ortha go rabh seisean réidh
fosta. Rug sé ar a bhata agus amach 'na bhothóighe leis
go scaoileadh sé amach an teallach. Chuaidh Máire ama
'na dhiaidh agus roitheach an uisge coisreachta léithe.



“Ar ndóigh,” arsa sise, “ní bhéithfeá dul 'un aon
gan braon dó so a chuir ort fhéin agus ar an stoc.”



Annsin chraith sí an tuisce coisreactha oirthí fhéin i
dtús, “I nAinm an Athar, agus an Mhic, agus Spiorad
Naoimh,” annsin chraith sí ar Eoin é, agus annsin chraith sí
ar na buaibh é, agus thart fa'n bhóitheach, agus arsa sise,
“Fé chomraighe Dhé, sinn fhéin, ar mbunadh, agus gach a
mbaineann dúinn. Go gcongbhuigh Sé i bhfad uainn gach
olc, agus go dtugaidh sé tárrtháil orainn i nam
cruadhcháis agus géibhinn.”



“Bhal,” arsa Eoin, go feargach, “an bhfuil tú
críochnuighthe anois. Nach mór an mhaith a rinne sin duit.
Tú fhéin agus do chuid guidheadaracht. B'fhearr duit i
bhfad an bireach breac a bhéith linn nó'n méid uisce-
coisreactha a chraithfeá ó mhaidin go fuithche.”



“'Nois, a Eoin, na bíodh fearg ort. Ní'l fhios agat
caidé'n tádh a chuirfeadh a bireach céudna orainn go fóill,
agus ó thárla gur chuir sí spéis inntí níor cheadanas liom
ar a b'fhaca mé ariamh go ndíolfá í,” arsa Máire.



“Breallanacht mná arís,” arsa Eoin. “Cuirfidh an
bireach céudna ádh orainn. 'Gcuala aon duine ariamh a
léithid d'amadaigh, go dtiocfadh le bireach, atá
ceanglaidhe 'stigh 'sa' bhóitheach, ádh dho chur ar dhuine, shíos
ar aonach Árd-a'-Ratha. Da bhfuigheannsa cead mo chinn,
agus mo chómhairle fhéin d'fhéudfadh sí ádh chur orainn; acht
má tá an sgéul anois caithfidhmid a bhéith sásta. Is bocht
an dóigh seo nach dtig le fear an toighe a chómhairle fhéin a
dheanadh in a thoigh fhéin.”



Chraith Máire a ceann agus níor labhair focal.
B'fhéidir go rabh sí ag smaoitiu go rabh an ceart ag Eoin,
agus b'fhéidir go rabh sí ag smaoitiu nach rabh, acht ar dhóigh
ar bith smaoitigh sí “gur bhinn béul 'na thost.”



Bhí Máire agus Eoin ar an chamhsa os coinne amach an
dorais anois. Chuaidh Máire isteach fa choinne Nóra, agus
chuaidh Eoin 'un tosaigh leis an eallach. Ní rabh sé i bhfad
go rabh Máire agus Nóra aige agus bhí an triúir acu ag
siubhal cois ar chois anonn ar an chasan, caol, cúmhan,
aibhréidhtighthe a bhí ag dul ó thoigh Eoin go dtí an bealach
mór.



Bhí a gcuid bróg agus stocaí le Máire agus le Nóra
faoí a nascall mar go rabh an casan salach agus lán poll
agus i gcás ar bith níor mhaith le Nóra a cuid bróg deas a
bheith lán abair agus salachair ag dul suas sráid an
aonaigh dí. “Óirghialla.”



(Le Leanamhaint.)


L. 6


I dTIR NA HOIGE



AN TAIDHBHSE.



Bhí baintreabhach ann, aon uair amháin, a raibh beirt mhac
aicí. Déagh-bhuachaill cneasda a bhí i Seán, acht b'fhéarr le
Pádraig a bheith amuigh go mall 'san oidhche, ag ól, ag
damhsadh, nó ag imirt cártaí. Cha raibh an bheirt eile sasta
leis. Cha rachadh aca a leapthacha a thabhairt orra 'san oidhche
go dtiocfadh Pádraig isteach, agus d'éirigh siad corrtha
de'n obair seo.



“Cuirfidh mise eagal air anocht,” arsa Seán le n-a
mháthair, lá amháin. Fuair sé bráithlin bhán agus chuir sé
thart air í, agus luigh sé síos 'san pháirc, i bhfogus do'n
chasán air a mbéadh Pádraig a' theacht 'na bhaile. Gá hé
(cé) thainic chuige acht fíor-thaidhbhse.



“Goidé tá tusa a dheanamh annseo?” arsa sise le
Seán.



“Thainic mé annseo chun eagal a chur air mo dhréar,”
arsa Seán.



“Ó! Tá mise annseo chun sin a dheanamh,” arsa'n
taidhbhse; agus thosaigh an bheirt aca a' troid.



Bhí Pádraig ag teacht 'na bhaile air an chasán, agus é
a feadalaigh. Chonnaic sé rud bán, agus rud dubh a' troid
amuigh 'sa' pháirc, acht char chuir sé spéis air bith ionnta.



“An bhfacaidh tú do dhréar?” ars' a mháthair leis, nuair
a thainic se 'fhad leis an doras.



“Chan fhacaidh,” arsa Pádraig, “gá bhfeil se?”



“Fuaidh (chuaidh) sé amach chun eagal a chur ort.”



“Bhal, chan fhacas é, acht chonnaic mé rud bán agus
rud dubh a' troid 'sa' pháirc.”



“Ochón,” arsa'n mháthair, “sin í an taidhbhe, agus
muirbhfid sí do dhréar.”



Rith siad síos agus fuair siad an buachaill bocht síinte
marbh air an talamh. Thug siad abhaile an corp. Thainic na
comharsnaigh uilig 'na faire, agus dubhairt siad nar cheart
ariamh an eagal a chur ar a'n-duine.



RINN SÍ DEARMAD.



“Chan fheil cead agat an bheirt seo a thabhairt leat ar
leath-luach, arsa'n toifeagach leis an mhnaoi a raibh beirt
pháisde aicí 'san traen.



“Gad chuige?” arsa'n bhean.



“Tá siad ró-aosda. Goidé'n aois atá aca?”



“Leith-leinbh atá ionnta, agus chan fheil siad níos mó
na ocht mbliadhna d'aois.”



“Tuigim,” arsa'n fear, “agus goidé 'n áitigh 'na
rugadh iad?”



“Rugadh Pádraig i nDún-dealgan, agus rugadh Colm
'san Iubhar,” arsa'n bhean.



AG AN CHÓISDE-CHRÓNAIRE.



AN CRÓNAIRE: An dtug tú iarracht faoí'n fear bocht
seo a aithbheodhadh?



AN GÁRDA SÍOTHCHÁNA: Rinn mé mo dhícheallt chun a
thabhairt a's.



AN CRÓNAIRE: Goidé rinn tú?



AN GÁRDA: Rannsuigh mé a phócaí.



SÉUMAS UA CEALLAIGH AGUS AN CORP.



Bhí Séumas Ua Ceallaigh agus Niall Luimneach ag dul
go Baile Átha Cliath le lóda bhradán, maidin bhréagh
shamhraidh, sul mar éirigh an ghrian. Nuair a bhí siad i
bhfogus do Bhaile-Átha-Cliath, arsa Séumas le Niall,
“Cha dtigidh liom dhul níos fuide.”



“Siubhal leat,” arsa Niall, “béidhmuinn mall go leór
mar támuinn.”



“Chan fheil gar a bhéith a' cainnt,” arsa Séumas, agus
luigh sé síos air an bhancán, agus thuit sé na chodhladh.
Chonnaic sé beirt fear a' teacht chuige, agus comhra
eatorra.



“A Shéumais,” arsa siadsan, “is maith linn go bhfeil tú
againne. Caithfid tú an corp seo a thabhairt leat go
Teampall na hUrnaighe.”



Nuair a fuaidh siad 'fhad le Teampall na hUrnaighe,
cha raibh duine muinteardha do'n fhear marbh annsoin.
“Caithfid sibh a thabhairt go Fachairt,” arsa muintir na
hUrnaighe.



Thóg siad an corp air ghuailnibh Shéumais aríst, agus
fuaidh siad go Fachairt. Chas fear orra aig an gheafta.
“Gá bhfeil sibh ag dul?” arsa seisean. “Támuinn ag dul
'na iolcadh 'san roilig seo,” arsa siadsan. “Chan de
mhuintir na háite seo do'n fhear sin,” arsa'n fear, “caith-
fidh sibh a thabhairt go Cillshléibhe.” Chá raibh duine muin-
teardha dó i gCillshléibhe, acht an oir'd. Thug siad an corp
leobhtha aríst, thart le Barr-'n-Fheadain agus síos go roilig
Chille-Cuim in Oméith. “Tá fáilte romhaibh annseo,” arsa
muintir Oméith, “de Chloinn Annluain a's Oméith do'n fhear
sin.” D'fhág Séumas an chomhra ar bhalla na roilige.
“Anois, a Sheumais,” arsa'n bheirt, “támuinne croidhe-
bhuidheach duid (duit). Gabh arais go dtí an áitigh 'nar fhág
tú Niall Luimneach agus cuirfidh-muinn raol leat nach
bhfeil sé i mBaile-Átha-Cliath go seadh.” Agus i ndéidh a
thurais fhrid Éirinn, bhí sé chomh gasta i mBaile-Átha-Cliath le
Niall Luimneach.



Muireadhach Méith.



SPEIS AGUS RIACHTANAS.



Tá dhá nidh ann a bhrostuigheas an duine chun gnímh
agus chun oibre — an Riachtanas agus an Spéis.



Is déine bhrostuigheann an Riachtanas é. Bíonn béile
bidh a dhith ar dhuine agus caiththear é fhághail ar áis no ar
éigin.



Is minic chuirimid iontas orainn féin de bhárr an
Riachtanais — chomh gasta aicillidheach thig linn preabadh
trasna na sráide nuair chluinimid torann an ghluaisteáin
atá ag teacht.



Agus nach minic ghnídhimid séanadh orainn fhéin le
sóláidí, an uair bhíos an sparán seang.



“Nuair is éigin do'n chailligh caithfidh sí rith.”



Ó thús ama mhair agus maireann an duine le
Riachtanas amháin.



Amuigh i bhforaois na h-Aifrice cha dteunann an
duine a chomhnuigheann ann acht an rud caithfidh sé dheanamh
chun bheith beo.



Ní'l aige acht a'n chionn amháin de'n dá nídh bhros-
tuigheas, i., an Riachtanas.



Acht 'sé an dara nidh — an Spéis — a chuireas ar dhuine —
no a bhrosluigheas é — chun an ghnímh mhóir.



Bheith ar lorg feasa agus bheith 'ghá fhéin-cheistniú fa
dtaobh de'n t-saoghal agus néithe an t-saoghail 'seadh is mó
chuidigheas leis an duine dul-ar-aghaidh a dheanamh.



Cha bheadh aon ealadhain, no cumadóracht no árd-eolas
no stáir ann indiu mura mbeadh an spéis ag an duine
ionnta.



Gheobhfaidhe biadh agus éadach le Riachtanas — agus gan
i bhfad níos mó.



Gheobhfaidhe le Spéis aon nidh is féidir le láimh an
duine fhághail faoi stiuriu na h-inntine.



Daoiní a bhfuil tréith éigin fa leith aca ón óige
cuireann siad spéis mhór i nidh nó i n-obair éigin go h-óg.



Bhí tréithe an cheoil go láidir ag Mósart — agus bhí sé
ag seinm ar an phianó agus gan é acht ceithre bliadhna
d'aois.



Má's é tréith na tarrachórachta atá san duine ghní sé
iarracht ar phictiuirí a dhathú agus gan é bheith ábalta.



Ní amháin go ndeanann sé iarracht ar phictiuirí a
dheanamh acht tugann sé fa dtear a lán rudaí nach dtugann
duine eile fa dtear; agus ghní sé iarracht ar iad a tharrach
mar tchí sé iad.



Ní'l aon nidh mór ná obair mhór inntleachta d'a
ndeantar nach le Spéis ghnídhthear iad.



Agus maoluigheann an Spéis an obair chruaidh go mór.



Is minic, mar sin de, go sáruigheann agus go
dtuirsigheann an Spéis an corp agus an intinn. Minic
nach mbíonn an neart ionnta freagairt do'n Spéis.
Annsin caithfear sos a thabhairt dóbhtha nó brisfear ar an
t-sláinte. Is riachtanach é sin, gidh nach maith leis an duine
go bhfuil árd-spéis aige san obair scur a dheanamh.



An rud is éigin dúinn a dheanamh ghnidhmid é beagnach
mar ghníos an muileann a chuid meilte.



(Ar lean. ar leath. a 8.)


L. 7


LEATHANACH NA MÚINTEOIRÍ.



NA BRIATHRA RIAGHALTA.



Bhuail Seán isteach 'sa scoil ar maidin; shuidh sé ins
an chrinnlín, agus d'fhág sé a mhála ar an urlár. Thóg sé
a leabhar agus thosaigh sé dhá léigheadh agus léigh sé chomh
deas réidh sin gur thaitin sé go maith leis an mhaighistir.



CEISTEANNA:



Ar bhuail Seán isteach 'sa scoil?



Nar bhuail sé isteach 'sa toigh 'sagaibh-se?



Ar fhág sé a mhála ar an urlár?



Nar fhág sé air an chrinnlín é?



Ar dhubhairt tú gur thóg Seán an mála?



Ar dhubhairt tú nar thóg sé a leabhar?



Ar dhubhairt tú gur thaitin sé leis an maighistir?



Ar dhubhairt tú nar léigh an maighistir?



Ar léigh Seán a's an leabhar?



Goidé dubhairt tú?



NA BRIATHRA MÍ-RIAGHALTA.



Bhí Séumas 'na shuidhe go moch, maidin indé. FUAIR
sé a bhreicfeasta agus CHUAIDH sé 'nan aonaigh. CHUALAIDH
sé go raibh fear coimhightheach ar an bhóthar a raibh capall
aige le díol. THAINIC Séumas suas leis agus CHONNAIC
sé gur mhaith an beithidheach a bhí aige. THUG Séumas fíche
punt ar an chapall agus DUBHAIRT sé go rabh sé ana-
shásta leis an mhargadh a RINN sé. RUG sé greim ar an
srian agus thionntuigh sé na bhaile.



CEISTEANNA:



A Shéumais, gá (cá) raibh tú maidin indé?



An raibh tú 'do luighe go mall?



Gá (cá) raibh tú ar a'n bhuille dhéug (aon-déug a
chlog)?



Gá raibh tú ar a' bhuille (nó, a haon a chlog)?



Goidé dubhairt Séumas?



An bhfuair sé a mheadhon-lae sula dteachaidh sé 'nan
aonaigh?



Goidé dubhairt sé?



An bhfuair tú rud ar bith le hithe nuair a thainic tú ar
ais, a Shéumais?



Gá (cá) dteachaidh tú, i ndéidh do bhreicfeasta?



Ar dhubhairt Séumas goo dteachaidh sé 'nan aonaigh?



Ar dhubhairt sé go dteachaidh sé 'na' mhargaidh?



Goidé dubhairt sé?



An raibh se ag cainnt le duine ar bith ar an bhóthar?



Goidé dubhairt an duine sin leis?



Ar chualaidh Séumas go raibh bó le díol?



An bhfaca (bhfacaidh) sé an coimhightheach?



Gá (cá) bhfaca sé é?



Ar dhubhairt sé go bhfaca (bhfacaidh) sé ar an bhothar é?



Gad (cad) chuige nach bhfaca tusa é?



An dtearn tú margadh leis, a Shéumais?



Ar dhubhairt Séumas go d-tearn (nó, ndearn) sé
margadh maith?



Ar dhubhairt sé na' dtearn?



A Shéumais, an dtearn tú margadh leis an chéud fhear
a chasadh ort?



Goidé dubhairt Séumas anois?



An dtug sé céud punt ar an chapall?



Ar dhubhairt sé nach dtug?



Nar dhubhairt sé go dtug sé fíche punt air?



Ar rug sé greim muinghe ar an chapall?



Ar dhubhairt sé nar rug?



(NÓTA — Tuigfear go bhfeil CHUALA, DUBHAIRT,
agus RUG go díreach cosmhail leis na briathra riaghalta
ins an aimsir chaithte, acht go mbíonn AN, GO agus NACH
roimhe leis na briathra eile.)



STÁIR.



'San am fadó, cha raibh Muinntir na hÉireann 'na
gCríostaidhe; bhí siad 'na bPágánaibh. Timcheall na
bliadhna 373, rugadh leanbh ar a baisteadh Pádraig, 'san
Fhrainnc nó in Albain, chan fheilmuinn cinnte gá haca (nó,
cia' ca). Nuair a bhí sé 'na stócach, gabhadh air agus tugadh
go hÉirinn é. I ndéidh tamaill, d'éaluigh sé agus chuaidh
sé go dtí 'n Fhrainnc, agus a's sin, go dtí an Róimh.
Rinneadh easpog de, agus thainic sé arais go hÉirinn.
Thaistil sé mór-chuid de'n tír seo, agus thionntaigh sé na
daoine chum an Chreidimh Chríostaidhe.



CEISTEANNA:



Gár (cár) rugadh Naomh Pádraig?



Gá (cá) huair a rugadh é?



Goidé 'n tainm a bhí ar a athair?



Goidé 'n tainm ar a mháthair?



Goidé 'n céird a bhí ag a athair?



Goidé mar thainic Pádraig go hÉirinn?



Gá hé an rí a bhí in Éirinn an t-am sin?



Goidé a bhain do Phádraig (nó, goidé tharla dó)?



Gá hé (nó, cé) cheannuigh é?



Goidé an obair a bhí le deanamh aige?



Gá bhfeil (cá bhfuil) Sliabh Mis?



Goidé ghnidheadh sé 'san oidhche?



Ar dhuine cráibhtheach é?



Arbh fhada dó in Éirinn, an tam sin?



Gá (cá) mhéidh bliadhan?



Goidé mar chuaidh sé a's?



Gá (cá) dteachaidh sé?



Goidé bhain dó 'san Fhrainnc?



Goidé mar éirigh leis 'sa' Róimh?



Gad (cad) chuige go dtainic sé ar ais go hÉirinn?



An raibh sé aosta nuair a d'fhill sé?



Cá (gá) háit a dtainic sé i dtír?



Ar cuireadh fáilte roimhe?



Cá háit ar thóg sé a chéud theampall?



An raibh sé i dTír Conaill? i Muineacháin? i gCo.
Lughmhaighe? i mBéul-Feirste?



Nuair a thainic sé ar dtús, ar chreid muinntir na
hÉireann in aon Dhia amháin?



Nuair a fuair sé bás, an raibh siad na mPágánaibh



Gá háit nar iolcadh é?



Goidé 'n lá a mbíonn Féil Pádraig ann?



CRUINNEÓLAS:



Tá dhá chondae dhéug i gCúige Laighean. Thaisbean
(thais’ean) ar an léarsgáil iad. Tá Condae Lúghbhaidhe ar
an taobh thoir-thuaidh de 'n Chúige. 'Sí an chondae is lugha in
Éirinn. Ar an taobh thuaidh de'n chondae seo, tá sléibhthe
ar a dtugthar Sléibhthe Chuailghne. Sliabh Fhathaigh an ceann
is aoirde orra. Sreabhann na haibhne seo thríd an chondae:
An Crond (atá láimh le Dún-dealgan), Abhainn Átha Fén,
Abhainn Fhirdhiadh, An Chlúid, agusc an Bhóinn. 'Siad na
bailtí móra: Sráidbhaile Dhúindealgan, Droichead-Átha,
Baile-Átha-Fhirdhiadh, Cáirlinn, Lann-Léire agus Grianphort.
Na Bailtí Puirt: Dún-dealgan, Droichead-Átha agus
Grianphort. Ghníthear leann, biotáilte, línéadach agus
tobac i nDún-dealgan, agus tá oibreacha Bhóthair-iarainn
Mhóir an Tuaiscirt ann fosda.



(Béidh ceisteanna air an cheacht seo ins an chéud uimhir
eile.)



GLEACAIDHEACHT:



Sé sin an t-ainm is coitcheannta anois ar “drill,”
agus b'fhéadfhaidhe gur féarr glacadh leis, agus CLEACHT
a thabhairt ar “EXERCISE,” e.g., Cleacht a h-aon, Cleacht
a dó. Bíonn a n-orduighthe fhéin agus a gcleachtaí ag 'aca'n
duine, agus is doiligh téarmaí a cheapadh a oirfeas dobhtha
uilig. Tá daoine ann, fosda, adeireas nach ceart na
téarmaí a bhéith 'san uimhir iolraidh, acht, ar dhóigh ar bith,
badh chóir go mbéadh an focal orduighthe géar, gearr agus
pléascach; agus uaireannta, bíonn an uimhir iolraidh níos
fhéarr ná an uimhir uathaidh. Nuair nach mbíonn acht focal
amháin 'san ordughadh, badh chóir focal bagarthach a chur
roimhe leis. Thig le ga'n dhuine a rogha féin a thoghadh a's
na horduighthe seo; béidh a thuilleadh 'san chéud uimhir eile:



1. Bailigidh.



2. Coimheád.



3. Ceartuigidh.



4. Do réir dheise, ceartuigidh.



5. Do réir chlé, ceartuigidh.



6. Uchta amach.



7. Guailne siar.



8. Sála le céile.



9. Ladhara amach.



10. Lámha le mbhur dtaobha.



11. Súile ar aghaidh; ar Dheis, ar Chlé.



12. Seasaidh díreach. S. Mac S.


L. 8


BUIDHEACHAS.



Fuaireamar pronntanais ó sna daonnaí seo leanas
támuinn croidhe-bhuidheach dóbhtha uilig:



An Dochtúir ró-urramach Pádraic Ó Domhnaill,
Áird-Easboc Attalia agus Áird-Easboc-
Chongantóir Árd Mhacha 5 0 0



Coisde Ceanntair Chaislean a' Mhuilinn,
Co. an Dúin (Tré M. Mac Eachmharcaigh) 5 0 0



An t-Áthair C. Ó Néill 1 0 0



Énrí Ó Muirgheasa 1 0 0



An t-Áthair Cathal Hurson 1 0 0



An t-Áthair L. Ó Muireadhaigh 1 0 0



Aoife Ní Mhuireadhaigh 1 0 0



Máire Ní Mhuireadhaigh 1 0 0



An t-Áthair Seán Ó Néill 1 0 0



Séamus Ó Glasáin 1 0 0



An t-Áthair Árt Mac Ruaidhrí 1 0 0



An t-Áthair Éamonn Ui Cuilinn 1 0 0



Áine Bhreathnach 1 0 0



Proinnseas Ó Dubhthaigh 1 0 0



Padraig Mac Gioll'an Átha 1 0 0



An t-Áthair Séamus Ó Cuinn 1 0 0



An t-Áthair Seán Ó Cuinn 1 0 0



An t-Áthair Eóin Ua Ceallachain, Árd Mhacha 1 0 0



An t-Áthair Micheál Mag Eoin, Árd Mhacha 1 0 0



An t-Áthair Pádraig Mac Giolla Cearra,
Baile Átha Cliath 1 0 0



F. M. Hollins, Cigire Scoile 1 0 0



Seoirse de Rút, 17 Iona Drive, Glas-
naoidhean, Baile Átha Cliath 1 0 0



Úna Ní Fhaircheallaigh 0 10 0



Cathal Ó Tuathail 0 10 0



“Cara 'sa' chúis” 0 10 0



Brian Maolcraoibhe 0 10 0



Peadar Ó Dubhda 0 10 0



An t-Áthair Énrí Ó Tuathghthail 0 10 0



Peadar Mac Giolla Chéarr 0 10 0



Tomas Mac Fhlanncaidh 0 10 0



Séamus 0 10 0



Seán Mac Na Midhe 0 10 0



Eighneachain Ó Maireadhaigh 0 10 0



Padraic Ó Dubhthaigh 0 10 0



Éamonn Ó Tuathail 0 5 0



Niall Mac Suibhne 0 5 0



Séamus Mac Dhomnaill 0 5 0



Séamus Ó Searcaigh 0 5 0



Seán Ó Caiside 0 5 0



Alastar Mac Cathbhaid 0 5 0



Aodh Mac Ghreachain 0 5 0



Bob Ua hEireamhóin 0 5 0



Seán Ó Broin 0 5 0



Seán Mac Meanmain 0 5 0



Andrias Mac Giolla Chéarr 0 5 0



Liam Ó Ceallaigh 0 5 0



P. Maolmhuaidh, Caislean Mhathghamhna 0 5 0



Seosamh Ua Domhnaill 0 5 0



Éinne a bhéarfas pronntanas — pé beag mór é,
gheobhaidh sé admháil 'sa' chéud uimhir eile a thiocfas amach
'na dhéidh sin.



SPÉIR AGUS RIACHTANAS.



(Ar lean. ó leath a 6.)



Brostuigheann an Riachtanas go géar cruaidh — ní'l aon
teacht uaidh. Ní bhrostuigheann an Spéis chomh géar sin,
agus chan mó go mothuighthear an fhaillighe chomh géar uainn.
Acht is é an nidh de'n dá nidh is adhbhar agus is cionn
t-siocair le gach céim mhór ar aghaidh sa t-saoghal.



Chan é an Riachtanas a chuir ar a lán Gaedheal an
Ghaedhilig 'fhoghluim.



B'í an Spéir a bhrostuigh iad — agus b'amhlaidh a b'fhusa
an obair é. Chan obair fhéin a bhí ann acht caitheamh aimsire
— buidheachas do'n Spéis.



Is éigin dúinne uilig anois an teanga bheith againn.
Is riachtanach é má tá an tír seo le h-éirghe as umar na
galltachta 'n a rabh sí le fada.



Acht ná bíodhamaois ag taobhú leis an Riachtanas san
obair atá rómhainn. Ná biodhamaois sásta leis an méad a
dheanfas gnaithe dúinn fhéin.



Cuirimís spéis san áith-bheochaint taobh amuigh de'n
mhéad a bhaineas linn féin fa leith.



Chan é an Riachtanas a bhrostuigh Gaedheal áirighthe an
páipéar seo a chur ar bun, acht an Spéis. Bhí riachtanas
leis, cinnte, agus chonnaictheas sin dó, acht b'í an Spéis a
bhrosluigh chun gnímh é.



Gan an Spéis cha dteantar aon obair mhór i gceart go
bráth na breithe. “Cú Chulainn.”



Just Issued.



NEW CATALOGUE
OF
BOOKS ON IRELAND.



2,750 ITEMS.



HODGES, FIGGIS & CO.,
20, Nassau Street, Dublin.



Copy on Application.



NA DAOINE



A cheannuigheas na h-Earraidhe is fearr



Loin tighe, Biotáilte Earraidhe cruaidhe, Síol,
Neithe leis an talamh a leasughadh, srl.,



GHEÓBHAID gach a bhfuil de
riachtanas ortha
ó
TOMÁS O DÓLÁIN,
ÁTH-FHIRDIA.




LEABHAIR GAEDHILGE.



Má theastuigheann leabhar ar bith uait, nó eolus
i dtaoibh leabhair, cuir nóta ag triall ar



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87, Sráid Uach. na Driseóige,
I mBaile Átha Cliath.



TOMÁS MHAC CUILEANNÁIN,
Ard-Cheannuidhe, Dún Dealgan.



Ta togha gach bídh agus rogha gach dighe le fághail annseo.



Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig “Scriúduightheoir Dhúin Dealgan,” i nDún Dealgan.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services