Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ollamh gan ainm cct ar an REVOLUTION ann san bhfrainc

Title
Ollamh gan ainm cct ar an REVOLUTION ann san bhfrainc
Author(s)
Aistrithe ag Douglas Hyde,
Translator
Hyde, Douglas
Composition Date
1895
Publisher
Ulster Archaeological Society

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN ULSTER BALLAD.



Translated by DOUGLAS HYDE, LL.D., T.C.D.,



Author of “Love Songs of Connacht,” “Folk Lore of the Irish Celts,” &c.




Ollamh gan ainm cct ar an REVOLUTION ann san bhfrainc.



Tá na Franncaigh ann san am so ag cur ceím ar g-cúl
Ni bhíonn prionnsa os a g-cionn air ríaghal glan úr,
Béidh Gearmanaigh agus Flanders 'san réim sin fúf',
'S tá mé 'na amhras go mbéidh Albain 's Eire-se dlúth.



Ní bhíonn Laoiseach no righ eile ó'n aimsir seó suas
Ann sna críochaibh ag cur daoirse ar gach deagh-mhac go buan
Béidh na daoine lán chríonacht gan géibhionn gan guais
A'sh thoil shaor ag clannaibh Mhilidh le seun go lá 'n Luain.



Cuimhnigh an coingioll do thug Goill daoibh i Luimneach, no chian!
Rinnead feall orraibh gan dermad ó aimsir Righ 'llíam,
D'fhág bhur gclann bhocht I n-anbhroid gan seilbh acht 'i bpian
Mar bheidh' dall ag rith fá gheall le n-a cheannaire gan srian.



Ni ó dhúthchas fuair Lúiteir no aon neach dha phór
A bhfuil de chúirteannaibh úr-gheala o Luimneach go Bóinn
Tiucfaidh sgiúirse ar na búraibh ó ghaodalaibh i ngleó
'S ni bhíónn dúithche dó dún aca i n-Eirinn níos mó.



Tá cúige Múmhan cinnseach (?) a gcabhlac (?) le stuaim,
'S gach fear cliútach go súgach ag laignibh na m buadh,
Béid clanna Rughraidh trein lúthmhar ag cosnamh na sluagh,
'S iad ag rúsgadh sliocht Lúiteir, 's nár thigidh siad [uatha].



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services