Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irish Funeral Oration over Owen O'Neill, An

Title
Irish Funeral Oration over Owen O'Neill, An
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Hyde, Douglas
Composition Date
1898
Publisher
(Béal Feirste: Ulster Archaeological Society, 1898)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




An Dara Roinn.



Mar is dual do chrann mhaith tortha maithe do thabhairt uadha, is
amhlaidh budh dual agus budh dúthchas d'Eoghan óirirc O Néill agus dhá
dhearbhraithre tortha maithe do thabhairt; na plandadha uasal noch do
shíoluidh ó na fréamha fíor-mhaithe gan truaileadh. Mar sin bhí an
mhaitheas mar oighreacht ó na sinsiribh aca.



'San dara feacht, chum na neithe-se do chomh-dhaighnioghadh, fuaradar
tiodlacaidh mhóra mhaithe ó Dhia d'á ttaoibh féin, agus go sunradhach bhi
an séan an sonas agus an sult a n-éadan agus a ngnúis shaoirdhealbhuidh
shochmoisigh Eoghain, agus a n-ur-bhalluibh eagsamhla a chuirp
go huile.



Fuair sé fós tiodlacaidh iomdha an anma agus na tuigse .I. roinn
céille agus intleacht a n-áird-céim os ceann mórán eile, agus do bhí
an dúthchas agus an cinneál céille sin mar oighreacht ag tóruigheacht
do'n dream agus don aicme go huile.



Acht go sunradhach do bhí caoin-chiall cinneálta ar leath ag Eoghan
noch do tarruing air féin aoibh grádh searc agus meas o mhaithe agus
o mhór-uaisle na tíre, air mhódh go raibh sé 'na impigheach agus na
chómhairleach orra air thaoibh an uile dhuine ag a raibh cás glann no
cneasta le teagra. Is amhlaidh, mar sin, do bhí Eóghan O Néill na
bharranta feardha féidhmeach bhuain-sheasmhach ag muintir a thire agus a
thalaimh, agus 'na chraoibh díona agus cosanta eidir iad agus lucht
déanta eugcóra orra. Mo chreach agus mo dhíobháil! cia a deanas
ceart no cóir a sheasamh a n-ait an leómhain uasail-se do muintir
bocht as thíre? no ca leis a ndéanadh a ngearán?
faraor! ni raibh amuigh do'n léan agus do'n leatrom acht Baranta,
flaith, agus taoiseach uasal Gaoidhealach na thíre do cailleadh,
- ádhbhar dólais eugcaoine agus golla ag tuaidh agus eaglais.


L. 53


Feuch an chreach ar na dhéanamh an tan do teasdaigh agus d'eug
Eoghan O Néill fear mar i.e., ár ngearáin agus mar gcosanta!



Feuch mar ár gcreach arr na dhéanamh an tan do chaill tigh na
gcliar agus ar na mbocht a ceann-stiúrtha Eoghan O Néill, cara
na h-eaglaise aige a raibh grádh arr Dhia agus arr na
chómharsain.



O thus is follas go raibh cion agus grádh aige ar Dhia, óir ní táinig
leis an diabhal no leis an tsaoghal cathuighthe chur air, an naomh-eaglais
catoilce do thréigbheál, no cúl no freiteach a thabhairt d'aon phunc
do'n creidiomh. Thóg sé a chlann a theaghlach, agus a mhuintir suas 'san
uideas oideas agus san eólus chéadna, mar do b'fhiosach dó gur
bheag a bhfeidhm an saoghal uile do gnóthughadh agus an t-anam do
chailleadh, mar adeir Críosda 'san tsoisgeul.



San dara feacht bhí grádh aige air an chómharsain; theisbean se an
grádh sin ag fuasgladh agus ag furtach dóibh a n-am agus a n-aimsir
a bhfeadhma agus a riachtanais. Theisbein sé an grádh sin ag sásadh
na n-iothach agus na n-ocrach go fairsing fáilteach flaitheamhail.
Theisbein se a ghrádh air an chómharsain ag comórughadh na marbh go
friothoilteac freastalach, agus ag tabhairt offrala agus urnaighe ag
altóir Dé ar a son. Is iomdha bráighdhe gan coir a sgaoil agus
d'fuasgail sé ag glasaibh agus as géabhanuibh daighne dorcha dúnta.
Is follas gur chuir Eóghan uasal onórach O Néill iad so agus oibreacha
eile na trócaifre go laétheamhail a ngníomh.



Is follas fós go raibh sé 'na námhuid ag lucht na mí-gniomh agus
na n-olc agus na suailcibh.



Cé bé bhéaras cupan d'uisge fuair uadha ann m'ainm-se adeir
Críosta san tsoisgeul, ní chaillfe sé a luaidheacht. Mar sin is
deimhin agus dóigh liom as Íosa Criosta ann ar cóir do gach neach a
dhúil a dhóchas agus a mhuinnín a suidhioghadh, go bhfuithidh Eoghan O
Néill luaidheacht agus toradh a dheigh-ghníomharadh agus a mhaithis a
dhéirce agus a dhaonacht roimhe annsna flaithis aniodh. Oír is iomdha duine
bocht do shásaigh sé, agus do chonghaibh na chómhnuidh agus na shuighe, a
rachas anois is eagal liom amúghtha mar dhilechtadh fadhbha falmha d'á
easbhuidhe, racaid, adeirim, amúgha d'easbhuidh ceanpuirt agus
chnaipecomhartha an phobuil, do cuireadh subhailce aoibh agus maise air an
cruinioghadh air an chuideachta agus air an oireachtuis ann a mbiadh se.



Anois, fá dheóidh, tar eis maitheas Eoghain agus maithes a shinnsireadh
a cruinioghadh agus a thiomsughadh a gceann a chéile, tógmuid anois air
ár nglóir agus ar n-aon-ghuth coitcheanta suas chum Dé air son an
duine uasail mhór-luadhaigh-se do chailleamar. Iarrmaid go dúrachtach
mar athchuingidh air Dia, a dhéirc agus a dheigh-gníomha a dhul a ttairbhe
agus a shochar d'a anam aniodh. An déirc nach ttéid
amughtha go ttugaidh sí fuasgladh agus fuartacht dó; go raibh an bocht
an nocht agus an t-ocrach do shásaigh sé go minic, go raibh siad,
adeirim, anois 'na gcaruid aige a láthiar an trionóid ag teagra agus
ag adhbhcoideacht go dílios ar a shon mar éirc ann gach teagra agus
ann gach adhbhcoideacht d'á ndearna seision ar son na mbocht a
láthair daoine air an tsaoghal-sa.



An deireadh.
Bealfairste sé deg lá na mí Aibril 1805.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services