RÉAMHRÁDH.
Do mo charaid Ruaridh Mac Leoid a sgriobh mi an
leabhar so, agus gu dearbh, do thig liúm a rádh gu
bhfeil na sgeulachdan athá annso sgriobhtha mar
fuair me o na daoine iad. Ach is iomadh fear a thá ann
a thá deanamh sguir is cáin ar na leabhraichean an fhad
agus a thá siad a dol a mach. Ach is fhada mu ’n
d’fheuch a haon diubh fear a b’fhearr a chur ’na áite
nuair a sguir iad. “Ne sutor ultra crepidam,” Ar a shon
sin cha ’n eil mi a faicinn ni saoghalta ’s orm-sa mo
bhacadh. Thá an Gháilig a dol ar aghaidh, taing do
Dhia. Thá a Ghaidhealtachd fathast beo. Thá ár
claidheamh chunnarthach fhuilteach sgriosail réidh leis
na Sasunnach. Cha ’n éil sinn dol a chur ar seula ris
na huile ni a rinn ár muinntir anns na bliadhnaichean a
chaidh seachad, ach leis ár claidhcamh fhuilteach seas-
fidh a mach air blár mar fhior-fhir-treorachaidh nan
Gaedheal agus fir saoradh ár duithcha. Uaislean agus
islean Albann agus Eireann a co-oibreachadh ri chéile
a chum taice a chumail ris an t-sean Bhrataich. Biodh
am focal-faire so air a thogail, “Chuil fhadair,” “Chuil
fhadair fhuilteach.” Thá Dia leinn féin, is gu dearbh
is coma co bhios ’nar n-aghaidh. Seasidh fior ar thaobh
sinn féin, agus thá an buaidh leinn. Fiat justitia ruat
coelum. Vox populi vox Dei!
AOIDHMÍN MAC GRÉAGÓIR,
An Pálaisín Gréine,
I nGleann Dubhais,
Beulfeirsde,
AUGUISÍN NÓ RÉIMHSGÉAL.
Budh mhaith liom beagán focal do rádh i dtaobh an
leabhrán seo. Na sgéalta beaga atá ann buaineann
siad le nár dtír féin, agus go háirighthe le Cúigeadh
Uladh. Is iomdha ceann aca atá fós ins an gcúigidh seo,
mar ar chnuasuigheas iad ó bhéalaibh na ndaoine, do réir
mar fuaras iad. Is oighreacht iad d’fhág ár sinnsear
againn, agus budh cheart dúinn iarracht do thabhairt gan
leigint dóibh bás d’fhágháil. Is smaointe mar iad so do
ghríosaidh mé chum an leabhráin seo d’fhoilsiughadh.
AOIDHMÍN MAC GRÉAGÓIR
EACHTRA RUADHRÍ MHIC SHEAGHÁIN IN ALBAIN.
Aon uair amháin, is chan fhuil anois, chuaidh Ruadhrí as
Doire anonn go hAlbain go gcaithfeadh sé an foghmhar
ann, agus lá bhí sé ag siubhal cúig mhíle as Ghlaschú, bhí sé
an-chortha, agus shuidh sé síos ar thaoibh chlaoidhe sgeach ag
déanadh a sgríste. Cha rabh sé i bhfad in a shuidhe go
dtáinig cóiste ar aghaidh, agus bhí bean uasal ann chomh
bréagh is chonnaic sé ariamh, is thuit sé in grádh léithe ar
an bhoimide, agus thuit sise in grádh leis san am chéadna.
Sgairt sí leis an t-iománuidhe seasamh. “Seo fear bocht
& caithfidh mé rud éighinteach a thabhairt dó le cuideadh
leis ar an bhealach.” Bhí go maith agus cha rabh go holc.
Labhair sí le Ruadhrí, agus d’fhiafruigh dé an rabh sé ag
cuartughadh oibre.
“Tá, muise,” arsa Ruadhrí, “agus is doiligh é fhághail.”
Annsin thug sí cúpla sgilling dhó ins an am a bhí
láthair, agus dubhairt, “Má thig tú go dtí mo theach-sa
anocht, bhéarfaidh mé cúig phunta dhuit ar maidin.”
“Ceart go leor,” arsa Ruadhrí, “rachaidh mé.”
Beidh an cailín ag fanacht leat ag an doras, ag an
sé a chlog,” ars an bhean uasal.
Thiomáin sí léithi annsin. Bhog Ruadhrí leis ar a
shuaimhneas go dtí teach ósta a bhí ann. Ba é fear an
tighe seo athair na mná uaisle a chonnaic Ruadhrí tamall
beag roimhe. Chuaidh sé isteach, agus sgairt sé ar dheoch,
agus fuair, agus d’fhiafruigh fear an tsiopa an rabh sé
ag cuartughadh oibre, agus dubhairt Ruadhrí go rabh.
“An bhfuair tú obair go fóil?” arsa fear an tighe ósta.
“Muise, fuair,” arsa Ruadhrí. “Casadh bean uasal
orm ar an bhóthar, is dhubhairt sí liom, “Teirigh chuig mo
theách-sa ag a sé a chlog anocht, is go dtiubhradh sí cúig
phúnta ar maidin dhom.”
“Is maith é sin, a Ruadhrí,” arsa fear an tighe ósta.
Bhall adeir sé aríst, “Tá an ghrian ag ísliughadh anois,
agus seo deoch eile dhuit; is ba chóir dhuit áit do bhaint
amach, is tífidh mé thú amárach.”
Bhí go maith is cha rabh go holc, acht shiubhail Ruadhrí
leis chomh fad leis an teach, agus tharraing sé an cluigín,
agus tháinig an cailín go dtí an daras, is nuair a chon-
naic sí an té bhí ag an doras, thionntuigh sí ar ais chuig
bean an tighe, agus dubhairt go rabh fear bocht ag an
doras.
“Muise, ceart go leor,” arsa bean an tighe,” agus
chuaidh sí go dtí an doras, agus chuir sí fáilte mhór
roimhe Ruadhrí. Chuaidh sé isteach, is shuidh sé síos ins an
tseomra. Fuair bean an tighe áit le Ruadhrí é féin a
nighe, agus fuair sí suipéar maith dhó, agus gloine uisge
beatha in a dhiaidh. Bhí comhrádh fada eadartha, agus chuaidh
gach aon rud go ceart go dtí an dó dheug a chlog, go
dtáinig bualadh trom go dtí an doras.
“A Thighearna Trócaire,” ars an bhean, “sin bualadh
mo athar-sa, is ní gnáthach leis do theacht abhaile acht
oidhche Dia Sathairn, cibé tháinig ar anocht. Cia an áit a
bhfolochaidh mé thú?”
Chuir sí isteach fá’n chuibeard é, agus chaith sí sean-
bhróga isteach ar a mhullach. Chuaidh sí chomh fada leis an
doras, agus d’fhosgail sí an doras, agus leig isteach a
hathair mar ba é a bhí ann. Chuartuigh sé an teach ó
bhun go bárr acht an cuibeard sin, agus d’fhill sé amach
aríst, agus d’imthigh, mar shaoil sé go rabh Ruadhrí ag
déanamh amadáin de.
“Muise, a Ruadhrí,” arsa bean an tighe “shábháil mé
anocht thú, agus tá sé in am dhuit dul abhaile anois,”
agus thug sí na cúig phúnta do Ruadhrí, agus dubhairt sí
leis teacht ar ais oidhche an lae sin.
D’imthigh Ruadhrí leis ar a shuaimhneas, agus chuaidh sé
go dtí teach fhir an tighe ótta, águs d’innis sé d’athair
na hinghine (is é sin fear an tighe ósta) goidé mar bhí,
is an dóig a shábháil inghean an tighe é, nuair tháinig a
hathair go dtí an doras ag an dó dhéag a chlog, is dubhairt
sí liom theacht ar ais chum a tighe-san ag a sé a chlog
anocht, is go dtiubhradh sí cúig phúnta ar maidin dom.”
“Is maith é sin, a Ruadhrí,” arsa fear an tighe ósta.
D’ól siad le chéile rith an lae, is an t-am a chonnaic
fear an tighe ósta an ghrian ag dhul faoi, dubhairt sé,
“Béidh deoch eile againn, is ba chóir dhuit áit do bhaint
amach, is tífidh mé thú amárach.”
Bhí go maith is cha rabh go holc, acht siubhail sé leis an
fhad is bhí an teach, agus tharraing sé an cluigín, agus
tháinig an cailín go dtí an doras, is an t-am a chonnaic
sí an té a bhí ag an doras thionntuigh sí ar ais chuig bean
an tighe, agus dubhairt go rabh an fear bocht ag an doras
aríst.
“Muíse, ceart go leor,” arsa bean an tighe, agus
chuaidh sí go dtí an doras, is chuir sí fáilte mhór roimhe.
Chuaidh sé isteach, agus shuidh sé síos ins an tseomra.
Fuair bean an tighe áit le Ruadhrí é féin a níghe, & fuair
sí suipéar maith dhó, agus gloine uisge beatha in a dhiaidh.
Bhí comhrádh fada eadartha, & chuaidh achan rud go ceart
go dtí a dó dhéag a chlog go dtáinig bualadh trom go
dtí an doras.
“Seo mo athair-sa aríst, cibé atá ag teacht air. Cha
graithe leis ag teacht mar seo. Cia an áit a fholochaidh
mé anocht thú. Gabh isteach annseo,” arsa bean an tighe,
“agus cuir do chosa dhá thaoibh de’n bhac, agus seas suas
ins an tsimléir.”
Chuaidh sí an fhad leis an doras, agus d’fhosgail sí é,
agus leig sí isteach a hathair, mar ba é a bhí ann; is a’
t-am a tháinic sé isteach ba é an cuibéard an chéad áit a
chuairtuigh sé, is chuairtuigh sé an teach go hiomlán ó bhun
go bárr acht an tsimléir, agus d’imthigh leis aríst, mar
shaoil sé go rabh Ruadhrí ag magadh faoi.
“Tig leat do theacht anuas, tá mo athair imthighthe,” ar
sise. Tháinig sé anuas, is dubhairt bean an tighe,
“Shabháil mé anocht thú, agus tá sé in am dhuit dul
abhaile anois,” agus thug sí na cúig púnta do Ruadhrí,
agus dubhairt sí leis teacht ar ais oidhche an lae sin.
D’imthigh Ruadhrí leis in a shuaimhneas, agus chuaidh sé go
dtí teach an fhir ósta, agus d’ársuigh sé an sgéal uilig
dhó, is an doigh a shabháil inghean an tighe é nuair tháinic a
hathair go dtí an doras ag dó dheug a chlog, agus gur
dh’iarr sí air teacht ar ais do a teach-sa ag a sé a
chlog an oidhche sin, is go dtiubhradh sí cúig púnta ar
maidin dó.
“Is maith é sin,” a Ruadhrí,” arsa fear an tighe ósta.
D’ól siad le chéile ar rith an lae, agus a t-am a chon-
naic fear an tighe ósta an ghrian ag dul faoi, dubhairt
sé, “Béidh deoch eile againn, is ba chóir dhuit fhios do
bhaint amach is ’tchífidh mé thú amárach.”
Bhí go maith is cha rabh go holc, acht shiubhail sé leis an
fhad is bhí an teach, agus tharraint sé an cluigín, agus
tháinic an cailín go dtí an doras, is a’ t-am a chonnaic
sí an té a bhí ag an doras, thionntuigh sí ar ais chuig bean
an tighe, agus dubhairt go raibh an fear bocht ag an
doras aríst.
“Muise, ceart go leor,” arsa bean an tighe, agus
chuaidh sí go dtí an doras, is chuir sí fáilte mhór roimhe.
Chuaidh sé isteach, shuidh sé síos ins an tseomra. Cha
rabh am ar bith caillte ag bean an tighe go bhfuair sí
áit le Ruadhrí da nigh, agus fuair sí suipéar maith dhó,
agus ghloine uisge beatha in a dhiaidh. Bhí comhradh fada
eadartha, agus chuaidh achan rud go ceart go dtí a dó
dheug a chlog go dtáinic bualadh trom go dtí an doras.
“Go sabhálaidh Dia sinn. Seo mo athair-sa aríst.
Cibé atá ag teacht air. Cha ghraithe leis ag teacht mar
seo. Cia an áit a fholochaidh mé anocht thú. Lean díom-
sa,” arsa bean an tighe, agus chuir sí i sean-chomhra é.
Chuaidh sí an fhad leis an doras, agus d’fhosgail sí é, &
leig isteach a hathair, mar ba é a bhí ann; agus a’ t-am
a tháinic sé isteach ba é an simléir an chéad áit a chuair-
tuigh sé, agus loisg sé trí urchaire suas an simléir leis
an gunna a bhí leis; is chuairtuigh sé an teach go hiom-
lán ó bhun go bárr acht an sean-chomhra. D’imthigh leis
aríst, mar shaoil sé go rabh Ruadhrí ag déanadh grinn
faoi. “Tig leat do theacht annseo anois, tá mo athair
imthighthe.” Tháinig sé, agus dubhairt bean an tigh e,
“Shabháil mé anocht thú,” agus dubhairt sí leis feasda
nach rabh gar dhó fanacht ann ní budh fhuide, agus dubhairt
sí leis go rachadh sí go dtí a hathar chun cead fhagháil le
dhul go dtí Óban cois na fairrge go cionn míosa; is
seo dhuit seoladh an chaisleáin a bhéidh mé ag fanacht ann,
agus béidh mé shíos ag teach ósta mo athar-sa, ag a sé a
chlog anocht.”
Bhí go maith is cha rabh go holc. D’imthigh Ruadhrí leis
in a shuaimhneas, agus chuaidh sé go dtí teach an fhir ósta,
agus d’ársuigh sé an sgéal uilig dhó, is an doigh a shabhál
inghean an tighe é nuair tháinic a hathair go dtí an doras
ag dó dheug a chlog. Is a’ t-am a bhí sé ag fágáil an
tighe go ndubhairt sí leis go rabh sí ag dhul go dtí a
hathair chun cead fhaghail uaidh le dhul go dtí Óban cois na
fairrge go cionn míosa, is go dtug sí seoladh an chais-
leain dó le teacht ann nuair bhéidheadh sí annsin.
“Is maith é sin, a Ruadhrí,” arsa fear an tíghe ósta.
D’ól siad le chéile ar rith an lae, agus á’ t-am a chon-
naic fear an tighe ósta go rabh sé deich mbuimide go dtí
a sé a chlog, is an ghrian ag dhul faoi, dubhairt sé, “Béidh
deoch eile againn, is ba chóir dhuit fhios do bhaint amach,
is ’tchífidh mé thú amárach.”
Bhí go maith is cha rabh go holc. D’imthigh Ruadhrí, agus
cha rabh sé i bhfad imthighthe go dtáinic inghean an fhir ósta
agus d’iarr sí cead uaidh dhul go dtí Óban cois an
fhairrge go cionn míosa, mar bhí a sláinte ag bríseadh
síos. “Ó, cinnte, cinnte,” ars an t-athair.
Bhí go maith is cha rabh go holc. Chuaidh achan rud ar
dóigh. Fuaradh ar siubhal í. Cha rabh sí i bhfad ag an
chaislean in Óban cois na fairrge gur bhuail Ruadhrí
Mac Seagháin isteach.
“A Ruadhrí,” arsa bean an tighe, “Cha bhíonn eagla
orainn anocht.” Cha rabh am ar bith caillte ag bean an
tighe go bhfuair sí áit le Ruadhrí é féin a nighe, & fuair
sí suipéar maith dhó agus gloine uisge beatha in a dhiaidh.
Bhí comhrádh fada eadartha, agus chuaidh gach aon rud go
ceart go dtí an dó dheug a chlog, go dtáinig bualadh
trom go dtí an doras.
“Go sábhálaidh Dia sinn; seo mo aithir-sa aríst, cibé
an diabhal atá ag teacht air? Ní gnáthach leis a theacht
mar seo. Cia an áit a bhfolochaidh mé anocht thú? Godé
a dhéanfas mé. Lean damh-sa suas an staighre,” arsa
bean an tighe; is lean, agus chuir sí isteach i gcómhra
iarainn é. D’fhill sí annsin, agus d’fhosgail sí an doras,
agus leig isteach a hathair, mar ba é a bhí ann; agus an
t-am a tháinig sé isteach, is an sgaifte fear a bhí leis,
chuartuigh sé an caislean go hiomlán ó bhun go bárr acht
an cómhra iarainn. D’imthigh leis, is dubhairt sé leis an
bhuidhean mór fear, ola do dhortadh ar an uile áit san
chaislean. Rinne siad sin, agus chaith siad amach an bhean
as an tseomra. Annsin thug an fear ósta ordughadh do
na fearaibh solus do chur leis an ola sin, mar bhí, agus
bhí an caislean ar theinidh i gcúig bhumaide. Annsin
sgairt an inghean ar a hathair,
“A Thighearna trócaire, an bhfuil tú ar na stuic
stárthachaibh mire, nó godé tháinig ort?” adubhairt sí, &
nach bhfuil fhios agat go bhfuil an chómhra iarainn shuas
an staighre ins an tseomra, agus páipéiridhe d’athar is
d’athar mhóir ann, is go mbéidh siad caillte muna
bhfuighidh tú amach an chómhra iarainn.
“O, fíor, fíor do sgéal-sa a chailín,” ars an t-athair,
agus sgairt sé ar bheirt de a chuid fear dul isteach is
an chómhra iarainn do thabhairt amach. Isteach leis an
bheirt fhear, is suas na stáighrí fríd toit is teine, agus
tharraing siad amach an chómhra iarainn, agus go sábhálaidh
Dia sinn ar an táisteal a fuair Ruadhrí ins an chómhra
iarainn. An fhad is bhí an obair seo ar siubhal bhí
Gaedheal na hAlban agus a gcuid píobairidhe ag cruin-
niughadh timcheall an chaisleain ó na sléibhtibh amach, mar
shaoil siad gur teine-chogaidh na nGearmánach a bhí ann,
agus thosuigh siad ag seinm píobaireachta, is ag gabháil
an dáin cogaidh seo:—
“Saoirseacht na nGaedheal, saoirseacht na nGaedheal,
As greim na nGall go deo.
Béidh na Gearmánaighe thall annseo ar ball,
Is cuideochamuid leobhtha le n-ár ngéagaibh beodha,
Is caitheamuid ár namhaid ar lár.”
Bhí go maith is cha rabh go holc. Nuair bhí an caisleán
dóighte chuaidh an fear ósta isteach go bhfeicfeadh sé an
rabh bróga ná cnámha Ruadhrí le fágháil.
“Anois,” adubhairt an ingean, “nach bhfeiceann tú
godé atá déanta agat, godé is mian leat ar sgor ar
bith, nó godé chuir in do chionn an sgrios sin do
dhéanadh?”
“O, chan fhuil fhios agam,” ars an t-athair,” agus d’iarr
sé ar a chuid fhear an chómhra iarainn do chur isteach
san charbad agus an bhean léis; agus thiomain fear an
charbaid suas go dtí caislean eile a bhí ann, agus d’fhág
sé í féin agus an chómhra istigh ann, agus dubhairt an
t-athair fanacht ann fhad is budh mhian léithe, agus d’imthigh
leis abhaile aríst. Bhí go maith is cha rabh go holc.
D’fhosgail sí an chómhra, agus leig sí Ruadhrí amach.
“Shábháil mé thú aríst, a Ruadhrí,” arsa bean an tighe.
“Muise, slán buidheachas do Dhia ar a shon.”
Chá rabh am ar bith caillte ag bean an tighe go bhfuair
sí áit le Ruadhrí é féin a nighe, agus fuair sí suipéar
maith dhó, agus gloine uisge beatha in a dhiaidh. Bhí
cómhrádh fada eadartha, agus chuaidh gach uile rud go
ceart go dtí deich mbuimide chuig an dó dheug a chlog.
“Anois, a Ruadhrí, caithfhidh sinn scaramhain mar tá
eagla mór orm-sa go dtiocfaidh m’athair diabhalach ag
an dó dheug a chlog.”
Thug sí cúig phúnta dhó. Bhí fáinne óir aca, agus bhris
sí ’n-a dhá cuid é. Thug sí leath an fháinne óir do Ruadhrí,
agus chongbhuigh sí féin an leath eile, agus dhubhairt sí,
“Má chastar ar a chéile aríst sinn aithneochamuid a
chéile leis an dá leath-fháinne óir seo. Bhí sin maith go
leor. D’fhág Ruadhrí slán aici, agus d’imthigh sé ar siubhal
leis ag tarraingt ar bhád Dhoire, mar shaoil sé go rabh
sé an am dhó dhul abhaile go hÉirinn. Nuair a bhí sé ar
an chasán ag tarraingt comhgarach do Ghlaschu, shaoil sé
gur chóir dhó ag sgairtidh ar an fhear uasal i dteach an
ósta, agus slán fhágáilt aige. Bhí go maith is cha rabh
go holc, Bhuail Ruadhrí isteach chuig fear an tighe ósta.
“Muise, sé do bheatha, a Ruadhrí,” ar seisean, “ar
fhág tú Óban cois na fairrge?”
“Muise, d’fhágas,” arsa Ruadhrí, “fhobair go ndóigh-
fidhe mé ann.”
D’ársuigh Ruadhrí an sgéal uilig, godé mar bhí, agus
an dóigh a shábháil a inghean é.
“Is maith é sin,” arsa fear an tíghe ósta.
“Is eadh,” arsa Ruadhrí, “is maith, agus tá mé ag dul
abhaile go hÉirinn anocht i mbád Dhoire, is fiche púnta
in mo phóca, is mo chorp is mo chraiceann slán sábháilte.”
“Cha rachaidh tú go lá an tsléibhe,” arsa fear an tighe
ósta, “go n-innseochaidh tú an sgéal sin do chruinneadh
de mo dhaoinibh muinnteardha a bhéidheas agam anocht,
agus béarfaidh mé fiche púnta eile dhuit, mar is é an
sgéal is fearr a chuala mé ariamh, agus caithfidh tú é
innsinn dobha sul a n-imtheochaidh tú.”
“Déanfaidh mé sin,” arsa Ruadhrí.
Bhí go maith is cha rabh go holc, d’imthigh fear an tighe
ósta, agus thug sé cuireadh d’á chuid daoine minnteardha,
agus chruinnigh sé iad uilig go dtí a theach-san, agus bhí
ingheán fhir an tighe ósta in a measg, is bhí trí chochaill
ar dhoimhne uirri ar dhóigh nach aithneochadh Ruadhrí í. Sin
mar bhí. D’iarr fear an tighe ósta ar Ruadhrí an sgéal
d’ársughadh. Thosuigh Ruadhrí ar a sgéal, is lean sé dhó
go rabh ag sgéal cóir a bheith críochnuighthe aige, is é sin
le rádh go rabh sé chomh fada san sgeul is gur fhosgail
sí an cómhra iarainn, nuair d’éirigh inghean an fhir ósta
in a seasamh, agus dubhairt —
“A cháirde, is sibh uilig go léir, nach mór an náire
díobh fear a chongbháil ag caint an fhad sin ama gan
deoch a thabhairt dhó, agus dubhairt siad uilig gur bh’eadh.
“Muise,” ar sise, “Tabhair damh-sa crúiscín fíor-
uisge agus gloine.”
Thug siad sin di, agus líon sí an ghloine lán d’uisge,
agus chuir sí leath an fháinne óir ins an ghloine, agus thug
sí do Ruadhrí í le hól. Ghlac Ruadhrí an ghloine, agus
dubhairt —
“Go rabh maith agat, a bhean uasail,” agus d’ól sé an
t-uisge, agus chonnaic sé an leath-fháinne óir ins an
ghloinne, agus chaith sé in a bhéal é. Chonnaic Ruadhrí
annsin godé mar bhí, is dubhairt:—
“A cháirde agus a dhaoine uaisle uilig go léir, chuir
an deoch uisge sin in mo chuimhne an uair a bhí mé ar na
toinnibh ag teacht trasna ar an bhád ó Doire, bhí mé in
mo chodladh agus mhusgail mé, acht faraoir dá mbéadh mo
bhrionglóid ní ba fhuide d’innseochainn díbh é, agus nuair
chonnaie fear an tighe ósta is a dhaoine muinnteardha
gur brionglóid a bhí ann, cinnte, cinnte go leor, thosuigh
siad ag caitheadh airgid chuige; is an t-am a bhí a sháith
airgid aige, d’imthigh sé, agus thug sé inghean an fhir ósta
leis go dtí an bád, agus chuaidh siad trasna go Doire.
Bhí irios pósta eadartha, agus tá siad i n-áit innseach
in Éirinn; acht chan fhuil fhios agam cia an áit mar chan
fhaca mé ariamh iad, acht tá sé raidhte in Éirinn le
daoinibh fiafruigheacha, “An bhfaca tú Ruadhrí Mac
Seaghán agus a bhean?”
TEANGA NA NGAEDHEAL.
Tá Teanga na nGaedheal ag éirghe go bríoghmhar,
Go beo measg ár mbán-chnoc is ár mbántaibh glasa.
Tá a glór bhinn ag dúiseacht na nGaedheal go groidhmhar
Chun teanga na nGall do sguabadh le fánaidh.
Curfa.
Oró go deo ár nGaedhilg bheo,
Níor chailleamar í go fóill,
Acht Béarla an Ghall as Sacsana thall,
Ní labharfamuid í níos mó.
Ba hí teanga na naomh is teanga na saoi í,
Do labhair Naomh Pádruic ag sgapadh ár gcré;
Ba hí teanga Oisín is Fianna Éireann í,
Na fir ba thréine is ba mhilltighe cáill.
Curfá.
Óro go deo ár nGaedhilg bheo, &c.
Sul a dtáinig na Gall as an tír gránda úd thall,
Faoi luighe na gréine a bhí Crích Fáil.
Bhí árd righthe, ceoltóirí is filidhe móra
Ag déanadh a gcuid oibre i dteanga na nGhaedheal.
Curfá.
Óró go deo ár nGaedhilg bheo, &c.
Ba ró fhada a bhíomar ag labhairt teanga an bhéarla,
Ar ár mbántaibh ghlasa ar fud Éireann óigh;
Acht le congnamh Mhic Dé béidh aríst gan baoghal
Go bhráth in ár nduthaighe binn-theanga na nGaedheal.
Curfá.
Óró go deo ár nGaedhilg bheo, &c.
AN CAILÍN BÁN.
Tráthnóna bréagh i dtús an fhoghmhair
Is eadh leag mé súil ar ghrádh mo chroidhe,
Is í ar siubhal go deas le hais an bhóthair,
Is a cúilín casta ar dhath an róisín buidhe.
Curfá.
Óró go deo, a chailín bháin,
Óró sa ló, a ghrádh mo chroidhe,
Do bhéilín ó, chomh dearg le rós,
Is do bhrollach ghléigeal mar an cheóigh.
Tá coillte is sléibhte ar fud an domhain,
Agus duilleabhar bhárr-ghlas ar bhárr gach crann,
Acht an plannda is deise fá an ghréin le fághail,
Is í an réaltan gléigeal mo chailín bán.
Curfá.
Óró go deo, a chailín bháin,
Óró sa ló, a ghrádh mo chroidhe,
Do bhéilín ó, chomh dearg le rós,
Is do bhrollach gléigeal mar an cheóigh,
A shólais m’anma, a shearc mo chléibh,
Is mílse do bhéilín ná bláth ar chraoibh,
A Phéarla na móna in do ghleanntáin sgéimh’,
Is liom-sa thú a stóir, a chaoir aoibhinn na craoibh’.
AN MHAIGHDEAN MHAISEACH.
Achon, achon, is mise atá tinn lag ó rinne tú mo thréigint,
A mhaighdean mhaiseach gan bhrón do chuir na ceudta chun
báis,
A ainfhir chiuin is binne liom-sa guth do bhéil-sa ná ceol
a seinntear ar theudaibh,
Acht anois tá na saighde gointe buailte ann ’mo chroidhe
ar do shon, a ghrádh.
Nách aoibhinn do’n bhaile i gcomhnuidheann an righ-bhean
áluinn,
A stiaidh-bhean deas múinte le a luaidhtear na céadta
fear.
Is i stór mo chroidhe ar a bhfuil sgéimh na míle ban,
Do rinne mé bhuaidhreadh tinn tréith-lag nuair thréig sí
mé.
Nuair shílas go cinnte gur dhomh-sa féin a bhí an rígh-
bhean áluinn,
Chá rabh iongnadh dhomh-sa a bheith in mo óig-fhear gasta
greannmhar,
Acht anois chan iongnadh domh-sa a bheith dána neamh-
scaollmhar ó thréig sí mé,
Ach caidé’n ghar domh-sa a bheith i mbuaidhreadh is na mílte
mná ar fud an domhain.
CEIST RÍOGH NA hÉIREAN.
Aon uair amháin i bhfad ó shoin bhí Rí na hÉireann ag
siubhal thart, agus chonnaic sé gearradóir ag obair i
bpáirc, agus d’fhiafruigh sé dhe an rabh aon sgéal ion-
gantach aige.
“Muise tá, a rígh ó,” ars an gearradóir.
“Cia an t-iongnadh atá a’ád (agat)?” ars an rí
“Bhall,” ars an gearradóir, “innseochaidh mise dhuit.”
Bhí gearradóir ann i bhfad ó shoin, agus ní rabh dhó (ní
rabh ’a thuilleamh aige) acht naoi bpingnidhe sa ló, agus
bhí sé ag beathughadh triúr, ag íoc sean-fhiacha, agus ag
cur airgid ’sa mbanc. Anois, a rígh ó, cia an chaoi an
rabh sé dh’á dhéanadh sin?”
“Muise,” ars an rí, “budh dheacair an cheist sin fhuas-
gailt.” “Muise,” ars an gearradóir, “fuasglochaidh
mise dhuit an cheist.”
Bhí an gearradóir ag beathughadh é féin agus a mháthair
mar thóg sí é nuair bhí sé óg, agus sin é na sean-fhiacha
a bhí sé ag íoc, agus an t-airgead a bhí a chur sa mbanc
aige, b’é sin an mac ar sgoil.
“Mo ghoirm thú,” is bréagh an cheist í sin,” ars an rí,
“agus cuirim thú faoi gheasaibh gan an cheist sin d’fhuas-
gailt do dhuine ar bith go bhfeicfidh tú mo cheann céad
uair.”
“Déanfaidh mé sin,” ars an gearradóir.
Nuair chuaidh an rí abhaile, chuir sé an cheist chéadna
ar a chuid fear, agus ní rabh aon (aoinne) acab in ann
í fhuasgailt. Aon lá amháin bhí duine d’fhearaibh an rígh
ag siubhal thart, agus casadh an gearradóir dhó, agus
chuir fear an rígh an cheist chéadna ar an ngearradóir.
“Tá a fhios a’ámh (agam) í sin cheana, adeir an gearr-
adóir.
Annsin dubhairt fear an rígh go dtabharadh sé fiche
púnt dhó dá n-innseochadh sé dhó í.
“Muise, ní innseochaidh mise dhuit í ar fhichid púnt,”
ars an gearradóir. “Is fiú níos mó ná sin í.”
Bhí fear an rígh dhá chur suas gur chuir sé céad púnt
air. Annsin d’innis an gearradóir freagra na ceiste
dhó. Nuair chuaidh fear an rígh abhaile, chuir an rí an
cheist chéadna ar a chuid fear aríst.
“Is a’am-sa (agam-sa) í sin,” arsa fear an rígh.
“Muise, má tá, tá a fhios a’am (agam-sa) fhéin cia
d’innis í sin dhuit,” arsa Rí na hÉireann.”
Chuir sé sgéal fá choinne an ghearradóra. Nuair
tháinig an gearradóir dubhairt an rí léis —
“Shaoil mise go ndubhairt mé leat gan freagra na
ceiste sin innseacht do dhuine ar bith go bhfeicfeá mo
cheann-sa céad uair.”
“Acht mo bheannacht ort, a rígh O,” ars an gearra-
dóir. “Chonnaic mé do cheann-sa céad uair.
Thosuigh an gearradóir ag cóimhreamh an airgid chuig
an rígh.
“Nach bhfeiceann tú,” ar seisean.” go bhfaca mé do
cheann-sa céad uair, mar tá cloigeann Rígh na hÉireann
ar ’chuile (gach uile) bonn airgid a bhías ag cóimhreamh
amach.
“Tá an ceart a'ad (agat), a fhir chóir,” arsa Rí na
h-Éireann. “Is tusa an fear is fearr a bhfaca mé
ariamh. Déanfaidh mé ceann-phort díod (díot), agus
cuirfidh mé os cionn mo chuid fear ar fad thú,” agus
rinne.
Seo mo sgéal-sa, a chionáidh, agus tá sé níos fearr
ná bheith gan aon sgéal,
FÍONN MAC CUMHAIL AGUS AN BRADÁN.
Aon uain amháin bhí Fionn Mac Cumhail ag aodhaireacht
bó ar bhruach na leamhna. Chonnaic sé iasgaire ag
iasgach bradán. Thóg an t-iasgaire bradán faránta.
Dubhairt Fionn leis an iasgaire teine do chur síos, agus
an bradán do róstadh. Rinne sé amhlaidh annsoin (ann-
sin). Dubhairt an t-iasgaire leis —
“Táim ag dul chun breas brosna fhághail, agus má
leogais (leigis) clog doighte ar an mbradán sar a
dtiocfadh mé ar ais arís go mbéid (mbéidh) do cheann
bainte ó do cholann.”
“Seadh, muise,” arsa Fionn, “siubhail leat, béid
(béidh) a fhios agam féinig (féin) ar ball.”
D’imthig (d’imthigh) an t-iasgaire agus thosnuig [thosuigh]
Fionn ag tabhairt aire do’n bhradán. Bhí Fionn Mac
Cumhail ag déanamh a dhícheall gan aon chlog dóighte do
leogaint [leigeant] ar an mbradán. Bhí go maith, is ní
raibh [cha rabh] go holc, acht ambasa [go deimhin] do
tháinig clog dóighte ar an mbradán soin, agus annsoin
do chuir Fionn a órdóg anuas ar an gclog, ar chas
nach bhfeicfeadh an t-iasgaire é nuair a thiocfadh sé ar
ais ag féachaint an rabh an bradán rósttha. Nuair
tháinig an t-iasgaire agus an brosna leis, thosnuig
[tosuigh] sé ag féachaint an raibh an bradán rósttha.
Nuair do bhí sé ag déanamh so do chuir Fionn Mac
Cumhail a órdóg in a bheul, agus chogain sé a órdóg go
dtí an stúmpa, agus fuair sé fios go mbéadh sé in a
righ-ghaisgidheach na h-Éireann. D’imthigh sé ar fud na
duithche ag bailiughadh na bhfear ab fhearr a bhuailfeadh in
a choinnibh, agus do bí sé ag déanamh mar soin go
dtáinig sé suas le dhá chéad fhear drinaireacht, agus ba
iad lucht a leanta na Féinne, agus ó’n uain sin amach
ba é Fionn Mac Cumhail rígh gaisgidheach na hÉireann.
AN tSIDHEOG.
Bhí bean ann aon uair amháin is chan fheil anois, agus
is cuma cé haca bhí nó nach rabh, agus bhí páisde ins an
chliabhán aici. Bhí táilliuir san teach ag fuagháil ar an
chlár. Chuaidh an mháthair amach chun cana uisge fhagháil
ó an tobar. Nuair bhí sí amuigh bhonnsaigh an páisde
amach as an chliabhán, agus tharraint sé fidil amach faoi
an chliabhán, agus d’fhiafruigh sé de’n táilliúir an dtioc-
fadh leis damhsa do dhéanadh, agus dubhairt an táilliúir
nach dtiocfadh, acht d’iarr sé ar an phaisde fonn do chur ar
an fhidíl dhó, agus rinne an páisde sin. Nuair bhí sé
críochnuighthe chuir sé an fhidíl faoi an chliabhán aríst agus
léim sé isteach. Nuair tháinic an mháthair isteach leis
an chana uisge, d’innis an táilliúir godé [cadé] mar
bhí. Cha chreidfeadh an mháthair é go ndearna a páisde an
leithéid de sin. Muise bhí sé go maith agus cha rabh sé
go holc gur thosuigh an mháthair is an táilliúir ag troid
le chéile fád tháobh de.
“Cha pháisde atá ann acht sidheog diabhalach críoch-
nuighthe,” ars an táilliúir.
“Thug tú héitheach, thug tú héitheach críochnuighthe,” ars
an mháthair.
Muise fá dheireadh thiar thall chaith siad an páisde ins
an teinidh. Chuaidh an páisde suas an tsimléir in a sholus,
& chuaidh siad amach go bhfeicfeadh siad cia an áit a deachaidh
an páisde, acht bhí an páisde ag siubhail thart ar bhárr
an tsimléir, agus a mhéara le n-a ghaosán ag sgartan
amach, “A amadána! a amadána críochnuighthe!”
AN PÍOBAIRE DALL.
Bhí fear ann aon uair amháin, agus is fada ó bhí, agus
dá mbéidheadh sinn ann cha béidheadh sinn annseo. Bhí an
fear sin ag cruinniughadh na déirce. Lá amháin tháinic
sé go teach, agus bhí bean an tighe ag tinneas clainne,
agus rugadh páisde leath-shúileach — is é sin, bhí sé dall
ar shúil amháin. Thug an bacach buidéal ola do’n mhnaoi,
agus dubhairt, “Nuair bhéidheas tú ag cur ola ar an
pháisde, cumuil an tsúil.”
Bhí go maith is cha rabh go holc. Nuair d’imthigh an
bacach, thóg an bhean an buidéal, is nuair bhí sí ag cur an
ola ar an pháisde chumuil sí a súil chéin.
“Má tá sé go maith chan fheil sé go holc, is má tá sé
go holc chan fheil go maith. Muise mar atá sé go cionn
cúig bliadhna.”
Bhí an bhean agus an páisde ag siubhal fá choinne an
aonaigh lá. Nuair tháinic siad go cionn an aonaigh,
dubhairt an páisde leis a mháthair, “Tá súil agam go
bhfeicfidh mé íongantas mór indiu.”
“Is eadh,” ars an mháthaír, “tá eagla orm nach bhfeic-
fid tú iongantas mór ar bith leis an tsúil eile.”
Ar an bhuimide sin chonnaic an páisde an bacach beag
ag goid ubhla, agus sgairt an páiste —
“A mháthair, a mháthair dhílis, nach bhfeic tú an bacach
beag ag goid na hubhla?”
Leis sin tháinic an bacach beag chuig an pháisde, agus
d’fhiafruigh de, “Cia h-í an tsúil le ar chonnaic tú mé?”
“An í sin an tsúil?” ars an bacach beag, ag taisbeánadh
dó an tsúil a bhí dall.
“Cha súil agam go bhfeil,” ars an mháthair. “Mar sin
de,” ars an bacach beag, “tá súil agam nach bhfeicfidh
do shúil-se mé aríst.
Leis sin, chuir sé amach a shúil le n-a mheuraibh.
“Hooo,” ars an páisde, “mara bhfeicfidh mé thú aríst,
aithneochaidh mé do ghlór callánach.” Leis sin thosuigh an
páisde ag caoineadh.
“Is eadh,” ars an bacach beag, “ceol ur-gránda atá
agat anois, acht nuair a bhéidheas tú in do fhear mhór is
é ceol úr-bhinn a bhéidheas agat;” leis sin d’imthigh sé,
agus má tá sé go maith chan fheil sé go holc, agus má
tá sé go holc chan fhéil sé go maith. Muise, mar atá sé
go cionn fiche bliadhna d’fhás an páisde suas in a phíob-
aire a b’fhearr in Éirinn, is tugadh mar ainm dhó “Píob-
aire Dall na h-Éireann,” agus go dearbhtha thig liom do
rádh go raibh a cháil agus a chlú ar fud na tíre. Bhí go
maith is cha raibh go holc. Lá bhí an Píobaire Dall i
bpalás Rígh na hÉireann ag seinm ceoil d’uaislibh
a bhí ann. Ag déireadh an lae nuair bhí sé i halla mhór
na codalta, chualaidh sé glór callánach an bhacaigh bhig ag
a dó dheug a chlog. Thosuigh sé ag seinm fonn suantraidhe
na nGaedhil, agus thuit na mór-uaisle agus an bacach
beag in a gcodladh ar a gcallaidhe. Nuair bhí siad in a
suain codalta stad an Píobaire Dall, agus thóg sé
calla chait Rígh na h-Éireann agus spréidh sé an calla
ar aghaidh an bhacaigh bhig. Nuair thainic an cat isteach
chuaidh sé chuig a challa agus luighe sé síos ar a challa in
a shuan codalta. Ar bhánadh an lae bhí an Píobaire Dall
in a shuidhe & thosuigh sé ag seinm fuinn goltraidhe chumhaidh
an bhacaigh bhig. Nuair chualaidh an mór-shluagh an fonn
sin, d’éirigh siad na seasamh acht aon fhear amháin, agus
bhí an fear sin in a shuan codlata mhór. Is eadh, muise,
tig linn do rádh níos truime ná chodluigh sé ariamh
roimhe.
AN CONNACHTACH.
Chan sgéal sgéalta é seo, ná sgéal gur arsuigh bean
di, acht sgéal fíordhacht.
Bhí fear aon uair amháin i nGleann Fhinne, agus tháinic
sé go teach a bhí ann, agus chuaidh sé isteach.
“’Sé do bheatha, a Chéibhe,” arsa bean an tighe.
“Ní Chiabhach mise acht siubhaladóir, agus shiubhal mé
ar thaoibh bioráin agus snáithe mé, agus ní gabhaim acht
Gaedhilic ar fad, is bhí mé ar shiubhail, is shiubhail mé
ceithre cúigeadh d’Éirinn — Uladh, Mumhan, Laighean, agus
tháinic mé as Connacht go dtí Gleann Fhinne.”
“Muise fáilte mhór romhat. Suidhe síos, agus leag
do sgríste, agus fan go maidin,” ars an bhean, agus
d’fhan.
SIAMSÁN NA BEANNA FADA GABHAR GABHAR
COCAIRE.
Mar a bhí, bhí i bhfad ó shoin, bhí is bhí gan amhras.
Gabhar Gabhar Cocaire, a mhic an rígh, a mhic an radaire,
a mhic an fhatrídgaire. Fúaidh (chuaidh) is bhuins sé an
bheirt sin d’á chroidhe bhiget (bhige) a mheannain agus
táchrán áld boc.
Ar maidin nuair bhí sé ag tol (dhul) ar siubhal ag
cruinniughadh a bhreacfast, d’iarr sé ar na meann-
ainibh gan an doras d’fhosgailt go bhfillfeadh sé ar ais.
Chá raibh sé i bhfad ar siubhal go dtáinic an sionnach chun
an dorais.
“Fosgal an doras anois,” ars an sionnach.
“Cia thú féin?” arsa cloigeann de na meannainibh.
“Mise do mháthair péina (féin)” ars an sionnach.
“Cuir do chrúbóg ar mo chrábóg, agus aithneochaidh
mise cia aca crábóg nó crúbóg mo mháthar péina (féin).”
Chuir an sionnach a chrúbóg ar a chrábóg, agus dubhairt
an meannan:—
“Déir (dar) an droighean,
Déir an dreas,
Déir an cuileann géir glás.”
“Chan é seo crúbóg nó crábóg mo mháthar péina
(féin).”
Thug an meannan an maide pota leis, agus bhris sé
cos an tsionnaigh. D’imthigh an sionnach, agus slaidhnfa
(slánfa) ins na néaltaibh neimhe é. Cha rabh sé i bhfad
ar siubhal nuair casadh an gearrfiadh dhó.
“Cia rabh tú?” ars an gearrfhiadh.
“Bhí mé shíos ag tigh beag na meannan ag ól corcaire,
agus bhris cloigean aca mo chos,” ars an sionnach.
“Fan,” ars an gearrfiadh, “go rachaidh mise síos
chuca.” Fuaidh (chuaidh]. agus deir an gearrfhiadh ag an
doras, “Fosgail an doras anois.”
“Cia thú féin?” arsa cloigean de na meannainibh.”
“Mise do mháthair péine (féin]” ars an gearrfhiadh.
“Cuir do chrúbóg ar mo chrábóg, agus aithneochaidh
mise cia aca crábog nó crúbog mo mháthar péina
(féin.)”
Chuir an gearrfiadh a chrúbog ar a chrábog, agus
dubhairt an meannan:—
“Déir (dar) an droighean,
Deir an dreas,
Déir an cuileann géir glas.
“Seo atá faoi bhun mo chos. Chan é seo crúbóg na
crábóg mo mháthar péina (féin)”
Thóg an meannan an timthire teaghlaigh, agus bhris sé a
chos. D’imthigh an gearrfiadh agus slaidhnfa ar na
sléibhtibh. Cha rabh sé i bhfad ar siubhal nuair casadh an
mac tíre dhó.
“Cia rabh tú?” ars an mac tíre? “Bhí mé shíos ag
tigh bheag na meannan ag ól corcaire, agus bhris
cloigeann aca mo chos,” ars an gearrfhiadh.
“Fan,” ar seisean, “go rachaidh mise síos chuca.”
Fuaidh (chuaidh), agus deir an mac tíre ag an doras.
“Fosgail an doras anois. “Cia thú féin?” arsa
cloigeann de na meannainibh. “Mise do mháthair peina
(féin)” ars an mac tíre. “Cuir do chrúbóg ar mo
chrábóg, & aithneochaidh mise cia aca crábóg no crúbóg
mo mháthair péina (féin).”
Chuir an mac tíre a crúbóg ar a chrábóg, agus dubhairt
an meannan:—
“Déir (dar) an droighean,
Déir an dreas,
Déir an cuileann géir glás.
“Seo atá faoi bhun mo chos. ’Siad so crúbóg is
crábog mo mháthar péina (féin). D'fhosgail an meannan
an doras. Súd thart an mac tíre go bhfuigheadh sé a
shuipéar. Thug sé streán annsúd is annseo, agus shlog
sé na trí meannain. D’imthigh an mac tíre chun a bhaile.
Cha rabh sé i bhfad ar siubhal go dtáinic an Gabhar Gabhar
Cocaire chun a mbaile. D’imthigh agus fuaidh (chuaidh) sé
suas ar an tsimleóid.
“Cia hé sin atá ag gol os cionn mo phota bhig,” ars
an gearrfhiadh.
“Mise Gabhar Gabhar Cocaire, a mhic an ríogh, a mhic
an radaire, a mhic an fatráidgairí, a mhic an ratridgairí
a fuaidh (chuaidh) is bhuints an beirt lónaigh lánaigh de
mo chroidhe bhiget (bhige) mo mheannain agus tachrán áld
boc a chaill mé. An bhfaca tú iad no an bhfeil siad
agat bhall bhall,” ars an gearrfhiadh bhuar bhocht —
“Déir (dar) an droighean,
Déir an dreas,
Déir an cuileann géir glas.
Chan fheil siad agam-sa, acht tá siad shuas ag tigh an
tsionnaigh. Fuaidh (chuaidh) sé suas chun tigh an tsionnaigh.
Fuaidh (chuaidh) sé suas ar an tsímleóid.
“Cia hé sin atá ag gol os cionn mo phota bhig?” ars
an sionnach.
“Mise Gabhar Gabhar Cocaire, a mhic an rígh, a mhic
an radaire, a mhic an fatráidgairí, a mhic an ratridgairí
a fuaidh (chuaidh), is bhuints an bheirt lónaigh lánaigh de
mo chroidhe bhiget (bhige), mo mheannáin agus tachrán áld
bhoc a chaill mé. An bhfaca tú iad no an bhfeil siad
agat-sa?” d’fhiafruigh an Gabhar Gabhar Cocaire. “Bhall,”
ars an sionnach bhuar bhocht —
“Déir (dar) an draoidhean,
Déir an dreas
Déir an cuileann géir glas.
“Chan fhéil siad agam-sa, no chan fhaca mé iad, acht
téidh suas go tigh an mhach tíre úd shuas.”
Fuaidh (chuaidh) sé suas ar an tsímleóid.
“Cia hé sin atá ag gol os cionn mo phota bhig?” ars
an mac tíre.
“Mise an Gabhar Gabhar Cocaire, a mhic an ríogh, a mhich
an radaire, a mhic an fatráidgaire, a mhic an ratríd-
gaire, a fuaidh (chuaidh) is bhuins an beirt lónaigh lánaigh
dem’ chroidhe bhiget (bhige) mo mheannain, agus tachrán
áld boc a chaill mé. An bhfaca tú iad, nó an bhfeil siad
agat-sa?” “Bhall,” ars an mac tíre leis an Gabhar
bhuar bhocht:—
“Déir (dar) an droidhean,
Déir an dreas,
Déir an cuileann géir glas.’
“Chan fhéil siad agam-sa, no chan fhaca mé iad.”
“Mar sin,” ars an Gabhar, Gabhar Cocaire, “fos-
gail an doras go mbuinfidh mé an fhéasog díod.”
D’fhosgal is fuaidh (chuaidh) sé isteach i dtigh an mhac-
tíre. Bhí rásúr mór bréagh ag an mac tíre. Nuair
fuair an Gabhar an rasúr, tharraing sé an rasúr ó cibín
an mhach tíre go híochtar a bhuilig. Tháinic na trí mhean-
nain as bolg an mhach tíre, agus thug sé abhaile iad,
agus sin deireadh síamsán an Ghabhair Gabhair Cocaire,
a mhic an ríogh, a mhic an radaire, a mhic an fatráidgaire,
a mhic an ratridgaire, a fuaidh (chuaidh) is bhuints (bhaint)
an bheirt sin maide milís áirne d’á chroidhe bhigit (bhige),
a mheannáin agus táchrán áld boc.
CEISTEANNA INIS-MEADHÓIN.
Tuislidh no ceisteanna d’fhuaireas ó Mhichilín beag Ua
Choncheannain:—
MICHILÍN BEAG — Ceapaim gur críonna an leanbh-
mic thu, a Aoidhmín.
MISE FÉIN — Muise a Mhichilín, táim ag ceapadh féin
go bhfuilim sean-chríonna go leor.
MICHILÍN BEAG — Má’s sean-chríonna an buachaill
thú, tá ceisteanna agam ort-sa.
MISE FHÉIN — Déanfaidh sin a Mhichilín, agus seo iad
na ceisteanna a chuir sé orm-sa:—
Féach mo dhaididh mór sa bpáirc, agus dhá chéad
chóta air?
Freagra — Meall coilise.
Chuaidh mé suas an bóithrín, agus tháinig mé
anuas an bóithrín, agus thug mé an bóithrín
ar mo dhruim?
Freagra — Dréimire.
Cupán agus cos as,
D’ólann mac an rígh deoch as?
Freagra — Cíoch.
Trí cosa nach siubhlann,
Beul mór nach ndúnann,
Agus dá chluais nach gcluineann?
Freagra — Pota.
Súd chugainn rí na sáile
Tríd an gainmhe agus faoi an ghréine
Fear an chóta dheirge,
Agus snáithe dearg ar a léine?
Freagra — Gliomach.
Tá sé sa dteallach
Agus é ag cur allus?
Freagra — Ubh.
Chaith mé suas é chomh geal le mo léine, agus
thuit sé anuas chomh dearg le hór?
Freagra — Ubh.
Súd iad siar,
Iad i ndiaidh chéile,
Trumpi, trampí,
Is iad dha séideadh?
Freagra — Géadhna fiadhana.
Deirgín, deirgín ag bualadh poll dúnta?
Freagra — Lasán a bheadh ag bualadh tulán.
Gasúirín dearg suas ar bhárr chrainn.
Cloch in a bhos agus maide in a dhruim?
Freagra — Sgeachóir.
Dhá chapall bán ag siubhal na sráide,
Agus dá mbeadh siad ag siubhal go deo
Ní gheobhtha lorg a gcosa?
Freagra — Dhá Bhreallain.
Mac an dínnéir rugadh faoi dhó,
Béal adhairce agus féasóg óir?
Freagra — Coileach.
TÓMHAISEANNA.
Tig liom dul ar dhroichead gloine,
Agus tig liom teacht ar dhroichead gloine.
Má bhristear an droichead gloine
Ní’l duine i n-Íle ná i n-Éirinn
A dtig leis caoi chur ar an droichead gloine?
Freagra — Leac-oidhre.
Trí cosa shuas agus dhá chois shíos,
A’s ceann a’ bheó i mBeul a’ mhairbh?
Freagra — Duine agus pota ar a chionn.
Trí cosa ’n-áirde, a’s dhá chois ar thalamh,
Cionn a’ duine beó i mbeul a’ duine mairbh?
Freagra — Fear a’s a chionn i mbeul pota.
Thart fá ’n teach nach dtáiltigheann an ghrian ná ’n
aeir?
Freagra — Ubh circe nach bhfuil beirthe.
Ceathrar ’na rith, ceathrar ar crith, [deireadh?
Beirt ag déanamh an eólais, agus lúibín ar
Freagra — Bó ag rith.
Ceathrar ar crith agus ceathrar ar rith,
Beirt ag cosnamh, beirt ag déanamh eólais,
A’s seóinín ar deireadh?
Freagra — Bó ag rith.
I.
Tá sé shoir agus tá sé shiar,
Tá sé i mB’láthcliath.
’S iomdha gréim a bhain sé ná ghréim chapaill,
Acht indiaidh sin ní itheann sé biadh?
Freagra — Speal.
II.
Fear fada ’n-a sheasamh air chroc (chnoc),
Gan focal i na phus
Acht bíbh a bhéaibh bhíbh, bhíbh a bheáibh bhú?
Freagra — Gunna.
III.
RANNTA.
Is iomdha Nodlag bhí mé fhéin
A’ bun an Duinne, is mé gan chéill,
Aníos ’gus síos ’mo rothaire bheag,
Mo chamán bán ’m mo dhorn liom.
IV.
IMIRT NA BPÁISDIDHE.
Nioscum, neascum, éirigh ’do sheasamh-cum,
Gad é méad mac bhí ’g an righ?
Mac indiú, mac indé,
A’s dhá mhac dhéag le haghaidh an lae.
Téidheann sé síos le tóin tighe,
Agus ’n-a chaoraighe bhuidhe shíos ag glaodhach ort.
AN SAGART AGUS AN GABHA.
Lá amháin chuaidh sagart isteach i gceardcha agus bhí
deór anuas ann.
“Maise,” ars an sagart, “is iongantach liom nach
gcuireann tú tuighe ar do cheardcha.”
“Maise! a shagairt,” ars an gabha, “lá fliuch cha dtig
liom, agus lá tirim chan fheil gráithe leis.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11