RÉAMHRÁDH.
Bha na sgéaltan seo sgríobhta síos rí Aoidhmín Mac
Gréagóir. Do sgríobh é iad as beulaibh na sean-daoine
ins an t-oileán Rachreann na stacann.
D’iarr mé air go tric minic na sgéaltan a sgríobhadh
amach agus iad a cur i gcló. Do shaoil mé gurab é mo
bheacht go mbeadh muintir Rachreann agus Éireann reidh
mheasach ar lós iad a léigheamh agus fios aca cuideacht
go rabh a clann in a diaidh in-chionn iad a léigheamh gan
gruaim orra idir.
Chan fheil é i bhfad ó shoin ó tháinig duine go Rachrainn
ag iarraidh sgéaltan agus ceóltan. “Tá barraidheacht
annsin,” adubhairt fear Reachrann, agus é ag breacadh
do an cill.
Do shabháil Aoidhmín cuid de na sgéaltaibh bhó riocht an
bháis — ar son na páisdean.
(Da) na’ mbéidheadh mhian ris an pobal an leabhrán
seo a cheannacht agus a léigheamh. Is urrainn linn beirt
leabhrán eile agus leabhrán ceóltan a cur i gcló.
Mara cuidigh an pobal linn chan úrrainn linn cuideacht
leaobhtha. Chan fheil feac r déanadh againn idir.
Mise,
ÍDE NIC NÉILL.
Mise,
ÍDE NIC NÉILL.
MÉIRLEACH AN CHORRAIC DHUIBH.
Bha rí ann roimhe seo, agus bha trí mac aige. Aon de
laethibh fuair bean an ríogh bás, agus phós é bean eile.
Bha an bhainríoghan nuadh seo fuathasach dona do chlann
an ríogh. Coin-feasgar amháin smuainigh an tsean-bhean
ríoghán go ndéanfadh í ar shiubhail leobhtha. Chuaidh í
ionnsuidhe an mac budh sine, agus dubhairt í leis:—
“An imreochaidh tú de na cárdaibh?”
“D'imreochaidh mé agus fáilte,” ars an mac budh sine.
“Tá go maith,” ars an leas-mháthaír, “acht ar aon
choinghioll dlúth, agus sin, má bhainfidh mé ort. Is urrainn
liom pianas ar bith de shalach a chur ort, agus má bhain-
fidh tú orm-sa, is urrainn leat pianas ar bith de shalach
a chur orm-sa ar an dóigh céadna.”
“Tá go maith,” ars an leas-mhac.
D'imrigh iad de na cárdaíbh agus bhain an leas-mháthair
ar an bhálach. Bhá sin go maith aici-si. Chuaidh an leas-
mháthair arís, agus d'imrigh í leis an dara mac, agus
bhain í air, ar an doigh agus coinghioll céadhna a bhain í
ar céad mhac roimhe. Bhá go maith agus cha rabh go holc
go deachaidh í ionnsuidhe an mac ab' óige.
“An imreochaidh tú de na chárdaibh, a mhic mo chroidhe,”
ar sise leis a leas-mhac.
“D'imreochaidh mé agus fáilte,” ars an mac ab' óige.
D'imrigh iad de na cárdaibh agus bhain an bhálach uirre
an tráth seo. Chruinnigh iad cúirt. Nuair bha an chúirt
suidhiste, dubhairt na daoine ar aon ghuth amháin gur
mhian leobhtha fios a bheith aca cad é an pianas faoi
coinghioll dlúth a chuirfadh an tsean-bhainríoghain ar a
leas-mhicibh. D'éirigh an leas-mháthair fá chomhair na
cúirte, agus adubhairt:—
“An tráth seo cuirfidh mé mar phianas ar an dá mhac
is sine aistear mór a dhéanamh, agus feumfaidh iad each
Ridire na nGleann na mBeann is na Réidhlean réidh a
ghoid, is a thabhairt in mo ionnsuidhe, agus tuigidh sibh, tá
adhastar ar an each sin, agus trí fichid cluiginí air, agus
nuair craithfidh eisean é féin, déanfaidh é an leitheid de
tscráighlighe is go musglóchaidh é gach uile duine timcheall
na háite, agus fá an ceartuair musglóchaidh Ridire na
Gleann na mBeann is na Réidhlean réidh, agus lasfaidh
é teine mór ar son 'chuile dhuine i dtig in a chomhair ar
son gada.
“Matá,” ars an t-aon ab' óige de na báilighibh leis
an tsean-bhean ríoghan, “cuirfidh mé thú fá pianas, agus
mór-phianas na mbliadhnann go deachaidh tú suas ar an
chuid ab' áirde de chúirt mó athar, ar dóigh nach bhfuighidh
tú giota le iththe, acht an oiread a séidfidh in do ionnsuidhe
as sopóig arbhair leis an ghaoith, agus gan deór uisge
le ól aghad acht an oiread a bhéirfidh tú ar bharr do
theangan as fras ar bith ag dul seachad, agus gurab'
fhéidir dhuit fuireach suas annsin go ceann seacht
mbliadhnann go bhfuighidh tú amach an bhfeil sinn beo no
marbh.”
Chuaidh a leas-mic ag chósuidheacht agus ag síor-shiubhail
ar son an t-eich a góid. Bha iad ar shiubail ar aghaidh a
gcinn go d'éirigh leisg orra go mór nuair nach rabh eolas
no fios aca cad é an bealach a rachadh iad. Bha coin-
fheasgar dubh na hoidhche ag teacht nuair thachair duine
orra. Ba chorrach fuathasach dubh ar an dhuine céadna
seo, is bha é bacach. Labhair an bálach ab' óige ris, acht
mar sin féin, cha dtug é freagra idir do, acht d'fhiosruigh
é daobhtha cia áit a rabh iad ag dul, agus dubhairt iad
ris go raibh iad ar son eich Ridire na nGleann na mBeann
is na Réidhlean réidh a ghóid.
“Má tá,” arsa Duine an chorraic duibh, chan fheil sin
furas a dhéanadh, mar bha an Ridire in a shuidhe ar aghaidh
an eich ar feadh seacht mbliadhnan, agus beidh é mar sin
go cionn seacht mbliadhnan eile. Acht a charaideann mo
chroidhe, ná bí sibh tasanach. Théid mise libh, mar tá a
fhios agam-sa cia áit a bhfeil é, agus an t-am is féarr
a bhfuighidh sinn é.” Thosuigh iad ag chosuidheacht agus ag
síor-shiubhail, agus bhá iad mar sin go ráinig iad an áit
a rabh an t-each, is fá an t-uain a deachaidh iad i gcomhair
an t-eich ar son é a góid, thug an t-each craith as é féin
go ndeárn cluiginí a iadhastair an léithead de stráigh-
lighe go músgail iad Ridire na nGleann na mBeann
is na Réidhlean réidh, agus le haon phreab amháin léim é
in a sheasamh as a shuan chodalta; is go rug é is a chuid
fear ar na trí bálaigh agus Duine an chorraic duibh
cuideacht, agus chuir iad go iomlán faoi glas. Bha teine
mór ag an Ridire ar son 'chuile duine a dhéanfadh rud
ar bith cearr. Lá ar n-a bhárach sgaoil é as glas iad.
Thugadh iad in a láthair, agus san ceartuair. Dubhairt
an Ridire leobhtha an tráth seo, “Tá mé ar tí sibh a chur
ins an teine mhóir atá déanta ar bhur shon agham, is chan
fheil agham-sa,” ars an Ridire, “acht aon chomhairle amháin
díbh, agus seo mar a bhfeil í. Má tá a haon daoibh
ábalta a rádh go rabh é níos goirid do'n bhás ná tá sibh
anois leigfidh mé ar shiubhail fear agaibh. Bí mear
chan fheil acht trí nodaireann agaibh is tá sibh ins an
teine móir agham.”
“Matá,” dubhairt Duine an chorraic duibh, “bha mise
chomh deis do'n bhás is tá sinn anois. Bha mé i gcomhnuigh
in mo ghadaidhe, agus aon de na laethibh bhá mé ar siubhail,
nuair chuala mé go bhfuair easbog bás. Bha neart óir
agus airgid aige. Rinne mé suas mo inntinn go
mbéidheadh mé in mo mháighistir ar gach uile beartach a
bha timcheall air. Chuaidh mé d'ionnsuidhe a thigh. Chuaidh
mé isteach. Chá rabh giota le fagháil acht ciarsúir a bhá
fágtha ar an bhórd. Bha mé ag déanadh mo bhealach macha,
agus cia bhéidheadh ag teacht in mo ionnsuidhe acht na
saoth-mhaorann. Mhionnuigh aon de na saoth-mhaoraibh go
bhféidfidhe Gadaidhe an chorraic duibh i bheith ós a choinne.
Annsin chuaidh an saoth-mhaor isteach, agus rug é (mar a
shaoil é) ar Dhuine an chorraic duibh. Annsin mhionnuigh
é go rabh Méirleach an chorraic duibh i gréim aige, is
go rabh é chomh láidir is gur cosamhail leis an diabhal an
neart a bha aige ag coraidheacht leis. 'San ceartuair
sin d'amharc ceann de na saoth-mhaoraibh eile isteach.
Chonnaic é rud mór dubh, is le eagla a chroidhe leig é ur-
char leis, agus chuaidh an piléir isteach collán an tsaoth-
mhaoir, is thuit é marbh ar an urlár. Chuaidh mé i bhfolach
ar chúl an dorais go deachaidh gach uile rud thart.”
“Go dearbh bha thú chomh deis do'n bhás an uair sin is atá
tú indiu,” adubhairt Ridire na nGleann, “is ar a shon
sin leigfidh mé saor an mac is sine de mhacaibh an ríogh.”
“Tá go maith, is glé mhaith,” adubhairt Duine an
chorraic duibh. “Chan fheil é ró-mhaith leat-sa, no an
beirt mac eile. Cia go dtáinig tú fhéin fríd mórán
contabhairt, is go bhfeil tú fuathasach iongantach, acht fa
an tráth seo tá mé ar tí sibh a chur ins an teine móir
atá déanta ar bhur son agam,” ars an Ridire, “acht aon
chomhairle amháin díbh, agus seo mar a bhfeil í. Má tá
a haon daoibh ábalta a rádh go rabh é níos goirid do'n
bhás ná tá sibh anois, leigfidh mé ar siubhal fear agaibh.
Bí mear. Chan fheil acht trí nodaireann agaibh, is tá
sibh ins an teine móir agham.” Adubhairt Ridire na
nGleann:— “Matá, adubhairt Duine an chorraic duibh,
bhá mise comh deis do'n bhás is atá sinn anois cuideacht.
Bhá mé i gcomhnuighe mall. Aon de oidhcheibh bhá mé amuigh
glé-mhall agus ró-mhall, is cha dtig liom lóistín fhagháil.
Bhá mé ag cosuidheacht ar feadh na hoidhche. Nuair d'éirigh
mé glé-chortha, chonnaic mé tigh mhadaidh i bhfad uaim.
Chuaidh mé in a ionnsuidhe, is shuidhe mé síos ar dhrom an
tighe céadna sin, ar son mo sgíth a dhéanamh. Cha rabh mé
i bhfad ag déanamh mo sgíth nuair chonnaic mé trí pis-
eogann ag teacht. Bha trí pócan óir ag gach uile haon
aca. Chuaidh iad isteach tigh an mhadadh. Chuaidh iad in a
luighe, agus chuir iad ceann de na pócaibh óir faoi cionn
gach h-aon daoibh. Bha iad mar sin gur thuit iad in a
gcodladh. Nuair chuala mé iad ag srannfaigh, bha a fhios
agam go rabh iad in a gcodladh suanach. D'éirigh mé ó
dhrom an tíghe, agus chuaidh mé ionnsuighe stac mhonadh.
Bhuin mé trí fhóid mhonaidh as. Chuaidh mé ionnsuidhe tighe
an mhadaidh. Chuaidh mé sa tigh céadna sin. Fuair mé
in a gcodladh iad. Thóg mé a gcinn, sgiob mé na trí
pócann óir futha. Chuir mé trí fhóid mhónaidh futha in a
áit. Chuaidh mé ar shiubhail, is mo trí pócann óir liom.
Cha rabh mé i bhfad ar mo bhealach nuair chuala mé na
píseogan ag teacht ar mo chúl. Bha iad ag teacht suas
liom, nuair smaoitigh mé gurab fhéarr liom ag dul i
bhfálach áit éigin. Cha rabh áit idir i bhfugas domh-sa no
i bhfad uaim a bhféidfidhe domh ag dul i bhfálach ann, acht
craobh dosrach amháin. B'éigean domh dul suas ar bhárr
na craoibhe sin. Chá rabh é i bhfad go dtáinig na piseogann
suas ris an chraoibh. Chonnaic iad mé ar bhárr na craoibhe.
Thosuigh iad ag teilg clochan in mo ionnsuidhe ionnas go
mbuaileochadh iad anuas mé, acht chá d'eirigh leobhtha, cia
go rabh iad ag teacht orm ar aghaidh ar aghaidh go rabh iad
cortha go buileach. Fa dheireadh thiar thall thug iad iarracht
chum i bheith ag strapadh suas chugam-sa, nuair tharraing
me mo chlaidheamh mór, agus bha me i gcomhnuidhe ag dubh-
slánachadh claidheamh leomhtha chum iad a chongbháil ar chúl,
agus ar son neirt mo lámhaibh, cha leigfeadh an t-eagla
daobhtha a theacht suas in mo ionnsuidhe. Nuair cha b'urrainn
le na piseogaibh ag teacht in mo chomhair ar an dóigh sin,
dubhairt a haon aca leis a haon eile, “Déanfaidh mé
gabha díom fhéin, agus déanfaidh thu giota iarrainn dhuit
fhéin, agus déanfaidh ár gcaraid eile tuath dhi fhéin, agus
gearrfaidh síos an craobh cabrach seo, agus beidh Duine
an chorraic duibh againn fóst.”
Bha an gabha leis an giota iarrainn, agus an tuadh ag
gearradh is ag obair ar an chraoibh go raibh í ag craitheadh
agus ar tí tuitim, acht fá dheireadh thiar thall tharraing
an gabha buile fa leith is buile fa dhó, is lúb é an chraobh.
Bha an buile fá dheireadh tarraingthe aige ar lós na
craoibhe a leagadh síos, nuair sgairt an chaileach is b'éigean
daoipa [dóibh] ag dul in a gcuma fhéin, agus go bráth ar
shiubhail leobhtha. “Go dearbh cinnteach, a dhuine fuathasach
iongantach, bha thu chomh deis do'n bhás an uair sin is tá
thu indiu (is) leigfidh mé saor an bálach meadhoin,”
adubhairt Ridire na nGleann.
“Tá sin go maith is glé-mhaith,” adubhairt Duine an
chorraic duibh. “Chan fhéil é chomh maith is saoilfeá. Tá
thú fhéin agus an mac is óige agham fóst. Cia go dtáinig
tu fhéin fríd mórán contabhairt, is go bhfeil tú fuathasach
iongantach, beidh bothtan ort an tráth seo, óir tá me ar
tí sibh a chur ins an teine mhóir atá déanta agham ar bhur
son. Chan fheil agam acht aon chomhairle amháin daoibh,
agus is í seo an chomhairle, go bhfeil a haon daoibh ábalta
a rádh go rabh é níos goirid do'n bhás ná tá sibh anois, is
leigfidh mé ar shiubhail an mac is óige de'n righe. Bí
tapaidh, chan fheil acht trí nodaireann agaibh, is tá sibh
ins an teine mhóir agham,” adubhairt Ridire na nGleann.
“Matá,” adubhairt Duine an chorraic duibh, “bha mise
chomh deas do'n bhás is atá sinn anois cuideacht. Bhá mé
i gcomhnuidhe ar seachran, agus oidhche de na hoidhcheibh bha
mé ar shiubhail, mar bh'ábhaist liom. Cha rabh a fhios agam
cia an ród a rachainn. Nuair chonnaic mé solas beag
i bhfad uaim, rinne mé air. Bha mé ag teannadh a ndéis
do'n tsolas nuair chonnaic mé gur tigh mór a bha ann,
acht má bha fhéin, cha rabh duine le feicsinn seacht in a
thimcheall. Chuaidh mé isteach is chan fhaca mé duine idir
acht bean óg in a suidhe agus páisde ar a glúin agus í
ag caoineadh go fuathasach buan. D'fhiosruigh mé dhi cad
é a thug uirre í bheith ag caoineadh ins an dóigh sin, agus
dubhairt í liom, dar leabhra, a dhuine chroidhe an chorraic
duibh, an páisde seo atá faoi do fheic-géir ar mo ghlún-
sa. Is é páisde a thug fathach an tighe annseo as an
coille-seilge, agus dubhairt é liom faoi an t-uam a
bheidheadh é ag imtheacht ionnsuidhe an coille-seilge is ag
teacht ar t-ais dhá thigh aríst, an páisde seo i bheith réidh
ar son a bhéile. Sin é fios fáth mo bhuan-chaoineadhe.
Smaoinigh mé ar feadh tamaill, agus dubhairt mé léith,”
“Tabhair domh-sa an páisde, agus gheobhaidh mé bean a
thiubhraidh áire dhó.” Annsin téid mise ionnsuidhe coille
na tseilge, agus bheirfidh mé ar tuircín duit, agus cuir
síos ins an choire é in áit an páisde. Gearrfaidh sinn
méar amháin de'n pháisde, agus í a chur síos ins an choire
le córda ar eagla go mbeidheadh an fáthach ag rádh,
'Mhothuigh mé boladh feoil mhuice,' ná (da) in abrochadh é
sin, tharraing méar an pháisde as an choire, agus táis-
pean do í. Annsin créidfidh é go bhfeil páisde ins an
phota aige. Chuaidh mé ionnsuidhe coille na tseilge ar
los tuircín fhagháil. Cha rabh mé i bhfad san choill nuair
chonnaic mé tuircín. Bhá mé ar lorg an tuircín sin go
dtáinig coinfheasgar na hoidhche orm. Is fa an tráth sin
rug mé gréim air; mharbh mé é, agus theilg mé ar mo
mhuin é. Rinne mé ar an tigh mhór, thug mé an turcín
do'n mhnaoi óig. Rinne í gach uile rud mar adubhairt mé
cheana. Chuaidh mé i bhfálach, Cha rabh mé i bhfálach mar
budh chóir domh nuair chuala mé an fáthach ag teacht chum
an dorais. Bha torc mór fiadhain ar a mhuin. Thug é
trí crathann as, agus leis an chéad iarracht chrathuigh é
trosgan an tighe; leis an darna iarracht an turlár
agus taobhann an tighe; leis an tríomhadh iarracht bun
an tighe uilig. Annsin dubhairt é leis an mhnaoi oig, is
guth géar garbh in a ghlór, “Mhothuigh mé boladh duine
farrach san tighe.”
“Ó,” ars an bhean óg, “sin é an páisde atá san
choire,” agus í ag táisbeanadh méir an pháisde dho.
Cha rabh an tuircín fá ghol, nó leath fá ghol nuair shaith
an fáthach bior na feola ann, agus bha ar an urlár aige,
is gan tuilleadh dála. Thosuigh é dho, is gach cnámh a bha
créimthe aige theilgfadh é ionnsuidhe na mna óige í.
Nuair bha an fáthach críochnuighthe, dubhairt é leis an mnaoi
óig, “Dar mo bheacht, bha an fheoil sin coltach cosamhail
le muic-fheoil.”
“Cha rabh go dearbh,” ars an bhean óg, ag taisbeánadh
méar an pháisde dhó. Nuair bha a bholg mór lán bidhe
agus digh, chuaidh é go dtí a leabadh. Cha rabh é in a luighe
eadar ceithre colbha a leabidh go rabh é in a chodladh.
Nuair bha a fhios agam go rabh é fá throm-shuan, tháinig mé
amach as an áit a bha mé i bhfálach, agus rug mé ar bhior
na feola; shaith mé san teine é. Nuair bha an bior
dearg, chuaidh mé ionnsuidhe an fháthaigh a bha in a shuan-
chodlata. Nuair ráinig mé é, chan fhaca mé acht aon
tsúil amháin i gclár a éadain. Thóg mé mo lámh, agus
shaith mé bior na feola glan isteach in a shúil. Nuair bha
sin déanta agham, thug mé bonn glan mo choshaibh domh,
agus amach liom as an tigh go bráth. Cha rabh mé ag
leigaint uisge ar shálaibh, nó go bhéirfadh mé ar an ghaoith
a bha romham is gan leigaint do'n ghaoith a bha ar mo chúl
a bhreith orm. Is le luathacht mo nirt, is neart mo luathaigh,
gan smuit ag éirigh ó mo chósaibh go rabh mé seacht míle
ar aghaidh. Bhá mé ag déanadh coiscéimann i ndiaidh mo
shróna is ó chúl mo shálaibh. Chuala mé strighleach an
fáthaigh ag déanadh beann de thruslóig agus gleann de
dhá thruslóig go dtáinig é suas liom agus é dall gan
feic gan amharc aige ar los mo ghabhail. Nuair thug é
fáinne fiosach a bha fá gheasaibh aige, agus theilg é in mo
ionnsuidhe í, is le daoi-dhraoidheacht thuit í ar mo lúirín
mhór. Sgáirt an fáthach leis an fháinne, “Cia áit a bhféil
thu?” is d'fhreagair an fháinne dhó, “Tá mé ar luirín
mhór Duine an chorraich duibh.”
Ar a shon sin bha fios ag an fáthach cia áit a rabh mé.
Nuair labhair an fáinne na focalann sin, agus rinne an
fáthach orm-sa, teilg mé an fháinne díom-sa, acht tháinig
í ar mo luirín mór aríst. Bha a fhios agham-sa anois nach
b'urrainn liom an fháinne ag cur seachad. Tháinig deagh-
bheacht orm, agus gheárr mé díom mo luirín mhór, is an
fáinne leis, is theilg mé í sa loch a bha ag cumáil éisg
do'n fháthach. Sgairt an fáthach leis an fháinne aríst,
agus d'fhreagair an fháinne dhó, “Tá mé ar luirín mhór
Dhuine an chorraic dhuibh.” Léim an fathach isteach san
loch is bha é báidhte.
Go dearbh cinnteach, a Dhuine an corraic duibh, bha tú
chomh deis do'n bhás an uair sin is atá thú indiu, agus ar
a shon sin leigfidh mé saor an bálach ab óige.”
Adubhairt Ridire na nGleann na mBeann is na Réidh-
leann réidh, is fá an ceartuair a bha na focalann sin
as a bhéal. D'éirigh an bhean a bha ag an fáthach agus
dubhairt:—
“Tá é ró-mhaith is glé-mhaith is níos fhéarr ná shaoil
sinn uile. Bha mise ag éisteacht le 'chuile focal adubhairt
Duine an chorraic duibh, agus is urrainn liom a rádh go
rabh 'chuile focal fíor adubhairt é. Ba mise an bhean a
bha ag an fáthach; agus ba tusa, a Ridire na nGleann
na mBeann is na Réidhlean réidh, an páisde a bha ar mo
ghlún.”
Nuair tháinig Duine an chorraic dhuibh isteach sa tigh
mhór a bha ag an fáthach. “Anois,” ars an bhean óg ris an
ridire, “tóg suas do lámh go bhfeicfidh 'chuile dhuine
go bhfeil an méar ar díth uirri.”
Thóg Ridire na nGleann suas a lámh mar adubhairt í,
is bha méar ar dhíth uirre. “Anois,” ars an bhean ri gach
a bha ann, “nach cruthughadh é sin go bhfeil sgéal Dhuine
an chorraic dhuibh fíor, agus dubhairt gach uile duine gur
cruthughadh go cinnteach dearbhach é leis sin a bheith ráidhte
ag an mhaoi óig. D'éirigh Ridire na nGleann, agus
dubhairt:—
“A charaid chóir, a Dhuine an chorraic dhuibh, sábháil mé
ó'n fáthach agus anois tá thú sábháilte ó'n teine mhóir,
agus ar son do dhílseacht leigfidh mé saor thú féin cuid-
eacht,” mar is eadh adubhairt Duine an chorraic duibh:—
“Tá sin go maith, glé mhaith, acht chan fheil é ró-mhaith.
Má is fiú mo dhílseacht giota, is fiú é each na gcluiginí,
is é i bheith broinnte dom, óir budh mhaith agus áil linn
each na gcloiginí chum thabhairt ionnsuidhe leas-mháthair na
trí mic seo, mar tá iad fá phianas is mór-phianas na
mbliadhnann each Ridire na nGleann na mBeann is Réidh-
lean réidh a ghoid is a thabhairt in a ionnsuidhe.
Mar sin adubhairt Ridire na nGleann, “Tá an t-each
libh agus fáilte.”
D'fhág iad slán ag Ridire na nGleann na mBeann is
Réidhlean réidh, is bha iad ar siubhail is síor-chósuidheacht
go dtáinig iad chomh fhad ris an chúirt, is connaic iad an
bhainríoghan ar an chuid ab' áirde de'n chúirt, is bha í ag
gabháil in n-a craos-bhéal giotann ag teacht as an ghaoith
as sopoig arbhair, agus iad a chur síos in a bholg le
deoraibh uisge ag teacht as fras. Annsin amharc an
bhainríoghan síos, is nuair chonnaic í Méirleach an chor-
raic duibh, agus a trí leas-mic le eich Ridire na nGleann
na mBeann is Réidhlean réidh leig í aon stráighleach
amháin aiste, is léim í anuas de'n chuid ab' áirde de'n
chúirt, is bha í marbh go nuige sin.
Gíogán agus Sgóidán
agus
Bolg bocht Ó Lóigán.
Bha iad fuathasach leisg. Uair amháin rith amach an min
orra. Nuair fuair iad deireadh leis an min, agus nach
rabh giota le ithe aca, dubhairt Gíogán le Sgóidán,
“Éirigh ar los choirce a bhuaileadh.”
“Chan éirigh,” arsa Sgiodán, “acht éirigh thú fhéin”.
“Éireochaidh sinn uilig go léir,” arsa Bolg bocht
Ó Lóigán.
D'éirigh iad, is chuaidh iad uilig go léir is bhuail iad an
coirce. Nuair bha an coirce buailte dubhairt Gíogán le
Sgóidán, “Éirigh leis ionnsuidhe an aithche.”
“Chan éirigh,” arsa Sgóidán, “acht éirigh thú fhéin.”
“Éireochaidh sinn uilig go léir,” arsa Bolg bocht
Ó Lóigán.
D'éirigh iad is chuaidh iad uilig go léir leis an choirce
ionnsuidhe an aithche. Nuair bha an coirce réidh dubhairt
Gíogán le Sgiódán, “Éirigh, is fhéarr dhuit dul chum an
muillin ris.”
“Chan éirigh,” arsa Sgóidán, “acht éirigh thú fhéin.”
“Éireochaidh sinn uilig go léir,” arsa Bolg bocht
Ó Lóigán.
D'éirigh iad, is chuaidh iad uilig go léir. Nuair bha é
meilte fuair iad an tiortha, is thug iad abhaile é.
Dubhairt Grógán le Sgoidán, “Éirigh, is cóir duit
bannach a dhéanamh.
“Chan éirigh,” arsa Sgóidán, “acht éirigh thú fhéin.”
“Éireochaidh sinn uilig go léir,” arsa Bolg bocht
Ó Lóigán.
D'éirigh iad uilig go léir is nith iad bannach. Nuair bha
an bannach déanta aca, dubhairt Gíogán le Sgóidán,
“Éirigh is cuir leis an teine í.”
“Chan éirigh,” arsa Sgoidán, “acht éirigh thu fhéin.”
“Éireochaidh sinn uilig go léir,” arsa Bolg bocht
Ó Lóigán.
D'éirigh iad is chuir iad uilig go léir leis an teine í.
Nuair bhí an bannach réidh ar los tionntughadh, dubhairt
Giogán le Sgóidán, “Éirigh is tionntuigh an bannach.”
“Chan éirigh,” arsa Sgóidán, “acht éirigh thú fhéin.”
“Éireochaidh sin uilig go léir,” arsa Bolg bocht
Ó Lóigán.
D'éirigh iad is thionntuigh iad uiligh go léir í. Cha rabh
í acht tionntuighthe aca nuair thainig sionnach isteach, agus
rug é Sgóig as an bhannaigh, agus amach an doras leis,
agus an bhannach in a ndiaidh. Dubhairt Giógán le
Sgóidán, “Éirigh is beir ar an bhonnaigh.”
“Chan éirigh,” arsa Sgóidán, “acht éirigh thú fhéin.”
“Éireochaigh sinn uilig go léir,” arsa Bolg bocht
Ó Lóigán.
D'éirigh iad, is do rith iad uilig go léir in a dhiaidh; acht
[da] na'n rithfadh iad i ndiaidh an bhannaigh go sochrochadh
badaigh Samhain agus Bealtaine le chéile. Cha bheirfadh
iad uirre. Bha an bannach ag rith i ndiaidh an tsionnaigh
go dtáinig í suas le triúir ag baint móna. “Cad as a
tháinig tusa, a bhannach bocht?” ars an trúir.
“Tháinig mé i ndiaidh an tsionnaigh ó Gíogán is Sgói-
dán, is Bolg bocht Ó Lóigán, agus tá mé uatha má
fhéideann me theilg an triúr síos a bhfálcann móna agus
i ndiaidh an bhannaigh. Bha an bannach ag rith i ndiaidh an
tsionnaigh go dtáinig í go dtí Ceathair is Fichid a bha ag
gearradh síos coill.
“Cad as a dtáinig tusa indiu, a Bhannaigh bhocht,”
ars an Ceathrar is Fichid.
“Tháinig mé i ndiaidh an tsionnaigh ó Gíogán is Sgoi-
dán, is Bolg bocht Ó Lóigán, agus triúr ag baint móna,
is tá mé uatha má fhéideann mé.”
Theilg an Ceathrair is Fichid síos a gchuid tuireasg is
tuagh is i ndiaidh an bhannaigh. Bha an bannach ag rith i
ndiaidh an tsionnaigh go dtáinig í suas leis ar bhruach
aibhne.
“Cad as a dtáinig tusa indiu, a bhannaigh bhocht?” ars
an tsionnach.
“Tháinig mé in do dhiaidh ó Giógán is Sgóidán, is Bolg
bocht Ó Lóigán, agus triúir ag baint móna, is Ceathrair
is Fichid ag gearradh síos coille, is tá mé uatha má
fheideann mé mar sin é.”
“Can fheil dóigh aghad fhaghail thar an abhainn gan
fliuchadh, a bhannaigh bhocht.” ars an sionnach.
“Chan fheil,” ars an Bannach.
“Mar sin tig ar bharr mo iarbaill,” ars an sionnach.
Chuaidh an bannach bocht ar bharr a iarbaill, is thosuigh
é ag snámh threasna, nuair dubhairt é leis an bannach,
“An bhfeil tú dod' fhliuchadh, a bhannaigh bhocht?”
“Tá mé,” ars an bhannach.
“Tig anúas ar ghrog mo dhroma,” ars an sionnach.
Chuaidh an bannach síos.
“An bhfeil tú dod' fhliuchadh anois, a bhannaigh bhocht?”
ars an sionnach. “Tá me,” ars an bannach.
“Tig aníos ar mhullach mo chin,” ars an sionach.
Chuaidh an sionnach suas.
“An bhfeil tú dod' fhliuchadh anois, a bhannaigh bhocht?”
ars an sionnach. “Tá me,” ars an bannach.
“Tig anuas ar bhárr mo shróna,” ars an sionnach.
Chuaidh an bannach síos.
“An bhfeil tú dod' fhliuchadh anois, a bhannaigh bhocht?”
ars an sionnach. “Tá me,” ars an bannach.
“Tig anuas ar mo liobar árd,” ars an sionnach.
Chuaidh an bannach síos.
“An bhféil tú dod' fhliuchadh anois, a bhannaigh bhocht?”
ars an sionnach.
“Tá me,” ars an bannach.
D'osgail an sionnach a bhéal, agus thuit an bannach
bocht isteach ann. Nuair tháinig Giógán is Sgóidán is
Bolg bocht Ó Lóigán is an trúir a bhá ag gearradh síos
coille go bruach an abhainn bha an sionnach ar an taoibh
eile. Leig é trí gáire as — gáire feargach, gáire sás-
tach, is gáire magach, agus caog é a shúil leobhtha, agus
d'imthigh.
AN TSEALG.
Lá de na laethibh bha na Féinne ag seilg ar Charn na
Seilge in Rachrainn. Ca rabh iad ag fághail moran,
óir theachair gur fíor-ghann a bha gach sealg an bhliadhain
úd. Bha iad cortha agus ag tabhairt suas fá choin-
fheasgar is tuitim na hoidhche, nuair d'éirigh iad gearr-
fhiadh. Bhá iad ag lorg an gearr-fhiadh úd go deachaidh í
síos i chruinn-thobar a rabh uachtar meala agus íochtar
fola; agus nuair chuaidh Oisín is a chuid madadh síos in
a diaidh, thionntuigh an cruinn-thobar in a uachtar fola is
íochtar meala. Ba é Caoilte Iarainn Mac Rónain an
chéad duine a ráinig an chruinn-thobar i ndiaidh Oisín,
agus nuair tháinig Fionn Mac Cumhaill suas leis,
dubhairt é —
“A Chaoilte ghasta, mo mhallacht go bráth ort. Seo
é an chéad am a raibh tú ar deireadh san tseilg ariamh.
Annsin tháinig Conán Maol Mac Móirne suas leis an
cruinn-thobar. Dhearc é síos go géar ar an oiread
fola a bha ann, is dubhairt é leis an bhFear Liath:—
“Cha do shaoil mé go rabh an oiread fola san gearr-
fhiadh sin. Sin comhartha go bhfeil an buaidh ag Oisín is a
chuid madadh.”
“Bí 'do thóst, a Chonáin, a amadáin,” arsa Diarmuid
donn Uí Dhuibhne, “Sin comhartha go bhfeil an chruinn-
thobar fá dhraoidheacht.”
Fuair Oisín é féin ar bhruach na mara, agus chonnaic
é caoin-bhean ar each geal, is —
“Budh dheirge ná an rós a gruaidh caoin,
Is budh ghille a snuadh ná eala an tuinn;
Budh millse blás a bpusann caorthann,
Na mil milis na sialann cruinn.”
D'fhiafruigh Oisín di cia an t-ainm a bha uirri, agus
dubhairt í:—
“Niamh Chinn Óir is é mo ainm,
A Oisín calma na bhFiann mór,
Thar mnáibh an domhain fuaireas gairm,
Is mé inghean chailce Ríogh na nÓg.”
Ris an méid sin ráidhte aici, thuit Oisín i ngaoil léithe
ar an ball, agus —
Do thugadar a gcúl do Éirinn,
Is a aghaidh go díreach siar,
Do thráigh an caoin-mhuir rompa,
Is do líon na tonna in a ndiaidh
go rabh iad i dtír na nÓg. Bha Oisín annsin léithe go
haoibhinn áit go cionn trí céad bliadhain, gur ghlac é
beachd in a cionn go dtabhrochadh é cuairt go h-Éirinn.
Thug an chaoin bhean cead do é sin a dhéanadh, agus ar
imtheacht dó, dubhairt í leis —
“A deirim leat-sa anois gan gó
Má tuirlingfar síos de'n eich bhán
Cha dtillfar choidhche go dtír na nÓg,
A Oisín caoin na cruaidh lann.”
“Cia an fáth sin?” adubhairt Oisín. “Ar an fath-tuigchail
go bhfeil tú trí céad bliadhan i dtír na nÓg ná'n
cuirfadh tú cos in Éirinn, béidh tú in do shean-fhear críon,
agus cha dtig tú ar t-ais aríst. Ghlac Oisín a comhairle
is chuaidh é trasna na mara go h-Éirinn. Faoin ránag é
Éire, bha Fionn Mac Cumhaill agus Féinne na h-Éireann
marbh agus gan Gaol-dhuine idir beo aige bha é ar siubhal,
agus síor-shiubhal ar fud na hÉireann go dtáinig beachtd
in a chionn go bhfillfadh é ar t-ais go Tír na nÓg. Aon de
na laethibh chonnaic é deich is dá fhichid ag iarraidh cloch a
thógáil suas ar chaiseal. Cha b'urrainn leobhtha sin a
dhéanadh. Annsin dubhairt Oisín leobhtha. “Na'n tabhrochadh
sibh mo sháith le ithe dhom. Cuirfadh mé fhéin an cloch suas
díbh.” D'fhiafruigh an deich is dá fhichid, cad é budh áil
leis ar son a bhéile? is dubhairt Oisin gur ab áil leis
seacht bulogann, is ceathramha de'n lon dubh. N'uain bha
sin ithte aige, d'fhiafruigh an deich is da fhichid de, na'm
b'urrainn ris an cloch a thógail suas ar an chaiseal go
mbeidheadh gaol aca air go bráth; agus chuir Oisín in a
dtuigchail. Cha b'urrainn ris fár go rabh seacht deilge ag
tréiseadh suas a bholg, is d'fheumadh an deich is da fhichid
ceathramha de'n lon dubh a thabhairt uaidh. Far an dóigh
sin, bha é, agus sgaoil Oisín na seacht deilge as a bhuilg.
Annsin rug Oisín ar an chloch, is tóg é suas í ar an
chaiseal cha rabh cloch acht suas far gur bhuail a chos ar
fharrán na hÉireann ná
Do chaill é amharc a shúl,
A dhealbh a ghnúis is a sgáil,
Do bha é 'n-a shean-fhear bocht dall
Gan brígh gan meabhair gan (áird) cáil.
Fuair an deich is da fhichid é in a shean-fhear críon agus
é ag fághail bháis. D'eug Oisín, is d'adhlachadh é san áit
sin. Thóg an deich is da fhichid carn ós a chionn, is sgríobh
iad a ainm in ogham chraobh.
SGIOB LIATH AN EARRAIGH.
Bha ráiméis na dtoice ann roibhe seo, agus seo mar a
bha í. Aon de laethibh thainig fear isteach a thigh fhéin, is
tagan leis. Sgáirt é ris a mhnaoi, agus dubhairt é
seo tagan atá mé dha thabhairt dhuit, agus cuir seachad é
ar son duine na cóise tinne. “Dar leabhra, nith mé
sin,” ars an bhean, agus chuaidh é amach aríst. Rinn an
bhean mar adubhairt a fear. Cha rabh a fear i bhfad amuigh
nuair tháinig fear siubhail isteach.
“Móra dhuit, a fhir chóir,” ars an bhean, “nach tusa
duine an choise tinne?”
“Is mise Leabhra,” ars an fear siubhail, “far is iomdha
míle siubhail mé indiu.”
“Matá,” ars an bhean, “dubhairt mo chéile, tagan a
chur seachad ar son duine na coise tinne, agus mar is
tusa é tabhreochaidh mé dhuit é.”
Tug í an tagan dó, is do falbh é an tigh. Nuair tháinig
a fear isteach ó a chuid oibre, d'innis í do go dtainig
fear na coise tinne isteach agus tug í an tagan dó.
“Dar an leabhra,” a stráille amadach —
Tabhair do gach
Is bí beartach,
ars an fear. “Matá, chan fheil árach air anois,” ars an bhean. Bha mar
sin go rabh an foghmhar bainte agus reicte aca. Lá eile de na laethibh,
tháinig a fear isteach ó an aonach is a chuid airgid aige. Thug é an t-air-
gead d'á rígh-mhnaoi, is dubhairt é léithe an t-airgead a chur seachad ar
son Sgiob Liath an Earraigh, dar leabhra. “Nith mé sin,” ars an bhean.
Rinne an bhean mar adubhairt a fear. Cha rabh a fear i bhfad amuigh.
Nuair tháinig fear siúbhail isteach. “Móra duit, a fhir chóir,” ars an
bhean, “nach tusa Sgiob Liath an Earraigh?” “Is mise leabhaira,” ars
an fear siubhail. “Matá,” ars an bhean, “dubhairt mo chéile airgead a
chur seachad ar son Sgiob Liath an Earraigh, agus mar is tusa é, tabh,
reochaidh mé dhuit é.” Thug í an t-airgead dó is d'fhalbh é an tigh. Nuair
tháinig a fear isteach ó a chuid oibre. D'innis í do go dtáinig Sgiob-
liab an Earraigh isteach, agus go dtug an t-airgead dó. Dar an
leabhaira, a stráille amadach,
Tabhair do gach,
Is bí beartach,”
ars an fear. “Matá, chan féil árach air anois,” ars an bhean. “Anois,
a bhean an tighe, chan fheil airgead idir agam chum an chíos a réic, agus
feudfadh sinn a bheith ar shiubhal chum ár bhfhortan fhaghail, agus ar son sin
a dhéanamh. Fagh réidh bannach mór agus cearc beag ar los an aistir
dhúinn, agus an uair a bheidheas iad réidh, tarraing comhla an dorais in do
dhiaidh, agus lean mise,” ars an fear. “Dar an leabhaira, nith mé sin,”
ars an bhean. Nuair bha an lón réidh aici, rug í ar an comhla ó chúl-
phinnibh an dorais, agus tharraing í ar a druim é. Nuair chonnaic a fear
í, dubhairt é, “Dar an leabhaira, a stráille amadach:—
Tabhair do gach
Is bí beartach.
Chan fheil árac air anois,” ars an bhean. Bha é ag éirigh mall, agus
coinfheasgar na hoidhche ag teacht, nuair dubhairt an bhean ris á fear,
“Tá é chomh maith againn dul suas craobh agus ag feitheamh go maidin ann.
Chuaidh iad suas, agus comhla an dhorais mar leapa. Chá rabh iad acht
suas ins an chraoibh, nuair thainig sgata méirleach, agus suidhe iad síos
faoi an chraoibh. Cha rabh iad i bhfad go rabh iad ag comhaireamh a gcuid
airgid, a goid iad an lá roibhe. Nuair dubhairt an bhean ris a fear, “tá
é chomh maith linn comhla an dhorais a leigaint anuas ar na méirleachaibh
sin.” “Is é mo bheachtd go bhfuil,” ars an fear. Leig iad do chomhla
an dhorais tuitim anuas, agus sgaip é na méirlaigh mar sgaipfeadh toit
teine roibhe gaoith márta. Chuaidh iad síos, is thóg iad an t-airgead.
Nuair bha an beirt ag dul do a dtigh fhéin, dubhairt an bhean ris an fear,
agus í a leigaint mion-gháire aiste, “Dar an leabhaira, a fhir ghlic, cuimh-
nigh ar:—
Tabhair do gach
Is bí beartach,
“Leig seachad an sgéal sin, a bhean chóir, Chan fheil árach agham ar
sin anois,” ars an fear, agus leig.
FIONNGHUALA CEATHAIR CRÁIN.
Maidin Nodlaig fuar sneachtach sa laethibh atá seachad, bha trí pear-
sann ann, Fionnghuala Fionn, Fionnghuala Donn, agus Fionnghuala Ceath-
air Cráin. Aon de laethibh cha rabh giota brosna le cur ar an theine
aca, agus dubhairt Fionnghuala Fionn ri Fionnghuala Donn, “Téidh ionn-
suidhe caillaigh na gcearc, agus iarr uirri brosna ar son teine. Chuaidh
Fionnghuala Donn ionnsuidhe tighe Caillaig na gcearc, agus d'iarr í uirri
brosna. Dubhairt Cailleach na gcearc:—
Cia feisteochaidh mo cheann
Is tochasochaidh mo dhrom
Gheobhaidh í brosna
Is beannacht uaim.
Agus dubhairt Fionnghuala Donn:—
Cia feisteochadh do cheann,
Is tochasochadh do dhrom,
Ar son do bhrosna
Is do bheannacht lom.
Is d'imthigh í a bhaile. Nuair ráinig í do-a-tigh d'fhiafruigh Fionnghuala
Fionn dhi, “Cia an fáth nach bhfeil brosna leat?”
“Ó,” adubhairt Fionnghuala Donn léithe, “Téid is tchifidh tú fhéin an fáth.”
Chuaidh Fionnghuala Fionn ionnsuidhe tighe Chaillaigh na gcearc, agus
d'iarr í uirre brosna. Dubhairt Cailleach na gcearc:—
Cia feisteochaidh mo cheann
Is tochasochadh mo dhrom,
Gheabhaidh í brosna,
Is beannacht uaim.
Agus dubhairt Fionnghuala Fionn:—
Cia feisteochadh do cheann,
Is tochasaidh do dhrom
Ar son do bhrosna
Is do bheannacht lom.
Is d'imthigh í a bhaile. Nuair rainig í an baile, d'fhiafruigh Fionnghuala
Ceathair Chráin dhi, “cia an fáth nach bhfeil brosna leat?” “Ó,” adubhairt
Fionnghuala Fionn léithe, “Téid, is tifidh tú fhéin an fáth.” Chuaidh Fionn
ghuala Ceathair Cráin ionnsuidhe tighe Caillaigh na gcearc, agus d'iarr í
uirre brosna. Dubhairt Cailleach na gcearc:—
Cia feisteochaidh mo cheann
Is tochasochaidh mo dhrom
Gheobhaidh í brosna,
Is beannacht uaim.
Agus dubhairt Fionnghuala Ceathair Cráin:—
Feisteochaidh mé do cheann,
Is tocharochaidh mé do dhruim,
Fad saoghal chugat gan mearbhacht
Ar son do bhrosna chruinn.
Is eadh, a Fhionnghuala Ceathair Cráin, geobhaidh tú brosna cruinn,
mo bheannacht, agus tuilleadh, má tig tú in mo ionnsuidhe Dia Domhnaigh
seo chugainn, arsa Cailleach na gcearc. D'imthigh í a bhaile. Nuair ráinig
í a tigh, d'fhiafruigh Fionnghuala Fionn dhi, “An bhfeil brosna leat?”
Agus dubhairt í léithe, “Tá brosna cruinn agham.”
“Mar sin di,” arsa Fionnghuala Donn. “Las suas teine is cur síos
barrigheacht brosna, is sí iarracht gasta. Déan réidh biadh dúinn.” Iar
sin i bheith ráidhte, is a mbéile cnáimhte, is le fuacht cráidhte, chuaidh iad in
a luighe as aimsir an tseaca sin. Tháinig maidin Dia Domhnaigh. Las
Fionnghuala Ceathair Cráin an teine. Mar b'abaist léithe. Nuair
tháinig an sgéal seachad go mbeidheadh mac an ríogh ag an teampall an
lá sin. Nuair chuala Fionnghuala Fionn is Fionnghuala Donn an sgéal
sin, chuaidh iad ar mire le straicealacht. Sgairt iad ri stráighleach mór
ar Fhionnghuala Ceathair Cráin, agus dubhairt:—
Déan réidh ár gclócan síoda,
Is glan ár bplaideachan móra,
Deasuigh suas foltan ár gruaige,
Is cuir orainn ár mbrógan óir.
Nuair bha iad réidh ar los an teampuil, dubhairt iad le Fionnghuala
Ceathair Cráin biadh a bheith réidh rompa nuair fhillfadh iad ar ais. D'imthigh
ad gan an oiread le slán fhághail ag Fionnghuala Ceathair Cráin. Bha í
in a suidhe le ais n-a teine ag caoineadh is ag gol nuair smaonuigh í ar
na focalaibh adubhairt Cailleach na gcearc léithe. Chuaidh i ionnsuidhe
tighe Chaillaigh na gcearc, is d'innis í léithe gach uile nith mar thachair
uirre, gur feumaidh í fuireach ag baile ag déanadh réidh biadh ar son
beirt-bhean. Dar an leabhaira, a dhuine mhuirneach, cha bhí mar sin tuil-
leadh. Téidh tú ionnsuidhe an teampuill cuideacht, is ris na focalaibh
sin a rádh, bhuail í a slat draoidhachtach ar Fhionnghuala Ceathair Cráinn.
Cha rabh an slat draoidhachtach acht buailte uirre nuair
Budh deirge a gruaidh
Ná dath aoibhinn an róis,
Is budh gile a snódh
Ná bán aol na lóise.
Chuaidh Fionnghuala Ceathair Cráin ionnsuidhe an teampuill, agus í
deisighthe chomh deas le té ar bith a bha ann. Nuair chuaidh i isteach chonnaic
í mac an ríghe, agus chonnaic mac an righe ise. Thuit iad i ngrádh ri chéile
ar an pleasg sin. D'imthigh Fionnghuala Ceathair Cráin sul far bha an
tseanmóir seachad (óir) bha an oiread deifre uirre chum baile roibhe an
bheirt bhean gur chaill í a bróg carnóg. Nuair bhí an seanmóir seachad,
is mac an righe ag dul as an teampuill, fuair é an bróg carnóg, is
dubhairt é nach bpósfadh é aon bhean choidhche no go doe acht an geirrseach a
bhéireochadh an bhróg carnóg sin uirre. Bha mac an righe ag cosuidheacht na
tíre le tamall fada, ag feitheamh an urrainn ris geirrseach fhaghail a
bheireochadh an bhróg carnóg sin uirre, acht fariar géir, cha d'fhuair é idir
í. Lá amháin bhá é ar shiubhail seachad fa tigh Fionnghuala Ceathair Cráin,
nuair glac é cortha. Chuaidh é isteach chum sgíth a dhéanadh. Nuair do
chonnaic na mnánn eile ag teacht é, chuir iad Fionnghuala Ceathair Cráin
faoi tuban. “Céad míle fáilte a mhic an righe,” ars an bheirt bhean
ris. “An bhfuair tú an geirrseach a bheireochadh uirre an bhróg carnóg
sin a fuair tú. Leabhaira,” arsa mac an righe. “Cha d'fhuair?” Annsin
dubhairt an bheirt bhean ris —
A mhic an righe,
Budh cheart is cóir,
Ag féachaint orainn,
Cia í do stór?
Tosuigh iad ag gearradh a saltann is luiríní móra daoibh ag feitheamh
an bheireochadh an bróg carnóg sin orra, acht ná mbeidheadh iad ag
déanadh an cleas céadna go lá an luain, cha bheireochadh í orra fá an uain
sin. Chuala mac an righe guth binn blasta ag teacht as fo an tobán, is
é a rádh —
Saltann móra lobhtha,
Is ladhra gearrtha crúbán,
Is an té beag buidheach
Síos faoi an tubhán.
“Dar an leabhra,” adubhairt mac an righe le Fionnghuala Fionn, “Cia
hé an guth sin.”
“Ó,” adubhairt Fionnghuala Donn, “sin stráighleach pigín. Feidhmfidh
mé an pigín sin a fheicinn,” adhubhairt mac an righe.
Thug é bárr a choise do an tobán, is tháinig Fionnguala Ceathair Cráin
amach as faoi léim an bhróg carnóg ar a chois, is bheiruigh é go glan uirri.
Nuair chonnaic Fionnghuala Fionn is Fionnghuala Donn sin d'éag iad le
náire,
Is chum sgéal fada grinn
A dhéanadh goirid binn
Fa mar mhnaoi.
Phós mac an ríghe
Fíor thogha na mban,
Fionnghuala Ceathair Cráin.
AN CAILLEACH IARAINN.
Lá bha an Cailleach Iarainn ar siubhail seachad, nuair chonnaic í duine
beag magach, agus é ramhar. D'fhiafruigh í ó na daoinibh san áit sin cia
é, is dubhairt iad gur Plummacan an t-ainm a bha air, agus go rabh é
in a chomhnuigh i dtigh beag leis féin. Nuair fuair í sin amach smaoinnigh
í in a inntinn fhéin gur deas an rud é le ith aici. Chuaidh an Cailleach
Iarainn a bhaile, agus fuair í sac, agus dubhairt í ris a giollaibh coire
mór i bheith ag gail ar an theine nuair fillfadh í ar ais. “Béidh mar sin,”
ars na giollan in aon ghlór amháin. D'imthigh an Cailleach Iarainn, is
an sac ar a druim ionnsuidhe tighe Phlummacain. Thachair gur Mí na
Nodlaig a bha ann, agus bha na laeann fuathasach fuar, agus ar a shon
sin bha Plummacain in a shuidhe roibhe teine deas gual móna. Nuair
chuala é stráighleach an Chailligh Iarainn, léim é suas ar faradh na gcearc
le eagla. Chuaidh an Cailleach Iarainn isteach ionnsuidhe an teine deas
gual-mhóna, is thionntigh í a druim ris.
“Dar leabhaira,” ars an Cailleach Iarainn, “tá mé iongtach fuar.”
“Tchí mé sin,” arsa Plummacan.
“Ma tí tú sin,” ars an Cailleach Iaráinn, “teilg do chotóg is fillidhe
beaga ar mo dhruim.”
“Cha dteilg,” arsa Plummacan. “Far chan fhaigh mé mo chotog is
fillidhe beoga ar t-ais aríst.”
“Matá,” ars an Cailleach Iarainn, “beidh tú fhéin do chotog agus
fillidhe beaga agham-sa, gan cainnt idir,” agus rug í ar Phlummacan.
Chuir í isteach an sac é. Theilg í an sac ar a druim, agus ar shiubhail léithe
a bhaile. Bhá sgian beag géir i bpóca Phlummacain, agus nuair bha iad
ag dul seachad coill, ghearr Plummaca poll beag san tsac, agus
d'amharc é amach, agus adubhairt,
“A Chailleach Iarainn, má leig tusa as an tsac mé, tá maide sníomha
sa coill seo, agus níos deise chan fhaca tú ariamh. Téid mise agus
geobaidh mé dhuit é.”
“Cha leig,” ars an Cailleach Iarainn, “óir cha dtig tú ar ais aríst.
Acht is urrainn leat taispeanadh dom cia an áit a bhfeil an maide
sníomha sin, agus gheobhaidh mé fhéin é. Chuir Plummacan a lámh as an
poll, agus tháispean é dhi an áit a rabh an maide sníomha. Chuaidh an
Cailleach Iarainn ionnsuidhe án áite ar rabh an maide sníomha, agus an
fhad a bha an Cailleach Iarainn dhá gearradh rinne Plummacan an poll
ní budh mhó go dtáinig é amach as an tsac. Annsin líon é an tsac le
clochann, agus d'imthigh Plummacan a bhaile slán. Nuair tháinig an
Cailleach Iarainn agus an maide sníomha aici. Nuair thóg í an tsac ar
a druim shaoil í gur fuathasach trom é. An fhad is a bha í ag dul abhaile
bha na clochann ag gabháil ri chéile.
Má is cruaidh mo cheann
Is cruaidh mo chos;
Má is cruaidh mo lámh
Is cruaidh mo bhos.
Nuair ráinig í abhaile bha an choire mór ag gail riompi, agus cha do
rinne í acht béal an tsaic a cur ris an choire, agus thuit na clochann
isteach, agus amach arís faoi thóin an choire céadna sin, agus ri gabháil
ath-goirid a dhéanadh ris an sgéal seo, bha an Cailleach Iarainn dóighte is
sgóilte chomh mór leis an pleasgadh sin is go bhfuair í bás.
AOIDHMÍN MAC GRÉAGÓIR
Mí na Nodlaig, 1909.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11