Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceólta Óméith

Title
Ceólta Óméith
Author(s)
Ó Muireadhaigh, Lorcán, An tAthair,
Pen Name
Mochta / Muireadhach Méith, An
Composition Date
1920
Publisher
Dun Dealgan Press

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CEOLTA ÓMÉITH



AN CHÉAD CHUID



LORCÁN Ó MUIREADHAIGH
Sagart



Do chruinnigh agus do chur
i n-eagar



Price 1/-



1920



Liam Tempest
Dun Dealgan Press
Dún Dealgan


L. 1


1. AN TOBAC.



Dá mbéinnse mo chomhnuidhe chois Theamhair na Bóinne
Dúthaigh bhréagh mhór a bhéith agam faoí stoc
Gearráin a us cóistigh ag dul rómham ins na ródaibh
A's mo phíopa bhéith lódalta lán do'n tobac
Mo mhaighre bhréagh mhódmhar a bhéith agam faoí 'n phósadh
Airgead agus ór in mo phóca go frás
Mé in mo shuidhe a chois teineadh maith' mónadh
A's mo phíopa bhéith lódalta lán do' tobac.



Ta mo shúile gan léur-sa 's mo chluasa gan éisteacht
Mo ghailleach da réubadh 's chan bréug uilig seo
'S mnaibh uaisle na hÉireann da dtiocfadh air gach taoibh díom
Air ghuidhe Mhic Dé cha dtabharfainn dóibh Toit
Ach, anois o's a gcéill damh ag dul suas ins na déugaibh
Goidé mo ghar fhéin an toil a thabhairt dó
'Sa cheathramhadh má théidh sé air ocht scilling déug
Is bodach go héug mé fa léub do'n tobac.



Ta'n tobac seo ag éirghidh 's ag dul ins na réagúin
'S goidé mo ghar fhéin a bhéith 'gearán faoí seo
A fuaidh sé ins na déugaibh, cha cheilim air aoinneach
Gur mé an scrúta 's mó in Éirinn fa léub do'n tobac
Scriobhfamuinn petition anonn chuig an ríogh
Fa'n tobac is daoire d'fág inne faoí bhrón
Ach mur gcuirfidh sé Relief, cuirfimid amach Fleet
A loscfadh ga'n luing atá aige faoí sheól.



Seo litir a chuir an Dé-mhac go dian
Gan orainn a bhéith tuirse no brón
Go bhfeil na soithighe dhá líonadh le tobac is daoire
'S go mbéidh órdlach a's fíche air a' leith-phighinn go fóill.
Chan fheil a'n chailleach o'n Bhóinn go Biorra na Seód
Nach gcuirfidh in órdughadh a muscaide 'rís
Béidh meadhar a's céol a's Whiskey 'ga ól
A's tobach 'ga chaitheamh a dtoigh Shéin Ui Ir.



Sé Séan a hIr an fear cróga criosta modhamhail
A shuidhfeadh fa'n bhórd a's a chaithfeadh a phighinn
Dá dtiocfadh Rí Sheóirse no Tighearna Mhuigh-Eo
D'iarrfadh siad an t-éolas air thoigh Sheín Uí Ir.


L. 2


2. GRÁINNE MHAOL.



Sí Gráinne an tsodaire Gráinne Mhaol
Air sodar 's air bogadh le Gráinne Mhaol
Cha stúicthear an choirce gan Gráinne Mhaol
Cha baintear an eorna gan Gráinne Mhaol
Sé dubhairt an londubh dul faoí bhárraidhe na gcraobh
Gur súgach faoi na hualaighe sin, Gráinne Mhaol
Cha baintear an eorna gan Gráinne Mhaol
Cha cuirtear un eorna gan Gráinne Mhaol
Gráinne an tsonais í, Gráinne an tséin
Gus bubaró, diodaró, Gráinne Mhaol.



3. AN TRIÚR CAILLEACH.



Mise an Chailleach bhiorra bhocht, is iomdhaidh holc a chomhnuigh mé
Sliabh gCuilinn, ma's árd a chnoc, chonnaic mé 'na ghlas-ghort é.



Má's iomdhaidh olc a chomhnuigh tú, chan fheil ionnat ach' girseach úr óg
Seacht gcéud déug bliadhain sol ma rugadh thú, bhí mise air chreig a
dTullaigh-óir.



Fóill, fóill, arsa'n chailleach eile, chan fheil ionnat fhéin ach' lurachán óg
Naoí gcéud bliadhain roimhe le do bhreith, bhí mé ag iomáil le mo chamál
ar fud chlasaí Ghleann na Smól.



4. PATRÚN CHILL-SHLÉIBHE.



Fuaidh mé fhéin air mo chois go Cill-shléibhe
Nuair a chualaidh mé an éagcóir a rinneadh inn
Chuir mé ceist air an tseipéul a's air na naomhtha
Goidé'n réim le Clann Bhullaidh inn
'Sé labhair an mhaighdean anois le céill liom
Le ceithre céad déug ta mé annseo air bun
Ach in áite eaglaise Gaodhlaigh' a bheith fa mo dhéin-sa
Béidh nead ag éanlaith 'nois ó's ar gcionn.



A Rí na ngrásta nach claoidhte an cás é
Gurb' iad sliocht Mháirtín d'fhág inne fann
D'fág mná agus páisdi a' gol 'na gcarnán
Le na ndéar beag ag díol an dream'
Ach ab é chomh géar a's tá an dlighe nar naghaidh
Bhéadhmaoist 'ga leadráil o thamb go tamb
Le máthair an áirne bhéadhmaoist 'ga gcarnán
A's áit' an phátrúin go mbéadh san ghleann.


L. 3


Teannaigidh faoighid mhór a Chlann na nGaodhal
Mar bhí Cill-shléibhe seal fada air bun
A's 'siad an dá Reámuinn 'san dream 'na ndéidh
Nac leigfeadh an réim le Clann Bhullaidh inn
Sgrios an Áird-Ríogh atá 's mo chionn in áirde
Ma's cóir damh ráidhte, go dtigidh air an dream
A's air fhear an Toigh Bháin atá na chomhnuidhe láimh linn
'Sé chuir ar bpátrún bun o's cionn.



Ach is cos'mhail gur éug siad-san Clann na nGaodhal
A bhí i gCill-shléibhe seal tamall o shoin
A's go bhfeil an dá Réamuinn a's an treibh na ndéidh
Anois o'n réim, le Clann bhullaidh inn
Ma tá, tiocfaidh an lá a mbéidh sagairt a's bráithre
A's an t-aifreann 'ga rádh mar bhí fad' ó shoin
Béid fir agus mná a teannadh cráibhthigh
Air an lá a d'órduigh Naomh Blinne duinn.



Glacaidh faoighid mhór a Chlann na nGaodhal
Mar tá mur múirnin ag teacht air an tuinn
Béidh fir agus mná a's gach uile áird inn
A's cha bhíonn an réim le Clann Bhullaidh inn.



5. TÁ BUACHAILL INS AN BHAILE SEO.



Ta buachaill ins an bhaile seo mór mór 'mo dhéid
Saoileann sé go meallfaidh sé mé le glór glór a bhéil
Ach, gheóbhaidh mise fear folamh ga'n bhealach de'n tsaoghal.



Saoileann an dailtín go bhfeil me gan chéill
A's go meallfaidh sé mise le glórthaí a bhéil
Ach, gheóbaidh mise fear folamh ga'n bhealach de'n tsaoghal.



Tá spota beag talaimh aige; acht ta sé ro-dhaor
Tá spota beag talaimh aige a's tá an toigh maith go leór
A's gheóbhaidh mise fear folamh ga'n bhealach de'n tsaoghal.



Nuair a chonnaic me an cró, sé an díon nach raibh air dhóigh,
Dubhairt mé agus dubhairt mé 'ríst é
Gheóbhaidh mise fear folamh ga'n bhealach de'n tsaoghal.


L. 4


BILLY GUY'S LAMENT.



Óch, go dtéidh tú slán a Nannsaidh is tú bhuaidhir go mór m'intinn
Thart thimcheall ins na gleanntaibh air uaigneas
A's go dtug mé ó do mhuinntir thú isteach go lár na gcondach
Ins an áitigh a raibh an t-iomlán de'n bhuaidhreadh.



Ir air Nannsaidh bhím ag smaoineadh, 'gus air Mháire bheag dá ríribh
Thart thimcheall ins na gleanntaibh air uaigneas
A's chan feil baile-cuain 'na mbíom air cheathramha a's a naoí
Nach gcuirtear thart na mílte air gach taobh diómh.



Mo mhallacht-sa go héug ort a Ros atá 'mo dhéidh-sa
Is leat-sa a chaill mé an connlán a's an deúgbhean
Is doiligh damhsa smaoineadh nach bhfeicfidh mé a choidhche
An déugbhean a's a connlán in éifeacht.



A Rí atá air fhlaitheas Dé, o's tusa chuir inne chum an tsaoghail seo
Guidhim-sa ó'm chroidhe astoigh agus ó cheart-lár mo chléibh
Ma éagfamuinn in Éirinn, go gcuiridh tú in aice a chéile sinn
Scáruighthe amach ó bhuaidhreadh an tsaoghail seo.



7. TUIREAMH.



Mhéudaigh an stoirm go mór, a's an fhearthainn
Briseadh an stiúir agus réubadh na maistí
D'imthigh na rópaidhe mar ceó ins na tonnaí
Agus bhí nar gcuid seoltaí mar bhéadh cubhar air an uisce.



A Shéin Uí Ir, a raogha na mbuachaill
An raibh tú air an chúigear a bhí ins an chruadail
Da mbéadh Padna Láimh leat nó Máire, an uair sin
Bhearfadh siad slán thú go Cnoc na nGaobhran.



A Shéin Uí Ir, da mbadh mhaith leat bás fhághail insa bhaile
Is thart faoí do chlárthai bhéadh na mná cráidhte a greadadh.
Ba thruagh an t-amharc a bhí air mo ghruagach áluinn
Ag iarraidh tárrthál' a's gan fághail air aige
As é ag dul ó thuinn go tuinn air an phlannc in airde.


L. 5


A Fheidhlimidh Ui Ágáin, nach raibh líon no bád agat
Goidé 's nach dtug tú tárrtháil dó
Ach murb é thu fhéin a's do shean-choite báidhte
Bhéadh Eóghan bán aige a mháthair, maith go fóill.



Nuair a chualaidh an Mhaighdean iad ag osnaighil
Snaidhm sí a dá láimh go daingean 'na timcheall
Sgairt sí air a hAon-mhac a's air a cuid easpuill
Thainic síad gan spás chuici, Peadar a's Pól a's Eóghan Báisde
“Tabhair an t-anam slán,” adeir sí “mar ta an snáithe cáithte.”



Till abhaile a gcoinne a' phátrúin
Agus bíodh leat-sa muinntir a' bháda
Agus leig do'n chineadh úd a chur in áirde
A's béidh toigh Mhichil Ui Cheallaigh faoí ró mar ba ghnáthac leis.



8. TÚIRNE MHÁIRE.



Sé túirne Mháire an túirne sasta, shiubhal sé lán d' Éirinn
'S chan fheil lios no ráth ó mhaigh go tráigh nar caitheadh lá 'ga ghléusadh
Chaith sé tráth air Iubhar Chinn Trágha, 'gus air mhullach gach' ardáin
sléibhe
'S gurb í an tsíogaide mná air Chnoc-na-nGrádh a shníomh le ádhbhar léine



Sé túirne Mháire an túirne sásta agus thug sí lámh nar bhréug é
Gur caitheadh siocan a's urcar pucan a thug air an bhfighteán pléuscadh
Thainic seighneán thart fo'n sciathán a thionntochadh roithneal méise
Gur scoilteadh an sciathán, an trú a's an tromán a's thug an ciogal
léim leis.



Seo an túirne ar dhoiligh bhéith buan aig raip-le-thuat a's mairseáil
Ag marcaidh púcaidh teacht dar ndúiseacht a mbóthan chúmhaing an
charnáin
Bean-toighe shubhailceach, preab 'sa luastar, freastal air thriúr ag
cárdáil
A's m' fhearsaidh úr gur cham 's gur lúb, a's gan é in mo chumhacht a
tarrtháil.



Amuigh ins na gleanntáin cuireadh é air thiompáin, a's coinnigheadh é
lán na ráithche
A's gur de chnámha gearráin rinneadh an pilleán a's leagadh a bhfiadh-
nais Mháire é
Naonbhar bhí sníomh ó mhaidin go haoidhche a's deichneár airís ag airneán
A's nar laidir an sníomh ó chasadh na haoidhche, ag tochardamh airís a's
ag cardáil.


L. 6


Ach, chan fheil léigheas le fághail anall ó Spáinn aig sagart no aig
cléireach
Nó go dtiocfaidh Mhac-Éoghain, atá air a chrónan, anuas ó bharr an
tsléibhe
Is aige ta na leabhraí leis an draoidheacht a thógailt a bhaineas do'n
ocáid céudna
Go gcluinfidhe na spócaí, 's a gcosa a n-áirde, a leímnig ins na
spéarthaí.



Sé do thúirne, a Mháire, an túirne sasta, deir na mná nar bhréug é
Agus thall 'sa Spáinn tá síogaidhe mna a shníomhfadh le ádhbhar gréasain,
A Mháire a rúin, tá an Nodlag seo fúinn, a's le cuideadh an Athar
'tá 'náirde
Tiocfaidh do thúirne abhaile Dé-luain, a's trí chos úr o'n Spáinn faoí.



Béidh hac a's Luimnigh, sraoll a's China, a's standards a's coillidh
áluinn
A's srúta do'n tsíoda is fhéarr is tír, 'na chur le do thúirne, a Mháire
Béidh sciatháin a's Lonndan, fighteán a's Lorgain, spit a's Umhall-
Uí-Mháille
Sreang do'n olann is fhéarr 'sa chomáil, air ndóig go mbéidh tu sásta.



Chan fheil Béurla aige mo bhean, a's cha dtuigeann sí an t-olc, ach
choidhche 'gcionn an túirne,
Agus “fagh an sop,” a's “sciúr an mhias” a's “do chos air mhaide'n
luastair.”)


L. 7


9. PÁTRÚN OMÉITH.



Shuidhigh mé láim le athair na ngrásta aige Pátrún Oméith
'San áitigh 'rabh sagairt a's bráithre a's grásta Dé
Bhí fir uaisle a's ga'n áird inn a's fir áirriste le réim
Ag crathadh lámh 'sa hatai 'náirde aige Pátrún Oméith.



Da mbéinn-se mar ba ghnáth liom, bhéinn aignidh a's óg
Bhainfainn fuaim a's an chláirsigh le hárd-scoith mo cheóil
A's d'ársochainn scéul díbh le honóir as le féum
Sé mur gcéud míle fáilte go Pátrún Oméith.



10. TÁ AN T-ARÁN LEIS AN TEINIDH.



Tá an t-arán leis an teinidh 'gus an maistreadh 'ga bhualadh
Truagh ná' 'eil ceapaire amuigh aige mo bhuachaill
Tá an mhaol ins an chóirneal a's an bhreac air an urlár
Thónbó, thilliliu, a dhuine mhaith a' dtuigeann tú m'amhrán?
Tá an tseanbhean a's Íarí 'ga bogadh 'sa chliabhan
A' mur mbogfainn an tseanbhean cha chodhlochadh-sí i mbliadhna
Tá capall a' bhodaigh ag séideadh air an orlann
A's chan fheil oirid le madadh dheanfadh tafaint no dranndál
Ta an pota air an teinidh a's an tarán 'ga chruacadh
Tabhair leat an capall á's na gabhthar le ruaig thú.



(A robber obtained lodging in a farmer's house, for the purpose
of stealing the horse. He sang this song to avert suspicion
while giving information to his comrade outside. The greater
part of it is Nancy Caulfield's version, but there are a few
additions by Mrs. O Hagan of Ballinteskin.)



11. AN DÚLAMÁN.



Rach'muinn inn an Iubhair leis an dúlamán Gaodhalach
Ceannachaidh mé bróga daor' air an dúlamán Gaodhalach
Bróga breaca dúbha air an dúlamán Gaodhalach
Bairead agus triúbhas air an dúlamán Gaodhalach



Curfá — Dúlamán na beanna buidhe, dúlamán an t-sléibhe
Dúlamán na fairrge a's dúlamán an Déidigh.


L. 8


Goidé rug thusa inn na tíre seo, arsa'n dúlamán Gaodhalac
Ag suirghe le do nighin arsa'n dúlamán maorach
Chan fhaghann tú mo nighean arsa'n dúlamán Gaodhalach
Maise, gheobhaidh mé do nighean, agus fuaduigheadh liom í, arsa'n
Curfá (as above). Dúlamán maorach.



12. AN DROCH-BHUACHAILL.



Ta Séan bocht tinn, ach' ní'l gar dó bhéith a caint
Chan iosadh sé arán no préataí
Ach dúlamán donn a d'fhás air a' tuinn
Sin, agus cnuasach trágha.



13. AG DUL GO B'LATH' CLIATH DAMH.



Agh dul go B'lath'-Cliath damh an chéud lá de'n tseachtmhain
Sé chas orm an stáidbhean a dtug mé spéis dí a's taithneamh
D'fiafraigh sí fhríd chómhradh chaomh “Ga gcomhnuidheann tu a mharcaig?”
“A gCúig' Uladh tá mo loisdin a's m'áit-chomhnuidhe le fada.”
“Ma thigeann tú liomsa, sé an connradh a bhéas déanta
Bhearfaidh mé fíon ruadh na Spáinne dhuit, a's gach uile biadh a's éadach,
Saorthach a's an scathan agus ceól binn na Gréige
Agus cead codalta, gach oidhche, a dtuaith-lios na gréine.”



“A mhaighdean deas bheasach, gibé 'n taobh díom a mbiónns tú
Chan fheil aithne agam fhéin ort, no aig' aoinneach sa tír seo
Tá dath gorm na n-éag ort, dath na gréine a's na húire
Gus trathnóna De Domhnaigh a tugadh chun siubhail mé”
“Cuirim ceist ort, a mharcaigh, o's tú is deireannaighe a d'fhág an baile,
Goidé mar tá do chéile, nó bhfeil si beo agat?”
“Tá sí tinn, tréith-lag a bhfiabhras na leaptha
A's tá mise 'ga mo raobadh dí, a's gach a'n lá ga 'mo shleadadh.”



“Na bíodh ort-sa buaidhreadh, a mharcaigh, ma bhíonn sí gan anál
Na bíodh ort-sa buaidhreadh ma théidh sí uait a stealladh
Gheobhaidh tú airgead in do phóca agus ór le haghaidh scaibthe
Agus maighre 'n chúil dualaigh a bhéith ag cóiriughadh do leaptha.”
“An gcluin tú mé a chaoin-bhean, na hiarr a bhéith mo mhealladh
Ta murnín lag óg agam a's chan oireann sé damh a scaibeadh
Ma tá airgead in do phóca no ór buidhe le caitheamh
Tabhair céile duit fhéin le dul rómhat 'sa bhealach”


L. 9


“Ar mhionna na leabhar, mar labhair tú go séimh liom
Bhéarfaidh mé fhríd ghleanntaibh thu, a's go hárd air na sléibhte
Bhéarfaidh me amach 'sa choillidh thu, mar chomhnuigheas na héanlaithe
A's sé mo mhíle chrádh, bhí mé fhéin ariamh agat”
“Goidé an mearbhall seo orm, no an íad na réultaí atá ag tuitim
Nach n-aithnighim-se mo chéud-ghrádh; 'sa mhíle téagar is tú atá agam
Shiubhalfainn na cúig cúigidhe a's na dhéidh sin, Cill-Chainnig
Air an léigheas air mo théagar, a's tú bhéith abhaile liom.



Gluaisfimid imbárach go hárd ins na bealaigh
A's rach'muinn do'n áitigh 'nar ghnathach dhuinn bhéith seal inn
Fiafrachaidh ar gcáirde dinn an dtearnamuid an malairt.
A's go síorruidhe béidh grádh agam do phaiste 'n chúil chlannaidh.”
“Trathnóna Dé Dómhnaigh, béidh mo shloighte 'sa chruinniughadh
Béidh corradh a's cúig céud a pléidheal 'mo thimchealt
Biodh an tsiomar Mhuire 'do chuid éádaigh leat
A's béidh mé fhéin abhaile leat.”



14. AN CAT.



Dar Sligeach na long, a's dar Chairlinn na dtonn,
A's dar an mhuileann donn atá thiar aig an carraig,
Dar an méad a fuaidh siar go Draichead Bhail'-Áth'-'ria,
Dar an méud a thainic aniar de na chléibhirí cearc
Dar cheannaidhe an snaith fuaidh go Draichead Bhaile-an-Chláir
Char bhain mé, a's char bháidh mé, a's char mharbh mé do chat.
A Thríona Bhríain mhodhmhair dá gcreidfeá mo ghlorthai
Chan mé bhuail an stól 'sa chinn air do chat,
Ach', ma lean' tú fo géur í, siar go Dun-Léire
Siubhán Ní Riabhaigh, bean Fheidhlimidh Áirt,
Ma lean' tú go géur i, siar go Dún-Léire
Bh'féadtaidhe leat fhéin go bhfuighfeá do chat,


L. 10


15. ALLAIDH NÍ' MHURFAIDH.



A chuafóg na nGaodhal, ma tá tú air do léim
Go Coillidh Dhúinréimhe anonn
Tabhair beannacht a's céad uaim go Baile na gCléir'
Mar gcodhlann sí, an ghéug, 'na bruinn
Ársaigh dí fhéin a's d'a maireann d'a gaol
Go bhfeil mé ag dul a bhfaoin d'a timchealt
A's nach bhfeil air an tsaoghal a dheanfadh mo léigheas
Ach' Allaidh de raogha-scoith' Bheirneach.



A bhruinneall gan smál air leig me mo rún leat
Nach dtuigeann tú an chúis a bhuaidhir mé
A's gur túsa mo rún neimhchead d'a bhfeil beó
Agus shiubhalfainn gan chumhaidh an saoghal leat
Go Condae 'n Dúin a's Cúige Uladh
A's go Corcaigh na gcúan 'na dhéidh-sin
'Sa Mhuire 'sa rúin nar thuirseach mo shiubhal
A' mur bhfeicfinn air thús a's air dheireadh gach lae thú.



A phlúir na mbán óg is deise 'bhfeil beó
Och! a Dhía gan me pósta ó'n chléir leat
A's gan cead d'a bhfeil beó go meallfainn mo stór
A's mise ag cómhradh léithi
A ghruaidh mar an rós, a bhéil tanaidh na bpóg
'Sí scathfan na mban a's na maighdean
'S da mbéadh mo cháirde beó, go nársochainn-se dóibh
Gur bhárraig tú, och! air Éirinn.


L. 11


16. MAIDIN BHÉULTAINE.



Maidin Bhéultaine go moch damh ag éirghidh
Air cheasda na gcaorach bhéith ag dul 'sa díoghbháil
Casadh damh an spéirbhean 'sí freascail d'a gruaidh
Air thaoibh na gréine gan íneadh,
Maise, tharlaidh maighdean ba chosmhail réidh (s)í
Ach bhí sí faobhthaigh fa'n íochtar
Ba chosmhail le cladhaire de bhuacaill bréige
Bhéadh a tiomaint préuchán a's díoghbháil.



Bhí a caoif' chúláirde deanta de'n cháitigh
'Gus córdai faisgthe air a caoltai
Sciorta gránna de líon a's de lámhfradh
'S gan snáithe gruaige dá dídean
Bhí sí gruamdha, gan chainnt gan chruadal
Le linn na gcuach bhéith ag éirghidh
Mo mhallacht bhuaim-se anois a'n uair seo
Air an té a chuir in mo shlighe í.



17. COMHAIRLE.



Bhí buacaill óg ag dul ag iarraidh mna agus seo an chomhairle
a thug a athair air —



Ma théidh tu 'inn na coilleadh
Na bíodh leat an sticín nó an cipin crúbach
Ach bíodh leat brainnse de'n ubhaill chliúitigh
A's ma thigidh bláth uirrthi is lac an t-ubhall é.



18. EADAR FEÓCHAILL AGUS DROM-AN-TOIGHE.



Maidin fhóghmhair air mo thriáll go Feóchaill
Ce chas 'sa ród orm ach' stór mo chroidhe
Ba dheirge a gruaidh na'n rós 'sa gháirdin
A's ba bhinne a béul na an mearagán sídhe
Thug mé spéis do'n chailin rodhamhail
A's d'iarras póg ar stór mo chroidhe
Sé dubhairt sí ‘stád’ liom, na stróic mo chlóca
Ga fios do ghnótha sin aige bean a' toighe.


L. 12


Seo dhuit mo lámh dhuit nach bhfeilim pósta
'S gur buachaill óg mé thug gean do mhnaoí
'S da dtiocfa liomsa go malaidhe Fheochaill
Bhearfainn ómáid duit mar gheobhadh bean-toighe
Chuirfinn high-cauled cap ort de'n fháisiún gallta
Hata, clóca agus capuisín
A's shaoilfeadh siad gur a's Tír na hÓige thú
Nuair a rachas tú go Feochaill nó go Drom-an-toighe.



Sé chas a mathair duinn, ag teacht 'sa ród inn
A cosa gan bhroga 'sa gruaig le gaoith
Bhí airgead a' phósta léithi 'na póca
A's go toigh an óil a thug sí mé
Thug sí comhairtle orm a nighean a phósadh
Le sagart óg nach raibh a bhfád 'sa tír
Leig me thairstí le baoist na hoíge
A's siar go Feóchaill cha dtéidim a choidhch'



19. AG ÉIRGHIDH DAMHSA INDÉ.



Ag éirghidh damhsa indé, dar liom péin go rabh an mhaidin fuar
Sé thárlaidh damhsa an spéirbhean na léinidh, 's ba dhearg a gruaidh
Bhí dhá chích corrthai-ghréigeal uirrthi ag eirghidh 'na brollach suas
Ma thug me searc mo chléibh dí, chan fhéadar a mealladh uaim.



An bhfaca tú no ar chualaidh tú tuailisc air ghrádh mo chroidhe
In san choillidh air uaigneas no shuas 'sna sléibhtib fraoic
Sé an tádhbhar a bfeil mé buaidheartha, í bhéith ga luadhadh liom 's gan a
fághail mar mhnaói
Mo bheannacht-sa go lá 'n luain ort, a's bí ag cuartughadh ga'n áite
'na mbím.



Ach mur bhé go dtug mé grádh dhuit, gheobhainn farus ó mo mhuintir
fhéin
Gheobhainn buaibh a's caoirigh bana, páirc mhór 'na gcraithfinn síol
Gheobhainn codhladh fada samhraidh, a's greann mór-mór 'ga dheanadh
díom
Ach char bhfearr liom cruithneacht siamsóg, ná bhéith gleamhsan le
grádh mo chroidhe.



A bhean-a-toighe na páirte, tá an bás in mo chroidhe le tart
A landlady, my darling, tabhair cárta bréagh liónta isteach
Seo giní buidhe air chlár dhuit, a's gan spás bain an reicneáil a's
Go nólfaidh mise sláinte chuil áluinn mo chailin deas.


L. 13


20. NA PREÁTAI.



Ghrádh mo chroidhe na préataí, a Mhallaigh bheag ó,
Is ionnta bhíonns an sasadh, a chuid de'n tsaoghal 'sa stóir
Suas a's anuas air stáighridhe, imeasg na ndaonnai nGálltaí
Is mairg a bhíonns gan préatai, teacht la fheil' Muire móir.



21. DIARMUID UA DUBHDA.



Diarmuid Ua Dubhda 'sa bhútasaidhe gléasda
A feitheamh air na cailinidhe i ndoras a cheárdcha
D'éirig Diarmuid air maidin, chrap se bealadh 'na bhróga
Chíar se naoí bpunta barraig a's chaith se i mbun de 'na phíopa é.
Sé Diarmuid Ua Dubhda an scafaire
Sé dheanfadh porta maith damhsa
Thionntochadh sé thart air a leath-chois
A's d'ólfadh se gloine mhaith bhranndi.
Diarmu d Ua Dubhda 'sa bhútasaidhe gleásda
A féitheamh air na cailinidhe i ndoras a chéardcha
Da bhfeicfeá-sa Diarmuid air mhaidin lá 'le Pádraig
Le na hata geal bán, a's é a siubhal na sráide
Úralí, aralí, urralí — Éarla
Diarmuid Ua Dubhda 'sa bhutasaidhe gleásda



22. AIG AN PHÁTRÚN.



Hie-dó indiu a's Hie-doe imbárac, Hiedoe, very well, Hie dee
A thoigh Fhéidhlimidh Mhic Channa, go toigh Chaiphtin Ua Ágain, Hiedoe,
very well, Hie-dee
Chan córdai barraigh a bhí ceangailte 'nar gcraobha
Ach ribiní sioda de'n ghearradh is daoire
Hiedoe, very well, Hie-dee.
Ardach' bréagach a's Tulaigh un chlabair, Hie-doe, very well, Hie-dee
Hi-Liosliath na bpocán, a's Drom'lac laidir, Hie-doe, very well, hie-dee
Cor-na muclach na sligeán as Baile 'n-tseascain na bhfaofóg
Corrachait na mboithrin a's Cnoc-na-nguarán na gclaosóg
Ifreann íochtarach a's Ceanntar a' Déidigh
Da mbéadh aca ach' Peice beag preátai, roinnfead siad le na céile
Bealach-na-Madadh na gcat as Ath-Gheallóg na déirce
Deic mbaile Oméith a's ocht mbaile Chill-shleíbhe
Oró, a chailiní Cor-na-muclach, ga' air a phronnfasmuinn ar ngéuga?
Pronnfaid-muinn air an bhuacaill chumasach laidir íad
A bhearfas leis íad fhríd na trí násiúin
Oro! a chailiní Dhromlaigh, ga air phronnfas sibh bhur gcáca?
Air Aodhaidh Mhac Mhághnusa, o's aige ta an áit do.
Oro! a chailiní Dhromlaigh, gar fhág sibh bhur gcuid cotaí?
Ná air fhág sibh air a tsléibh íad ag tarraingt na mónadh?
Oro! a chailiní Chor-na-muclach, gar fhág sibh bhur gcuid bróga?
Na air fhág sibh 'san Iubhar íad i ngeall na min' eorna?
Hie-dó indiu, a's Hie-doe imbárach, Hie-doe, very well, Hie-dee
A thoigh Fheidhlimidh Mhic Channa go toigh Chaiphtin Ua Ágain, Hie-doe,
very well, Hie-dee


L. 14


23. AIG AN TÓRRAMH.



Fear aca ag caoineadh, fear aca 'sínead
Fear eile ag gearradh tobac air chlár
Fear eile ag guidhe air na heaspail 's na híghil
Fo throcaire Chríosta a dheanadh air a athair.



Éirig, a Róis a's cuir bealadh ar do bhróga
Teidh chuige tórramh an fhir a fuair bás
Cha dtéidhim, arsa Rós, as nar thigidh me beo
Ach mur bhfuireócaidh mé a pógad an fhir atá slán.



Éirig, a Shinead, cuir síos an scillead
A's teana an brochan do Reádhmonn Mhaguidhir.
Chan éir'ghim, arsa Sinead, ta poll air an scillead
Agus leicfeadh sé biadh an duine bhoicht fhríd.



24. CÁITÍ NA GCIABH.



Ta'n aoidhche a sioc a's tá sí fuar
A's d'eúlaigh mo ghrádh le fear eile bhuaim
A gruaidh deas lustair, 'sa béilin binn
'Sa Chaití a stóir, tá mé brónach tinn
A Chaití, 's tú mheall me, 's tú bhreóigh mo chroidhe
A's d'fág tú air mhearughadh céille mé
Chan fheil a'n toigh leanna o'n Bhóinn go B'lath' Cliath
Nar ól me do shláinte inn, a Chaití na gciabh.



Shiubhail mé thart agus shiubhail mise thiar
Sligeach na long agus sráid Bhaile Ath 'Cliath
Mhac-shamhailt mo cailin chan fhaca me 'riamh
Ach an pictiuir a bhí tarraingthe amuigh i m-Bl'ath 'Cliath
Chan fheil a'n bhó nó a'n bhearach nó a'n chaora bhán
A Dhraichead na Banna go geataí Dhraichid-Áth'
Nach d-tabhrainn do mo Cháití air aon phóg amháin
A leasughadh an arraing' atá in mo lár.


L. 15


Mo mhilleadh, go bhfaca mé an dubh nó an donn
Mo mhilleadh, go bhfaca mé duille'ar na gcrann
Mo mhilleadh go bhfaca me Caití 'sa clann
A's gur chaill mé mo chreideamh mar gheall air a'n bhean.
Mo mhilleadh go bhfuair mise léigheann ariamh
A's go ndeanfaidhe sagart díom go spás gan mhoill
Sul ma dtógfad an teasbog a dha láimh os mo chionn
Phósfainn-se Caití fa bhruach na dtom.



Dá bfeicfeá-sa Cáiti amuigh air an tsliabh
Ba ghile na a'n litir d'a bhfacais ariamh
O! fagh thusa Caití mar tá sí na suidhe
A's tabhair leat abaile 'na maithrín í
Dómhnach Casc, sé mo chrádh go dtainic sé ariamh
Thréig bhuaim mo ghrádh do b'áille dlaoidh
Thainic oitearach coimh'theach, a's thug sé leis Caití na gciabh
Sí shniomhfhadh an snath, la na práidhne, air an tuar aige Bhríghde



25. AN CAILIN A'S CONNDAE LÚGHMHAIGHE.



Bhí me lá beag aereach ag dul bóthar a' Mhaighre
A's chas damh spéirbhean a's sí a baint craobh
A's d'fiafruigheas fhéin dí, in eaglais Dé
An bpósfad sí greásaidhe a's Conndae 'n Dúin.
Dubhairt an spéirbhean go raibh mé a pléidheal
A's nar in mo léith'd-sa a chuir sí dúil
As dubhairt sí 'na dhéidh sin nar chleacht sé léithi
Gur mhíle b'fhéarr léithi bhéith i gConndae Lúghmhaighe.



A chailin tuatach dar threibh na mbrúidéal
Nach dtaithneagheann súgrad leat, a's nach n-aithnigheann greann
Bíonn na doirse dúnta aca air aghaidh aoin siuibhléire
Nuair a bhíonns fáilte 'sa Dún do gach uile dream
Nach mbíonn úbhla cumhra againn, a's mil a's plúr inn
Nuair a bhíonns mur gcrusta laidir teann
Nach mbíonn sibh tuatach 's mur ndoirse dúnta
Nuair a bhíonns fáilte 'sa ghleann 'na bhfeil mise inn.


L. 16


26. SÉAN Ó' CATHÁIN (Peadar Ó Lorcáin, cct.)



Bhí sean-chartha aige Séan Ó Catháin, ba mhaith an ádhbhar-chuideacht' í
Dhíol sé le Tomas Ó'Tarlaidh í, a's dheamhan lá nach mbrisfead sé í
Dhíol sé le Tomas Ó'Tarlaidh í, a's dheamhan lá nach mbrisfeadh sé í
A's bha mhaith an adhbhar-gháire, chois trágha aig an mhinisthear í



Curfa — Fa rud a rú a rá a rú, a rá a rú a radarum
Fa rud a rú a rá a rú, a rá a rú a radarum.



Bhí brisdí aige Séan Ó'Catháin, ba dheas an ádhbhar-chuideacht' íad
Ghearr sé le spád íad, a's d'fhuaigh Brighidh leis an phiocailt íad
Ghearr sé le spád íad, a's d'fhuaid Brígid leis an phiocailt íad
A's nar dheas an ádhbhar-gháire chois trágha aig an mhinistéir íad.



Curfa,



27. NUAIR BHÍ MISE ÓG.



Nuair bhí mise óg, gheobhainn cuideachta bhan óg
A's d'ársochainn dóbhtha teámadh
A's bhéinn-se aca 'g ól, eatortha fa'n bhórd
'S narbh' é sin an t-ól gan bhuaidhreadh.



Le haoidhche no dhó, sé mhéudaigh mo bhrón
Nuair nach bhfuair mise póg a'n mhaighdean
Tá mé lag-shláinte gan treóir, 's chan fheil eadáil domh' beó
In a déidh tá mo chómhra déanta.



Seo litir damh chur síos go hÁth-na-Cloiche 'nois D'iardaoin
Mar bhí íaclas air aghaidh na spairnidh
Go bhfeil mé 'mo luighe le corradh a's mí
Leis an dochar (chorróig) nach n-iarraim slán ás



A Dhia, 'sa Mhuire, narbh éadtrom mo chroidhe
Ag éirghidh damh fhéin Dia Dómhnaigh
Eadar é sin agus a naoí, go mb'éigin damh luighe
Le mo chosa bhí frithir a's leónta.



An té atá na shuidhe, séolta air ga'n nídh
Teana cómhra de raogha 'n chláir damh
Baoplaí air a taoibh nac leigfeadh orm gaoth
Sul ma réupfaid na daoil mo chnámha


L. 17


28. AN CAILIN RUADH.



Da mbéinn-se i mbliadhna mar bhí mé anuiridh
Toigh beag a bhéith agam a chois an chuain
Chuirfinn mo bhád amac fa'n tSeanainn
Go dtabarfainn abhaile mo chailin ruadh
Shiubhail mé léithi o bhaile go baile
Fhríd Bl'áth' Cliath, chum na ngeatai cruaidh
Chan fheil a'n mhile a d'fág mé mo bhaile
Nar bhain mise póg de mo chailin ruadh.



Bhi cúl gruaige uirrthi, síos go dtí 'n talamh
Agus barr air a bhfinne go dtug sise buaidh
Narbh aoibhinn do'n té úd a gheobhas le mealladh
Raogha na gcailin, mo chailin ruadh
Da mbéinn-se chomh saidhbhir a's bhí mé anuiridh
Thógfainn toigh mór air an chnoc adaí shuas
Fíon agus ór bhearfainn-se do mo stór
A's bhéinn ag gabhail hallaí bána le mo chailin ruadh.



Thug mé liom í ó bhaile go baile
Ach ba dhoiligh a mealladh mar bhí sí ruadh
B'fhearr liom bean óg a gheobhainn le mealladh
Mo chailin beannamhail geanamhail ruadh
Chan fheil a'n toigh ósda no leanna casadh romhainn 'sa bhealach
Nach dtug mé deoch leanna do mo chailin ruadh
Ach, d'imthigh sí léithi le buachaill siopa
Slán go dtillfidh tú, a chailin ruadh



29. SÉ DO BHEATHA GO CAÍRLINN.



Sé do bheath' go Cáirlinn, go Cáirlinn, go Cáirlinn
Sé do bheath' go Cáirlinn, a dhailtín Mhic Giolla Ruaidh
Sé do bheath' go Cáirlinn, go Cáirlinn, go Cáirlinn
A's d'ólfainn píonta air chlár dhuit, an chéad lá de'n bhliadhain úr



30. CAILIN DEAS CUMHDACH NA MBÓ.



Ag éirghidh damh maidin Dé Dómhnaigh
'S mé ag cúr fálach air chró mo chuid gé
Cé chas orm ach maighre bheag mhódhmhar
A seoladh a cuid bó 'san fheúr
Do shuidh mise fhéin air an drúcht léi
A's le dúthracht thug mise dí póg
Dar mo dheimhne char cheill mé mo rún dí
An cailin deas cumhdach na mbó.


L. 18


Is binne í na cuacha na cruinne
Is aoibhne í na saer-clan na cruinn'
'S ach' mur b'é lucht na mbréugach, budh tu, stóir, mo théagar
'Sa nighin mhilis, na raibh a'n nduine aca inn.
Is binne í na'n lon air na crannaibh
s gile í na'n eala fa dhó
Nach méanar do'n té gheobhas le mealladh
Mo chailin deas cumhdach na mbó.



Ceannachaidh mé corr-bhata dúbhailteach
A mbéidh cuac air faoí mo scóig
Gus hata thar bharr na gcúig gcúigeadh
A mbéadh stúip air isteach i dtoigh óil
Seasfaidh mé i gceart-lár na nDiúca
A's go Cúig Uladh bhearfas mé an spórt
Béidh cailiní óga air a'n iúl liom
Gach bhealach a siubhalfaidh mé an ród.



Bhí mé seacht seachtmhain i nGaillimh
A's bhí mé seacht seachtmhain ag ól
A's bhí mé seacht seachtmhaine eile
Ag cur lásaí le caofa Mholl Ruaidh'
D'ólainn-se sláinte na caillighe
Agus ghrádhainn-sé Conndae na Midhe
Chan air ghrádh chuige an chailligh a d'ól mé
Ach grádh agus dúil 'inn a dighe.



Tá cailin i gConndae na Gaill'mhe
A's tá cailin i g-Conndae Thíre-Eoghain
Ach' tá calin beag eile 'sa bhaile
'Sa léith'd chan fhacas go fóill
Tá mise gan phósadh air an fháid seo
Air mo chomhairtle fhéin 'sa bhfeil beo
Sé mo mhíle cradh croidhe gan mé pósda
Le cailin deas cumhdach na mbó.



A Dhia 'sa Mhuire nach truagh sin
A gean a's a fuath bhéith 'm aghaidh
Na cnoca úd a mbéinn-se 'ga luadh leobhtha
D'athruigh a snuadh ins an ghréin
Och, a chailin bí sugach 's bí sásta
Siomaidh mac maithre gan treóir
Nach aige Dia atá fhios ga hé bheas beó imbarach
Agus lióntar do'n chárta de'n deóigh.


L. 19


31. RÓS ALUINN CHÚIL-CHLANNAIGH.



Bhí me, lá san fhóghmhar a baint eórna aige Cluain-mheala
Cé chas ins a' ród orm ach' mo Rós aluinn chúil-chlannaigh
D'fhiostruigh mé a's d'fhiafraigh mé ga raibh sí le fada
A's dubhairt sí go raibh sí pósta os cionn na Bóinne le fear eile
Thuit mo chroidhe go brónach ás bhí mo shrón a tligint fola
Dubhairt mé gur tuisle a fuair me aige toigh Thódtair ag ól leanna
Chan fheil díon air mo bhothan, a's tá mo chuid mónad le tógailt abhaile
A's feasda go deóigh gan Róis áluinn chuil-chlannuigh.



D'ólfainn, a's d'ólfainn a's d'ólfainn a sláinte
As dá mbéinn air bhórd luinge, d'ólfainn a bhfád é
Dá mbéinn 'mo bhean-altrom, a's íse 'na páisde,
Chuirfinn crios ceangail air mo Róis áluinn chuil-chlannaigh
Dá mbéinn 'mo ghréasaidhe áluinn no 'mo tháilliur bheag bheadaighe
No 'mo shaor air an choill adhmaid
Dheanfainn bhád agus cóite
A's bhearfainn a bhfád os cionn an chláir mo Rós áluinn chúil-chlannaigh



32. BUACAILLIDHE AN GHLEANNA.



Tá triúr de bhuachaillidhe stuamdha 'n gleanna, 'cuairt air chailiní 'n
tsléibhe
Gheobhaidh siad spóirse ól as aiteas, a's rinnc air thalamh ghleásta
Béidh dhá ghroidhe-each na ndéidh sin, a's marcaigh leo faoí réir
A's chan fheil a'n phort air fheabhas nach iad a dheanfadh a sheinm do
chailin donn an tsléibhe.



“Ma theídhmuinn síos go híochtar an aitinn, chan fheicmuinn bean no
páisde”
“Ma théidhmuinn íochtrach ins an aiteann stróicfear mo chuid lasaí”
“Bhéarfaidh mise Mancs beag duit a bheirfeas air chois in áirde thú”
“Bhearfad sé íochtrach aig an aiteann a's stróicfidhe mo chuid lasaí.”



“Ma théidmuinn síos go híochtar an ghleanna, bhearfadh sé sugach
sásta”
“Ma théidmuinn síos go híochtar an ghleanna, cha bhíonn mo mhámaí
sásta”
“An gcluin tu mise, chumhartha chailin, is doiligh thusa shásamh
Gheobhaidh mise cailin deas nach mbéidh chomh doilig shásamh.”



33. CAOINEADH.



A charaid mo chléibh, goidé dheanfas me fhéin
Fa mo bhruinnill bhig fhéin a león mé
A bhí agam péin, gan trillin gan tréan'
Gur fhág Clanna Néill faoí cheóigh í
Bhí cúlaidh mo phaisde uirrthi go háluinn
A's í ag dul go Cáirlinn d'a phósadh
Bhí sí go státamhail ag dul thart bóthar na trágha
Gus í ag dul a rádh leis “gabhaim.”


L. 20


Thug sé srann gan chéill, ag iarraidh Léighis
As thainic sé a'n Iúbhar, 'san bás na phóca
Eadar é sin 'san la gréigeal, cha dteachaidh se 'san néall
Gur fhág se mo théagar a dotáil
Bhí sí aige 'na dhéidh-sin gan sagart gan chléireach
Ag teanamh an iarratais air Uaigh na Mná móire
A leinbh na spéise, da mbéadh d'athair féin beó
Chóireachadh sé thú go lán dóigheamhail



34. AN MHÓNAIDE RUADH.



Thíos a ngleann aoibhinn a chodhlanns mo rún
Cúl is míne na'n síoda atá fíghte le stuaim
Béilin módhmar bhéinn a pógadh nuair a rachainn chun suain
Chomh deas a's chóireacadh sí damh an chóisir fa'n Mhónaidhe Ruaidh
Mo mhallacht air an eascon atá i mbeál na trágha
A's air an chéad fhear ariamh a leig uirrthi a lámh
An taisge a bhí agam le haghaidh mo ghrádha
Thainic an eascon bheag bheadaidhe, thug sí bhuaim 'sa trághadh í.



Mo mhallacht choidhche, a's feasta go dtí lá an luain
Air an eascaid a dtug me coispean go dtí a bruach
Thug mé coispean a's bhain tuisleadh damh, a's char éirigh mé go luath
Fagadh thíos mé air mo bhaithis ins an Mhónaidhe Ruaidh
Ag éirghidh damh a's an eascaidh, a's mé báidhte fliuch fuar
Casadh scaoith orm dob' mhí-ádhbhaire, as í bláth-bhuidhe ruadh
Thug me ionnsuighe fa'n chruinneoig bhíg a b'áille snuadh
Acht 'na faoileannán bán a d'éirigh sí in áirde bhuaim
Thainic aisling bheag eile chugam, a's mé a lár mo shúain
Dubhairt sí liom go mbéinn saidhbhir ach' a fághail go luath
Shaoil me a lámh a fascadh le mo chroidhe go cruaidh
Ach, cha raibh na háite ach' bancán cádaigh de'n Mhónaidhe Ruaidh.



A Éogain Uí Mheallain is agat do chodail me faoí bhrón aréir
Thug tu gealladh damh nac meallfa orm, a rúin mo chléibh
Thainic codhlad ro-mheisc orm, a's char mhúscail mé
Go dtí gur éalaig sí, mo chéad-grádh, le fainne 'n lae
Shaoil mé nach sgarfadh díom go luath mo ghean
Choidhche, choidhce, no go ndeanfadh an chuach a nead
Dá mbéinn-se scaoilte a's na glasraí 'tá cruaidh
Budh ghearr no go bhfeicfidhe thios mé fo'n mhónaidhe ruaidh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services