Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bruidhean Chaorthainn (Donegal folk version)

Title
Bruidhean Chaorthainn (Donegal folk version)
Author(s)
In eagar ag Henry Morris,
Pen Name
Feargus Mac Róigh (Eag.)
Compiler/Editor
Mac a' Bháird, Seaghan S. / Ó Baoighill,
Composition Date
1911
Publisher
Gill, M.H. and Son

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SEILG agus friotháileadh agus cómhmoradh
le Fionn Mhac Cumhaill mhic Tréanmhóir
Uí Bhaoisgne, fríd shléibhtibh Droma
Choilleadh, fríd shléibhtibh Droma Duill-
eabhair d'ionnsaidhe as éadan agus
(fríd) na cúigí eile mar an gcéadna.



'S iad an lucht sealga a bhí aca Goll
mhac Móirne, Oisin mhac Finn, Oscar
mhac Oisín, Diarmaid Ó Duibhne, Fionn
bán Ó Baoisgne, Fionn bán Ó Breatain, Clanna
Diafraigh, agus Clanna Smóil; sin an ceannphort
a bhí ortha an lá sin.



2. Rinne siad seilg mór-éifeachtach nach dtearnadh a
léithid ins an tír ariamh. Nuair a thainic siad a bhaile
ins an tráthnóna bhí gach aon fhear ag innsigh tréartha
a chon agus a ghadhair fhéin go dtí aon cheithearnach amháin
a bhí ann, nár chuir teach nó áit, bean nó páisde
buaidhreadh ar bith ariamh air, agus smaoi'tigh sé go
n-imtheóchadh sé amach as Éirinn go bhfeicfeadh sé an
rabh spórt ar bith ar an domhan a b'fheárr ná bhí ag Fionn
mhac Cumhaill, agus ag na Fiannaibh.



3. Fuair sé cabhlach ag imtheacht, agus d'imthigh sé leis
go críochaibh Lochlann, cá h-uair agus cá h-am go rabh
mac óg ag an bhainríoghan, agus go rabh teachtairí ar
mhuin teachtairí amuigh ag tabhairt cuireadhcha do gach
uile dhuine a chul (= dhul) a chathamh na cuirme.



"Goidé an sgéal do seo," ars' an ceithearnach,
"a bhfeicim an iomad de dhaoinibh fá'n chúirt?"



"Do dhuadh is do dhothairne ort, a cheithearnaigh
bhradaigh, ná nach bhfuil 'fhios agat go bhfuil mac óg ag
an bhainríoghan, agus go bhfuil teachtairí ar mhuin teach-
tairí amuigh ag tabhairt cuir adhcha do gach uile dhuine


L. 2


chul a chathamh na cuirme, agus tá cuireadh agat-sa
comh maith le duine má théidheann tú ann."



"Bheirim briathra go rachad," ars' an ceithearnach.



4. Bhí cuirm annsin bhí le mairstin ar feadh seacht
n-oidhche agus seacht lá.



I gcionn lae agus i gcionn na h-aimsire d'éirigh
bollsaire 'na sheasamh agus d'iarr sé ar ghach uile
dhuine an chuirm a dheánamh a mholadh nó a dhithmholadh.



Rinne gach aon duine an chuirm a mholadh 'ar ndóighthe
go dtí'n ceithearnac, agus níor labhair seisean.



"A cheithearnaigh, deán an chuirm a mholadh nó a
dhithmholadh," ars' an bollsgaire.



"Ní moladh mo mholadh-sa uirthi, agus ní cáineadh
mo cháineadh-sa uirthi, acht is maith an chuirm í," adeir sé.



"D'ith mise agus d'ól mé mo sháith uirthi."



Chuaidh an sgéal fhad leis an rígh.



"Bheirim briathra," ars' an rí, "go mb'fhéidir go
bhfacaidh an ceithearnach rud éighinteacht i n-a shaoghal,
agus gléasaigidh cuirm anois a bhéas seacht n-uaire
níos feárr ná bhí sin, a mhairfeas go cionn lae agus
bliadhna.



5. I ndeireadh na cuirme sin, i gcionn lae agus na
h-aimsire, d'éirigh an bollsaire, agus d'iarr sé ar
ghach uile dhuine an chuirm a dheánamh a mholadh nó a
dhithmholadh.



Dubhairt gach aon duine aca gur bh'í an chuirm a b'fheárr
d'ar shuidh siad ariamh aici, go dtí an ceithearnach, agus
níor labhair sé.



"A cheithearnaigh, nach bhfuil tú dhul a dheánamh na
cuirme a mholadh no a dhithmholadh?"



"Níl," adeir sé ; "ní moladh mo mholadh uirthi, agus
ní cáineadh mo cháineadh uirthi, acht is maith an chuirm í;
d'ith mé agus d'ól mé mo sháith uirthi."



Chuaidh fios fhad leis an rígh. Thainic an rí é fhéin i
láthair.



6. "A cheithearnaigh, deán an chuirm a mholadh nó
a dhith-mholadh," ars' a rí.



"Ní moladh mo mholadh uirthi, agus ní cáineadh mo
cháineadh uirthi, acht is maith an chuirm í; d'ith mé is d'ól
mé mo sháith uirthi," ar' seisean.


L. 3


"A cheithearnaigh, deán an chuirm a mholadh nó a cháineadh,
nó bainfidh mé an ceann díot," ars' an rí.



"Bain an ceann díom," ar seisean, "ná fath an
rud adéarfainn is é an ceann a bhainfeá díom ar scor
ar bith."



"Rud ar bith," ars' an rí, a bhfuil agat le rádh abair
é, agus ní bhainfear aon deor asat."



"'Sé an rud a bhí agam le rádh gur mhaith an chuirm í,
acht shaoil sibh-se í a bheith seacht n-uaire níos feárr 'ná
shaoil mise í a bheith; de bhrígh dó," adeir sé, "gur bh'fheárr
liom-sa seilg aon mhíol-bhuidhe amháin ag Fionn mhac
Cumhaill i nÉirinn, 'ná dá mbéadh sí seacht n-uaire
níos feárr 'ná bhí sí."



7. "Bheirim briathra," ars' an rí, "go gcreidim-sa
thusa go maith, agus deirtear liom-sa spórt an domhain
uile go léir gur ag Fionn mhac Cumhaill agus aige n-a
dhream atá sé, agus is fada an lá ó bhí dúil agam-sa
chul (= dhul) agus a cheann a bhaint de Fhionn mhac Chumaill,
agus an mac is sine de mo chuid a 'fhágail 'na rígh ar
Éirinn, agus an ceann a bhaint de rígh na h-Alban,
agus an dara mac atá agam a chur 'na rígh air sin;
agus Miodhgach mhac Colgna, an mac is óige agam,
fhágail ag stiúirigheacht na ríoghachta seo 'mo dhiaidh fhéin,
nuair a gheóbhas mé bás."



8. Nuair a bhí an chiall amuigh agus an deoch astoigh
chríochnuigh siad eadthortha fhéin go bhfuigheadh siad crúcaí
móra deánta, a chuirfeadh siad i bhfasta i dtaoibh na
hÉireann, agus go dtarr'nóchadh siad anonn chuig' n-a
dtaoibh fhéin í, go muirbhfeadh siad Fianna na hÉireann,
agus go ndeánfadh siad iad a dhithcheannadh.



Chuaidh fios fhad leis an sean-dall.



"Phiú!" adeir an sean-dall, "an cnuicín beag is
lugha i nÉirinn ní thiubhradh sibh anall ar an dóigh sin é.
Acht má tá dúil agaibh a mbuaidh 'fhághail gléasaigidh
cabhlaigh ar mhuin chabhlaigh, agus gabhaigidh anonn.
Cuirigidh teachtaire go dtí Fionn mhac Cumhaill; fiaf-
raighigidh dó c'aca is feárr leis troid agus bruighean
a thabhairt dóibh, nó é a luighe faoi chíos láimhe.



9. Rinneadh seo, agus bliadhain ó'n am sin bhí siad fá
tír shiar i gCill Eala. Cuir siad teachtaire suas chuig


L. 4


Fionn, ag fiafraighe dó cia h-aca b'fheárr leis troid
agus bruighean a thabhairt dóbhtha, nó é a luighe faoi
chíos láimhe. Chuir Fionn teachtaireacht síos chuca nár
luigh seisean faoi chíos láimhe ag aon fhear ariamh, agus
go dtabhradh sé tréan troda agus bruighne dóbhtha go
dtí go muirbhfidhe é fhéin agus a chuid fear.



Chuaidh deireadh na bhFiann síos na trágha agus thoisigh
(= thosaigh) an cath dairíribh. Acht le sgéal fada a
dheánamh goirid ní rabh aon chleite nó cluimh (= clúmh)
dá dtainic as críochaibh Lochlann nach ndearna siad a
mharbhadh agus a dhithcheannadh go dtí'n Miodhgach mhac
Colgna, an mac is óige a bhí ag an rígh, agus bhí Conán
mhac Móirne agus a chlaidheamh leagtha eadar a dhá
ghualainn, agus ní bhfuair sé é a chur fríd go dtí gur
chaith sé é fhéin ar a dhá ghlúin ag cosaibh an ríogh.



"Tá mé ag iarraidh cumraighe m'anama ort, a Fhinn
mhic Chumhaill," ars' an Miodhgach mhac Colgna, "ná
chuala mé nár eitigh tú mac ríogh ariamh fá chumraighe a
anama."



"Níor eitigh," arsa Fionn, "ó's mac ríogh atá ionnat
ní bhainfear aon deor asat. Fóil, Fóil, a Chonáin,
ná bain do'n ghruagach."



Bhí sé aca annsin mar fhear aca fhéin ar feadh seacht
mbliadhna.



10. I gcionn gach aon seachtmhadh bliadhain ins an t-sean-
am thiocfadh ceo fá gheasaibh droma draoidheachta agus
seachran sealg, agus thainic ceann aca sin, agus níor
fágadh aon chleite nó cluimh le chéile d'Fhiannaibh Éireann
acht Fionn agus Conán.



Bhí siad ag siubhal le chéile go rabh neóin bheag agus
deireadh an lae ann. Nuair a bhí 's d'éis tráthnóna
ann labhair Fionn le Conán. "A thighearna, is tú an
droch-chomrádaidhe," adeir sé; "tá tú ag siubhal liom ó
mhaidin agus níor labhair tú focal, agus bhí mise mar an
gcéadna leat, leisg oiread de shásamh a thabhairt duit."



11. "Fóil, fóil, a Fhinn, ná bí i n-a dhiaidh orm,
ná bhí mé ar mo smaoi'tiughadh."



"Bheirim briathra," arsa Fionn, "go bhfuil dúil
agam gur maith do smaoi'tiughadh : goidé an smaoi'-
'tiughadh a rabh tú air?"


L. 5


"Ta," adeir Conán, "is é an smaoi'tiughadh a rabh
mé air, an Miodhgach mhac Colgna, ar mharbh tusa a
athair, a shean-athair, a shlighe agus a shinnsear, dá mbéadh
ag siubhal leat indiú in m'áit-se mur treise leat
'ná leis go n-imeallfadh cúl cnáimh do chinn bás an
iomláin."



"Bheirim briathra," arsa Fionn, "gur fíor duit,
agus gléas báis ar bith ar mian leat-sa chur ar an
Mhiodhgach go gcuirfidh sinne air é."



"Maise," deir Conán, "ní móran clú dúinne bás
an Mhiodhgaigh a bheith orainn, acht bhí mé ag smaoi'tiughadh
cúige d'Éirinn a thabhairt dó, mar congnamh beathadh,
agus a bheith réidhtighthe leis níos mó."



"Bheirim briathra," arsa Fionn, "go ndeánfamuid
sin, acht caidé an dóigh a gcruinneóchmuid na fir agus
gan aon fhear le chéile acht tusa agus mise?"



"Is maith eolach mise ar an dóigh a gcruinnigheann
tú iad. Seinn an dórd Fianna gus béidh siad
uilig cruinnighthe agat roimh an mheadhon lae i
mbárach."



12. Rinne Fionn mar adubhairt sé, agus bhí siad ag
cruinniugadh 'na gcaogadaibh agus 'na leath-chaogadaibh
go dtí go rabh an t-iomlán cruinn roimh an mheadhon lae,
lá ar na bhárach.



Chuaidh sgéal fríd na fearaibh ag innsigh dóbhtha goidé
dubhairt Conán, agus dubhairt gach aon aca gur bhfíor
do Conán a chaint.



Sgáirt Fionn mhac Cumhaill i láthair ar Mhiodhgach
mhac Colgna.



"A Mhiodhgaigh mhic Cholgna," adeir sé, "is buaidheartha
trioblóideach mar tá seo agat, seilg fríd
chnocaibh agus mullaighibh, fliuch, báidhte, agus ní hé sin a
chleacht tú ag d'athair fhéin ariamh fá bhaile. Agus bhí
mé ag smaoi'tiughadh cúige d'Éirinn a thabhairt duit
mar congnamh beatha, agus go mbéadh sé i bhfad níos
sócamhlaighe agat."



13. Thug an Miodhgach buidheachas mór d'Fhionn, agus
dubhairt sé go rabh sé iongantach sásta ar fad, acht
gur mhaith leis fios a bheith aige cá h-áit a bhfuigheadh sé
an talamh sin.


L. 6


Dubhairt Fionn leis go bhfuigheadh sé a rogha ar an
taoibh thall nó taoibh i bhfus de'n Bhóinn.



"Rachamuid go bhfeicfimid an talamh," ars' an
Miodhgach mhac Colgna. Smaoi'tigh sé i n-a intinn
fhéin dá dtiocfadh sé thart ins a t-saoghal go dtiocfadh
leis sásamh a bhaint as Fiannaibh Éireann, gur bh'fheárr
an cuan soitheach a bhí ar an taoibh thall.



"Ó," adeir sé, "tabhair a rogha do'n bhodach agus
glacfaidh sé an díogh' (= díogha) : béidh an taobh thall
agam," adeir sé.



"Maith go leor," arsa Fionn. "Maise," adeir sé,
"slán agat, a Fhinn mhic Chumhaill."



"Maise," adeir Fionn, "go seacht soirbhigh an Rí
duit."



D'imthigh sé uatha agus ní fhacaidh siad é ní ba mhó.



14. I gcionn an lae agus na haimsire thainic ceo fá
gheasaibh droma draoidheachta agus seachran sealg,
agus níor fágadh aon chleite nó cluimh le chéile d'Fhian-
naibh Éireann acht Fionn agus Conán. Bhí siad ag
siubhal le chéile go dtainic neóin bheag agus deireadh an
lae ortha. D'amharc Fionn, agus chonnaic sé fear ag
tarraingt air ins an cheo.



"'Siúd fear ag tarraingt orainn," adeir sé, "agus
má's ag teacht a chuidiughadh linn atá sé is feárrde
dúinn é, agus má's i n-ar n-éadan atá sé is misde
dúinn é."



"Och, do dhuadh is do dhothairne ort," adubhairt Conán,
"ná nach h-olc an bheirt nach rachadh aca ar aon fhear
amháin?"



"Is fíor sin," adubhairt Fionn, "acht níl dóigh air
bith is feárr a mbéidh fios againn air ná muid (= sinn),
amharc fríd ar méaraibh."



Bhí fios ag Fionn go rabh an bhuaidh sin ag Conán,
lá air bith a d'amharcfadh sé fríd a mhéarabh go bhfuigheadh
sé buaidh ar sheacht gcatha na Féinne go h-uile.



D'amharc siad fríd a méaraibh, agus ní fhacaidh siad
acht aon fhear amháin.



15. Níor bhfada gur ghluais chuca an gruagach donn
deallruightheach, cóta gearr glas fá mheall a mhásaí,
agus a shean-sgiath mheirgeach leis ar bhacan a láimhe,


L. 7


agus bhí a chlaidheamh úr, soillseach, crochtaí (= crochta)
le n-a thaoibh.



Bheannuigh sé d' Fhionn mhac Cumhaill ins na briathraibh
a bhí coitchionnta 'san am sin, agus d'fhreagair Fionn
mar an gcéadna.



"Cá bhfuil do thriall, an misde díom a fhiafraighe?"
arsa Fionn.



"Ní misde, maise, leóga," adeir sé, "tá mé air
lorg maighistir. Chualaidh mé nár eitigh tusa aon fhear
ariamh fá thuarasdál bliadhna."



"Níor eitigh," arsa Fionn, "agus ní rabh mé i n-ánas
buachalla ariamh comh mór agus tá mé, de bhrígh dó nach
bhfuil aon fhear le chéile acht mé fhéin agus Conán annseo.'



"Fóil, fóil," arsa Conán' "ná deán níos mó
cainte leis an ghruagach."



"Cad uime sin?" arsa Fionn.



"Ná nach n-aithnigheann tú mise agus Oscar, agus
Oisin, agus Diarmaid, agus Fiachna mhac Fhinn, agus
Inse mhac Suibhne Shealg'?"



"Cad chuige nach n-aithneóchainn mo bhunadh fhéin?"
arsa Fionn.



Cad chuige nach n-aithnigheann tú an Miodhgach mhac
Colgna a chaith seacht mbliadhna ar d' urlár?"



16. "Do dhuadh is do dhothairne ort," arsa an Miodhgach,
"nach seo an t-ádhbhar a rabh mé duit ariamh, a Chonáin,
nach rabh foighid ar bith agat. Cha dtiocfadh leat a bheith
in do thost go mbainfinn tamall cuideachta amach
as Fionn annseo." "Bheirim briathra, maise," arsa
Conán, "má's mó cuideachta ba chóir dó a dheánamh
leat nó mío-chuideachta. Ba í do chuideachta-sa fhéin
an chuideachta gan suim. Tá sé seacht mbliadhna
agus an t-am seo ó thug sinne cúige d' Éirinn, mar
congnamh beatha duit, agus ní thearn muid (= sinn)
oiread agus seilg aon mhíol-bhuidhe amháin ar do chuid
talaimh, leisg an oiread sin trioblóide nó buaidheartha
a thabhairt duit. Agus ní thug tú ó shoin cuireadh míosa,
cuireadh seachtmhaine, nó cuireadh lae dúinn."



"Do dhuadh is do dhothairne ort," ars' an miodhgach
"nach seo an t-ádhbhar a rabh mé duit ariamh, nach rabh
foighid ar bith agat, ná nach rabh 'fhios agat nuair a chuaidh


L. 8


mise annsiúd go rabh mé beó bocht, agus nach rabh
bealach ró-mhaith orm. Acht anois, nuair a fuair mé
os a chionn, tá mé 'teacht le cuireadh chugaibh go léir
go cionn lae agus bliadna."



"Bheirim briathra," arsa Conán, "gur mór an gar
anois fhéin é, ó tharlaidh gur smaoi'tigh tú air."



"Is buaidheartha trioblóideach mar tá sin agam-
sa," arsa Fionn, "gan cleite no cluimh le chéile d'
Fhiannaibh Éireann acht mé fhéin agus Conán annseo."



"Is maith eolach mise," ar sé, "ar an dóigh a gcruinni-
gheann tú iad. Seinn an dórd Fianna, agus béidh siad
uilig cruinn agat roimh an mheadhon lae i mbárach."



17. Sheinn siad an dórd Fianna, agus bhí siad ag
cruinniughadh 'na gcaogadaibh agus i n-a leath-chaogadaibh
go dtí go rabh an t-iomlán cruinn roimh an mheadhon
lae lá ar na bhárach.



Chuir Fionn sgéala fríd na fearaibh ag innsigh dóbhtha
goidé mar bhí, agus bhí gach aon aca sásta go maith ar
a chul (= dhul) a chathamh na cuirme.



"Anois," ars' an Miodhgach, "ná fanadh fear ar
bith, ná níl 'fhios agam-sa cé a bhfuil mé níos feárr
dó nó níos measa, de bhrígh dó, go rabh siad uilig comh
maith damh. Anois," adeir sé, "tá bruidhean agam-sa
ar muir, agus tá bruidhean agam ar tír, agus ins an
bhruidhin atá ar muir a ghléastar an biadh, agus ins
an bhruidhin atá ar tír a chaithtear é. Má's luaithe bhéas
mise annsin ná sibhse béidh an biadh leagtha agam
fá mbur gcoinne, agus má's luaithe bhéas sibhse ann
ná mise deánaigidh moill, agus is gearr go rabh
mise agaibh."



"Maith go leor," adubhairt Fionn. "bí ar shiubhal."



18. Ghléas na Fianna orthu tarraingt 'un na cuirme.
Nuair a chuaidh siad fhad le teach na cuirme, "'Bhfuil
sibh uilig ag dul isteach?" arsa Conán.



"Tá, goidé a bhéadh orainn gan a chul (= dhul)
isteach," arsa Fionn.



"Bheirim briathra, maise, má's mar sin a dheánfainn-
se," arsa Conán.



"Goidé dheánfá, thusa, a Chonáin?" arsa Fionn.
"Maise, an Miodhgach mhac Colgna," arsa Conán,


L. 9


"ar mharbh tusa a athair, a shean-athair, a shlighe, agus a
shinnsear b'fhéidir gur bruidhean fhola agus dún
mharbhtha a tá innti seo, agus sílim-sa gur bh'fheárr do
chuid de na fearaibh a chul (= dhul) go h-Almhain Laighean
a choimhead dúinn go lá.



"Bheirim briathra, a Chonáin, gur fíor duit," arsa
Fionn.



19. Chuir Fionn sgéala fríd na fearaibh ag innsigh dóbhtha
goidé dubhairt Conán, agus dubhairt gach aon aca gur
bh'fhíor do Chonán a chaint.



"Anois cé gheobhasmuid a rachas ann?" arsa Fionn.



"Rachaidh mise," arsa Oisin.



"Rachaidh mise," arsa Oscar.



"Rachaidh mise," arsa Fiachna mhac Finn.



"Rachaidh mise," arsa Inse mhac Suibhne Shealg.



"Rachaidh mise," arsa Diarmuid Ua Duibhne.



"Rachaidh mise," arsa Fatha Canann mhac na Cuin.



"'Bhfuil duine ar bith ag dul acht iad siúd," arsa
Fionn.



Ní rabh: níor labhair duine ar bith eile.



"A Chonáin, nach bhfuil tú ag dul leóbhtha?" arsa
Fionn.



"Bhearad fhéin briathra má tá," arsa Conán.



"Agus chan eadh nach rachainn, acht mur rabh an chuirm
in mo shásamh go dtí go ndeánfaidh mé í dith-cháinte."



20. Chuaidh siad go h-uile isteach i dteach na cuirme,
acht an seisear a chuaidh go dtí Almhain Laighean.



Ar a chul isteach dóbhtha bhí seacht ndoirse ar an
bhruidhin sin, a bhfuigheadh seacht gcatha na Féinne isteach
ar aon doras amháin aca.



Bhí toirt Theamhrach teineadh faduighthe i gceart lár
bruidhne, a bhfuigheadh seacht gcatha na Féinne cead
suidhe go h-uile fá dtaoibh duithe.



Bhí brat de shíoda shleamhain bhuidhe sreathnuighthe i
n-urlár na bruidhne le sásamh cuirp agus codlata a
thabhairt do'n té a rabh an t-éadach fliuch ó'n lá air, a
bhaint de, agus a chroiceann a leigint leis an tsíoda
shleamhain bhuidhe. Ní rabh aon mhaide ins an bhruidhin
nach rabh ag tabhairt báirr deise agus deilbhe ar an
mhaide eile.


L. 10


21. Luigh siad thart, agus thuit siad uilig 'na gcodladh.
Níor bhfada gur mhusgail fear amháin aca, agus dubhairt
sé, "A fheara, (= fhir) 'tcím-sa athrughadh mór ag teacht
ar an bhruidhin seo. Ag teacht isteach dúinn anocht
bhí seacht ndoirse ar an bhruidhin seo, a bhfuigheadh seacht
gcatha na Féinne isteach ar ghach aon doras aca, agus
anois níl uirthi acht aon pholl beag amháin, ar an dtaoibh
ó thuaidh, a mbéadh obair agam fhéin 'fhághail amach air"



"Bheirim briathra," arsa fear eile, "go bhfeicim
athrughadh comh mór leis sin. Ag teacht isteach dúinn
annseo anocht bhí toirt Theamhrach teineadh faduighthe i
gceart lár na bruidhne, a bhfuigheadh seacht gcatha na
Féinne fá dtaoibh dí, agus anois níl uirthi acht trí fhód
spadar."



"Bheirim briathra," arsa fear eile go bhfeicimsa
athrughadh comh mór leis sin. Ag teacht isteach dúinn
annseo anocht bhí brat de shíoda shleamhain bhuidhe sreath-
nuighthe ar urlár na bruidhne, agus anois ní fuaire 'ná
an leac oidhre gach ball de mo bhallaibh dá mbaineann
leis an urlár fhuar."



"Bheirim briathra," arsa fear eile, "go bhfeicim-sa
athrughadh comh mór le ceachtar aca. Ag teacht isteach
dúinn annseo anocht ní rabh aon mhaide ins an bhruidhin
nach rabh ag tabhairt báirr deise agus deilbhe ar an
mhaide eile, agus anois níl sí acht ceangailte le sean-
chleathachaibh dhubha chaorthainn."



22. "Is fíor é," arsa gach aon fhear.



"Bruidhean fhola agus dúnmharbhtha atá annti. Lámh
luath lámh thapaidh: fághaidh mur gcuid airm agus mur
gcuid éididh; gearraigidh an bhruidhean ar an taoibh
agus bígidh amuigh."



Thug gach aon fhear lámh luath lámh thapaidh fá n-a chuid
airm agus a chuid éididh, acht i n-áit mar bhí sin dó, bhí
siad-san cúl-cheangailte do'n talamh.



Leig gach aon fhear aca grág mór caointe as, "Is
náir damh-sa a ghol," arsa Goll: "tá mé fá fhad
buille do'n doras, agus ní leigfidh mé aon fhear isteach
gan a dheánamh a dhithcheannadh go dtí go bhfuigh' mé bás
de'n ocras."



Annsin labhair Conán : "ná deán thusa mar sin, acht


L. 11


a Fhinn mhic Cumhaill, cuir do órdóg fá do fhiacal,
can fíor agus ná deán bréag, agus aithris dúinn goidé
tá le héirghe dúinn faoi mhaidin."



23. Chuir Fionn an órdóg fá n-a ghiall; chogain sé i ó
fheóil go fuil, ó fhuil go cnámh, ó chnamh go smior, agus
ó smior go smaois. Ag cognadh na h-órdóige dó leig
sé grág mór caointe as.



"Ta dúil agam," arsa Conán, "gur aon de na
deagh-labhartha atá ionnam, gurab é nimhnideas
(= nimhneachas) do mhéir a bheir ort a léithid de ghrág
do chur asat."



"Bheirim briathra, má 's é," arsa Fionn. "Cé gur
mór a chuirfeadh sé orm lá de mo shaoghal m'ordóg
a chognadh is beag a chuirfeadh sé orm anocht, de bhrígh
dó go mbéidhmíd uilig gan cheann faoi mhaidin.



24. "Cad uime sin?" arsa Conán.



"Tá," arsa Fionn, "an Miodhgach mhac Colgna, ar
mharbh sinn a athair, a shean-athair, a shlighe agus a shinnsear,
tá sé annsiúd, a chúig céad déag fear leis, leis na cinn
a bhaint duínne.



Tá Corran Cath-Mhílidh Lámh-ghaisgidheach mhac an
Domhain, agus cúig céad déag fear leis, leis na cinn
a bhaint duínne.



Tá Rí an Domhain ann, agus deich míle fhichead fear
leis, leis na cinn a bhaint duínne.



Tá mac Ríogh an Domhain ann, agus cúig céad déag
fear leis, leis na cinn a bhaint duínne.



Tá trí rí Inse Tuile ann, agus cúig céad déag fear
le gach aon fhear aca, leis na cinn a baint duínne.



Is iad-san a cheangail inn annseo le pisreógaibh
agus le draoidheacht, agus a Chonáin mhic Móirne,
ar sé, "an lá ba treise bhí sinne i n Almhain Laighean
ariamh ar sáith bhearfadh sé dhúinn sin le deánamh chan é
amháin anocht, nuair atámuid cul-cheangailte do'n
talamh."



"Bheirim briathra," arsa Conán, "dá mbéadh sinne
sgaoilte, gur beag de bhárr a bhéadh aca.



"Bhfuil fhios agat," arsa Conán, "goidé dheánfas
tú a Fhinn? Seinn an Dórd Fianna, agus an seisear
atá i n-Almhain Laighean b'fhéidir go gcluinfeadh siad é


L. 12


agus go gcoimheadfadh siad dhúinn go dtí go dtarfadh
an lá i mbárach; ná ba bheag a b'fhiú liomsa mé a mharbhadh
ins a' lá le taoib mé a mharbhadh ins an oidhche."



25. Annsin sheinn siad an Dórd Fianna, agus
chualaidh an seisear a bhí i n-Almhain Laighean iad.



"A thíghearna," arsa Fatha Canann, "is mise an
duine mío-fhortunach nuair a thainic mé annseo anocht:
tá siad anois ag seinm an Dóird Fianna le spóirt
agus le pléisiúr dóbhtha fhéin, i ndiaidh a sáith a ithe
is a ól.



Níl 'fhios agam," adeir Oisín, "goidé déarfainn-se
fá dtaoibh dé sin. Tá mé iongantach buaidheartha in
m'intinn, agus ní bhéidh suaimhneas agam go dtí go
bhfágha' mé beirt agaibh a bhearas sgéala chugam goidé
mar tá siad ag dul ar aghaidh annsin. Cé a gheobhas
mé a rachas ann agus a bhearas sgéala chugam?"



"Gheobhaidh tú mise," arsa Fiachna mhac Finn.



"Gheobhaidh tú mise," arsa Inse mhac Suibhne Shealg.



"Mo bheannacht libh," arsa Oisín, "agus bígidh ar
shiubhal"



26. Nuair a thainic siad go Bruidhin Chaorthainn
mhothuigh Fionn truisleadh amuigh.



"Cé siúd atá amuigh?" ar seisean.



"Mise, Fiachna mhac Fhinn, do mhac."



"Bheirim buaidh agus biseach a mhic, gur bheag mo
chuid d'Éirinn gur éirigh mo chlann, agus anois is mór
mo chuid d'Éirinn ó d'éirigh mo chlann. Bí ar shiubhal
go broinn an átha, agus is gearr go bhfeicfidh tú drong
ag teacht leis na cinn a bhaint duínne."



"Goidé an chiall as sin sibh-se a bheith istoigh annsin?"
(arsa Fiachna mhac Finn), agus d' innis Fionn dó mar
tharlaidh dóbhtha.



27. D'imthigh sé fhéin agus Inse mhac Suibhne Shealg'
go broinn an átha.



"Anois," adeir se, "fan thusa annseo go dtéidh
mise go Bruidhin an Oileáin, go dtí go bhfeicfidh mé
goidé an gléas báis atá dúil aca a chur ar m'athair,
agus ná leig thusa fear ar bith tharad annseo gan
a dheánamh a dhithcheannadh go dtí go dtara' mise
aríst."


L. 13


Chuaidh sé go teach na cuirme chuca, agus rinne sé é
fhéin comh beag is thainic leis, agus bhí sé ag éisteacht
leó.



"A thigearna," adeir an Miodhgach mhac Colgna, is
fada atá Corran Cath-Mhílidh, lámh-ghaisgidheach mhac an
Domhain amuigh gan cinn Fhinn mhic Chumhaill agus a
dhreama a thabhairt chugainn. Acht is ag éisteacht le
sean-choraidheacht Fhinn mhac Chumhaill atá sé, cé gur
maith an sean-mhadadh é mar gheall ar tamallt de'n
oidhche chur thart. Acht dá muirbhfeadh sé a athair agus
a sean-athair, a shlighe agus a shinnsear, is beag éisteacht
a dheanfadh sé le n-a chuid sean-choraidheacht. Acht
caithfidh mé fhéin agus mo chúig chéad déag fear a chul
go dtugamuid linn na cinn.



28. D'aithin annsin Fiachna mhac Finn go dtearn sé
fhéin faillighe. Léim sé amach agus as go bráth leis.
Níor bhfada a chuaidh sé gur casadh an fear mór dó.



"Cá rabh tú a ghiolla mhóir?" arsa Fiachna.



"Beirim briathra," ar seisean, "go rabh mé i mullach
na mío-fhortuine, mé fhéin agus mo chúig chéad déag
fear chul amach anocht i dtús an tsluaigh, agus gur
casadh an caol-óganach beag amháin orm shiós adaidh,
agus thuit mo chúig chéad déag fear leis.



"Cad chuige nár thuit tú féin leis?"



"Tá ádhbhar maith," ar seisean.



Dá dtiocfainn air i dtús an tsluaigh thuitfinn leis
comh maith le fear éighinteacht eile, acht thainic mé air i
ndeireadh an tsluaigh nuair a bhí sé imdheargtha agus
gan aige acht lán a dhóirn de bhrollach a sgéithe, agus
mar ba mé Lámh-ghaisgidheach mhac an Domhain bhain mé
an ceann dé.



29. "Ba dhóichthe liom dá mbainfeá an ceann dé go
mbéadh cuid éighinteacht dá chúig chosamhlacht leat,"
arsa Fiachna mhac Finn.



"Ní thig liom cosamhlacht ar bith a bheith liom níos mó
ná an ceann," ars' an fear mór, ag tarraingt aniar
an chinn agus gá thais'eann dó, agus nuair a chonnaic
Fiachna ceann a chomrádaidhe líon na súile air.



"Chan fhuil 'fhios agat cé 'bhfuil tú ag tais'eann a
chinn dó," arsa Fiachna mhac Finn.


L. 14


"Chan fhuil fhios agam," adeir an fear mór. "Nach
do dhream i mbruidhin an oileáin thú?"



"Bheirim briathra má 's eadh," arsa Fiachna mhac Finn,
"acht de dhream Fhinn mhic Chumhaill mé," ar seisean,
"agus mur treise leat nó liom imeallfaidh cúl cnámh
do chinn bás mo chomrádaidhe."



Thoisigh an cath eadar é fhéin agus an fear mór agus
char bhfada gur bhain Fiachna mhac Finn an ceann de.
Chuir sé a chlaidheamh i bhfásta i dtaoibh an leacan, agus
níor stad sé go rabh sé ag Bruidhin Chaorthainn.



30. "Cé siúd amuigh?" arsa Fionn.



"Mise Fiachna mhac Finn, do mhac."



"Cé siúd," arsa Fionn, "a gcuala mé gáir na mbadhbh-
dhún os cionn an chuain, agus osnadh na bhfear, ag
sgara'int a n-anama leis an chorp?"



Tá, do dhalta is mó thug é," arsa Fiachna mhac Finn.



"Goidé mar tá mo dhalta dhá chionn?" arsa Fionn.



"Tá, gan anam," arsa Fiachna mhac Finn.



"Bheirim buaidh agus biseach," arsa Fionn, "cé gur
mór a chuirfeadh sin orainne lá d'ár saoghal is beag
a chuirfidh sé orainn anocht, de bhrígh go mbéidh an
t-iomlán againn gan chionn faoi mhaidin. Agus imthigh
anois go broinn an átha, agus is gearr go bhfeicfidh tú
drong ag teacht níos tréine ná iad sin, leis na cinn a
bhaint duínne."



31. D'imthigh sé go broinn an átha agus ag dhul annsin
dó bhí an miodhgach mhac Colgna taobh thall de'n deán,
agus a chúig chéad déag fear fhéin leis.



"Ná tarraigidh níos faide," arsa Fiachna mhac Finn.



"Cé siúd?" ars' an Miodhgach, "a gcluinim a ghlór
borb, agus a bhfeicim ins na léinti' dearga?"



"Is maith an fhiafraighe," arsa Fiachna mhac Finn, "acht
an té gheobhthar 'na sheasam os cionn a ghníomh ar chúl
chnámh a chinn fhéin is cóir é a dhíolt as."



"Is fiór é, ars' an miodhgach: "gearraigidh an
t-áth ar an rógaire, agus tabhairigidh anall a cheann
chugam."



Ní eagla nó uathbhas a ghlac Fiachna mhac Finn romhpa,
acht teannadh i n-a n-éadan agus i n-a n-aircis


L. 15


Thoisigh sé ortha go h-ainbhfiosach láidir.



Shuidh an miodhgach 'ac Colgna ar ardán ag coimhead
air, go rabh deireadh marbh aige go dtí é fhéin.



"Is buaidheartha trioblóideach seo," arsa mac an
ríogh: dá dtiocfá orm-sa i dtús an tsluaigh ní bhéadh
beann ar bith agam ort acht oiread le fear éighinteacht
eile aca seo. Acht anois tá tú ag teacht orm nuair
atá mé imdheargtha, agus gan agam acht lán mo dhóirn
de bhrollach mo sgéithe."



"Bhí 'fhios agamsa sin lán go maith" ars an Miodhgach.



32. Ins an am seo an ceathrar a bhí i n-Almhain Laighean
dubhairt Oisin leóbhtha gur mhaith leis go rachadh beirt
aca go Bruidhin Chaorthainn agus sgéala a thabhairt
chuige goidé mar tharlaidh dóbhtha.



"Cé gheobhas mé a rachas ann?" arsa seisean.



"Cé gheobhthá," arsa Diarmaid, "acht mise agus
Oscar?" Acht i n-a dhiaidh sin is uilig" ar seisean,
"ní fhóghnóchadh sé damh-sa Oscar a thabhairt uait agus
tusa 'fhágail i muinighin Fatha Canann; acht is feárr
liom Fatha Canann a theacht liom ná tusa a fhágailt i
n-a mhuinighin."



33. D'imthigh sé fhéin agus Fatha Canann annsin, agus
dubhairt sé nach mbéadh sé i bhfad go dtabhradh sé sgéala
ar ais chuig' Oisín.



Nuair a thainic siad ar amharc bhroinne an átha chonnaic
siad an talamh cumhdaighthe leis na corpaibh, gan aon
duine beo le feiceáil aca acht mac an ríogh agus an
Miodhgach mhac Colgna agus iad ag troid.



"Níl aon duine a chuaidh amach anocht nach bhfuil marbh
acht mac an ríogh," arsa Diarmuid. "Siúd anois é
fhéin agus an Miodhgach mhac Colgna le chéile, agus
níl mac an ríogh i n-innibh buille a chosnamh, chan é
amháin buille a bhualadh, agus béidh sé marbh sul a rabh
muid aige," arsa Diarmuid.



"Béidh gan amhras," arsa Fatha Canann.



34. "Ó a Dhiarmaid, a Dhiarmaid," arsa Fatha Canann,
"bhí an t-urchar díreach ariamh agat; cuir do mhéar
faoi imeall do shleagha agus caith an t-sleagh agus
b'fhéidir go muirbhtheá an Miodhgach mhac Colgna."


L. 16


"Há, do dhuadh is do dhothairne ort," arsa Diarmaid,
"seo an t-ádhbhar a rabh mise duit ariamh, díoghbháil nach
rabh tú 'do ghaisgidheach ró-mhaith ariamh. Goidé 'fhios
agat dá gcaithfinn an t-sleagh nach mbfhéidir gur ab
é mac an ríogh a mhuirbhfinn?"



"Bheirim briathra, maise, dá mair'theá (= mairbhtheá)
fhéin ní bhéadh aon dhuine le n-a innsigh ort acht mise,
agus ní innseóchainn ort ó indiú go dtí lá mo bháis."



Le méad an rosca fileadh rinne sé do Dhiarmaid,
chuir sé a mhéar faoi imeall a shleagha agus chaith sé í,
agus chuir se comh-fhad roimhe agus i n-a dhiaidh fríd
an Miodhgach mhac Colgna duíthe.



"Is maith a aithnighim an t-sleagh sin," ars' an Miodhgach
"sin sleagh Dhiarmada Uí Dhuibhne" ar seisean.



"Ná marbh mac an ríogh go rabh muid agat," arsa
Diarmaid, agus gheobhaidh tú cumraighe d' anama mar
fuair tú ariamh."



"Ó a Dhiarmuid, a Dhiarmuid," ar seisean, "'sé
is trom leat do dhá chois ag tarraingt orm leis an
cheann a bhaint díom. Acht anois, béidh mach an ríogh
marbh agam-sa sul má rabh tú agam."



35. B' fhíor dó. Bhí sé marbh aige. Ar a theacht 'un
tosaigh do Dhiarmuid chaith sé an ceann de'n Mhiodhgach,
chuir sé a chlaidheamh i bhfasta i dtaoibh a leacan, agus
tharraing sé ar Bhruidhin Chaorthainn.



"Cé siúd amuigh?" arsa Fionn.



"Mise, Diarmuid Ua Duibhne."



"Bheirim buaidh agus biseach a Dhiarmuid, má bhí mé
i n-airc nó i ngéibhionn ariamh nár mhaith liom agam thú
agus ní rabh mé i n-airc nó i n-géibhionn ariamh níos
mó ná a bhfuil mé ann anocht, de bhrígh go mbéidh an
t-iomlán againn gan chionn faoi mhaidin. Cé siúd a
gcuala mé gáir na mbadhbhdhún os cionn an chuain, agus
osnadh na bhfear ag sgara'int a n-anama leis a' chorp?"



"Tá, do mhac is mó a thug é," arsa Diarmuid.



"Goidé mar tá mo mhac dhá chionn?" arsa Fionn.



"Tá, gan anam," arsa Diarmaid.



"An bfacaidh tú dá mharbhadh é?" arsa Fionn.



"Chonnaic," arsa Diarmaid, ag a innsigh dó goidé
mar bhí, "acht an fear a mharbh é, mar bhí, an Miodhgach mhac


L. 17


Clogna seo a cheann chugat-sa anois," arsa Diarmaid.



"Bheirim buaidh agus biseach," arsa Fionn, "cé gur
mór a chuirfeadh sé orainn lá d'ar saoghal duine d'ar
gcuid fear a chailleadh, is beag a chuirfidh sé orainn
anocht, de bhrígh go mbéidh an t-iomlán againn gan
chionn faoi mhaidin."



36. "Agus goidé tá sibh-se ag deánamh istoigh
annsin, a Fhinn?" arsa Diarmaid. "Támuid ceangailte
do'n talamh le draoidheacht, arsa Fionn.



"Agus an bhfuil dadaidh le sibh a réidhteach?" arsa
Diarmaid.



"Níl," arsa Fionn.



"Dadaidh air bith," arsa Diarmaid.



"Níl aon seort," arsa Fionn.



"Ná trí eiteach agus ná trí mhóid is mó tugadh air
aon fhear ariamh, buille sgine nó claidhimh agus ní
bhuailfidh Diarmaid in mur leith ó indiú go dtí lá mo
bháis, ó tharla nach bhfuil dadaidh le sibh a réidhteach amach
ar sin. Rachaidh mé féin agus Fatha Canann annseo,
agus an bheirt atá i nAlmhain Laighean, agus gléas-
famuid áruis dúinn féin, agus béidhmíd réidh réidhtigh'
libh ar fad. Slán agat, a Fhinn mhic Chumaill."



"Maise go seacht soirbhigh an Rí duit," arsa Fionn,
agus is mairg atá sgara'int leat."



37. Nuair a d'imthigh Diarmuid giota ar shiubhal bhuail
cumhaidh iongantach mor air, agus phill sé ar ais, agus
labhair sé le Fionn.



"Ta mé, ar ais, a Fhinn," ar seisean.



"Maise, gur maith liom sin," arsa, Fionn, "mur
mbéinn acht tamallt ag comhradh leat."



"Tá," arsa Diarmuid, "'sé an rud a thug ar ais
mé, má tá nidh air bith air an domhan le sibh a shábhail,
caillfidh mise mé fhéin leis nó gheobhaidh mé é."



"Níl, maise" arsa Fionn, "acht rud nach bhfuil
maith a bheith ag caint air."



"Goidé sin?" arsa Diarmuid



"Tá," arsa Fionn, "trí rí Inse Tuile, is iad a
cheangail sinne annseo le draoidheacht, go dtí go
ngearrthar a gcuid sceadaman sin, agus go gceaptar
a gcuid fola i gcorn ríogh an domhain, agus go gcuimil-


L. 18


tear an fhuil sin eadar sinne agus an talamh, ní thig
sinn a sgaoileadh as seo."



"Bheirim briathra," arsa Diarmaid, "gur maith liom
sin a chluinstin, ná caillfidh mé mé fhéin leis anois,
nó gheobhaidh mé é. Slán agat a Fhinn."



"Maise go seacht soirbhigh an Rí duit," arsa Fionn.



38. "'Bhfuil tú ar shiubhal, a Dhiarmaid," arsa Conán,
ag sgáirtigh taobh istoigh.



"Tá," arsa Diarmaid. "Cuirimse fá gheasaibh droma
draoidheachta thú, do cheann agus do chosa agus do
chongnamh beathadh fhéin a bhaint díot-sa, mur dtugaidh
tú greim chugamsa a íosfas mé, nó is beag is fiú liom-sa
mé a mharbhadh le taoibh mé bás a fhághail leis an ocras."



Thug gach aon aca iarraidh ar Chonán, agus d'iarr
siad air na geasrógaí a bhaint de Dhiarmuid.



"Cha bhainim," ar seisean. "acht iad a theannadh air."



39. D'imthigh Diarmaid agus Fatha Canann leó.
Air a chul go broinn an átha dóbhtha bhí lasta báid
d'fheoil bhruithte ann.



"Bheirim Briathra," arsa Fatha Canann, "gur seo
an áit ar furus dúinn a sháith fhághail do Conán.



"An sin mar dheánfá do ghnoithe?" arsa Diarmaid.



"Is eadh." arsa Fatha Canann.



"Bheirim briathra," má's mar sin a dheánfainnse é,
arsa Diarmaid.



"Cad uime sin?" arsa Fatha Canann.



"Tá," arsa Diarmuid, "sin lasta d' fheóil bhruithte
atá annsin, agus tá dúil aca bheith dá chathamh isteach
chuig' na fearaibh 'sagainne ag fághail chuideachta ortha
dá sgealpeadh ó n-a chéile nuair a bhéadh ocras ortha.
Agus dá dtiocfadh sé thart ins a' t-saoghal a choidhche
go bhfuigheadh Fianna Éireann réidhtighthe amach as siúd
ní bhéadh a dhath aca le cathamh suas linne acht nach dtiocfadh
linn feóil daoine beodha a thabhairt annsoir ortha
is go dtabhraimis feóil daoine marbhtha annsoir
ortha."



"Bheirim briathra, maise, go níosfaidh mise mo
sháith duíthe," arsa Fatha Canann.



"Féadann tú sin," arsa Diarmuid, "acht ní íosfaidh
mise aon ghreim duíthe.


L. 19


"Anois," arsa Diarmuid, "fan thusa annseo, agus ná
leig fear ar bith tharad gan a dheánamh a dhithcheannadh
go bhfeicfidh mise goidé an gléas báis atá dúil aca
a chur ar Fhionn."



"Ní leigfidh mise fear ar bith tharm, arsa Fatha
Canann, "nuair a íosfaidh mé greim de'n fheóil seo.



40. D'imthigh Diarmaid annsin go broinn an oileáin,
agus rinne sé é fhéin comh beag is thainic leis, agus
chuaidh sé isteach. Chuaidh sé fhad leis an chócaire agus
chuir sé ordóg le bun a ghéill, agus thacht sé é, agus
chaith sé isteach i gcóirneál dhorcha é.



Chuir sé fhéin práisgin an chócaire air agus chuaidh sé
ag cócaireacht, agus bhí sé 'na chócaire comh maith is bhí
ar an domhan, agus ní rabh aon ghreim maith a rabh sé
'fhághail nach rabh sé ag cur i bhfiadhnaise Ríogh an Domhain
agus a mhic.



41. "Bheirim briathra," arsa Rí an Domhain, gur fada
atá an Miodhgach mhac Colgna amuigh le cinn Finn Mhic
Chumhaill agus a dhreama a thabhairt chugainn. Chan é
sin a gheall an Miodhgach mhac Colgna dúinne i dtus
na hoidhche, acht go mbéadh oidhche bhreágh spóirt agus
pléisiúir againn nuair a bhearadh sé na cinn annseo.
Bhí muid gann go leor i gcuideachta agus an t-iomlán
againn a bheith i gcionn a chéile, acht ag éisteacht le sean-
choraidheacht Fhinn Mhic Chumhall atá sé, cé gur maith
an sean-mhadadh é, gheall ar tamallt de'n oidhche a
chur thart, acht caithfidh mé fhéin agus mo chuil fear a
chul go rabh tamallt dá chuid sean-choraidheacht againn
comh maith le duine; agus mo chócaire bocht, ar seisean,
"is é atá súighte tirim, os cionn bidh ó thainic an
oidhche, agus caithfidh mé deoch a thabhairt dó as mo chorn."



"Maise," arsa Diarmaid, ní rabh sult ariamh liom
deoch a fhághail as láimh fhir eile, go bhfághainn in mo
láimh fhéin é."



42. Smaoi'tigh Diarmaid air fhéin dá mbéadh an corn
taobh amuigh de'n doras aige gur bhreágh an éadáil é.



Chuir sé 'n corn faoi n-a asgall. Sheas sé giota
ar a chúl, agus thainic sé un tosaigh annsin, agus bhuail
sé dórn ar Rígh an Domhain, agus bhris sé naoi bhfiacla i
n-a chionn. Bhuail sé buille le n-a chois ar mhac Ríogh


L. 20


an domhain, agus bhris sé trí asna i n-a thaoibh. Chuir
sé ceithre cóirneal na braithlíne le chéile agus chaith
sé an t-ualach sin ar a dhruim agus ghearr sé trí
túslógaí amach ar an doras.



"Anois," arsa Rí an Domhain, "tchíonn sibh uilig
goidé atá deánta, agus a thrí rí Inse Tuile, sibhse is
cionntach leis seo. Dubhairt sibh linne gur cheangail
sibh iad siúd le draoidheacht, agus sin fear aca a bhí
annsin anois, agus níl aon fhear dá dteachaidh amach
anocht nach bhfuil marbh."



"M'fhocal duit-se," arsa trí rí Inse tuile, "fear
ar bith dá dteachaidh isteach go Bruidhin Chaorthainn
gur comh-ceangailte atá siad-san do'n talamh."



"Caithfidh muid uilig a chul amach anois," arsa Rí an
Domhain, "agus a chul agus catha thabhairt dóbhtha."



43. D'imthigh Diarmaid an méid a bhí i n-a chorp go rabh
sé ag broinn an átha, agus bhí Fatha Canann annsin, agus
sgáth fasgaidh deánta aige de na corpaibh agus é 'na
chodladh.



"Tcím," arsa Diarmaid, "is fear thú a bhain dúil
de chabhair nó atá ag dréim le cabhair fhághail, agus
fágfaidh mé annsin thú."



D'imthigh sé annsin go Bruidhin Chaorthainn.



"'Bhfuil tú annsin, a Chonáin?" ar seisean.



"Tá," arsa Conán.



"Tá greim liom anois chugat le h-ithe, dá mbéadh
'fhios agam an dóigh a dtabharfainn duit é."



"Maise," arsa Fionn, "má tá geasa air an bhruidhin
taobh istoigh níl siad uirthi taobh amuigh. Gabh suas
i mullach an tighe agus deán puill agus caith anuas
an fheoil chugainne; agus béidh sinne dá ceapadh.



44. Rinne Diarmaid mar d'iarr Fionn air, agus
fuair gach aon fhear a sháith le h-ithe.



"'Bhfuil mur sáith agaibh?" arsa Diarmaid.



"Tá," ars' gach duine aca.



"Slán agat, a Fhinn," arsa Diarmaid.



"Go seacht soirbhigh an Rí duit," arsa Fionn, agus
ní fhacaidh mé aon fhear ariamh aca a bhí comh maith leat."



"'Bhfuil tú ar shiubhal, a Dhiarmaid?" arsa Conán.



"Tá," arsa Diarmaid.


L. 21


"Cuirim-sa na geasa céadna ort a bhí ort a roimhe,
mur bhfághaidh tú deoch damhsa a ólfas mé; ná ba bheag
a b'fhiú liom-sa bás 'fhághail ó'n ocras le taoibh bás
'fhághail ó'n tart."



"Tá deoch fósta liom," arsa Diarmaid, "dá
béadh 'fhios agam an dóigh le n-a tabhairt duit."



"Luighfidh mise ar chúl mo chinn," arsa Conán, "agus
aimsigh thusa mo bhéal comh maith agus thig leat."



Bhí buaidh ar an chorn deoch ar bith a sgáirtfeá air
gheobhthá ann é.



Chuaidh Diarmaid suas ar mhullach an tighe ós cionn
Conáin, agus bhí sé ag sárughadh air béal Chonáin a
aimsiughadh. Acht ins an deireadh d'aimsigh sé é go dtí
go rabh Conán ag cur na dighe amach ar a bhéal.



"Bí ar shiubhal anois, a Dhiarmaid," ar seisean,
"agus mo sheacht mbeannacht go rabh leat."



45. Nuair a chuaidh Diarmaid un na trágha annsin dá
dtuitfeadh bioran beag anuas as an spéir is ar
cheann cheannphuirt nó cath-mhílidh a thuitfeadh sé. Ar
feadh seacht míle ar fad agus ar leithead bhí sé cumh-
daighthe le fearaibh.



Ní h-eagla ar bith a ghlac Diarmaid romhpu
acht tarraingt i n-a n-aircis agus túsughadh ortha go
h-ainbhfiosach láidir. Bhí sé ag éirigh tuirseach ins an
deireadh, agus smaoi'tigh sé dá mbéadh Fatha Canann
aige gur bh'fheárr é ná a bheith folamh. Chaith sé é fhéin
ar an talamh, agus d'imthigh sé ar shiubhal cheithre gcos
go rabh sé ag Fatha Canann, agus níor mhothuigh Fatha
Canann dadaidh gur éirigh Diarmaid ins an mheannach air.



Thug Fatha Canann léim fá n-a arm agus fá n-a éideadh,
agus thug sé iarraidh ar Dhiarmaid.



"Goidé tá tú dhul a dheánamh?" arsa Diarmaid.



Tá mé dhul a chuidiughadh le mo námhaid ort-sa," ar sei-
sean, "de bhrígh go dtug tú mo náire, a bheithidhigh shalaigh."



Thug tú fhéin do náire fhéin i' do luighe in do chodhladh
annsin, agus mise do mo chasgairt annseo." Le
méad a rosca fileadh rinne sé do Fatha Canann, chuidigh
sé le Diarmaid go h-ainbhfiosach láidir. Bhí tálac mór
ag teacht ar Dhiarmaid, agus ní rabh 'fhios aige goidé a
dheánfadh sé.


L. 22


46. Thug sé ceithre amharc fir mhire fríd cheithre chearn
an tsluaigh go bhfeicfeadh sé cá h-áit ba laige a námhaid.



Chonnaic sé trí rí Inse Tuile, agus iad 'na suidhe
taobh thall de'n deán, agus trí clócaí ortha, agus iad
ag gáiridhe, ag magadh ar Dhiarmaid agus ar Fatha
Canann. Dar leis fhéin "dá mbéinn-se thall agaibh-se
ní bhéinn-se i bhfad ag cur deise oraibh-se."



Chaith sé é fhéin fá'n talamh agus leig sé air fhéin go
rabh sé imdheargtha, agus rith sé ar shiubhal cheithre gcos,
agus níor mhothuigh trí rí Inse Tuile gur bhuail sé trí
bhuille ortha agus ghearr sé a gcuid sceadaman, agus
tharraing aniar an corn agus cheap sé a gcuid fola
ann.



47. Ní iarraidh ar bith a thug sé ar Fatha Canann le
cuidiughadh leis acht annsoir Fhionn.



"'Bhfuil tú annsin a Fhinn mhic Chumhaill?" ar seisean.



" Tá," arsa Fionn.



"An rud sin a bhí tú ag rádh nach bhfuighthí go deó
é tá sé liom-sa anois."



"Ná bí ag magadh orm," arsa Fionn.



"Níl mé ag deánamh magaidh ar bith ort," arsa
Diarmaid.



"Bheirim briathra," arsa Fionn, "má tá sin fíor,
a Dhiarmaid, go ndeánfaidh mé saidhbhir go deó thú.
Anois, a Dhiarmaid," ar seisean, " má tá sin leat,
cuimil an fhuil do bhonnaibh do chos, agus do do chionn,
do do dhá láimh, agus tar isteach agus cuimil eadar
muid-inne agus an talamh í. Rinne Diarmaid mar
h-iarradh air, agus thug sé uilig go léir amach iad.



"'Bhfuil sibh uilig amuigh anois?" ar seisean, agus
is annsin a mhusgail Conán. Bhí sé 'na luighe 'na
chodladh i ndiaidh a sháith a ithe agus a ól.



"Tá an fhuil uilig rithte anois," arsa Diarmaid.



"Ó a Dhiarmaid, a Dhiarmaid," ar seisean, "b'fhada
an lá ó mhairbhtheá mise acht a b'é eagla roimhe Gholl.
Tá 'fhios agat anois nach mbaineann sé duit de bhrígh
gur shábhail tú é."



48. Nuair a labhair sé mar seo le Diarmaid chuaidh
Diarmaid isteach agus chuimil sé a mhéar thart do'n
chorn, agus fuair a dhá láimh a chur síos faoi dhá ghualainn


L. 23


Chonáin, agus tharraing sé amach ó'n talamh é, gur fhág
sé cuid dá chuid croicinn greamuighthe ar an urlár.



"Maise, anois," arsa Fionn le Diarmaid, "is tú
a shábhail sinne ar ar mbás agus i ndiaidh a dtearn tú
dúinn béidhmid uilig gan chionn go fóill."



"Cad uime sin?" arsa Diarmaid.



"Ar mhéad is a chuaidh an sioc is an síor-reodh i n-ar
gcnámhaibh. Buille sgine nó claidhimh ní bhéidhmid i
n-innibh bhualadh go n-éireóchaidh an ghrian ghamh ar airde
i mbárach."



"Maise," arsa Diarmaid, "fir agus mná an domhain
agus bíodh siad-san i n-a seasamh uilig i n-aon láthair,
buille sgine nó claidhimh ní leigfidh mise in mur
gcroiceann go n-éireóchaidh an ghrian ghamh ar airde i
mbárach," agus sin an focal is mó a h-ubhradh i nÉirinn
ariamh.



49. Chuaidh Diarmaid annsin 'un na trágha, agus ar na
chul na trágha dó, chonnaic sé Fatha Canann i measg an
tsluaigh agus é 'na luighe air chúl a chinn, agus iad uilig
ag tarraingt air, agus é ag sgáirtigh ar Dhiarmaid.
Ghlan Diarmaid bealach do fhéin fríd na fearaibh go
dtainic sé fhad le Fatha Canann, agus bheir sé air, agus
thóg sé 'na sheasamh ar a dhá chois é, agus thoisugh sé fhéin
agus Fatha Canann ortha, go hainbhfiosach láidir.



Ní buaidhreadh ar bith a bhí ar Dhiarmaid fá n-a bhás
fhéin, acht an gealltanas a thug sé d'Fhionn.



50. Ins an am seo, an bheirt a bhí i nAlmhain Laighean
labhair Oisin le Oscar agus dubhairt sé, "Caithfidh
sé go bhfuil rud éighinteacht cearr, ná nach bhfuil aon
duine teacht chugainn le sgéalaibh, agus caithfidh muid
fhéin a chul go bhfeicfidhmid."



Ar a theacht ar amharc bhroinne an átha dóbhtha chonnaic
siad an t-ár a bhí deánta.



"Níl aon duine dá dteachaidh amach anocht nach bhfuil
marbh, ar seisean, "acht Diarmaid agus
fatha Canann annsiúd. Agus tá cuma ar Dhiarmaid
is go bhfuil sé loitthe go mór, agus tusa is guiste agus
bain chugat comh tiugh is thig leat agus tabhair tárrtháil
ar Dhiarmaid: tá tusa óg agus tá tú níos guiste ná
mise."


L. 24


51. Nuair a d'iarr sé ar Oscar seo a dheánamh
rith sé, agus níor mhothuigh Diarmaid gur bhuail Oscar
bos eadar a dhá shlinnean air.



"'Bhfuil siad uilig marbh?" arsa Oscar, "acht tusa
agus Fatha Canann annseo?"



"Níl fear ar bith marbh go fóill," arsa Diarmaid,
acht Fiachna mhac Finn agus Inse mhac Suibhne Shealg'."



"Gabh thusa anois suas," arsa Oscar, "agus suidh
ar an mhéala go rabh tamallt spóirt agat ag amharc
orm-sa ag leigint mo mhéin' amach ar mo námhaid."



Ní chorróchadh Diarmaid; fuair sé an oiread sin
uchtaigh nuair a bhí Oscar aige.



Thainic Oisin 'un tosuigh annsin agus an fear a d'
imthéochadh ó Dhiarmaid chasfaidhe ar Oscar é, agus
an fear a d'imtheóchadh ó Oscar chasfaidhe ar Oisin é,
agus an fear a d'imtheóchadh ar Oisin chasfaidhe ar
Fatha Canann é.



Bhí siad ar an dóigh sin gur éirigh an ghrian ghamh ar
airde.



52. "Maise," arsa Goll mhac Móirne, "is mise an
duine mí-fhortunach a ráidhteas dó go bhfuil sé le
cathamh suas ag Diarmaid liom gur ab é a shábhail ar
mo bhás mé, an rud is é," ar seisean; agus annsin
chuaidh sé fhéin ná trágha agus lean an chuid eile de na
fearaibh é. 'Sé an t-arm a ghlac Goll mhac Móirne
órd mór i ngach aon láimh dá chuid agus bheir sé greim
ar Dhiarmaid eadar a dhá láimh, agus d'fhág sé 'na
shuidhe shuas ar mhéala é.



"Anois," adeir sé. "Bí thusa ag amharc orm-sa
ag leigint mo mhéin' amach air mo námhaid."



Thug sé iarraidh 'un tosuigh agus sitheadh dá dtabhradh
sé mhairbhfeadh sé deich gcloigne, agus sitheadh eile dá
dtabhradh sé mhairbhfeadh sé dhá fhear dhéag.



53. Leis an sgéal fhada a dheánamh goirid ní rabh aon
chleite no cluimh d'ar fhág Críocha Lochlann nár mharbh
sé iad, agus nach dtearn sé éadáil dá gcuid óir agus
airgid.



Annsin ghléas siad cuirm mhór le h-ollgháirdeachas,
a mhair ar feadh seacht n-oidhche agus seacht lá, agus
b'fheárr an oidhche dheirionnach 'ná an chead oidhche.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services