MAIGHDEAN AN tSOLUIS.
Bhi sin ann, agus is fad' ó bhí. Bhí rí agus ba'-
ríoghan ann, agus thainic ar an bha'ríoghan go
bhfuair sí bás, agus pósadh an rí ar ais.
Ní rabh ag a chead mhnaoi acht mac amháin, agus
d'fág an mac an t-athair, agus thúsaigh sé a dheanamh
teach úr dó féin.
An obair a dheánfadh sé 'sa' lá bhéadh sé leagtha
'san oidhche.
Smaoi'tigh sé lá amháin go gcuirnóchadh (= gcruin-
neóchadh) sé cuid mhór saoirí go ndeánfadh sé an
teach lá amháin.
Bhí sé ag dul ar maidin chuig teach na mná a
d'oil é, agus sgáirt sí isteach air, agus d'fiafraigh
dó gá rabh se ag dul. Dubhairt sé go rabh sé ag
dul a choimhead a thoighe go bhfeicfeadh sé cé bhí
dá leagaint.
"B'fhéidir nár b'fheárr duit," arsa sise, "dhúl
nó gan a dhul."
"Maise," arsa seisean, "suidhfidh mé anocht
go bhfeicfidh mé goidé atá ag teacht ar an teach."
"Tiocfaidh," arsa sise, "tri h-eala thart ós
dho chionn, agus má chuireann tú fáilte roimhe
aon 'uine (= duine) aca thar an duine eile, caillfidh
tú an ceann. Seo an fháilte a chuirfeas tú
rompha - "fáilte rómhaibh-se, trí righte an domhain
thoir, gur ab é mur mbeatha i n-aoinfheacht.""
Rinne sé seo. Cómh luath géar is bhí an focal
ráidhte aige-sean, d'éirigh siad suas, trí 'nighne
ríogh an domhain thoir. Tharraing bean aca amach
daic cárdaí as a póca, agus d'fhaifraigh de mac
an ríogh a n-imreóchadh sé cluiche. Dubhairt
seisean go n-imreóchadh. Ní rabh siad i bhfad
ag imirt gur chuir an mhaighdean an cluiche ar mhac
an ríogh.
"Beir do bhreith," arsa mac an ríogh léithi.
"Cuirim-se fá gheasaibh thú an luibh is measa
agus is meathtuigh' agus is mi-threóruigh' fá do
chionn agus do chosaibh agus do choimhead beatha
a bhaint duit mur ndeánfaidh tú mar iarraim
ort, go bhfágh tú Maighdean an tSoluis as an
talamh íochtarach damhsa."
Phill sé ó'n toigh ar ais chuig an t-sean-bhean,
agus shuidh sé ar an chaithir, agus rinne sé osnadh,
agus bhris an chaithir faoi.
"Mac ríogh fá gheasaibh thú," arsa an tsean-
bhean.
"'Seadh, go cinnte," arsa seisean.
"Goidé na geasa atá ort?" arsa sise.
D'innis sé duithe-se. Chuaidh sí agus fuair sí
min choirce, agus fhliuch sí le bainne agus
rinne sí trí mill de, agus d'iarr sí air sin a bheith
leis.
"Anois," arsa sise, "tá trí dearthar agamsa,
fear aca 'na shíon sneachta, fear aca 'na fhearthainn,
agus fear aca 'na shioc, agus mur bhfághann siad
seo amach duith í níl aon 'uine ar an domhan
gheóbhas. Seo péire slipears duit, agus bhéaraidh
siad thú chuig mo dhearthar anocht. Ar mhéad a
shiubhlas tú ní bhéidh tú acht ann, agus ar laighead
a shiubhlas tú béidh tú ann. Imthigh anois," arsa sise.
Shiubhail sé leis go dtí an neóin bheag agus
deireadh an lae. Nuair a thainic sé go dtí an
cró beag chómhnuigh na slipears ag doras an chró
agus chuaidh sé isteach. Agus nuair a chuaidh sé
isteach ní rabh aon 'uine istoigh roimhe acht fathach.
Rinne an fathach gáire, agus an dubhlogán dubh
a bhí shíos ar thóin a ghoile chonnaic sé é. D'fhiafraigh
mac an ríogh dó goidé ádhbhar a gháire. Dúbhairt
sé gur fada an lá ó d'ith sé greim de feóil
Éireannaigh agus go mbéadh Éireannach le h-ithe
aige anocht ar a shuipear.
Chuir seisean a lámh i n-a bhrollach, agus chaith
sé meall de'n mhin choirce eadar an dá shúil air.
Dubhairt an fathach leis "céad míle fáilte
rómhat," arsa seisean, "is tú croidhe mo dheirbh-
shiura; tá fhios agam cá bhfuil tú dul anocht."
Thug sé suipear dó, agus d'iarr sé air dhul
a luighe. Chuaidh mac an ríogh 'na luighe, agus
chuaidh an fathach amach ag deánamh siocháin.
Ar maidin nuair a thainic sé isteach dubhaint sé
gur sháruigh air Maighdean an tSoluis fhághail
amach.
Thug sé briocfasta dó, agus d'imthigh sé, lá ar na
bhárach arís. Shiubhail sé leis go dtí go dtainic
sé go dtí cró beag eile. Chómhnuigh na slipears
ag doras an chró. Nuair a thainic sé isteach bhí
fathach eile 'sa' chró seo. Rinne sé gáire. Chuir
mac an ríogh a lámh 'na bhrollach, agus chaith sé
meall eile ar an fhathach eadar an dá shúil.
"Fáilte rómhat, is tú croidhe mo dheirbhshiura;
tá fhios agam cá bhfuil tú ag dul anocht," ars'
an fathach.
Thug an fathach a shuipear dó, agus d'iarr sé
air a dhul a luighe. Chuaidh mac an ríogh 'na luighe.
D'imthigh an fathach amach agus rinne sé oidhche
mhór fhearthainne, agus ar maidin thainic sé isteach
agus dubhairt sé nach rabh Maighdean an tSoluis
le fághail, nó tuairisg uirthi.
D'éirigh mac an ríogh ar maidin, agus fuair sé
a bhriocfasta, chuir air a chuid slipears, agus
bhog sé leis, go rabh an neóin bheag agus deireadh
an lae ann.
Tharlaidh go dtainic sé go dtí cró beag eile
agus chómhnuigh na slipears ag doras an chró.
Nuair a thainic sé 'un toigh' bhí fathach mór istoigh ann,
agus cúig chionn, cúig chos, agus cúig mhuinneal
air. Rinne sé gáire mór.
Chuir mac an ríogh a lámh 'na bhrollach agus chaith
an meall chuige.
"Fáilte rómhat, croidhe mo dheirbhshiura thú,"
ars' an fathach; "is maith tá 'fhios agam cá bhfuil
tú ag dul anocht."
Thug sé suipear dó, agus d'iarr sé air dhul a
luighe.
Chuaidh seisean amach agus ní thainic aon oidhche
síobtha sneachta riamh ba mhó ná í.
Ar maidin ag teacht 'un toighe dó dubhairt sé
le mac an ríogh go rabh tuairisg Maighdine an
tSoluis le fághail indiu aige. Thug sé briocfasta
dó, agus thug sé dó coileán beag madaidh, agus
d'iarr sé air-sean a bheith ag siubhal a choidhche
go dtí go stadfadh an madadh.
Siubhail siad leóbhtha go dtainic sé go dtí
bun crainn a bhí ann. Thúsaigh an madadh ag
sgríobadh na créachta le n-a chuid chosa, agus
sgríob an madadh ag bun an chrainn go dtí go
dtainic sé go dtí leac.
Thóg mac an ríogh an leac agus chonnaic sé an
dréimire ba deise a chonnaic sé ariamh. Chuaidh
sé síos an dréimire. Shíos ag bun an dréimire
casadh air an mhaighdean óg ba deise chonnaic sé
ariamh. Bhí sé thamallt beag ag cainnt léithi,
agus leis an solas a bhí dá fágailt bhí sé go
deallrach thart fá dtaoibh di. Thainic fathach úr
eile go dtí mac an ríogh, agus d'fhiafraigh sé dé
cá rabh sé ag dul. Dubhairt sé go rabh sé ag
iarraidh fósta, agus dubhairt an fathach go rabh
buachaill, a dhíogbháil air-sean. Thug sé grápa
dó agus d'iarr sé air dhul isteach ins an bhoitheach
sin agus an boitheach a ghlanadh, mur mbéadh sé
glan teacht an h-oidhche aige go mbainfeadh sé an
ceann dó. "Bhfeiceann tú an badhún," arsa
fathach, "tá spící thart ar an bhadhún, agus níl
aon spíce ann nach bhfuil ceann gaisgidhigh air,
acht an ceann amháin, agus creidim gur fá do
choinne-sa atá sin."
Bhí seacht míle ar fad ins an bhoitheach agus
seacht míle ar leathad agus aoileach seacht
mbliadhain istoigh ann.
Bheir mac an ríogh ar an ghrápa, agus níl lán
grápa a chuirfeadh sé amach nach dtiocfadh beirt
isteach i na choinne. Thainic Maighdean an tSoluis
chuige le n-a bhriocfasta.
"Gabh tseo (= annseo) agus deán do
bhriocfasta," arsa sise.
"Chan é atá ag chur buadhartha orm," arsa mac
an ríogh.
Fá dheireadh thainic sé agus rinne sé a chuid.
"Leag do cheann ar m'ucht go gcodlóchaidh tú
néal," arsa sise.
Rinne, agus thuit sé 'na chodladh.
Nuair a mhusgail sé bhí an boitheach sgiobtha
glan sguabtha ag Maighdean an tSoluis.
Chuimil seisean a lámh do n-a shúilibh, agus
dubhairt sé go gcodlaigh sé néal.
"Anois," arsa sise, "nuair a thiocfas an
fathach fhad leat deirfidh sé gur seo obair
Mhaighdin' an tSoluis.
Abair thusa nár chualaidh tú iomrádh ar a h-ainm."
Thainic a' fathach agus dubhairt sé "seo obair
Mhaighdine an tSoluis.
D'fhiafraigh mac an ríogh dó "goidé cineal mná
sin, ná níor chuala mise iomrádh ariamh uirthi."
"An darna lá, "Sin boitheach eile anois agat,"
arsa an fathach, "tá seacht míle ar fad ann, agus
seacht míle ar leathad, agus caithfidh tú é bheith
fá thuighe agus fá shúgán agat le cleite éanacha,
agus gan beirt aca a bheith ar an dath amháin.
D'imthigh an duine bocht amach fríd an choill, agus
stróic sé a chuid bhratóige beaga éadaigh ag
cuairt éanacha agus sháruigh air fhághail ar acht
beirt.
Thainig Maighdean an tSoluis chuige le n-a
bhriocfasta, agus d'iarr sí air theacht agus a
chuid a dheanamh.
Dubhairt seisean nach ab é a bhí ag cur buadhartha
air, nach rabh aige go fóill acht dhá éan.
"Gabh tseo, agus deán do chuid," arsa sise.
"Leag do cheann ar mo ghlúin go gcodlóchaidh tú
néal."
Rinne sé sin.
Nuair a bhí seisean 'na chodladh chuir sí fídeóg
i n-a béal, agus chuir sí fead di 'san fhídeóig,
agus ní rabh éan ar an domhain nár chruinnigh, agus
chumhdaigh sí an boitheach le tuighe agus súgán, agus
ní rabh dhá chleite aici ar an aon dath.
Mhusgail mac an ríogh, agus chuimil sé a lámh
do n-a shúilibh agus dubhairt sé gur chodluigh sé
néal.
"Muair a thiocfas an fathach chugat anocht,"
arsa sise, "adeirfidh sé leat gur seo obair
Mhaighdine an tSoluis, agus abair thusa nár
chualaidh tú aon iomrádh ariamh uirthi, acht méid
a dubhairt sé fhéin indé fá dtaoibh dí.
Níor chodluigh an fathach néal le trí oidhche ó
thainic tusa annseo, agus anocht bhéaraidh sé
orm-sa leabaidh a chórughadh duit. Tá coire luaidhe
ag guil ar chúl an dorais agus bhéaraidh sé orm-sa
an seo a chúr faoi'n leabaidh. Nuair a rachas tusa
a luighe sílfidh sé go rachaidh tú fríd a leabaidh
agus go mbéidh tú bhruithte dóighte. Fuigfidh
mise bloc darach ar chúl an dorais, agus nuair a
rachas tusa suas ins an seomra caith an bloc
isteach ins an choire. Rachaidh an coire a ghuil
nuair a rachas an bloc isteach.
Sílfidh an fathach gur tusa atá bruithte 'san
áit an bhluic.
Tuitfidh sé 'na chodladh nuair a mhothóchas sé
an coire ag guil, agus ná bhí thusa 'do chodladh,"
arsa sise, "bí thusa ar do chosaibh."
"Gabh amach 'na stábla agus beir ar an tsréin
atá crochta ar thaoibh an toighe. Craith an srian
agus cibé beithidheach a chuireas a cheann "sa"
tsréin tabhair leat é."
Rinne sé seo, agus thainic an clibistín beag,
agus chuir sé a cheann "sa" tsrein. Chuaidh mac
an ríogh a mharcuigheacht air.
Goidé bhí ag an fathach acht cú nimhe, agus bhí trí
choileán ag an chú.
Chuir Maighdean an tSoluis na coileáin i n-a
bráisgín agus chuaidh sí ag marcuigheacht ar chúlaibh
mhic an ríogh.
D'imthigh leobhtha i n-a ruathar reatha, i n-a fatha
fásgaidh, agus ní theachaidh siad i bhfad ar siubhal
gur iarr Maighdean an tSoluis ar mhac an ríogh
amharc 'na ndiaidh.
"'Bhfeiceann tú a dhath ag teacht?" arsa sise.
"Tchím," arsa seisean, "tá an cú ag teacht,
agus 'ach aon bhládhair teineadh amach as a chraos.
Béidhmíd slugtha i mbumaite aici."
"A chladhaire, ná bíodh eagla ort; is goirid go
gcoisgfidh mise é."
Nuair a thainic an cú chuir sí a lámh i n-a bráisgin
agus chaith sé ceann de n-a choileánibh chuici. Thóg
a' cú an coilean agus phill 'na bhaile leis an
choileán. Fuair an fathach slat agus bhuail sé an
cú agus chuir sé an cú 'na ndiaidh ar ais.
"Amharc do dhiaidh anois, go bhfeicfidh tú 'bhfuil
a dhath ag teacht."
"Tchím an cú, agus tá dhá oiread teineadh as a
béal an iarraidh seo is bhí an chead uair."
"Ná bíodh eagla ort a chladhaire, ná is goirid
go gcoisgfidh mise é."
Nuair a thainic an cú chuir sí a lámh i n-a bráisgín,
agus chaith sí an darna ceann de na coileánaibh
chuig' an chú. Thóg an cú an coileán agus phill
'na baile leis í.
Chuir an fathach an cú ar ais arís i ndiaidh mhic an
ríogh agus Maighdine an tSoluis. "Amharc do
dhiaidh anois," arsa sise.
"Tchím," arsa mac an ríogh, "an cú ag teacht,
agus tá trí oiread teineadh ag teacht amach as a
béal. Chaith Maighdean an tSoluis an tríomhadh
coilean chuig' an chú agus d'imthigh an cú ar ais leis.
Nuair a chuaidh sise abhaile leis an tríomhadh
coileán bhí an fathach dá cur amach arís acht 'á
(= dá) mhairbhfeadh sé í ní rachadh sí amach dó.
D'imthigh leobhtha annsin. "Amhrac 'do dhiaidh
anois agus féach a' bhfeicfeá a dhath ag teacht,"
arsa Maighdean an tSoluis.
"Tchím," arsa mac an ríogh, "fathach ag teacht,
agus tchífeá an spéir uilig eadar a dhá chois agus
ní fheicfeá dhath ós cionn mhullaigh a chinn."
"Chuir do láimh i gcluais an bhromaiste agus
amharc a' bhfuigh' tú dhath ann."
"Níl acht deór beag uisge," arsa mac an ríogh.
"Caith in do dhiaidh," arsa sise. Chaith sé.
Thainic seacht míle de fhairge 'na ndiaidh, eadar
iad féin 'sa' fathach.
B'éigin do'n fhathach a philleadh, agus sean chupan
bearna a bhí faoi'n leabaidh a thabhairt ar ais leis,
agus an loch a thaomadh.
"Amharc anois ar ais," arsa sise.
"Tchím an fathach ag teacht arís," arsa mac an
ríogh.
"A chladhaire, cuir do lámh i gcluais an bhromai-
ste, agus amharc goidé dheobhal tú ann."
"Níl, acht drithleóg bheag theineadh," arsa mac
an ríogh. "Caith 'do dhiaidh fósta." Chaith. Thainic
seacht míle de theinidh eatortha.
B'éigin do'n fhathach imtheacht 'na bhaile fá choinne
maide beag briste bearna agus thúsaigh sé ag
chur na teineadh as, agus bhí an oiread feirge
air gur bruitheadh is gur dóigheadh 'sa' teinidh é.
Nuair a bhí sin deánta aca bhí siad cómhair a
bhaile agus annsin nuair a bhí siad ag tarraing
suas ar a'chaisleán, "A mhic ríog," arsa Maighdean
an tSoluis leis, "níl sé deas deánta coimhightheach
mná a thabhairt un toighe gan sgéal ar chor ar bith."
"Rachaidh mise," arsa mac an ríogh, "agus
bhéaraidh mé sgéal."
"Nuair a rachas tú 'un toighe," arsa sise,
"seo fuip chugat agus ná leig duine ar bith do do
chómhair, nó má leigeann deánfaidh tú dearmad
damh-sa."
Nuair a chuaidh mac an ríogh 'un toighe bhí lúthghair
mhór ortha fá n-a choinne. D'éirigh siad thall 'sa
bhus ag braith lámh a chraitheadh leis, acht chongbhuigh
seisean ar gcúl iad leis an fuip, go dtí go
dtainic coileán cú (= con) a bhí aige fhéin, agus
d'éirigh an coileán agus chuimil sé a theanga thart
ar a bhéal, agus rinne mac an ríogh dearmad go
bhfacaidh sé ariamh Maighdean an tSoluis.
Bhí lúthghair mhór annsin ar a mhuinntir fá choinne
mhic an ríogh, agus rinne siad suas cleamhnas dó
le ingín ríogh Éireann.
Nuair a bhain Mhaighdean an tSoluis dúil do
mac an ríogh chuaidh sí suas ar bharr crainn, ar
thaoibh chamhsa. Bhí sréadaidhe ag an rígh, agus bhí
triúr nighneacha aige. Chuaidh bean aca síos go
dtí tobar a bhí ag bun an chrainn. Chuaidh sí fá
choinne channa uisge ar maidin, agus an uair a
chrom sí síos ag tógáilt an uisge chonnaic sí an
sgáile ins an tobar. Shaoil sí gurbh fhéin a bhí
ann agus nach bhfaca sí bean ar bith eile ba dhóighe-
amhla ariamh. Agus shaoil sí go rabh sí ionganta
amaideach fanacht ag n-a h-athair gan imtheacht
béal a cinn. Bheir sí ar an canna agus bhris
sí ar na clochaibh é, agus d'imthigh sí léithi.
Thainic an darna ingéan go dtí an tobar, agus
nuair a chonnaic sí an sgáile 'sa'tobar dubhairt
sí go rabh sí ró dheas a fhanacht ag a h-athair níos
fuide, agus go n-imtheóchadh sí béal a cinn. Bhris
sí a canna ar na clochaibh, agus d'imthigh léithi.
Thainic an tríomhadh ingéan agus rinne sí an
cleas céadna.
Thainic a máthair annsin, agus deir sí léithi fhéin
"Is mé an bhean amaideach fanacht ag an tsréa-
daidhe bhocht seo, agus mé chomh h-áluinn seo,
gan imtheacht béal mo chinn."
Bhris sí a canna agus d'imthigh léithi.
Thainic an sréadaidhe annsin. Chrom sé ag
tógailt an uisge, agus chonnaic sé an sgáile ins
an tobar, agus d'aithin sé nach a ngáile fhéin a
bhí ann, acht sgáile mhná. D'amharc sé suas ar
an chrann, agus chonnaic sé bean 'na suidhe, shuas
ar bharr an chrainn.
"An tusa atá ag cur mo chuid (= choda)
bhantrachth' ar seachran? Ní fhacaidh misa mná
ariamh a bhí cómh h-amaideach leo. Bhris 'ach aon
bhean aca a gcannaí agus d'imthigh siad leóbhtha.
"Siubhal thusa liom," arsa seisean, "agus
bhéaraidh mé lóisdín go maidin duit." Chuaidh
sí leis, acht goidé bhí ag dul un tosaigh an oidhche
sin acht baineis mhic an ríogh agus inghíne ríogh na
hÉireann.
Chuir rí na hÉireann anuas fear do n-a chuid
ghiollaí ag iarraidh scór molt fá choinne na bainise.
Nuair a thainic an giolla isteach thuit sé i ngrádh
le Maighdean an tSoluis.
"Níl agam," arsa seisean, "acht cúig phunta,
agus bhéaraidh mé duit é má phósann tú mé."
"Is maith liom a iarraidh orm," arsa sise,
"níl a'n phighinn airgid agam."
Nuair a bhí an lá istoigh aca, agus iad 'na seasamh
ar an urlár 'sa' tseomra leabtha ag dul a luighe:
"Rinne mé dearmad," arsa sise.
"Goidé 'n dearmad a rinne tú?" ars' an
giolla.
"Níor chuir mé an sparra ar an doras," arsa
sise, "agus níor luigh mé aon oidhche ariamh gan
an doras a sparradh."
Chuaidh seisean síos go dtí 'n doras, agus
nuair a leag sé lámh ar an sparra ghreamuigh a
lámh do'n sparra agus bhí sé annsin go maidin.
An darna lá chuir an rí fear eile anuas fá
choinne scór molt fá 'n bhainis, agus nuair a
thainic 'na toighe thuit an darna giolla i ngrádh
le Maighdean an tSoluis, agus ní thiocadh leis
a fágáilt.
Dubhairt sé go rabh cúig phunt' airgid aige go
dtiubhradh sé duithe dá bpósadh sí é.
Dubhairt sise gur mhaith iarraidh urithi. Nuair
a bhí siad ag dul a luighe, dubhairt sí go dtearn
sí dearmad. D'fhiafraigh seisean di goidé'n
dearmad a rinne sí. Dubhairt sí gur fhág sí
méaracán ar an tábla, agus nach dtiocfadh leithi
codladh go maidin go dtí go bhfuigheadh sí é.
Chuaidh seisean fá choinne an mhearacháin. Leag
sé lámh ar an mhéarachán agus d'imthigh an méaracan
ó cheann an tábla go dtí an ceann eile, agus bhí
sé mar sin go maidin, eadar ceithre cóirnéal.
Ar maidin nuair a thainic an lá d'imthigh sé leis
i mbéal a chinn le tréan náire.
An tríomhadh lá cuireadh anuas fear eile go
dtí teach an tsréadaidhe fá choinne scór molt,
acht thuit sé i ngrádh le Maighdean an tSoluis
go díreach mar thuit an bheirt eile. Rinne sé
margadh léithe go bpósfadh sí é.
Nuair a bhí sí ag dul a luighe, "maise," arsa
sise "rinne mé dearmad do'n teinidh a choiglit:
caithfidh mé dhul a choiglit an teinidh."
"Rachaidh mise," arsa seisean. Nuair a bheir
sé ar an fhód greamuigh an fód do'n urlár, agus
ghreamuigh a lámh-sa don fhód, agus bhí sé cómhair
a bheith smigheáilte ar maidin ós cionn na teineadh.
D'imthigh leis ar maidin i mbéal a chinn le tréan
náire.
Nuair a b'fhada leis an rígh a bhí an triúr seo
gan a theacht ar ais thainic sé féin le fearg mhór
annsoir an tsréadaidhe.
D'fiafraigh sé de'n stréadaidhe goidé ba
chionntach leis a churd ghiollaí a chur ar shiubhal.
D'innis an sréadaidhe dó. D'iarr sé fhéin
annsin ar an tsréadaidhe an scór molt a chur
suas'na bainise. Chuaidh an sréadaidhe suas leis
na muilt agus d'innis sé do'n rígh goidé d'éirigh
daobhtha, na giollaí, agus dubhairt sé leis go
rabh aige i n-a theach an cailin ba bhreághtha a chonnaic
sé ariamh gur chuir sí 'na fir óga ar seachrán.
Ins an am sin caitheadh an bhainis sul a bpósadh
an lánamhain. Nuair a bhíthear ag caitheamh na
bainise d'iarr an rí ar an tsréadaidhe an cailin
óg a chur aníos.
"Gabh fhéin fá n-a coinne," ars' an sréadaidhe,
"ná bhí thiocfadh sí ar mo chuireadh-sa."
Chuaidh an rí, agus thainic sí aníos leis. In
san am sin chaithfeadh 'ach aon 'uine a bhíodh ar an
chuirm sgéal a innsigh.
D'éirigh an sréadaidhe agus d'iarr sé ar
Maighdean an tSoluis sgéal a innsigh le n-a toil.
D'éirigh sise agus an chead rud a rinne sí thug
sí isteach an fhairge fríd an teach. Fear a thiocfadh
leis léim suas ar an tábla nó ar chaithir léim sé.
Chuir sí a lámh 'na póca, agus tharraing sí amach
lán a duirn de chruithneacht, agus chaith sí ar an
tábla é. Thug sí amach cearc agus coileach as
a póca agus chuaidh an chearc agus an coileach ag
ithe an choirce. Bhuail an coileach dab ar an chirc,
agus chaith sé anuas faoi'n tábla í. Ars' an
chearc leis an choileach "Ó plóid ort!" arsa
sise, "dá mbíodh cuimhne agat ar an lá a chart
mise an boitheach duit a bhí seacht míle ar fad
agus seacht míle ar leathad ní bhuailfeá mé indiu."
Chuaidh an chearc suas ar ais agus bhuail an
coileach dab uirthi, agus chaith sé anuas í.
"Maise, plóid ort!" arsa sise, "nuair a
chuir mise tuighe agus súgán ar an bhoitheach duit
ní bhuailfeá an lá sin mé."
Chuaidh an chearc suas arís annsin, agus bhuail an
coileach an tríomhadh h-uair í, agus chaith sé anuas í.
"Maise, plóid ort! an lá adaidh a thug mise
liom ag trí choilean cú ní bhuailfeá mé," ars'
an chearc.
Bhí mac an riogh 'na sheasamh ag ceann tábla,
agus é ag éisteacht leis an chainnt agus 'á réir
is bhí an chearc ag cainnt bhí seisean ag smaoi'tiughadh.
D'éirigh sé 'na sheasamh, agus d'iarr sé
maitheamhnas ar an chuideachta. Dubhairt sé le
n-a chuideachta gur 'sin a bhean agus go dteachaidh
sé fríd 'ach uile sheort adubhairt an chearc leis
an choileach, agus gur sin an bhean a d'fhuasgail
dó-san.
Annsin pósadh mac an ríogh agus Maighdean
an tSoluis le n-a chéile.
Chuaidh siad-san an tráigh agus mise an clochán,
agus níl 'fhios agam-sa goidé d'éirigh daobhtha
níos mó.
INGÉAN CHORMAIC MHIC AIRT
I n-aimsir Chormaic mhic Airt
Bhí an saoghal go haoibhinn ait
Bhí naoi gcnó ar an gcraoibhín
Agus naoi gcraoibhín ar an tslaith.
Bhí ingéan aige a rabh Eachnais uirthi, agus bhí
morán prionnsaí óga ag braith uirthi. Bhí triúr
mac Ríogh Chonnacht ag iomaint, agus rinne siad
acht fear ar bith a chuirfeadh an chnag amach thar na
marcannaí go gcaithfeadh sé í a lean'aint agus
a tabhairt ar ais. Bhuail an fear óg buille uirthi
agus chuaidh sí thar an bhalla isteach i ngáraidh
Chormaic. Chuaidh an fear óg suas ar an bhalla,
agus chuaidh sé isteach dá cuartughadh.
Bhí ingéan Chormaic ag teacht aníos.
"'Bhfaca tú mo chnag," adubhairt sé léithi?
"Ní fhacaidh," adeir sí.
"Ó, is agat atá sí," adeir sé.
"Ní, leóga."
Thoisigh sé ag tabhairt droch-chainte di, agus ní
rabh sí sásta, agus dubhairt sí go bhfágfadh sí a
bhreitheamhnas ar an chead fhear a chasadh ortha.
Agus b'é a h-athair an chead fhear a chasadh ortha.
Ghlac Cormac fearg mhór leis agus dubhairt sé
go ndíbreóchadh sé as an tír é, agus d'imthigh an
t-óganach, agus ní fhacas ní ba mhó é.
Tamallt eile ó'n am sin thainic amadán annsoir
Chormac, agus ní sgarfadh Cormac leis ar ór an
domhain, bhí sé ag deánamh an oirid sin de
chuideachta fá'n chúirt.
Bhí caisleán nó grianán deántaí fá choinne
Eachnaise, ar bhruach na fairge. Tor-chaisleán an
t-ainm a bhí air, agus bhí dhá chloigeann déag de
chailinibh ann ag tabhairt aire do Eachnais.
Thainic prionnsa óg ag braith ar ingín Chormaic,
agus d'innis Cormac dó dá sásóchadh sé í fhéin
go rabh seisean umhal sásta.
Ar maidin lá ar na bhárach dubhairt an prionnsa
óg go rachadh sé go bhfeicfeadh sé mná breághtha an
Tor-Chaisleáin.
"Bheirim briathra 's go rachaidh mise fósta,"
ars' an t-amadán, "go rabh tamallt cainnte
agam fhéin leobhtha."
"Och, ná deána thusa sin, a amadáin," ars' an
prionnsa, "fan 'sa' bhaile agus bhéaraidh mé
punta duit."
"Och, níl áird ar bith agam-sa ar airgead,"
ars' an t-amadán.
Ar a chul an bealach mór daobhtha casadh beirt
fhear ortha, agus iad ag dul a bháthadh líon.
"Beirigidh ar an amadán sin agus ceanglaigidh
é," ars' an prionnsa, "agus bhéaraidh mé punta
daoibh."
Thug siad iarraidh ar an amadán len-a cheangal,
acht i n-áit mar bhí sin dó cheangail an t-amadán
an bheirt aca, agus reath sé de'n rása sin gur chuir
sé a cheann go dtí a dhá ghualainn fríd an
fhuinneóig chuig Eachnais.
"Cia siúd amuigh?" ar sise, "a gheobhadh croidhe
m' fhuinneóg a bhriseadh."
"Mise Lomaire mhac Meanman a thainic 'mo
amadán annsoir Chormac mhac Airt Éireann, agus
ná ceil ar a'n fhear i n-Éirinn é."
"Bhéarainn barramhail duit, a amadáin," adeir
sí.
"Goidé an bharramhail a bhéarthá damh a
Eachnais?" adeir sé.
"Tá, gur cosamhail thú le tarbh Inse Buile."
"Bhéarainn-se barramhail duit a Eachnais," ar
seisean. "Goidé 'n bharramhail a bhéarthá damh, a
amadáin?"
"Tá," ar seisean, "gur cosamhail thú le héan
Inse Tuileadh."
Bhí siad ag caint mar sin le chéile go dtí'n
oidhche. Ní bhfuair an duine uasal cead focal a
labhairt léithe. Gabhail na bhaile 'san oidhche
daobhtha, "goidé mar d'éirigh leat indiu?" adeir
Cormac leis an duine uasal.
"Ná rabh rath ar an amadán," adeir sé, "mur
deas an dá bharramhail a thug sé agus d'ingéan
do chéile indiu."
"Goidé an dá bharramhail a thug siad do chéile?"
adeir Cormach.
"Dubhairt sise leis gur cosamhail é le tarbh
Inse Buile, agus dubhairt seisean léithe gur
cosamhail ise le héan Inse Tuileadh."
"Bhfuil 'fhios agat-sa goidé is brígh do'n dá
bharramhail sin?"
"Níl 'fhios agam," adeir sé. "Maise," arsa
Cormac, "dá mbéadh 'fhios agat bhéathá cómh
críonna leobhtha fhéin." Annsin mhínigh Cormac dó
an chiall a bhí 'san dá bharramhail a thug siad dá
chéile.
Ar maidin lá ar na bhárach deir an duine uasal
"is cóir damh a chul indiu go bhfeicfidh mé mná
breághtha Tor-chaisleáin."
"Béidh mise leat indiu arís," ars' an
t-amadán.
"Ná deána sin, a amadáin," ar seisean, "fan
'sa bhaile, agus bhéaraidh mé dhá phunt duit."
"Och, níl áird ar bith agam ar airgead," ars' an
t-amadán.
Ar a chul an bealach mór daobhtha casadh triúr
fear, ortha agus iad ag gabhail fá choinne adhmaid
a dheánfadh teinidh daobhtha.
"Beirigidh ar an amadán," ar seisean, "agus
ceanglaigidh é, agus bhéaraidh mé dhá phunt daoibh."
Thug siad iarraidh bheirt ar an amadán, acht i
n-áit a bhí sin cheangail an t-amadán an triúr
aca, agus níor stad sé de'n rása sin gur chuir sé
a cheann go dtí'n dá ghualainn fríd an fhuinneóig
chuig Eachnais.
"Cé siúd amuigh," arsa sí, "gheobhadh croidhe m'
fhuinneóg a bhriseadh?"
"Mise Lomaire mhac Meanman thanic 'mo
amadán annsoir Chormac mhac Airt, agus ná
ceil ar a'n fhear i nÉirinn é."
"Bhéarainn barramhail duit, a amadáin," ar
sise.
"Goide an bharramhail a bhéarthá damh, a
Eachnais?"
"Tá, gur cosamhail thú le h-úr-choill ághail (?)"
"Bhéarainnse barramhail duit, a Eachnais."
Goidé an bharramhail a bhéarthá damh, a
amadán?"
"Tá, gur cosamhail thú le bláth an h-oithigh
bána."
Bhí siad ag caint le chéile mar sin go dtí'n
oidhche agus ní bhfuair an duine uasal cead focal
a labhairt léithe. Ar a chul a bhaile daobhta ins an
oidhche, "goidé mar tharlaidh leat indiu?" arsa
Cormac.
"Ná rabh rath ar an amadán," ar seisean, "mur
deas an dá bharramhail a thug sé fhéin agus d'
ingéan dá chéile indiu aríst."
"Goidé an dá bharramhail a thug siad dá chéile?"
arsa Cormac.
D'innis an prionnsa dó an dá bharramhail.
"'Bhfuil 'fhios agat-sa," arsa Cormac, "goidé
is brígh do'n dá bharramhail sin?"
"Ní 'fhios agam," ar seisean.
"Maise, dá mbéadh fhios agat," arsa Cormac,
"bhéathá cómh críonna leobhtha fhéin." Úr-choill
ághail," ar seisean, "sin crann beithe ar mhí na
Béaltaine. Níl aon chrann 'sa' choill is gráice
croiceann ná é, a chuid cnapain salacha croch-
taigh' anuas le n-a thaoibh, agus i ndiaidh sin is
uilig," ar seisean, "nuair a bhainfeas tú an
croiceann dó níl aon mhaide 'sa' choill is gile
ná é taobh istoigh. Agus bláth na h-oithigh bána,"
ar seisean, "sin páirc a mbíonn caorigh uirthi
'sa' gheimhreadh agus nuair a chuirfear ar shiubhal
iad ar thús mhí na Béaltaine tiocfaidh blátha
neóininí ar an talamh agus béidh siad iongantach
deas."
Ar maidin an tríomhadh lae "rachaidh mé indiu
aríst go bhfeicfidh mé mná breághtha Tor-Chaisleáin:
níl agam acht an lá amháin agus ní fiú damh gan a
chul indiu."
"Rachaidh mise leat," ars' an t-amadán.
"Ná deána thusa mar sin, a amadáin: fan ins
a' bhaile indiu, agus fág an lá indiu agam fhéin
agus bhéaraidh mé trí punta duit."
"Och," adeir an t-amadán, "ní rabh áird ar
bith agam ariamh ar airgead: is fheárr liom tamallt
cómhráidh bheith agam le mnáibh breághtha an Tor-
Chaisleáin."
Ar a chul an bealach mór daobhtha casadh triúr
fear ortha gabhail fá choinne adhmaid.
D'iarr an prionnsa ortha an t-amadán a
cheangal, acht ní rabh gar ann: cheangail an
t-amadán iad agus reath sé an rása sin gur chuir
sé a cheann go dtí 'n dá ghualainn fríd an fhuinneóig
chuig Eachnais.
"Cia siúd amuigh?" ar sise, "gheobhadh croidhe
m' fhuinneóg a bhriseadh."
"Mise Lomaire mhac Meanman thainic m'
amadán annsoir Chormac mhac Airt Éireann,
agus ná ceil ar aon fhear i nÉirinn é."
"Bhéarainn barramhail duit, a amadáin," ar
sise.
"Goidé 'n bharramhail a bhéarthá damh, a
Eachnais?"
"Tá gur cosamhail thú le dís chionn trágha.
"Bhéarainnse barramhail duit, a Eachnais, ar
seisean.
"Goidé 'n bharramhail a bhéarthá damh a amadáin,"
ar sise.
"Tá, gur cosamhail thú," ar seisean, le
abhaill an dá bhláth."
Bhí siad ag cómhrádh mar sin go dtí'n oidhche,
agus níor thuig an duine uasal goidé bhí siad
dá rádh. Gabhail abhaile daobhtha ins an tráthnóna,
"goidé mar d'éirigh leat indiu?" adeir Cormac
leis an duine uasal.
"Ná rabh rath ar do amadán," ar seisean,
"mur deas a chuir sé 'n lá indiu fósta amugha
orm; is greannmhar an dá bharramhail a thug sé
féin agus d'ingéan dá chéile indiu."
"Goidé an dá bharramhail a thug siad dá chéile?"
adeir Cormac.
"Dubhairt sise leis gur chosamhail é le dís cionn
trágha agus dubhairt seisean léithe gur cosamhail
ise le h-abhaill an dá bhláth."
"'Bhfuil 'fhios agat-sa," arsa Cormac, "goidé
is brígh do'n dá bharramhail sin."
"Níl fhios agam-sa," ar seisean. "Maise,
dá mbéadh 'fhios agat bhéathá cómh críonna leobhtha
fhéin. "Dís cionn trágha," ar seisean, "sin
lánamhain óg bhí ag barr na trágha sin thall. Bhí
siad i ngrádh le chéile agus fuair seisean bás
agus bhí'n oiread sin de ghrádh aici-si air agus go
bhfuair sí fhéin bás 'na dhiaidh. Cuireadh le taoibh
a chéile iad agus d'fhás crann ubhlaí aníos as
uaigh-san, agus crann sgeiche aníos as a h-uaigh-sa.
Ghreamuigh an dá chrann ina chéile agus d'fhás
siad suad ina chrann amháin, agus annsin bhí ubhlaí
agus sgeachóirí ag fás ar an chrann amháin. Agus
sin an rud is brígh do'n abhaill an dá bhláth,
agus tchím," arsa Cormac, "go bhfuil siad éighin-
teacht eadar m'ingín-sa agus an t-amadán nach
bhfuil fios ar bith againne fá dtaoibh dó, agus
anois bhéaraidh mise uirthi tusa a phósadh."
Nuair a chualaidh an t-amadán go rabh siad
le pósadh dubhairt sé nach bhfanfadh sé fhéin níos
faide fá'n chúirt.
"Ar ór an domhain," arsa Cormac, "agus ní
sgarfainn leat, nó ní fiú cuirim ar bith," ar
seisean, "gan amadán a bheith aici."
"Níl gar ann," ars an t-amadán, "imtheóchaidh
mise," agus d'imthigh sé.
Bhí 'n baineis annsin le cáitheamh roimh an phósadh.
Oidhche na bainse thainic duine uasal óg go dtí
'n doras nuair a bhí siad ag n-a suipear.
"Cuirim-sa fá gheasaibh droma draoidheachta
sibh," ar seisean, "mur gceann agus mur gcosa,
agus mur gcongnamh beatha fhéin a bhain daoibhse,
té a bhfuil greim ina léimh gan cead fhághail é a
chur fhad le n-a bhéal, nó'n té a bhfuil greim ina
bhéal gan cead fhághail a shlugaint go bhfuasglóchaidh
sibh na ceisteannaí a chuirfeas mise oraibh-se."
"Och, leig do na daoinibh a suipear a dheanamh,"
arsa Cormac, "agus bain na geasa daobhtha."
"Ní bhainfidh," ar seisean, "acht iad a theannadh
ortha.
"Chuir de chuir ceisteannaí," arsa Cormac.
"Shiubhail mé ar na roinneagáin agus leag mé
na cruinneagáin: bhain mé molt de'n bhó riabhaigh,
agus bhruith mé ar chionn na bhfear cosanta é:
chodluigh mé areír i gcolainn gan chionn: tá mé
gan chuideachta agus níl mé gan chuideachta: tá
mé gan arm agus níl mé gan arm: níl mé amuigh
Cé gur mhaith Cormac ariamh ní thiochfadh leis
iad a fhuasgladh.
"Má thugann tú damhsa an duais a iarrfas mé
ort," ars' Eachnais, "fuasglóchaidh mé fhéin iad."
"Rud ar bith a n-iarrfas tú ormsa," arsa
Cormac, "bhéaraidh mé duit é, acht a leigint do
na daoinibh a suipear a dheánamh."
"Siubhail tú ar na rionneagáin, agus leag tú
na cruinneagáin: shiubhail tú ar an fhéar ar maidin,"
ar sise, "agus leag tú an driúcth de. Bhain tú
molt de'n bhó riabhaigh agus bhruith tú ar chionn na
bhfear cosanta é: mhar'uigh tú breac ar an
tsruthán," ar sise, "agus bhruith tú ar dheilg
droighin é. Chodluigh tú aréir i gcolainn gan
chionn: chodluigh tú i gcruaich choirce a rabh suas
ó'n sgeimhil duithe. Tá tú gan chuideachta agus
níl tú gan chuideachta: tá coileán cú leat. Tá
tú gan arm agus níl tú gan arm: tá sgin phóca
leat. Níl tú amuigh nó istoigh i dTeamhair
tá cos taobh amuigh agus cos taobh istoigh de'n
doras agat; agus fulaingfidh mise an ceann a
bhaint díom mar bhfuil creafóg na Sasna leat
in do bhróghaibh." D'amharc siad i n-a bhrógaibh
agus fuair siad an chreafóg, agus annsin bhí na
geasa daobhtha, agus d'ith siad uilig a suipear.
Nuair a bhí a suipear deántaí aca, "a athair,"
arsa Eachnais, "'dtabhraidh tú damh anois an
duais a gheall tú damh?"
"Goidé sin?" arsa Cormac. "Nár dhubhairt
tú liom," adeir sí, "go dtabhartha duais ar bith
damh dá n-iarrfainn ort?"
"Dubhairt, gan amhras," arsa Cormac. "Sin
an duais atá mé ag iarraidh, an duine uasal óg
a chuir na ceisteannaí orainn fhághail le pósadh."
"Rud ar bith," arsa Cormac, "dá n-iarrfá
orm bhí sé le fághail agat acht sin."
"Athair," ar sise, "'ar ndóighe ní bhrisfeá
d'fhocal."
Ní rabh gar ar bith a bheith léithe, chaithfeadh sí a
duine uasal óg seo a fhághail le pósadh, agus
annsin pósadh iad.
B'é an t-amadán a bhí ann i dtólamh é, an
mac a b'óige bhí ag Righ Chonnacht.
Ghléas siad féasta annsin le h-ollgháirdeachas
agus le pléisiúr, a mhair ar feadh seacht n-oidhche agus
seacht lá, agus bhí Cormac iongantach sásta nuair
a chonnaic sé gur mac ríogh a bhí ag a inghín.
LEABAIDH CHLUIMHRIGHE
Bhí fear amaideach agus fear críonna ann i
bhfad ó shoin. D'fhiafraigh an fear amaideach de'n
fhear chríonna goidé an cineál leabtha a rabh sé
'na luighe uirthi. Dubhairt an fear críonna gur
leabhaidh cluimhrighe. D'fhiafraigh an fear amai-
deach 'rabh sé deas a bheith 'na luighe uirthi. Dubhairt
an fear críonna nach rabh sé 'na luighe ariamh ar
leabaidh eile cómh deas léithi.
Lá ar na bhárach, nuair a bhí an fear amaideach
ag gabhail thart an bealach mór, fuair sé cleite
géidh 'na luighe ar an bhealach mhór, agus chuir sé
'na phóca é. Nuair a thainic an oidhche, shín sé an
cleite géidh 'na luighe ar an urlár, agus luigh sé
air, gan éadach gan dadaidh. Lá ar na bhárach,
nuair a d'éirigh sé, bhí a chnámha uilig nimhneach,
is dubhairt sé, "Och, go bhfóiridh Dia ar na daoinibh
bhíos 'na luighe ar na céadtaibh aca."
TOMHAS
Rith mé go bhfuair mé é,
Shuidh mé agus chuastaigh mé é,
Dá bhfuighinn é chaithfinn ar siubhal é,
Agus thug mé liom é nuair nach bhfuair mé é.
AN GASÚR A BHÍ AG IMIRT
CRÓNAÍ.
Bhí gasraí ann i bhfad ó shoin, agus bhíodh siad
ag imirt crónaí, agus reath (= rith) na crónaí
amach aca, nó bhí na crónaí uilig caithte aca. Bhí
cailleach 'sa' chomhursanacht a rabh gáiridh crónaí
aici, agus bhí eagla uirthi go ngoidfeadh na gasraí
uaithe iad, is bhain sí, is chuir sí i mála iad.
Annsin thainic an bás ar a' chailligh, is d'iarr
sí ortha mála na gcrónaí a chur isteach 'san uaigh
léithi, mar nár mhaith an sásamh sin a fhágailt ag
na gasraibh.
Oidhche amháin i ndiaidh seo bhí na gasraí ag
imirt crónaí, agus reath na crónaí amach aca.
Bhí gasúr amháin ann, agus dubhairt sé go rachadh
sé go dtí 'n áit a rabh an chailleach curtha ann,
agus go dtógfadh sé mála na gcrónaí.
Nuair a bhí sé ar an bhealach chas gasúr eile dó,
agus d'fhiafraigh sé de'n ghasúr eile cá rabh sé ag
gabhail. Dubhairt seisean go rabh sé ag gabhail
a ghoid peata caorach a bhí ag an Tighearna
Leithbhearr. Shiubhail an gasúr eile leis fhad leis
an áit a rabh an chailleach curtha, agus d'imthigh sé
annsin fá choinne na caorach.
D'fhosgail an chead ghasúr sn uaigh; thug sé
aníos mála na gcrónaí, agus dhruidh sé an uaigh ar
Rinne sé sin, agus nuair a chuaidh sé síos bhí
an chailleach 'na suidhe ar an uaigh ag ithe na gcrónaí
go fóill. Thainic eagla air, agus d'imthigh sé ar
ais na toighe.
D'iarr an sean-sagart air annsin é fhéin a
iomchar síos ina gcaithir. Rinneadh seo. An
gasúr a bhí ar an uaigh, nuair a chualaidh sé iad
ag teacht, shaoil sé ins an dorchadas gurbh é an
gasúr eile a bhí ag teacht leis an chaora, agus
d'fhiafraigh sé "an bhfuil sí reamhar?"
Leag an sagart óg síos an chaithir ar an talamh
agus d'imthigh sé fhéin ina fatha fasgaidh suas na
toighe, is é ag smaoi'tiughadh ar an tsean-tsagart
na dhiaidh leis a' chailleach. Ag gabhail isteach
do'n teach dó cé fuair sé ins an teach roimhe acht
an sean-sagart nár shiubhail a'n choisceim le
seacht mbliadhain. An méid tormain is rinne
siad chuir sé eagla ar an ghasúr, is thóg sé mála
na gcrónaí ar a ghualainn agus d'imthigh sé na
bhaile.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11