Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Dialect of Donegal

Title
A Dialect of Donegal
Author(s)
Quiggan, E.C.,
Composition Date
1906
Publisher
Cambridge University Press

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seanfhocla.



1. Leis an uile mhadadh a chnáimh.



2. Bidhidh a chiall fhéin aig an uile dhuine agus ciall air leith aig
an fhear mhire.



3. Ní fhuair an madadh ruadh teachtaire ní b'fhearr ná é
fhéin.



4. Margadh na bpáistí, leig domh, leigfidh mé duid.



5. Is námhaid an chéird gan a feoghluim.



6. Saoilidh an t-éan dubh gur b'é a éan fhéin an t-éan is
báine air bith.



7. Scéal do innse do chapall agus an capall air tóin ann áirde.



8. Níor mhisde do Pheadar Pól.



9. Tús ceatha ceó.



10. Cruinnighidh brobh beairt agus líontar saic de phoiríní.



11. Cuireann súil thnúiteach corp 'un na cille agus mart 'un an
phota.



12. Is é mar tá fear na h-aon bhó. Tá sé faoi smacht aig fear
an dá bhó. Acht an té a bhfuil aige an sé no an
seacht, ní fhaghann sé ceart o fhear an naoi.



13. Deir an cat, cé d'ith an t-im? na mná.



14. Is fhearr do bhéith as an tír ná as an fhaisiún.



15. Is galar do'n ghabhar nuair nach n-itheann sé eidhean.



16. Bidhidh rath air raplachan agus théid an streabhóg amudha.



17. Gach éan mar oiltear agus an naoscann san eabar.



18. Ní seibhte air bith do bhéith folamh.



19. An stráinséair i n-aice an dáinséair agus an bearach féaraigh
i n-aice an dorais.



20. Sé mar tá an t-an-eólaidh dall. Ní ghlacann sé comhairle
o neach a maireann. Gan eolas is fearr leis do bhéith
ná aidbheáil go bhfuil sé i n-ainbhfios.



21. Dhá dtrian galair le h-oidhche, ghá dtrian gaoithe le
crannaibh, dhá dtrian sneachta le sléibhte agus dhá dtrian
gréine le beanna.



22. Dís nach gcuireann le chéile, fear na céille agus fear na
h-éigcéille, de bhrígh go saoileann fear na h-éigcéille
gur b'é fhéin fear na céille.



23. Ní truimide do'n loch an lach.
Ní truimide do'n each a shraon (shrian).
Ní truimide do'n chaora a h-olann
agus ní truimide do'n cholann ciall.



24. Is cosamhail le chéile an ball séire agus a ghiolla.


L. 197


1. Is lugh ná luch, is aoirde ná each,
is gile ná gé, agus bidhidh sé na dhiaidh sin dubh.



Áirne.



2. Bidhidh dorsóir carcair cruaidh san chroidhe.
Ní h-ésin dó-san, bidhidh sé maoth.
Seasaidh sé san dorus mar bhéidheadh báillidh teann.
Buailtear asteach é mar bhéidheadh ging.
Tigidh an pinneóir le n-a pheann.
Pollaidh ésean fríd a cheann.
Sciordaidh an gadaidhe agus éirighidh an greann.



Stopalán an bhuideáil.



3. Ceathrar na rith, ceathrar air crith,
beirt ag deánadh an eólais, agus lóibín air deireadh.



Bó.



1. Uisce bog air ghob an chapaill. Cumail go bog mín gob an
chapaill.



2. Is bog an fód é-seo faoi mo dhá chois. Ní buige é ná 'n fód
tá láimh leis. Fód bog eadar dhá bhog. Is bug agus is bug
é an bogfhód.



Áindrías an Ime.



Bhí Áindrías an Ime na chomhnaidhe i mBaile ui Mún i
nGleann an Bhaile Dhuibh. Bu leis Baile ui Mún, áit fiche bó
agus tarbh leobhtha. Ghlac an Seónstanach Mór é air scór ceithre
chroc dhéag ime do dheánadh air fhichid bó an tSeónstanaigh.
Seachtmhain roimhe Shamhain chuaidh an Seónstanach siar agus
seacht ngearráin agus péire cliabh air ghach gearrán fá choinne a
chuid ime. D'fhiafraigh bean Áindriáis Mhóir de Áindrías, go
dé gheánfaidh mé? Tá an t-im ithte agad. D'fhiafraigh Áindrías,
bhfuil oiread ime agad a's gheánfadh sinn aniu? agus dubhairt sise,
tá. Nuair d'ith siad a sáith, dubhairt an Seónstanach, a Áindriáis,
is cóir duid an solathar do thabhairt domh, agus dubhairt Áindrías,
ní'l solathar air bith agam. D'ith mé é uilig. Dubhairt an
Seónstanach, a Áindriáis, cuirfidh mé 'un an phríosúin thú.
Agus dubhairt Áindrías, na cuir, acht cuir chugam na fiche bó
bliadhain eile agus bhéarfaidh mé mionna nach n-ithim aon ghreim
ime go ceann bliadhna. Rinne siad an margadh. Thoisigh
Áindrías agus a bhean ag sábháil an ime. Bhí deich mba(th) aig


L. 199


Áindrías é fhéin agus shábháil sé an t-im uilig go deárn sé ocht
gcroc agus fiche air shon an dá bhliadhan. Thainic an Seónstanach
an tseachtmhain roimhe Shamhain agus ceithre gearráin déag leis,
péire cliabh air ghach gearrán. Thug sé leis a chuid ime. Ní
bhéidh luach píngne de roinn agam leat, arsa Áindrías. Tá mé
ar tógáil gan aon ghreim ime fhagháil le bliadhain. Cuirfidh mé
stoc bolog chugad air an bhliadhain seo chugainn. Maith go
leór. Rinneadh an margadh. Thainic an t-eallach scór go leith.
Chaith an t-eallach a n-am annsin go dtí an foghmhar. Thug an
Seónstanach leis iad go h-aonach an fhoghmhair Bhealach Seanaidh
é fhéin agus Áindrías leis. Dhíol sé an t-eallach le Connachtach agus
dubhairt an Connachtach: is mor an náire nach bhfuil eallach
níos fearr agaibh ná tá. Acht ní'l áit an bhídh ann bhur gcuid
eallaigh na ann bhur ndaoiní. Dubhairt an Seónstanach go robh
eallach agus daoiní ocú co maith agus bhí i gConnachta agus a
ghlacadh a mbiadh co maith fosta. Phléideáil an Seónstanach agus
an Connachtach air feadh tamaill agus chuir siad geall thrí leath-
ghuinea cia ocú buachaill an Chonnachtaigh no buachaill an
Seónstanaigh is mó d'íosadh de im. H-innsigheadh an scéal do
Áindrías agus do bhuachaill an Chonnachtaigh agus dubhairt an
bheirt gur mhaith mar tharlaidh, go robh a sáith ocrais orrthú.
Chuaidh siad isteach i dteach an ósta. Fiafruigheadh díobhtha
go dé d'iosadh siad le n-a gcuid ime. Dubhairt an bheirt: Arán
min choirce agus préataí. Fuaras sin dóbhtha. Fiafraigheadh
díobhtha go dé an mhéid ime. Dubhairt Áindrías ceathramhadh
cloiche. Níor bhfhada go robh sin críochnaighthe. Ghair
Áindrías ceathramhadh cloiche eile do gach aon ocú. Nuair a
thainic an t-im, bhuail Áindrías dorn air an bhórd agus dubhairt
nach robh ceart dha dheánamh le ceachtar ocú. Gur cheart
dóbhtha deoch fhagháil. Fiafraigheadh go dé an deoch agus dubhairt
sé: Deoch ime. Go dé an mhéid ime? Léighigidh ceathramhadh
cloiche an fear dúinn. Thainic sé léighte agus ann dhá bpigín.
D'ól Áindrías deoch agus d'iarr sé na préataí agus an t-arán do thabhairt
leóbhtha as an chasán, go bhfaghadh sé a chuid do dheánamh.
Rug sé air fhód de'n im ann a dhorn. Chuir sé ann a bhéil é.
Bhain sé greim mór as. D'ól sé bolgam as an phigín. Dhóirt
cuid de'n im anuas fríd an fhéasóig mhóir. As ocht Dé, a
mháighistir! féach anonn air. Ní fhéadaim do bhéith beó ag
amharc air an bheathach shalach. Díol an geall agus an tráth
rachaidh muid abhaile íocfaidh mé fhéin a leath. Bhain Áindrías
an geall acht d'fhág sé Áindrías an Ime mar ainm air go bhfhuair
sé bás.


L. 201


Éamonn Ua Ciórrthais (?).



Bhí baintreabhach mná i Leitir-Mhic-a-Bháird. Bhí beirt
mhac aici - Pádraig Ua Ciórrthais an fear bu sine agus Éamonn ab
óige. D'fhás siad suas go robh siad ann a mbuachaillí. Aon
lá amháin dubhairt Éamonn le n-a mhathair: A mhathair!
imtheachaidh mise go bhféachfaidh mé m'fhortún fhagháil domh
fhéin. Tá an talamh beag go leór aig mo dhearbhbhrathair.
Cia ocú fearr leat toirtín beag agus mo bheannacht no toirtín mór
agus mo mhallacht? is fearr liom toirtín beag agus do bheannacht.
Ghléas air agus d'fhág beannacht aig n-a bhunadh. Thug a mhathair
a beannacht dó. Bhí sé mall trathnóna nuair d'fhág sé an baile.
Ní'l ann acht go bhfuair se trasna Ghaoth-Beara go dtainic an
oidhche agus chodail sé an oidhche sin annsan Gharbhchoill. Air thuit-
im 'na chodladh dó thainic annsair Cú Beag na Garbhchoilleadh.
Sé do bheatha, a Éamuinn Ui Ciórrthais, arsí. Cuid air leith agus
coimhreann agus rud le tabhairt annsair na coileáin. Gheobh tú
sin, a choileáin uasail! Thug dithe cuid air leith agus coimhreann
agus rud le tabhairt annsair na coileáin. A Éamuinn Ui Ciórrthais,
arsa 'n cú, tá mé buidheach díod. Ce b'air bith áit i mbéidh tú i
ngeibhionn, deán scairt air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Air
maidin lá air n-a bhárach go luath, luath, d'eirigh agus chuaidh sé
air shiubhal agus shiubhail roimhe níos fuide na thig liomsa 'innse.
Fa dheireadh trathnóna go mall chonnaic sé cúairt agus caisleán
mór. Thainic sé 'un an geafta. Fiafruigheadh de, go dé bhí sé
dha iarraidh. D'innis sé dóbhtha gur buachaill bhí aig iarraidh
aimsire. Ní robh muid sinne aon lá ariamh nach robh buachaill
de dhith orrainn, arsa 'n geaftóir. Go dé an obair a bhfuil tú
maith aige. Saoilim nach bhfuil obair fá 'n teach nach dtig liom
a dheánadh. Go dé 'n tuarastal atá tú dha iarraidh go ceann lá
agus bliadhain? Fágfaidh mé sin aig an rí. Ce b'air bith tuarastal
is fiú mé, bhéarfaidh sé domh é. Air maidin lá air na bhárach
chonnaic sé mórán spící air an bhadhbhdhun agus ceann daoiní air
chuid ocú. D'fhiafraigh sé, go dé tá mé 'g dul a dheánadh aniu.
Teiseanadh dó bóitheach nar cartadh le seacht mbliadhna, agus mur
mbéidheadh sé cartaighthe trathnóna, go gcuirfidhe a cheann air
spíce. Fuair sé grape, agus an chéad cheann a chaith sé amach, sé
an rud a thainic seacht gcinn asteach. Chaith sé ceann eile
amach agus thainic ceithre cinn déag asteach. Ó tím, arsé, is goirid
go robh an teach seo líonta agus rachaidh mo cheann-sa air an spíce.
Tá mé i ndrocháit, arsé. Ní'l imtheacht air an bhás agam.
Aréir chuala mé trí scairt mhóra thíos anns an ghleann.


L. 203


D'fhiafraigh mé go dé bu chiall dó sin. Dubhairt an cócaire
liom gur trí fathaigh a thainic annseo do iarraidh nighean an
ríogh le pósadh air an fhear bu mhó ocú. No go scriosadh sé a
rioghachta mur bhfaghadh sé í. Sin no fear a throidfeadh é.
Chuir nighean an ríogh ar gcúl é go ceann bliadhna go bhfaghadh
sí gaiscidheach a throidfeadh é. Nach bhfuil oidhche air bith
nach leigeadh siad trí scairt le h-athas go robh siad oidhche eile
níos neise do'n phósadh. Anois tá mé réidh. Ní'l imtheacht air
an bhás agam. Tá mé i ngéibhionn. Rinne sé scairt air Chú Beag
na Garbhchoilleadh. Chonnaic sé Cú Beag na Garbhchoilleadh
ag reathaidh annsair. D,innis dithe go dé mar bhí sé. Dona
thú, arsí. Amhairc annseo ann m'ascaill dheis. Fuair sé grape
an-bheag astigh ann a h-ascaill. Tabhair leat í-sin agus tabhair
gráinín de'n aoileach amach air an dorus léithe. Bí fhéin as an
chasán. Rinne sé sin agus thoisigh an t-aoileach ag eirigh i n-áirde
agus ag teacht amach co tiugh a's bhí an dorus ábalta é do leigean
amach. Níor bhfada go robh an bóitheach folamh. Tá do thasc
deánta, arsa 'n cú. Féadann tú siubhal thart go dtí an oidhche.
Féadann tú má's é do thoil é siubhal go bhfeicidh tú na fathaigh.
Chuaidh sé síos 'n an ghleanna. Air dhul síos dó chonnaic sé
fear tárrnochttha crochta as crann. Gur b'é do bheatha, a
Éamuinn Ui Ciórrthais! arsé. Is tú adhbhar an ghaiscidhigh is
fearr anns an domhan. Buail buille de do chlaidhimh air an
ghad seo. Tá mo chúig caoil anns an aon cheangal. Agus leig
mise anuas. Ní bhuailfidh mé buille. Ce b'air bith ar chuir
suas thú, leigeadh sé anuas thú. Shiubhail leis 'un an ghleanna
agus níor bhfada dhó go bhfaca sé an faitheach (fathach) ag tairngt
air. Rinne sé gáire mór. Go dé adhbhar do gháire? arsa
Éamonn. Tá, go bhfuil d'oiread-sa do fheóil úr agam le h-ithe
aniu. Is mór liom ann aon ghreim thú. Is beag liom ann dhá
ghreim thú, ars' an faitheach. Ní'l eagla orm, ars' Éamonn.
Deán do dhithcheall. Thoisigh an troid. Throid siad go dtí
trathnóna go mall agus bhí cumadh air an fhaitheach go mbéidheadh
sé ro-ábalta aig Éamonn. Smaoitigh sé gur dhona an rud é an
faitheach é do mharbhadh. Thug sé léim i n-áirde. Bhuail sé i
gcomhrac a chinn agus a mhuineáil é. Chaith sé an ceann de go
glan. Thug é-fhéin léim eadar an ceann agus an cholann. Níor
bhac díod, ars' an teangaidh a bhí sa cheann, dha bhfaghainn-se
air an cholainn arís, thusa agus fir an domhain (fir fagháil), ní
bhainfeadh de mé. D'fhan sé annsin gur fhuaraigh an ceann agus
an cholann. Thainic abhaile. Labhair an Crochaire Tárrnochttha:
A Éamuinn Ui Ciórrthais, a dheagh-ghaiscidhigh, mharbhuigh tú


L. 205


an faitheach aniu. Buail buille beag de do chlaidhimh air an
ghad seo agus leig mise anuas. Ní bhuailfidh, arsa Éamonn. Is
dóiche gur b'é do dhrochghniomharthaí fhéin a d'fhág innsin thú.
Ce b'air bith ar chuir suas thú, tugadh sé anuas thú. Thainic sé
na bhaile. Ní robh acht dhá scairt anns an ghleann an oidhche
sin. Lá air na bhárach fuair sé teach a bhí lán feadógaí, a
leigean amach, aire do thabhairt dóbhtha air feadh an lae, agus a
gcruinniughadh asteach trathnóna. Nuair a scaoil sé amach na
feadógaí, d'imthigh siad an uile chearn agus ní robh aon cheann le
feiceál aige. bhí sé buaidheartha agus scairt sé aríst air Chú Beag
na Garbhchoilleadh. Dona thú, arsa 'n cu, nach bhfuil ábalta na
feadógaí do chruinniughadh. Amhairc ann m'ascaill chlí. D'am-
hairc agus fuair sé fídeóg bheag ann. Nuair is maith leat iad do
chruinniughadh seinn air sin. Sheinn sé air an fhídeóig agus
chruinnigh na feadógaí as (g)ach uile chearn a robh siad isteach
gur dhruid sé an dorus. Shiubhail leis síos 'un an ghleanna go
dtainic fhad leis an Chrochaire Thárrnochttha. A Éamuinn Ui
Ciórrthais, is tú an gaiscidheach is fearr san domhan. Mharbhuigh
tú an faitheach ané. Chart tú an bóitheach ané. Chruinnigh
tú na feadógaí asteach aniu. Muirfidh tú faitheach eile aniu.
Buail buille beag de do chlaidhimh agus leig mise anuas. Ní mé a
chuir suas thú agus ní me a leigfeas anuas thú, arsa Éamonn.
Shiubhail leis síos 'un an ghleanna. Thainic an faitheach mór
ann a aracais a bhí i bhfad níos mó na'n chéad cheann. A
Éamuinn Ui Ciórrthais, a dhailtín bhig, bheadaigh! Mharbhuigh
tú mo dhearbhbhrathair ané, acht bhéarfaidh tú díol ann aniu.
An íde chéadna fuair do dhearbhbhrathair ané, gheóbh tusa é
aniu. Thoisigh an troid agus ní robh acht trumparacht ann go dtí
sin. Throid siad go robh sé 'g éirigh dorcha. Ghlac Éamonn
ochtach amháin. Thairrn sé a chlaidhimh. Leis an bhéim sin
bhain sé an ceann de'n fhaitheach. Thug sé léim eadar an ceann
agus an cholann mar rinne sé aroimhe. Thainic sé abhaile. Ní
robh acht aon scairt amháin san oidhche sin. Air maidin lá air
n-a bhárach d'éirigh Éamonn, dubhairt an rí leis: Tá loch annseo
'bhfuil trian de mo dhúithche folaighthe aige. Caithfidh tú é
'bheith taomtha tirim agad aig an trathnóna. Scairt Éamonn air
Chú Beag na Garbhchoilleadh. Amhairc astigh ann mo chluais
dheis, arsa'n cú. Fuair sé an spanóg bu lugh chonnaic sé ariamh.
Tóg lán na spanóige agus caith síos an cnoc é. Níor fhan aon dheór
amháin ann. Shiubhail leis sios 'un an ghleanna. Sé do bheatha,
a Éamuinn, arsa'n Crochaire. Tá beirt de na fathaigh marbh
agad. Tá dhá dtrian de nighean an rí bainte agad. Muirfidh


L. 207


tú an faitheach mór aniu. Agus buail buille beag de do chlaidhimh
air an ghad seo. A's béidh mo chuideadh agad go bráthach. Ní
mé chuir suas thú agus ní mé bhéarfas anuas thú. Shiubhail leis
síos 'un an ghleanna. Thainic an faitheach mór ann a aracais.
Bhí sé éagsamhalta. A Éamuinn Ui Ciórrthais, a sclábhuidhe
mhallaighthe, mharbhuigh tú mo dhá dhearbhbhrathair acht is
goirid go mbuinfidh mise do ceann díod. An íde chéadna fuair
do dhá dhearbhbhrathair gheóbh tusa. Thoisigh an troid agus níor
bhfiú brobh é go dtí sin. Thóg Éamonn a chlaidhimh le meisneach
agus dóchas. Bhuail an faitheach i gcomhrac a chinn agus a mhuineáil.
Chaith an ceann air shiubhal fad naoi n-eitire agus naoi n-iomaire.
Leím é-fhéin eadar an ceann agus an cholann mar rinne aroimhe.
Thiontaigh 'un an bhaile gur chas dó an Crochaire Tárrnochttha.
A Éamuinn Ui Ciórrthais, arsé, tá nighean an ríogh bainte agad.
Tá na trí faithigh marbh. Ní fheicfidh mise níos mó thú. Scaoil
mise as seo. Agus má chuirim fearg ort a choidhche thig leat
mo cheangal suas air ais. Gheánfaidh mise sin, arsa Éamonn.
Bhuail sé buille beag de'n chlaidhimh agus ghearr sé an gad. Thuit
an Crochaire anuas go talamh. D'amhairc sé go fiata air Éamonn.
Mharbhuigh tú mo thriúr dearbhbhraithreacha acht muirfidh
mise thusa, arsa'n Crochaire. An íde chéadna fuair do chuid
dearbhbhraithreacha gheóbh tusa. Ní fiú liom do mharbhughadh
agus ní mhuirfidh mé thú as siocair gur scaoil tú mé. Rug sé air
Éamonn, bhain de a chuid éadaigh agus cheangail suas é air an
chrann chéadna air a robh sé fhéin. B'iomdha scread agus gártha
cruaidh a bhí aig Éamonn. Thug an Crochaire rása. Rug sé
air nighean an ríogh. Léim sé amach air an dorus agus í leis. Ní
robh fhios soir no siar ce an áit a deachaidh sé. Chonnaic
seirbhíseach de chuid an ríogh Éamonn crochta as an chrann.
Ghlac truaighe é agus ghearr sé an gad. Bhí lúthgháir air Éamonn
agus rinne sé deifre go teach an ríogh. Bhí buaidhreadh mór annsin
nighean an ríogh imthighiste. Ghlac fearg mhór an rí. Dubhairt
sé gur b'é Éamonn bu chiontaidh agus nach dtiúbhradh rud air bith
acht a cheann do chur air spíce sásughadh dó. Deán rud eile
liom, arsa Éamonn. Shaor(th)aigh mé do nighean agus mharbhuigh
mé na trí fathaigh. Anois tabhair domh lá agus bliadhain le do
nighean do thabhairt air ais. Mur bhfaghaidh mé í, tiocfaidh mé
air ais má bhídhim beó agus cead agad annsin mo cheann do chur air
spíce. Gheánfaidh mé sin leat, arsa an rí. D'imthigh Éamonn agus
shiubhail sé mórán. Fa dheireadh ní robh fhios aige cá robh sé 'g
dul. Ní fhuair sé aon tuairisc. Trathnóna amháin agus é an-tuirseach
tharlaidh gur chas dó teach i n-imeall coilleadh. Chuaidh sé


L. 209


asteach. Ní robh aon duine ann acht aon seanóir amháin críon-
liath. D'iarr sé lóistín na h-oidhche. Dubhairt an seanóir go
bhfuigheadh agus fáilte. D'éirigh air maidin go luath lá air n-a
bhárach. D'fhiafraigh an seanóir cá robh sé 'g dul. D'innis dó
mar thug an Crochaire Tárrnochttha leis nighean an ríogh agus go
robh sé a gcuartughadh. Is truagh nar fhan tú annsan bhaile,
arsa an seanóir. Ní fheicfidh tú é a choidhche. Siubhailfidh mé
go bhfaghaidh me bás, sin no go bhfaghaidh mé nighean an ríogh.
Má ní tú siubhal anmhór, trathnóna tiocfaidh tú air theach eile
cosamhail leis seo agus gheóbh tú lóistín go maidin. Má tí tú go
mbéidh graethe agad leis a choidhche, deán scairt air sheabhac
Ghleann Dath Buidhe. Rinne sé sin agus trathnóna go mall
tharlaidh air an teach agus chuaidh sé asteach. Fuair sé seanóir
cosamhail leis an chéad seanóir. D'fhan aige go maidin. D'innis
dó brígh a shiubhail. Má tí tú, arsa an seanóir, go mbéidh
graethe agad leis a choidhche, deán scairt air dhobhrán donn
Loch an Iubhair. Má ní tú siubhal maith béidh tú aig dearbh-
bhrathair domhsa trathnóna go mall. Sin dearbhbhrathair domh
a robh tú aige aréir. Mur dtugaidh an fear a mbéidh tú aige
anocht tuairisc dhuid ní bhfuigh tú é air dhruim an domhain.
D'imthigh roimhe agus ní siubhal a bhí sé acht ag reathaidh. Trath-
nóna go mall fuair se an teach. Fuair sé biadh agus leabaidh
mhaith. Go luath air maidin d'éirigh agus d'innis do'n tseanóir
brígh a shiubhail agus go dé mar chaith sé an dá oidhche eile aig an
da sheanóir eile. Is truagh liom do scéal, arsa an seanóir, do
leitheidsa de bhuachaill bhréagh a bheith air shlighe a chaillte.
Ní fheicfidh tú an Crochaire Tárrnochttha a choidche agus is maith
dhuid, na mhuirfeadh sé thú. Pill 'un an bhaile. Ní phillfidh
mé go marbhfar mé. Sin no go bhfeicfidh mé nighean an ríogh.
Cuirfidh mise giota eile thú, arsa an seanóir. Gabh síos 'un an
chladaigh agus má tí tú bád, gabh asteach inntí. Na labhair focal
air bith. Chuaidh sé síos 'un an chladaigh agus chonnaic sé bád
beag baoideach miotail. Buachaill beag baoideach anns an bhád.
Maide rámha i ngach láimh aige. Chuaidh sé asteach anns an
bhád. Chuaidh an bád 'un fairge. Ní robh fhios aige cá
deachaidh sí acht go deachaidh sí i bhfad. Fa dheireadh bhuail
sí asteach air thalamh. Shiubhail sé suas an t-oileán. Chonnaic
sé seanchaisleán mór dubh. Chuaidh sé asteach agus chonnaic sé
annsin nighean an ríogh. Rinne sí fearadhfháilte mhór roimhe.
Is maith mar tharlaidh, arsí. Tá an Crochaire Tárrnochttha air
shiubhhal as baile agus ní thiocfaidh sé go ceann thrí lá. Chuir
mise cúl air gan a phósadh go ceann bliadhna. Tá sé as baile


L. 211


anois agus ní thiocfaidh sé go ceann thrí lá. Béidh muid i bpléisiúr
an tamall sin fhéin. Aig ceann na dtrí lá dubhairt nighean an
ríogh, caithfidh mise thusa fholach. Tá an Crochaire Tárrnochttha
ag teacht. D'fholaigh sí Éamonn. Thainic an Crochaire.
Mothuighim boladh an Éireannaigh bhradaigh, bhréagaigh annseo,
arsé. Mothachaidh tú sin, arsí, fhad a's tá mise ann. Air maidin
go luath lá air n-a bhárach d'imthigh an Crochaire agus dubhairt
nach mbéidheadh air ais go ceann dá lá. Dubhairt Éamonn le
nighean an ríogh: mur bhfaghaidh muid plan éiginteach oibri-
ughadh, ní bhfuigh muid buaidh air an Chrochaire go deó. Go dé
gheánfaidh muid? arsa nighean an ríogh. Leig thusa ort, arsa
Éamonn go bhfuil cion mór agad air agus go bhfuil buaidhreadh ort
an pósadh do chur air gcúl. Deán iolghárdas mór nuair a
thiocfaidh sé abhaile. Rinneadh sin uilig. Bhí bród mór agus
athas air an Chrochaire agus dubhairt sé, dha mbéidheadh fhios
agad fios an fhir atá agad, bhéidheadh tilleadh athais ort. An
féidir do mharbhughadh? Ní shaoilimse go bhfuil aon ghaisci-
dheach anns an domhan ábalta do mharbhughadh. Rinne sé
gáire mór. Tím anois go bhfuil do ghrádh bainte agam.
Innseachaidh mé dhuid go dé mhuirfeadh mé. Ní thig mise
do mharbhughadh, arsa an Crochaire, go ngearrtar an crann
mór sceach tá air bharr na binne thíos aig an fhairge. Dha
ngearrfaoi an crann, air thuitim dó léimfeadh sionnach mór
amach; a's a bhfuil de chonairt anns an domhan, ní mhuirfeadh
siad an sionnach go dtigeadh Cú Beag na Garbhchoilleadh as
Éirinn. Mhuirfeadh Cú Beag na Garbhchoilleadh é. Air thuitim
do'n tsionnach, léimfeadh lach amach as an tsionnach. D'im-
theachadh sí san spéir. An méid seabhaic atá san domhan, ní
mhuirfeadh siad an lach acht amháin seabhac Ghleann Dath
Bhuidhe. Dha marbhfaoi í bhéarfadh sí uibh air lár na fairge.
An méid dobhráin atá san domhan, ní bhfuigheadh sé an uibh
sin acht Dobhrán Donn Loch an Iubhair. Na dhiaidh sin agus
uilig ní bhéidhinnse marbh go mbuailtí an uibh sin air an bhall
dubh atá thíos air thóin mo ghoile. Thúsaigh nighean an ríogh
ag damhsa le h-athas agus dubhairt gur bhfada léithe go dtí lá an
phósta. Tá mise ag imtheacht anois, arsa an Crochaire, agus ní
thiocfaidh mé air ais go dtí trathnóna amárach agus annsin ní
imtheachaidh mé níos mó. D'imthigh sé agus d'fhág sé slán aig
nighean an ríogh go bpillfeadh sé air ais. Thainic Éamonn
asteach agus bhí an scéal mór aig nighean an ríogh dó. Ní'l am air
bith le cailleadh, arsa Éamonn. Caithfidh muid túsughadh dh'
obair. Fuair siad dhá thuagh. Thoisigh siad do ghearradh an


L. 213


chrainn go tiugh agus go dían. Níor bhfada gur ghearr siad an
crann. Air thuitim do'n chrann léim an sionnach amach. Scairt
Éamonn air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Níor luaithe bhí an
focal ráidhte ná chonnaic siad an cú i ndiaidh an tsionnaigh. Sin
an áit a robh an rása agus an choraidheacht, acht níor bhfada go
bhfuair an cú greim muineáil air agus léim an lach fhiadhain amach
as an tsionnach. D'éirigh sí i n-áirde anns na spéirí. Scairt
Éamonn air sheabhac Ghleann Dath Bhuidhe. Le preabadh na
súl bhí an seabhac le feiceáil i ndiaidh an lacha. Níor bhfada gur
bhuail an seabhac an lacha agus iad amuigh os ceann na fairge. Air
thuitim do'n lach rug sí uibh agus thuit sí síos air lár na fairge.
Scairt Éamonn air Dhobhrán Donn Loch an Iubhair (do) theacht
go deifreach agus an uibh do thabhairt annsair. Anns an am sin
chonnaic siad an Crochaire Tárrnochttha ag tairngt orrthú agus bhí
sé ag éirighe lag. Bu luaithe leis an dobhrán do bhéith aig
Éamonn ná'n Crochaire Tárrnochttha. Bhí a bhéal fosgailte ag
iarraidh do bhéith fagháil anála. Rug Éamonn air an uibh o'n
dobhrán. Chaith sé asteach i mbéal an Chrochaire i. Thuit sí
síos agus bhuail sí an ball dubh a bhí air thóin a ghoile. Thuit an
Crochaire Tárrnochttha marbh. Bhí lúthgháir mhór air Éamonn
agus air nighean an ríogh. Rachaidh muid anois 'un an bhaile, arsa
Éamonn. Bhí luingis go leór anns an chuan. Líon siad long
lán óir agus airigid. Ní robh fhios ocú go dé an bealach a rachadh
siad. Chonnaic siad an bád beag miotail ag teacht asteach o'n
fhairge mhór. Chuaidh an bheirt asteach san bhád. Chuir an
bádóir crúca i bhfasta anns an luing agus chuaidh sé 'un fairge. Ba
luaithe é go mór ná'n ghaoth Mhárta go dtainic sé asteach faoi
theach an tricheadh seanduine. Bhí lúthgháire mhór air an
tseanduine rompú. Chaith siad an oidhche sin aig an tseanduine
le pléisiúr. Lá air n-a bhárach fuair an seanduine cartannaí ar
cuireadh an t-ór agus an t-airgead orrthú. Thug siad leóbhtha an
seanduine. Thainic siad go teach an dara seanduine. Chaith
siad oidhche annsin i bpléisiúr. Thug siad leóbhtha an dara
seanduine go teach an chéad seanduine. Chaith siad oidhche i
bpléisiúr aige agus thug siad a n-aghaidh air an bhaile na trí shean-
duine leóbhtha. Nuair thainic siad go caisleán an ríogh bu é an
lá deireannach de'n bhliadhain é. Bhí iolghárdas os ceann cumais
air an rí roimhe n-a nighean agus roimhe Éamonn. Béidh mo
nighean agad mar mhnaoi fhad a's bhéidheas sí beó agus is cinnte
gur maith an airidh ort í. Rinneadh banais a mhair seacht
n-oidhche agus seacht lá. Bhí an lá deireannach comh maith leis an
chéad lá. Tá siad fhéin agus a gclann agus a n-iaraimh ann sonas agus
ann séan.


L. 215


Eóin Ua Míodhchán agus an Sionnach.



Bhí Eóin Ua Míodhchán na chomhnuidhe i mbaile Ui Ára i
bhfogus do na Cealla. Oidhche áirite agus é leis fhéin, teine mhaith
aige, luigh sé suas air leabaidh i dtaobh an tighe. Ní robh sé
na chodladh acht ag deánadh a scíste. Bhí an chomhla na seól
fascaidh. Bhí na lachain anns an tseomra a bhí i gcúl na teineadh.
Chonnaic sé an sionnach aig an dorus ag amharc asteach. I gceann
tamaill thainic sé asteach giota beag eile. D'amhairc sé air fud
an tighe. Ni robh duine air bith le feiceál aige. Thainic sé
asteach gur sheas sé air an urlár. Ní robh duine air bith le
feiceál aige. Bhí dorus an rúm foscailte agus chuaidh an sionnach
suas 'un an rúm. D'éirigh glór mór aig na lachain agus iad ag
eiteallaigh o thaobh go taobh de'n rúm. Thug Eóin léim 'un an
dorais. Bhí an ghrape na seasadh aig taobh (taoibh) an dorais.
Rug sé air an ghrape agus thug sé móide nach rachadh an sionnach
amach go marbhadh sé é. Thainic an sionnach anuas as an rúm agus
bhí sé anonn agus anall ag féachaint go dé an tslighe a bhfuigheadh
sé amach. Acht bhí Eóin san dorus agus an ghrape aige. Nuair
chonnaic an sionnach nach bhfuigheadh sé amach, rug sé air
bhríste Eóin a bhí air an chathair aig colbha na leapa agus thairn sé
an bríste trasna na teineadh. Thug Eóin mionn eile nach rachadh
an sionnach amach go marbhadh seisean é. Bhí an sionnach aníos
agus sios an t-urlár ag coimheád Eóin agus an dorais. Nuair chonnaic sé
nar fhág Eóin an dorus agus bhí an bríste dóighte, rug sé air an
tsúisín agus thoisigh da thairnt 'un na teineadh. Chonnaic Eóin go
ndóighfeadh sé an teach. Thug sé léim aníos ann a aracais. Thug
se iarraidh de'n ghrape air acht dhúbail an sionnach thart agus fuair
sé amach. Bhris Eóin a ghrape agus bhí a bhríste dóighte agus an
sionnach imthighiste.



Scéal Ghiolla na gCochall Craicionn.



Bhí Gaibhdín Gabhna na chomhnuidhe air an Dárnaidh aig
taobh Dhúncánéile. Bhí beirt bhuachaillí aige ag feoghluim
béasaí agus tréartha gaiscidheacht. Ní robh aon ghobh san domhan
comh maith leis. Ní robh gaiscidheach air bith críochnuighthe
go bhfaghadh sé a chuidairm agus éididh críochnuighthe aig Gaibhdín
Gabhna. Bhí anns an am seo banphrionnsa óg d'a feoghluim
aige. Ba é ab ainm dithe Scaith Shioda ní Mhanannán. Ba é ab
ainm do'n dís gaiscidheach do bhí aige san am chéadna Céadach
mac ríogh na dTulach agus Lonndubh mac ríogh na Dreólainne. Lá
amháin bhí an bhanphrionnsa óg ag cíoradh a cinn. D'amhairc


L. 217


Lonndubh oirrthí agus rinne sé gáire mór. Go dé chbhar do gháire?
arsa Céadach. Bród agus athas ag amharc air an bhanphrionnsa a
bhéidheas na mnaoi agam fhéin. Is beag do chiall, arsa Céadach, agus
is beag do chuid dithe. Is fíorbheag áird aici ort. Sin adhbhar
mo mná-sa agus ta fhios aici fhéin sin. Ní bhfuigh tú í gan troid
chrúaidh. Tá mé sásta sin do ghlacadh, arsa Lonndubh. Nuair
do bhí siad ag dul i gceann airm thainic Gaibhdín Gabhna asteach.
Nuair chuala sé fáth na troda, dubhairt sé nach mbéidheadh troid
air bith ann acht go ndeánadh seisean breitheamhnas. D'aontaigh
siad do'n bhreitheamhnas. Ním-se mo bhreitheamhnas, arsa
Gaibhdín Gabhna, go bhfágfaidh mé sibh bhur dtriúr bhur seasadh
air urlár mo cheárdcha. Tá trí dóirse oirrthí, dorus mic ríogh agus
rófhlaith, dorus na marcaigh (marcach) agus dorus na gcoisidheannaí.
Anns an am seo bhí an Ghlais Ghaibhleanna aig Gaibhdín Gabhna.
Bhí slabhradh aige oirrthí le h-eagla roimhe Bhalar. Leigeadh
an slabhradh í anuas go Cnoc an tSlabhraidh atá aig taobh Árd-
dá-ratha. Ce'r bith an chéad soitheach a chuirfeá faoi an bhó ag
bleagan, líonfhadh sí é, bidheadh sé beag no mór, agus sin da
mbéidheadh de bhainne aicí. Ce b'air bith duine agaibh a lean-
fhaidh sí, bidheadh sí aige agus mur leanaidh sí aon dhuine agaibh, ní
bhfuigh ceachtar agaibh í. Ce an dorus a rachaidh tú amach? arsa
Céadach. Rachaidh mé amach air dhorus mic ríogh agus ró-fhlaith,
arsa Lonndubh. Is é ba dúthcha domh. Rachaidh mise amach air
dhorus na gcoisidheannaí, arsa Céadach. Má leanann sí mé air
dhorus mic ríogh no ró-fhlaith, leanfhaidh sí mé air dhorus na
gcoisidheannaí. Chuaidh gach aon duine ocú air a dhorus fhéin agus
lean sise Céadach air dhorus na gcoisidheannaí. Thairg Gaibhdín
Gabhna banais mhór do dheánadh leóbhtha acht thoisigh Lonndubh
ag deánadh bróin agus buaidheartha. Is dona do chás, arsa Céadach,
ag deánadh bróin i ndiaidh mná nach robh grádh air bith aici dhuid.
Ní'l neart agam air, arsa Lonndubh, agus gheóbh mé bás. Rug
Céadach air tháirnge crudh agus dubhairt sé, má leigeann tú domh air
sin do bhualadh síos i dtroigh do choise, gheóbh tú an bhean gan
bhuille gan urchar. Tá mé sásta, arsa Lonndubh. Chuir sé an
táirnge fríd n-a chois le buille beag de chasúr. Chuaidh barr an
táirnge anns an urlár agus ní thainic le Lonndubha chos do thógáil.
Chaith Gaibhdín Gabhna teanchoir chruadhach ag iarraidh é do
thairnt agus sháraigh sé air an táirnge do thairnt. Tairng seo as
seo, arsa Lonnduhh le Céadach. An stadfaidh tú de do chuid
dúbróin fá an bhean nach bhfuil áird aicí ort. Ní éileacha mé go
bráthach í acht má thig tú fhéin agus mise i gcatha choidhche, go
gcaithfidh mise an chéad bhuille fhagháil. Tairng an táirnge.
Chrom Céadach síos. Rug sé air an táirnge le n-a fhiacla. Thairng


L. 219


é agus chaith é air an urlár. Shiubhail Lonndubh amach air an dorus.
Níor fhág sé slán na beannacht ocú. Go dé gheánfaidh muid
sinne? arsa Céadach leis an bhanphrionnsa. Ce b'air bith is toil
leat. Chuala mé, arsé, go robh Fionn mac Cumhaill ann a
ghaiscidheach mhór, go robh mórán de ghaiscidhigh maithe faoi agus
é fhéin na dhuine mhaith. Rachaidh muid go Teamhair annsair
Fhionn go gcaithidh muid tamall annsin. Maith go leór, arsí.
Ghluais an bheirt 'un siubhail. D'fhág slán agus beannacht aig
Gaibhdín Gabhna. Níor stad siad go robh siad i dTeamhair na
ríogh. Bhí Fionn mac Cumhaill agus a chuid fear amuigh ag seilg.
Ní robh san chaisleán acht na mná. D'innis bean Fhinn mhic
Cumhaill dóbhtha, go robh Fionn agus a sluaighte fá shléibhte mór
na Midhe. Nach mbéidheadh sé abhaile go ceann chúig lá. Acht
an aire chéadna a gheóbhas mise, gheóbhaidh do bhean-sa go
bpillidh tú air ais, má's maith leat Finn do fheiceál. D'fhág sé
beannacht ocú agus d'imthigh sé annsair Fhionn agus annsair na
Fiannaibh. Nuair bhí sé teacht i bhfogus dóbhtha, casadh teach
slachtair air. Chuaidh se asteach agus chóirigh é fhéin le craicne na
mbeathaigh fiadhain. Nuair chonnaic Fionn é ag tairnt orrthú,
d'fhiafraigh sé, A bhuachaillí, go dé tá sibh da dheánadh? Tá
muid ag deánadh ar ndínneara, arsa Conán. Go dé tá tú fhéin da
dheánadh? Tá mé ag amharc uam. Tím óigfhear cliste ag tairnt
orrainn. Má's do chuidiughadh linn atá sé, is fearrde dínn agus má's
ann ar n-aghaidh atá sé, is misde dínn. Béidh fhios againn go dé
an cinéal duine é. Má's de chlainn mic ríogh no ró-fhlaith é, ní
labhairfidh sé le duine na duine leis go dtigidh sé ann mo láthair-se
agus go ndeánaidh sé comhartha umhluigheacht agus urram domh.
Má's de chlainn bodaigh no duine bheathlaidhe é, an chéad duine
a dtiocfaidh sé fhad leis, fiafrachaidh sé, Ca bhfuil an rí? Níor
labhair Céadach le h-aon duine no aon duine leis go dtainic sé i
láthair Fhinn mhic Cumhaill. Rinne comhartha umhluigheacht agus
urram dó. Go dé an duine thú? arsa Fionn. Buachaill atá ag
iarraidh aimsire tá ionnam, arsa Céadach. C'ainm no ca shloin-
neadh thú? arsa Fionn. Ní robh mé aig aon mháighistir ariamh,
arsa Céadach, nach dtiubhradh sé fhéin ainm orm. Maiseadh, o
fuair mise cóirighthe thú anns na craicne, baistim Giolla na
gCochall Craicionn ort. Ní bhfuair mé ainm ní b'fhearr ariamh,
arsa Céadach. Go dé an obair bhfuil tú maith aige? arsa Fionn.
Tá mé maith ag cruinnighadh sealga, arsa Céadach. Tá tú de
díth orm go mór, arsa Fionn. Go dé an tuarastal atá tú da
iarraidh go ceann lá agus bliadhain? arsa Fionn. Má ghnóthaighim
dadaí dhuid, bhéarfaidh tú fhéin domh an méid is fiú mé. Tá sin


L. 221


an-cheart, arsa Fionn. Ghluais siad uilig 'un sealg. Níor luaithe
bhéidheadh éan marbh aig fear ná bhéidheadh beathach marbh aig
fear eile. Bhí siad mar sin go trathnóna agus bhí toirt bothóige aig
Céadach air a dhruim trathnóna. Mo bhríathar díbh, a fhearaibh,
arsa Fionn, go saoilim go bhfuil gaiscidheach an-mhaith againn.
Tá bród agus athas orm. Rachaidh muid a bhaile annsair ar gcuid
ban go ndeánaidh muid féasta mór. Bhí lúthgháir mhór air a
gcuid ban rompú. Acht nuair chonnaic na fir an bhanphrionnsa
óg Scaith Shíoda ní Mhanannán, bhí iongantas mór orrthú go léir
fá n-a bréaghaichte. D'órdaigh Fionn an féasta bu mhó a rinne sé
ariamh do dheánadh. Bhí siad trí lá agus trí oidhche ag ithe agus ag ól.
Anns an am sin thuit mórán de na daoiní na gcodhladh. D'éirigh
bean Fhinn mhic Cumhaill agus beirt de na mná uaisle eile, bean
Dhiarmuid agus bean Oscair amach da nighe fhéin ann loch a bhí
taobh shiar de'n chaisleán. Thainic long asteach 'un an chuain.
Léim beirt fhear amach as an luing. Reath siad aníos. Rug fear
ocú air bhean Dhiarmuid. Chuir air a ghualainn í agus reath siad
'un na luinge air ais. Thiontáigh an long 'un na fairge. Agus níor
bhfada go robh sí as amharc. Thainic bean Fhinn agus bean Oscair
a bhaile. D'innis go dé mar sciobadh air shiubhal a gcomrádaidh.
Bhí na Fianna uilig buaidheartha agus Diarmuid níos mó ná duine
air bith. Bu ghoirid gur thiontáigh an buaidhreadh 'un feirge agus
dubhairt Fionn go gcaithfheadh siad í leanamhaint agus tabhairt air
ais ce b'air bith áit san domhan a robh si. Dubhairt Fionn go
gcuireadh sé seacht gcatha na Féinne da cuartughadh. Dubhairt
Diarmuid nach é sin an ceart acht beagan de fhearaibh maith do
phiocadh. Da ndeánadh siad gaiscidheacht gur air bheagan
daoiní bu mheasamhla é do bhéith maoidhte. D'fhiafraigh Fionn
ca mhéad fear dobhéarfadh sé leis. Dubhairt Diarmuid go
dtiubhradh mórfheisear. D'iarr Fionn air a n-ainmniughadh.
Dubhairt Diarmuid Fionn mac Cumhaill an chéad duine.
Diarmuid an dara duine. Oscar an tricheadh duine. Lughaidh
fá choinne stiurughadh na luinge. Na nach bhfuil tú ag dul do
thabhairt leat Giolla na gCochall Craicionn? Táim cinnte, arsa
Diarmuid, má tá sé sásta do dhul. Ní rachaidh sé, arsa Scaith
Shíoda. Má leig mise annsorraibh é le seirbhís do dheánadh díbh
i nÉirinn, ní'l mé ag dul da leigean libh amach as Éirinn. Le
geallamhainteacha móra da dtigeadh siad air ais a choidhche,
bidheadh sé beó no marbh, go dtiubhradh siad a bhaile chuiccí é,
d'aontaigh sí é do leigean leóbhtha. Ghléas Fionn an long ab
fhearr do bhí i n-Éirinn. Chuir sé biadh sheacht mbliadhan
asteach air an luing agus chuaidh siad 'un fairge. Bhí siad trí lá agus


L. 223


trí oidche ag seóltaracht nuair dh'fhiafruigh Giolla na gCochall
Craicionn, A bhuachaillí, cá bhfuil sibh ag dul? Dubhairt siad ce
b'air bith áit da séidfidh an ghaoth sinn. Dubhairt Giolla na
gCochall Craicionn le Lughaidh an long do stiúrughadh air na
h-Indiacha shoir. Nach robh aon bhean an-dóigheamhail san
domhan nachar mhaith leóbhtha do bhéith ocú. Gheánfaidh mise
sin, arsa Lughaidh. Sheól siad am mór fada. Lá amháin d'iarr
Fionn air Chaoilte do dhul go barr an chrainnseóil. Rinne Caoilte
sin. Dubhairt sé go bhfacaidh sé talamh. Da ndeánadh siad
obair mhaith go mbéidheadh siad aige le h-éirighe gréine. Lá air
n-a mhárach chuaidh Caoilte go barr an chrainnseóil agus dubhairt sé.
Tím tír bhréagh, cuairt agus caisleán, buachaillí an bhaile mhóir ag
iomáin air an tráigh. Tím dhá fhichead long, fiche ceann air gach
taobh de'n chéidh agus áit ceann amháin eatorrú. A Lughaidh,
stiúraigh do long asteach annsiud. Gheánfaidh mise sin, arsa
Lughaidh. Rinne agus níor cuireadh teachtaire amháin o'n rí dho
fhiafraigh cé iad fhéin. Is olc an chosamhlacht seo, arsa Fionn.
A Fhinn, arsa Giolla na gCochall Craicionn, caithfidh tú duine do
chur do chaint leis an rí. Ni robh aon fhear air an luing a
ghlacadh air fhéin do dhul do chaint leis an rí. Bu é ab ainm
do'n rí Éamonn Tréanbhuilleach. A mháighistir, arsa Giolla na
gCochall Craicionn, rachaidh mé fhéin 'un an chaisleáin. Creidim
gur tú is fearr, arsa Fionn. Chuir air a chulaidh airm agus chuaidh
'un an chaisleáin. Bhuail sé buille anns an chuaille comhraic.
Thainic chuige gaiscidheach dar bh'ainm Cítheach Cruaidhar-
mach. Go dé tá tú da iarraidh? arsé. Chuir mo mháighistir,
Fionn mac Cumhaill annseo mé dho iarraidh tuighe dó fhéin agus do
bheagán da chuid fear. Da ndeánadh cró muc no madadh maith
dó, ní bhfuigheadh sé é. Acht tá teach amhas thíos aig an
chladach. Má gheibh sibh aontuigheas o na h-amhais, bidheadh
sé agaibh agus mur bhfaghaidh, bidhidh folamh. Teiseanadh teach
na n-amhas dó. Nuair chuaidh sé asteach air an dorus, ní robh
aon amhas anns an teach nach deárn gáire. Go dé adhbhar bhur
ngáire? arsa Giolla no gCochall Craicionn. Fá d'oiread-sa de
fheóil úr do bhéith againn. Béidh fhios agaibh a mhalairt sin de
scéal. Rug sé greim dhá lurga air an fhear bu neise dó agus thúsaigh
sé da gcoscairt leis an fhear sin, go dtí go robh deireadh marbh
aige acht aon fhear amháin. Bhí an t-amhas caithte aige go dtí
an dá ghiota bhí ann a dhá dhorn aige. Chaith sé na h-amhais
amach agus rinne carnán díobhtha. Chuaidh air ais 'un na luinge.
Tá teach againn annseo, acht ní'l biadh air bith. Caithfidh muid
biadh iarraidh o'n chaisleán. Chuaidh 'un an chaisleáin agus


L. 225


dubhairt, Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo do iarraidh bídh
dó fhéin agus do bheagán da chuid fear. Da ndeánadh spólla amháin
maith dó, ní bhfuigheadh sé é. Acht tá tarbh air an oileán seo a
chuinnighidh trían de'n oileán dó fhéin le ar linn. Má mharbhann
sibh an tarbh, bidheadh sé agaibh agus mur marbhaidh, bidhidh
folamh. Cá bhfuil an tarbh? arsé. Teiseanadh dó an taobh de'n
oileán i robh an tarbh an lá seo. Thug sé leis Conán. Nuair
chuaidh siad i ngearr do'n tarbh, rinne sé búirthe mór agus thairng
orrthú. Chuir Giolla na gCochall Craicionn a chlóca air an taobh
bu neise do'n tarbh de'n árd. Chuaidh é fhéin air an taobh eile.
Chuir an tarbh a dhá adhairc fríd an chlóca agus go bun asteach san
árd. Léim Giolla na gCochall Craicionn agus bhuail é le n-a
chlaidhimh. Bhain an ceann de. A Chonáin, arsé, iomchra-
chaidh mise an cholann agus iomchuir thusa an ceann. Ní robh ann
acht go robh Conán ábalta an ceann do chorrughadh. Bhfuil tú
ag teacht? arsa Giolla na gCochall Craicionn. Ní'l, arsa Conán.
Saoilim go bhfuil seo ró-throm agam. Chuir sé a lámh thart.
Fuair greim adhairce air an cheann agus air lurga Chonáin. Shiubhail
leis gur chaith de an beairtín i dteach na n-amhas. A Fhinn, tá
biadh annseo acht ní'l teini air bith. Caithfidh muid gléas
bruithe do fhagháil do'n tarbh. D'imthigh 'un an chaisleáin.
Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo do iarraidh gléas bruithe
do'n tarbh. Da ndeánadh an pota is lúgh anns an teach maith
dhuid, ní bhfuightheá é acht má bheir an cócaire cead duid spólla
do chur san phota, bidheadh agad, agus mur dtugaidh, béidh tú
folamh. Chuaidh annsair an chócaire. Dubhairt an cócaire nach
bhfuigheadh cead aon spólla amháin do chuir anns an choire.
Rug sé air an choire. Thóg é amach de'n obair cloiche. Thug
thart é agus leig steall mhór de'n bhroth thart air na cócairí. Dhóigh
'un báis iad. Dubhairt le Fionn, tá teini de dhíth orrainn anois.
Chuaidh 'un an chaisleáin. Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo
do iarraidh teineadh. Da ndeánadh spliota amháin maith dó, ní
bhfuigheadh sé é. Chuir sé a dháláimh fá'n chual chonnaidh.
Thug leis í go teach na n-amhas. Chuir teini inntí. Chuir an
coire orrthí agus roinn mhór de'n tarbh ann. D'ith siad a sáith agus
chodail an oidhche sin. Air maidin go luath dubhairt Giolla na
gCochall Craicionn, A Dhiarmuid, is uaid a tugadh an bhean. Is
ort a thig an chéad troid. Scíothán Sceólannach a thug leis do
bhean. Is ort é do throid aniu. A Ghiolla dhílis, arsa Fionn,
ní'l gar do aon duine da bhfuil annseo do dhul do throid acht
thú fhéin. Chuaidh Giolla na gCochall Craicionn suas 'un an
chaisleáin. Bhuail buille san chuaille comhraic. D'innis do'n


L. 227


teachtaire go robh troid de dhíth air o Scíothán Sceólannach.
Thainic Scíothán Sceólannach. Throid é fhéin agus Giolla na
gCochall Craicionn o dhubh maidne go dubh oidhche. Bhuail
Giolla buille i gcomhraic a chinn agus a mhuineáil air agus bhain
a cheann de. Thainic annsair Fhionn. A Fhinn, Cítheach
Cruaidh-armach an gaiscidheach is fearr anns an ríoghacht,
caithfidh tú fear do chur le n-a throid amárach. Ní'l duine air
bith annseo le n-a throid mur ndeánaidh tú fhéin é. Air maidin
go luath chúaidh Giolla na gCochall Craicionn suas 'un an
chaisleáin. Bhuail buille san chuaille comhraic. D'iarr comhrac
air Chítheach Chruaidh-armach. Ba díomhaoin é go dtí sin.
Throid sé fhéin agus Cítheach go trathnóna. Bhí dul aig Giolla
na gCochall Craicionn air agus rinne Cítheach leomhan mór de
fhéin. Rinne Giolla an rud céadhna agus mharbhuigh Cítheach.
Bhuail arís anns an chuaille comhraic. Níor freagraigheadh é.
Go dé támuid ag dul da dheánadh? arsé le Fionn. Rachaidh
muid abhaile, arsa Fionn. Ní rachaidh muid abhaile, arsa Gioila
na gCochall Craicionn, go bhfaghaidh muid ar mbean agus lorg ar
láimhe do fhágáil ar ndiaidh. Tá uaigh dhraoitheachta i bhfogus
do'n chaisleán. Bhéarthar ar mbean annsin aniu. Má gheibhthear
í asteach san uaigh, thusa agus mise agus a bhfuil i n-Éirinn, ní
thiubhradh (thabhairfeadh) amach í. Tá dhá dhorus air an uaigh,
dorus beag agus dorus mór. Cuirfidh muid Diarmuid air an dorus
bheag agus rachaidh mise air an dorus mhór. Níor bhfada dhó go
bhfacaidh chuige bean Dhiarmuid dhá'réag de mhná óga léithe agus
dhá'réag de sheanmhná. Rug Giolla orrthí agus rug an cheathrar agus
fiche ban orrthí. Chaith Giolla air a ghualainn an bhantracht
uilig. Scairt air Dhiarmuid agus phill 'un an bhaile annsair Fhionn.
Bhí lúthgháir mhór orrthú a mbean do bhéith ocú. Nach
rachaidh muid abhaile anois? arsa Fionn. Ní rachaidh muid
abhaile, arsa Giolla, go bhfágfaidh muid lorg ar láimhe fá'n
chaisleán. Chuaidh 'un an chaisleáin. Thug leóbhtha lasta a
luinge de ór agus de iolmhaitheas agus d'fhág an caisleán le theini.
Thóg a seóltaí agus chuaidh 'un fairge. Bhí siad trí oidhche agus trí lá
agus an aimsir deas. Bhí siad ag ithe agus ag ól agus i bpléisiúr mhór. Ní
robh air thaiste na luinge acht Fionn agus Giolla. Chuir Giolla osna
mhór as. Go dé adhbhar do bhuaidheartha? arsa Fionn. Tím
chugam long, arsa Giolla. Tá fear air bórd orrthí a mhuirfeas
mise. Ní'l, arsa Fionn, na aon fhear air dhruim an domhain a
bhéidheadh ábalta thusa do mharbhadh. Faraor thú, arsa Giolla,
ní thig liom lámh do thógáil go marbhaidh sé mé. Gabh síos faoi
thaiste na luinge agus cuir ort an chulaidh scúilliúnaigh atá annsin agus


L. 229


ní aithneachaidh sé thú. Ó faraor thú, arsa Giolla. Is fearr an
aithne atá aige ormsa ná tá agadsa, agus is ro-fhearr an ceart atá aige
air. Glac mo chomairle, arsa Fionn. Ní robh ann acht go robh
sé air ais, nuair bhí an long choimhightheach bórd air bhórd
leobhtha. Aon fhear amháin faoi arm agus éideadh air thaiste na
luinge. Rinne sé gáire agus dubhairt sé. Tá rann agam dhuid -



Aithnighim thú agus ní h-air d'éadach,
Acht air do rosc gréagach glan.
Is fíor sin agus ní bréag é
Gur tú Céadach mac rí na dTulach.



A Chéadaigh, bhfuil cuimhne agad air do mhargadh liomsa i
nÉirinn? Tá, arsa Céadach. Buail do bhuille. Nuair chonnaic
Céadach gur b'é buille Lonndubh an chéad bhuille bhéidheadh
buailte, bhuail sé a bhuille fhéin agus scaith gach fear ocú an ceann
de'n fhear eile. Thuit gach fear ocú air thaiste a luinge fhéin agus
d'imthigh an long choimhthigheach an bealach a dtainic sí go bun
an aeir. Scairt Fionn air a bhunadh, go ndeánadh siad buaidh-
readh mór agus d'innis dóbhtha, nach duine air bith níos lugh ná mac
ríogh na dTulach an fear bhí ocú. Bhí buaidhreadh an-mhór air
Fhionn agus air a bhunadh fá n-a bhás agus bhí doilghios orrthú do
theacht abhaile annsair a bhean agus é marbh. Chóirigh siad a
cholann le spíosaraí agus thairng siad air an bhaile. An oidhche sin
thainic ceó mór, gaoth agus doinionn a chuir iad da gcúrsa. Bhí
siad air seachrán. Ní robh fhios ocú cá robh siad ag dul air feadh
mórán laethe. Shocraigh an doinionn agus bu ghoirid go bhfuair siad
(do) theacht abhaile. Nuair chonnaic Scaith Shíoda ní Mhanan-
nán a fear fhéin marbh, bhí buaidhreadh dóchuimsí orrthí. Bhí
buaidhreadh air Fhionn agus air an Fhéinn go léir. Bhí buaidhreadh
mór air Dhiarmuid agus air a bhean. Dubhairt Fionn le Scaith Shíoda
go bhfhuigheadh sí a raogha fear da robh i nÉirinn. Dubhairt
Scaith Shíoda nach robh fear air bith aige a gheánfadh áit a fir
fhéin, acht é long do thabhairt dithe go gcóireachadh sí a fear ann
spíosaraí, go gcaoineadh sí a sáith an uile lá os a cheann agus go
bhfuigheadh sí bás anns an long chéadna a robh a fear. Ghléas
Fionn an long ab fhearr i nÉirinn dithe. Cuireadh asteach anns
an luing corp Chéadaigh ann gcófra airigid. Chuaidh sí fhéin
air bórd agus bu chuma léithe go dé an bealach a rachadh an
long. Ní robh fhios aicí ca fhad bhí sí air fairge acht bhi sí i
bhfad, mórán bliadhanta. Fá dheireadh bhuail an long air
thalamh. Bhí sí tuirseach air fairge. Thainic sí air tír mór.
Chonnaic sí caisleán mor i ngar (ngearr) dithe. Shiubhail sí suas


L. 231


'un an chaisleáin. Ní fhacaidh sí duine air bith beó. Chuaidh sí
asteach. Shiubhail sí mórán fríd an chaisleán. Fá dheireadh
thainic sí ann seómra áirite seanóir críon-liath. D'athain sí go
robh sé ann am eighinteach na rí. Labhair sí leis agus ní robh sé
fonnmhar seanchas(c) air bith do dheánadh. Bhí an trathnóna
ann. Níor bhfada go dtainic asteach triúr de ghaiscidhigh óga
gearrtha, millte, loitighthe agus folaighthe le fuil. Chaith díobhtha
a gcuid éadaigh. Rug fear ocú greim dhá chos air fhear eile.
Sháith sé síos i mbairille a bhí i gcul an dorais é. Thairng air ais
é agus bhí sé slán, folláin. Rinneadh sin leis an triúr agus bhí siad
leigheasta comh maith agus bhí siad ariamh. A bhuachaillí, arsí,
is cosamhail dibh go robh sibh ag troid. Bhí muid ag troid, arsa
an fear bu sine. Go dé adhbhar bhur dtroda? arsí. Naimhde
thainic air an oileán seo, arsé. Mharbhaigh siad mo mhathair.
Rinne siad clocha geala d'ar ndaoiní agus ar n-eallaigh. Ní'l lá air
bith nach marbhann sinne sluagh ocú. Bídh muid loitighthe mar
chonnaic tú sinn, acht bidheann an sluagh beó lá air n-a bharach
air ais fá'r gcoinne. Sin bairille íocshláinte a leigheasas sinne an
uile thrathnóna. Leig sí osna agus dubhairt sí, Bhí fear agamsa ann
am amháin. Da mbéidheadh sé agaibh, chuideachadh sé libh. Cá
bhfuil sé? arsiad. Tá sé thíos anns an luing, arsise. Caithfidh
muid é thabhairt aníos. Gheánfaidh muid sinne beó é agus comh
maith agus bhí sé ariamh. Thug siad aníos é. Chumail siad an
íocshláinte dó. Thum siad san bhairille é. Chumail bos da
shúile agus dubhairt sé, Saoilim gur chodail mé néal. Bhí lúthgháir
an-mhór air a bhean. Chraith sí dhá láimh leis. Chuaidh siad
do chodladh an oidhche sin i bpléisiúr. Air maidin go luath air
lá air n-a bhárach, chuaidh triúr mac an ríogh amach do throid
leis an tsluagh agus Céadach leóbhtha. Air theacht dóbhtha 'un an
mhachaire, bhí sé lán daoiní faoi arm agus faoi éideadh. Go dé tá
sibh ag dul da dheánadh leóbhtha seo? arsa Céadach. Tá muid
ag dul do throid leóbhtha agus trathnóna béidh siad marbh againn.
Ní'l ann bhur ngraethe acht trumpáracht, arsa Céadach. Gheán-
faidh muid dhá leith de na fir. Glacfaidh mise taobh ocú agus
glacaigidh sibhse an taobh eile. Ní robh ann acht go robh
beárnaidh bheag bhaoideach deánta anns na fir aig clann an ríogh,
nuair bhí a leath fhéin marbh aig Céadach. Má's é sin an dóigh
a nídh sibh an uile lá, is neamhiongantach iad do bhéith ag suidhe
ann bhur mbun. Thug sé ruathar ann a measg mar sheabhac frid
éanacha agus mharbhuigh sé an duine deireannach díobhtha. Go dé
tá sibh ag dul da dheánadh anois, a bhuachaillí? arsa Céadach.
Ó tá muid ag dul abhaile, arsiad. Na nach bhfuil sibh ag dul do


L. 233


fhuireach annseo go bhfeicidh sibh go dé tá da ndeánadh seo beó
arís. Ó ní'l aon dhuine dar fhan nach robh marbh lá air n-a
bhárach. Ní imtheachaidh mise, arsa Céadach, go bhfeicidh mé
go dé nídheas beó iad. Chuaidh clann an ríogh 'un an bhaile agus
d'fhan Céadach. Níor bhfada dó go bhfacaidh sé faitheach ag
teacht aníos o bhruach na fairge poitín agus cleitín leis. Chuir sé
an cleitín anns an phoitín. Annsin chuir sé i mbéal fir é agus léim
naoi naonbhair ocú na seasadh. Na deán níos mó de sin, arsa
Céadach. Thug sé ruathar air na naoi naonbhair. Bhain na cinn
díobhtha. Ó tharlaidh gur troid atá de dhíth ort, arsa 'n
faitheach, gheóbh tú do sháith de. Thúsaigh sé fhéin agus an
faitheach air a chéile. Bhí sí ann a troid mhór. Fá dheireadh
bhuail sé an faitheach agus bhain a cheann de. D'fhan annsin air
feadh tamaill. Thainic chuige aníos air bhruach na fairge an
chailleach, poitín agus cleitín léithe. Chuir an cleitín san phoitín agus
i mbéal an chéad fhir. D'éirigh naoi naonbhair na seasadh.
Fóill ort a chailligh arsé. Thug ruathar air na naoi naonbhair.
Bhain na cinn díobhtha agus thoisigh é fhéin agus an chailleach do
choscairt a chéile. Bu mheasa an chailleach air go mór ná'n
faitheach. Bhuail buille air an chailligh agus bhain a ceann dithe.
D'fhan annsin tamall fada. Fá dheireadh chonnaic sé an cú glas
ag teacht aníos o bhruach na fairge, poitín ann a béal agus cleitín
ann a crúb léithe. Chuir sí an cleitín anns an phoitín agus i mbéal
an chéad fhir. Léim naoi naonbhair ocú na seasadh. Stop, a
bheathaigh ghránda, arsé. Thug ruathar air na naoi naonbhair agus
mharbh iad. Thúsaigh sé fhéin agus an cú air a chéile, acht ní robh
acht greann ann a ghraethe go dtí sin. Ní dheánfadh a chlaidhimh
gearradh da laghad air chraicionn an chú. Bhí eagla mhór air go
muirfeadh an cú é. Chonnaic sé ball beag bán astuigh faoi n-a
h-ascaill. Thug sé sáthadh da chlaidhimh air an bhall bhán agus as
sin trasna fríd n-a croidhe. Thuit an cú marbh. Bhí lúthgháir
mhór air. D'fhan annsin go maidin agus ní thainic níos mó.
Smuainigh (smaoitigh) sé, ce b'air bith áit a dtainic siad as, go
robh tilleadh uilc na ndiaidh. Chuaidh sé síos go bruach na
fairge. Shiubhail sé síos aig bun an aillt. Fuair sé uaigh ag dul
síos faoi an talamh. Chuaidh sé síos siar anns an uaigh. Chonnaic
sé thiar an cat fada caol glas. A Chéadaigh ghránda, arsí,
mharbhaigh tú mo thriúr chloinne. Mharbhaigh tú mo chuid
fear, acht tá tú anois ann áit an iomorduighthe agam. A chait
ghránda, arsé, an íde chéadna a fuair an chuid eile de do bhunadh,
gheóbh tusa. Thoisigh é fhéin agus an cat air a chéile. Acht ní
robh acht greann anns an chuid eile go dtí sin. Ghlac sé ochtach.


L. 235


Thug sé aon bhuille amháin de'n chlaidhimh agus thug amach croidhe
agus crubhogaí an chait. Bhí ionga neimhe i ruball an chait. Air
thuitim do'n chat bhuail sí é leis an ionga neimhe agus thug amach a
chroidhe agus a chrubhogaí. Thuit an bheirt marbh aig taobh a
chéile. Chuartaigh na trí phrionnsa go bhfuair siad an uaigh.
Bhí Céadach agus an cat mór na luighe marbh. Ní thainic leóbhtha
aithne eadair an dá chroidhe. Mo léan sibh, arsa Scaith Shíoda,
nach n-aithnigheann eadair croidhe cruaidh, danardha an chait agus
croidhe beag nádúrtha m'fhir fhéin. Thug siad leóbhtha 'un an
bhaile Céadach. Chóirigh an croidhe anna áit fhéin agus chumail
dó an íocshláinte. D'éirigh na sheasadh comh slán agus bhí ariamh.
Bhí lúthgháir mhór air a bhean. Bhí lúthgháir air an rí agus air a
thriúr mac. Go dé tá muid ag dul da dheánadh? arsa Scaith
Shíoda. No an rachaidh muid abhaile? Ní rachaidh, arsa Céadach,
go bhfeicidh mise bhfuil siad siud beó aniu. Chuaid siad 'un an
mhachaire. Bhí siad uilig marbh. Chuartaigh Céadach agus fuair
sé slaitín draoitheachta síos air dhruim na caillighe. Thug leis í
agus phill siad abhaile. Bhí mórán carraiceacha agus clocha glas agus bán.
Bhuail Céadach iad leis an tslait. D'éirigh siad na seasadh fir agus
mná, eallach agus caoirigh agus capaill go robh bunadhan ríogh beó air
ais. Bhí lúthgháir mhór air an rí. Is cóir dúinn anois do dhul
abhaile, arsa Céadach le n-a bhean. Ní fhágfaidh tú mise a
choidche, arsa 'n rí. Is leat leath mo rioghachta a choidhche agus
mo bheannacht-sa fosta. Faraor thú, arsa Céadach, tá rioghachta
ag fuireacht liomsa níos fearr ná do rioghachta uilig. Ní áirighim
an leath. D'fhág se slán aig an rí agus aig n-a bhunadh. Bhí
buaidhreadh mór orrthú na dhiaidh. Chuaidh arís 'un fairge. Cá
bhfuil muid ag dul? arsa Scaith Shíoda. Bhí Lonndubh mac rí na
Dreólainne na chomrádaidh mhaith agamsa air feadh i bhfad. Tá
fhios agam go bhfuil sé cóirighthe le spíosaraí aig n-a athair.
Tá buideal de'n íocshláinte liomsa. Rachaidh muid 'un na
Dreólainne agus leigheasfaidh muid Lonndubh. Rinne siad mar
dubhairt siad. Bhí cumhaidh mhór air rí na Dreólainne i ndiaidh
Lonndubh. Ní robh lá air bith nach ndeánadh sé tamall mór
buaidheartha os ceann a mhic. D'iarr Céadach cead a fheiceál,
gur doctúir a bhí ann. Chumail sé an íocshláinte do'n ghearradh
a bhí eadair an ceann agus an muinéal. D'éirigh Lonndubh na
sheasadh. Saoilim gur chodail mé, arsé. Is maith an bharr-
amhail, arsa 'n rí, agus tú marbh le seacht mbliadhna. A Chéadaigh,
mhic ríogh na dTulach, do chéad míle fáilte, a dheaghghaiscidhigh
ghlain. Chuaidh mise 'un an domhain thoir do do mharbhadh.
Thainic tusa níos fuide le mise do dheánadh beó. Ní scarfaidh tú


L. 237


liom a choidhche. Fuair an rí saoghal úr, nuair chonnaic sé a
mhac beó. D'fhág Céadach slán ocú agus chuaidh arís 'un fairge. Cá
bhfuil tú ag dul? arsa Scaith Shíoda. A bhean, rachaidh mise
anois go h-Éirinn go bhfeicfidh muid Fionn mac Cumhaill agus a
bhunadh. Thainic go h-Eirinn. Rinne Fionn féasta mór ann
onóir do Chéadach agus da bhean. Nuair bhí an féasta thart,
dubhairt Céadach, is mithid dúinn do dhul 'un an bhaile go
bhfeicidh muid go dé mar tá m'athair agus mo mháthair agus mo
bhunadh uilig. Sheól siad 'un na dTulach. Nuair chonnaic
an seanrí a mhac agus an bhanphrionnsa anns an bhaile, dh'fhobair
go bhfuigheadh sé bás de'n lúthgháir. Rinne sé féasta agus banais
mhór le n-a mhac agus an bhanphrionnsa. Nuair bhí an bhanais
thart, corónaigheadh Céadach i rioghachta na dTulach. Chaith
sé saoghal pléisiúrdha. Tá a iarraimh ann bpléisiúr agus i sonas
annsin go dtí an lá aniu.



Leadairt na bhfear mór.



Bhí Gaibhdín Gabhna na chomhnuidhe air an Dárnaí aig
taobh Dhuncanéile. Ní robh gaiscidheach air bith san rann
Eórpa críochnaighthe, go bhfaghadh sé a chuid airm o Ghaibhdín
Gabhna agus cúrsa feoghluime. Thainic aon lá amháin Cúchulainn
annsair go bhfaghadh sé a chúrsa gaisceamhlacht críochnaighthe.
Ní gheánfad, arsa Gaibhdín Gabhna. Thug Balar leis an Ghlais
Ghaibhleanna uam le tréan láimhe. Má bheir tú air ais an
Ghlais Ghaibhleanna, gheánfaidh mise do ghraethe. Bhéarfaidh
mise í air ais, arsa Cúchulainn. D'imthigh go Toraigh, an áit i
robh caisleán Bhalair. Nuair thainic sé go bruach na fairge,
ghlac sé eagla roimhe Bhalar agus chóirigh é fhéin ann éideadh mná.
Chuaidh sé asteach. D'innis do Bhalar gur chomrádaidhe í da
nighin. Ghlac nighean Bholair é mar chomrádaidhe. Bhidheadh
siad ag siubhal agus ag comhrádh. Bu ghoirid go robh fhios aig
nighean Bhalair gur fear bhí ann a comrádaidhe. Thuit sí go
mór i ngrádh leis. Ghuid nighean Bhalair agus Cúchulainn an
Ghlais Ghaibhleanna anns an oidhche agus thug asteach air tír
móir í. Lá air n-a bhárach chrunthaigh Balar a bhó. Lean sé
Cúchulainn. Ag teacht aníos na Rosa, chonnaic sé Cuchulainn
i bhfad roimhe. Bhí súil neimhe aig Balar. Nuair nochtadh
sé í, an chéad rud da n-amhairceachadh sé air, scriosfadh sé é.
D'amhairc sé i ndiaidh Chúchulainn. Acht is é an talamh an
chéad rud a chonnaic sé. Rinne sin an talamh dearg agus tá an
dath sin air an tír sin o shoin. Nuair thainic Cúchulainn fhad


L. 239


le Gaibhdín Gabhna agus an bhó leis, bhí lúthgháir mhór air
Ghaibhdín agus rinne sé féasta mór dó fhéin agus do Chúchulainn.
Aig deireadh an fhéasta d'iarr sé air Chúchulainn scéal do innse
dó o'n taobh o dheas. Dubhairt Cúchulainn nach dtiocfadh leis
sin do dheánadh agus duine air bith eile do bhéith ag éisteacht.
Glanfaidh mise an teach, arsa Gaibhdín. D'órdaigh sé amach a
robh de dhaoiní san teach. Bhí nighean aig Gaibhdín agus ní
h-amach chuaidh sí acht i bhfolach i gcúl an dorais. Thoisigh
Cúchulainn do innse scéil agus dubhairt go dtainic coimhéad cuain
agus cala air aon lá amháin, go bhfacaidh sé long ag tairnt chuige
as an áird thiar. Go robh an-mhéid anns an luing, aon fhear
amháin air bórd agus go dtainic sí comh gasta, nach robh maith leis
teicheadh. Léim sé amach as an luing agus bológ leis. Bhí an
bhológ mór do réir an fhir agus na luinge. Thainic aníos agus 'un
cainte le Cúchulainn. D'fhiafraigh an dtiocfadh leis gléas bruithe
do fhagháil do'n bholóig. Bhí cual chonnaidh sheacht mbliadhan
agus coire a bhruithfeadh seacht muca, seacht muilt agus seacht mairt.
Theiseain dó an chual chonnaidh. Chuir sé a dhá láimh (g)ach
fá dtaobh dithe. Thug leis agus d'fhág í neas do'n bholóig. Thainic
air ais agus rug air an choire. Thug leis agus d'fhág an coire na shuidhe
air an chual. Ghlac a chlaidhimh agus ghlan an bhológ agus chuir san
choire í. Bhí an teini mór agus bu ghoirid go robh an fheóil
bruithte. Shuidh síos agus thúsaigh d'ithe na feóla, gur ith sé
mórán. Rug air adharc na bolóige agus thúsaigh sé do ól an tsúgh.
Nuair d'ól sé a sháith agus d'ith sé a sháith, chaith sé uadh an adharc.
Thuit sí air an bharr chaol agus chuaidh sí giota mór i dtalamh.
Anois, arsa an fear mór, tá námhaid mo dhiaidh-sa, fear eile tá
go mór níos mó ná mise le mo mharbhadh. Da ndeánthá
coimhéad domh agus gan é do leigean orm a gan fhios(t) choidlea-
chainn néal, nuair atá mo sháith ithte agam agus mo sháith ólta, da
bhfaghainn néal codlata. Níor chodail mé aon néal le seacht
n-oidhche agus seacht lá agus an fear mór mo dhiaidh. Da bhfaghainn
néal do chodladh, saoilim go mbéidhinn ábalta do throid. Gheall
Cúchulainn dó go gcoimhéadadh sé. Má bhidhim doiligh do
mhuscladh, arsé, gearr an ladhar bheag díom. Thuit sé na
chodladh agus shaoiltheá go tairngeachadh sé dhá thaobh an domhain
air a chéile le srannfaoi. Aig ceann tamaill chonnaic Cúchulainn
an long mhór ag teacht. Ní robh long an chéad fhathaigh acht
mar bhéidheadh copan i gcomórtas leis an luing dheireannaigh.
Chraith sé an fathach. Acht ní thainic leis é do mhuscladh.
Thairng sé a chlaidhimh agus bhain an ladhar bheag de le buille
mór. D'éirigh sé ann a sheasadh. Ní robh ann acht go robh


L. 241


sé ann a sheasadh agus faoi arm, nuair bhí an fathach mór i láthair.
Thúsaigh an leadairt. Ní fhacas a leitheid ariamh i n-Éirinn.
Bhí cumadh air an fhathach mhór, go mbéidheadh sé ró-ábalta
aig an chéad fhear. Bhí níos mó de dháimh aig Cúchulainn leis
an chéad fhear. Thairng a chlaidhimh. agus thoisigh do bhualadh
an fhir mhóir. Ní robh ann acht go dtainic leis sroicheadh go
meall a chos. Mar sin fhéin, bhí sé cur feirge air an fhear mhór.
Chuir sé thart a lámh. Fuair sé greim air. Sháith sé suas faoi
n-a bheilt é. Bhí fearg air Chúchulainn agus thúsaigh sé do
ghearradh na beilte. Fá dheireadh fuair sé a gearradh. Nuair
gearradh an bheilt, thuit Cúchulainn 'un talaimh. Ní fhuair sé
aon leagadh ariamh comh mór leis. Bhí níos mó feirge air ná
bhí aroimhe agus bhí sé cuir iargnuidh air an fhear mhór. Chuir sé
thart a lámh. Rug sé air agus chaith sé siar an machaire é. Is é
an áit ar thuit sé air mhullach a chinn síos ann adharc na bolóige.
Nuair chualaidh nighean Ghaibhdín, leig sí gáire mór i gcúl an
dorais. Ní Cúchulainn bu chóir do bhéith ort san am sin, arsí,
acht Cú na h-Adhairce. Mo mhallacht ort, arsa Cúchulainn, agus
air mhná na h-Éireanna. Tá an scéal caillte. Bhí trian de
sheanchas(c) na h-Éireanna i bhfiannaigheacht, trian i scéalaigh-
eacht, trian air leadairt na bhfear mór. Ní chluinfear go
brathach é le h-eagla go gcluinfidhe comh dona as d'éirigh
domhsa. Cailleadh an chuid eile de'n scéal.



Na trí daill agus an Chevalier i mBaile-átha-clíath.



Tá tamall goirid o shoin bhí trí daill i mBaile-atha-clíath.
Budh é a n-obair gach lá ag iarraidh na déirce. Lá amháin
áirite chas da chéile na trí bacaigh air dhroichead Bhaile-atha-
Clíath. Bhí aithne ocu air a chéile. Bhí co heólach air an bhaile
's go dtainic leis an uile dhuine ocu 'theacht 'un a thighe bhig
fhéin tráthnóna. Bhí an triúr ag déanamh mairignigh air co holc
agus d'éirigh an lá leóbhtha. Bhí chevalier ag dul an bhealaigh.
Smaoitidh sé go ndéanfadh sé greann orthú. Bhí aithne aig na
daill air agus is minic a thug sé airgead dóbhtha. D'fhiafruigh sé
díobhtha goidé mar bhí siad. Dubhairt siad go rabh go holc, nach
bhfuair siad pioctúr na banrioghan aniu. D'fhiafruigh sé an
ndéanfadh punta maith dóbhtha agus dubhairt siad go ndéanfadh an
uile chinéal maith. Seo díbh punta arsé. Déanaigidh bhur rogha
rud leis. Shín gach aon de'n triúr amach a lámh agus níor chuir sé
dadaí air láimh air bith. Anois, arsé, déanaigidh bhur rogha rud


L. 243


leis sin. Shiubhail sé leis agus d'fhág iad. Shaoil gach aon de'n
triúr go rabh an punta ag duine éiginteach eile ocu. Chuir siad
móran paidreacha agus beannachtaí leis agus dubhairt gur mhaith i
gcomhnaidhe é. Choimhéad sé iad go bhfeicfeadh sé goidé
dhéanfadh siad. Nuair atá an punta againn, arsa fear de na
daill, goidé dhéanfaidh muid leis? Tá cóta de dhith ormsa, arsa
fear de na daill. Tá bróga de dhith ormsa, arsa fear eile. Tá mo
bhricfeasta de dhith ormsa arsa an tricheadh dall. Tá ar mbric-
feasta de dhith orainn uilig. Níor ith muid aon ghreim aniu.
D'ainmnigh siad teach ósta i bhfuigheadh siad a mbricfeasta.
Chuaidh siad go teach an ósta. D'innis go rabh punta ocu agus
bricfeasta maith do thabhairt dóbhtha. Nuair do ghlac siad a
mbricfeasta dubhairt fear ocu, o tharlaidh gur chuir Dia an punta
inseorthu, gur chóir dóbhtha gloinne ól. Fhuair siad trí ghloinne
uisce bheatha agus d'éirigh an blas ní b'fhearr air agus d'iarr siad triúr
eile. D'ól siad gur hinnsigheadh dóbhtha nach rabh níos mó le
fagháil, go rabh luach an phunta ocu. Díol sin, arsa fear de na
daill. Díol sin, arsa fear eile. Díol sin, arsa an tricheadh fear.
Amach leis an phunta, arsa fear na táibheirne. Tá deifre ormsa.
Bhí an t-anas ann. Ní rabh aon phinginn le fagháil. Bhí fear
na táibheirne i bhfeirg. Bhí sé ag cur púdair ann a chuid
féasóige go dtéidheadh sé fa choinne an pholice, go gcuireadh sé
'un an phríosúin iad. Anns an bhomaite thainic an chevalier
isteach agus dubhairt leis go rabh sagart air an bhaile do bhí
déirceach agus go ndíolfadh sé an tairgead air shon na mbacaigh.
Rachaidh mé fhéin leat agus labhairfidh mé leis an tsagart. Bhí
athas air fhear na táibheirne. Chuaidh an bheirt go teach an
tsagairt. Fuair siad scéala annsin go rabh an sagart i dteach an
phobail. Chuaidh an bheirt go teach an phobail. Bhí an sagart
air an altóir ag dul do léigheadh aifrinn. Chuaidh an chevalier
suas air an altóir agus dubhairt leis an tsagart go rabh duine bréagh
annsin acht go rabh sé tinn o'n ghealaigh agus go dtainic sé do
iarraidh air an tsagart urnaigh rádh dó. Dubhairt an sagart go
mbéidheadh sin ceart i ndiaidh an aifrinn. Thainic an chevalier
anuas agus dubhairt sé, fan thusa annseo agus gheobh tú do phunta
i ndiaidh an aifrinn. Nuair do bhí an t-aifreann ráidhte, chraith
an sagart a mhéar air fhear na táibheirne theacht aníos. Dubhairt
an sagart - gabh air do ghlúine. Dubhairt fear na táibheirne -
bhfuil tú ag dul do thabhairt domh an tairgid? Dubhairt an
sagart aríst - gabh air do ghlúine. Dubhairt fear na táibheirne -
bhfuil tú ag dul do thabhairt domh an phunta? Bhí slat gheal
aig an tsagart agus bhuail sé fear na táibheirne air a bhlagóid agus


L. 245


dubhairt sé - gabh air do ghlúine anois. Thug fear na táibheirne
a aghaidh air an dorus agus reath an sagart go dtugadh sé arais é.
Acht d'imthigh fear na táibheirne. Bhí sé i bhfeirg agus ag tabhairt
mionna mór. Nuair thainic sé abhaile, ní rabh chevalier na dall
na bacach le fagháil aige na fios ca deachaidh siad.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services