Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seacaibíteachas Thaidhg Uí Neachtain

Title
Seacaibíteachas Thaidhg Uí Neachtain
Author(s)
Ó Neachtain, Tadhg,
Compiler/Editor
Ó Buachalla, Breandán
Composition Date
1722
Publisher
(B.Á.C.: Coláiste Phádraig, 1992)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1722 Ab. 18. Do roine ceathramhna do Eoin Mac Gearailt agus do
Éinrígh Mhac in Bhaird a gCorcuidh agus do cuire a gcinn for spícidh mar
do iomlatadar Gaoidhil ógáin chum in Pretender ionna a long chun
na Fraingce (NLI G198:299).



Seon Harding 'na Nuadhuigheacht. Dia Máirt. Iún 23, 1724. Iún 13.
Hurt Green a Sussecs a Sasana, timchioll a haondéag ar maidin
do conacas na néultaibh ag cruinniughadh a gcion a chéile ...
(RIA 24 P 41:74).



1725. Beal. 11: Seorse Falcner ionna Nuadhuigheacht. Leopal Ab. 25.
Do conarcas ar feadh ttrí nuaire doidhche iomad taisbeántaibh san aer
do gach gné airm. Tug so ar Chatoilicibh meanughadh go ttroididís
gach eiriceach gus an mbás ... (ibid., 207).



1723 Sep. an 5 lá. Chuir Sophia Mór na Persia, Ismael Bec a
theachta iolchumhachtach go Impir sáruasal na Ruisia dar bhainim Peadar
... (ibid., 219).



Áth Cliath Dia Luain Febh. 28. 1725. Tomas Vailis a Scinner Row ó
Lonnduin . . . Is iomdha iad léirbhreathnughadh chúirte na Gear-
máingne a ttaobh chombaídheacht na ttrí gcumhachtuibh an Fraingc,
Sasana agus Prussia le ar oile a tteangmháil Hanover ...
(ibid., 229).



Áth Cliath. Ab. 20. 1727. Ag seisiún Luimnídh, do díotáladh an
tAthair Raghalluligh ar son Catoiliceach agus Protastant do phósa. Do
curruidheagh an sagart agus do crochadh é (TCD 1361:526).


L. 37


1741 Tug cruatan ar an iomad ar feadh iomlán na hÉireann bás
dfhagháil et go mórmhór san Mumhain agus a gConnachtaibh, a gCorc-
adh amháin do feartadh a naonchlais 160 pearsaibh ... a gConnacht
... bhá an tinneas fiabhrasach codh ainspiadhantadh sin agus codh coit-
cheann go ndruidtuídh na toighthibh ionna mbí amhuil aimsir
plághadh (NLI G135:28).



sioc codh ainspiantadh loisgneach agus sin gur feodhadh gach glasradh na
crann, geamhar na luibh aitinn na eile do seocadh gach ní go nach
raibhe féur for talamh ar feadh na bliadhna et do mheadh potátaidh


L. 38


agus toradh gárruidh re ar tugadh gortadh agus cruatan ar feadh na críche
go huile. Bá ceardain agus saothruidhibh oile gan obair gan chiste gan lón
... (NLI G198:301).



Mar is feasach mé féin, do chonairc deighirc laothamhuil Gaill agus
Gaedhil do bhochtáin Átha Cliath agus na gcríoch coimhneas óir tugadar
go deontach ór agus airgead, min agus gual re cothughadh truagháin gan
fhéachaint do Protastún ná Páipis acht do réir a chéile agus tug
feilmeoiribh cead sceachadh a gcloidheachadh do ghearra agus do
losgadh. Ó carrannacht os gach carranacht (NLI G135:28).



Cuir na buachaillídh díomhaoin laímh re Loch Garmann fios go
gráiséir dos na Smiocach fa deighin ceithre domhain ria a mbiadha agus
dá puint déag d'airgead dóibh dar dhiúlt. Ann sin tugaid cuairt air ag
tabhairt dá dhamh déag dá bhuar riugh. Agus iar a marbhadh dóibh cuirid
a ngeir agus a seathachadh chuige ag rádh ris dá naontadh triall 'na
nochum go ndálfadaois fleith Nodlacha ró maith dó.



1739 Novbr. Do loisgeadh meeting-hoús na Quakers a tToigh Ma
Chuach a gcontae Chille Dara, tréar dearna bráighibh do naoi
bhfhearaibh déag do na Papists, noch do fridhe neimhchiontach tré ar
saora iad a gúirt in Náis. Agus in lá roimhe a ttriathail do tugadh
crochadóir Átha Cliath gus in Nás, agus naoi ttéadaibh déag chum
crochadh na mbráighibh bochta sin ar a raibhe morghárda
saigheaduiribh gus a saora. Agus do dhearbhath bean in Quaker dar loisge
a seapodh oibre agus an tiogh thuas go raibhe a fear féin trí lá ag
athrughadh gach a raibhe do mhaoin, éadach is éadáil is na toighibh
sin. Agus ann sin gur ghlac na toighibh sin tine, agus gur sin a raibhe
dfios


L. 39


aice féin, ar loisgeadh na tteach sin. Cosmhuil mar so gurab é an
Quaker féin chuir tine a ttóin, re go ndéanfadh an chuid eile díobh é
féin suas arís, dar measa a bheith bristeadh (NLI G135:22).



1727 San bhliadhuin so do cuire iomad Gaedhil san ngeata nuadh a
nÁth Cliath tré a mbeith fágáil na críche re fághail beathadh san
bhfairge ar beith do Éirinn gan cheard, gan obair, gan daonnacht agus do
coinge a ndaoirsi iad gan choiste do chur orra go bhfuair a nurmhór
bás don ghorta san daorbhoth gcéadna agus so uile ar son an Phretender,
bhí an tan so a gcathair Avignon san gcríoch gcéadna déis a
dheoruigheacht san Róimh. Och a Dhia, is bocht an riocht so gan cead
a choisi ag duine re é féin do chothughadh agus má ghoidean bu sealán
a chríoch (TCD 1361:528).



1653 Sep. 26. Nois ar mbeith do gach ní do réir mianadh ag Clann
Chrumuil do suighe feis riú in Áth Cliath agus do hachtaid an
transplantasion .i. Gaoidhil uile do shocrughadh a gConnachtaibh agus bás
do imirt for gach díobh d'fhilliugh as go bráth. Bhádar fón daoirse so go
ríghe in dara Séarlus ... (NLI G198:276).


L. 40


A naimsir Chromuill air mbeith do Ghaodhuluibh dá gcaomhnadh a
moigh beag idir dhá mhonuigh a bParráiste - a gContae na Midhe dá
ngorthaoi Pláis Móire tug Riobiort Lil arm Galda Átha Truim chum
an Phláis agus níor fága fear bean ná leannabh gan chur cum báis do
Ghaodhuluibh agus ba hé a rádh san lá céadna "Is maith an plás feola Plás
Mhóire aniu" is a lámha agus a ghnúis nó a dheilbh smearrthuidh da fhuil
Ghaoidhil (NLI G132:53).



1726 Bealltuin 28 a gContae na Midhe a nDruim Bern do bhí aon do
chlann Cromuil mac dílis Chailvin ar oilén beag ag ithe agus ag ól a
bhfochair dronge don tsliocht thuas agus a lár a súgaidh re gach sláinte
dá rígh Seorse agus dá bhunamh do scaoiltídh scuaid do ghunnuídh
beagadh práis bhí san áit re caitheamh aimsire; agus ba toil re Dia
tóirneach bhorb agus teintreach do bheith san áit tré a ndubhairt an fear
shuas dar bh'ainim Woodwort ag toirbhiort a anama don diabhal go
ndéanadh féin comór re toirneach Dé ... agus amhluidh sin fuair bás ...
(NLI G132:91).



An aimsir Chromuill do brathadh an tAthair Aodh Ua Muiridh agus
fuireann cliar bhá na fhochair ... (TCD 1361:525).




Clann Chromuill sompla air so,
chuir caor loiscne ar lasadh,
lear loiteadh ríoghacht na rígh
is chuir uaisleacht i ndimbhrígh ...



A Dé dhil léara go luath,
saor Éire ón daoscarshluagh.


L. 41


So m'aisce don aicme fhuathaím féin:
bheith 'na seasamh in aimirne buanchlaoite
práinneach easbhach i gcaidreamh brúitídh bréan
gnáthbhocht ailpirneach gan faice acht uaill saobh saoil (NLI G135:5)




1714 Jun. 30. Do cuire iomad crosa a gcuim oidhche for dhorsuibh
toighibh in Áth Cliath, crosa deargadh for dhorsaibh lucht in team-
puill agus crosa bána for dhorsaibh Catoilicibh ... ní raibh oidhche gan
Gaill armáltadh 'na mbuidhuibh ag marcuidheacht ó bhaile go baile
go nár léig eagladh do Ghaedhul a cheann do chur amach as a chródh
a gcuim oidhche ar aonchur (NLI G198:296-7).



1726. Iún 2. Cuireadh (i) leith Gaoidhil an Áth Cliath gur sheanmóir
aon dá neagluisibh, an puball do éirghe re scornachuibh Gaill do
ghearra et gach aon díobh do dhúnmharbhadh, agus dá dhearbhadh so,
do ba he téx an Eagluisigh do rinn an tseanmóir, Esechial an 9. caib.
6 vérsa mara nabair. Marbhuidh thríd amach sen agus óg idir chailín agas
leanbadh ógadh agus mnáibh. Ní raibhe Corcadh, Cionnsáile agus áitibh
oile san gcríoch gan an chumadóireacht céadna eadtorra a modh go raibhe
gach Gall a glanadh a ghunnadh agus dá innioll féin ré íad féin do
chaomhnadh ar na fuilteach fiata barrborra Gaodhuldha mar a
dubhradar na Gaill féin. Is breaghadh an riocht a raibhe Gaoidhil an
tan so ris an dúnmharbhadh Gaillsi do dhéanamh óir ní raibhe aon do
Ghaodhuluibh gan bhatadh re claoidhe fear cloidhiomh, gunnadh,
pistiol agus pilléir (NLI G132:92).



1726. Belt 21. Áth Cliath. Do cumadh ar na Gaodhuluibh gur sean-
móra díobh luighe síos ar chlanna Gall agus a ndúnmharbhadh go huile
. . . Mar do mheas Gaoidhil, ní raibhe san gcumadóireacht so acht re
fáth do bheith acu, na d'fhaghail re luighe síos ar Ghaodhaluibh dá
ndúnmharbhadh (TCD 1361:521).


L. 42


1727. Duibhlinn. Fuidcheardáin an bhaile si (gidh Catoilicibh a nur-
mhór) cruinnighid 'na gcorpaibh: na táiliúiribh lá fhéil Séam,
spínéiribh nó sníodhchánaibh lá fhéil Geibhíll Pheadair, bácaeiribh lá
céad' fhéil Muire san bhFoghmhar, na gréasáin leathanadh lá fhéil
Parthalóin agus níl drong díobh sin dá naontadh féin nach néiste seanmoir
Gallda a tteampoll éigin agus duais a sheanmóradh don mhinistir ba hé
uile a ttoil so líon le Protestaint do deanamh díobh fo ainm na
cathrannacht (TCD 1361:527).



tig an tseanmóir shuas go fíre a naghaidh gailleaspuig rear ttearna
seanmóir san ló céadna a tteampoll San Caitrín in Áth Cliath, mar a
bhfuair cognamh mór airgid ó a phupall re sgolluigheacht do phronn-
adh ar dhíleachtaibh agus ar dhearóilibh Catoiliceadh re go séanadaois go
bráth sean creideamh mhic Calphuirn ionar seoladh a sinnsear a ttós
Críostamhlacht in innis Éireann (KIL 20:203-19).



Ar bhás agus crochadh in Trialluigh sagart-ghabhálach. Tadhg Ó Neach-
tain. cct. ag labhairt ris a gcroich:




Rath do thoradh ort a chrainn,
rath do thoradh for gach crann,
trua nach bhfuil crainn Inse Fáil
trom dod thoradh gach n-aon lá (NLI G135:185).


L. 43


Ar mbeith do mhaighistir Swan Sasanach mór ó Fhine Ghall láimh re
hÁth Cliath 'na fhiadhnuisi a naghaidh lucht an Phretender .i. an
Tagarach (bhí ar deoruígheacht san Iottáille an tan so) a gCill
Mhaighneann lá an tseisiúin, dubhairt an comhairleach fileatadh
Gearóid a Búrc gan staidéir:



Among those owls of the night
Now a Swan tho' not white,
An evidence that swore fast and loose.
But if birds of a feather
Do still flock together
You'll find that Mr. Swan is a goose (TCD 1361:22).




Sinsireacht na Stuart.
Séarlus Eduird do rugadh a ndeoruigheacht san Róimh October 31
san bhliadhain 1720 agus a dhearbhráthair Éinrígh Benedict Eduird
Alfread Levis Tomas do rugadh Feabhradh 24, 1725. Clann Shéamuis
an Tagarach re Maria Clementina ingean Shéamuis Sobiesci Prionnsa
a bPoland,
mac Shéamuis rígh na Briotaine Móire,
mac Séarluis rígh do dícheannadh,
mac Séamuis céad rígh Scuit a Sasana ... (RIA 24 P 41 b:127).


L. 44



Mar do reic Iúdas Críost
Albanaigh a rí do reic;
Iúdas a thighearna Dia,
Albanaigh a dtriath gan cheilt ... (TCD 1361:65).




1689. Nov. 24. Do marbhadh iliomad Gaill idir Úir Chinn Trághadh
agus Dún Dealgan agus do dhearcas féin tigh othair san mbealach idir an dá
áit 'na chaor thinntridhe líontadh do lucht othair Gaill féin mar dear-
bhadh dhamh agus sin ar eagladh a mbeith muiríneach don arm. Ó barb-
arach tar gach barbaracht luaithre do dhéanamh do créatúirídh
bochtadh éagcruadh (NLI G198:283-4).



1691. Aug. 11 ... Is beag baile nach raibh cinn for spícidh ionntadh
... óir conarcas féin cinn beir buachaillídh beagadh aon díobh anaois


L. 45


12 bliadhuin agus a fear eile 16 bliadhna do dícheanna re Roger
Williams muilleoir baile na mBeannacht a gContae Chill Mantáin et fós
sé cinn déag sgológ agus saothruidhe ro bhá láimh re ais tobar Eoin Baiste
a gContae na Mídhe ... (NLI G198:287).



A Thighearna do chonairc tú an íosbuirt so for Ghaoidhil bochta gan
cuim ag sagart ná bráthair uasal nó ísiol acht iad uile fó aondhaoirse
dá gcreachadh dá slad et dá marbhadh mar do sheasadar ar son an
cheirt et in rígh do hoirnidhe forradh. Do chualaidh mo chluasa féin
aon do Ghaill Éireann ag rádh, gur budh hé féin dia beag na háite sin
agus (go) gcaithfidh a thoil do dheanamh agus so ag éigniughadh Gaoidhil
cum oibre dó. A nglór coitcheann, a fonodhad for Gaoidhil ag rádh
"cia bhfuil Muire na súl mór anois nach gcabhruighean sí sibh" ...
(NLI G198:290).




Mo dhíthse go n-éagad mo léan is mo chrá
sé díbirt na cléire gan réiteach tar sáil ...
Díbirt is fuadradh luathscrios is léan,
ar mhaoin, ar chuallacht, ar bhuallach, ar thréad
na ndaoine tá ag fuagradh 's ag ruagan an té
is rí ceart ó dhualgas 's ón uaisle darb é.



Is é sin Séamas mac Shéamais an saoi,
gealáilléan na scéimhe, lámh éachtach i ngníomh,
lánghrá fhear nÉireann, dá ngéillid mar rí
is tá díreach ceart dílis gan staonadh ar a thaobh ... (NLI G135:84).


L. 46



Agus mar ba híad an cine Iúdaighe clann Dé ... gur tuga leaga an-
mhór dhóibh nár tuga do dhrong ar bhioth oile acht dona Gaodhuil
amháin ... óir d'imigh a gcreideamh agus a ndúthchas uatha agus gí gur
imigh a ndúthchas ó chlanna Gaodhuil, tá a gcreideamh ar marthuinn
acu ... Uime so is féidir a rádh riú gurab íad puball todhbha Dé íad
(ibid., 13).



Agus go bhfaiceam Teamhair na Ríogh gan




Alt riabhach bhodach bhoicht
ag gearra goirt ar a druim,




agus clanna ríogh agus ró-fhlathuibh Gaodhuil san mbith gcéadna do bhí a
sinsear ... Agus arís, a Dhia mhóir na Glóire, goir abhaile chum
dúthchais a sinnsir do chlann dhílis Ghaodhuldha atá 'na ndiasacha
fia agus 'na gcoirce fhíathain fo cheithre rannuibh na cruinne; agus
eachtrannuibh atá ag ithe go súgach allus agus dleacht a ndíarsma deireoil
atá go fóill a ndaor-bhruid, tabhair luach a gcroidhe, a ngníomha agus a
mbriathar dhóibh - ag sin go prap. Amen. (ibid., 15).


L. 47


ó Éirinn chuaidh Cruinneachuibh .i. Pictibh, don chríoch, agus 'na
dhiaigh sin Fearghus Mór mhac Earca, taoiseach Dál Riada, rear
gabha agus ar sealbha áird-iathibh na críche; agus is dá shliocht ríoghuidh
na Bpriotainne aniu ... agus is follus don chruinne gur fuireann chródha
lucht na críche si (ibid., 33).



An bhfuair an rígh so dó féin agus dá shliocht dleacht leigheas an tinnis
dá ngoirthear King's Evil?



Do fuair; agus atá na buadha céanna ó shoin a leith ag Rígh Sasana, más
oighre dílis é (ibid., 25).


L. 48


1714 Aug. 6. Ráinig Áth Cliath tásg báis bainríoghain Annadh agus do
fuagradh Seorsa 'na rígh (NLI G198:297).



1714 Jun. 26. Do roinneadh ceathramhnadh do Eoin Ó Raghalluidh,
Alastran a Búrc agus Máirtín Ó Cearbhuill ar son an Pretender
(ibid.,).



Áth Cliath Dia Sathurn Dec. 18. 1725
Nuadhuigheacht
Róimh Nov. 14. Ní thochtann an Pápa Benedict oidhche nó lá ó
throsga crádhbhadh nó urnuighthe acht ag gnáithbhreathnughadh
dísbeagadh neamharthannuidh an tsaoghuil si; agus gi beith dó corra agus
76 bliadhuin daois tug éisteacht bháidheamhuil don treas Séamus rígh
Sacson bhí ar deoruigheacht san Róimh fon amso agus do theagasg
é re briathraibh caoin agá aisge bheith foighideach a nannródhaibh,
agus na dhiaighsin glacan oighre an tSéamuis suas idir a ghéaga re
áilgeas cumainn agá bheannughadh agus agá rádh ris: "Go ndéana an
tigearna coidheagna codhchródha re hathair tú agus go dtugadh
riaghlughadh cumann dísleacht agus cneastacht do shinnsear dhuit"
... Seorsa Falcnar an clodhuighthe (RIA 24 P 41:221).


L. 49


1726 Iúil 6. Do roinneadh ceathramhnadh maille rena innmhe do
losgadh do Magnus Ó Nuathláin an Áth Cliath tré beith dó . . . ag
seoladh soighidiúiribh nuadha tar sáile chum an Pretender .i. an
Tagarach bhí fón ama so ar deoruigheacht san Róimh agus fo an am
ionnar fhuiling an bráighe bocht so bás (gi go raibhe an lá gríangharr-
tha roimhe) do thuit druillionnadh tintridhe maille re tóirneach
uathbhásach le ar leagadh toiteachán nó similéad a ttoigh láimh re
Bludi Bridg a nÁth Cliath, agus dá éisi sin táinig nó do feara an cith
fearranna is uathbhásuidh dá bhfacadh misi riamh, óir do fearadh an cith
amhuil dá ttuiteadh abhuinn a gcríathar nó a gcoinnéan
(NLI G132:104).



1727. Jun. 19. Áth Cliath. Nuadhuidheacht ó Londuin a gcathair
Osnaburg. Jun 14. Fuair an chéad Seorsa rígh Sacson bás ionna
príomhport Hannover go tobann is é anois 68 do bhliadhna agus do
fuagradh a mhac an dara Seorsa 'na rígh. An 20 lá annso bhí Tadhg
Ua Neachtuin, Uiliam Aeirs agus fidhche eile mar aon riu idir Binn
Éadair agus Bulog nó Dalcaidh san muir ag iascaireacht agus ag
marbhadh éanlaidh a noiléan Dalcaidh (TCD 1361:524).


L. 50


1728 Febh. in 3 lá do leagadh in chéad chloch san taobh dheas nó a
ndeisciort feasloinn, Átha Cliath agus sin leis a bfosaoghlann Eoin
Carteret re ar cuireadh dá bhonn airgid nó fighirdealbhadh in 2
Seoirse rígh is a riaghain Carolín a gcuaismheadhoin na cloiche agus
leac dhumha mar folach air ris an iairscríbhinn so Serenissimus et Poten-
tissimus rex Georgius Secundus ... (KIL 20:184).



Bladar Thaidhg Uí Neachtain ar n-aithfhilleadh an taoisigh suas go
hÉirinn a Sacsaibh 'na ardthaoiseach uile na críche:


L. 51



So an bhaintreabhach 's an naoidhin fann,
So an tuirseach 's an t-anbhfhann,
So an bráighe, an daorsach docht
Ag cur fáilte ria fear a bhfurtacht.



So na huaisle, so an chliar
agus so na huile d'aoinmhian;
dod fháiltiughadh a bhile Banbha
go clár Fódhla an fhóid algadh . . .



Dia leat a thriathfhlaith aicme Gaeil mhóir,
Dia leat i mbliana 's feadh do shaoil fós,
Dia leat a fhialshearc Cataret caomh Eoin,
Dia leat is tiarnas seal a bhír beo


L. 52



1739 Jul. 15. Táinig ordughadh rígh Sasan go hÉirinn an aghaidh
Spáinnibh (TCD 1361:11).



At Cliath
1739 Ocbr. 30 Re hórdughadh an darra Seorsa rígh Sacson do
fuagradh cogadh for in Spáinn in Áth Cliath.



An naoichidh 12 Dia Luain Áth Cliath. Do ghabh cúig longa Maltaois
ceithre longa Sasanach ag triall ón Morea. Ghabh na Spáinibh an long
Stubington ionna slighe go Sasana. Do gabha an long Sasanach .i.
Britania mar an gcéadhna. Do ghabhadar fós an long .i. Uiliam agus
Máire ó Nuafondland. Do ghabhadar mar an gcéadna an long
Aurora. Gabhadar fós mar aon riu sin thuas sé longa oile. Do ghabh
Sasana dá long Spaineach ró shaidhbhir, agus long oile ...
(NLI G135:20).



1739/40. Feb. 27. Ghabh na Spáinibh na longa Sussana, City, Pas
Gharden agus an Dispatch (ibid., 28).




Ar mbeith ag fuagradh cogadh naghaidh na Spáinnibh do lucht
Dhurlais do mhéadughadh an chaithréim cuirid teine a ttóin séipéil


L. 53


san bhaile, ag déanamh luaithre de mar aon ris an altóir, culadh an
tsagairt, agus gach ní eile ro bha ann idir corp naomhtha cailís agus eile
(ibid., 21).



1746. Ocbr a seachtughadh lá Diardaoin. Ní raibh turtach ná tineolcaí
inn Áth Cliath gan líonadh ag breith bhuidhe ionna mbuadha for
Scot-Ghaoidhil san bhliadhuin so (NLI G198:302).




Tairngire Thaidhg Uí Neachtain:



San Nollaig caogad seacht gcéad
is míle ní hiomarbhréag,
coimhlíontar go cóir mo rá
mar dhearbhas laoi is leabhra . . .


L. 54



Ar mbeith do Dhiarmuid Caomhánach agus do Gearalt Ua Bruin ar
déoruigheacht a ndiamhar coillteibh, sléibhte agus cúrruidh an tan do
feannadh as a ndúthadh iad, dubhairt an Chailleach Mheanntánach




Codla gan tsuan gan tsástacht
do ní mo ghrádhsa Diarmuid
i ngleannta dorcha fásaigh
is clanna Gall dá iarraidh....



Ógh is aingil is aspstal libh,
fada tá sinn dá iarradh;
díbirt ar na Sasanaigh,
leor a bhfad i dtighearnas (TCD 1361:22).



Buidheach Diarmaid 's is buidheach Tadhg
dhíbh agus slán a Phóil chléibh,
ar th'aisce go dtig tar toinn
oighre an fhoinn, ua na Séam. . . .



Meadhair is macnas i dtalamh iath Éireann,
is Gaill dá leadradh ag lanna 's gaoi Ghaelaibh,
Tadhg na sheasamh 's a chlaíomh go ríréimeach,
is Diarmaid ag cascairt aicme an bhaothBhéarla ... (TCD 1361:70).


L. 55


Dia mo dhíon is mo láthar lonn
neart namhad re sméid slaodann,
saorfaidh sé an tan bhus tráth,
ó bhroid an bhean bhocht Banbha ...



An codladh dhuit a Bhanba bháin ... (RIA 24 P 41b:131).



Éirghe, éirghe a bhuime Dé dhil ...
Éirghe, éirghe, go tapaidh éirghe
is fóirse Éire a ógh na n-ógh ... (TCD 1361:221).




Eolchaire an Ghaoidhil do réir Jer. fáidh: Coimhne a thiarna créad a
gcaoi ... (TCD 1361:121).




A Dhia mhóir dá n-umhlaím,
is trua géar ár gcúrsaí ... (NLI G198:248).



Fada liom uaim go deimhin do chuaird
a leinbh dhil stuama chráifeach,
nach dtagair fá bhruach, dár bhfurtacht go luath,
ón bhfine nár dhual bheith láimh linn ...



Táid uile neimhthréan, gan focal 'na mbéal,
á mbocadh ó thaobh gach báire,
's gan chuir ar a dtaobh ach a n-urraim do Shéam
ag gnáthghuí bheith séanmhar láidir.



Ó thuigir an fáth fá bhfuilid dá gcrá
Muire taoi lán de dhaonnacht,
furtaigh a gcás, le cumas do lámh
is torcair gan spás gach éirceach (NLI G135:155).


L. 56


Seo dhaoibh sláinte Mhagaí Lauder
ler mian grá a críche
is ní bhfuil áit ón Rút go Máigh
nach bhfuil san tsláinte chéanna ...



Líon an scála, seo dhaoibh sláinte
Ultaigh dhána is Muimhnigh,
sláinte Laighneach, an lucht meidhreach
is Connacht na maighdean sciamhach;
lion an cháta leis an scála
a mbreall go hard ar dhaoithibh,
ler mian Éire claoite go héigceart
a Dhia, bí tréan le Gaelaibh ...



Ar feadh na hEorpa fáilte
go raibh roimh Sheoirse cátach
is andúil liom
anfhlaith nar chrom
fo smacht neamhchumtha an Phápa ...



Léimimid suas a chairde
's ólamaois cuach fo shláinte
an rí dar chóir dúinn
stríocadh dhó
's nár spíogadh fós go dtrásta.



Don oidhre is ceart ó shinsir
a Dhé na bhfeart, déan Impir
ar Bhreatain bháin
gan reacht, gan rán
scath go tráth an Pretender ...


L. 57


Sláinte na rua rua rua,
sláinte na rua ríoga,
sláinte na rua luaimneach luath
bhá i dtuar do Ghaelaibh.



A Thaidhg, a Sheáin, Diarmaid thráth,
bígí grámhar dílis;
so an lá bhá dhíbh i dtár
a aicme bhreá Míle;
so an t-am do Ghaeil fann
bheith go teann bríomhar,
airgead, ór, síoda, sról
leann is beoir a gcíosa.



Corn is cuach gus an mbruach
ibhidh suas go cíocrach,
bígí súgach meidhreach lúfar
óir so chugainn ár saoirse ...


L. 58


Sláinte an mhaoir tá re cian
do ghrá Chríost 'na dheorach,
sláinte an choiligh an chóirchreidimh
's an róis lileach lóghmhar ...



Sláinte na rua rua rua,
sláinte na rua ríoga,
sláinte na rua luaimneach luath
bhá i dtuar do Ghaelaibh (NLI G135:16).


L. 59


1714 Jun. 26. Do roinneadh ceathramhnadh do Eoin Ó Raghalluidh,
Alastran a Búrc agus Máirtin Ó Cearbhuill ar son an Pretender
(NLI G198:297).



1726 Iún 7. Do gabhadh ar chaladh Átha Cliath Brian Caomhánach,
Donnchadh Ó Cothbhuidh, Séamus Ó Láimhe, Matha Brún, Eoin
Hurleidh, Pádruic Ó Dubhagán píobuire, Pádruic Ó Cíonán, Séamus
Ó Dubhghail, Eoin Frenc, Matha Ó Dubhagán tré a mbeith ag dul
tar sáile re cathaibh Gaodhuil san bhFhraingc do líona nó do
mhéadughadh (NLI G132:115).



1726 Iúil 6. Do roinneadh ceathramhnadh maille rena innmhe do
losgadh do Magnus Ó Nuathláin an Áth Cliath tré beith dó ... ag
seoladh soighidiúiribh nuadha tar sáile chum an Pretender .i. an
Tagarach bhí fón ama so ar deoruigheacht san Róimh ...
(NLI G132:104).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services