Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimh. 3. [7]. Nodlaig, 1921

Title
Uimh. 3. [7]. Nodlaig, 1921
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1921
Publisher
Comhlucht na Firinne Catoilicighe

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SÍOLADÓIR



Ioml. II. Uimh. 3. [7]. NODLAIG, 1921. Leath-choróin a luach.



CLÁR.



CRÍOST MAC DÉ. CAIBIDIOL I.
An t-Athair Peadar Ó Laoghaire.



AN FHEIS, AN DÁIL, & AN t-AONACH I n-ÉIRINN.
An t-Athair Micheál Ó Foirchear, Ph.D.



PELÁGIUS, AIRDEIRCEACH — CÁ RUGADH É?
An t-Ath. M. Mag Craith, C.Í.



BOSGA NA LEITREACH. Sgéal ó'n bhFrainncis.
Cormac Ó Cadhlaigh, M.E., d'aistrigh.



SEANMÓIN AR RÍOCHT DÉ.
An t-Ath. L. Ó h-Uallacháin do sholáthair.



PÁPA NA RÓMHA (AMHRÁN).
An t-Athair Peadar Ó Laoghaire do chum.



DÁNTA, NÓTAÍ, &RL., &RL.


L. 106



L. 107


AN SÍOLADÓIR



Irisleabhar Chumainn na Sagart
n-Gaedhealach.



CREIDEAMH
TEANGA
TÍR



Le fághail ó:



COMHLUCHT NA FIRINNE CATOILICIGHE,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath.



Ar n-a chur i gcló ag



MUINTIR UÍ CHATHAIL, TEO.,
Céibh Úrmhumhan Íocht.,
Baile Átha Cliath.


L. 108


CLÁR AN IRISLEABHAIR SEO.



CRÍOST MAC DÉ. Chaib. I., An gheallamhaint.
An t-Athair Peadar Ó Laoghaire, S.P., Canónach … 109



AN FHEIS, AN DÁIL, AGUS AN t-AONACH I n-ÉIRINN.
An t-Athair Micheál Ó Foirchear, Ph.D., Mágh Nuadhat … 117



PELÁGIUS, AIRDEIRCEACH — CÁ RUGADH É? An t-Ath. M.
Mag Craith, C.Í. … 121



CNAMHA GAN FEOIL: Neamhshuim ag an óige dá cuir i nDia … 125



BOSGA NA LEITREACH (Sgéal). C. Ó Cadhlaigh, M.E.,
d'aistrigh … 126



BUIDHE NA h-ÉIREANN LEIS AN MUIGHDIN MUIRE. M.
Mag Craith, C.Í. … 131



SEANMÓIN AR RÍOCHT DÉ. An t-Ath. L. Ó h-Uallacháin do
sholáthair … 132



CUSTOS, QUID DE NOCTE? CÚRAM NA n-ANMANN — II.
Donnchadh Ó Loingsigh d'aistrigh … 136



OIDE MÚINTE NA mBOCHT — III. An t-Ath. L. Ó h-Uallacháin 139



AMHRÁN: PÁPA NA RÓMHA. An t-Athair Peadar do chum … 140



CÉASTA ÁR SLÁNUIGHTHEÓRA. An t-Ath. S. Sionnaigh … 141



SEANMÓIN AR AONDACHT NA h-EAGLAISE. An t-Ath. S.
Ó Loingsigh … 142



DÁN DIADHA. An t-Ath. S. Ó Loingsigh … 146



NÓTAÍ … 147



NÓBHÍNA LE h-AGHAIDH LAE 'LE MUIRE MÓIRE 'SA
bhFÓGHMHAR … 155



A MHUIRE MHEIDHRIGH! Seán Ó Murchadha do bhailigh … 158



LÉIR-MHEAS AR LEABHAIR:—



The Principles of Freedom. T. Mac Suibhne, T.D. … 159



Ceólta Óméith. Lorcán Ua Muireadhaigh, S.O. … 159



Introduction to Studies in Modern Irish. An t-Ath. G.
Ó Nualláin … 160



The Mellifont Press Series … 161



LUSTRA DECEM CELEBRAS! An t-Ath. N. Ó Braonáin,
C.S.Sp. … 163



PAIDIR AN SCABAIL. An t-Ath. L. Ó Muireadhaigh
do chruinnigh … 164



ÁR gCÁIRDE … 166



Nibil Obstat:



GUL. LANDERS,
Censor Theol. Dep.



Imprimi Potest:



EDUARDUS,
Archiep. Dublini, Hib. Prim.
Dublini, 1 Decembris, 1921.



Curtar adhbhar liteardha ag triall ar an Eagarthóir, An t-Athair
R. Pléimionn, D.Ph., S.O., Sreath an Iarthair, 47, Áth Cliath.



Curtar airgead (síntús 10/- an bhlian, glan) ag triall ar an
mBainisteóir, Sráid Uinsionn Thuaidh, 7, Áth Cliath.


L. 109


AN SÍOLADÓIR



Iml. II. — Uimh. III. NODLAIG, 1921.



CRÍOST MAC DÉ.



An t-Athair Peadar Ó Laoghaire, Canónach, do scríobh.



[Fógarthar gach ceart ar cosnamh.]



Caibidiol a h-Aon.



An gheallamhaint.



Do chruthuigh Dia an bheirt, ár gcéad athair agus ar gcéad
mháthair, agus chuir sé i ngáirdín Parathais iad. Thug sé ciall dóibh
agus tuisgint, agus thug sé dhóibh saor-thoil. Ansan, i dtreo nár
bh'foláir an saor-thoil sin a bheith umhal dó féinidh, thug-sé aon aithne
amháin dóibh. Dubhairt sé leo go raibh ceaduighthe dhóibh torthaí na
gcrann go léir do chaitheamh mar bhia, lasmuich de thoradh aon chrainn
amháin, eadhon, crann eóluis uilc agus maitheasa. Agus dubhairt
sé leo gan ithe de thoradh an chrainn sin, nó dá n-ithidís de thoradh an
chrainn sin go bhfaghaidís bás.



Ach do chonaic an annsprid an bheirt sa gháirdín agus iad i
n-aoibhneas. Tháinig fuath nimhneach aige dhóibh; fuath fíochmhar, agus
do bheartuigh sé an t-aoibhneas do lot. Bhí aoibhneas thar bárr aige
féin go dtí gur loit peaca an uabhair an t-aoibhneas air. Dar leis
do dhéanfadh brise na h-aithne úd a chuir Dia ortha lot an aoibhnis
do'n bheirt sin. Tá fuath nách fuiriste dhúinne a thuisgint ag an
annsprid do Dhia na glóire. Dá bhféadadh sé an bheirt sin do
mhealladh chun na h-aithne a cuireadh ortha do bhrise, do thiocfadh ortha
an bás a gheall Dia dhóibh. Ní bheadh aon dul ó'n mbás san acu,
dar leis. Bheadh an peaca déanta acu agus chuirfeadh an peaca
san síos go h-ifreann id láithreach, fé mar a chuir peaca an uabhair
síos go h-ifreann é féin chómh tapaidh le splannc. Ansan, dar leis,
bheadh lot nár bh'fhéidir a leigheas déanta ar obair na seacht lá, ar
chruithniú an domhain ar fad, mar is ar son an duine a deineadh an
obair go léir, agus nuair a bheadh an lot gan leigheas déanta ar
an nduine, bheadh lot gan leigheas déanta ar an obair go léir, agus
bheadh sásamh sa lot san do'n fhuath a bhí ag an annsprid do Dhia na
glóire.


L. 110


Ach dhein an annsprid dearmhad. Do chuir peaca an uabhair é
féinidh síos go n-ifreann 'n-a splannc teine. Níor tugadh aon ré
aithrighe dhó. B'é Árdaingeal an tsoluis é sar ar thug sé toil do'n
uabhar. Bhí a thuisgint chómh glan san, chómh solusmhar san, go
bhfeacaidh sé go soiléir iomláine an uilc a bhí sa n-uabhar. Do
ghlac a chroidhe agus a aigne an t-olc san, i gcoinnibh Dé na Glóire,
le saor-thoil, le lán-toil, gan aon namhaid ghá mhealladh chun an
uilc sin do ghlacadh; gan aon namhaid ag cur an duibh 'n-a gheal air.
Do thuig sé an t-olc roim ré chómh maith díreach agus thuig sé 'n-a
dhiaidh san é. Ní bhfuair sé ré aithrighe, mar níor bh'fhéidir d'aon
ré aithrighe aon atharú a dhéanamh ar a aigne. Ní féidir dó a rádh,
“Dheineas dearmhad,” mar níor dhein sé aon dearmhad. Bhí fhios
aige go soiléir cad a bhí aige 'á dhéanamh. Ní féidir dó a rádh
“tá dólás croidhe orm,” mar ní'l aon dólás air mar gheall ar an
bpeaca a dhein sé. Tá a thoil ag gabháil leis an bpeaca anois,
agus riamh ó shin, chómh daingean agus ghaibh sí leis an bpeaca an chéad
neómat.



Dhein sé dearmhad, ámhthach, i dtaobh an duine. Níor chuir an
duine aon dúil sa pheaca go dtí gur mheall seisean é. D'á bhrígh
sin, d'fhéad an bhean a rádh, “Do meall an phiast mé agus d'itheas
toradh an chrainn.” Deir an Bíobla nuair a bhí an peaca déanta
acu gur “h-osgaladh súile na beirte.” Níor bh'fhéidir an focal
san do rádh i dtaobh an Áirseóra. Bhí a shúile chómh h-osgailte nuair
a bhí an peaca aige á dhéanamh agus a bhíodar nuair a bhí an peaca
déanta aige. Ní raibh aon mhallachar radhairc air roimis an bpeaca
ná i ndiaidh an pheaca. Dá bhrígh sin, fuair an duine rud ná féadfadh
seisean a dh'fhághail, eadhon, ré aithrighe.



Dhein an annsprid dearmhad eile. Do mheas sé, nuair a bheadh
an aithne a thug Dia do'n duine briste ag an nduine go mbeadh lot
nár bh'fhéidir a leigheas déanta ar an ndomhan go léir, agus ar an
nduine, i dteannta chéile. Ach bhí an leigheas beartuighthe ag Dia na
Glóire ó'n síoruidheacht. Dhein feall an áirseóra lot leunmhar ar
an nduine agus ar shliocht an duine, ach bhí leigheas beartuighthe ag
Dia ó'n síoruidheacht, leigheas a bhí aige féinidh le déanamh ar an
lot san, leigheas a thaisbeánfadh cómhacht Dé agus mór-mhaitheas Dé,
agus trócaire Dé, agus grádh Dé do'n duine, leigheas a bheadh ábalta
ar mhiosgais an áirseóra do chlaoidh; ní h-eadh ach ábalta ar a chur
fheuchaint ar mhiosgais an áirseóra glóire thabhairt do Dhia. Do
tugadh an níd sin le tuisgint do'n airseóir nuair a cuireadh an
easgaine air, agus nuair a dubhradh leis an focal so:—



“Brisfid AON de shliocht na mná so do cheann.”



Do tugadh breith ar an mnaoi féin agus chuir an bhreith sin brón
ar a croidhe. Agus do chuir an bhreith a tugadh ar an bhfear brón ar
a chroidhe. Ach do deineadh bogadh ar an mbrón dóibh. Dubradh leis
an bhfear go gcaithfeadh sé a bheatha do shaothrú le h-obair chruaidh,
agus dubhradh leis an mnaoi go gcaithfeadh sí bheith fé smacht an fhir.


L. 111


Do thug an chainnt sin le tusgint dóibh araon ná tiocfadh an bás
láithreach ortha. Do thuigeadar araon go dtiocfadh an t-AON úd ar
a sliocht agus go mbrisfeadh sé cómhact an namhad cealgaigh sin a
mheall chun an uilc iad le h-éitheach. Do chuir san áthas ana-mhór
ortha araon. Do thuigeadar gur le grádh dhóibh, agus le corp truagh
dhóibh, nár imir Dia an bhreith bháis ortha láithreach, gur thug sé ré
aithrighe dhóibh, agus gur thug sé dhóibh an gheallamhaint úd i dtaobh a
sleachta. Do thuigeadar go dtiocfadh ar a sliocht AON éigin a bheadh
cómhachtach a dhóithin chun gabháil de chosaibh i gcómhacht an áirseóra agus
an feall a bhí déanta aige ortha do dhíoghailt air i n-a lán-chúiteamh.



Níor deineadh aon bhogadh ar an easgaine do cuireadh ar an
namhaid. Agus tabhair fé ndeara an méid seo. D'fhiafraigh an
Tighearna de'n bheirt cad fé ndeara dhóibh an aithne do bhrise. Agus
d'éist an Tighearna le pé leathsgéal a thugadar uatha. Níor
fhiafruigh sé de'n áirseóir “Cad fé ndeara dhuit é dhéanamh?”
Agus níor thug an t-áirseoir aon iarracht ar aon leathsgéal a
thabhairt uaidh. Do ghlac sé, gan labhairt, an bhreith a tugadh air, an
bhreith a thug fearg an Uile-Chómhachtaigh air, an fhearg a mhúisgil
sé féin leis an uabhar, an fhearg úd a chaith anuas é ó'n áit ab aoirde
ins na flathais, agus do chuir teínte ifrinn ag lasadh n-a thimpal.
Nách uathbhásach an dróch-nídh an t-uabhar gur bh'fhéidir dó a leithéid
d'fhearg a mhúisgilt! Agus nách uathbhásach an rud an t-uabhar, nác
féidir do theíntibh ifrinn féin a chur fheuchaint air umhlú!



Go gcosanaidh Dia na glóire sinn ar uabhar, agus go dtugaidh
sé dhúinn grásta na h-umhluigheachta!



D'umhluigh ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair iad féin i
láthair Dé. Do cuireadh amach a' gáirdín Parathais iad, agus
b' éigean dóibh aghaidh a thabhairt ar shaothrú na talmhan chun bídh agus
éadaigh do sholáthar dóibh féin agus d'a gclainn. Do tháinig an
chlann agus d'fhásadar suas, agus b'éigean dóibh, fé mar fhásadar,
aghaidh a thabhairt, ar an gcuma gcéadna, ar an obair a bhainfeadh a
mbeatha as an dtalamh nú a h-aodhaireacht treud.



D'innis an chéad bheirt d'á gclainn an sgéal do léir, i dtaobh
gháirdín Parathais, agus i dtaobh na h-aithne, agus conus mar a
briseadh an aithne. Agus go mórmór do h-innseadh go cruinn, ó
shliocht go sliocht, conus mar a gheall Dia na glóire go dtiocfadh
an t-AON úd, ar shliocht na beirte, agus go mbhrisfadh sé ceann na
péiste úd a dhein an feall go léir; go leighisfadh an t-AON san an
díobháil a deineadh le brise na h-aithne. Do tháinig, le leamhnú
Dé, isteach sa tseanachas béil an smaoineamh go ndhéanfadh an t-AON
úd leorghníomh thar cheann na cine daona. Do chuimhnig daoine ar
an leorghníomh san nuair a mhairbh dritháir an dritháir eile; nuair a
mhairbh an cionntach an neamh-chionntach. Ar an gcuma san níor fágadh
an sgéal ag brath ar sheanachus béil ar fad. Do tugadh, ó am go
h-am, soluídí móra ar an gcuma 'n-a raibh an gheallamhaint le
comhlíonadh. Déarfadh cuid des na h-athaireachaibh naomhtha gur


L. 112


shamhaltas ar bhás an tSlánuightheóra gur bh'eadh bás Abeil. Agus
déarfidís, leis, gur shamhaltas ar an Slánuightheoir féinidh gurbh' eadh
Nóe, agus gur shamhaltas ar Eaglais Chríost gurbh' eadh an airc;
gur ceapadh an Eaglais chun na gCríostaidhthe bhreith saor ó pheacaíbh
an tsaoghail, fé mar a thug an airc roinnt daoine saor ó uisge na
díleann.



Táid na fáidhí go léir lán de thargaireachtaibh ghá innsint conus
a comhlíonfí an gheallamhaint, gur le fulag péine agus le fulag
cruadhtain, agus le bás a dh'fhulag fé tharcuisne, do chomhlíonfadh an
t-AON úd an gheallamhaint. Níor fhág Dia an t-eolus ar an
ngeallamhaint ag brath ar sheanachus béil ameasg daoine ó shliocht
go sliocht. Labhran Isáias fáidh ar pháis agus ar bhás an tSlánuigh-
theóra fé mar a labharfadh sé dá mbeadh sé ag feuchaint ar a pháis
agus ar a bhás.



Idir an dá nídh, seanachus béil na ndaoine agus targaireachtaí
na bhfáidhí, do cimeádadh eolus ar an ngeallamhaint aibidh go leor
ameasg clainne Israéil go dtí go raibh an cáirde fada caithte agus
go dtáinig an t-am fé dheire chun na geallamhna do chomhlíonadh.



Seo mar a bhí neithe suidhte i dtír na nIúdach nuair a tháinig an
t-AON san. Bhí fear gurbh' ainim dó Héród n-a rígh ar an dtír.
Mac ab eadh an Héród san do phriúnsa Iduméach gurbh' ainim dó
Antipater. Do phós Héród, mac Antipateir, ríogan gurbh' ainim
di Mariamne. Inghean ab eadh an ríogan san do Huircánus, an
t-árdshagart deirineach a bhí i gcathair Iérúsaleim de shliocht na
Macabéach. Bhí sé cheithre glúine anuas ó Mhatatias, athair na
Macabéach. Duin uasal oirdheirc thar na beartaibh ab eadh Matatias.
D'eirigh sé féin agus a chlann i gcoinnibh an ríogh Ghréagaigh a bhí ag
déanamh gach díthil chun na nIúdach a dh'iompáil chun págánachta na
nGréagach. Do bhuadar ar an rígh agus chimeádadar a gcreideamh
agus a ndlighthe féin d'á aimhdheoin. Nuair a fuair Matatias bás
do sheasaimh a mhac Iúdás n-a dhiaidh n-a cheann ar armáil na nIúdach.
Fear ana-thréan ab eadh é. Ar an bhfear san a tugadh Macabéach ar
dtúis mar shloinne. Do throid sé cathana móra i n-aghaidh namhad
a thíre agus do bhuaidh sé na cathana agus d'árduigh sé a chlú féin
agus clú na nIúdach ós comhair náisiún an domhain. Do thuit sé
agus d'eirigh dritháir dó n-a diaidh agus do lean sé an rian céadna.
Mar sin dóibh go dtí go raibh clann mhac Mhatatiais ídighthe. Bhí
náisiún na nIúdach láidir go maith um an dtacha san. Ansan do
thosnuigh meathlú ar theacht ar shliocht Mhatatiais agus ar náisiún na
nIúdac i n-aonfheacht. Nuair a dhruid sliocht na Macabéach amach
sa trímhadh glúin, agus thairis sin amach, bhíodar ag marbhú a chéile
chun uachtaránachta an náisiúin a bhaint d'á chéile, agus bhí an náisiún
n-a dhá chuid, Fairisínigh agus Sadducínigh, agus iad ag marbhú a
chéile, aicme acu ag gabháil le duine des na priúnsaíbh agus an
aicme eile ag gabháil leis an nduine eile. Huircánus agus
Aristobulus na h-ainimneacha a bhí ar an dá phriúnsa dheirineacha,


L. 113


agus bhí na Fairisínigh ag gabháil le Huircánus agus na Sadducínigh
ag gabháil le h-Aristobulus. Le Huircánus ab eadh an uachtaránacht,
nú an rígheacht, le ceart, mar b'é an mac ba shine é de'n bheirt.
Ach fear gan puinn misnigh ab eadh Huircánus, agus fear gan puinn
éirime aigne ab eadh é. Agus fear misneamhail cródha éirimeamhail
ab eadh Aristobulus, mar ba dhual dó bheith, ó bhí fuil na Macabéach
ann.



Bhí na Sadducínigh i bhfabhar do'n phriúnsa óg, Aristobulus, agus
bhíodar i gcoinnibh Huircánuis mar bhí fhios acu, dar leo, dá mbeadh
Huircánus 'n-a rígh nách aige bheadh an chómhacht ach ag na Fairisínigh.
Bhí na Fairisínigh i bhfabhar do Huircánus, mar bhí fhios acu dá mbeadh
sé i gcómhacht go bhféadfidis é chasadh chucha ar a méireanaibh. Ach bhí
fear de shliocht Ésau, fear Idúméach, an fear úd gurbh' ainim dó
Antipater, bhí sé n-á ghobhernóir ar Idúméa an uair sin, agus fear
ró-abalta, ró-dhoimhinn, ró-ghasta, ró-ghéarchúiseach ab eadh é. Bhí
seisin i bhfabhar do Huircánus mar bhí fhios aige dá mbeadh Huircánus
n-a rígh go bhféadfadh na Fairisínigh é chasadh ar a méireanaibh chucha,
agus bhí tuairim láidir aige go bhféadfadh sé féinidh, ansan, Huircánus
agus na Fairisínigh i n-aonfheacht do chasad chuige ar a mhéireanaibh.



Sin mar a thuit amach sa deire. Do glaodhadh isteach cómhacht
na Rómha chun an aighnis do shocarú idir an mbeirt drithár. Do
shocaruigh na Rómhánaigh an t-aighneas. Dheineadar sórd ríog de
Huircánus ach níor fhágadar puinn cómhachta aige. D'fhágadar an
Árdshagartacht aige. Pé cómhacht a bhí aige lasmuich de'n Árd-
shagartacht, agus san-Árdshagartacht féinidh, is ag na Fairisínigh a bhí
an chómhacht san. Agus bhí Antipater ábalta ar na Fairisínigh do
láimhseáil go glic.



Bhí inghean ag Huircánus agus Mariamne ab ainim di. Bhí mac
ag Antipater agus Héród ab ainim dó. Tar éis aimsire do phós
Héród Mariamne. Thug san sórd teidil n-a dhiaidh san do Héród
chun bheith n-a rígh ar na h-Iúdaigh. Marar Iúdach é féin, bhí gaol aige
leis na h-Iúdaigh, bíodh gur ghaol abhfad anonn é. Marar shíolruigh
sé ó Iácób do shíolruigh sé ó Ésau, ó dhritháir Iácóib. Agus b' shin
bean de shliocht na Macabéach pósta aige.



Bhí mac eile ag Antipater agus Phasaél ab ainim dó.



Má bhí na Rómhánaigh go maith chun na síothchána dhéanamh idir
chuid d'á gcómharsanaibh, ba mhaith an bhail ortha bheith go maith chuige.
Táinig gá acu féinidh leis an socarúchán. Do shocaruigh Pompéius
an t-aighneas ar dtúis idir Huircánus agus Aristobulus. Ní raibh
Aristobus sásta leis an socarú agus do cuireadh go dtí an Róimh é
n-a phriosúnach. Ar éigin a bhí an socarú san déanta ag Pompéius
nuair ab éigean dó iarracht a thabhairt ar ghnó leis féinidh do shocarú.
Bhí Iúlius Caesar tar éis tíortha fada fairsioga Ghailia do chur fé
n-a smacht. Cheap muinntir na Rómha gur dhein san ró-láidir é.
Chuireadar ceannrach air. Do bhris sé an cheannrach. Tháinig sé féin
agus Pompéius ar aghaidh a chéile i lár na Gréige ar mhachaire Pharsalia


L. 114


agus dá mhór-shluagh acu. Bhí an tsluagh ba mhó ag Pompéius, ach is ag
Caesar a bhí na fir ba chruadha. Do buadhadh ar Phompéius. Ansan
bhí cómhacht na Rómha ag Caesar n-a láimh féinidh. Dhein sé socarú
eile i dtír na nIúdach. Bhí sé ana bháidheamhail le Antipater. Dhein
sé aon rígheacht amháin de Phalestín agus de rígheacht Edoim agus
dhein sé gobhernóir ar an aon rígheacht amháin sin de'n priúnsa
Idúméach, d'Antipater.



Bhí beirt mhac ag Antipater, Héród úd ar ar tráchtadh agus mac
eile gurbh' ainim dó Phasaél Bhí an bheirt 'n-a gcongnamh ana-mhaith
aige chun a rígheachta do chimeád fé smacht. Chuir sé duine acu n-a
riaghaltóir ar Ghaililí agus an duine eile n-a riaghaltóir ar Iúdéa.
Ach an priúnsa úd de shliocht na Macabéach, an dritháir úd do
Huircánus, bhí sé mar a dubradh, 'n-a phriosúnach sa Róimh.
D'éaluidh sé as an bpríosún agus tháinig sé abhaile go tír na nIúdach.
Bhí beirt mhac aige, Alesander agus Antiganus. Do chruinnigh an
triúr armháil agus thugadar fé rígheacht a sínsear do bhaint amach.
Dhein Héród agus Phasaél gleic dhian 'n-a gcoinnibh. Do bhuadar
ar an mbeirt, deineadh príosúnach de Phasaél agus d'imir sé bás
air féinidh. D'éaluigh Héród as an dtír agus d'imthigh sé siar go
dtí cathair na Rómha, agus chuir sé a chás ós comhair na seanaide.
Dhein an tseanaid rí ar Iúdéa dhe. B'usa go mór, amhthach, é
dh'ainimniú 'n-a rígh 'ná an rígheacht a thabhairt dó. D'ainimnighdar
'n-a rígh ar Iúdéa é, ach bhí ortha cogadh fuilteach dhéanamh ar a shon i
dtír Iúdéa sar ar fhéadadar cómhacht ríogh a thabhairt isteach 'n-a láim
dó. Trí dheich a seacht de bhlianaibh roimh theacht an tSlánuighteora
iseadh dhein cómhacht na Rómha rí de'n Héród san ar thír Iúdéa.



Tíránach géarchúiseach miosgaiseach, droch-amhraistheach ab eadh é.
Níor bh'fhéidir leis aon tsuaineas a bheith ar a aigne aige an fhaid
ba dhoich leis a bhí aoinne de shliocht na Macabéach beo. Chuir sé chun
báis iad pé áit 'n-ar fhéad sé teacht suas leo. Macabéach, gan
amhras, ab eadh Huircánus, athair a chéile, athair Mhariamne. Tháinig
droch-amhras éigin aige air agus chuir sé chun báis é agus é n-a
sheanduine bhocht chríona chaithte. Tháinig droch-amhras aige ar
Mhariamne féinidh agus chuir sé chun báis í. Mar sin dóibh, chómh
tiugh agus tháinig an droch-amhras aige ortha agus gur fhéad sé greim
fhághail ortha. Bhí sgannradh ar gach aoinne roimis agus gach aoinne
ag déanamh a díchil chun dul ó n-a dhroch-amhras.



Ach bíodh go raibh gach aon rud aige 'á dhéanamh chun iríre (1) na
ndaoine do thuilleamh, bhí dúil mhalluighthe aige i ndeagh-chlú. Dhein
sé mórán maitheasa do'n tír le h-oibreachaibh a bhí tairbhtheach agus a
bhí áluinn, órnáideach, leis, i dtreo go ndéarfadh daoine gurbh' uasal
agus gurbh' fhóghanta an rí é. Ach má dubhairt aoinne an chainnt
sin is le h-eagla roimis adubhradh an chainnt. Agus má fhág aoinne
an chainnt gan rádh nuair ba cheart, agus go bhfuair an rí amach gur
fágadh gan rádh í, do díoladh as.



Do ghluais na blianta, trí dheich a seacht díobh, agus ní h-i


L. 115


bhfeabhas a bhí an pobul Eabhra ag dul i gcaitheamh na mblianta san
ach i n-olcas; creideamh ag meathlú; béasa fóghanta ag lagú; droch-
bhéasa ag neartú; eagla an ríogh ag cur eagla Dé ar neamhnídh.
Bíodh, ámhthach, go raibh san amhlaidh i dtaobh na coitchiantachta, bhí a
lán daoine naomhtha le fághail ameasg clainne Israéil. Bhí an
chomhairle mhór ar a dtugtí an t-Sanhedrím 'n-a suidhe i gcathair
Iérúsaleim. Sagairt agus sgríbhneoirí agus seanóirí iseadh bhíodh
n-a suidhe sa chomhairle sin. Isí an chomhairle sin a thugadh an bhreith
dheirineach ins gach cúis dlighe, an bhreith ná raibh gairm uaithe ná dul
uaithe. Isí an chomhairle sin a chuireadh i bhfeidhm na gnóthaí creidimh
a bhíodh le déanamh i dtaobh ídhbirtí agus i dtaobh na gceremóintí a
bhain le h-ídhbirtíbh agus le h-adhradh Dé.



Nuair a tugadh na Rómhánaigh isteach chun an choimhsgair a shocarú
idir an mbeirt drithár úd, Huircánus agus Aristobulus, an bheirt
mhac a bhí ag an mbanrighin Alesandra, do chuir an taoiseach
Rómhánach Gabinius an tSanhedrím fé chois. Nuair a bhuaidh Iúlius
Caesar ar Phompéius sa chath a troideadh eatartha ar mhachaire
Pharsalia, sa Ghréig, do cuireadh suas an tSanhedrím airís agus
do chimeád sí a h-úghdarás i gcathair Iérúsaleim go dtí gur thuit
an chathair sin le chómhacht na Rómhánach fé Thítus.



Nuair a tháinig Héród, mach Antipateir, i réim níor bh'fada go
raibh sé féinidh agus an tSanhedrím i gcoinnibh a chéile. Gan
amhras níor thaithn le Héród aon chruinniú daoine sa rígheacht a bheith
ábalta ar chur n-a choinnibh agus ar sheasamh n-a choinnibh. Mar sin
féin, bíodh gur dhein sé a lán smachtúcháin ar an Sanhedrím, níor
ídigh sé ar fad í. Ní fuiriste a thuisgint cad n-a thaobh nár dhein.
Isé is dóichighe go ndéanfadh mara mbeadh a fhios a bheith aige,
b'fhéidir, ná ceadóchadh na Rómhánaigh dó é dhéanamh. Pé sgéal é,
do mhair an tSanhedrím i gcaitheamh réime Héróid agus 'n-a dhiaidh.



Ach bíodh go raibh an míshásamh aigne idir Héród agus an
tSanhedrím, do dhein Héród neithe a bhí tairbhtheach do'n
tSanhedrím, agus ní h-ar mhaithe leis an Sanhedrím a dhein sé na
neithe sin ach chun oirdhearcais dó féinidh. Bhí sé go h-olc agus go
dian-olc ar shlightibh áirighthe ach ní raibh sé gan tréithe uaisle ann.
Bhí an droch-mhianach ann ó n-a shínsear, ó shliocht Ésau. Thug sé an
droch-mhianach san leis ó n-athair Antipater, ach thug sé rud eile
leis, ó n'athair, i dteannta an droch-mhianaigh, 'sé sin éirim aigne
chun forlámhais. Bhí sé cródha i gcath, doimhinn 'n-a mhachtnamh,
seasamhach sa rud a chuir sé roimis. Olcas an sgéil, ámhthach, b'ionan
san agus bheith seasamhach sa n-olc, mar isé an t-olc ba mhó ba ghnáth
leis a chur roimis. Bhí tréith fhóghanta eile ann pé ball n-a bhfuair
sé í. Bhí dúil mhór aige i n-áilneacht agus i n-uaisleacht tíortha agus
catharach. Bhí breitheamhntas ceart aige i dtaobh áilneachta de'n
tsórd san. Do thuig sé cad é an saghas oibreacha a chuirfadh, ar
bhaile bheag nú ar bhaile mhór, slacht agus maise agus breághthacht.
Thug sé aghaidh ar an saghas san oibreacha agus do dhein sé iad, ar


L. 116


fuid na tíre mórthimpal, ins na bailtibh beaga agus ins na bailtibh
móra, agus go mór mór i gcathair Iérúsaleim féinidh, agus níor
staon sé ó aon chosdas an fhaid fhéadfadh a inntileacht féin, agus
inntileacht lucht ceárd, áilneacht agus uaisleacht crutha, agus
mórdhacht fuirme, agus snastacht gné, do chur i gclochaibh snoighte,
agus i bhfallaíbh breághtha árda láidire daingeana deagh-chúmtha.



D'oibrigh sé an tréith aigne sin a bhí ann ar an dtír go léir
mórthimpal, ach ar chathair Iérúsaleim iseadh is fearr a bhí an chaoi
ar an dtréith sin a dh'oibriú. I gcathair Iérúsaleim iseadh dob fhearr
a thaisbeánfadh obair áluinn a h-áilneacht. Do thuig Héród an nídh
sin agus d'imir sé an tréith sin, 'n-a lán-neart agus 'n-a lán-chumas,
ar chathair Iérúsaleim, agus bíodh ná raibh ann grádh aige do'n
tSanhedrím, ná ag an Sanhedrím dó, bhí na sagairt agus na
sgríbhneoirí agus na seanóirí, gach aoinne idir Lebhíteach agus uile,
go h-ana-bhuidheach de, agus a chúis acu.



Is mó go mór na droch-thréithe a bhí i Héród 'ná na deagh-thréithe
a bhí ann. Bí sé uaillmhianach, baoth, droch-amhraistheach, eudmhar,
droch-aigeanta, miosgaiseach, lán de rún díoghaltais. Chuir sé
oiread san daoine chun báis i gcaitheamh a réime gur stad an
t-éirleach d'aon iongna chur ar an bpoibilidheacht. Mhairbh sé athair
a chéile, an seanduine bocht úd Huircánus; ansan do mhairbh sé a
bhean féin, Mariamne, inghean an Huircánuis sin; ansan do mhairbh
sé a mhac féinidh. I ndeire a shaoghail do mhairbh sé na leanbhaí go
léir nuair a h-innseadh dó go raibh leanbh óg tagaithe ar an saoghal
agus go mbeadh an leanbh san n-a rígh ar na h-Iúdaigh.



Ní ithid Iúdaígh muic-fheoil. D'airigh impire na Rómhánach conus
mar a bhí Héród ag marbhú a chlainne féin agus conus mar a dhein
sé an t-éirleach ar na naoidheanaibh neamhchionntacha. “B'fhearr
liom,” ars' impire na Rómhánach, “bheith am' mhuic ag Héród na bheith
am' mhac aige!” Deirtear go raibh mac do Héród féin ar dhuine
des na naoidheanaibh a marbhuigheadh an uair sin. Fé mar a bhí fé ag
dul sa n-aois ní raibh aon teora le n-a droch-amhraistheacht. Ní raibh
anam aon duine ó baoghal uaidh, go mór mór aon duine, óg ná
aosta, go raibh aon tsíolrach d'fhuil na Macabéach ann; nú aon duine
do chasfadh leis nárbh Iúdach ceart é, ach Iduméac. Fé dheire tháinig
an bás air. D'fhuasgail an bás na daoine uaidh. Tháinig, le
leamhnú Dé, an saghas báis air a tháinig ar an dtíránach fola eile
úd Antíochus Oirdheire. Bhí feoil a chuirp marbh agus í bréan, lán
de phiastaíbh agus í ag tuitim d'á chnámhaibh, agus é ag sgreadaigh le
losgadh teinnis, abhfad sar a bhfuair a chorp go léir bás i n-aon chor!
Cuid de beo, ábalta ar theinneas do mhothú, agus an chuid eile dhe
marbh, lán de phiastaíbh, mar a bheadh sé sa n-uaigh!


L. 117


AN FHEIS, AN DÁIL, AGUS AN tAONACH I nÉIRINN.



Páipéar a leigh an t-Athair M. Ó Foirchear, Ph.D., Mágh Nuadhat, i
bhFéis Thíre Conaill.



Bhí a cuid féiseanna, a cuid dála, agus a cuid aontaighe, ag
an Éirinn a bhí ann sul ma thainic an Soisgeal 'na tíre, agus sul
ma thainic air Slánuightheóir ar an t-saoghail. Bhí Árd-Rí agus
mórán righthe eile i nÉirinn 'san am, agus deirtear gur ag tórramh
'gus ag adhlacadh na rí 'gus na n-uasal a cuireadh ar bun na
féiseanna ar dtús. Ní h-é cúis litridheacht agus filidheacht amháin a
cuireadh ar aghaidh, acht gach uile nidh a raibh baint aige do mhaoin
saoghalta na ndaoine.



Is í Féis Teamhrach an fhéis a budh mhó. Bhí féis Teamhrach ag
socarughadh gnothaighe na hÉireann míle bliadhain sul ma thainic solus
an t-soisgeil 'na tíre seo. Shuigh sí ar feadh seachtmhaine gach
tríomhadh bliadhain, agus thug sí dlighthe do iomlán na hÉireann. Ní
raibh cead ag gach duine ar mhian leis bhéith lathair. Chuir na daoine
a bhfir togha annsin mar cuirtear go Dáil Éireann indiú. Bud
é Teamhair ait-comhnuidhthe an Áird-Rí, agus is ann a bhí an fhéis
ar feadh dhá chéad déag bliadhain.



Cosmhail le Féis Teamhrach san am sin bhí dhá fhéis eile — Féis
Chruachain agus Féis Eamhna: acht cia bith áit in ar tharla an fhéis budh.
é Árd-Rí na hÉireann an t-úachtarán. Taobh amuigh de'n Árd-Rí
bhí righthe cúigidh agus righthe íochtaránaighe eile. Bhí siad-san 'na
n-úachtaráin i na gceanntair féin, acht bhí siad umhail do'n Árd-Rí.
Is mór an truagh nar mhair siad amhlaidh o shoin, na 'sé an briseadh a
thainic eatorra a laghduigh a gcumhacht, agus ins an lá bhí le theacht thug
buaidh do na namhaid. Budh é Rí Diarmuid Árd-Rí na hÉireann,
céad bliadhain na mar sin i ndiaidh aimsir Naomh Pádraig. Is é an
rí deireannach é a chomhnuigh i dTeamhair, agus 'sé an rí deireannach
é a raibh iomlan na hÉireann úmhail do. Ó sin suas ní raibh teacht
acu le chéile; agus mar a tá fhíos ag an t-saoghail budh rí a bhí i
gcúigeadh laighean chuir cuireadh ar an lamh láidir a d'fhan ins an tír
ó shoin. Tá sé fíor gur chuidigh siad le chéile ó am go h-am. Tá
Cluantarbh, an áit 'nar cuireadh críoch leis na Loclannaigh 'na
fhiadhnaise; acht níor gnathach leo bhéith ar an aon inntinn sin a bhéir
neart do náisiún. Ní ceart dúinn a gcáineadh. B'fhéidir nach bhfuil
muid féin mórán níos fhearr. Ma tá is arna mallaibh.



Char budh ionann an Fhéis, an Dál, agus an t-Aonach. Faoi


L. 118


chúram na féise bhí Éire go h-uile; faoi chúram an Dáil na cúigidhe
agus na ceanntair. An cruinniughadh budh choitcheannta i nÉirinn an
t-aonach. Chuig an aonach tháinic an sean agus an t-óg. Tá an
pléisiur taitneamhach, agus is fa choinne pléisiur na ndaoine bhí
an t-aonach ann. Annso bhí litridheacht agus filidheacht, imirt agus
cleasaidheacht, díol agus ceannacht, deanadh cleamhnais agus posadh,
ceol agus seinim, biadh agus deoch.



Bhí aonach mór-chúiseach i dTailtean i gContae na Mídhe. Bhí
siad annseo as Éirinn 'gus as Albain agus deir na Ceithre
Maighistrí ag caint ar an chruinniughadh deireannach a bhí ann, nach
raibh aon bhall ar an bhóthar ar fead sé mhíle ar fad gan a chapall
agus a choiste. Tá sé choir ocht gcéad bliadhain ó bhí an t-aonach
deireannach i dTailtean. Ceithir nó cúig 'é bhliadhana na dhiaidh sin
tháinic an Sasanach go hÉirinn.



Tá sé iongantach nach raibh iomradh ar dhamhsa ag na h-aontaighibh
seo. Is dochaighe nach raibh eolas ar dhamhsa i nÉirinn 'san am.
Ní'l ainm ar bith 'san t-sean-Gaedhilg ar an dhamhsa. Tá dhá fhocal
againn anois — damhsa agus rinnce — acht ní'l an “damhsa” acht
Beurla agus ní'l aois mhór ag “rinnce.”



Thosuigh na féiseanna, na dala, agus na h-aontaighe, i bhfad
ar gcúl ins na saoghalta gan creidim, agus mhair siad i bhfad i
ndiaidh theacht 'na tíre do'n tSoisgéil. Cia bith bhí cearr ionta
cuireadh ar gcúl iad, agus i na n-áit cuireadh urnaide, danta
sidioradaltha, agus Aifrionn.



Ag féiseannaibh an lae sin foillsiugadh na dlighthe. I n-oige
na Náisiún níor ghnathach leis na h-úachtaráin dlighthe do dheunadh. Cé
bith budh gnathach le na sinnsir do dheunadh budh sin an dlighe. Is
amhlaidh mar bhí i nÉirinn. Bhí a cuid breitheaman aicí, a cuid
ollam, agus a cuid filí. Bhí siad seo foghluimthe i mbéasaibh a
sinnsear, agus i na gcoimhead bhí dlighthe na hÉireann. Bhí na
bréitheamhain faoi mheas mhór 'san am. Aimhdheoin nar tugadh seilbh
an talamh do'n duine a d'oibrigh é, mar tchífeamuid ar ball, bhí a
gcuid talaimh féin ag na breitheamhain gan chíos gan cháin. Níor
shuidh siad i gcathair an bhreitheamhnais gan seal fada a caitheadh a
gcuir féin i gcoir fa na choinne; agus sé eolas agus críonacht na
mbreitheamhan d'fhag meas ar an dlighe, agus thug dochas do na
daoine. Ma cáineadh duine dhíol sé an cáin, ma chuaidh an
breitheamhnas i n-éadan rinn sé leor-gníomh le na chomharsain. Ní
raibh caoi acu 'san am sin tabhairt ar na daoine bheith úmhail do'n
dlighe. Ní raibh feidhm ar a léithid. De na leonta féin bhí siad
umhail do'n dlighe. Tá seo iongantach go leor acht caithfidhmuid
cuimhneamh gur fhás dlighe an lae sin as talaimh na hÉireann. Ma
bhí duine ann, inar bhéidheas ó am go h-am, nar uaisle leis onóir
na ór, ní raibh ag an té a dearnadh an éagchoir air acht a cheart a
chosnamh le na laimh laidir féin. Is annamh a bhí seo riachtanach.



Thainic teagasc na mbreitheamhan anuas ó aois go h-aois go


L. 119


dtí aimsir Naomh Pádraig, nuair a sgríobhadh an leabhar mór dlighe
ar budh ainm dúithe an Seanchas Mór. Bhí mórán i ndlighthibh na
bPaganaigh nach raibh ar aon fhocal le creidhimh na gCríostaidhe, agus
bhí sé riachtanach seo do leasughadh. Ar an adhbhair seo chuir Naomh
Pádraig cuireadh ag caibidil, air righthe, ar fhlaithe, agus ar uaisle
na hÉireann, agus faoi na chúram féin sgríobhadh an Seanchas Mór
a d'fhág dlighe ag iomlán na hÉireann ar feadh sé chéad bliadhain
agus ag an mhór-chuid de Éirinn ar fead chúig chéad eile. 'Sé
Laoghaire bhí 'na Árd-Rí 'san am. Thug sé gach cuideadh a bhí ann a
chumhacht agus níor chuir sé i n-aghaidh an chreidimh Chatoilicidhe: acht
na dhiaidh sin sé an bharamhail gur chaith sé a shaoghal i na shean chreideamh
féin.



Is maith an tamall ó críochnuigheadh an leabhar sin, agus tá sí
anois mar fagadh í taobh amuigh de seo, nach bhfuil sí sgríobhtha i
sean-Ghaedhilg an lae sin. Da mbeadh féin budh bheag an mhaith, na
ní bhéidheadh tuigse uirrí indiu. Athruigheann gach teanga beo ó aois
go h-aois, agus ní mó na go dtuigfeadh sgolairí an lae indiu an
Gaedhilc a labhaireadh cúig chéad bliadhain ó shoin. Na sgealta bhí
sgríobhtha 'san tsean-Gaedhilc sgríobhadh go h-úr ó am go h-am: agus
is é sin a d'fhag cuid acu againn indiú; acht tá mórán eile caillte.
I ndiaidh aimsir Naomh Pádraig sgríobhadh cia bith eolas a budh fhiú
shabháil, agus coinniughadh na leabhra ins na mainistrighibh agus i
dtighthibh na nOllamh. Ní raibh ann ins an am acht leabhra lamhsgríobhtha.
Bhí an obair fadalach, achrannach, agus beannuighthe; agus bhí an
sgríbhneóir faoi onóir agus urram. Níor 'bh'fhéidir duine a mholadh
níos mo 'san am na rádh go raibh sé 'na sgríbhneóir leabhar. Bhí
mainistirí go leor i nÉirinn agus bhí na mainistirí líonta de
leabharaibh. Bhí feidhm mhór ortha na chuig sgoltacha na hÉireann
thainic sgolairí as gach carn. Ní raibh saoghal fada ag cuid de na
leabharaibh. Thainic na Lochlannaigh timcheall bliadhan a naoi gcéad
agus leo thainic an sgrios. Leabhar ar bith a casadh ortha, dhoigh siad
na bháigh siad. Chuaidh an sgrios seo ar aghaidh dhá chéad bliadhan.
Rith an am seo bhí sagairt agus sgoláirí ag fágáil na tíre, agus ag
tabhairt leotha na leabhra mar gheall ar a sabháil, agus sé sin a
d'fhág sean-leabhra na hÉireann scaipthe i dtíorthaibh coimhthighthe
an domhain ó'n lá sin go dtí an lá indiu. I ngearr na dhiadh seo
thainic an Sasanach agus chríochnuigh sé sgrios na leabhar. Cia bith a
choinnigh leabhar Gaedhilge i na sheilbh chuir sé é féin i gconntabhairt
báis.



Acht bhí sé comh deacair na sean leabhra a dhíbirt leis na daoine;
agus dá bhrigh sin tá cuid acu againn go fóill. Is ceann acu an
Seanchas Mór. Tá mic-léighinn ag mion-sgrúdughadh an leabhair seo
'san am atá i lathair, agus déir siad nach bhfuil inntí acht cúis
onóir agus glóir ag na laethe tá thart. Ní féidir na neithe thá san
leabhar seo áireamh annseo. D'orduigh sí gach rud is gnathach le
cumhachtaigh an lae indiu ordughadh, agus céad mion-rud eile le na
chois.


L. 120


Ceist a bhéidheas le socarughadh fad is bhéidheas riaghachtaighe na
daoine ann sí sealbhuigheacht an talaimh. Shocruigh siad seo ar a
ndoigh féin. Is i gcómhar a bhí an talamh acu. Roinneadh an talamh
idir na daoine, acht níor leis an duine an talamh a d'oibrigh é. Ní
thainic sealbh anuas ó athair go mac acht ó am go h-am roinneadh an
t-iomlan. Chonnacas dobhtha gor seo an roinnt a budh comhthroime.
Ní hé sin an sealbh is fhearr, acht is fada sin ó shoin, agus bhí sí maith
go leor 'san am.



Rud eile is fiú tabhairt faideár i sean dlighe na hÉireann, 'sé
seo — nar mhian leo duine chuir 'un báis cia bith dlighe a bhris sé.
Cuireadh 'un báis cibé bhí cionntach i n-aghaidh riaghalta na féise acht
taobh amuigh de seo agus de ocaid na beirt eile budh leor leo cáin
airgid.



Sin an chiall a bhí leis na sean fhéiseannaibh agus is fada uatha
féiseanna an lae indiu. Tá lá na mbreitheamhan thart, agus tá na
coimhthighigh i gcathair an bhreitheamhnais. 'Siad na Lochlannaigh an
chead dream a thug buaidhreadh 'na tíre. Rinn siad dochar mór acht
ní bhfuair siad cead comhnuighthe 'san talamh. Ní mó na go raibh
siad díbeartha nuair a thainic tóir úr; agus d'éirigh ní b'fhearr
leotha seo.



Nuair chastar do chéile ins an tír cheadna dhá dhream daoine nach
labhaireann an teanga cheadna, deirtear go mbéidh an bhuaidh fa
dheireadh ag teanga na ndaoine is intleachtaighe. Agus ciacu budh
intleachtaighe ar an lá sin — An Gaedheal nó an Gall? Ní'l feidhm
fiafruigh. I ndiaidh sin ní raibh an buaidh ag an Ghaedhilg, acht mur
raibh, chan gan adhbhar. Ní h-é an Beurla a chuir ar gcúl í acht dlighe
na Sasana. Bhí siad ag éirighe níos Éireannaighe ná na hÉireannaigh
iad féin nuair cumadh an dlighe sin a bhí comh tréan i n-éadan na
teanga agus a bhí sé lá níos maille i n-éadan an chreidimh. Dubhairt
mé bumaite ó shoin gur chuir duine ar bith, a choinni ghleabhar Gaedhilge
i n-a sheilbh é féin i gconntabhairt báis.



Nuair tá stiúradh tíre i lamhaibh daoine nach labhaireann teanga
an náisiúin is deacair teanga tá a cailleadh a shabháil. Is féidir
cabhair a thabhairt oirthí ar feadh tamaill mar cuirtear uisge ar
planta oga. Tathar a dheanadh seo i nÉirinn le fada, agus tathar
a dheanadh annseo indiu; acht mur nglacaidh sí féin bun anns an
talamh ní choinneochaidh féiseanna beo í. Agus ní glacaidh sí bun ins
an talamh mur gcuirtear i bhfeidhm í i ngach graithe saoghalta. Is
féidir seo do dheanadh, agus b'fhéidir go rachfaidh air. Acht béidh sé
mórán níos fhusa nuair bhéidheas an Gaedhilg ins na h-aiteachaibh arda,
nuair labhairfeas an t-úachtarán, na ministrí, agus na h-oifigí, airíst
i dteanga na ndaoine. Tá an lá seo ag teacht.



Le nár bhféiseannaibh beaga tamuid ag aithris ar na laethe tá
thart. Luath na mall béidh stiúradh na tíre seo ag a cloinn féin.
Nuair a thiocfas an lá sin, is i dteanga na nGaedhil a labhairfeas
Árd-Fhéis na h-Éireann; agus ins an teanga cheadna tiocfaidh
freagar as gach cúigeadh agus ceanntair.


L. 121


PELÁGIUS, AIRDEIRCEACH — CÁ RUGADH É?



Na h-ughdair do scríobh i bhfad i ndiaidh ré is linne Phelágius, ní
h-annamh “manach Éireannach” aca ghá ghairm de. Samhluigheadh
domhsa, uime sin, go mb'fhéidir nár rud ró-mhíothaithneamhach do lucht
léighte an t-Síoladóra é, féachaint isteach pas beag níos cruinne
sa scéal, agus toradh mo chuid stúidéir do chur os a gcomhair. Má
tá eolas níos beichte ag aoinne eile ná mar léighfidh sé annso, cá
bhfios dúinn ná gríosfadh an tráchtas beag so é chum a pheann do
ghlacadh chuige, agus an domhan Fódlach eile go léir do dhéanamh
rannpháirteach na chuid eolais?



I.



Mar áiteamh gur sa Bhreatain Mhóir, sé sin sa tír dá ngoirthear
Sasana anois, do rugadh é atá ughdarás an cheathrair so nár ndhiaidh:—



1. Ag (Alpius agus) Aighistín, i leitir a 186 i gcnuasacht a
leitreach, léightear mar leanas:— “Pelágius ar a dtugtar an
Breatnach chum é d'aithint ó Phelágius eile, Pelágius ó Tharentum.” (1)



2. I Leabhar na Leathscéalta, deir Orósius:— “Measann ár
dTighearna Íosa Críost,” ar sé, “mórluach irise bheith tuillte ag an
té chreideas go dtig le Mac Dé na neithe seo do dhéanamh, agus
lámhann an Breatnach so 'gainne leigint air neart a ndéanta bheith
ann féin a luaithe is is toil leis é!” (2)



3. (a) In a Chroinic fé bhliain a 413 deir Prosper:— “Fén am
chéadna so,” ar sé, … “Pelágius Breatnach (Brito) &rl.”



(b) In a “Charmen de Ingratis” (.i. Dán na nDíombuidheach),
leis, deir an t-ughdar céadna:— “Ag so,” ar sé, “an foircheadal
do bhrúcht an nathair-nimhe Breatnach, de fhriotal phláighiúil, as a ucht
amach, — foircheadal go raibh domblas na seannaide súite isteach ann;
óir sé teagasc do scaipeadh sé ná gur fé chuing chruaidh an bháis do
chéad-chuir Dia an duine ar an saoghal, i dtreo, pé aca bhrisfeadh sé
an dlighe nó fhanfadh sé gan choir, gurbh é an bás do bhí i ndán do
ar aon tslighe; de bhrigh nach aon leanbh an pheacaidh an bás, acht, as
cinniú Dé, céile doscaoilte na h-uile dhúile.” (3)



1 “Pelagium, quem credimus, ut ab illo distingueretur, qui Pelagius
Tarenti dicitur, Britonem fuisse cognominatum.” Migne: P(atrologia
l(alína), Iomleabhar a 33, col. a 816.



2 Dominus noster summo praemio fidei dignum iudicath, si quis haec
Filium Déi posse crediderit, et Britannicus noster, mox ut bholuerit, se
posse confidit” — Lib. Apol. caib. 12: Migne, P. L. ioml. a 31, col. a 1182.



3 “Dogma quod antiqui satiatum felle draconis Pestifero bhomuit
coluber sermone Britannus &rl.” Migne, P. L. Ioml. a 51, col. a 94, fé
n-a thosach.


L. 122


4. Ughdar eile ar a dtugtar Marius Mercator, deir sé i
leabhar darab tiodal “Commonitorium” i gcaibidil a h-aon:
“Pelágius,” ar sé, “de chine Bhreatnach, manach.” (4)



Comhaimseardha do Phelágius do b'eadh gach duine den cheathrar
so.



II.



Mar chruthamhnais gurbh Éireannach é, luadhtar na sleachta so
nár ndiaidh a scríbhinne San Ioróim:—



1. Sa reamhrá do chuir sé le céad leabhar a ghluais-mhínithe ar
thairngire Ieremís, fáidh, ag tabhairt comharthaí sóirt dó ar Phelágius
sé deir sé bhí ann ná “dallachán ró-dhúr agus é meadhta go trom le
praisig Gaodhlaig.” (5)



2. Mar an gcéadna, i reamhrá an 6adh leabhair dá ghluais-mhíniú
ar an tairngire céadna ar an gcuma so labhrann an Naomh ar a
eascaraid:— “Cé (6) gur balbh é féin,” ar sé, — sé sin Paulínus ó
Nóla do bhí tar éis bháis fén am so, — “bíonn sé ag sceamhghail fós
tré bhéal bholgaire mhóir de mhadra Albanach, gur fearr thig leis a
olc d'agairt ar dhuine le n-a shála ná le n-a fhiacla! (Ar mh'falaing
féin, is éagsúil go leor an madra é!) Óir síolruigheann sé dhen
chine ghaolach (Scótach) ó chomharsanacht na mBreatnach.”



Lucht eagair an chuir-amach de Mhigne atá agam-sa, cuirid an
ghluais aisteach aineolach so le téacs Ioróim: “Bheireann Ioróm an
leas-ainm seo do Phelágius,” ar siad, “toisc é bheith de chine
Scótach, nó as Albion, sé sin Albain, óir b'é Alba an ainm thugadh
na sean-Scóit ar a n-athardha!” Acht nach iongantach an mearbhall
aigne thaisbeánann an ghluais seo ar inntinn daoine léigheanta, agus
nach mór bun-os-cionn í le fíor-réim na stáire!



Ar ndó, tá a fhios ag an saoghal gur mó ainm do goireadh
d'Éirinn in allód mar atá Éire, Banba, Fodla, Scotia, acht ní
h-eol domhsa gur goireadh Albion nó Alba riamh di. Ar dtúis, b'é
Albion nó Alba an ainm Cheilteach do bhí ar an mBreatain Mhóir ar
fad. Tar éis do sna h-Anglaig agus do sna Sasanaig sealbh do
ghabháil ar an roinn di dá ngoirthear Sasana fé láthair, dheallrochadh
sé go ndeachaidh an ainm ar gcúl mar aon leis an gcine, roimh
shluaiteacht agus roimh shíor-bhrú na n-Allmhúrach go dtí nár lean sé,
sa deire, acht de roinn thuaidh an oileáin, i gcaoi ná fuil a mhalairt
d'ainm, fé láthair, ar an sean-Chaledonia acht Alba amháin i nGaedhilg
na h-Éireann ná i nGaedhilg na h-Alban.



Rud eile, le linn Phelágius, agus fiú go dtí an t-aonú céad
déag ní tugtí Scótia ar aon tír, ná Scótí ar aon chine eile acht
amháin ar Éirinn agus ar mhuintir an h-Éireann. As so tagann sé



4 “Pelagium, gente Britannum, monachum &rl”: Migne, Ioml. a 4.



5 Stolidissimus et Scotórum pultibus praegrabhatus Migne 24, 680-2.



6 Ipseque mutus latrat per Albinum canem, grandem et corpulentum
cetoui calcibus magis possit saevire quam dentibus. Habet enim progeniem
Sqcticae gentis de Britannorum vicinia” Migne 24, 757-8.


L. 123


mar léir-aighneas gurab é rud atá san “madra Albanach” úd San
Ioróim ná madra Breatnach, nó madra Sasanach fé mar adéarfaoi
fé láthair. Ní mó go mbainid de bhrigh an léir-aighnis seo na focail
thagas na dhiaidh sin: “Síoluigheann sé den chine Scótach,” má
admhuightear go rugadh Pelágius i gceanntar éigin i Sasana thiar-
theas, de phór choilíneach Gaolach éigin d'áitreabh an dúthaig úd.



“Acht cad do bhéaradh coilíneacht Ghaolach sa Bhreatain thiar-theas,
an t-am san?” arsa tusa. “Bhfuil aon deimhin againn ar a leithéid
ó chúrsaí na stáire?” Tá, mhuise, togha deimhne. Óir, le linn do
sna Rómhánaig bheith i gceannas ar an mBreatain agus iar n-a
tréigint dóibh, bhíodh coilínig ó Éirinn ag síor-theacht agus ag cur
fútha go tiugh go h-áirithe ar dhá bhruach inbhir na Sebherne. Dá
chomhartha sin féin, gheibhtear go fairsing, fén dúthaig seo, leaca
adhlaicthe ar a bhfuil scríbhinne in Ogham chraobh, — ní ná faghtar in aon
áit eile ar fuaid na Breataine Móire. Fiú féin an mhéid seo gan
trácht thar aon rud eile, ná míneochadh sé dhúinn cionas “do shíolraig
Pelágius den chine Scótach” cé gur sa Bhreatain Móir do rugadh é?
Agus maille leis an “bpraisig Scótaig” de, cá bhfios dúinn, sa
gcéad dul, ná bíodh a h-arbhar ag teacht a h-Éirinn amar isteach i
gcuan Bhriostó? Nó b'fhéidir gur sa Bhreatain féin do baineadh is
do meileadh an t-arbhar as a rinneadh í, agus gur as corp lom
tarcaisne do ghlaoidh Ioróm mar sin as a h-ainm í. Óir, dála a
láin impiriúlaithe do mhair roimhe agus na dhiaidh, ba dhóigh le h-Ioróm
ná fuighfeadh aon mhíneachas ná aon tsibhílteacht ná aon deagh-mhúinteas
ceart bheith ann, le n-a linn féin, acht amháin fé scáth sciathán iolar
na h-Impiríochta Rómhánaighe. Dh'fhan an tír seo, Scótia, riamh
leasmuigh dhen Impireacht san. Uime seo, do b'ionan, dar le
h-Ioróm, Scótach agus duine barbardha, allta. iargcúlta. Do
b'ionan aige rud Scótach, praiseach is eile, agus rud codramántá,
coimhightheach, garg. D'airig sé ó dhuine éigin gur de phór na
Scótach Pelágius. Ba leor san. Bhí dúil i masla ró-ghreamuithe de
mheon Ioróim chum go scaoilfeadh sé thairis an “phraiseach Scótach”
gan feidhm do bhaint aiste d'fhonn ceap “magaidh is mór-chnáid”
do dhéanamh de Phelágius dá barr.



Féadfaoi, ar an gcuma san, ar thuit de tharcaisne ó Ioróm i
dtaobh Phelágius, féadfaoi a léiriú gan a admháil go dteagann mar
léir-aighneas as gur in Éirinn do rugadh é. Ar an dtaobh eile den
scéal, an té chuirfeadh roimhe a áiteamh gurbh Éireannach é, níor mhór
dó léiriú ní h-amháin ráite an cheathrair comhaimsirig do luadhamar
romhainn, acht an méid seo nár ndiaidh mar an gcéadna.



Tháinig Pelágius chum na Róimhe timcheall na bliana 400, agus,
ar an bpoinnte boise, ghéill gach aoinne go raibh sé ar an gceathrar
nó ar an gcúigear ba léigheanta i gcúrsaí diachta is críostuíochta
dá raibh suas le na linn. Cuimhnigheadh an léightheóir gurbh shin í aois
Aughstín is Ambróis is Ioróim. Cuimhnigheadh sé leis go raibh ar dhá
bhliain is tríochad éigin eile dul thart, fé dtiocfadh Pádraig do


L. 124


chraobhscaoileadh an tsoiscéil go tír na h-Éireann. Bhí an Laidean
ar a thoil ag Pelágius, fé mar bhí sí, an t-am san, ag gach duine
deagh-mhúinte ar fuaid Impireachta an Iarthair. Rud ba mhó iongna
fós, más in Éirinn do h-oileadh é, rinne sé a chúis féin do phléidh
as glan-Ghréigis, os comhair Sheáin, Árdeasbog, agus comhairle
Ierúsalem, sin is go raibh ar an té gur mhaith leis é dhaoradh, ar
Orósius, Spáinneach, feidhm do bhaint as fear friotail. Na leabhair
do scríobh sé, leis, cuirid ar aon dul é leis na h-údair ba mhó cáil
le n-a linn. Cár éirig leis an doimhin-léigheann agus an leathan-
léigheann uile so do bhailiú chuige? In Éirinn, an eadh? Bá mhór an
ghlóir don tír so, don “ultima Thule” so san gan aon agó, — fear
de leithéid Phélágius ghá oiliúint innte os cionn tríochadh blian roimh
theacht Phádraig. Acht foraoir ghéar is ró-doichreidte ar fad mar
scéal é. Ag meadhon na ceathrú h-aoise cheana, níl aon amhras ná
go raibh Críostuithe ar mhuintir na h-Éireann; ní h-amháin fo-dhuine
annso is annsúd, acht na gcumannachta nó na ngasraí, do bhí go
cuibheasach luchtmhar mar sin agus go cuibheasach iomadúil, go h-áirithe
ar imealla thoir theas an oileáin. Dheallrochadh sé, leis, gur ag
síor-dhul i méid bhíodh na gasraí seo agus ghá síor-leathnú féin siar ó
thuaidh. Suidhid lucht stáire is seanchuis, dar liomsa, an méid seo
go beacht dúinn. Óir, sa bhliain 431, nuair bhí an Pápa ag cur
Palladius na easbog a leith chughainn, “chum na n-Éirneach do chreid
i gCríost,” (7) do chuir sé é. Amátor, mar an gcéadna, do bhí na
easbog ar Ácsaor roimh Shan Ghearmán, d'órduig sé buidhean
dhéagánach mar aon le Pádraig, agus orra bhí Éireannach darbh ainm
Fith, dá ngoirthear Isernínus i Laidir na h-Eaglaise.



Dá chionn so uile, da ndéarfaoi leat, timcheall na bliana 370
no mar sin, go raibh, ar thalamh na h-Éireann, ní h-amháin roint mhaith
Críostuithe ar leithlí leo féin, acht fós paróistí, b'fhéidir, cheana
aca annso is annsúd fé threo go n-a gcomhthrom féin sagart is tighthe
pobuil, acht amháin iad do bheith fós gan easbog, níor ghearánta leat
údar an mhéid sin. Acht dá dtabhradh sé fé a chur na luidhe ort
go raibh árd-scoileanna is ol-scoileanna aca do bhí inniúil chum
fear mór-léighinn i léigheann iasachta de shaghas Phelágius d'oiliúint, —
fear ná raibh dall ar aon ealadhain, ghá raibh ar a chumas an Laidean,
an Ghréigis agus an teanga dhúthchais do chanadh go beacht, blasta
binnbhriathrach —, dá dtabhradh duine fé an méid sin do chur na luidhe
ort, bheadh gach ceart agat na suíbhinte d'iarraidh air, suíbhinte
cruinne, soiléire, fé gcreidfeá scéal chomh doichreidte san uaidh.
Mise im bhannaí gur fada bheadh na suíbhinte úd ar iarraidh.



(Tuille.)



MICHEÁL MAC CRAITH, C.Í.



7 “Ad Scótos in Christo credentes.”


L. 125


CNAMHA GAN FEOIL.



NEAMHSHUIM AG AN ÓIGE DÁ CUIR I nDIA.



(Nú, má chuireann an óige neamhshuim i nDia, cad do thiocfaidh as.)



(a) Is iomdha aimhleas is díoghbháil anma a thagann as.



(1) Drochbhéasa na h-óige, óir is deacair sgarámháín leó.



(2) Is minic a mheallann an saoghal a leithéid chun ealadha
bheathadh (1) do ghlacadh chuige nárbh fhéidir do réir Dé a
dhéanamh dá ciúnn.



(3) Is ró-bhaoghlach gur beag an tsuim a chuireann an duine sin
i bpeacaidhe a óige.



(4) Is baoghal do gearr-bhás. (2)



(b) Is iomdha staonadh a bhaineann sí as an nduine ina shlighe chun Dé
(nú, i dtaobh a shlighe chun Dé).



(1) Tarraingeann toil nós.



(2) Beireann an-mhianta an oiread san greama ar an nduine
nách féidir aon bharradh (3) a bhain asta, ná sgaramhain leó.



(3) Ní chuireann sé aon ghubh (4) i bpeacadh. Leanann sé dhe fé
mar do leanfadh sé réir nádúrtha.



(c) Caithtear an chuid is fearr den tsaoghal i n-aisge.



(1) Má dheineann duine réir Dé ina óige, mara buan féin é
a shaoghal tá toradh lán-shaoghail tuillte aige.



(2) Má thugann duine faillighe i ngnó Dé ina óige, pé faid
is beó dó ní féidir dó deagh-bheatha na h-óige do chasadh
thar n-ais arís air féin go h-iomlán, ná an toradh ná an
luacht saothair do bhain léi.



Na neithe ná fuil bailighthe agat i t-óige, connas is féidir duit
iad do sholáthar agus tu aosta. — (Eccli. xxv. 5.)



CONCHABHAR Ó DEASMHUMHNA, D'aistrigh.



(1) Ealadha bheathadh, means of living, livelihood (trade, profes-
sion, &c.).



(2) Gearr (a). bhás .i. an bás do theacht gairid nú athchomair air.



(3) Barradh do bhaint as, to check his motion or speed.



(4) Níor chuireas aon ghubh ann, I didn't take (any) special, or
particular, notice of it.


L. 126


BOSGA NA LEITREACH.



Cormac Ó Cadhlaigh d'aistrigh ó'n bhFrainncis de réir René Bazin.



Níor mhisde a rádh go raibh tigh an tsagairt i mball seasgair
siothchánta. Do bí an paróiste féin beag agus é go maith macánta,
gan aon dothal ar na daoinibh agus iad go léir i dtaithighe an tsean-
shagairt do bhí ós a gcionn le breis is deich mbliadhna fichead. I
gceann na sráide iseadh bí tigh an tsagairt. Le hais an tighe do bhí
na páirceanna agus iad ag dul uaidh sin síos chun na habhann. Ins
an samhradh d'aireachta uaidh binneas ceoil na néan agus baluith
cumhra an féir. Lastiar den tigh, do bhí lubhghort ar teorainn
na bpáirceanna. Is ann do luigeadh céad rae solair na
gréine agus a rae deirineach mar an gcéadna. Do chítí silíní ann
i mí na Bealtaine féin agus spiúnáin ní ba luatha ná san go minic,
agus seachtmhain roimh lá le Muire san bhFoghmhar, go hana minic,
níor bh'féidir gabháil i ngioracht céad slat do gan baluith trom na
melon naibidh d'aireachtaint idir na sgairtibh. Ná beir leat gurab
amhlaidh a bí sagart paróiste Saint Philémon go craosach. Is ró
bheag a ghoill an goile air An seanduine bocht! Dronn air.
Ruic ar a cheannachaibh. Dhá shúil beaga ghlasa, agus súil díobh gan
léas radhairc innte. Spéaclaí móra, agus cluas chomh bodhar san
gur b'éigin do casadh timcheall nuair do cuirtí stró air ón dtaobh
san.



Aidhe, ní dheineadh. Ní itheadh sé féin na torthaí go léir san
gháirdín. Na garsúin isiad do ghoideadh a bhfurmhór, iad súd agus
na héanlaith go mór mhór. Na loindubha a mhaireadh ann an bhiladhain
go léir ar togha an bídh, agus do chanadh an ceól dob' aoibhne ghá
chúiteamh leis. Na lasair choille, a chabhruigheadh leo san, ar an
slighe thairis dóib, le linn seachtmhainí an mór fhlúirse, agus na
gealúin, agus na ceolairí de gach dath, agus na cíocháin go hamplach
iliomad, agus iad mar a bheadh litharoidíní de chlúmh chomh mór led
mhéir, i n-áirde ar na géagaibh, ag casadh agus ag léimrídh, ag
piocadh grápa, ag sgríobadh péirín, creachadóirí críochnuighthe, agus
gan de bhuidhchas aca i ndeire na sgríbe ach gáir bheag neambinn ar
nós buille speile. Agus leo súd féin, dá olcas iad, do bhí sean-
shagart paróiste Saint Philémon go séimh sochma.



“Níl aon fheabhas ag teacht ortha mar rudaíbh dithcéillidhe,”
adeireadh sé, “ach dá mb'fhuath liom iad súd toisg gan aon fheabhas
do theacht ortha, is mó duine dem paróisteánachaibh do b'fhuath liom,
leis, is baoghalach.”



Agus ní dheineadh ach a bhasa do bhualadh ar a chéile ag teacht
isteach san abhlórd do chun ná feicfeadh sé an chreach go léir do
dheinidís.


L. 127


Ansan iseadh bhíodh an t-árdú sgiathán. Ba dhóich leat gurab
amhlaidh a bhain gaoth mhór láidir éigin na blátha go léir des na
tortaíbh agus gur chuireadar chun eitilte. Éin ghlasa. Éin bhána.
Éin bhuidhe. Éin ioldathacha. Eitilt éadtrom éasga. Na billeóga
dá suathadh, agus ansan an tsíothcháin ar feadh chúig nóimeat. Ach
cad é mar chúig nóimeat! Bíodh fhios agat ná raibh monarcha sa
tsráid ná seol figheadóra ná órd gabhann, agus go mbíodh fothrom
na bhfear agus na gcapall agus na mbó leathta ar fud na dúithe i
bhfad ó chéile agus gan aon rádarc le fághail ortha ach iad dá
measgadh ar a céile agus ag dul ar neamhnidh san aer a bhíodh ag
eirghe gach lá ó'n dtalamh the. Ní raibh aithne ar na muiltibh. Ní
raibh trácht na ndaoine ar na bóithribh. Do bhí na bóithre iarainn
i bhfad i bhfad uatha. Dá leanadh an aithrighe úd na gcreachadóirí sin
aon fhaid, níl aon amhras ná go dtuitfeadh a chodla ar an sagart
agus é ag léigheadh a phortúis leis an suaimhneas a bheadh ann.
Ach b'é leamhnú Dé ná bídís i bhfad gan filleadh. Gealún a
thagadh ar dtúis. Ansan druid ghá leanamhaint sin. Ba ghearr
eile go mbíodh na héanlaith uile go léir ag gabháil den obair arís.
Agus dfhéadfadh an sagart gabháil síos suas, a leabhar d'osgailt nó
do dhúnadh agus é ghá rádh “Ní fhágfaid siad caor agam i mbliadhna.”
Bhí deire leis an eitilt. Ní fhágadh aon éan amháin an chreach agus
níor bhaoghal leo an sean-shagart ach an oiread agus dá mba chrann
péirín éigin fé na dhuilleabhar throm agus é dhá shuathadh anonn is
anall ar ghrean an chasáin.



Tuigeann na h-éanlaith an té bhíonn ghá chásamh féin ná deineann
sé aon rud. Gach aon earrach do dheinidís a n-eadracha timcheall
tighe sagairt pharóiste Saint Philémon níos flúirsighe ná i n-aon
bhall eile.



Ba ghearr go mbíodh na hinid ab fhearr toghtha. Na cuasa ins na
crannaibh, na puill ins na fallaíbh, na gabhlóga ins na crannaibh ubhall.
Agus do bhíodh le feiscint idir frathacha an tighe gob donn mar a bheadh
rinn chlaidhimh ag eirghe a taoscán féir.



Bliadhain dá raibh gach aon áit toghtha, is dócha, d'aimsigh cíochán
an sgoilt chórach úd fé dhíon cláirín a bhí sa bhfalla le hais geata
tighe an tsagairt. Do shleamhnuigh sí isteach ann, agus do tháinig
amach arís go lán tsásta le na cuaird Do thug sí adhbhar nid
isteach ann na dhiaidh sin agus do dhein an nead agus níorbh' é a
dearmhad gan gach nidh do thabhairt léi ann a choimeádfadh go cluthmhar
teasaidhe é, sé sin, clúmh agus cleití, olann agus cúnlach.



Do tháinig an cailín aimsire Philoméne chuige lá, agus buile
feirge uirthi. Páipéar na láimh aici. Fé chrann ghéagach labhráis i
mbun an gháirdín a bhí an sagart.



“Féach, a athair,” arsa sí. “Sin páipéar breagh salach anois
duit! Nach deas na cleasa atá aca dhá imirt!”



“Cé aca, a Philoméne?”



“Agat éanlaith mí-ádhbháracha, mhaise. Na héanlaith go léir a


L. 128


fhuilingir-se anso! Is ró ghearr go mbeidh siad ag déanamh a nead id
thúirímbh anbhruith.”



“Ní baoghal dom. Níl ach an t-aon cheann amháin agam.”



“Mar sin, tá curtha fútha aca i mbosga na leitreach agat!
D'osglas indiu é mar gur bhain fear an phuist an cloigín — rud is
annamh dó. Do bhí sé lán. Féar, tuighe, líonta dhubhán alla, oiread
clúimh agus do líonadh eibhdeardonn, agus na lár san go léir istigh
éan éigin a bhí ag feadghal mar a bheadh nathair nimhe.”



Do chrom an sagart ar gháirí ar nós seanduine go neosfí eachtra
éigin d'eachtráibh leinbh dó.



Ní foláir nó is cíochán ceann-dubh é súid,” arsa sé. “Níl
aon teora leo le gastacht. Ná bain léi in aon chor, a Philoméne.”



Siúd leis an sagart ansan treasna an gháirdín, isteach tríd
an dtigh, amach ar an bhfaithche bheag a bhí ar aghaidh an tighe agus níor
stad sé gur shrios sé an falla a bhí idir faithche an tighe agus an
bóthar. Ansan d'osgail sé go lán aicillighe le na láimh an bosga
úd na bhféadfadh leitreacha an bhaile go léir ó ceann ceann dne
bhliadhain do chur go héasga.



Do bhí an ceart aige. D'aithin sé ar chuma an nid mar a bheadh
ubhall giumhaise, ar a dhath agus ar fhighe agus ar chasadh an adhbhair
a bhí ann gur cíochán ceann dub a bhí ann agus do tháinig áthas a
chroidhe air. D'éist sé le feadghail an éinín bhig a bhí ar gor agus
adubhairt sé “Ní baoghal duit, a éinín bhig,” ar seisean, “Tá aithne
agam-sa ort. Lá agus fiche ar gor agus trí seachtmhaine chun na
ngárlach d'oileamhaint, sin a bhfuil uait. Beidh san agat.
Béarfadsa an eochair liom.”



Agus do rug an eochair leis, agus nuair a bhí réir na maidne
déanta aige. Cuaird tugtha aige ar roinnt daoine breóite agus
ar bhochtánaibh an pharóiste. Cúpla teachtaireacht tugtha dá fhear
oibre chun síl a thabhairt chuige ó'n mbaile mór. Dul i n-áirde sa
chloigtheach féachaint cad é an díoghbháil a dhein an stoirm do le
déanaighe roimhe sin. Do chuimhnigh sé ar an gcíochán arís, agus
do mheas sé go mb'fhéidir go ndéanfadh na litreacha buairt di dá
dtuitfeadh leitir anuas uirthi agus í ar gor.



Níor dhóich san go deimhin mar ní bhfaghtí i Saint Philémon ach
an oiread leitreach agus do cuirtí chun siubhail as. Ní bhíodh age
fear an phuist dhá dhéanamh ach ag siubhal timcheall, ag ól anbhruith
anso, braoinín beag fíona ansúd, agus anois is arís leitir éigin
i dtaobh conscript éigin nó leitir i dtaobh cánach go dtí feirm
iargcúlta éigin.



Ach ó bhí féile Saint Robert, sé sin an naomhadh lá fichead
d'Abrán buailte leis, do mheas an sagart paróiste gur bh'fhearr
dhó sgríobhadh chun an triúir sheancharad úd a mhair fós, tuatach agus
beirt chléireach, a sgríobhadh thuige i gcomhnuidhe um an dtaca san.
A dhuine mhuinteardha, ná sgríobh chugham i gcóir m'fhéile i n-aon
chor i mbliadhna. Iarraim 'na athchuinge ort é. Ní oirfeadh dam


L. 129


i n-aon chor leitir d'fhághail fé láthair. “Neosad duit cad na thaobh
ar ball agus tuigfir cad é a chúis.”



Do mheasadar gurab amhlaidh a bhí ag dul dá radharc agus níor
sgríobhadar i n-aon chor.



Do bhí ana áthas ar an sagart paróiste mar gheall air sin.
Ar feadh trí seachtmhaine níor ghaibh sé riamh thar an ngeata gan
cuimhneamh ar na huibhibh balldhearga a bhí ansúd i ngiorracht dó agus
nuair do tháinig an dara lá fichead do chrom sé agus d'eist sé agus
a leathchluas le béal an bhosga. Ansan do dhírigh sé é féin arís
agus é lán d'áthas.



Siúd ag ceileabhradh iad, a Philoméne! Siúd ag ceileabhar iad!
Is ormsa atá buidhchas a n-anma san, féach. Agus ní ortha féin a
bheidh aon chuid d'aithmhéala mo ghnímhse ná ormsa ach an oiread!
Má bhí sé aosta féin, do bhí a lán iarsmaí d'anam an leinbh fós
ann.



Do thárla le linn na haimsire sin, i seomra uaithne tighe an
easbuig, i n-árd bhaile an chonntae, go raibh an t-easbog ag cur is
ag cúiteamh i dtaobh paróistí do líonadh. Do bhí na fhochair ann a
dhá chomhairleóir choitchianta agus an dá bhiocáir-generál, agus déan
an chaibidil agus árd-rúnaidhe na fairche, agus uachtarán coláiste
na fairche. Taréis roinnt atharú do dhéanamh i gcóir paróistí áirithe
sa bhfairche, do labhair sé mar seo.



“A chanónacha an chaibidil,” arsa sé, “tá fear ana mhaith agam
ar fad i gcóir paróiste — ach is dóich liom gur bh'fhearr an paróiste
sin do thairsgint ach go háirithe do dhuine d'ár sagartaibh is aosta,
sé sin, sagart paróiste Saint Philémon. Ní ghlacfaidh sé é gan
dabht toisg a umhlacht, ní airmhighim a shine, atá sé. Ach beidh omós
taisbeánta againn, mar is fearr is féidir dúinn, dá fheabhas.”



Do bhí an cúigear comhairleóirí ar aon fhocal leis an easbog
ins an méid sin agus an tráthnóna céadna san d'imthigh leitir ó'n
easbog agus an t-aguisín seo léi. “Cuir freagra chugham láithreach,
a athair a chara, nó tar chugham gham fheiscint, mar bheid orm an sgéal
do shocrughadh fé cheann trí lá.”



Do shrois an leitir Saint Philémon an lá céadna dho tháinig
na gárlaigh amach, do shleamhnuigh fear an phuist isteach sa bhosga í
ach ní gan a lán dá duadh dh'fhághail, agus d'fhan sí ann ag bun an
nid mar a bheadh leac bhán ar lár an tseomra dhorcha.



Agus do tháinig an tam nuair do bhí cuislinn ghorma na fola
ar sgiathánaibh na gcíochán mbeag lán de chlúmh bhog dheas. Cheithre
cinn déag a bhí ann agus iad ag sgréachaigh, agus ag tuitim ar a
cosaibh boga, an gob ar osgailt thar a súilibh suas, agus gan stad
ortha ó dhubh dubh ach súil aca le lán guib, agus ghá ithe agus ansan
ag iarraidh a thuille. B'shiné an chéad tréimhse nuair a bhí na gárlaigh
óga gan spioraid. Ach níor bh'fhada dhóibh amhlaidh sin. Ba ghearr
gur eirigh eatorra sa nead agus go raibh an nead féin ag tuitim
as a chéile le neart na sgiathán. Do thuitidis as ar fad go minic
agus do théighidís ag siubhal fan fallaí an bhosga. Ansan do


L. 130


sheasuighidís i n-aice béil na huagha mar a dtagadh aer an tsaoghail
chucha. Ba ghearr eile go dtugadar fé dul amach.



Do bhí sagart paróiste Saint Philémon ins an pháirc láimh leis
an ngeata agus árd áthas air ag féachaint ar an aeridheacht san.
Nuair do chonnaic sé na gárlaigh na seasamh fé chlár bosga na
leitreach. Ceann aca ar dtúis. Ansan dhá cheann. Trí cinn. Na
cheithre cinn i dteannta chéile. Ansan siúd ag eitilt iad. Siúd
thar nais arís iad. Agus siúd amach arís iad, díreach mar a bheadh
beacha ag teacht is ag imtheacht ó chuirceóig. Agus adubhairt an
sagart leis féin “Sin deire le hóige agus obair mhaith curtha i
gcrích. Táiid siad go léir fé na lán chlúmh.”



Lár na bhárach, nuair a bhí sé saor ó ghach cúram taréis an
dinnéir, do chuaidh sé chun an bhosga agus an eochair na láimh aige.
Do bhuail sé ar an mbosga ach níor fhreagair aon rud. “Sin mar
a mheasas,” arsa sé leis féin. Agus d'osgail sé an bosga agus
measgtha ar fuighlach an nid do thuit an leitir isteach na láimh chuige.
“Amuidhe!” arsa sé nuair d'aithin sé an sgríbhneóireacht, “Leitir
ó'n Easbog! Agus féach an crot atá uirthi! Agus an fada thá sí
ann?”



D'iompuigh a lith ann nuair do léigh sé í.



“Philoméne,” arsa sé, “gaibh an capall go diair.”



Tháinig sí féachaint cad a bhí uaidh ar dtúis.



“Agus cad tá ort, a athair?”



“Tá an t-easbog ag feitheamh liom le trí seachtmhaine!”



“Tá thiar ort, mar sin,” ars' an tseanbhean.



Do bhí sé amuigh go dtí tráthnóna lár na bhárach. Nuair d'fhill sé
abhaile do bhí deallramh na síothchána air. Ach ní imthigheann an
tsíothcháin uaireanta gan duadh, agus deinimíd ár ndicheall chun go
bhfanaidh sí againn.



Nuair do bhí an capall sgurtha aige agus coirce tugtha aige dó,
do chuir sé a chasógh uime agus d'fholamhuigh sé an bosga nar thug
sé fiche éigin beartín abhaile leis ó'n mbaile mór. B'í sin uair a bhí
na héiníní ag innsint eachtraí an lae dá chéile ar bharraib na ngéag.
Do bhí cioth maith trom fearthainne tamaillín roimhe sin agus do bí
na braoníní uisge ag sileadh fós des na billeógaibh a bhí dhá suathadh
ages na fánaidhthibh beaga a bhí ag iarraidh inid maith cluthmhair fútha
i gcóir na noidhche.



Nuair d'aithnigheadar a gcara agus a máighistir ag siubhal ar an
gcasán gcaol, do thángadar anuas agus do thromadar ar fholuamhain
agus ar ghleo neamhghnáth a dhéanamh, agus na cíocháin úd na nide, na
cheithre cinn déag úd ná raibh an chlúmh ró dhlúth fós umpa, do
chromadar ar eitilt leo timcheall na gcrann péiríní don céad uair
agus iad ag scréachaigh don chéad uair fé aer an tsaoghail.



D'fhéach sagart paróiste Saint Philémon ortha mar a féachfadh
athair ar a chlainn óig ach b'shiní an fhéachaint mhín bhrónach mar a féachfí
ortha súd go bhfaghfí a lán dá nimshníomh.


L. 131


— Teánam, a chlann ó,” arsa sé, “mara mbeadh mise ní bheadh
sibhse anso, agus mara mbeadh sibhse dho bheinnse ós cionn paróiste
mhóir. Ach níl aon aithmhéala orm na thaobh. Níl pioc ar domhan.
Ach féach, ní gádh an gleo go léir chun bhúr mbuidhchais do ghabháil
liomh.”



Ansan do bhuail sé a bhasa go mífhoighneach.



Ní raibh a shúil le na mhéadughadh riamh. Ní raibh go deimhin.
Agus an nóimeat san féin do b'fhíor dó. Mar sin féin, ar maidin
lár na bhárach, taréis gan néal codlatha do theacht air, nuair a bhí
sé ag caint le Philoméne, adubhairt sé léi.



“An bhliadhain seo chughainn, a Philoméne, má fhilleann an
cíochán, ná dearmhaid gan é innsint dom. Tá sé pas beag ceatach,
gan dabht ar domhan.”



Ach níor fhill an cíochán ná an leitir mhór séileáltha le suaicheantas
an easbuig, ach chomh beag.



CORMAC Ó CADHLAIGH do chuir Gaedhilg air.



BUIDHE NA h-ÉIREANN LEIS AN MUIGHDIN MUIRE.



i.



Fé mhachairí ár dtíre ag dó' is ag léir-scrios
Bhí ceas-dhíormanna fíochmhara, bóiceach' ár námhad,
Gur athchuintigheamar ar an Ríoghain cómhachtaigh, caomhanta
Ár n-athardha do dhíon ar a smól 's ar a n-ár.
Stúir i mór-thuile í, 'gus díon d'ár gcrú
Siúr, ógh, buime, 'gus fíon-chaor súgh,
Lúth is leór-chuisle ár mbuidhean-laoch n-úr
Cúbam don Mhór-Mhuire seo 's ríogham í le liúgh!



ii.



Toisc anacail na Brídighe, seo sceól soirbh an laoi 'ndiu
Meabhl-amas doirbh, díscir Gall-shlóighte ar lár!
Gus calm-fhir is muintir na Fódhla fé fhiacha aici
Gan dearmad ar a caoine féil d'fhóir ar a ngá.
Nach díol cumainn dúinn an Ríobh gheal, óg?
Thug síth chughainn agus dísc ár ndeór
Is díon bruide d'ár dtír do sheol
Sí Ríoghan-Bhuime í do Rí na slógh!



MICHEÁL MAC CRAITH, C.Í.


L. 132


SEANMÓIN AR RÍOCHT DÉ.



An t-Athair Diarmhuid Ó Maoldhomhnaigh († 1887) do chéad-scríobh.
An t-Athair Liam Ó h-Uallacháin do sholáthair.



“Saothraighidh oraibh in uile ní Ríocht Dé” (Naomh Matha 6 caibidil).



Is chuige do cruithigheadh sinn go léir chun réir Dé do dhéanamh
'sa tsaol-so agus Dia shealbhú 'sa tsaol atá le teacht: creideann
sibh go léir agus admhuigheann sib an fhírinne seo. 'Sé freagra
bhúr leanbh é, nuair fiafhruighthear díobh cad chuige 'nar cruithigheadh
iad agus 'nar cuireadh ar an saol iad. Níl, go fiú na bpeacach
is measa na h-admhuigheann, gurb é gnó, is táchtmharaí ag an nduine
in a bheatha, ríocht na bhflathas do shaothrú agus le sin do dhéanamh,
aoibhneas marthannach do chur in áirithe dhá anam mhúirneach do-
mharbhuighthe, t'réis crích a bheith ar an saol-so, agus ar gach solás
dá bhfachtar ann. Anois ó táid Críosdaithe go h-iomlán ar aon
fhocal 'sa phuinnte-so, cad é an fáth n-a ró-fhánach duine in a measc
do shaothruigheann le lán-dúthracht ríocht Dé, ná a leanann le dian-
imshníomh na slighte tá fíor-riachtanach chun a fághala? Sé an fáth é,
mar atá furmhór dhaoine an domhain tógtha suas le gnótha agus
cúraim saoltha ag snámh i solás i saibhreas nó i ghradam
(? i ngradam), nó teimhlighthe (MS. tilihi) ages ná peacaí do
chleachtaid; ar chor go measaid gurbh obair chruaidh, mhi-thaithneamhach,
shár-dhuadhuil réir an Tiarna do dhéanamh, agus dá ngabhaidís ortha a
déanamh, go loitfeadh [san] a sult (sullh in MS.) go fórlíonta
agus go ndéanfadh sé cortha dhá saol iad.



Agus, an fíor go bhfuil réir Dé chomh do-dhéanta san? níl, gan
amhras, do bhrigh go ndeireann Íosa Críost linn (dúinn in MS.) go
bhfuil a chuing subhailceach agus a ualach éadtrom. Breithnighmís
láithreach an nídh so, mar is ceart é 'bhreithniú; cuirimís deagh-iomchar
agus droch-iomchar i gcomhmóradh le chéile, agus féachaimís ce'cu
do'n bheirt is suairce beatha — an té a chóimhlíonann go dúthrachtach
a bhfuil d'ualach air mar Chríosdaí nó an té 'dhiúltuigheann (yúllíon
in MS.) réir Dé do dhéanamh, do thréigeann slígh na maith-ghníomh
agus atá fé smacht ag a ain-mhiana? Áiteochaidh, do réir mar
mheasaim, réidhteach na ceiste-seo dhíbh, nach obair dho-fhulangtha réir
Dé, mar mheasaid mórán daoine a bheith, agus an diadhacht roimh a
bhfuil cradhscal aca, nách nídh é chun faitchís do chur orainn, ach nídh
ró-éifeachtúil chun taithnimh (tainniv in MS.) agus mian ar gcroidhtheacha
(crihacha in MS.) do tharraingt. Go dearbhtha, munar bhféidir duine


L. 133


d'áireamh 'na (1) dhea'-Chríosdaí nó 'na sheirbhíheach dílis do Dhia, gach
'á bhfuil 'na sheilbh, an uile ní' 'na gcuirtear suim ná spéir in sa
tsaol-so, a bhean, a chlann, a cháirde, a thigh (hih in MS.) a thalamh
agus iomlán ba mian leis a bheith aige — chun gan cóimhluadar do bheith
aige, ach leis an té chruthaigh é amháin, agus a bheith ag guidhe chuige ó
éirghe go dul gréine fé, agus an chuid eile dhá shaol do chaitheamh in
aithrighe i dtroscadh agus in uaigneas — admhuighim gurbh obair dhuadhúil
réir Dé do dhéanamh, agus dá mb'éigin [a] oiread úd do dhuadh [a]
déanta dh'fháil (2), gur mó dhe dhroch-mhisneach ná dh'fhonn (MS. younn)
do chuirfeadh sé ar dhuine cur chun a déanta. Agus ar a
shon san, dá mbeadh sé fíor-riachtanach ag duine an saothar úd
go léir do ghabháil air chun a anama shabháil, ba cheart dó a
ghabháil le h-ais go lán-toiltheanach seachas é 'chailliúnt, mar go
mbíonn (mara vionn in MS.) deire a gcomhnuí le haindeisí saolta,
agus ná beidh deire go deó le pianta ifrinn. Cédh'eadh (keyah),
glacaidh misneach, a dhriotháracha, árd-tiarna Dia d'órdúigeann dúinn
a réir do dhéanamh, tá fios ár lagachair aige, ní lorgann sé agus
ní iarrann orainn gabháil trí shár-shaothar, mar siúd, chun a aitheanta
do chómhlíonadh. Is féidir a réir do dhéanamh in gach slígh bheatha ná
fuil peacúil innte féin agus do rinneadar na mílthe romhainn í go
dúthrachtach do gach cinéal in goch céim, gairm, agus slígh' 'na
ránuigheadar (rangúidar in MS.). Leanadh, mar sin, gach n-aon,
don tslígh bheatha in a bhfuil sé, bíodh imnidheach in a ghnó, deineadh
bainistí maith ar a fhághaltas, cuireadh a chlann i gcrích, taisbeánadh
meas agus cumann da chéile, coimeádadh cuideachta dhá charaid,
cóimhlionadh a bhfuil d'fhiachaibh air mar dhea'-chomharsain, bíodh séimh
galánta in a iompar imeasc cáich, déineadh a bhfuil riachtanach chun
a shláinte dho bhuanú, agus chun suaircis do chur ar a aigne. — Níl só
go léir bun-ós-cionn le réir Dé. Ní choisceann Dia acht an t-aiteas
do bhíonn in aghaidh sholuis na céille do thug sé do'n duine; aiteas
agus ann-spás neamh-dhleathach — siúd is go mbeidís lamháltha séin — ba
cheart do dhuine a sheachaint, mar go mbíd (a vid in MS.) i gcomhnuí
díobálach dhá shláinte, dhá shuaimhneas aigne nó dhá strus, agus go
minic dhóibh go léir. Is mar seo atá an nídh — má aisthrigheann duine
ó dhróch-bhearta go diadhacht, cad é an t-athrú do chífar ann? Beidh
sé níos imshníomhaighe (iminihe in MS.) i gcóimhlíonadh gach a bhfuil
d'ualach air in a shligh bheatha; beidh sé níos folláine in a dheighleáil
leis an uile dhuine, níos dea'-aigeanta, níos ceannsa níos
so-chaidruithe (chodirha in MS.), muinnteardha, stuamdha, measardha
agus níos geanmnaí 'ná bhí sé riamh — feasda, ní baol d'éinne é. Is
fearr a fhocal anois mar gheall leis an bhfírinne, ná a leabhar go dtí
so. Má eirgheann an saol leis, beidh sé níos umhla (in MS. úilih):
má théidheann sé in a choinnibh, beidh sé níos foighní, an fheidhm (éim in
MS.) do chaitheadh sé ag beartú agus ag déanamh mí-ghníomh, caitheann



1 As a — Unless a person were to be reckoned a good Christian, whatever
he has in the world in such a way as to have conversation only with God,
and to be praying to Him from morning to night and to spend his life only
in fasting and penance, then …



2 If it were necessary to take or find such trouble in doing it.


L. 134


sé i mbunadhas agus i dtoirbhirt (deirivíort). Sé sin le rádh, — ó
dh'iompuigh sé 'na dhea'-Chríosdaí — gur b'omósaí (MS. oumasaí) dhe
mhac é, gur fearr dh'athair clainne, dhe chéile, dh'dhuine mhuinnteartha
agus dhe chomharsain é, agus gur tairbhí, ar gach aon mhodh, dhe bhall de
phuiblíocht é. Táid a ghnótha agus a ghníomhthra níos dea'-riartha agus
in ionad maith-ghníomhthra do dhéanamh le lom-dhéineacht (MS.
yeúnacht) saoltha mar a ghníodh, déineann sé anois iad chun glóire
Dé, agus sciamhann sé le h-ór na ngrást iad, ar chor go naomhann
sé, go fiú na nidhthe atá go laethiúil de chúram air a dhéanamh, leis
an intinn diadha le n-a ndeineann sé iad, go gcuirid ar aghaidh é i
mbealach a leasa agus go bhfoghnaid dó, chun a anama a shábháil.
An bhfuil aonní annso do bhéarfadh dí-mblas do dhuine ar dhiadhacht?
Cad tá ann le n-a measfaí go bhfuil réin Dé mí-thaithneamach ná
do-fhulangtha? Bfhéidir gur cruadhalach leat do dhuine a oibliogáidí
coitianta do chreideamh? An áirmheann (áríon in MS.) tú gur
duadhúil an obair t'urnaithe dho rádh ar maidin agus istoidhche? Dar
n-dóigh gan trácht ar an gcreideamh d'fhoillsigh Críosd dúinn,
taisbeánann ciall 2 nádúrtha dhon dúine (yon in MS.) go bhfuil sé
dh'fhiachaibh air adhradh, grádh agus baochas do thabhairt don té
chruthaigh é, do bhuanaigheann é agus óna bhfuair sé gach maith dhá
bhfuil aige láithreach, agus gach séan 'na bhfuil dóchus aige shroisint
(hreisúint in MS.) go bráth. Ní mheasann éinne, dhe chéill ná dhe
dhea'-aigne, gur cruadálach an nídh dho, meas a bheith aige ar charaid,
a bheith ómósach dhá athair dhá mháthair agus dhá uactaránaibh, onóir a
thabhairt don drong do thuilleann an onóir, agus a bheith dílis don
rígh; cad é an fáth mar sin n-a (= go) ndiúltóchadh (núllóch in MS.)
duine comharthaí adhartha (éirha in MS.) grádha agus baochais do
thaisbeáint dá Thiarna Dia, rígh neimhe (nivih in MS.) agus talmhan,
rogha na n-athair agus na gcarad? Cad é an fáth n-a mba loc (3)
leis guidhe go dúthrachtach chuige ar maidin agus istoidhche, a ghrásta
do roinnt leis insa bheatha-so agus a ghlóire sa bheatha shíoruí? An
áirmheann (aríon in MS.) tú go bhfuil an aithne ro-cruadhálach, do
cheanglann ort aifreann d'éisteacht agus an tsaoire 'choimeád?
Dar ndóigh ó thagann Íosa Críost gach lá dhíobh súd ó chúirt na
bhflaitheas mar mhaithe leatsa amháin, ní foláir go bhfuileann [tú]
dall ar a bhfóghnann dot'anam, má tá doic (4) ort, teacht chun fáiltiú
(MS. faillú) roimis agus é siúd d'onórú do bhéarfadh, bhféidir,
breithiúnas ort sul a bhfeicfeá aon Domhnach eile. An té chúm lá
agus oidhche, do bheir solus don domhan agus bhreacuigh spéartha le
réaltanna, do bí ughdarás fóir-líonta aige aon lá amháin de gach
seachtmain do naomhú chun a sheirbhíse féin, agus mar lá suaimhnis
don drong iomadúil ar a mbíon cruadh-obair. An gcuireann [tú]
síos mar oibliógaid dhian a beith d'fhiachaibh [ort] faoisdín do dhéanamh
id' pheacaí? Cuimhnigh (MS. cúinih) an uair a bhí taom throm theinnis
ort, nó géar-phian, cad é chómh luath-gháireach do bheithfá scartha leo;



3 MS. lok. loc G. luic a hindrance.



4 MS. duic doic difficulty (O'D.).


L. 135


cad é a mhéad do chaitheamh i ndiaidh sláinte do chuirp do bhi agat?
Agus an féidir ná beadh caitheamh i ndiaidh sláinte t'anama agat
agus ná déanfá (deuna in MS.) dícheall ar é 'shábháil ó dhamaint
shíosuí? An é an troscadh agus an tréadhnas d'órduigheann an Eaglais
is cúis ghearáin agat? Muna bhfuileann tú i gcumas troscaidh a
dhéanamh, ní cheanglann an Eaglais ort é, agus má táir, cad é an
fáth n-a ndiúltóchta (MS. nuolloha) a dhéanamh ar son t'anama an
tráth a ghníd (MS. néid) na mílte go laethiúil, ar son a gcuirp é?
Ní h-é amháin ná caithid aon bhiadh do choscaid na dochtúirí ortha, acht
slogaid na stuifeana is déistiniúla d'órduighid dóibh. Abair an é
a bheith dh'ualach na nithe seo do chómhlíonaodh fé ndeara dhuit a mheas
gur chuing throm cuing an chreidimh? Ní féidir dhuit a mheas. (5) Ach
dhá mb'fheidir réir Dé agus an deamhain do dhéanam in aonfheacht;
dá lamháltaí dho dhuine a bheith uaibhreach agus umhal, a bheith
maithmhitheach agus díoghalthach (MS. mafihach and díollach) naomhtha
agus droch-gníomhach — sé sin dá mbfhéidir solus agus dorchadas,
flaithiúnas agus ifreann do tháthú (MS. háhú) le chéile, annsan ní
h-airmeóchthaí (MS. hairóhí), go mbeidís oibliogáidí an chreidimh thar
chumas a' duine a gcóimhlíonad ach, mar nách féidir réir Dé do
dhéanamh gan bheith umhal geanmhnaí measardha, agus gan na
hanmhianta do chlaoidheadh. Sin é fé ndeara dí-mblas a bheith ar a'
gcreideamh; sin é an fáth n-a meastar gur b'ualach nách féidir [a]
fhulang é. Ach cad é an t-adhbhar n-a measfaí sin? nár cheangladar
na mílte do bhí ó nádúr chomh mór-chaitheamh i ndiaidh a suaimhnis
agus sólásaí an tsaoghail agus atáimíd-ne, iad féin, chun, ní h-é
amháin, aitheanta an tsoiscéil ach, fós, chun na comhairleacha atá ann,
do chóimhlíonadh? Nár chleachtadar na mílte, óg agus aosda d'fhir
agus do mhnáibh in sna slighte beatha 'na ránuigheadar (MS. ranguidar)
na subháilcí críosdúla, agus ná fuaradar amach go mba é (MS. go
mo yé) a séan agus a rath réir Dé do dhéanamh go buan-tseasamhach?
Ní foláir mar sin ná fuil cuing an Tiarna chómh muirighneach (6) a's
do meastar 'sa choitiantacht, de bhrí', an muinntear d'iomcharann í,
go bhfuil sí éadtrom, agus ná gearánann éinne ar a troime ach an
drong do dhiúltaigheas (MS. yullíos) í' iomchar. Chun a fhagháil amach
an féidir réir cheann-urraid do dhéanamh nó nách féidir, ní foláir
dho dhuine féin a thástáil, nó fhiafraighe dhen té ag a bhfuil [a] fhios.
Anois, na daoine go h-iomlán do chaith a mbeatha go rialtha,
deimhnighid dúinn ná fuil aon comhmóradh ag an aiteas do fuightear
(MS. fachtar) i sásamh na n-ainmianta leis an sólás do gheibhtar i
ndéanamh réire Dé. Ach ná fuil cruadháil ar bith le fulang ag an
muinntir do chuireann suas do dhlí' Chríost do leanúint, agus do
thugann iad féin do dhéanamh droich-bheart? Nó, tugaimís fé ndeara,
cia'cu is troime an t-ualach do ghabadar ortha, nó an t-ualach do
dhiúltuigheadar (MS. yullhidar) d'iomchar.



(Ní Críoch.)



5 Perhaps that's it — one never can tell.



6 MS. muirínioch-muirighean O'D. a burden.


L. 136


CUSTOS, QUID DE NOCTE?



CÚRAM NA N-ANMANN — II.



Donnchadh Ua Loingsigh d'aistrigh ó'n bhFrainncis é.



An sagart do sna hanmannaibh: Sín é an gnó atá ceapaithe dhó,
sin í a ghairm-beathadh, sin é a churam; tá annso a dhualgas iomlán
i dtaobh Dé agus daoine.



Is déine 'ná sain fós an dualgas, nuair a bhíonn cúram na
n-anmann ar an sagart, nuair a cuirtear cúram anmann áirithe air
agus bíonn sé toiltheanach chun an gnó sain a dhéanamh.



Deintear léiriú cruinn ar a dhualgas i sna focail seo leanas:
“Christus natus passus, mortuus,” a mhínigh Naomh Pól dúinn:—



“Ego impendam et superimpendar ipse pro animabus vestris.”



Tá cúram na n-anmann air, is ionann sain is a rádh go ngabhann
sé air féin na hanmanna a shlánú.



Tá ceangal dian daingean air iad a threorú ar shlighe a leasa
go flaithis Dé. Tá sé freagarthach ionnta, agus beidh sé freagarthach
ionnta i láthair Dé.



Is air atá cúram na n-anmann, na hanmanna áirithe seo ar
leithligh.



Is chuige sin deineadh sagart de; tá sé ceapaithe dhó iad a
slánú.



Uime sin, is dóibh san is dual, dé, urnuighthe, fulang agus beatha
an tsagairt.



Ní'l le déanamh aige ach aon nidh amháin anmanna a phobuil a
shlánú.



Ní hiarrfaidh Dia cúntas air, ach amháin ar a mbeidh déanta tige
thar a gceann. Slánú na n-anmann, is é sin a ghnó agus sin
amháin — is leis na hanmannaibh é.



Tá ceart ag a thréad chun na sacrámuintí i gcóir a slánuighthe,
ní mór do'n tsagart friothálamh ortha, pé uair iarrtar air é, agus
cúis leis. Ba cheart dó a bheith ullamh chuige sin i gcómhnuidhe.



Baineann sé le n-a dhualgas a bheith i láthair chun an lón beathadh
a sholáthar dóibh, mar anam-chara — chun ial a théagasc, chun cabhruighthe
leo. Is é is ceart dó a bheith ann, i láthair Íosa 'sa naomh-
shacrámuint, agus i n-aoinfheacht Leis ag tabhairt maitheamhnachais
i sna peacaíbh.



Ní mar bhíonn an ceannuidhe 'san oifig ar uairibh áirithe, is
ceart do'n tsagart a bheith ann, ach gach neomat de'n lá. Is ceart


L. 137


dó bheith i láthair, “inter vestibulnm et altare,” chun a bheith ag caoi,
ag fulang, ag déanamh leorgnimh chun Dé i sna peacaíbh agus
an tarrang na n-anmann ar shlighe a leasa, go bórmhór nuair ná
tagaid siad siúd 'ghá iarraidh ná a d'iarraidh Íosa.



Tá ar an sagart, aireachas a thabhairt do sna daoinibh breóithe
agus ní hé aon uair amháin, ná fé dhó é, ach go dtí go mbíd siad
slán, nó go n-imthighidh siad ar shlighe na fírinne.



Bíodh tosach aige ar chách ag sna tráchanaibh. Baineann sé le
gnó an tsagairt a bheith, deagh-shomplach ag solamhnú rúindiamhra an
chreidimh agus gnás na heagailse, agus a bheith ann chun adhlachtha na
marbh.



Is le n-a thréad an sagart “usque ad effusionem sanguinis
inclusive.”



Ní fhéadfadh sé diúltú do'n dhualgas so, ná a leath-scéal do
ghabhail i n-a thaobh. Is féidir go ndéarfadh an t-adhbhcóide agus
an liaigh ná raibh aonnídh le déanamh aca, ná aon ghlaodhach ortha, ach
ní hamhlaidh sin do'n tsagart. Is cuma cad é an méid daoine a
bhíonn ag brath air, tá sé freagarthach ionnta. Ní'l sé i n-a shagart
i n-aonchor ach do sna hanmannaibh, agus táid siad sain ann i
gcómhnuidhe, agus is é a slánú atá ceapaithe dhó.



Ní saorfar é féin ach tré anmanna a shlánú; ní dhéanfaidh sé
Dia a ghlóiriú ach tré iad a shlánú.



Nach éachtach an cúram é seo! agus a chomhthrom da thoradh air
ar feadh na síorruidheachta.



An t-easbog i n-a fhairche féin, an sagart i n-a pharráiste na
manaigh atáid i n-a n-uachtaráin, nó ar cheann chumainn, phobuil, nó
úird, tá ortha a ndaoine féin, na daoine atá fé n-a réir a chur ar
leas a n-anmann.



Foirbhtheacht agus slánú na n-anmann thar gach uile nídh, fiú
gnó an tsoiscéil féin. Is mó is fiú an duine 'ná an obair, agus
is mó le rádh é 'ná aon tsaghas oibre. Tá sé ceapaithe do'n
tsagart anmanna a shlánú. Tá an gnó céadna le déanamh aige,
is a dhein ár dTighearna; ní'l aon difridheacht idir an dá ghnói



“Fe mar do sheol an t-Athair mise, seolaimse sibhse.”



Ba cheart do'n tsagart chur chun a dhualgais a chóimhlíonadh, ní'l
aon dul as aige. Tá a bheatha shíorruidhe ag brath air:— “Sin í an
fhírinne ghlan.



“Nos vero orationi et ministerio verbi instantes erimus,”
adeir Naom Peadar linn:— “Ite docete omnes gentes.” Úrnuighthe
gan sos, gan stad; an portus; naomh-íodhbairt an aifrinn, is aroile.



Seanmóineacht, teagasc — teagasc ar an ealadhain, agus ar an
eoluidheacht an eadh? Ní headh, i n-aon chor!



“Misit illos prœdicare verbum Dé.”



An bheatha síorruidhe, an fhírinne mharthanach agus gan dul
thársta. Sin é an clár oibre a cheap ár dTighearna. Ba mhaith an


L. 138


ceart. Do é, gan amhras, agus ní fhéidir d'éinne' atharrú a dhéanamh
air. Chuir sé an teagasc mar dhualgas ar an sagart.



“Socete.” Órdú is eadh é seo. Go deimhin is é an clár
oibre céadna a bhí ag Dia féin. Dia i gcómhnuidhe, Dia moch mall,
agus a riachtanaighe tá sé ár n-anam a shlánú. Is mar sin do thuig
na hapstail é; is amhlaidh a thuig na fíor-shagairt a tháinig i n-a
ndiaidh é.



Tá ar an sagart do labhairt agus do theagasc. Ní'l comhacht
sa domhan a fhéadfadh an ceart sain a bhaint de “Non possumus non
loqui” — “Verbum Dei non est alligatum.”



Ní fhéadann baoghal ná bagairt é cosc ar labhairt, agus is
amhlaidh is ceart an scéal a beith. Má leigeann sé briathar Dé ar
ceal, tugann sé faillighe ar a dhualgas, agus ní dheineann sé rud
ar a choinsias féin. Coimeádann sé maitheas ró-mhór ó sna
hanmannaibh, mar ní thugann sé solus na fírinne dhóibh, agus fágtar
ar mearbhall fé dhorchadas an aineolais iad. Deintear éagcóir
ortha mar sin, mar tá ceart aca chun na fírinne agus is ar láim
an tsagairt tá sí. Cuirtear i dtaisce aige í, agus iachall air í
bronnadh ar na hanmannaibh. “Docete.”



Tá sé de dualgas orainn éisteacht le briataraibh an tsagairt,
agus rud a dheanamh air chun ár slánuighthe; “An té chreidfidh,
saorfar é,” agus ó's rud é gurb' é ceart na n-anmann Briathar Dé
a chlos, mar is air táid ag brath chun a slánuighthe, tá sé dhualgas
ar an sagart teagasc a dhéanamh.



Is comhacht é seo. Agus ní'l a shárú de chomhacht ann. Is mó
de'n chomhacht so ag an sagart 'ná ag aoinne' eile, mar is aige
atá briathar Dé; is aige atá an fírinne. Ó'n áit is ísle tá comhacht
ag briathar an tsagairt go gcaithfidh an domhan géilleadh dhó.



Bhí a fhios sain ag an Sanedrin; bhí a fhios sain ag gach namhaid
malluighthe d'á raibh riamh ag an Eaglais.



“Coiscimís iad ar labhairt! Leigfimís dóibh imtheacht saor ach
gan Íosa de Nasaret do sheanmóineacht a thuilleadh.” D'innis a
dtuigsint féin do sna hapstolaibh agus do sna sagartaibh dílse a
tháinig i n-a ndiaidh go raibh an comhacht agus an ceart sain aca, agus
freagraid: “Non possumus non loqui! Verbum Dei non est
alligatum,” agus imthighid siad agus seanmóinid an bás gan scáth
gan eagla, agus fuasclann an bás céadna an domhan.



Daoine a bheadh ag brath ar chaothamhlacht na haimsire, agus an
oiread comhachta aca is a bhí ag sna hapstolaibh féin, is é
chomhairleochaidís dóibh siúd, ná gan a labhairt chomh árd chomh dána
sain, ar eagla go loitfí obair an tsoiscéil. Chomhairleochaidís dóibh
an nidh céadna a chleachtaid siad féin indiu, agus ní mar chosaint ar
an eaglais é, ach ar mhaithe leo féin.



(Ní Críoch.)


L. 139


OIDE MÚINTE NA mBOCHT. — III.



DE CHÓMHARTHA NA CROISE.



CEIST. — Cad é an fáth go múintear dhúinn comhartha na croise
do dhéanamh?



FREAGRA. — Chun Thríonóid Dé, incolna agus bás ár Slánuigh-
theora do chur i gcuimhne dhúinn.



TEAGASC. — Is le comhartha na croise aithnightear na Críostaithe
ó lucht an díth-chreidmh — níl ann acht mar bheadh aithghearra an chreidimh,
len a admhuighimíd príomh-rúindiamhara an chreidim chríostúla mar
atá aondacht agus Tríonóid Dé, ioncolna agus bás ár Slánúitheorá,
óir an tan deirimid “I n-ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spioraid Naoimh” — admhuighimíd ár gcreideamh in aon Dia agus i
dtrí mpearsanaibh; agus an tan déinimíd comhartha na croise,
len a linn sin, admhuighímid ár gcreideamh i gCríost Céasaithe, mar
“níorbh ceart glóire in aon nídh níos mó 'ná in Íosa agus é sin
céasaithe.” (Gal. 6, 4.) I dtúis agus i ndeire ár n-úrnaithe
deinimíd comhartha na Croise; dá chur in iúl, nách féidir dhúinn aon
nídh d'fháil ó Dhia, acht tré idir-ghúidhe agus mór-luachtaibh Chríost
chéasaithe. Is gnáth nós, mar a' gcéadna, ag an Eaglais i
bhfreasdal na Sacramúintí, comhartha na Croise do dhéanamh dá
cur i gcéill gur ó pháis agus ó bhás Chríost brigh agus feartanta (?a
mbrigh agus a n-éifeacht). Déantar comhartha na Croise ar ár
n-éadan agus ar ár n-ucht ins an mbaiste, agus ceangaltar orainn
an comhartha san d'iomchar in ar gcorpaibh ar feadh ár mbeatha.
Is le brígh an chomhartha naomhtha so díbrightear na h-ain-spioraidí
agus thug Naomh Labhrás radharc don dall, agus déanadh mórán de
mhíorbhuilthibh eile. Beir comhartha na Croise neart agus comairighe
dhúinn i n-aghaidh taithighe agus cleasa an Aibheorseóra (Áirseóra)
agus i n-aghaidh draoíachta agus dubh-chluaine na ndroch-dhuine. Is
follus as an leabhar a scríobh Tertullian, d'ár abhainm “Coróin
an Ridire” cad é searc agus sár-mheas na gCríostaithe don
gcomhartha dhiadha-so, mar a n-abrann [sé] san 3° caibidil “an tan
théighimíd ar thurus nó ar theasdail, ag gabhail amach nó ag filleadh
abhaile, ag cur urraidh nó éadaigh orainn, ag cainnt nó ag comhradh,
comharthaighmíd ar n-éadana le comhartha na croise.” Tagann
Naomh Crisostom leis an úghdar gcéadna, ag rádh “bíodh comhartha
na Croise in ár dtighthibh, ar ár bhfuinneógaibh, ar ár n-éadanaibh
agus in ár gcroidhthibh le lán-chaon-dúthracht”: má fiafraightear,
uime sin, díot ca shoin thosnuigh an nós-so, freagair gurb é
gnáth-bhéaloideas na h-eaglaise é, gurb é gnáth-theagaisc na sean é,
agus gurb é síor-chleacht an creidimh é.


L. 140


FOIRCHEADAL. — Tabhair, dá bhrigh sin, a Chríostaithe, an urraim
is dual do chomhartha naomhtha na croise. An féidir duit dul tar
fóir ag mola' agus ag mór-mheasa' Íosa a céasadh. Cuireann
comhartha na Croise a pháis agus a bhás i gcuimhne dhuit. Ní féidir
dhuit é' dhéanamh ró-mhinic, de bhrigh go n-onórann tú a bhás agus go
n-admhuigheann tú do chreideamh agus d'adhra' ins an Tríonóid ró-
naomhtha gach uair a chomharthaigeann tú thú féin le comhartha na Croise.
Is é seo fáth an nóis-seo, mar is eól don uile Chaitiliceach ón óige.
Beidh comhartha na Croise go lonnrach ins na flaitheasaibh ar an lá
ndéanach, ag méadú aitis agus aoibhnis na Naomh a thug urraim di,
in a mbeatha agus ag gearra' gruig (? griogadh) agus groid-phianta
na mallaitheórí a thug dí-mheas agus tarcuísne di, ins an tsaoghal-so.
Agus fé mar a chonnaic Conn Mór (Constantine) comhartha na Croise
ins an aer agus na breithre so bearrtha ar a beannaibh “ins an
gcomhartha-so béarfair bua'” mar a' gcéadna, is féidir a rádh
leat-sa, a Chríostaí, ins an gcomhartha-so béarfair bua' ar namhadaibh
d'anama agus tuillfidh tú coróin glóire i Rioghacht na bhflaitheas.



AN t-ATHAIR LIAM Ó h-UALLACHÁIN do sholáthair.



PÁPA NA RÓMHA.



i.



Molad go deó leat, a Phápa na Rómha!
A fuair gradam a's chómhacht ó Íosa,
A's geallamhaint ná buadhfid aingil an uabhair
Ar Eaglais an Uain dhil choidhche.
Do tugadh ad' dóid duit eochair an óir
Chun go n-osgalófá 'gus ná dúnfí,
Agus eochair 'n-a h-aice do dhúnfadh go daingean,
'S ná casfidh do mhalairt-se ar gcúl í.



Corus.



Moladh go deó leat, a Phápa na Rómha!
A fuair gradam a's chómhacht ó Íosa,
A's geallmhaint ná buadhfid aingil an uabhair
Ar Eaglais an Uain dhil choidhche.



ii.



Dhein Íosa dhíot carraig, a's chuir sé n-a seasamh
Ar an gcarraig sin, Eaglais Mhúirneach,
'S is cómhdheas do'n charraig sin neamh agus talamh,
Bás agus beatha, sa n-iompar.


L. 141


Do chonaic na fathaigh, anáirde ar an gcarraig,
'N-a seasamh, an Eaglais mhúirneach,
Do ghlacadar fearg a's fuath di go tapaidh,
A's gráin ar a taithneamhacht úr-ghlan.



Mholadh go deó leat, &c.



iii.



D'eirigh na fathaigh ag búirthig 's ag sgreadaigh,
Ag raobadh 's ag creachadh 's ag múchadh.
Bh' áil leó an charraig do stracadh as an dtalamh,
Í brise 's í sgaipe n-a brúsgar.
Do tháinig na h-aicmeacha díbeartha, damanta
Ainíos as an bpoll, ag cabhrú leó.
Ac do brúghadh a's do basgadh i gcoinnibh na carraig iad,
Fé mar a gealladh ar dtúis duit.



Mholadh go deó leat, &c.



iv.



Do thusnuigh an chaismirt nuair a deineadh díot carraig
A's do cuireadh ort Eaglais mhúirneach.
Ní stadfidh an chaismirt go crích deire an catha,
Nuair a tabharfar ar na fathaigh breitheamhantas,
'Ghá gcur féin a's na h-aicmeacha díbeartha, damanta,
Síos, mar a bhfanfid siad, dúnta;
'Gh at' chursa, a Charraig, lastuas ins na flathais,
Thu féin a's an Eaglais múirneach



Mholadh go deó leat, &c.



AN t-ATHAIR PEADAR do chum.



[Deir an t-Athair Pádraig Breathnach, C.M., gur oireamhnach an
fonn: “Follow me up to Carlow,” do'n amhrán so. Tá an fonn
san le fagháil san leagan nuadh de “Cheol ár Sinnsear” (Brun &
Nualláin).]



CÉASTA ÁR SLÁNUIGHTHEÓRA.



D'ár ndeasgaibh, 'seadh, leig Mac Dé na deilgnidhe
I maol a bhathais chínn sáite,
Spara glas géar n'a thaobh isteach go croidhe,
Agus é céasta i mbara cruinn táite,
Caise glan naomhtha téacht a'lár a chroidhe
Agus a ghéaga geala tínn tnáithte,
Ar shleasaibh an tsléibhe gan aon d'á charaid puinn,
Ach a créachta leathta le gaoith Mhárta.



AN t-ATHAIR S. SIONNAIGH, Baile Mhúirne, do Sholáthar.


L. 142


SEANMÓIN AR AONDACHT NA h-EAGLAISE.



“Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so; agus
ní fuláir dom iad san do thabhairt liom, agus éistfid siad lem'
ghlór, agus beidh aon chró amháin ann, agus aon aodhaire amháin.”
(Eóin x.)



A Dhearbhráithreacha,



Nuair a bhí ár dTighearna Íosa Críost ar an saoghal so, cuir Sé
eaglais ar bun a bheadh ann go bruinn an bhrátha. Eaglais a b'eadh
í ná buadhfadh geataí ifrinn uirre, mar do thug Íosa Críost féin an
gheallamhaint uaidh go mbeadh Sé 'na teannta i gcómhnuidhe: “Feuch,”
ar Seisean le na asbolaibh, “táim-sé in bhur bhfochair tríd na
laetheanta go léir go dtí críochnughadh an t-saoghail.” (Mátha 26.)



Rud eile, ní h-é amháin go seasóchadh an eaglais sin i
gcómhnuidhe, acht bhí sé i ndán di fós leathnughadh amach ar fuaid
an domain mhóir uile imeasg na náisiún go léir. B'shin é toil Íosa
Críost. B'shin é an t-órdúghadh a thug Sé uaidh, “Téirighidh agus
déanaidh gach uile phobal a theagasg.” Léightear againn 'sa
tSoisgeul cionnus mar a deuntar comparáid idir shíol an mhustáird
agus an eaglais. Isé síol is lugha ar fad síol an mhustáird, acht is
éachthach an borradh a thagann air. I rith na h-aimsire fásann sé
suas ón dtalamh 'na gcuirtear é 'na crann bhreágh, mór, leathan-
chraobhach. Mar sin do'n eaglais; ar a cur ar bun d'Íosa Críost,
ní raibh ach fíor bheagán daoine ar dtúis a chreid innte nó a chuir
aon t-suim innte, acht do leathnuigh sí amach diaidh ar ndaidh ag dul i
méid agus i líonmhaireacht le cómhacht Dé, agus tá sí ag leathnughadh
fós, agus treabhacha nuadha daoine 'ghá dtarroingt isteach aice ar
eólas a Slánuightheóra. Ins 'na laethibh seo féin, tá an Soisgeul 'ghá
chraobhsgaoileadh 'sa tír mór, fairsing, págánta san ar a nglaodhtar
an tSín, agus 'na bhfuil cheithre cheud milliúin de dhaoinibh ag
feitheamh fós le solus na fírinne agus le briathar Dé a bhriseadh
dhóibh; agus is oad sagairt dhílse, dhúthrachta ón ár dtír féin atá i
mbun na h-oibre glórmhara so Go dtugaidh Dia neart dóibh le
fóghmhar maith, fairsing, torthamhail a bhaint 'sa bhfíonghort so an
Thighearna.



Nuair bhí na h-asboil bailighthe le chéile timcheall ar ár
dTighearna Íosa Críost thug Sé a aghaidh ar Pheadar (nó Símon mar
do ghlaodhtí air go dtí san). Is é rud a chialluighean an focal san
Peadar ná carraig. Dubhairt Íosa leis “is tusa Peadar agus is
ar an gcarraig seo a chuirfead-sa suas m'eaglais, agus tabharfad


L. 143


duit eochracha righeachta na bhflaitheas. Déan m'uain do chothú; déan
mo chaoire do chothú.”



Déanann-sé comparáid idir Pheadar agus carraig chun a chur
i n-iúil go mbeadh cloch-bhuin daingean fé n-a eaglais. Dubhairt
Íosa le Peadar go dtabharfadh Sé eochracha na bhflaitheas dó,
sé sin le rádh gur thug Sé cúram anmann na gcreidmheach uile do
Pheadar. B'é Peadar an cheud cheann a thoigh Shé ar a eaglais féin,
agus, dá chómhartha sin, do b'é le h-ómós agus le h-úmhluigheacht do
Pheadar agus dá theagasg go bhfuigheadh na creidmheacha uile a
n-anmanna do shábháil agus righeacht na bhflaitheas a shroisint; bhí
cómhacht na n-eochrach, mar a déarfá, aige Peadar, agus ní bhainfeadh
sé an glas de'n doras ach amháin dóibh siúd a bheadh ómósach, agus
a chuaidh i dtaithighe ar theagasg Íosa Críost agus a chuir an teagasg
sin i ngníomh.



“Déan m'uain do chothú, déan mo chaoire do chothú,” a dubhairt
Íosa; agus, ar an adhbhar sin, do b'é Peadar a roinnfeadh biadh
ar an eaglais. Fé mar ná fuilingeóchaidh an corp i bhfad i
n-easnamh bídh, ní sheasóchaidh an t-anam ná an eaglais ach an oiread.
Bhí ar Pheadar biadh spiriodálta, soisgeul Íosa a thabhairt do'n
eaglais agus dá lucht leanmhana. B'shin é an biadh le na
gcothóchaidhe iad; dá bhfuighidís bás agus n-eughmuis an bhídh sin, do
b'é an bás síorruidhe a bheadh i ndán dóibh.



Dubhairt Íosa fós na focla sin a luadhas libh i dtosach mo
sheanmóna, “tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so,
agus ní fuláir dom iad sin do tabhairt liom, agus eistfid siad
lem' ghlór, agus beidh aon chró amháin ann, agus aon aodhaire amháin.
Ní bheadh ann dá réir sin, ach aon fhíor-eaglais amháin, aon chró
amháin, agus aon aodhaire amháin, agus dubhairt Íosa go gcaithfear
na caoire eile thabhairt isteach chum go gcóimhlíonfaidhe an rud sin.



Tuigtear díbh a dhearbhráithreacha, ó'n meud atá ráidhte cheana
féin agam, cionnus a bheadh an eaglais sin riaghluighthe, órduighthe.
Do'n aon cheann amháin a bheadh uirre, do b'éigin dos na creidmheachaibh
uile bheith dílis, buan t-seasmhach, úmhal go dtí deire na h-aimsire.



Duine ámhthach, mar éinne againn féin a b'eadh Peadar 'sa
meud ná mairfeadh re acht tamall. Bhí sé chum bás d'fhághail chómh
maith le cách eile, ach sheasóchadh an eaglais 'na dhiaidh do réir
gheallamhna Íosa Críost go bruinn an bhrátha. Bheadh comharbaí,
dá shon sin, aige Peadar agus iad ag stiúrughadh na h-eaglaise ar
a leas síos tré na h-aoisíbh. Mar tá a fhios agaibh, is é an
cómharba Pheadair san ná an Pápa, ceann so-fheicsionach na
h-eaglaise.



Sheadh, agus fé mar fuair na h-asboil eile an t-órdughadh an
Soisgeul a chraobhsgaoileadh ar fuaid an domhain, agus iad 'san
am gceudna bheith géilleamhail do Pheadar mar cheann dlisdionach a
bhí toghtha le Dia ar talamh orra, is é an sgeul ceudna é aiges na
h-easbogaibh agus na sagartaibh 'san eaglais, mar is iad atá 'na


L. 144


gcomharbaíbh ar na h-asbolaibh eile. Tugtar furálamh diadha dhóibh
an soisgeul a chraobhsgaoileadh agus iad a bheith ceannsuighthe san am
gceudna do chathaoir Pheadair, mar do réir focal íosa, ní raibh ac
aon chró amháin, agus aon aodhaire amháin le bheith ann.



A dhearbhráithreacha, is mar aon iad an creideamh agus an
fhírinne. Ní féidir do dhá ábairt atá i gcoinnibh a céile beith
araon fíor 'san am gceudna. Is éigin d'ábairt acu bheith fíor
agus d'ábairt eile bheith breugach. 'Sa t-slighe ceudna ní féidir
do dhá chreideamh atá i gcoinnibh a chéile bheith fíor mar níor cuir
Íosa Críost acht aon eaglais amháin agus aon chreideamh amháin ar
bun. Ní fheudaimíd é chasadh mar asmhuchán le Críost, go h-áirighthe,
gur tháinig sé ar an saoghal so chum sinne do chur amugha. Ní
fheudaimíd é chasadh leis gur chuir sé dhá chreideamh atá i n-earraid
le chéile ar bun. Ní'l, dá réir sin, ac aon fíor-chreideamh amháin
ann. Ní'l ach aon chreideamh amháin a tháinig anuas go cruinn beacht
ó lámhaibh Dé.



Is é Dia bun agus bárr na fírinne féin, agus ní feudann sé
sinne a mhealladh níos mó ná d'fheudfadh sé bheith meallta againn.
Ní fheudann sé dhá rud atá í gcoinnibh a chéile a rádh linn mar an
fhírinne. Ní fheudann sé a nochtadh dhúinn gur ab é an Pápa fear
ionaid nó Bhiochaire Chríost ar talamh, agus a rádh fairis sin gur ab
Aincríost é. Ní fheudann sé a chuid fhocal féin a shárughadh i dtaoibh
Sacraimeinte Naomhtha na h-Altóra a chuir sé ar bun, 'ghá innsint go
glan, soilléir dúinn go bhfuil sé fá láthair fé ghnéithibh aráin agus
fíona 'sa tSacraimeint ion-adhartha sin. Ní féidir do tarraingt
siar agus a innsint fós dúinn nách bhfuil ann ach arán agus fíon.
Ní fheudann sé a rádh gur ab é íodhbairt naomhtha an aifrinn an
íodhbairt is mó agus is aoirde le fághail mar gur ab é leanamhaint
ar íodhbairt mhóir-luaich na croise é, go bhfuil a chuid fola agus
feóla féin 'ghá n-ofráil ann, agus a rádh 'san am gceudna nách
bhfuil ann ar fad ach íodhaldacht 'ghá chleachtadh againn. Sin é
teagasg mórán, a ghlaodhann Chríostuidhthe orra féin, nách bhfuil
ann ach arán agus fíon, ach breugnuigheann siad focail Íosa Críost
féin.



Is mór an chúis bróin é do gach aon Chríostuidhe dhílis na
h-achrainn iol-iomadacha i righeacht Chríost ar talamh i dtaoibh an
chreidimh. Ní'l sé do réir tola Íosa Críost go mbeadh daoine ag
breugnughadh a chéile, faobhar orra go minic, agus iad ar chéasaibh
a chéile a d'iarraidh an lámh uachtair d'fhághail. Ní'l sé do réir
tola Íosa Críost crut nuadh ar a dheis féin 'ghá cur ag an duine
seo agus an duine siúd ar an soisgeul, mar ní soisgeul Íosa
bheadh ann feasda ach buille-fé-thuairim dhuine éigin bheadh 'ghá chasadh
ar a shlighe féin gan aon úghdarás.



Caithfear ughdarás a bheith leis an gciall a bhaintear as an
Sgríbhinn Diadha, agus 'sé an t-úghdarás sin — agus an t-aon
úghdarás amháin ar dhruim an domhain iseadh é — ná an eaglais a chuir


L. 145


Íosa Críost ar bun chum a theagasg agus a briathra d'fhoillsiúghadh
agus do sgaipeadh imeasg cineadhach an domhain. “Gach righeacht a
bheidh deighilte 'na coinnibh féin, déanfaidh fásach dí. Tuitfidh tigh
ar thigh,” a deireann Naomh Lúcás. Isí Righeacht Dé eaglais Íosa
Críost, agus is le neart an aondachta fé choimirce Dé a bhíonn an
beatha agus an bhuaidh aice ar nós aon righeachta eile.



An gádh iongantas a bheith orrainn gur ghuidh ár dTighearna
tamall ghairid roimh dhul chun báis dó do'n aondacht so bheith ann?
“Agus ní h-ar a son amháin, ámhthach, atáim ag guide, act mar an
gceudna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionnam tré na mbriathar;
ionnas go mb' aon rud go léir fé mar ataoi-se, a Athair, ionam-sa,
agus mise ionat-sa; go mbeidhdís seo 'na n-aon ionainn i dtreó go
gcreidfeadh an saoghal gur chuiris-se uait me. Agus an soill-
siughadh do thugais-se orm-sa, do thugas-sa ortha so é, ionnus go
mb' aon iad fé mar is aon sinne.” (Eóin xvii. 20, 21, 22.)



Ní'l ach an t-aon eaglais amháin go bhfuil i dteidiol aice an
cómhartha so, 'se sin, cómhartha an aontachta. An eaglais
Catoiliceach an eaglais sin. Is aice amháin a bhfuil call ar an
aondacht maordha so gan cáim. Is aice amháin atá an creideamh
ceudna 'ghá fhógairt gan aon chlaochlódh, gan aon mheath air, ins gach
aois agus ins gach uile áit — aon Tighearna amháin, aon creideamh
amháin, aon baiste amháin, aon Dia amháin, ár n-Athair atá ar neamh.



Is aice amháin atá an creideamh beó, bríoghmhar mar níor briseadh
riamh an snadhm. D'fhan sí fíor-dhílis anuas tré na h-aoisibh ó chuir
Íosa ar bun í, agus Peadar i gceannas uirre. Is aice amháin
atá an íodhbairt naomhtha cheudna 'ghá ofráil a gcómhnuidhe, agus na
seacht sacraimeintí ceudna 'ghá dtabhairt do'n pobal pé áit a
bhfuilid 'sa domhan. Níor diúltuigh sí riamh do thoil ná do briathar
Íosa Críost ar nós a h-eile acu a thréig é. Na teagaisg is
tábhachtaighe 'san eaglais, na sacraimeintí, an tslige riaghluighthe
atá aice, agus teagaisg eile nách iad a cuireann smacht ar
ainmhiantaibh na colna, táid go léir fá cheist agus dlighe Dé dá
masladh agus dá raobadh, dá dheascaibh sin, ins gach áit ar cuireadh
nimh mharbhuightheach an ainchreidimh agus an chreidimh Ghallda chum
daoine a chur ar a n-aimhleas agus a baint dá dtreóir.



Gan trácht i n-aon chor ar spiorad Chríost atá ag tabhairt anama
agus beódhachta do'n eaglais, is é cómharba Naoimh Peadar bun
agus príomh-fáth an aondachta in ár n-eaglais ghrádhmhar féin — an
eaglais naomhtha, Chatoiliceach. Is fá n-a réim siúd a riarann agus
a threóruigheann easboig an domhain móir an eaglais, agus géilleann
na sagairt agus an pobal uile ann dá n-easbogaibh féin an fhaid a's
táid i n-aondacht le cathaoir Pheadair.



Pé áit a gcaitheadh ar leath-taoibh an cloch-buin so a chuir Íosa
ann, is amhlaidh a sgaradh leis an gcreideamh ceart agus níor
fágbhadh ach ciollracha brúighthe Chríostuidheachta ann a d'iarraidh bheith
táithte, dlúithte le chéile i bhfuirm chreidimh, slán an chómhartha, fé


L. 146


lámhaibh righthe agus bainríoghan na talmhan, gan meas ná urraim acu
go ró-mhinich ar Dhia ná ar dhuine.



A dhearbhráithreacha, do b'é mian dúthrachtach na gcreidmheach ins
gach aois maireachtaint agus bás d'fhághail i n-aon toil leis an
eaglais, ba ghráin leó sgaradh léi, agus an léargus glan acu
gur ab í corp Chríost féin, agus airc an Chonnartha nuadha í.



Mar a bhfuil Peadar, a dhearbhráithreacha, is ann atá an eaglais.
Coinnighidh greim daingean ár an gcarraig seo. Is í carruig
sealbhuighthe an chreidimh í. Ólaidh libh isteach fíor-spioraid na
h-eaglaise ó'n té a tháinig ar an dtalamh chum síothcháin a thabhairt
do lucht deigh-mhéine.



Bidhidh deigh-mhéineach, carthanach, aontuighthe agus beidh Dia libh,
agus beurfaidh sé saor sibh, ó anabhruid an t-saoghail ar bhealach bhúr
leasa, isteach in a ríoghacht ghlórmar féin.



Go dtugaidh Dia an t-aoibhneas sin dúinne go léir. Amen.



AN t-ATH. S. UA LOINGSIGH,
Baile-an-Fheirteuraigh.



DÁN DIADHA.



Fád' choimirc-se, a Righ, do shín do gheuga ar chruis
A's d'fhulaing d'ár ndruim na millte ceudta luit
Luighim-se síos fá dhion do sgéithe anois
As cuirim am' thimcheall an fíoghar ar ceusadh tú.



Aingil an Ríogh 'na suighe ar mo ghualainn deis
am' sheasamh, am' shuighe, no am' luighe chum suain mé bheith
Iarruim díobh mo dhíon go luaith ó bhruid
A's chuirim am' dhíon 'san oidhche ó shluagh gach uilc.



A Rígh na ngrás thug slán mé ó'n oidhche aréir
Buidheachas neamhdha i n-áit duit, a Rígh na gcréacht,
Do bhrígh do Pháise, gárda a's díon mé saor
Ó ghníomhartha Shátan an lá so, a's go críoch mo shaoghail.



A Mhic Mhuire na glóire fóir mé ar dheunamh uilc
'S gach anach 'na ngeóbhad 'sa ród ná'r mhéin liom dul
Go flaitheas na glóire chómhnuidh mé ar t'ucht
'S i-n ainm do thróchaire, treóruigh méise andiu.



A Mháire mhilis, a bhuime, a's a Mháthair Chríost
A bhláith na fine, 's a bhruingheall ó dtáinig Rígh
Táithigh linn-ne gan filleadh go bráth 'nár gcroidhe
Grása an leinbh sin d'fhulaing an bás 'nár dtaoibh.



AN t-ÁTH. S. UA LOINGSIGH.


L. 147


NÓTAÍ.



DÍLEAGRA DO'N ÁRDEASBOG Ó'N gCLÉIR.



Díleagra do'n Dochtúir Ró-Urramach Edbhárd Ó Broin, Árd-
easbog Bhaile Átha Cliath, ó'n gCléir uile a bhainean leis an
Árdfhairiche.



A Thighearna Árdeasbog, Beatha agus Sláinte.



Cuireann sé mór áthas orainn, idir shagairt shaoghaltha a's
sagairt riaghaltha a bhainean leis an Árd-Fhairiche sea Átha Cliath tú
theacht i gcomharbas Lorcáin Ui Thuathail.



'Sé do bheatha chughainn mar Árdeasbog orainn!



Ó'n ár gcroidhe deinimíd comh-gháirdeachas leat i n-a thaobh.
Tagan an chomhacht a's an t-úgdarás ó'n bPapa, ó Bhenedict a XV.,
priomh-cheann soillseach na hEaglaise, a's Comharba Pheadair,
príonnsa na n-aspol. Isé a bhronn an gradam so ort. Géillimíd go
fonnmhar a's go dílis d'á ughdarás fé mar is gnás dúinn ghéilleadh
dhó riamh. Is ó chroidhe tugaimíd ár ndeagh-mhéinn a's ár ndúrthacht
duitse, a Thighearna; agus ní gádh dhúinn a chur i n-iúl duit, leis, go
dtógan tú an oifig árd'chéimeach mór-chúramach so le deagh-mhéinn ó
chách, idir cléir a's tuaith, san Árd-Fhairiche.



Bhís-se le faid de bhliantaibh ag obair ameasc na ndaoine, agus
ní raibh an oiread san ded' shaoghal ghá chaitheamh agat gan eolas fé
leith d'fhághail ar gach nídh a bhainean le riaradh pharóiste agus ar an
saoghal fóirdheacair atá ag na sagairt a bhíon i n-a mbun. Ní lugha
ná san an t-eolas atá agat connus is fearr na sagairt riaghaltha
atá féd' smacht do tharrach chughat, agus cabhair a's congnamh fhághail
uatha chun na ndaoine atá mar churam ort do sheoladh ar leas a
n-anama. Bhí baint agat ar feadh mórán blianta le obair an
oideachais; ní h-iongna d'á bharr san, go bhfuil sé buailte isteach
at' aigne a thábhachtaige a's a riachtanaighe atá oileamhaint na
macléighinn a théidhean le sagartóireacht, i dtreo go bhfaghaidir an
tabhairt suas is fearr le fághail. Bhí cimilt agat, fairis sin, le
cursaí a's le neithe an tsaoghail, ní foláir mar sin nó euigean tú
go bhfuil sé de dhualgas ar Árd-aodhaire fhóghanta ana shuim do chur
i ngach saghas oideachais a théidhean chun tairbhe na ndaoine atá fé
n-a smacht. Bhí ana iontaoibh asat ag an Árdeasbog nách mairean.
Fear ab eadh eisean go raibh eolas thar barr aige connus Árd-Fhairiche
do riaradh go maith a's go ciallmhar. Bhís-se rannpháirteach leis
san obair.


L. 148


De bharr na muinighine sin agus an chaidrimh sin, táimíd
deimhnighthe dhe go mbeidh an Árd-Fhairiche seo againne á riaradh agat
go tuisgeanach a's go ceannsa agus go mbeidh cothrom na féinne
le fághail ag gach aoinne uait. Tá aithne againn ort fhéin, ar do
bhuadhaibh a's ar do mór-thréithibh agus is deimhin linn go mbeidh do
dhualgaisí Árdeasbuig agat á gcomhlíonadh go cóir a's go diograiseach,
agus san am gcéadna, ar nós athar, go ciallmhar mór-chroidheach.



Ní miste bheith ag brath ort, a Thighearna Árdeasbog, chun cabhair
a's comhairle a thabhairt chun na ndaoine, idir íseal a's uasal do
chimeád gan dul amú ó fhírinne agus ó ghrásta Dé. Is maith is
eol dúinn, leis, ná fuil aon nídh is giorra dod' chroidhe 'ná cabhrú
leis na bochtaibh, agus gach congnamh atá ar do chumas do thabhairt
do lucht oibre chun a gceart do bhaint amach do réir mar is cóir.
Agus iad-san atá ag cur cúise na tíre chun cinn, ní baoghal, ná
gur taca dóibh thú agus comhairleoir ciallmhar, ná caillfidh ortha
choidhche.



Ní raibh cúrsaí saoghail 'sa tír seo na h-Éireann com lán de
dhóchas riamh, ná, 'san am gcéadna, chomh lán de buaireamh a's
d'imshníomh a's mar atáid fé láthair. I n-ucht na h-uaire seo 'seadh
deintear Árdeasbog díot. Bhí a lán préláidí uaisle anso rómhat,
a's an oifig chéadna aca. Bhí ana-shuim aca dhá cur i gcursaíbh
saoghail na tíre; do dheineadar a gcion féin le n-a linn mar mhaithe
le n-a dtír dúchais. Tá ár seasamh ort go ndéanfair-se, fé leonú
Dé, aithris ortha, agus tá súil againn go bhfaghfar ionat fear láidir
i bhfeidhil an chreidim a's sgiath chosanta na ndaoine atá féd' láimh.



Iarraimíd ort, a Thighearna, do bheannacht a thabhairt dúinn.
Tugaimíd an ghealleamhaint duit go mbeimíd dílis duit, agus go
dtabharfaimíd go fonnmhar cabhair a's congnamh duit sa trom-ualach
a's sna dian-dualgaisíbh atá ag baint leis an oifig mór-chéimeach so
agat. Táimíd ag cur ár nguidhe chun Dé go dildúrthachtach chun go
ndeonuighidh sé faid shaoghail do bhronnadh ort, agus neart, agus na
grásta go líonmhar, d'fhonn na daoine atá féd' smacht do chur ar a
leas, le comhairle agus le treorú ó'n Spioraid Naomh.



Thar ceann na Cléire uile 'san Árd-Fhairiche, tá ár n-ainmneacha
'á gcur síos anso againn .i.



MONSIGNOR P. MAC GIOLLA PÁDRAIG, BH.G.,
Uachtarán an Chaibidil.



AN t-ATHAIR ÓIRMHIDNEACH T. Bh. Ó NUALÁIN, C.Í.,
Cúigidheac.



AN t-ATHAIR RÓ-URRAMACH R. F. BÓIDEN, Adm.,
Rúnaidhthe.


L. 149


FREAGRA AN ÁRDEASBUIG.



A Thighearna Easbog, a athara ro-urramaighe agus urramaighe,



Tá fhios agaibh nach bhfuil an Ghaodluinn chomh maith agam a's ba
mhaith liom, acht shíl mé go raibh sé i gceart rud éigin a rádh in ár
dteanga féin.



Chuir sé áthas agus bród orm an dileagra seo a fhagháil uaibh-se
agus go h-áirithe é a bheith i nGaodhluinn — teanga ár dtíre.
Nuair a cuireadh fhios orm ar dtúis go raibh mise tógtha mar
Árd Árd-Easbog Bhaile Átha Cliath, bhí eagla chroidhe orm. Chuimhnigheas
ar mo ísleacht féin agus ar an obair mór a bí rómham agus ní
h-iongantach gur tháinig lagacht spioraid orm.



Acht bhí dhá rud a thug misneach dom — 'sa chéad áit thuig mé go
raibh guth na Róimhe ag glaodhach orm — sé sin guth Dé — agus ní raibh
le déanamh agam-sa acht geilleadh agus muinighin a bheith agam as Dia.



Bhí rud eile ann ag árdughadh mo chroidhe, sé sin, go mbeidh
sibhse — sagairt na fairthe — ag cabhrughadh liom ins an obair a beidh le
déanamh agam.



Go dtí anois bhí sibhse mar a bheadh cáirde agus bráithre dhom;
ó seo amach bead sibh mar chlainn dílse spioradálta dhom, agus
bead-sa mar athair spioradálta orraibhse, agus mar sin beimíd
ceangailte níos dlúithe le na chéile ná riamh.



A Thighearna Easbog, a athara ro-urramaighe agus urramaighe,
atá mé ana-bhuidheach díbh go léir.



DÍLEAGRA Ó gCOMHAIRLE NA CATHRACH.



Do'n Athair Sán-Urramach Éamonn Ua Broin, Árd-Easbog Bhaile
Átha Cliath,



Led' thoil-se, a Áirdeasboig,



Is mian linne .i. Comhairle Cathrach Átha Cliath baint do beith
againn leis an gcuid eile de'n Árd-Fhairche ag fearadh fáilte chroidhe
rómhat agus tú ag glacadh leis an árd-shaothar is an mór-cúram a
bhíonn ar Árdeasbog Bhaile Átha Cliath.



Cúis bróid dúinne, gan gó, gur toghadh duine de lucht ár
gcathrach féin i gcomair chomharbais Lorcáin léigheanta Naomtha
Uí Thuathail, agus tá deimhniughadh ár ndóthain againn 'san saothar
gan smál atá déanta cheana go mbeidh cabhair is congnamh le fagháil
uait feasta i gcomhair an uile deagh-nidhe rachaidh i dtairbhe do'n tír
is annsa linn.



'San ghluaiseacht cum cinn a dhéanfaidh saoirse an phobuil 'san
tír seo feasta, mar is dóchas linn, is mór is fiú dhúinn oileamhain
aibidh do bheith ar phréláid treórtha na fairche mar a bhfuil príomh-chathair
na h-Éireann. Is é deónughadh Dé oiread gradaim is do shásóchadh


L. 150


mian éinne do bhronnadh ort i mbláth na h-óige; agus an uair
guidhmíd-na faid saoghail chughat is é ár ndóchas go mbeidh síothcháin
is muinnteardhas mar aon le buan-rath an gabháil feasta le clainn
uile na catrach is na fairche atá fé do threóradh, agus go leanfaidh
dóibh go dtí go bhfaghann ár dtír arsa an ceart is dual di.



Sínne, a Áirdeasboig, do dhaltaidhe dhílse,



L. Ó NÉILL, Árd-Mhaor.



S. Ó MURCHADHA, Cléireach an Cathrach.



FREAGRA AN ÁRDEASBUIG.



A Árd-Mhaor agus a Dháiltí na Catharach,



Atá áthas orm sibhse d'fheiscint annso agus an dileagra seo a
fhághail uaibh.



Le cuid mhaith de blianta anois atá Árd-Chomhairle na Catharach
agus Ceannas na h-Eaglaise i mBaile Átha Cliath ag oibhriughadh le
chéile an son daoine na catharach. Sin mar is ceart i gcathair
Catoileachach mar seo agus guidhim go mar sin a bhéas sé go deo.



Is iomdha daoine móra a bhí rómham ar ceannas na fairche
seo — daoine go raibh meas ag an ndomhan ar fad orra — acht atá aon
rud amháin le rádh agam féin — sé sin — ní raibh duine aca ag a raibh
grádh níos mó ná níos dílse ná an grádh atá agamsa do'n chathair
agus do gach aon nídh a bhainean le daoine na catharach.



Atá fhios againn go léir nach bhfuil gach aon rud i mBaile Átha
Cliath mar ba mhaith linn iad a bheith — tighthe an lucht oibre go h-áirithe.
Atá súil agam go dtiocfaidh an tam nuair a cuirfear feabhas orra
san, an tam nuair a bheidh tighthe le fagháil ag na daoine bochta, in a
mbeidh uain aca saoghalta sláintheamhla críosteamhla a chaitheamh.
Má's féidir libh-se aon rud mar seo do dhéanamh bidhidh cinnte go
mbeidh gach aon cabhair uaim-se le fagháil gur féidir liom a thabhairt
díbh.



Fé láthair atá dóchas chroidhe ag gach Éireannach agus 'san am
le teacht atá súil againn go mbeidh ag íseal agus ag uasal gach nidh
atá tuillte ag clann Roisín Dubh.



Anois, a Árd-Mhaor agus a Dhailtí na Catharach beirim
buidheachas ó mo chroidhe díbh go léir.



CUMANN NA SAGART.



CRUINNIÚ CHINN BLIADHNA.



Tionóladh cruinniú bliantamhail de Chumann na Sagart ag 25
Cearnóg Pharnell, Átha Cliath, Dia Diardaoin, an 20adh lá de mhí
Deire Fóghmhair, 1921. An t-Athair Risteárd Pléimeann, D.Ph., an


L. 151


t-Uachtarán, agus ní ba dhéanaighe, an Tighearna Easbog Ó Domhnaill,
D.D., a bhí i gceannus an chruinnuighthe. Bhí na sagairt seo leanas
i láthair: Liam Mac Giolla Pádraigh, M.E., D.D.; Uaitéir
Mac Domhnaill, Diarmuid Ó Ceallacháin, Micheál Ó Flannagáin,
Marthan Ó Mathúna, C.S.Sp.; Caoimhghein Mac Brádaigh, Micheál
Mac Oireachtaigh, Ruaidhri Mac Cairrge, Seán Ó Céilleachair, Eoin
Mac Coisdealbhaigh, Séamas Ó Dubhghaill, Séamas Mac Leanacháin,
Liam S. Ó Catháin, Pádraigh Ó Flannagáin, Seosamh Ó Duibhir, Liam
De Lonndra, Berthoid Ó Maoléidigh, O.D.C.; Pádraig Ó Floinn.



Léigheadh miontuairiscí an chruinnuighthe dheireannaigh agus do
h-aontuigheadh leo.



Fuaradh litreacha ó na sagairt seo leanas 'á rádh ná raibh sé
ar a gcumas bheith ann: Marthan Ó Riain, Micheál Mac Craith, C.Í.;
Tomás Ó Brolcháin. Annsan léigheadh



CUNNTAS NA h-OIBRE.



D'aindheoin constaicí a bhí ann an bhliadhain seo ghaibh tharainn,
is mór an nidh é gur chuadhmair chun cinn beagán. Dá luigheadh é
tá súil againn, agus an méid sin déanta againn i n-aimsir
bhuaidheartha, go mbeidh an scéal abhfad níos fearr againn an
bhliadhain seo chughainn nuair a bheidh saoghal suaimhneasach ag an
gCumann i gcóir na hoibre.



Chuaidh an Cumann i méid, ó 240 Chomhdhaltaí go 376 ag so an
uimhir de réir gach fairche:



Fairche.



Árd Macha … 5



Na Midhe … 3



Árdachaidh … 36



Clochair … 1



Doire … 30



Dúin & Conairí …



Cille Móire … 4



Ratha Bhoith … 4



96



Fairche.



Tuama … 57



Cluanfearta … 2



Ailphin … 4



Na Gaillimhe … 5



Cillallaidh … 2



70



Fairche.



Caisil Mhumhan 11



Corcaigh … 10



Cluanach … 5



Cille Dhá Luadh … 4



Luimnigh … 11



13 Rois … 9



Portláirge 14



Ciarraidhe 13



67



Fairche.



Átha Cliath … 47



2 Chilledara … 45



Fearna … 51



5 Ossraighe … 6



149



Deineann sain 351 baill i n-Éirinn, agus i dteannta 25 de
bhaill i n-áiteannaibh thar lear, tá 407 ar fad againn.


L. 152


'Sé sin le rádh, tá 10.6 fé'n gcéad de'n chléir i n-Éirinn againn
agus anuraidh ní raibh ach 6.3 fé'n gcéad ann.



Níor fhéadamair déanamh amach cia hiadh na sagairt a cheannuigh
an Síoladóir i sna siopaíbh leabhar, agus mar gheall ar sain, ní'l
againn annso, acht na sagairt go bhfuil a n-ainmneacha ar an gclár
cunntais, nó iad so a thug síntiús dúinn i gcóir an t-Síoladóra.
Ní mór dúinn ainmneacha na sagart go léir a bheith ar an gClár
cunntais againn, agus iarraimíd ar na sagairt roimh-ráidhte a
n-ainmneacha a chur isteach chughainn gan mhoill. Tá sagairt ann go
bhfuil Gaedhealg aca, agus an Fáinne féin aca, agus ní'l a
n-ainmneacha ar an gClár so againne, agus ní thugaid siad aon
tsíntiús do'n tSíoladóir. Tá dóchas againn go dtiocfaid siad
sain isteach 'sa Chumann Ní miste dhúinn a rádh gur chuireamair
scaip-litir ag triall ar na hirisleabhraibh eaglaise eile, agus ná
raibh puinn dá bharr againn.



CRAOBHACHA NUADHA.



Cuireadh craobhacha nuadha ar bun i bhfairchíbh Átha Cliath, Chilldara,
agus Dhoire, agus bhí craobhacha cheana i bhfairchíbh Thuama, Dúin is
Conairí, agus Fearna. Sin sé cinn de chraobhachaibh. Is léir as
sain nach mór an feabhas atá ar an obair fós. Mar sin féin i
gcuid de sna fairichíbh eile, tá na chomhdhaltaí líonmhar a ndóthain
chun go bhféadfaí Cumainn Áiteamhla a cur ar bun ann.



Is iad so na fairchi, a bfuilimíd ghá thagairt sain dóibh.



Phortláirge, Chluana, Rois, Chiarruidhe, Luimnigh, agus fairiche na
Gaillimhe. Is i sna dúthaighibh sain atá an Ghaedhealtacht, agus dá
bhrigh sin ní fuláir dúinn craobhacha de'n Chumann do chur ar bun ann
láithreach bonn.



CUALLACHTAÍ



Níor cuireadh ar bun ac aon Chuallacht amháin i rith na bliadhna
sé sin Cuallacht Bhaintighearna Sléibhe Carmel. Is i Sráid na
Manach mBán, i mBaile Átha Cliath tá an ceann so, agus do réir
gach deallraimh éireochaidh go maith leis. Seacht gcinn de Chuallachtaí
atá ann anois, agus ba cheart a seacht n-oiread díobh a bheith ann.
Táimíd deimhnightheach de go n-iomadochaid siad an bhliadhain seo
chughainn, go mórmhór i sna bailtibh móra agus i sna cathrachaibh.



Má tá sé i ndán do'n Ghaedhilg dul chun cinn i ngnóthaíbh dia dhá
na h-Eagailse, nó i ngnáth-urnuighthibh na nraoine sa baile, is iad na
Cuallachtaí so is fearr chun é dhéanamh. Dubhramair an méid sin
cheana sa tSíoladóir agus b'é céad ghnó a dhein Cumann na Sagart
ná an Chuallacht do chur ar bun.



AN BÍOBLA.



An Bíobla Catoiliceach i nGaedhilg, agus an chead cheann riamh;
tá gach aonnídh i gcóir chun a chló-bhualadh. Is é an t-Athair


L. 153


Ó Laoghaire, Canónach, Dia le n-a anam, d'aistrigh é. Ní beag
d'obair do Chumann na Sagart é, agus ní beag de chreideamhaint
atá ag dul dóibh i n-a thaobh. Is do'n Athair Risteárd Pleimean,
Uachtarán an Chumainn, téigheann an chreidheamhaint ar fad. Is é
chuir an obair chun cinn; is é áitimh ar an gCoiste Gnótha mór-chóstas
na clódóireachta ar fad a fhreagairt. Cuirfidh sé áthas croidhe
ar Chomhdhaltaíbh an Chumainn an obair a bheith ag dul chun cinn
go maith, agus na fromtha ghá léigheadh agus ghá gceartú ag an
Uachtarán fé láthair. Is éachtach an obair é seo chun glóire Dé agus
onóra na hÉireann agus chun mór-chlú sagart na hÉireann; ní
mór do'n Chumann bheith ag beannachtaighe leis féin toisc a
n-Uachtarán féin a bheith i n-ann an obair a stiúradh.



AN SÍOLADÓIR.



Is iomdha nidh a bhí sa tslighe ar an Síoladóir ó cuireadh ar bun
é; is iomdha céimcruaidh gur ghaibh sé tríthi; d'aindeóin lagspridighe
a's aroile, níor chaill sé a mhisneach ach tá céim ar aghaidh déanta aige.
Is air sin, agus air sin amháin, a bhuidheachas go bhfuil an Cumann ar
láim shábháltha. Is é anam an Chumainn é, agus dá bhrigh sin, do
dein an Coiste foillsighthe a dá ndícheall chun a choimeád ar siubhal.
Tá an t-Irisleabhar 'gá cur amach gach ráite, ac ní mór dó breis
éilimh air. Má's í beatha teangan i labhairt, is í beatha irisleabhair é
chraobhscaoileadh. Bhí an saoghal chomh buaidheartha sain le déanaighe,
agus gnó an phuist com mór sain as eagar, gurbh ar éigin d'fhéadfaí
an t-irisleabhar do chraobhscaoileadh ar fuaid na tíre, agus go
deimhin, is baoghal ná fuair cuid d'ár gcomhdhaltaí an páipéar i
n-aon cor. Na daoine ná fuair an Síoladóir, bí ag dul dóibh,
cuirfear ag triall ortha é ach leitir a chur chun an bhainisteóra, a 7,
Sráid Bhincent Thuaidh, Áth Cliath. Tá súil againn go mbeidh an
scéal abhfad níos fearr againn an bhliadhain seo chugainn.



Foillsigheadh ceana cheithre huaire é, ó bí an cruinniú deireannach
againn, agus sin sé cóipeanna ar fad Is iad Mac Uí Chuinn is a
chuideachta i mBéalfeirste a chlóbhuaileadh an páipéar dúinn i
dtosach, ac an cosc a cuireadh i bhfeidhm i n-aghaidh déantúsán na
háite sin, cuir sé deireadh leis sin; bhí cúis nách é ann leis.



Is iad M. H. Giolla agus a Mhac d'fhoillsigheadh an páipéar ó
thosach ach ní raibh sé ceaduighthe dóibh an t-irisleabhar a dhíol, agus
b'éigean dúinn duine éigin eile d'fhagháil chuige sin.



Déanfaidh Cumann Caitilicí na fírinne an Síoladóir d'fhoillsiú
as so amach, ac b'fhearr linn go mór go gcuirfí an t-airgead ag
triall orainn féin 'sa chéad áit, ionnus go luigheadófaí costas
foillsighthe an pháipéir. Déanfaí úsáid de'n airgead sain chun gnó
eile atá ar aigne againn a dhéanamh, ach nách féidir linn a dhéanamh
d'easbadh airgid.



Ní mór do gach sagart de'n Chumann síntiús d'fhagháil ó dhuine


L. 154


eile do'n tSíoladóir i gcóir na bliadhna so chughainn. Do gheall
an t-Athair Séamus Ó Mathghamhna, 141 Sráid Hanraoi, Eabhrac Nua,
dúinn go ndéanfadh sé féin cúram de'n Irisleabhair thall i
n-America. Deireann sé go mbeidh glaodhach thall air agus go
bhfuil a lán daoine ag cur a thuairisce air cheana féin.



AN “CUMANN” AGUS CUMANN CAITILICÍ NA FÍRINNE.



Mar a labhramair shuas tá Cumann Caitilicí na Fírinne chun
an Síoladóir d'fhoillsiú as so amach, agus farradh sain tá sé
toilteanach chum cabhruighthe linn ar shlighthibh eile.



Is é atá curtha rómpa ag an dá chumann, ná leabhríní
Gaedhilge a bhaineann le cursaíbh diadha do chur amach, agus do
scaipeadh i measc na ndaoine, agus chuige sin ní mór do'n dá
chumann oibriú as láimh a chéile.



Tá beartuighthe againn a leithéid de leabhríní d'fhoillsiú chomh
luath is a bheidh airgead againn chuige; is tré an C.C.F. déanfar sain.



GAEDHEALG SA BHAILE, AR SCOIL, AGUS 'SAN TEAMPALL.



Tugtar fé ndeara agus is adhbhar áthais é gur minicí deirtear
na paidreacha as Gaedhilg i 'sna teampallaibh. I mórán aca bíonn
na paidreacha i nGaedhilg anois agus arís an chuid is lugha dhe.
Deirtear an Choróinn Mhuire, nó deichneabhar nó dhó dhi, is amhlaidh
iarradh ar na sagairt é sin a dhéanamh. Ba cheart dúinn uile cabhrú
leis an ndeagh-ghnás so sa bhaile, i sna scoileannaibh, agus i sna
colláistíbh. Dála an scéil ceapann an Comhaltas go mba mhaith
an rud é dá gcuirtí Cuallacht Guidhe Gaedhalaigh ar bun i gcóir
daoine óg agus daoine críonna. Cuirfí baill an chumainn fé gheall
gan ach Gaedhealg d'úsáid i sna paidreachaibh laetheamhla. Ba
fhuirist an Chuallacht do chur chun cinn i sna scoileannaibh, agus
déanfaí a chraobhscaoileadh tré na hirisleabhraibh so: Our Boys,
Catholic Bulletin, Messenger, is aroile.



De réir Easbog na hÉireann caithfear an teagasc Críostuidhe
a mhúineadh i sna colláistibh. Ní'l an Ghaedhealg ag dul chun cinn
i gColláiste Maighe Nuadhat chomh maith agus do dhein i sna
bliadhantaibh seo ghaibh tharainn, ach is é ár dtuairim go ndéanfaidh
Cuallacht Cholumcille níos fearr i mbliadhna. Na paidreacha as
Gaedhilg, thaithn sain go mór leis na sagairt, agus is i nGaedhilg
adeirid a lán aca na hurnuighthe príobháideacha.



Beidh an chéad Chúrsa Diadha i nGaedhilg i gcóir Sagart ann
sar a fada, má's féidir i n-aon chor, agus tá súil le cabhair ó sna
sagairt. Na sagairt gur mhaith leo a bheith ann, cúiridís a
n-ainmneacha ag triall ar an Athair Mícheál Mac Craith. Is é an
sagart a chead-cheap an gnó so, agus is iomdha cúrsa diadha le
haghaidh tuaithe do stiúirigh sé cheana.


L. 155


AN BÁS.



Molamuid d'ár gcomhdhaltaíbh guidhe le hanmain Árd-easboig
Bhaile Átha Cliath nách mairean agus an tsuim a chuir sé i ngnó an
Bhíobla agus sa tSíoladóir. Guidhimís leis le hanmannaibh an Athair
Mícheál Ó Griobhtha, agus an Athair Diarmuid Ó Ceallacháin, a's an
Athair Pádraig Mac Gabhann. R.I.P. Deinimíd comhbrón le n-a
gcáirdíbh gaoil agus le n-a gcomhaltaíbh.



Cuirimíd ár gcomhgháirdeachas le hÁrd-easbog Bhaile Átha Cliath,
an Dochtúir Árd-oirmhidineach Ó Broin, agus guidhmíd ó n-ár gcroidhe
gur fada buan é i seirbhís na hEagailse agus na ndaoine.
Gabhmuid ár mbuidheachas le gach aoinne laistigh agus lasmuigh de'n
Chumann a thug cabhair dúinn 'sa bhliadhain bhuaidheartha atá caitthe
againn. Bheirimíd buidheachas leis an C.T.S. agus le Páipéir
Nuaidheachta Bhaile Átha Cliath.



NÓBHÍNA LE HAGHAIDH LAE 'LE MUIRE MÓIRE 'SA
bhFHÓGHMHAR.



Guidhe ar son na h-Éireann.



A Mhaighdean Ghlórmar Neimhe, agus a Mháthair Ghléigeal Dé,
agus ár Máthair-ne! Athchuinímíd ort go húmhal a Mháthair ghrádhmhar,
agus a Bhainrioghan Mhuinntire na h-Éireann, in-onóir Do Thógáil
taithneamhach suas ar neamh agus i gcuimhne ar na tabharaistibh agus
na grástaibh iomaidiúla a bhronn Dia ort, féachaint anuas le súilibh
ceanúla ar ár dtír. Déin faire ós cionn na n-easbog, na sagart
agus Caitilicí na h-Éireann, agus beannuig iad. Cosain agus dein
díon d'ár mbailtibh agus dár muinntir agus an iomad acu atá
tabhartha suas anois don Chroidhe Ró-Naomhtha. Coimeád ár n-óigfhir
agus ár n-ógmhná gan smáil agus dílis do Dhia, agus neartuig agus
coinnibh aithreacha agus máithreacha na tíre seo againne.



Iarraimíd ort go spéisialta san gcruadhchás so i na bhfuil ár
dtír indiu, imtheachta na h-Éireann do threorú agus do chosaint, agus
a lucht stiúraithe agus na daoine as a bhfuil iontaoibh againn do
theagasc agus do mhúineadh i slighe go labharfaimís agus go ndéan-
faimís gach nidh do réir toile Dé.



A Bhainrioghan árd-ghlórmhar na bhflaitheas! Ímpigh ar do
Mhac Diadha a órduigheann dán na Náisiún agus ag a bhfuil gach
cómhacht ar Neamh agus ar talamh cúrsaí an t-saoghail do riarú i
slighe a's go ndéanfar toil ró-naomhtha Dé go h-iomlán in Éirinn
agus le Muíntir na h-Éireann.



Agus a Phádraig Naomhtha, ár dtaca ghlórmhar agus a Naoimh Uile
na h-Éireann beannuithe, aontuighidh bhúr n-úrnuithe le h-úrnuithe
bhainrioghna na bhflaitheas d'fonn is go mbéadh árd-bheannacht agus
Treorú Dé linn i sna laetheanta dochraideacha so. M. Ó M.


L. 156


MIONSCÉALA AR ÁR gCÁIRDIBH.



1. Toghadh an t-Ath. Micheál Ó Treasaigh, ó pharóiste Mhichíl
Naomhtha, mar uachtarán ar Chraoibh an Chonnartha i Luimneach.



Toghadh an t-Ath. 'Liam Ó Cuanaigh, ó Choláiste Fhínghín Naomhtha,
mar uachtarán ar Chraoibh Uí Ghramhnaigh an Chonnartha i Muillean
gCearr; agus an t-Athair P. Ó Floinn mar leas-uachtarán.



Toghadh an t-Athair Micheál Ó Muirgheasa mar uachtarán ar Chraoibh
an Chonnartha i gCluainmeala; agus an t-Athair Eoghain Baiste
Ó Draighneán, ó Choláisde Cholmáin Naomhtha, mar uachtarán an athuair
ar an gcraobh atá i Mainistir Fhearmuighe. Thug sé ana-óráid
bhríoghmhar uaidh oidhche oscailte na Craoibhe.



Toghadh an t-Athair P. Ó Duinnín mar uachtarán an gCraoibh i
Ráth Luirc.



2. Le linn na h-aedhiríochta a bhí in-Ailfinn le déanaighe dubhairt
an t-Ath. Micheál Ó Flanagáin gurab' í an Ghaoluinn cloch-bhuinn ár
náisiúntachta agus crann seasta ár saoirse.



Aedhiríocht a bhí ag Cara Droma Rúisc cois Sionainne i
Liathdrom tamal ó shoin nuair adubhairt an t-Athair M. Ó Mathúna
go bhfuil sé fuar ag muintir na h-Éireann bheith ag ceapadh go
bhfuilid saor agus teanga na nGall á cleachtadh aca ar lic a
dteinteáin féin agus í bheith mar ghléas múinte aca is na sgoileanaibh
agus í bheith mar ghléas cainte aca is na séipéalaibh. Mara mbeidh an
Ghaoluinn aca ní bheidh aca ach breac-shaoirse i ndeire na dála. Pé
cor a bheidh le cúrsaí na poilitióchta agus an airgid i n-Éirinn.



Do thug an t-Athair Cathaoir Ó Braonáin agus an t-Athair Ióseph
Ó Broighin, ó Shráid a' Mhuilinn, óráid as Gaoluinn uatha ag feis a bhí
i Ráth Dubháin le déanaighe.



Sé an t-Athair Ríobárd Ó Dunndubhartaigh a bhí i gceannas
na h-aedhiríochta a tionóladh i mBrúgh na nDéise cúpla seachtain ó
shain.



Deinimíd cógháirdeachas leis an Athair Mathún Ó Riain, S.P.,
Chnuic a' Bhile, Leas-Uachtarán an Chonnartha, agus leis an nDoctúir
Micheál Ó Faoilean, C.S.Sp. Leath-chéad blian ó shain iseadh deineadh
sagairt den bheirt. Tá a scar féin déanta ag ceachtar aca ar son
Dé agus ar son a n-Athardha. Cúpla seachtain ó shoin bhí an fhéile
chuimhnte “Iúbilee an óir” á ceileabhradh aca. Go mbuanuigidh
Dia iad.


L. 157


Thug an t-Ath. S. C. Ó Floinn, ó Chorcaigh, léigheacht ar “Cheol
ár Sínsear,” uaidh i n-Eochaill. Dubhairt sé gur mór an chabhair
ar fhoghluim na Gaoluine na h-amhráin do mheabhrú agus do ghabháil,
bíon an toradh céadna le fáil as meabhruchán na ndrámaí. Bíon
deiseacht agus deárbhamh agus slacht, ní áirighim líomhtacht agus
guntacht focal, ar chaint dhuine dá bharr.



Fuair an t-Athair Labhrás Ó Muiridhigh, ó Mháigh post nuadh san
bhfairiche le déanaighe. Tá sé i n-a Chigire Um Theagasc Críostaidhe.
Thaosluighimíd do lucht riartha na fairiche (Árd Mhaca) a leithéid do
scoláire críocnuighthe agus do Ghaelgeoir toghtha a bheith i mbun na
h-oibre aca, ar bheith dó in Ó Meith-mara tamal ó shoin, bhailigh sé
cnuasacht amhrán Gaedhilge ós na seandaoinibh. Tá súil i n-áirde
againn ná leogfaidh sé aon fhéar d'fhás féna chosaibh 'sa bpost nuadh
aige. Tá caoi níos fearr anois aige chun buille maithe do
bhualadh ar son na Gaedhilge.



Tá ar chumas na gcigirí eile i mbun na h-oibre céadna ar fuid
na tíre a lán maitheasa dhéanamh ar son na teangan agus “ar ár
son-na” agus san gan puinn fothraim ná sgreadaigh uatha ar
thaisdeal dóibh ó pharóiste go chéile agus ar bhualadh dhóibh leis na
sagairt eile. Ní craobhscaoileadh go dtí é. Thaithneochadh go seoigh
linn gearr-thuairisc d'fháil uatha ar obair Chumainn na Sagart i n-a
bhfionghort féin.



Tá ana-obair 'á déanamh sa Róimh ag an nDochtúir Pádraig Eiric
Mac Fhínn, D.D. Tá sé ar aitheantas ag léightheoiribh an t-Síoladóra
cheana mar is iad atá curtha go mór fé chomaoin aige de thoradh a
chleite. Isé ceann Feadhna gasraidh an Fháinne sa Róimh é leis.
Tá suas le tríochadh Fáinneach sa Chathair Shiorruidhe.



Tá seacht bpúint mar dhuais dá mbronnadh ag an Athair 'Liam
de Londras ar an té sa Róimh is fearr a scríobhfaidh aiste i
nGaoluinn “ar an Róimh” — an duais aiste le bheith foillsighthe san
Síoladóir.



Thug an t-Athair Ióseph Ó Duibhir seanmóin uaidh cúpla lá ó
shoin i gcualacht Bhainrioghna Shléibhe Charmeil i Sráid na mBráthar
mBán.



Thug an t-Athair Risteárd Pléimion, fear eagair an t-Síoladóra,
léigheacht ana-thábhachtach uaidh do Mhacaibh-léighinn Chuallachta Chuilm
Chille i Mágh Nuadhat. Chualamair go bhfuil an fhraoich ar bharr lasrach
ann fé láthair dá dhruim. Go dtugaidh Dia go bhfaghaidh lucht an
t-Síoladóra cuid den chreich uatha. Ní'l púinn á fhagháil ina chóir ón
áit sin go dtí so. Tá súil againn le breis cabhrach uatha feasta.


L. 158


D'aistrigheadh an t-Athair Donnchadh Ó Muimhneacháin ó Chathair-
domhnal go dtí Tráighlí. Bhí ana-obair 'á déanamh aige ar son
scaipeadh an t-Síoladóra i n-Uibhráthach. Tá lucht an Irisleabhair seo
ag brath air go leanfaidh sé d'á scaipeadh agus de bhreis
léithgheoiríb eile d'fáil dó, cois Laoi na Trágha.



Deimmíd cómh-gháirdeachas go dúthrachtach le Mac Uí Choisin
agus lena mhnaoi, ó Ráth Garbh, i mBaile Átha Cliath, i dtaobh an bhuadha
a bhí ag á dtriúr clainne, beirt mhac agus inghean a fuair Árd-chéim
an léighinn M.E. an lá céadna i mbliana san Ollsgoil Náisiúnta.
Is anamh a bhíon a leithéid sin d'onóir ag aon líontuighe i n-aonbhall.
Beirt aca a fuair an chéim sin sa Ghaoluine; fuair an duine
eile an chéim i sean-úghdair Laidne agus Ghreigise. Tá an bheirt
mhac ag dul le sagartóireacht.



A MHUIRE MHEIDHRIGH.



i.



A Mhuire mheidhrigh, is a Mhaighdean ró ghlórmhar
Tabhair dam radharc ar do theaglach is ar do mhór-ghlóire
Solus na Sóillse, is radharc na Tríonóide
'S grásta na foidhne i n-aghaidh na h-éagcórthach.



ii.



Cros na n-aingioll 'am leabaidh ag luighe dham
Is bortach na h-asbol go leathtá ar am'thímpal
Braon de na grástaibh ar lár mo chroidhe-se
'Thogfaidh ceó agus smúit a pheacaidh dhíomsa.



iii.



Mar a luighim sa leabaidh, seadh luighfead san uaigh
Deinim mo faoisdin leat a Dhia go cruaidh
Na Naoímh, na h-Aingioll, na h-Asbail am thórraimh
Mhuire bhreagh bheannuighthe is a bántracht órdha.



Am shábháil, 'am ghárdáil, go Cathair na Tríonóide.



(Seán Ó Murchadha do chuir chughainn, dubhairt sé gur airigh sé é i
gCuilinn Uí Caoimh.)


L. 159


LÉIR-MHEAS AR LEABHAIR.



The Principles of Freedom. Toirdhealbhach Mac Suibhne,
Árd-Mhaor Chorcaighe ná mairean, do shaothruigh. Cuallacht
an Tálbóidigh, teoranta, i mBaile Átha Cliath a chló-bhuail é.
5 Sg. a fhiacha.



Is éachtach an leabhar é seo, go mórmór nuair a chuimhnighean
duine ar an úghdar a scríobh é. Oighreacht shár luachmhar a fhág an
Martar a fuair bás i mBrixton ag Clainn Roisín Dhuibh. Isé soisgéal
na Saoirse é, mar tráthtann an t-úghdar ar neidhthe is cloch-bhuin
don t-Saoirse i gcoitinne. As na bun-fháthanna sain taisbeánann
sé go soiléir dúinn cad chuige an troid so againne le muinntir
Shasana. Siné bunn agus bárr a theagaisg agus do shéaluigh sé an
teagasc san lena bhás! Taréis an leabair do léigheamh lé cúram
agus le doimhin-sgrúdú, ní fhéadfadh an léightheoir gan cuimhneamh ar
theagasc Duine eile a fuair bás ar Chalbhairí mar fhínne dos na
háirdfhirínníbh a bhaineann leis an síorruidheacht. Dhein Toirdhealbhach
aithris Air ar shon saoirse a náisiúin féin. Bhí a theagasg agus a
bheatha agus a bhás, cómh-réir cómh-uasal le na chéile. Ba mhaith liom
dá mbéad an t'slighe agam (rud ná fuil) sliochta ghearra do thoghadh
as na naoi gcaibidil déag atá san leabhar, chun aigne an úghdair
do nochtadh agus cad é an saghas aduighthe a dhein sé as na bun
phrinsiopalthaibh a bhí fé thrácht aige. Tá stíl fé leith aige, é bríoghmhar
casta; Im thuairim féin, mairfidh an leabhar so — mar shoisgéal agus
mar theagasg na saoirse — chun misnigh do thabhairt d'aon náisiún
a bheidh fé dhaorbhruid iasachta. Tháinig an leabhar chúghain-ne in-ucht
na h-uaire chun cómhairle ár leasa do thabhairt dúinn agus chun
cleasa namhad ár dtíre do chur ar neamh-nidh, i dtreo go leanaimíd
go dlúth ar ár saoirse ina iomláine do bhaint amach.



M. Ó M.



CEÓLTA ÓMÉITH. Lorcán Ua Muireadhaigh, S.O., do chruinnigh
Liam Tempest, Dún Dealgan Press, 1/-.



Deir an t-Athair Lorcán linn, a mbrollach an leabhráin seo, go
raibh ar a gcumas ag cuid desna seanchainnteóiríbh dúthchaise i
n-Óméith, tá deich mbliana ó shoin ann, suas le míle líne filíochta
do thabhairt uatha! — Deir sé leis, ná raibh duine desna sean-
chainnteóiríbh sin “nár sgagadh a thréad” tré chaise d'fhuil na
bhfilí móra úd — An Dall Mhac Curta, Niall Óg A' Mhurchaidh agus


L. 160


Maonas Mhac Árdghaill. Ach tá na cainnteóirí sin go léir, nachmór,
sínte go tréith anois i roilig Chillidh-Chuinn; agus taobh amuigh de'n
chnuasach amhrán so, is beag iarsma atá fágtha i na ndiaidh aca chun
cuimhne a gcod' foghlumtha do chimeád beó. Ba thrioblóideach an obair
chuir an t-Athair Lorcán roimhe; ach má ba thrioblóideach, ba thabáchtach
agus ba thairbhtheach. Do chuir sé síos na h-amhráin de réir na
bhfuaimeanna ar dtúis; agus nuair a tháinig sé isteach i gcanamhaint
na ndaoine do chuir sé síos dhá chéad, deich gcinn a's dachad
d'amhránaibh agus de dhántaibh diadha. Tá, sa leabhrán so (an chéad
chuid) deich n-amhráin is fiche. Cruthuighean na dánta so dhúinn go
soiléir go raibh leitríocht bheó bhorb i measg muintir' na háite seo, —
chomh beó chomh borb agus bhí sí i ndúthaig ar bith eile. Ach cruthuighid
siad rud eile dhúinn, .i. go raibh an leitríocht chéadna san ag leaghadh
agus ag meathaireacht i n-aghaidh an lae de dhruim na faillighe a
tugtaí innte. Ní le neart na teangan a bhainid na dánta so, ach
le n-a leaghadh agus le n-a laige; ní thaisbeanaid siad dúinn ach sgáil
de'n fhuinneamhlacht a bhain le leithríocht na seanaimsire. Bíon an
sgáil sin go rí-bheacht uaireanta, ámhthach; agus i gcuid desna dántaibh,
insna dántaibh grádha go mór mór, gheibhmid rud éigin de'n ghreann
agus de'n ghontacht atá le fághail i n-amhránaibh i n-Iarthar Chonnacht
ná sa Mhumhain. Is truagh gan an ceol a bheith ag gabháil i n-aonfheacht
leisna focalaibh; ach is dócha gur tabhachtaí na focail ná na fúinn.
Molaimíd an t-Athair Lorcán go hárd i dtaobh a shaothair, agus tá
súil againn leis an gcuid eile uaidh ar ball.



“FÓD.”



Introduction to Studies in Modern Irish. Rev. Gerald O'Nolan,
M.A. (Educational Company of Ireland).



Ceachta ar bun dóibh an Modh Díreach atá sa leabhar seo. An
Sagart Ó Nualláin, ollamh na Gaedhilge i gColáiste Mhuighe Nuadhat,
a rinne an leabhar. Ní leanann sé ar fod den Modh Díreach mar
bhíodh sé ar cleachtadh againn tá beagán bliadhanta ó shoin ann. I
gcuideachta na gceacht Modha Dírigh cuireann sé síos abairteacha
Béarla le tionntódh i nGaedhilg agus giotaí beaga Gaedhilge le
tionntódh i mBéarla. Duine beacht ar beag air Gaedhilg mhí-
nádúrdha úghdar an leabhair seo. Agus measann sé nach bhfogluim-
eochaidh sgoláirí an teanga go beacht ná go ceart mura dtugtar
cleachtadh dóibh ar bheith ag tionntódh as teangaidh sa teangaidh eile.
Admhuighim gur mór a chuidigheas sé le sgoláiríbh atá ag foghluim na
Gaedhilge Béarla a chur i nGaedhilg, ach deirim nach bhfuil an tairbhe
chéadna dóibh sa Ghaedhilg a thionntódh i mBéarla.



Gramadach is mó atchím i n-uachtar sa leabhar. Ach isé donas
an sgéil ag mórán mór dá mbíonn ag foghluim na Gaedhilge nach
lugha ortha saighdiúr dearg — saighdiúr dubh-chrónach badh cheart damh
a rádh — ag tarraingt ortha 'ná gramadach. Laighic níor chleacht siad,


L. 161


agus adhbhar léighinn ar bith a chuiréas ortha géar-smaointiú a dhéanamh
ní thaitnigheann leo. Is truagh gan foghluim na Gaedhilge comh furus
is badh mhian leis na sgoláiríbh bhíos 'ghá foghluim. Níl de shóchamhail
agam-sa le tabhairt dóibh ach a rádh go measaim gur fíor nach bhfuighe
duine ar bith eolas beacht ceart ar an teangaidh gan stuidéar a
dhéanamh ar an ghramadaigh.



Measaim gur leabhar d'fhoghufadh go breagh 'sna sgoltachaibh
meadhonacha Studies in Modern Irish. Dá mbéadh sé léighte agam
i dtús na bliadhna dhéanfainn rogha air mar leabhar leaghthórachta
agus chumadórachta agus ghramadaighe don chéad ghrád thar na leabhair
a bhíos againn.



SÉAMUS Ó SEARCAIGH.



THE MELLIFONT PRESS SERIES.



Táimíd beag nách curtha um a'dtaca so de bheith ag éisteacht
leis an seana-rádh gur “ar ár n-aosóig atá ár seasamh.” Ní
fheicimíd, ámh, gur féidir dúinn a mhalairt eile de dhaoine d'fhagháil
'nar ceart dúinn ár seasamh do chur. Sean-abairt chríonna chaithte,
leis, is eadh é do rádh “gurab iad na rudaí beaga atá ann indiú
na h-aithreacha agus na máithreacha a bheidh sa tír seo i máireach.”
Táthar ag déanamh ullmhucháin i gcóir na n-aosóg mar sin, 's gach
ao' bhall fé'n spéir — pé críonnacht atá ag baint leis na sean-ráithe
thuas. Cad eile cad é an fáth an oiread san suime do chur san
oideachas agus ins gach fearras múinte eile d'á bhfuil á gcur i
bhfeidhm i ngach tír ach chun tabhairt suas mar is cóir do bheith ar na
páisdíbh, ar an aosóigh.



Seadh, máiseadh; ní thuigim gur ceart dúinn-ne tabhairt suas
ghallda a bheith ar leanbáibh na h-Éireann. An túisge 'nár féidir
leis na rudaibh beaga “a Mhaimín” do rádh, siúd na máithreacha chun
siopaí leabhar ar lorg uathbháis éigin de leabhrán i n-a mbíon pictiúirí
agus cainte leinbh ann. Is gearr an mhoill ortha beart de leabhránaibh
don t-sórd san a cheannach mar lón aigne don leanbh! Mo thruagh
léar na leanbhaí atá ag taobh leis an ndrabhghaoil siamsa san ba
mhinic mé ag éisteacht le athair nó máthair agus an duine bocht a
dul ó leathanach go chéile i leabhrán pictiúirí i gcóir leanbh n-óg
agus é a d'iarraidh, de thoradh na bpictiúirí agus na cáinte ann, a
bheag nó a mhór den léighean agus don daonacht croidhe do chur
isteach mar shíol nó spréidh, in aigne agus in-innchinn an leinbh óig.
Sluigean siar go fonnmhar an ruidín beag an múine san ós na
pictiúiribh agus ón gcaint a ghabhan leo. Mar sin a gcuirtear go
minic céad-shíol an léighinn ionta agus go mealltar iad chun a
dteangan do bhogadh. Ní ro-dheacair a thuisgint cad é mar dhiobháil
is féidir do dhéanamh ar aigne lom folamh an naoidheanáin de thoradh


L. 162


an chéad-mhúinte sain; go mormór, mar a bhfuil pictiúirí fónta á
soláthairt dó mar bhun-adhbhar cainte agus smaointe. An té a
thuigean sa cheart cad is aigne leinbh ann, cuirfidh sé ana-shuim i
ngach sórd leabhráin da bhfuil curtha le chéile d'aon ghnó i n-a chóir.
Bíon a lán práisce measctha ar an ngráin fhónta i n-a leithéid de
leabhránaibh go mion-minic. Más lón aigne iasachta a bhíon ionta,
is baoghal ná beidh ach aigne iasachta ag an leanbh ar ball. Is gnáthach
leis an leinbh claoidheadh leis an gcéad-cheacht a múintear do. Is
cuimhin le gach éinne an fabhal-scéalín úd “an t-uan agus an
gabhar” ó Aesop. Tá an múineadh iasachta sain na leanbh curtha
go beacht ann; ní tógfar orm mar sin é cur síos anso. Tháinig
machtíre lá ar ghabhar agus uan ghá dheol. “Tá dearmhad ort, a
uainín,” ars an machtíre. “Ní h-é an gabhar so do mháthair. Siní
thall i imeasc na gcaorach.” “Ní feadar i nDomhnach!” ars an t-uan,
“béidir gurbh' iúd í thall mo mháthair, ach ní h-í a thóg mé, ní h-í a
chothuig mé. Sidí anso an mháthair do choimeád i mbeathaidh mé agus
is dí a leanfad anois.” Mar sin don leanbh atá tógtha suas ar
lón aigne gallda, díultóchaidh dá mháthair nár thug an múineadh ceart
do i dtosach. Díobháil mhór don leanbh féin agus don chreideamh
agus do ghrádh dá thír ba chóir do bheith aige iseadh an chéad-mhúineadh
gallda san a thabhairt do. Bhí iarracht de leathsgéal ag aithreachaibh
agus ag máithreachaibh na tíre seo, má bhíodar cionntach i n-a leithéid
de dhrabhghaoil leabhrán pictiúirí do thabhairt da leanbháibh go dtí so.
Easba deagh-earraí den tsórd san fé ndeara san; ní raibh rogha ó
réidhteach na díobhála ar a gcumas. Tá smut den fhirinne ann, ach
ní bheidh an leathsgéal san aca feasta. Tá an talamh bainte glan
díobh ag an Mellifont Press.



Tá sraith leabhrán pictiúirí i n-a bhfuil múineadh an Chreidimh agus
eachtra sean-laochra na tíre agus sgéalta siamsamhla fónta lán de
shult, á gcur amach aca i gcóir leanbh óg na h-Éireann. Tá an tír
agus an Eaglais curtha go mór fé chomaoin aca dá bharr. Sé
céaduair lenár linn gur deineadh a leithéid d'obair; agus go
deimhin, bhí géar-ghádh leis. Ní tosach lag in ao' chor é, ach a mhalairt;
agus ní foláir ná gur chosain an obair sin pinginn mhaith uatha.



Ceithre cinn de leabhránaibh atá san sraith sin .i. “Credo,”
as Gaedhilg agus as Béarla; “Uncle Pat's Playtime Book,” “Eachta
Fhinn Mhic Chumhail agus na bhFiann.” An ceann is deise agus is
thábhachtaighe ortha gan aon agó sé an “Credo.” Míniú agus múineadh
na Cré i bhfuirm pictiúirí agus gearr-thrácht cainte déanta ortha
in-aoinfheacht. Cúis mholta agus mhaoidhte dós na daoinibh a chéad-
cheap an fearras múinte sain na leanbh, agus dós na scríobhneoiribh
agus na h-ealadhantoiribh datha a chuir comh maith san i ngníomh an
cead-cheapadh san. Is mór an chreideamhaint atá ag dul dóibh, agus
tá súil againn gó mbeidh oireadh san eilimh ar an obair go meallfaidh
an ceannach mór sraith eile de chómhmheas leo san uatha sara fada.
Táid na leabhráin san ana-oiriúnach mar dhuaiseana nó mar


L. 163


bhronntanaisí um Nodlaig do pháisdíbh. Grádh d'Éirinn agus do
leanbhaibh ár dtíre iseadh a sprioch ar dtúis aigne agus croidhe na
ndaoine atá i mbun na leabhrán chun iad do thabhairt dúinn.



Sidiad na daoine go bhfuil buidheachas leanbh na tíre ag dul dóibh
A. De Blacam agus Seán Tóibín, úghdair na bhfocal ionta; T.
Ó Cuinn agus A. Ó Maolaoidh agus Seoirse Monks a dhein an
maisiughadh ortha.



Muintir Chathail agus a Chuallachta, 40 Caladh Uachtarach
Uirmhumhan, a fhoillsighean na leabhráin.



Fíortar an sean-rádh ud i n-a dtaobh:



“Molan an obair an duine.”



M. Ó M.


L. 164


PAIDIR AN SCABAIL.



Leagan eile a fuair an t-Athair Lorchán Ó Muireadhaigh i n-Oméith Mara.



(Cf. Iml. I., uimh. 2, l. 55.)



An gcluin sibh mise, a lucht na scabal
Ná leigigidh faillighe in mur gcás,
Is mairg a bhionns gan charaid
Nuair a bhíonns sé air leabaidh a bháis.



A dhuine gan chéill, ná teana bréag le Muire
Ná hith feoil Chéadaoine, is ná héag in do thinneas,
Teana do chasaoid chuig an chléir
Agus teana faoisidin glan da réir.



Corruigh do chos go luath chun an aifrinn
Foscail do bhéal agus labhraidh d'anam,
Má abrann tú sin gach uair a's gach tráth
Teifidh tú Muire an Tighearna trí lá roimhe le do bhás.



Sé Síomón Stoc a bhí a réidtiughadh do'n shliocht
Sé bhí déigh-bhéasach, riaghalta, múinte,
Chuir Muire, le n-a toil, scabal ar a chorp
Le n-a dhá láimh beannuighthe gan diultadh.



Molaim go deoigh thú a Mhaighdean na glóire
Molaim go deoigh as go síorruidhe thú;
Chuir Muire, le na toil, scabal ar a chorp
Le na dhá láim beannuighthe gan diultadh.



Bhí Muire an Tighearna ag siubhal amuigh ló
Thainic an duine ro-naomhtha chuichi, Síomón as an Róimh,
Shín sí chuige scabal na mbrainnse óir
Aon duine iomcharas mo scabal, béidh a anam 'sa Ghlóire.



A Mháthair na bhflaitheas, a's a bhuime na h-óighe
Is leat a ghním mo ghearán, maidin 's tráthnóna
Taisbeán damh an bealach ó's tú fuair an t-eolas,
Fagh damh an athchuinge ó do Mhac glórmhar
Go rach'muinn go flaitheas, ag caitheamh na glóire.


L. 165


A mhaighdean mhodhmhar, ghlórmhar, bheannuighthe
Is tú mo stór, mo lón a's mo thaiscidh
Is tú an réalt eolais romhainn 'sa' bhealach
Ár stiúir 'sa ródh, nuair a bhionns tóir ar an pheacach.



Líonaidh mo chroidhe le grádh do'n Athair
Líonaidh mo shúile le grádh do'n Máthair
Nigh mo lamha a's smál na bpeacaidh
Ar uair mho bháis, tabhair tarrtháil ar m'anam.



Bríghid agus a brat, Muire agus a Mac
Eadrainn agus gach uile olc.



ATHNUADHCHAINT MÓIDE.



(I gcóir Siúr d'Órd na Trócaire.)



A Dhia shioruidhe uile chomhachtaigh, mise an t-Siúr Máighréad
Mhuire, agus athcuimhnighim anso indiu i láthair do chúirte naomhdha,
na móide a dheineas chughat an lá a ghlacas órm gairm cráibhtheachta.
Geallaim bheith dílis i ndealbhas, i ngeanmnuidheacht agus i
bhfreagarthacht, i bhfriothálamh na mbocht, agus na n-easlán, agus na
n-ainbhfiosach; agus leanamhaint go dtí deire mo shaoghail sa n-Órd
so Mhuire na Trócaire, do réir a riaghla agus a córuighthe, agus fé
n-a comairce. Táim 'ghá iarraidh go cruaidh anois ar do Mhór-
Mhaitheas, tré Íosa Críost ár dTighearna, do ghrásta thabhairt dom
chun mo dhualgaisí do chóimhlíonadh! Amen.


L. 166


ÁR gCÁIRDE.



Fuaramar síntúisí ó sna sagairtibh seo leanas ar son chumainn na
Sagart nGaedhealach agus an t-Síoladóra. Tugtar an méid cruinn i
ndiadh coda des na sagairtibh. Tuigtear 10/- i ndiaidh ainme gach sagairt
eile.



ACHAD CON RAOI —



Athr. Ruaidhrí Mac Cairrige.



AILFHIONN —



Athr. M. Ó Flannagáin, £1.



ARD MACHA —



Athr. Seumas Ó Cuinn; Athr.



Tomás Mac Domhnaill, Canónach.



BAILE ÁTHA CLIATH —



Athr. P. Ó Gléasáin; Athr. L. Ó
Luineacháin; Athr. Eoin Ó
Dubhghaill; Athr. Seosamh Ó
Duibhir, £1; Athr. Seumas Ó
Máirtin, £1; Athr. Diarmuid
Mac Cártha, £1; Athr. A. Ó
Broin, £1; Athr. Mícheál De
Búrca (Cé Aran), £1; Athr.
Aindrias Ó Muirchearthuigh, £1;
Athr. T. Hill, £1; Athr. Mícheál
Mac Oireachtaigh; 12/6; Athr.
Seumas Ó Duneadhaigh; C.M.;
Athr. S. Mac Airc, £1; Athr.
S. Mac Gough, £1; Athr. P. Ua
h-Aodha, £1; Athr. Micheál Mag
Craith, C.I., 5/-; Athr. Liam
Ó Catháin, £1; Athr. Eoin Mag
Coisdealbhaigh; £1; Athr. Caoimhghin
Ó Bradaigh; Athr. Padraigh Ó
Flannagáin, £1; Athr. Uaitéir
Mac Domhnaill, £1; Athr. Micheál
Ó Criodáin, £1; Athr. Diarmuid
Ó Ceallacháin, £1; Athr. Seán
Ó Céilleachair, £1; Athr. Seán
Ó h-Aodhagáni (Róimh), £2 10s. 0d.



CAISEAL —



Atr. Nioclás Ó Riain, £1.



CIARRAIDHE —



Athr. Eamonn Prendeville.



CILL DHÁ LUA —



Athr. Seóirse Ó Clumháin, £1 10s.;
Athr. Liam Ó Scannláin.



DOIRE —



Athr. Seumas Ó Flaithbheartaigh,
(Dungannon), 10/6.



LUIMNEACH —



Athr. A. Sutherland, S.C., £1.



AN MIDHE —



Athr. Pádraig Ó Floinn, £1.



PORT LÁIRGE —



Athr. Seumas Ó Breathnach, £1.



RATH BHOTH —



Athr. Domhnaill Ó Suibhne.



TUAIM —



Athr. Domhnaill Ó Corchoráin; Athr.
Micheál Mac Con Raoi; Athr.
Tomás Ó Cillín.



AMERICÁ —



Athr. Muiris Ó Beoláin, Eastport,
12/6; Athr. Domhnaill Ó Sírín,
Belmont, £1; Máirtan Ó
h-Enacháin, Seattle, £2.



SASANA — Athr. Domhnaill Ó h-Argáin,
Greenock; Athr. Liam Ó
Fearghail, Lonndain, Athr. Seumas
Ó Caoimh, Tyne Dock.



SÍNTÚISÍ-EILE —



An Árd-máthair Sráid Bagóid;
Tomás Ó Máille, Gaillimh;
Seumas Ó Rochthnean, Columbus,
15/-; An Cruaidhlaoich O.S.,
Cill Caoi 10/-; Dr. C. M. Ó
Briain, Ath. Cliath, £1; Art Ó
Briain, Ath. Cliath, £1


L. 167


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 168


COINNLE IGCÓIR NA H-ALTORA



75%, 25%, 65% Céir na mBeach.



Ó LEATHLOBHAIR, TTA.,
14 CÉIBH ORMUIN, ÍOCHTAIR,
ÁTH-CLIATH.



DÉANTA IN-ÉIRINN.



Tá gach aon tsaghas Leabhair a bhaineann le h-Éirinn,
pé 'cu sa Bhéarla, in ár nGaedhilg féin, nó i nGaedhilg
na h-Alban le fagháil ó:



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87 SRÁID UACHT. NA DRISEOIGE, ATH CLIATH.



Scríobh chuichi i dtaobh aon Leabhair nó páipéir ar bith a
theastuigheann uait.



MAC AN IARLA & A CHUID.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 169


FEACH A CHÁIRDE!



Ar mhaith libh £5,000,000 a choiméad in Éirinn?



Má's maith, deunidh sibh bhur gcuid Urradhais leis



AN GAEDHEAL COMHLUCHT TAIGHDE UM
URRADHAS NÁISIÚNTA, TTA.



Ba chóir do gach aon tSagart a cuidiú linn!



ÁRD-OIFIGH: 30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE-ATH-CLIATH.



CLÉIRIGH & A CHUIDEACHTA



AN TIGH THAR BÁRR.



Igcóir na Cléire is ar
a bhfuil eolas maith
aca.



ATH-CLIATH.


L. 170


AR BUN Ó 1824.



TOMÁS,
LIAM &
SEÁN
Ó CEALLAIGH



BAILE ÁTHA CLIATH,
89 Sráid Íochtarach
Ghárdiner.



Oifigí: 1 & 2 SRÁID AN FHEISTIGHE, BAILE ÁTHA CLIATH
(Le h-ais Bhannc na h-Éireann).



FÍOR-FHÍON ALTÓRA



Iarramuid go h-umhal ar Uachtaráin na h-Eaglaise agus ar Chléir na
h-Éireann leanamhaint de cheannach ar gcuid Fíor-Fhíon Altóra
mar san am atá thart.



Is le h-aghaidh na h-Altóra a gheibhimid é, agus tá sé dá dhíol againn ar
fud na h-Éireann, na Sasan, agus na gCoilíneacht le trí glúinibh.



A luach ar fagháil uainn ach a iarraidh.



4/- an duisín ar na buideáil fholamha dá thabhairt againn nuair a
chuirtear chugainn slán iad agus costas an iomchair díolta.



Níl baint againn le dream ar bith eile ins an obair.



Gothán: Baile Átha Cliath 1612. Sreang-Sgéalta & Cáblaí: “Threekays, Dublin.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 171


BA CHEART DO GACH AON
tSagart i n-Éirinn na leabhair seo de leabhraibh an Athar Peadair
a bheith aige:—



NA CHEITHRE SOISGÉIL … 4/6



AITHRIS AR CHRÍOST … 6/-



SEANMÓIN IS TRÍ FICHID I. … 4/6



SEANMÓIN IS TRÍ FICHID II. … 4/6



Mara bhfuilid agut cheana cuir púnt airgid chun.



BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEÓR.,
BAILE ÁTHA CLIATH,
agus gheobhair láithreach bonn iad.



MO SHLIGHE CHUN DÉ — Leabhar Úrnuighthe an Athar Peadair i lámhaibh
na gclódóirí fé láthair.



Ár gCéol Féinig — Ullamh anois. An t-Ath. P. Breathnach, C.M.,
do chruinnigh. 2/10 glan.



AN GAEDHEAL TÚ?



MÁ'SEADH BA CHÓIR DO CHUNNTAS BAINNC A BHEITH,
I mBANNC NA TALMHAN, TTA.



BANNC GAEDHEALACH MAR MHAITHE LE GAEDHLAIBH.



£180,000,000



Tá an méad sin d'airgead na nGaedheal curtha i mBainnc na
h-Éireann & gan aon phioc tairbhe ag teacht don dúthaigh as.



Tá muintir óg na tíre ag imtheacht i n-aghaidh an lae de ceal gnotha.



Cuir do chuid airgid i mBannc na Talmhan & cabhruigh le h-iad a
choiméad ag baile.



ÚNCAMAS.



Cúnntaisí Reatha 2%



Cúnntaisí Taisge 3½%



Cúnntaisí Taisge Bliana %



Cúnntaisí Taisge Tri mBlian 4½%



Cúnntaisí Taisge cúig mBlian, 5%.



Tá talamh na h-Éireann mar urradhas led chuid airgid.



FÉADFAIR DO GHNÓ GO LÉIR A DHÉANAMH LINN AS GAEDHILG



GACH EOLAS Ó'N RÚNAIDHE —



BANNC NA TALMHAN, TTA.,
68, SRÁID IOCH. CHILL MHUIRE, ÁTH-CLIATH.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 172


“NÍ NEART GO CHOR LE CHÉILE.”



COMHAR-CHUMANN
UM
ÉADACH GAEDHEALACH
DO DHÉANAMH, TEÓ.



Déanfaimíd an gnó, a Shagarta,
go cruinn taithneamhach dhíbh.



Cuiridh bhúr n-órdú ag triall
orainn.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 173


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 174


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 175


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 176


ARÁN MHIC
CHINNÉIDIGH



An Saghas is Fearr
dá bhfuil ann.



Bácúis



124-130 SRÁID PHÁRNELL
agus
BÁCUS NAOMH PÁDRAIG,
BAILE ÁTHA CLIATH.



MUINNTIR UÍ CHATHAIL, TEO,
CLÓDÓIRÍ, BAILE ÁTHA CLIATH

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services