Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimh. 2. [6] Fóghmhar, 1921

Title
Uimh. 2. [6] Fóghmhar, 1921
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1921
Publisher
Comhlucht na Firinne Catoilicighe

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SÍOLADÓIR
IOML. II. UIMH. 2. [6].
FÓGHMHAR, 1921.
LEATH-CHORÓIN A LUACH.



CLÁR.



DANTE.
Pádraig Eric MacFhinn, D.D.



AN PÁRRTHAS (RIOMH-RÁD LE DANTE).
Maonas Ó Domhnaill.



TIGHEARNAÍ THÍRE CONAILL.
An tAthair P. Mac Giolla Carr.



OIDE MÚINTE NA mBOCHT. II.
An tAthair L. Ua hUallacháin.



CUSTOS, QUID DE NOCTE?
Donnchadh Ó Loingsigh.



AN NÁISIÚN GAEL-IBHEIRNEACH. III.
Cluad de Ceabhasa.



&rl., &rl.


L. 52


CUMANN NA SAGART



Tionólfar cruinniú sa Leabhar-
lann, Connradh na Gaedhilge,
25 Cearnóg Pharnell, Áth Cliath,
an 20adh lá de'n mhí seo ar a
5 a chlog. Beidh an Tighearna
Easbog Ó Domhnaill i gceannus
an chruinnuighthe má's féidir i
n-aon chor leis é.



FÁILTE ROIMH GACH SAGART.


L. 53


Ioml. II. Uimh. II [6]



AN SÍOLADÓIR



Irisleabhar Chumainn na Sagart
n-Gaedhealach



CREIDEAMH
TEANGA
TÍR



Le fághail ó:



COMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICIGHE,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath.



Ar n-a chur i gcló ag
MUINTIR UÍ CHATHAIL, TEO.,
Céibh Úrmhumhan Íocht.,
Baile Átha Cliath.


L. 54


Clár an Irisleabhair Seo.



DANTE. An t-Athair Pádraig E. MacFhinn, D.D. 55



AN PÁRRTHAS (RIOMH-RÁDH) LE DANTE.
Maonas Ó Domhnaill 58



TIGHEARNAÍ THÍRE-CONAILL.
An t-Athair P. Mac Giolla Carr 59



MARBH AR SON NA h-ÉIREANN. M. Ó Domhnaill 65



OIDE MÚINTE NA mBOCHT — II.
An t-Athair L. Ua h-Uallacháin do sholáthair 66



DÁN ARÁIS: AS DUILLEÓIG I gCOLÁISTE SAN ISIDÓIR.
An t-Athair P. E. MacFhinn do scríobh amach 67



SEANMÓIN AR FHUIL RÓ UASAIL CHRÍOST.
An t-Athair Risteárd Pléimeann 68



CNAMHA GAN FEOIL: AN t-SÍORRAIDHEACHT. R. P. 71



CUSTOS, QUID DE NOCTE? ÍDHBIRT AR ÍDHBIRT — I.
Donnchadh Ua Loingsigh d'aistrigh 72



SAIGHDIÚIR AG COMHRÁDH LE DIA. An t-Athair R. Pléimeann
d'aistrigh 75



REQUIESCAT. DÁN AS AN mBÉURLA. M. Ó Domhnaill 77



AISTE AR AN bhFIR-BHEATHAIDH — II. D. Mac Con Chrodha
d'aistrigh 78



SEANMÓIN AR AN gCOMAOIN NAOMHTHA. M. Ó F. 81



DO LOCHTAÍ NA TEANGAN. An t-Athair L. Ua h-Uallacháin do
sholáthair 85



AN CROIDHE RÓ NAOMHTHA. An t-Athair Peadar 91



NÓTAÍ 92



AN NÁISIÚIN GAEL-IBHEIRNEACH — III. Cluad De Ceabhasa 100



ÁR gCÁIRDE 108


L. 55


AN SÍOLADÓIR



IML. II. UIMH. II.
FÓGHMHAR, 1921.



DANTE.



Níl aon chainnt fé Éirinn i nduan Dante; ach, bíodh a's nach
bhfuil, ní beag an tsuim atá le fáil ag Éireannachaibh i n-a shaothar.
Toisg an áit atá aige amhail sár fhile na Críosduíochta, agus toisg
na ceachtanna a bhíonn le foghluim as, tá tábhacht ann i gcóir na
h-Eorpa go léir; agus tá tábhacht fá leith ann i gcóir na h-Éireann,
a raibh mór-chuid aici i mbunú agus i sgaip na smaointe do ghríosuigh
chun saothair é, agus a mbíonn ceisteanna liteardha ar siubhal innti
fós nach neamh-chosúil iad leis na ceisteannaibh a bhí le socrú ag Dante.



Rugadh agus béas-múineadh é i gcathair Flóraint, i gcroidhe na
Toscáine, fá bhun na sléibhte ar a bhfuair deóraidhthe as Éirinn —
Aindrias, Brighid a's Donnchadh, Easbog Fiesole — cliú na naomhthachta
na céadta bliain roimhe sin. Ní raibh an uair sin an cliú céadna ag
an gcathair a's atá anois, tar éis rí-scríobhnóirí na h-Iodáile do
theacht as, a Dante féin agus an príomh-prósóir Boccaccio síos go
dtí Papini 'sa ló indiú, gan trácht ar dhathadóiribh agus dealbhaidhthe
ar nós Giotto agus Mícheál Aingeal. Ach cheana féin bhí a cliú ag
dul i méad. Cheana féin bhí scoil dathadóireachta ar bun 'sa
gcathair, agus an sreath íontach dathadóir ar n-a thosnú le Cimabue,
máistir Giotto. Cheana féin ba lár-phúnc í do phoilitíocht na gcathair
agus na bhflaithín Iodáileach — don chlampar mhalluighthe as a dtáinig
i n-a dhiaidh sin díbirt Dante agus bás Savonaróla, agus a dtáinig
ciúineas air fá dheire faoi thíorántacht bog, maiseach na Medici,
daltaí — nó múinteóirí — Macchiavelli. Agus pé cliú a bhí ar
mhuinntir Flóraint, níor lugha é ná an mór-is-fiú a bhí ortha asta féin
agus as a gcathair — rud a d'fhág a rian ar a lán slí ar shaothar Dante.



'San aimsir sin ba bheag litríochta a bhí 'sa dToscáinis nó i
n-aon chanamhnachas Iodáileach. Bhí cúpla dán beag áluinn as
Iodáilis scríobhtha ag Naomh Proinsias as Assisi, agus bhí roinnt file
eile a scríobh mar an gcéadna 'san Iodáilis tar éis céard na filíochta
d'fhoghluim as saothar na “dtrovatore” Probhensach. Na scríobhnóirí
ba mhó le rá, ámh, do scríobhaidís as Laidin, as Fraincis nó as
Provensal. Múinteóir Dante, Brunetto Latini, nuair scríobh a
thráchtas mór, an Tresor, i n-ar fhan sé “beó i ndiaidh a bháis” (Ifreann,
Duan a XV.), b'é as Fraincis do sgríobh sé é. Ar dtúis de,


L. 56


freagrann sé an cheist, cad chuige a scríobhann sé as “Romhánais
Frainnceach” agus é i n-a Iodáileach. Ar an gcéad dul síos, deir
sé, tá an Fhraincis níos taithneamhaighe, agus chó maith leis sin
cleachtuighthear níos mó tríd an domhan í ná mar cleachtuighthear an
Iadáilis. Ba dhóigh leat go raibh tú ag éisteacht le sgríobhnóir
Éireannach 'sa ló indiú agus é ag míniú dhuit cad chuige gur as
Béarla a scríobhann sé! Leór mar fhreaghra ar fáthannaibh den saghas
sin, nach bhfuil cuimhne ar shaothar Bhrunetto 'sa ló indiú, ach amháin
mar gheall ar thagairt dó ag Dante, do lean a mhalairt de chomhairle.



Bhí Dante i ndon Laidean agus Provensal do sgríobh go líomhtha.
Scríobh sé roinnt tráchtas as Laidin, agus tá giota Laidne 'sa
“Commedia” — óráid a chuireann sé i mbéal Cacciaguida (Párrthas,
Duan a XV.). Tá mar an gcéadna, cúpla rann aige as Provensal,
a chuireann sé i mbéal an trovatóré Arnautz Daniel 'sa bPurgadóir
(Duan a XXVI.). Ach chonnaic sé gurab í an litríocht is buaine an
litríocht a scríobhtar i gcanamhnachas beó teangan an chine le n-a
bhaineann an scríobhnóir. Ní ceist teangan amháin í ach ceist
canúnachais freisin. Réir Dante (De Vulg. Eloq., lib. I., c. 8) aon
teanga amháin atá ag na cinidheachaibh Laidneacha ar fad, agus trí
chanúnachas mór innti .i. béarla oc, béarla oil, agus béarla si.
Mar shompla ag cainnt dó fé Shordello, an file as Mantua do
sgríobh i bProvensal, ní deir sé nár sgríobh sé i n-a theanga féin,
ach (De Vulg. Eloq., lib. I., c. 15) nach i n-a chanúnachas féin a scríobh
sé. Mar an gcéadna 'sa bPurgadóir (Duan a VII.) beannuigheann
an Sordello seo d'Fheargal amhail “Glóir na Laidneach, i n-ar
thaisbeáin ár dteanga féin a neart.” Leis na smaointibh sin, mar
sin, chúm Dante a shár-dhán 'sa gcanúnachas Laidneach beó do fuair
sé thart tímpal air i bhFlóraint.



Ar shlighthibh eile chó maith is file náisiúnta thar na beartaibh é.
Áilneacht Flóraint, deagh-thréithe agus droch-thréithe a stáire agus a
muinntire, táid fighte fuaighte tré n-a chuid filíochta 'sa slí nárbh
mhisde a rá gurab é “glóir agus náire Flóraint” é. Ní taise
don Iodáil go léir. Thaisdeal sé an chuid ba mhó dí le linn a
dheoraidheachta, agus is beag dúithche 'san Iodáil nach bhfuil tagairt
éigean dí i n-a dhán. Gheibhtear ann uaireannta an dúil chéadna i
n-áireamh agus i n-ainmniú áiteann agus gheibhtear i sein-fhilidhibh na
Gaedhilge. Is íontach an peictiúr a gheibhimíd uaidh ar naomhaibh a's
ar ropairibh na h-Iodáile agus ar na gníomharthaibh do rinneadar.



Ní h-é tré theanga ná tré bheatha náisiúnta do leigint i
leath-thaoibh gur féidir áit do sholáthar i measg náisiún an domhain.
An file náisiúnta seo, do thug neart agus maise dá sgéal as stáir
a thíre féin, agus do scríobh i gcanúnachas áitiúil a theangan féin,
'sé sár-fhile na h-Eorpa é agus sár-fhile na Críosduíochta. A
chanúnachas áitiúil féin, thug sé neart agus fuinneamh dá chainnt,
agus somplaí as stáir a thíre féin chuireadar croiceann ar a raibh
le rá aige faoi fhírinnibh an Chreidhimh agus an fheallsa.


L. 57


Sár-fhile na Críosduíochta — sin í an áit atá ag Dante leis na
ciantaibh agus sin í an áit a tugtar dó 'sa litir thímpal do chuir
an Pápa amach i n-a thaoibh tá tamall ó shoin ann. Ní h-amhlaidh go
mba naomh é ná dochtúir na h-Eaglaise. Níorbh droch-dhuine é, ach
bhí a chion féin d'uabhar aige, agus de cheann-dánacht agus d'fhuath
dá náimhdibh nó do náimhdibh a cháirde — bhí roinnt Pápa i measg na
námhad sin — agus bíonn a rian le feiceáil ar a shaothar. Is diadhaire
sár-mhaith é, ach ní h-é an oiread toisg an méad a mhúineann sé a
tugtar onóir dó, ach toisg an slí i n-a mhúineann sé é. Craobh-
sgaoileann sé múineadh na h-Eaglaise agus léirigheann sé beatha
'sa gCríosduidhe, 'san am ba mhó a raibh an múineadh sin fá réim
agus an bheatha sin faoi mheas, 'sa bhfilíocht is áilne agus is uaisle
atá le fáil.



'Sé an saol atá le teacht lár-phunc beatha an Chríosdaidhe. Tá
dlúth-bhaint ann idir an saol seo agus an saol eile. Ní h-íonadh,
mar sin, na tréithe sin a bheith i saothar Dante. Go deimhin, nuair
ghlac sé mar ábhar a dháin le fís den saol atá le teacht, idir Ifreann,
Purgadóir agus Neamh, ní raibh sé ach ag leanúint nós na sgríobhnóir
Críosdaidhe do chuaidh roimhe. Ní beag an chuid do bhí ag Éireannachaibh
'sa litríocht úd na bhfír. Bíonn fís-sgéalta na nGaedheal le fáil
go flúirseach i litriocht na h-Eorpa 'sa mheadhon-aois. I mbailiú
láimhsgríbhinn na meadhon-aoise 'sa Vatican, mar shompla, gheibhtear:—
Beatha Fursa (na bhfís) Reg. Lat. 573, f. 71, agus f. 40, agus 318, f.
201; Naomh Pádraig agus a Phurgadóir Reg. Lat. 1964, f. 57, 694,
f. 112 (láimhsgríbhinn gotica as Manistir Muire de Cupra i
n-Albain), 1514, f. 113 (as Fraincis), Pal. Lat. 617, f. 294; Fís
Tundail Chaisil (Tundalus, Tondale) Reg. Lat. 1514 (as Fraincis),
agus 1431, f. 75 (as Laidin), Pal. Lat. 138, f. 122. Admhuighthear
de ghnáth anois go bhfuil saothar Dante spleádhach ar shaothar na
nGaedheal, bíodh a's gur deacair a rá go beacht cad é méad an
spleádhchais. Pé sgéal é isé saothar Dante an choróin, mar
déarfá, ar shaothar liteardha a raibh an pháirt ba mhó ag Gaedhealaibh
i n-a sgaip tríd an Eoraip.



Fé láthair, sé chéad bliain i ndiaidh bháis an deóraidhe file, bíonn
cuimhne dá dhéanamh ar Dhante tríd an Eoraip go léir. Dála an
sgéil, dá mhéad an cúram eile atá ortha, níorbh mhisde do Ghaedhealaibh
sompla na “náisiún mbeag” eile do leanúint, mara mbéadh ach le
taisbeáint nach é litríocht an Bhéarla i gcomhnuidhe, ná fiú amháin go
minic, is mó le rá i litríocht na h-Eorpa. Déanfar cuimhne air go
h-áirithe i n-a thír féin. Ag an Iodáil agus ag an Eaglais is mó a
bhéidh páirt 'sa gcuimhne sin. Déanfar cuimhne air i bhFlóraint, an
chathair do ghein agus do dhíbir é, 'sa Róimh, an chathair do mhúin
é. Déanfar an cuimhne is mó air, ámh, i Ravenna, an chathair do
thug bheith istigh dó i n-a dheóraidheacht. Is ann fós atá a chorp, óir
níor éirigh riamh le muíntir Flóraint é d'fháil dóibh féin. File mór
na Críosduidheachta, i mbás féin, sé file na fulangtha agus na
deóraidheachta é. PÁDRAIG ERIC MacFHINN.


L. 58


AN PÁRRTHAS (RIOMH-RÁDH) LE DANTE.



Glóire an té a ghriosuigheas gach nidh
Sughann sí tré'n saoghal agus lonnruigheann
I n-áit níos mó, i n-áit níos lugha.



Ins na flaithis is mó d'á shoillse gheibheann
Bhíos-sa is rudaí chonnac ná h-éirigheann
A luadh leis an té a fhilleann annso anuas.



Mar, nuair a dhruideann sí le n-a mían
Téigheann an intinn i n-achrann chómh dúr
Ná féadann an chuimhne dul thar n-ais ar a rian.



Ach, gach d'ár bhféidir liom a chnuasúghadh
De'n ríoghacht naomhtha istigh im chroidhe,
Beidh sé anois mar adhbhar mo dhúain.



A dheagh-Apollo, i gcóir na h-oibre is deidheanaighe
Dein let' bhrigh dhiom a leithéid sin d'áthrach
Is a shileann tú oireamhnach 'gcóir bronntanais do leamháin.



Go dtí an uair seo aon bheann ba sháith liom
De Pharnassas, acht leis an dá bhinn i n-aoinfheacht
Anois ní mór dom dul chun iomrasgabhála.



Tar chugham im bruinn is séid t'anáil ann
Fé mar do shéidis nuair tharraingis Maersa
Amach as an gclúdach a bhí thart ar a bhallaibh.



Is má chuidighir liomsa a chomhacht neamhrach
Ionnas go bhfeudfainn de'n ríoghacht naomhtha
An séala tá greamuighthe im cheann a léiriughadh.



Cífidh tú ag teacht me chun do chrainn tóghtha
Is me am choróiniúghadh leis na duilleógaibh
A thuillfead let' chabhair is le cabhair mo dhuáinse.



MAONAS Ó DOMHNAILL.


L. 59


TIGHEARNAÍ THÍRE-CONAILL.
Oráid a thug an t-Athair P. Mac Giolla Carr i bhFeis Tíre Chonaill.



Da mbéadh teanga anns na clocha 'n ár dtimcheall le labhairt
linn no mac-alla an ghleanna bhuanseasmhach go leór chun na neithe a
chuaidh thart a chongbhail agus a chaitheamh thar ais chugainn is iomda
sceul a dfeudfad sinn a chluinnstin annseo aniu. Tá muinntear
Thír-Conaill cruinnighthe aniu a gCill-mhic-Nénain faoi ghairm easbóig
de chineadh ríoghmhail Uí Dhomhnaill mar a tionoladh go minic 'san
tsean-am an Chineal Chonaill 'san áit cheudna faoi reacht Phrionnsai
uasla Thíre-Conaill. Rinneadh an iomad agus dubhradh an iomad atá
air chuartughadh. Tá an mhór-chuid eólais le fagháil nach féidir a
innse a dtamall gheárr agus mar sin de ní chluinnfidh sibh uamsa
acht comhrádh mar chomhrádh chois teineadh air bhaint Chille-Mhic-Nénain
le stáir na h-Éireann.



Muna bhfuil mórán le feiceál fá'n chompal seo fá lathair acht
an radharc aoibhinn áluinn a gheibhtear air na gleanntain fraoich
agus air an fháinne cruc atá niar bhallai dúin nár dtimcheall, an té
a léigh stáir na h-Éireann ní thig leis teacht annseo gan a chroidhe
a reubadh aige eadar bród agus brón; bród fá na neithe a bhí;
brón mar gheall air an mhórán nach rabh agus nach bhfuil. Comhgarach
dúinn, thall annsin a nGartán a rugadh Naomh Cholmcille. De réir
na seanchaidhe is a nDoire-Eithne a baisdeadh agus a tógadh é. Fá
chomharsanacht Doire-Eithne a h-oileadh Colm naomtha air chaoi air
bith agus ní fhuil amhras nach chuir sé air bun mainistear ann. Tug
tighearna na h-áite a bhí pósta air dheirbhshear Chuilm, Nénan, maoin
saoghalta agus talamh asteach leis an Chill agus fuair ceathrar mac
Nénain bás naomhtha ann. Mar chuimhne buidheachais air fhialmhaithtas
Nénain tugadh cill-mhic-Nénain mar ainm air Dhoire-Eithne ó shoin
suas agus is ann a thiocthaí le taoisigh nuadha a thogadh ós cionn
Chlainn Chonaill. Air chruc an Dúin na aig eaglais Chille-mhic-Nénain
a dhéantai prionnsai Thíre-Conaill a óirdneadh agus ar an ádhbhar
sin ní thiocfadh liom ádhbhar cainnte níos oireamhnaighe agus níos
freagraighe a cheapadh na geárr-chunntas air thighearna Thíre-Conaill.



Is cosamhail gur ghráthach leis na taoisigh comhnuidhe a bhaint fútha
aig an Dún i n-aice Chille-mhic-Nénain acht ní rabh sin a dólaimh
amhlaidh. Bhí comhnuidhe aig righthe Uladh, bíodh siad de Chlann Éoghain
nó de Chlann Chonaill, a nGrianan Ailigh gur loisg Muircheartach
Ua briain, rí Mhumhain an dún sin 'san bhliadhan 1101. Bhí príomh-
chaisleán Thíre-Conaill a mbaile Dúin-na-nGall, caisleán a d'árduigh


L. 60


na Dálaigh san 12adh aois. Bhí comhnuidhe tile acu aig Eas Aoidh
Ruaidh na Bealach-Seán-Aoidh a gcaisleán a chuir Niall mac Thordheal-
baigh Ui Domhnaill suas 'san bliadhain 1423. Bhí dún eile acu ag
Leithbhearr agus cranóg a loc-bheathach a n-Gartan acht ba chuma ca
h-áit a rabh an taoiseach óg 'na chomhnuidhe thiocfadh sé le stiúr na
dúithche a fhághail le flosc agus forbhfáilte a gCill-mhic-Nénain.
Deirtear gur air Charraic an Dúin a bhíodh “cloch na ríogh”; go rabh
lorgacha cos an cheud taoisigh geárrtha asteach innte; go rabh sé
d'fhiacha air an nuadh-thighearna seasadh anns na lorgacha sin agus
mionadh go gcosnóchadh sé go cúramach dlighthe, ceart agus pribhléidí
Chinil-Chonaill. Bidheann dream eile 'ga shéanadh sin agus ag rádh
nár air Chruch an Dúin a bhíodh an t-óirdneadh acu agus nar ann a
bhíodh cloch na ríogh acht a seipeal na mainnistreach a gCill-mhic-
Nénain. Bheireann Leabhar na gCeithre Maighistear cosamhlacht na
firinne do'n bharamhail sin óir léightear innti go rabh an chloch air
chongbhail 'san eaglais acht bíodh ár rogha sgéil againn, ní fhuil ann
acht ceist baramhla. Ní follus dúinn go dé d'éirigh de'n chloich,
ceocá briseadh í le taisme na le mío-rún Mhic Uí Shuibhne mar a
dtirtear. Ní fhuil aon amhras nach rabh sí ann seal agus tá cunntas
thall agus abhus air thriall Chlainn-Chonaill go áit dhéanta na
bprionnsai. Iad seo mar shomplaí. 'San bhliadhain 1461 chuaidh
Clann Néill Ghairbh, Aadh Ruadh agus Eóghan, go Fánaid chum
cuidiughadh le Mac Suibhne Fánaide a n-aghaidh Thoirdhealbhaigh
Uí Dhomhnaill a bhí aig bainnt díoghaltais as Mac Uí Shuibhne air son
an chuidighthe a thug sé do Chlann Néill. Chuaidh Tordhealbhach agus a
fhoireann da n-ionnsaidhe gur casadh an dá shluagh le chéile a
gCeann-Maghair. D'éirigh an lá le Clann Néill Ghairbh. Rinneadh
príosunach de THORDEALBHACH agus baineadh an chumhacht de agus
annsin deir an stáir: “Tangatar na maithe sin iarsan maidhmsí
Cinn Maghair go Cill-mhic-Nénain i do gaireadh tighearna d'Aedh
Ruadh mac Néill Ghairbh amhail ro ba dir.” Is léir dúinn as na
briathra deireannacha sin go raibh sé mar nós acu theacht go Cill-mhic-
Nénain air an ocaidh a bhfuil sinn ag tracht uirthi. Mar an
gceudna 'san bliadhain 1505. Do bhris Aodh óg Mach Aoidh Ruaidh
air Dhomhnaill Ua Néill aig Dún-Gheannain, chuaidh sé annsin go
Caiseal Dearg, ghabh sé agus chuir sé gárda air an Chaisleán: ó sin
tháinic sé go Cill-mhic-Nénain gur gaireadh Tighearna Thíre-Conaill
de, an 2adh lá de Lughnasa de dheoin Dé agus daoiní. Tá cunntas
fosta tugtha go deachaidh Aodh Ruadh Mac Inghine Duibhe ar theacht
as príosun Bhaile-Cliath do 'san bhliadhan 1592, go Cill-mhic-Nénain
n-áit a deárn an t-airchinneach Ua Fhrighil é a óirdneadh mar Thighearna
air Thír-Conaill air an 3adh lá de Bhealtaine. Acht is leor an méid
sin mar chruthughadh. Bheireann an Loinseach tuairisc dúinn air an
gnáith-chleachtach agus an dul fríd a bhíodh acú aig óirdneach an
nuadh-thighearna. De réir an úghdair seo nuair a bheirthi an tighearnas


L. 61


do'n Dálach a gCill-mhic-Nénain bhíodh an Frighileach, Comharba
Chuilm-Cille, an máirsealach Ua Gallchobhair agus maithe na tíre uilig
ag freastal air. Chuireadh an t-Abhb Ua Frighil slat gheal ghlan
dhíreac gan chrapan ann a láimh agus labhradh leis air an chuma seo:
“Glac seo mar chomhartha ádhmhail d'áirdchéim agus bíodh do
riaghaltas glan díreach gan chaime mar atá an tslat seo glan
díreach gan crapan ionnus nach dtiocfaidh le droch-theanga air bith
do gníomhartha a cháineadh agus nach mbéidh sé air chumas féille nó
baoth-cháirdis d'ionnracas a lochtadh.”



Ba de shliocht ríoghamhail Tighearnai Thíre-Conaill. Bhí Niall na
naoi nGeall 'na Árd-rí air Éirinn ó 379-406 agus bhí clann mór mac
aige. Ceann acu Conall Gulban nó “Conall na gcleas cruaidh.”
Fuair Conall agus a dheárbhrathair Eóghan sealbh air an chuid is mo
de Chúige Uladh air feadh na cúigeadh aoise agus h-ainmeadh Tír-
Conaill air Chonaill Ghulbain agus duine de phór Conaill a bíodh
ariamh ós cionn Thíre-Conaill de réir an tSeanchais. Ba Loch Súiligh
an tsean-chríoch eadar an Chineal Chonaill agus an Chineal Eóghain
acht an 12adh aois leathnuigh Clann Chonaill a ndúthaigh agus ba
Loch Feabhail agus abhainn na Finne an chríoch ó sin suas. Ní rabh
treabh i n-Éirinn ab' mhó a bhfuil trácht ortha 'san stáir na'n Chineul
Chonaill agus ní rabh prionnsai ní b'uaisle, curaidh ní ba chalma no
fir ní ba thréise air feadh míle bliadhan na bhí a dTír-Chonaill. De
réir an Flaithbheartaigh bhí coróin árd-ríogh na h-Éireann air dheich
gclaighne de'n chineadh seo. Ní h-iad Clann Uí Dhomhnaill a bhí a
gcomhnuidhe 'na dtaoisigh mar go rabh Clann Mhaoil-Dorraidh agus
Clann Uí Channanain roimpe acht gur de shliocht Chonaill iad uilig.
'San 10adh aois ghlac bunadh de Chineul Chonaill Ua Cannanain mar
shloinneadh, fir churata a rabh níos mó nó ceann amháin acu a
dtighearnas na dúithche. Cliú mór a bhí acu, go h-áirid aig
Ruadhraighe Ua Cannanain a bhain an choróin de Chongalac a bhí 'na
árd-rí le na linn gur toghadh é fhéin mar árd-rí seal ann a áit.
'San bhliadhan 948 chruinnigh Lochlannaigh Baile Cliath faoi Ghodfred
Mac Shitric asteach go Cúige Mhidhe. Chuaidh Ruadhraighe a n-ionnsaidh
ortha le n-a chuid fear gur troideadh cath mór Mhuine-Brocáin a
gconndae na Midhe. Ruaigeadh agus mharbhadh 6000 de na Lochlannaigh
agus theith an fuighleach go Baile-Cliath acht thuith Ruadhraighe é fhéin
'san chath cheudna. Bhí bunadh eile a rabh Maol-Dorraidh mar ainm
ortha agus bhí cuid acusan fosta 'na bproinnsai a dTír-Chonaill.
Air fead trí cheud bliadhan bhí conspoid agus imreasan mór eadar
iadsan agus Clann Channanain fa thighearnas na tire. A rith na 9adh
na 10adh agus na 11adh aoise mar léightear 'san tseanchas b'iomda
cath fuilteach a troideadh agus ba mhór an marbhadh a rinneadh air
an dá taobh gan de bhuntaiste acu acht géilleadh do bhunadh eile a
bhí ag éirigh líonmhar agus treunmhar mar bhí an mhuintear eile a
lagadh. B'iad sin na Dálaigh nó Clann Dhomhnaill. Chuir siadsan a
leath-taobh Clann Mhaoil-Dorraidh agus Clann Uí Cannanain 'san


L. 62


12adh aois agus chongbhuigh siad réim na tíre go dtí lá dubh an
dubhluighe a ndéigh bhriste Chinn tSáile agus báis Aoidh Ruaidh nuair
a thionntuigh Ruadhraighe Ua Domhnaill a chúl air thalamh na h-Éireann
gan filleadh níos mó. Glac an bunadh seo Ua Domhnaill mar
sloinneadh ó thaoiseach ar bh'ainm do Domhnall a fuair bás 'san
10adh aois. Chlann Dálaigh an t-ainm a bhí ortha roimhe sin agus is
gráthach linn na Dálaigh a thabhairt air Chlann Uí Domhnaill go dtí
an lá atá aniu ann. Seo mar a labhrann an file Ua Dubhgain ortha:—



“Tiocfa siad budh teand a dtriath
Clanna Dálaigh na ndonn sgiath,
Leo go choimhcheart gan críonadh
Oidhreacht ó na h-áirdríoghaibh.”



Is follas as sin gurbh é a gceart de réir oidhreachta a bheith na
n-áird-righthe. Ceannphort ar bh'ainm do Dálach ó fuair bás 'san
bhliadhan 868 a d'fhág an sloinneadh sin ortha. Deirtear gur de'n
bhunadh cheudna na Docartaigh a bhíodh 'na dtaoisigh air Innis Eóghain
agus do réir Leabhar na gCeithre Maighistear bhí duine acu.
Eachmarcach Ua Dochartaigh 'na thighearna air iomlan Thíre-Chonaill 'san
bhliadhan 1197. Chuaidh cuid de na Dalaigh go Connacht 'san 12adh
aois agus ghreamuigh an t-ainm dóibh. Air feadh cúig cheud bliadhan
'na dhéigh geibhthear tuairisc air chléir agus tuatai de Chlann Dálaigh
a rabh urram ortha le 'n-a linn agus cliú na ndéigh gConnacht agus
'san Mhumhan. Acht mar a dubhradh cheana féin, Clann Uí Dhomhnaill
a thugtaoi ortha 'sa bhaile againn agus bhí siad a dtighearnas na
tíre go dtí tús na 17adh aoise. Air léigheadh an tseanchais dúinn
chímid go rabh a sáith le déanadh acu: corr-uair bhíodh dá theaghlach
nó dís déarbhrathair a n-achrann fa mhaighistearacht na dúithche;
amanna eile bhíodh acu le n-a gceart a sheasadh a n-aghaidh na
dtaoiseach Gaedhealach nó cíos-chain a bhainnt amach le fuinneamh an
chlaidhimh; ba fhíor-mhinic iad fosta a bhfasta anns 'na Sasanaigh.
Má's inchreidte na seanchaidhe bíodh an namhaid 'na Ghaedheal nó 'na
Ghall b'annamh nach raibh an bhuaidh acu, nuair nach rabh conspoid agus
easaontacht eatora fhéin. Bhíodh dóchas mór aig Clann Dhomhnaill
ag dul chun cogaidh dóibh óir bhí ceannphoirt mhaithe ortha, bhí lucht na
gcruch righin agus bhíodh cathach Chuilm-Cille air iomchar acu a
dtoiseach an tsluaigh. A ndéigh catha Chula-Dreimhne bhíod an cathach
aig Clann Chonail agus tá cunntas 'san stáir gur duine de Chlann
mhic Rabhartaigh a bhíadh gha choimheadh.



Ní Tír-Conaill amháin a bhí faoi réim na nDálach. Bhí áiteacha
eile faoi smacht agus cíoschain acu. Bhí tuaisceart Shligigh futha air
feadh tamaill fada agus is dóiche gur shíl siad gurbh' é a gceart
sealbh a ghlacadh air Chairbre a Sligeach mar gur bhain Cairbre Mac
Néill na naoi nGeall faoi 'san dúthaigh sin 'san 5adh aois. Ní fhuil
amhras air bith orrainn nach rabhcineal éigin tighearnais aig prionnsai


L. 63


Thíre-Conaill ós cionn mhuintir Íochtair Chonnacht agus go dtógadh
siad cíoscháin ann gidheadh nach raibh an greim ró-dhaingean acu air.
'San bhliadhan 1213 cuireadh Fionn Ua Brolchain go Cairbre chun
cíoschain a thógal. Ba Fionn maor Domhnaill mhoir Uí Dhomhnaill.
Marbhuigh an file Muirchearteach Ua Dálaigh an maor le buille de
thuath. Chuir Domhnall Cairbre faoi smacht agus chuir tóir air an
file go Clann Ricáird, as sin go Tuath-Mumhan as sin go Luimhneach,
ó Luimhneach go Baile-Cliath agus go h-Alban gur umhluig agus gur
iarr se maitheamhnas air Thighearna Thíre-Conaill. Taisbeanann sin
cumhacht Domhnaill mhóir mar nach leigfeadh an eagla do thaoiseach
air bith comairce a thabhairt do Mhuirchearthach nuair a bhí Domhnall Mór
air a thóir. Bhí Cáisleán Shligigh aig Clann Chonchobhair acht ma bhí is
cosamhail gur faoi áirdcheannas Uí Domhnaill. Tá láimh-scríbhinn
a leabharlann Uilliam Betham aig tabhairt tuarisce air chomhcheangal
na margadh a rinneadh eadar Tighearna Thíre-Conaill agus Tadhg
Ua Conchabhair 'san bliadhan 1539. Thug an Dálach sealbh an caisleáin
do Thadhg air na coinghealla seo: go mbéadh Tadhg fíor agus díl do
a gcomhnuidhe a n-aghaidh na nGaedheal agus na nGall agus é bheith
air chomhairle an Dálaigh a ngach ceist beag agus mor, 'sa bhaile
agus a gcéim, 'san chill agus 'san tuaith; go gcaithfeadh Tadhg an
eochar agus usaid an chaisleáin a thabhairt do am air bith, agus go
h-airid nuair a rachadh an Dálach chun a graithe a dhéanamh ann Íochtar
Chonnachta; nach mbeadh cead cogaidh na síothchána aig Tadhg gan
chomhairle agus toil an Dálaigh. Bhí coinghealla eile sásta 'san
mhargail agus mhionnuigh Tadhg na comhtha uilig á coimhlíonadh. Bhí
áird-easbog Thuama agus brathracha Dúin-na-nGall air an lucht a bhí
mar fhiadhnaise agus bannaidhe aig an mhargail sin. Is cosamhail
nar seasadh a bhfad do'n mhargadh óir 'san bhliadhan 1597, leath cheud
bliadhan 'na déigh, bhí Mac Uí Chonchobhair Shligigh le Clifford, taoiseach
Sasanach, ag troid a n-aghaidh an Dálaigh. Da bhliadhan tar éis sin
arís (1599) bhí sé air thaobh na Sasanach aig Cath Choirr Sléibhe lá
Fhéile Muire na Lughnasa nuair a ruaigeadh na Sasanaigh agus chaill
Clifford a cheann. Nuair a caitheadh Ceann Clifford thar bhallai
Shligigh glac Mac Uí Chonchobhair eagla agus d'iarr se maitheamhnas.
Mar go rabh Aodh Ruadh Ua Domhnaill go fial agus bhí sé treun,
fuair fealltóir Shligigh pardún.



Tá cunntas fosta go raibh seórt éigin Áird-Thighearnais acu
air áitheacha a nDoire, a dTír Eóghain, a bhFear-Manach, anns na
Brefní agus a Ros-Comáin. Do réir an tseanchais b'iomda ruaig
thug muintear Thír-Conaill air na h-áiteacha seo agus slaid na tíre
agus ag tógail cíosa. Muna dabhthar sásta géilleadh bhí an Clann
Dálaigh abulta a gcíoschain a chruinniughadh an chuid ab' mhó de'n am.
Ní fhail aon amhras nach rabh cumhacht Clainn Uí Dhomhnaill air an taobh
amuigh do Thír-Chonaill. Iad seo mar shomplai. 'San bhliadhan 1219
léightear a Leabhar na gCeithre Maighistear: “Sluaiccheadh la
h Ua Domhnaill .i. Domhnall mór a nGairbhthrian Chonnacht da bhfuair


L. 64


braighde i umhla Uí Ruairc i Uí Raighilligh i catha Aodha Finn uile i
gabhail do iar sin tre fhiraibh Mhanach go re milleadh lais gach conair
tres a ttudhcaid etir cill i tuaith doneach bai i ffreasabhra friss.”
Nuair a thugtar tuairisc air bhais Dhomhaill Mhór 'san bhliadhan 1241
seo mar a labhartar air: “Domhnall mór mac Éccneacáin Hui
Domhnaill tighearna Tíre-Conaill, Fhear Manach, i Íochtar Condact
ca Coirrsliabh i Oirghiall o Chlár anuas.” Mar an gceudna san
bhliadhan 1247 mharbhuigh Muiris Mcc Gearailt “Maoilseachlainn
Ó Domhnaill ticchearna Thíre Conaill, Cenel Maoin, Insi Eóghain
agus Fearmanach.” Ceud bliadhan na dhéigh sin chímid na tiodail
cheudna acu .i. san bhliadhan 1333 goirtear “Tighearna Chinil Conaill,
Chinil Mhaóin, Insi Eóghain, Fhearmanach, Íochtar Chonnacht i na
Breifne” do Aodh Ua Domhnaill, Mac Domhnaill óigh. Ceud
bliadhan 'na dheigh sin arís tá Niall garbh le lámh láidir ag cur
smacht air thaoisigh Fhear-Manach. Is deacair a rádh go de an cineal
tighearnais a bhí acu; a dTír-Conaill bhí umhlughadh agus gradh dóibh;
air an taobh amuigh bhí umhlughadh agus eagla agus sliopach go leór a
bhí an géilleadh.



Shílfea gur ag troid a gcomhnuidhe a bhí siad acht ní fíor sin.
B'iomda fear crodha a fuair bás air Mhachaire an áir acht fuair cuid
acu bás suaimhneach agus cuid acu bás fhíor-naomhtha. Bhí na Dálaigh, na
Maoil Dorraidh agus na Cannanáin 'na gcinn mhaithe do'n chreideamh.
Chuir Ruadhraighe Ua Cannanáin air bun Mainistear Easa Aoidh
Ruaidh fa tuairim an bhliadhan 1178. Cuireadh suas Mainistear a
gCill-mhic-Nénain air bhallogai Cille Chuilm naomhtha. Is dóiche gur
Aodh Óg, Mac Aoidh Ruaidh a chuir air bun é a dtoiseach na 16adh
aoise. Fa coinne Óird-Naoimh Phroinnsias a togadh é. De réir na
gCeithre Maigistear tionnsgnad Mainistear Dhúin-na-nGall (1474)
le Aodh Ruadh Mac Néill Ghairbh agus le n-a mnaoi Fionnguala inghean
Chonchobhair na sróna do bhraithre Shan Pronseis chun rath a n-anama.”
Cuid de na tightarnai a fuair bás naomhtha a n-aibít mhanaigh.
Domhnall mór 'san bliadhan 1241 a Mainistear Easa Aoidh Ruaidh.
'San bhliadhan 1333 fuair Aodh Mac Dhomhnaill óig bás a n-aibit
mhánaigh a n-Inis Shaimir. Rinne Toirdhealbach Mac Néill Ghairbh an
rud ceudna a 1422 agus Aodh Óg, Mac Aoidh Ruaidh a 1537.



Ní fhuil feidhm agam chur síos air an meud a rinneadh air feadh an
ama a rabh Tír-Conaill faoi réim Gaedheal acht seo: is iomda fear
chrodha, calma, curata a tháinic go Cill-mhic-Nénain le Tighearnas
Thíre-Conaill a fhághail agus is iomda fear macánta, cneasda a
sheasaigh air Chloich-na-Ríogh acht ní rabh éinneach ní ba churata, ní ba
chreasda na aon duine a ba mhó a rabh grádh Dé agus grádh a thíre
ann na an t-óganach ud a fuair bás 'san Spáinn a n-aois a 29adh
bliadhna, Aodh Ruadh Ó Domhnaill. Ní fhuil de cruthughadh a dhith
orrainn acht an brostughadh a thug sé do Mhuintear Thíre-Conaill
roimhe catha Choirrsléibhe lá Féile Muire an Fóghmhair 1599. Bhí
mí-adh air Éirinn gur cailleadh go h-óg é. Rinneadh priosunach go


L. 65


fealltach de ag Rath-Mhaolain agus gan é a cúig mbliadhna deug.
I gceann trí mbliadhna nuair a d'éirigh leis a ndéigh dhá iarracht
fágháil saor ó ghreim na nGall bhain sa cúiteamh as an namhaid aig
Beal-an-átha-buidhe agus Corrsléibhe. Acht faraor! díoghbháil
dearcaidh cuir lá dubh Chinn t-Sáile deireadh le réim Gaedheal.
Cuaidh Aodh Ruadh chun na Spáinne le congnamh a chuartughadh acht
chuir a bhás críoch le dochas na h-Éireann. Géilleadh do chumacht
Sasana de réir a chéile mar nach rabh uain buaidhe 'sa bhaile na a
gcéin. Ní rabh maith ann sin: bhí talamh na h-Éireann de dhith air
ghrabairí Gallda. B'éigean do Aodh Ua Néill agus Ruadhraighe
Ua Domhnaill teicheadh sul a gcuirfí chun báis iad mar cuireadh
an té nar imthigh. Ba sin deireadh riaghaltais Gaedheal a dTír-Conaill.
Ó shoin ní rabh ós ár gceann acht tiorantaí Gallda a plánntaladh
annseo le saoir na tíre a staonadh. Acht tá súil as Dia againn
go dtiochfaidh an lá a mbéidh Éire arís faoi réimh rathmhar na
nGaedheal. Ní fhuil annsin acht an ceart mar adubhairt Domhnall Óg
Ua Domhnaill air theacht as Alban do go Cill-mhic-Nénain 'san
bhliadhan 1258: “Go mbiadh a dhomhan féin ag gach fear.”



MARBH AR SON NA h-ÉIREANN.



Do thosnuigh an ceol go h-aoibhinn caoin
Do bhrostuigh na daoine chun damhas go mear
Do chualas na cloga ag labhairt go glinn
Is an tonn ag rith ar an dtráigh isteach.



Agus dubhart: tá a chorp ar an dtráigh anois
Agus sgeidheann an mhuir le n-a thaoibh go pras
Cromann an cailín ós chionn a chinn
Is tiormuigheann an deor ó 'n-a súilibh glas.



Is go deo arís ins na páirceann ciúin
Nuair a bheidh an mhaidin go cúmhra glé
Is an ghealach go faon is an ghrian go h-árd
Is an t-eas ró-chubharach le glór ag sgéidheadh.



Ní chloisfead a gháire; is cois an chuain
Ní fheicfead a bhárc ar an lóchán dheas
Is ní fheicfeadh a lámh ar a chlaidheamh gheal ghlé
'Sé ag druidim go teann leis an namhaid isteach.



Acht tiocfad go minic san oidhche séimh
Gan neach im fhocair fa dhéin a uaighe
Agus guidhfead a anam i bhflaitheas Dé
Is an tír a ghrádhaigh sé bheith glórmhar buadhach.



MAONAS Ó DOMHNAILL.


L. 66


OIDE MÚINTE NA mBOCHT. — II.



DE DHUALGASAÍBH AN CHRÍOSTAÍ.



C. — Cad a cheanglann an creideamh ar Chríostaí.



F. — Ceanglann air, reacht agus dlí Chríost do chreidiúint in a
chroidhe agus é' admhail len a theangain. “Leis an gcroidhe
creidimíd chun fíoraonachta agus leis an mbéal, admhuighmíd chun
slánuithe.” (Romh. 10 10.)



TEAGASC. — Is éigean don Chríostaí gach ní d'fhoillsigh Dia agus
d'admhuigheann an Eaglais do chreidiúint in a chroí' go dílis dáiríribh,
óir is le fírinne agus le díograis nách foláir réir Dé dhéanamh, gan
chlisteacht, gan chealg, gan chlaon-chrábha, de brígh go bhfeiceann sé
na smaointe is dorcha agus is doimhine ins an gcroí', agus ná fuil
aon ní folaightht ná foillseóchar ar an lá dhéidheanach. Is éigean
mar a' gcéadna don Chríostaí creideamh agus dlí Chríost d'admháil
ós árd go h-oscailthe chun onóra Dé. Uime sin má fiafruightear
dhíot i bhfiaghnaise righthe agus uachtarán na talmhan (gídh gur bhfuath
leo creideamh) “cad é an creideamh gur de thu” tá sé d'fhiachaibh
ort a admháil go dána gur Críostaí agus Caitiliceach tu; agus dá
ráinéoch' de dhruim an chreidimh sin, go gcuirfí chun báis tú, ní
foláir duit é' fhuilingt go foighneach ar nós na n-Apstal agus
fiadhnaisí an chreidim, níos túisce ná a shéanfá do chreideamh óir
“is éigean réir Dé do dhéanamh i gcomhnuí seachas réir daoine” (Gniomh
5 29) Dé bhrígh go ngeallan Críost mar luachsaothair “an té'
admhuigheann mise i bhfiadhnaise daoine admhóchad-sa é i bhfiadhnaise
m'Athar atá ar neamh” (Mat. 10 32). Agus ar an dtaobh eile “an
té shéanann mise i bhfiadhnaise daoine, séanfad-sa é i bhfiadhnaise
m'Athar atá ar neamh.” Is éigean don Chríostaí a chreidtamh
d'admháil in a gníomhtharaibh ar son a leasa féin agus ar son leasa
na gcomharsan chun cách do tharraingt ón seachrán, agus do thabhairt
ar an dtréad gcóir go h-Eaglais Chríost.



FOIRCEADAL. — Tabhair mola go buan do Dhia i dtaobh tu'
ghairmeadh ar an gcreideamh bhfíor; i dtaobh mar do dhein sé Críostaí
agus Caitiliceach díot. Féach, cionnus chómhfhreagraís le d' chreideamh
nó 'r ghabhais bun-ós-cionn leis: ar admhuighis go h-oscailthe é nuair
ba ghádh é; nó ar chuiris do chreideamh i bhfeidhm le deagh-oibhreachaibh
do shoillséoch' cách le lonnra do dheagh-shompla. Ná glac náire
choidhche ag admháil an tsoiscéil nó ag leanúint na ndeagh-bhéas a
threóruigheann don aoibhneas shíoruí; acht gaibh eagla agus náire
idtaobh gan do bheatha do bheith do réir do chreidimh agus idtaobh mar
thréigis slighthe Dé agus casán do leasa, ag leanúint cosa an
tsaoghail shuaraigh so a thuilleann díomádh agus doirbhéas síoruí don
bhuidhin a leanann iad.



AN t-ATHAIR LIAM UA h-UALLACHÁIN, do sholáthair.


L. 67


AS DUILLEÓIG I gCOLÁISDE SAN ISIDÓIR 'SA RÓIMH



DÁN ARÁIS.
1654.



As baile mar ainm árás. Baile nimhneach nuadhphálás
Baile gáin-neamuil ga, baile gráineamhuil gallda.
Baile na nolc sna niolach. Baile cogthach sinnsiolach
Baile brosgurtha na ccath. Baile cosgartha curach.
Árás déis cráidhte na cclann. go smiora bhfódaibh freamhán
crádhfhás anall do iomchair. ár fhás ann ar éirionnchaibh.
Do thuit na thimchioll mo nuair. a mbith bhuan bheith go diombuan
adhbhadh fuinidh dhá cheannach nuimhir adhbhal éireannach
Ar a raibh ríoghradh toghtha. cinn chosnaimh is cabhortha
as dursan a ndul don bhás. a mbhun [sic] ursan ag árás.
Nír bhfiu Árás triúr don tréad. renucht do chuaidh ó choimhéud
fir bheódha go bhfraoch feadhma. teóra laoch chunláin fheadhma.
Do thuit léoghan dúin droma. isin iorghail eatorra
Fear a ngoil bhunata baill. mar choin ccurata cculainn.
Púcht agus creach a chinidh. Éumonn dána ó duibhidhir
dréuchta comhthruim cor a ghním. a cconchluinn chon an chleitín
Do réir gach garma dhár ghlac. dá madh saoghlach an seabhac
dob oirdhearc a chlú sa cháil. dú na noirbheart an anáir.
Ó do chaill coill na manach. biaidh go buan a ndaoranach
A mheanma mhear sníomh a smacht. a ghean sa dhíon sa dhaonnacht
Do thuit ann idir an bhféinn. Piarus mhac Risdeird roiréidh
nár bhaoth snár bhónda gér bhóg. Laoch bá cródha ná ciotóg.
Piarus builtéar [sic] branán slógh. budh ag cách fá dhobrón
Beithir bhuadha ar ar ghnáith gean. a ráith cuala dhá chaoineadh.
Coileán do chuaine na mál. as cian do chosnaim drongan
sí dhealmha saora na fir. craobha fíneamhna feimhin.
Sliocht Méig Phiaruis Phuirt na ród. bá háirmheach éachta a nallód.
Le cosg gach caisde a mbaoghal. posd gaisge na ngallghaodhal.
Do thuit lán gréugach gníomhach. ionnsaightheach nár bimshníomhach
déis a láin gábhadh is gal. A ndáil áladh is iorghal.
Séumas mhac gearailt na nghlonn. onchú bá fras a bhforlonn
míleadh nár mhoirtill bálta. fírfhear foirtill farránta.
Ar fhás ar an ár os fás. san tár fó raoir ar rofhás —
Giodh gairm dhon bhaile gho bás. as baile mar ainm Árás.



[Ar an druim] Dán Aráis.


L. 68


SEANMÓIN AR FHUIL RÓ UASAIL CHRÍOST.



Ó'N ATHAIR RISTEÁRD PLÉIMEANN.



Thug sé grádh dhúinn agus do ghlan sé dhínn na peacaí le n-a chuid fola.



Nuair a dhein an duine an peacadh do chaill sé a cheart agus a
theideal chun a bheatha shaoghail agus chun na beatha síorruidhe. Tháinig
bás spioradálta air agus níorbh fholáir beatha nárbh í beatha an
chionntaigh í do thabhairt suas do Dhia chun cirt Dé do shásamh.



Ní raibh aoinne chun na h-ídhbirte sin do dhéanamh ach Íosa Críost,
an t-aon atá neamh-chionntach, an t-aon atá naomhtha, an t-aon atá
fíoraonta go h-iomlán uaidh féin; is é cruthuightheóir an domhain é,
agus is maith leis é féin do thabhairt suas mar bhictim ar ár son-ne,
anacróirí bochta atá i mbraighdeanas ag an mac mallachtain. Seo
mar adubhairt naomh Pól: Agus sinn-ne fós n-ár bpeacachaibh do
fhulaing Críost bás ar ár son. Sin í cainnt naomh Pól. Ní raibh
tuillte againn-ne ach díbhfeirg Dé, agus tháinig truagh ag ár
Slánuightheóir dúinn. D'fhulaing sé bás ar ár son, agus thug sé le
taisbeáint dúinn méid a ghrádha dhúinn.



Do dhoirt sé a chuid fola ró uasal ar ár son-ne. Is mór an
obair do dhuine a chuid saidhbhris do thabhairt uaidh ar son an fhir thall.
Ach a chuid fola do dhortadh ar son duine eile, pé h-é féin, gníomh
uasal thar na beartaibh iseadh é sin. Is í an fhuil tobar na beatha.
Saidhbhreas do-labhartha iseadh í. Acht cad adéarfad le fuil Íosa
Críost féin. Is í fuil Dé í, go bhfuil a luach gan teóra. Saidhbhreas
an tsaoghail go léir agus saidhbhreas na bhflaitheas is neamh-nídh iad
seachas an fhuil ró naomhtha so. Beatha na ndaoine go léir a mhair
riamh agus a mhairfidh, is neamh-nídh í seachas aon bhraon amháin d'fhuil
ró uasal Mhic Dé.



Do dhoirt sé a chuid fola go h-iomlán dúinn. Is ar éigin a bhí
sé ar an saoghal agus do thug sé urraidheacht fé sgein an tímcheall-
ghearradh ar an ngnó a bhí aige le déanamh dúinn. I ngáirdín na
gcrann n-ola do rith an fhuil ina braonachaibh reamhra le n-a chorp ró
naomhtha go dtí gur fhliuch sí an talamh go léir. Fé sna sgiúirsíbh do
sgeinn sí ar fuid an tseómra agus do bhreac sí na fallaí. Do
cuireadh an choróinn dheilgneach ar a cheann agus do bhí a chuid fola ag
sileadh go flúirseach. Tá rian na fola le feicsint ar an slighe atá
ag dul go Calbhari. Agus é ar an gcrois gcéasta gluaisean an
fhuil ina slaodaibh ó n-a chosaibh agus ó n-a lámhaibh. Má fhanan braon
fánach ann ní fada a dh'fhanan, mar tigean an taoiseach céad agus


L. 69


sáidhean sé an tsleagh tré n-a chroidhe ró naomhtha agus tigean amach
an braon deireannach d'á bhfuil fágtha ann. Ó, a Dhia, do thugais uait
an braon deireannach ded chuid fola ar ár son; nách é is lugha is
gann dúinn-ne bheith ag sileadh na ndeór. Dá mbadh ná beadh ann
ach duine den choitcheanntacht nú duine iasachta, do ghlacfadh truagh
sinn dó; ach tusa, ár gcruthuightheóir, ár nDia, is uathbhásach mar a
dheinean tú linn é.



Ar ár son-ne do dhein sé an méid sin go léir. Ar dtúis, chun
sinn do chosaint ar dhíbhfeirg Dé. Nuair a tháinig aingeal an ídighthe
isteach san Éigipt agus do chuir chun báis an chéad-ghein ins gach
teaghlach, do sgaoil sé thairis gach tigh go raibh a ursanna breacthe le
fuil uain na cásga. Is é Críost an t-uan fírinneach; óir thug a chuid
fola sinn saor ó dhíbhfeirg Dé. Agus annsan, chun sinn do ghlanadh
ó n-ár bpeacaíbh. Nuair a tháinig cathughadh ar Dhia i dtaobh cruthughadh
an duine, d'osgail sé cómhleanna uisgidheacha na spéarach, agus do
órduigh sé d'uisgidheachta an domhain sgéith de dhruím an tailimh
le h-aghaidh an domhain do ghlanadh ó thruailliú; do dhein na
h-uisgidheacha an talamh do ghlanadh, ach ní raibh ar a gcumas na
h-anamnacha do ghlanadh. Níorbh fholáir fuil do dhortadh chun coinsiais
an duine do ghlanadh agus do chur ar deagh-staid. D'á bhrígh sin do
dhein náisiúin an domhain ofrálacha fola do dhéanamh chun Dé, ach de
réir focail naomh Pól, ní féidir d'fhuil damh ná d'fhuil reithí peacadh
do thógaint chun siubhail. Dá mbadh rud é go ndoirtfí fuil na cine
daona go léir níorbh fhéidir di smól aon pheactha amháin do ghlanadh
d'anam aon duine amháin. Bhí ar ár gcumas an peacadh a dhéanamh;
ní raibh ar ár gcumas leór-ghníomh a dhéanamh ann. Níorbh fhéidir ach
d'fhuil Dé cúiteamh a dhéanamh leis an Athair síorraidhe as an
bpeacadh. Labhran an fhuil sin níos aoirde ag glaodhach ar Dhia
trócaire do dhéanamh orainn ioná mar a labhair fuil Abeil ag glaodhach
díbhfeirge Dé ar Chain. Ní raibh ar chumas aon fhola eile ach í anam
an pheacthaigh do ghlanadh agus teintreacha ifrinn do chuir ar neamh-nídh
dho. Ní raibh ar chumhas aon fhola eile ach í toibreacha na ngrást, is
iad san na sácramíntí, do chur ar bun, toibreacha a leigean isteach
ar an anam luacht saothair páise an tSlánuightheóra chun sinn do
nighe agus do neartú. Do dhoirt sé an fhuil sin, agus tháinig athrú
iongantach ar an saoghal. Do mhúin na h-aspail do sna daoine grádh
a thabhairt d'Íosa Críost. Do dhoirt na mairtíreacha a gcuid fola
le h-athas fé fhiacla an bheithidhigh chraosaigh mharbhthaigh, nú fé fhaobhar an
chlaidhimh. Do ghlan na maighdineacha a gcuid éadaigh i bhfuil Chríost,
agus do fuaradar mar dhualgas an t-uan do leanamhaint pé áit
n-a dtéidheann sé. “An mhuinntir seo go bhfuil na h-éadaí geala
úmpa ce h-iad féin, nú cá dtángadar. Is iad an mhuinntir iad a
gheal a gcuid éadaigh i bhfuil an uain.”



Tá an rud céadna ag an bhfuil ró naomhtha á dhéanamh gach aon
lá; tá sí á sgaipeadh ar fuid an domhain tré sna sácramíntí; táid
na h-anamnacha aici á nglanadh; táid na fíoraoin aici á gcur i méid.


L. 70


Acht samhluightear dam go gcloisim an dia-mhasladh uathbhásach úd
“Bíodh a chuid fola orainn-ne agus ar ár gclainn.” Má tá an
peacadh againn á dhéanamh, nách amhlaidh atáimíd ag satailt ar an bhfuil
uasail sin. Nách amhlaidh atá a toradh againn á chur ar neamh-nídh
chómh fada a's a théidheann aon tairbhe a dh'fhéadfadh sí a dhéanamh
dúinn. Nách amhlaidh a chuirimíd i n-áirithe dhúinn féin i gcóir na
síorraidheachta an teine ná trághan a teas go deó.



Bhí fear óg uasal ann agus do mheas sé go raibh a mháthair, a bhí
tar éis bháis, ag tabhairt cómhairle a leasa dho. “An amhlaidh,” ar
sise, “do thugas ar an saoghal thu agus do thógas thu chun go
dtabharfá thu féin suas do neithibh baothe an tsaoghail. Bíodh do
ghreann ar na neithibh a bhainean le Dia.” Do-chuaidh an chomhairle i
bhfeidhm air; thug sé druim láimhe leis an saoghal; do dhein naomh mór
de; naomh Bernard is ainm do. Má tá comhacht chómh mór san i
nglór máthar, nár chóir go mbeadh comhacht i nglór Íosa agus é ag
glaodhach orainn ár leas a dhéanamh. “Cad é an tairbhe dhuit,” ar
seisean, “mo chuid fola. An amhlaidh a dhoirteas í chun go mbeifeá-sa
ag tabhairt a sriain féin do t-ain-mhiantaibh, agus a d'iarraidh do mhian
do shásamh le drúis, le meisge, le h-uabhar, le mór-is-fiú, le
h-eirghe-in-áirde, le baois an tsaoghail.”



Sin é guth an Tighearna ag labhairt linn-ne. Caithimís uainn an
peacadh ar fad. Tugaimís cluas do chainnt an tSlánuightheóra. Is
eadh, a Thighearna, tugaimíd suas duit ár gcroidhe; bíodh sé ar lasadh
le grádh dhuit feasta. Bíodh ár mbeatha agat, bíodh ár gcuid fola
agat má's toil leat é; bímís féin agat ar an saoghal so, agus ar
an saoghal eile ar feadh na síorraidheachta



AN FÁNUIDHE.



Tá an fháinnleog ann
Os chionn na loch
Tá an feur go h-úr
Is an ghaoth go bog.



Bíonn tormán tonn
I gcoinnibh do thrágha
Ag gabháil dom' chluasaibh ó lá go lá
Ó, a Éire, is trúagh me uait ar fán.



MAONAS Ó DOMHNAILL.


L. 71


CNAMHA GAN FEOIL.



AN tSÍORRAIDHEACHT.



(a) Ní do'n aimsir a cruthuigheadh tu ach do'n tsíorraidheacht. Cuir
tú féin i dtreo gan righneas i gcóir na síorraidheachta.



(1) Tá an dá shíorraidheacht ann. Síorruidheacht fé áthas agus
síorruidheacht fé bhrón. Mar sin a cheap Dia, agus níl
aon dul as agat.



(2) Tá do rogha agat de'n dá thaobh; tá saor-thoil agat chuige
sin; dein do thogha anois.



(3) Luigh isteach ar an ngnó gan mhoill, agus dein go
dúthrachtach dicheallach é. Is ana chontabhartach ar fad é
chur ar athlá.



(b) Tá an tsíorraidheacht ag druidim leat. Ná leog uait in
aistear oiread a's aon neomat amháin.



(1) Tá na laetheanta agus na bliana ag imtheacht ar cos-in-
áirde. Ní fios cad é an neomat n-a dtiocfidh an
tsíorruidheacht ort.



(2) Tá ar do chumas gach uile neomat aoibhneas do chur i
n-áirithe dhuit féin i gcóir na síorruidheachta.



(3) Tá ar do chumas, mar an gcéadna, brón agus pianta
do chur i n-áirithe dhuit féin i gcóir na síorruidheachta.



(c) Isé an bás an dul isteach chun na síorruidheachta.



(1) Go dtí go dtiocfidh an bás ort, níl deimhn agat cad tá
le h-imtheacht ort ar an saoghal eile.



(2) Ach ansan beidh an sgéal agat mar a bheidh sé. Ní féidir
é athrú. Ní féidir go deó a mhalairt de sgéal a bheith
agat. Má bhíon tú saor sabhála an uair sin, ní baoghal
duit feasta. Má bhíon tú ar an ndream damanta, ní
bheidh fuasguilt le fághail agat go deó.



Dein do mhachtnamh air sin.



R. P.


L. 72


CUSTOS, QUID DE NOCTE?



ÍDHBIRT AR ÍDHBIRT — I.



Donnchadh Ua Loingsigh d'aistrigh ó'n bhFrainncis é.



Custos, quid de nocte?



Ná fuil an oidhche dorcha go maith? Cad a chímíd ann? Naimhde
tuisgionacha cumasacha agus cíocras an domhain ortha chun ár gcurtha
ar aimhleas ár n-anmann. Ní háil leo sinn atá i n-ár sagairt, mar
ní háil leo Dia féin.



A fharaire, cad é do thuairim de'n oidhche?



Cad a chíonn fear cosanta cathrach na n-anmann! Neamhnídh
geall leis. Cathain osclochamuíd ár súile, súile an tsagairt, súil
le féachaint? Táid na daoine ag déanamh aimhlis a n-anmann,
cuirtear ar a n-aimhleas iad ós cómhair ár súl, agus sinne ghá
fhiafruighe dínn féin, cia chuirfidh ar a leas iad?



Cia dhéanfaidh é? rinne, na sagairt. Tá an domhan uile ag
dul chun an donais … cia chuirfidh cosc leis? Ní hé an gnó
saoghalta, ach gnó na n-anmann atá i gceist.



I lár na huaire seo, ceist ar leithligh is eadh an cheist a
cheangalann nó a scaoileann, ceist an chreidimh, cia réidhteochaidh í?
An sagart, agus an sagart amháin.



Cad tá ann chun an gnó so a dhéanamh, chun tróda i n-a aonar
i n-aghaidh na ndroch-mhianta neamh-shrianta atá dár n-ionnsuidhe i
bhfuirm framasúntachta?



Cad é féin? Dia, tá neart Dé ann; is é Íosa de Nasaret é.
… “Data est mihi omnis potestas in coelo et in terra …
sicut misit me Pater, et Ego mitto vos.” …



Cad chuige gur deineadh teachta de'n tsagart?



Chun an domhain a shlánú — chun é shlánú i gceart, dáríríbh. Agus
ní dhéanfaidh aoinne' acht an sagart a shlánú.



Is chuige sin ceapadh an sagart, is chuige sin deineadh sagart
de, chun na hanmanna a shlánú agus sain amháin. Ní dó féin an
sagart, ach do dhaoinibh eile, do sna hanmannaibh.



“Omnis namque pontifex ex hominibus assumptus, pro homi-
nibus constituitur in his quæ sunt ad Deum, ut offerat dona et sacri-
ficia pro pecatis” (Hebr. V.).



Sin í a ghairm-beathadh agus dá bhrigh sin críoch a bheathadh. Agus
ní thiocfaidh sé uirthi seo ach tré anmanna a shlánú. An dualgas so,
an ghairm-beathadh so, is é Dia, moladh go deo leis a chuir ar an
sagart é.


L. 73


Tá a rogha féin ag Dia; is féidir Dó 'pé duine is toil leis a
thoghadh, agus ní'l de bhac Air gnó ná cúram a chur ar a rogha duine:
“Non vos me elegistis, sed Ego elegi vos et posui vos ut eatis et
fructum afferatis.”



Nuair a dheineann Dia an toghadh, agus nuair a cheapann Sé
dualgas do dhuine, glacann an sagart leis seo, an uair ghlacann
sé na húird bheannuighthe. Annsain bíonn gairm beathadh aige, bíonn
sé ceapaithe innealta chun anmanna a shlánú. Ní thig leis diúltú
do'n ghnó a cheap Dia dhó.



Is é dualgas an fhiréin glóir a thabhairt do Dhia agus mar sin
a anam fhéin a shlánú; ach tá sé ceapaithe do'n tsagart na hanmanna
a shlánú agus mar sin Dia do ghlóiriú. Sin í an fhírinne. Cia
fhéadfaidh a bréagnú?



Ar a shon sain, is le Dia na hanmanna, — is leis na hanmannaibh
an sagart.



D'á bhrigh sin, is cuma mar gheall ar chéim an tsagairt; bíodh sé
i n-a easbog, i n-a shagart saoghalta nó riaghalta, bíodh sé íseal nó
uasal, bíodh cúram anmann air nó ná bíodh, tá sé ceapaithe chun
gnó Dé a dhéanamh, chun ídhbirt a ofráil do Dhia i maitheamhnachas na
bpeacaí, chun anmanna a shlánú.



Is chuige seo ceaptar é, agus ceapann an eaglais chomh mór
sain chuige é, go dtugann sí aire go mbíonn slighe-bheathadh i n-áirithe
aige, sar a nglacaidh sé úird bheannuighthe an fhó-dhéacoin. Is maith
léi teideal fé leith a bheith aige i dtreó go dtiocfadh leis bheith ag
gabháil do ghnó Dé agus do shlánú na n-anmann amháin, 'sé sin an
gnó gur ceapadh chuighe é. Ídhbirt na n-urnuighthe bpuiblí d'ofráil
do Dhia, — an portús a léigheamh, sin é dualgas an fhó-dhéacoin.
Samhluigheann an eaglais nach mór dó gach nóimeat d'á shaoghal a
thabhairt ag guidhe le hanamannaibh daoine eile. Sin é chúis gur
maith léi an fó-dhéacon a bheith saor ó chúram an tsaoghail. An fear
go mbíonn mar ghnáth-obair aige a bheith ag guidheachtaint thar cheann
an phobail, is é an fear is dúthrachtaighe agus is diadha gnó é.



Níor ceapadh an sagart chun a bheith i n-a liaigh, nó i n-a láimh-liaigh,
nó i n-a adhbhcóide, nó i n-a scríobhuidhe puiblí, nó i n-a oide; ní chun
a bheith i n-a cheannuidhe, nó chun a bheith ag saothrú na talmhan, nó
fós chun a bheith ag gabháil do ghnóthaíbh stáit a ceapadh é.



Leigfidh an eaglais do gnótaí feidhmeamhla áirithe a dhéanamh
ach gan dochair ná díoghbháil d'aon anam dá bharr. Leigfear
dó bheith i n-a oide nó i n-a ollamh, ach ní cheadochaidh sí dhó bheith i
n-a ollamh ar leithligh. Ní thig leis an eaglais féin an gnó a cheap
Dia do'n tsagart d'atharrú.



Ag gabháil do sna gnáth-ghnóthaíbh feidhmeamhla so dhó, beidh sé
i gcomhnuidhe agus thar gach aon nidh i n-a shagart.



Ní bheidh 'sa mhúinteoireacht ach fearas chun teacht ar na
hanmannaibh, agus ar an intinn sin guidhfidh an sagart, fuilingeochaidh
sé agus teagascfaidh. Beidh sé i n-a shagart, agus mara mbíonn


L. 74


ann ach oide, ísligheann sé é féin fé bhun an té ná deineann de ghnáth
ach ceachta a cheartú. Labharfaidh an sagart mar shagart go deó is
choidhche agus is gach aon bhall.



Nuair a bheidh ceacht ar sheanchus nó ar ealadhain ar siubhal aige
beidh sé i n-a chumas a bheith deagh-shomplach, agus anmanna a shlánú.
Mura ndeinidh sé sin, ní sagart i n-aon chor é, ní choimhlíonann sé
a dhualgas. Deineann sé a aimhleas féin agus cuirean sé daoine
nach é ar a n-aimhleas.



I láthair na haimsire seo, tá a lán sagart i n-a n-oidíbh! ach
ortha siúd, an iomdha sagart atá ag slánú anmann na leanbhaí, an
aois óig agus na n-ógánach? Tá mórán sagart léigheanta ann, ach
cá mhéid sagart aca sain a theagascann na micléighinn mar ba cheart,
a dheineann cúram d'á n-anmannaibh?



Maidir le n-ár naimhdibh, nach saotharach iad chum an uilc a
chraobhscaoileadh? An múinteóir atá ag gabháil do'n bhun-oideachas
chomh maith le hollamh na holl-scoile, táid uile ar nós apstol a
d'iarraidh an tsíl a chur, síol an uilc!



Agus i n-ár dtaobh-ne?



An macléighinn a éirigheann as an scoil gan chreideam, apstol
is eadh é ó'n lá sain amach agus apstol mór-shaothair leis.



Agus i n-ár dtaobh-ne?



Cad fé ndear an difridheacht so? Tá, go ndeineann an sagart
dearmhad ar an ngnó gur ceapadh chuige é. Céim ar aghaidh 'sa
léigheann is mó a bhíonn uaidh agus baitsiléirí a dhéanamh de sna macaibh
léighinn. Breis eolais a bhíonn mar chuspóir againne; oibrigheann ár
namhaid chum an t-eolas a scaipeadh, agus an mí-chreideamh leis,
agus féach, éirigheann leis thar na beartaibh. Agus cad mar gheall
orainne!



An sagart a bhíonn ag gabháil do'n mhúinteoireacht, an uair a
bhíonn an ceacht ar leath-taoibh, ceapann sé go mbíonn a ghnó déanta
aige go hiomlán. Is dóigh leis gur leor do'n teagasc críostuidhe,
an t-eudach sagairt. Tá dearmhad air ámhthach. Neamhnidh is eadh
an ceacht ar an ríomhaireacht seachas an gnó a cheap Dia dhó. An
chéad dualgas, an chéad cheacht 'ná a chéile, is é anmanna a shlánú.
Tugtar faillighe san ngnó so, nó tugtar druim láimhe ar fad leis.
“Qui potest capere, capiat.”



(Ní Críoch.)


L. 75


III. — SAIGHDIÚIR AG COMHRÁDH LE DIA.



An t-Athair Risteárd Pléimeann d'aistrigh ó'n Iodálais.



Níor éirigheas go moch ar maidin indiu; bhí leisge orm, mar a
bhíodh nuair do chaithinn mo shaoghal i ndíomhaointeas sar ar cuireadh
faoi láimh easboig mé. Bhí 'fhios agam gur mar sin a bheadh an
sgéal, nuair a chuas inde i gcomhluadar mhuinntire an tsaoghail.
Do ghlacas cuireadh a tugadh dom, do chuireas culaith éadaigh uasail
umam agus thugas an oidhche ag seanachus go béasach le ceathrar
ban uasal. I gcaitheamh an dinnéir dúinn, bhíomair ag cur a's
ag cúiteamh ar ghnóthaí leitiridheachta agus ar ghnóthaí stáit.
Thánag abhaile ró-dhéanach, cuirean san mearathal a's náire
orm, mar le fírinne dh-ínnsint is neamhsheasamhacht agus easba
nirt fé ndear é. Ní h-iongna gur dúr í m'aigne indiú agus
gan fonn orm aon rud fóghanta a dhéanamh. Cad chuige dhom
bheith chomh neamhimnidheach chomh duairc? Ní fearr bheith siar ná
aniar air mar sgéal; níl sa tsaoghal ach feall agus dul-amú
aigne. Dá mba ná déanfadh sé aon díobháil eile, cuireann
sé fhiachaint orainn an aimsir do sgaoileadh tharainn gan tairbhe.
Bheith ag cainnt a's ag comhrádh le daoinibh iasachta, ní suaineas ar
an aigne é, ná sólás, ná caitheamh aimsire. Sgaipeann sé neart
na h-aigne; agus is maith leat-sa, a Thighearna, go gcuirfimís an
neart san chun sochair a's chun críche, agus éiligheann tú cúntas
dian mar gheall ar gach focal baoth gan ghus. I gcomhluadar dhaoine
an tsaoghail seo, bíon bréag againn 'á dhéanamh, trí éigean, nú
toisg ná fuil aon dul uaithi againn. I gcomhluadar an tsaoghail, is
sinn féin a bhíon 'á mbronnadh againn; ní puinn díoluigheachta
gheibhmíd as — ní h-eadh, ach is nimh a gheibhmíd. Ní bhíon grádh ag an
saoghal ach dó féin; níl uaidh ach go ndéanfá caitheamh aimsire dhó,
eolas a thabhairt dó, é do mhúsgailt agus do chorruighe le neithibh baotha
neamhthairbheacha, i dtreó go mbeidh ar a chumas bheith ag cainnt agus
ag cáineadh agus ag tromaidheacht; bíon rud éigin nach foghanta ag
séideadh fé i gcomhnuidhe. Agus má dheinean tú a mhian a shásamh, ní
bhíon agat dá bharr ach formad a's máilís; nú rud is measa agus is
contabharthaighe ná san féin, deinean sé tú do mholadh. Má's duine
thu gur meón leat tú choimeád ó chomhluadar daoine, ní dheinean an
moladh ach seirbhthean do chur ort. Má's duine umhal tú, measfir
nár chóir a's nár cheart tú mholadh mar ná fuil aon creidiúint ag
dul duit mar geall ar aon deaghthréithe atá ionat. Is mairg duit má
éisteann tú go fonnmhar le n-a mholadh agus le n-a phlámás; mairg
níos mó duit má ghlacan tú sásamh ann; mar níl ann ar fad ach
nimh mhillteach.


L. 76


Fairis sin go léir, baineann an saoghal dínn an t-aoibhneas is
glaine agus is sólásaighe; an t-aoibhneas atá ag an nduine a thugan
grádh ó chroidhe go h-iomlán duitse, a Thighearna. Ó a Íosa, ní
féidir aon rud a cheilt ort, ná ní lugha ná mar atá fonn orm aon
rud a cheilt ort; is tú go bhfuil radharc agat isteach in sna h-áitibh
dorcha is tú a chíon cad tá istigh am chroidhe; agus is eól duit
conus mar atáim ar buile le grádh dhuit, mar adhraim thu; agus dá
mba ná déanfainn ach cuimhneamh ort, curtar ar meisge mé le
h-áthas agus le maoidheamh agus le mórtais. Mo ghrádh thú, a Íosa,
mo Dhia, m'athair, mo sholus, m'aoibhneas thú. Níl nidh ar bith uaim
ach ag féachaint suas chughat, bheith ag machtnamh ort, bheith ag breithniú
na gcréacht agus na gcneádh trí nar thugais fuasgailt orm, agus
gur dhíolais go maith asam ar chrann na croise naomhtha. Seadh, an
saoghal céadna úd a chuir chun báis thú ansan, an marbhuightheóir gan
truagh gan taise gur thug an t-Athair síoruidhe dhó thú chun mé
thabhairt saor, bíon sé am ghoid uait agus am thógaint chun siubhail
uait i láthair na h-aimsire seo. Níl ionam ach duine bocht suarach,
ach na thaobh san is uile, do thugais ded ghrástaibh dom dúil a bheith
agam ionat, do thugais dom a thuigsint nach féidir dom bheith
at éamuis ar feadh na síoruidheachta: aoibhneas thar na beartaibh
iseadh san; bíon sé agam de ghnáth, ach nuair a thagan dul amú aigne
orm ó'n saoghal, agus an aimsir agam 'á chaitheamh i neithibh baotha,
ní féidir liom an t-aoibhneas do bhlaiseadh mar is cóir. Tá do shúil
go trócaireach orm, a Athair ionmhuin; ní bhogan sí uaim choidhche,
agus tú ag cuimhneamh orm agus ag déanamh cúraim díom. Ní
imthighean tú uaim, cabhruigheann tú liom, leanan tú dhíom pé ball
n-a ngeobhad. Má thugaim súil-fhéachaint ort, bíodh go mbíon dul
amú aigne orm, bíon tú ag féachaint idir an dá shúil orm; agus ní
féidir cur síos ar an bhféachaint sin bíon sí chomh lán san de
aoibhneas, chomh lán san de sholus agus de dhian-ghrádh. Is truagh ná
tigeann liom mo shúil do chimeád go daingean ort; cad chuige ná
fuilim ag féachaint ort i gcomhnuidhe, i gcomhnuidhe. Cad é mar is
guagach lag aigne an duine, agus gur ionat-sa, a Thighearna, atá a
háit chomhnuidhthe.



Do thug do naomh féin, Naomh Próinséis de Shales, an méid
sin teagaisg dom; ach san áit chéadna cuirean sé i n-úil dom nach
féidir d'aon nidh mé sgaradh uait, mara mian liom é. Dá mba i
lár an tsaoghail seo féin é, agus a chainnt agus a ghnothaí ar siubhal am
thímpal, is féidir dom tusa bheith agam. Aréir féin, bhí ar mo
chumas, má ba mhian liom é, bheith ag féachaint ort agus ag
miongháiridhe chughat; ní fada ó bhaile a chaithinn mo thriall a bheith;
istigh am chroidhe iseadh bhís le fághail agam. Sid í an fhírinne; ní
h-alaidh dhom bheith ag gluaireán a's ag ceisneamh mar gheall ar an
saoghal, agus gur orm féin is cóir a's is cuibhe dhom bheith ag
gearán. Bím ag cáineadh an tsaoghail, ach pé rud a dhéanfaidh an


L. 77


saoghal, ní bhíon bac orm mo leas a dhéanamh. Dá mbéadh grádh
agam duit i gceart, níor bhaoghal dom ar saoghal; dá mbéadh grádh
agam duit i gceart, níor bh-eagal liom baois an tsaoghail, ní bheadh
beann agam ar lasracha teine, ar fhiacail bheithidhigh allta ná ar
chroibheannaibh an diabhail féin. Má bhíon eagal agam roimis ar saoghal,
má's gádh dhom teicheadh uaidh, is maith an comhartha é go bhfuilim go
lag, óir, má tá an Tighearna agam, cá bhfuil an t-é a dhéanfadh aon
díobháil dom?



I n-a sgrí seo dhom, do nochtadh dom an fhírinne sin — ní
headh, ach tuigim i gceart í. Fiafraighim díom féin cad fé
ndeara an leamhas anama san, agus tugan an coinsias freagra
orm; do ghlacas an cuireadh a fuaireas, agus chuir sé áthas
orm; níor ghádh dhom i n-aon chor fanamhaint abhfad ann, ach d'fhanas;
bhíos gan stuaim gan smacht agam orm féin; tháinig a chothrom de
phian orm gan mhoill, — do chodlas go headarshuth, gan fonn orm
agus mé go righin mall i n-aigne agus i gcorp. Is fíor gur thug
an saoghal an deoch dhom, a's d'ólas í go fonnmhar. Tá an
duine ar a thoil féin; tá ar a chumas, i neithibh suaracha chomh maith le
neithibh móra, leas nó aimhleas a dhéanamh do féin. Do pheacuigheas
trím choir féin, agus ní h-alaidh dhom an peaca a dheineas do chur i
leith an tsaoghail.



DÁN AS AN mBÉURLA (ARNOLD).



REQUIESCAT.



Caith uirthi roisí roisí
Acht na caith uirthi géaga iubhair
Tá ise so chre fé chiuineas
Is go rabhasa leis san uaigh.



A gáire ba mhían le'n saoghal
Is do gháiridh sí air go caoin
Acht bhí a croidhe go tréith go tréith
Is tá sí anois gan rían.



Bhí a saoghal go tráighte tráighte,
Céasda le teas is glor
Is an croidhe do loirg an suaimhneas
Tá an suaimhneas anois dhá chómhadh.



An mór-sprid bhí fé shleabhradh,
Do cailleadh le h-easbadh anál'
Acht anocht tá sí 'na oidhre
Ar hallaibh mhóra an bháis.



MAONAS Ó DOMHNAILL.


L. 78


AISTE AR AN bhFÍR-BHEATHAIDH — II.



(Ó'n bFraincis.)



Tuigimíd ó'n ár gcreideamh go bhfuil Dia ann agus tuigimíd
as ár ngrádh go bhfuil grádh ag eisean dúinn. “Grádh iseadh Dia:
Deus charitas est!” Agus is é is fíor-chríoch dúinn agus ní h-amháin
críoch an anma ach críoch an chroidhe, agus go mór mór críoch an
chroidhe mar cuireann an grádh feabhas ar bheathaidh an duine. Ní
bhíonn an duine sásta ach nuair a bhíonn grádh aige do rud éigin:
“Cor omnis homo; 'sé an croidhe an duine ar fad” (S. Augustin).



Ach ní bhíonn an duine sásta grádh a thúirt. Ba mhian leis grádh
d'fháil freisin, agus mar sin ní mór dó é bheith ar a chumas triaill
a bhaint a' grádh Dé. Nach breágh an rud é! rud gur beag duine
a bhfuil aithne aige air, agus gur beag a cheapann a leithéid bheith ann.
Ar a shon san is uile, tá sé ann, agus isé sásamh ceart na
Fír-bheathadh é — go símplidhe agus go nadúrtha: de réir mar a
thuigeann duine bíonn an bheatha aige. Go simplidhe nádúrtha, mar
siné an bheatha atá i ndán do'n duine.



Tuarascabháil na beathadh so. Cá bhfuightear í go cruinn beacht?
Ar an bParrthas saoghalta.



Rún Dé mar ceapadh í, agus rún Dé á cur i bhfeidhm gan
duadh, is ann atá an bheatha so le fáil. San áit sin bhíodh Ádhamh
ag síor-fhéachaint ar Dhia; mhaireadh sé go cáirdeamhail le Dia.
Ní bhíodh de chúram air ach bheith ag grádú Dé. Ní shaothruigheadh an
Parrthas saoghalta ach mar mhaithe le Dia, ar nós gáirneóra a
shaothruigheann agus a dheisigheann casáin an gháirdín agus é ag
machtnamh ar a mháighistir.



An túisce bhíodh breacadh an lae ann thagadh Ádhamh ag triall
ar Dhia chun é féin a thúirt do mar aon le sochar deagh-bhlasta cumhra;
sé sin torthaí a cnuasaigheadh tré ghrádh agus, ar an gcuma san,
chuireadh sé gach nidh ag mórú Dé, ar an gcuma ba dheise agus ba
mhó tairbhe de réir a thuisgeana féin: “Omnis terra adoret te, et
psallat tibi.” Chaitheadh sé an lá mar sin, óir b'éigin d'ár gcéad-
sinnsir an talamh do shaothrú i dtreó ná béadh deire lena gcuid
aoibhneasa: “Ut operaretur” go dtí go ndeónfadh Dia teacht
chúcha, ar theacht an tráthnóna, nuair bhítí ag cnuasacht, chun
bheith ina bhfochair agus chun bheith ag cainnt leó go cáirdeamhail:
—“Vocem Domini Dei deambulantis in Paradiso, ad auram, post
meridiem (1).”



Sin agaibh é, beatha an mhuinteardhais agus beatha an charadais;
bhí an bheatha so go breágh; agus bhí sí indán do shíol Ádhaimh go léir
ach cuireadh deire léithi. Tugann Ádhamh a chúl leis an mbeathaidh


L. 79


sin, ní fheiceann sé Dia as san amach agus cailleann sé grásta Dé.
Ní bhíonn radharc aige ar na flaitheasaibh agus bíonn sé de chrann
air gan aon nidh d'fheiscint ach an domhan agus na driseóga agus na
deilginí a bhaineann leis: “Spinas et tribulos germinabit tibi (i).”
Thuig sé go raibh gach nidh caillte aige nuair do chaill sé caradas Dé.
Dá bhrí sin do shaoil sé go bhféadfaí teacht ar an gcaradas arís ach
dul ar ais go dtí an ball in-ar shealbhuigh sé aoibhneas na
fír-bheathadh.



Ach bhí an t-Aingeal ann … agus é á chosc ar dhul isteach.
Ar a shon san is uile is trócaireach é Dia agus ghlac sé truagh do'n
duine agus cé gur dhíbir sé amach as Parrthas é, agus gur bhain
sé dhe na buadha spioradálta, thug sé thar n-ais do an caradas ach ní
raibh an caradas san chómh dlúth leis an gcaradas a bhí eatortha
roimis sin. Agus cuireadh roimis arís an chríoch spioradálta,
eadhon: Dia do shealbhú arís ar neamh, tar éis deacraí an
t-saoghail do chur de; agus sin mar atá an sgéul againne anois.
An caradas bhí idir Ádhamh agus Dia sar ar dhein sé an éagcóir, ní
mór dúinne teacht air arís, agus in-aimhdheóin na nduadha atá ag
baint leis an obair sin, caithfimíd an grádh san d'athuilleamh.



Mianta na colann nách féidir a shásamh, drúis trioblóidí, síad
san is mó a cheanglann de'n talamh sinn. Annsan tá ár
gclaon-thuigsint agus ár gclaon-toil, agus iad tugtha do'n tuathal,
agus don éirghe-in-áirde, agus don sháimhe, agus don uabhar; agus
ina dteannta san, na cruadhtain chorpordha spioradálta, agus
na cathaí a chuireann Dia rómhainn. Sin iad na deilginí agus na
driseóga atá ar an mbóthar rómhainn.



Ní foláir dúinn dul ar aghaidh ina n-aimhdheóin. Tá an chríoch
ró luachmhar chun í do chaitheamh i leith-taoibh. Beidh crádh agus
ciapadh indán dúinn, ach tá grásta Dé le fáil againn agus is leór
iad chun sinn do thúirt as gach cruadhchás: “Sufficit tibi gratis mea.”



Deagh-chumann, muinteardhas, caradas le Dia, sin í Fír-bheatha
an duine. Ba mhéinn le Dia an scéal bheith mar sin idir sinne
agus É; agus ó's rud é gurab é ár leas é ba chóir go dtabharfadh
Sé caoi shímplidhe fhuirist dúinn ar theacht Chuige.



Lorbaimís an chaoi seo san áit ina bhfuil sé le fáil (1) I nádúr
an charadais, (2) Ins an smacht a riaghluigheann gach fíoraon. “Ní
loiteann na grásta an nádúr,” adeir Naomh-Thomás, “acht
slachtuigheann siad é.” Tá dlúth-bhaint ag beatha na ngrást le
beatha na nádúrtha.



Súil do bheith ag duine le bheith ann i gcómhnaidhe, sin é
cloch-bhuinn na beathadh. Is maith le daoinibh grádh bheith á thúirt agus
á fháil aca i gcómhnaidhe; agus cialluigheann san, ins gach teangain,
an saol do chaitheamh i gcómhpháirteachas le duine eile. Beidh an
cion céadna ar an aoibhneas agus ar an nduadh ag an mbeirt.
Ar an saol so sé an pósadh críostamhail, mac-samhail críochnaighthe
an chómh-pháirteachais seo, agus ar neamh sé caradas an anma le


L. 80


Dia é. Caithfear aire a thúirt do'n bheathaidh seo agus sé slighe
atá againn chuige sin:— An chimilt agus an dlúth-bhaint, go bhfuil a
mbrí agus a gciall ar fad san focal “cómhrádh.” Sé an brí
céadna bheidh sa bhfocal i gcómhnaí gan an rud céadna d'athrádh
riamh ar an gcuma gcéadna. Ciallóchaidh an rúd céadna an
smaoineamh céadna, an smaoineamh a bheireann caradas de réir
nádúra: “Grádhaim thú!” Ba mhian le beirt charad bheith ag cainnt
lena chéile, a smaointe do thúirt d'á chéile, agus a bheith ag cur a
ngrádha in-iúl d'á chéile. Siné an bheatha atá aca, agus ní bheadh
éin éifeacht sa bheathaidh sin muna mbeadh gur mar sin atá an
scéal aca.



Sa chimilt seo sí teanga an ghrádha a bhíonn á labhairt aca.
Labhrann an leanbh lena mháthair, óna chroidhe amach, agus é ag
féachaint uirthi agus é gá fáisceadh lena ucht agus a cheann féin ar
a brollach.



Ní beag an méid sin i dtaobh an charadais daona so a thaithneann
le Dia agus go dtugann Sé a bheannacht dó. Síad na riaghlacha
céadna a smachtuigheann an grádh a thugann Dia d'á chréatúr agus
a thugann an créatúr do Dhia. Cruthuigheadh sinne chun Dé do
ghrádhú go dúthrachtach agus go dílis ar an saol so agus ins na
Flaithisibh.



DIARMUID MAC CON CHRODHA d'aistrigh.



(Ní Críoch.)



Túirlic a Spioraid Naomh, dhár n-ionsaighe.
Líon suas crathacha t'fhíoraon. Aidhn dúinn teine dod' ghrádh féin
Cuir chúghainn do Spioraid a's beidh gach nídh déanta,
Is déanfhaidh tú aghaidh na talmhan d'athnuadhchaint.



Ó! a Thíghearna do shoillsidh croidhthe na bhfíoraon le lonnradh an
Spioraid Naoimh. Tabhair dúinn an Spioraid Naomh ceudna mar
shúil a's go mblaisfhirís mísleacht do dhlighe cirt féin. Go líonfí
suas ár n-anamnacha de chúmpórd, a's de gháirdeachas beannuighthe
na n-Aspol. Nídh tháimíd ag impídhe ort, trí Íosa Críosd ár
dTíghearna. Amen.



Donnchadh Ua Buachalla, do bhailigh & do chuir chughainn.


L. 81


SEANMÓIN AR AN gCOMAOIN NAOMHTHA.



“Do rinne fear bainis mhór agus thug sé cuireadh dá lán daoine.”



Lucas xiv. 16.



Atá bainís mhór áluinn dá déanadh ag Dia na Glóire — moladh go
deó leis — agus atá sí dá déanadh go laetheamhail, agus atá cuireadh
againn go léir teacht chum a bheith ar an mbainis sin; tá cuireadh
againn teacht chum tigh Dé, agus suidhe chum búird ann, agus biadh
do chaitheamh ann, an biadh is áilne dár cuireadh ós comhair duine riamh,
agus is é rud atá san mbiadh sin ná fuil agus feóil ár Slánuightheóra
Íosa Críost, Mac Dé na Glóire.



Déinidh machtnamh, a phobal, ar cad atá annso agaibh dá fhághail
mar bhronntachas ó Íosa Críost — a chuid fola agus a chuid feola féin
a bheith agaibh mar adhbhar cothuighthe, mar adhbhar nirt, mar adhbhar
sláinte spioraideálta.



Féach nach iongantach an sgéal é! Cuirtear ós do chomhair amach
mar a bheadh bairghín beag aráin, atá deallramh agus cosmhalacht an
aráin air in gach aon tslighe; ar a shon san is eile níl ann acht gné
an aráin gan a shubhstaint, agus fé ghné an aráin sin is é rud atá
agat ná fuil agus feóil, anam agus diadhacht do Shlánuightheóra Íosa
Críost.



Agus nuair a mhothuigheann tú an méid seo, ná tagann uathbhás
ar do chroidhe agus iongnadh ar t-aigne, agus leathann do shúile ort
agus ní féidir duit gan a rádh de ghuth árd — mo grádh go daingean
Thú, is Tú mo Thighearna agus mo Dhia!



Is é do chreideamh go bhfuil sa Chomaoin Bheannuighthe do
Shlánuightheóir Íosa Críost in iomláineacht a phearsan, an té céadna
do thúirling ó neamh agus do ghlac colann daonda i mbroinn na
Maighdine; an leanbh do rugadh sa stábla agus do leagadh i mainséar
asail; an Dia-dhuine do chuir allus fola sa ngáirdín, do sgúirsealadh
ag an bpiolóir, ar cuireadh coróin dheiligneach ar a cheann, do
céasadh agus do fuair bás ar an gcrois, agus atá na shuidhe ar
dheas-láimh Dé agus a thúirlingeann go laetheamhail ar an Altóir sa
naomh-Aifreann.



Agus do chuir Sé an tSácramaint iongantach so ar bun chum
go mbéidir díbhse an t-arán so na n-aingeal do bheith agaibh mar bhiadh
chum bhur neartuighthe, agus chum bhur n-anam do tháthughadh leis féin
san oileamhaint mhíorbhailteach so, agus féach cad a thagann as an
tathughadh so an anma le hÍosa Críost sa naomh-Shácramaint.


L. 82


Tháinig Séisean ar an saoghal chum glóire do thabhairt dá athair
síorraidhe. Tháinig sé chum Dia d'adhradh 'n-a Phearsain féin, agus
mar sin glóire thar meódhan gan teóra do thabhairt do Dhia an t-Athair.
Tháinig Sé chum soillsiughadh do dhéanadh air ós comhair an tsaoghail
chum a chur i gcéill do sna daoine gur cóir agus gur cuibhe adhradh
agus onóir agus glóire do thabhairt do Dhia ó imeall a gcroidhe amach.
An oidhche ar braitheadh É dubhairt Sé an chainnt seo agus É suidhte
ameasg a dheisgiobal: “Do shoillsigheas Thú ar an dtalamh-so; tá
an obair déanta agam a thugais dam le déanadh … do nochtas
t'ainm do sna daoine a thugais dam ar an saoghal; badh leat-sa iad
agus thugais domh-sa iad; agus tá do bhriathar coimeádta aca.”
(Eoin xvii. 4 &c.)



Agus, a Chríostaidhe, tagann Íosa Críost chughat-sa sa Chomaoin
Bheannuighthe chum soillsiughadh do dhéanadh ar a Athair síorraidhe, agus
chum a chur i gcéill duit-se gur cóir duit adhradh agus onóir agus
glóire do thabhairt do Dhia ós ceann an uile nidh. Tugann Sé féin
an sompla dhuit, agus níos mó ná san, déanann Sé rann-pháirteach
thú leis féin sa nglóire atá aige dhá thabhairt dá Athair. Tá cuid
agat-sa ann, agus nach mór an onóir duit sin, agus nach mór le rádh
agat é!



Féach ar seo arís: Tháinig Íosa Críost ar an saoghal chum
buidheachas do thabhairt dá Athair Síorraidhe. Ní raibh an chine daonda
ag tabhairt buidheachais do Dhia na glóire mar budh chóir ar son na
mór-thairbhí a bhí aca uaidh, idir thiodhlaicthe corpardha agus spiorad-
álta, mar go raibh neamh-shuim déanta aca in aithne cheart do chur
air, agus dá réir sin ar an ndualgas a bhí orra altughadh do dhéanadh
leis mar gheall ar A mhaitheas agus ar A thrócaire. Ghlac Íosa Críost
colann daonda chum go mbeadh ar A chumas an t-altughadh so do
dhéanadh É féin, agus do fhoillsiughadh do sna daoinibh cionnas é
dhéanadh. Agus ar feadh a shaoghail ar talamh bhí sé mar chleachtadh
aige, dá mbeadh gnó neamh-ghnáthach nó míorbhailteach le déanadh aige,
a bhuidheachas do thabhairt dá Athair i dtosach na hoibre. Atá faisnéis
againn ó Eoin Broinne go raibh an Slánuightheóir lá i láthair an bháis
agus go raibh fonn air an fear a bhí tar éis bháis do thógaint. “Agus
d'fheach Íosa suas agus adubhairt Sé: A Athair bheirim a bhuidheachas
leat gur éistis liom, bhí a fhios agam féin, ámhthach, go n-éisteann
Tú liom i gcomhnuighe, acht dubhairt mé é sin ar son na ndaoine atá
annso im' thimcheall chum go gcreidfidís gur chuiris-se uait mé.”
(Eóin xi. 41 &c.) Annsan do ghlaodhaig Sé ar an nduine marbh agus
d'éirigh sé ó'n mbás.



Lá eile bhí Íosa amuigh ar an gcnoc agus É 'n-a shuidhe i bhfochair
a dheisgiobal. Chonnaic Sé chuige sluagh mór daoine agus iad tar
éis teacht i bhfad ó bhaile, agus bhí a fhios aige go raibh gádh aca le
rud le n-ithe. Ní raibh le fághail de bhiadh san áit acht chúig bhológa
aráin agus dhá iasg, agus dhar ndóigh badh gheárr a raghadh an méid
sin ar an oiread san daoine. Ar a shon san dubhairt Íosa le sna


L. 83


deisgioblaibh: “Cuiridh na daoine 'n-a suidhe. Bhí mórán féir san áit.
Shuidh na daoine síos, timcheall chúig mhíle duine. Annsan do thóg
Íosa an t-arán, agus GHAIBH SÉ BUIDHEACHAS, agus do roinn
Sé é ar na daoinibh agus iad 'n-a suidhe, agus na héisg ar an gcuma
gcéadna go rabhadar go léir sásta.” Eóin vi. 10-11.)



Féach ná rinne an Slánuightheóir dearmhad de bhuidheachas do
ghabháil le Dia a Athair cé gur bh' ionnan comhacht agus uaisleacht
dóibh araon. Nach mór an sampla é sin dúinne, a phobal! Seo
sompla eile buidheachais: An oidhche céadna ar braitheadh É chum A
chéasta do chuir Sé ar bun an tSacramaint áluinn seo — Sacramaint
a Chuirp Naomhtha féin — agus sidé an chuma n-ar chuir Sé ar bun í.
Bhí Sé féin agus a dheisgiobail suidhte chum búird ag caitheamh suipéir
na Cásga, agus “an fhaid a bhíodar ag ithe, do thóg Íosa arán, agus
bheannuigh Sé é, agus bhris Sé é, agus thug Sé dhóibh é, agus dubhairt
Sé: glacaidh, ithidh, is é mo chorp é seo. Agus thóg Sé cailís agus
GHAIBH SÉ BUIDHEACHAS, agus thug Sé dhóibh í, agus d'óladar go léir
aiste, agus dubhairt Sé leó, Isí mo chuid fola, fuil an Tiomna Nuadh
í sin, a doirtfar ar son a lán.” (Marcus xiv. 22-25.)



Féach cionnas mar a thugann an Slánuightheóir buidheachas gach
tráth agus ar gach ocáid! Agus, a Chríostaidhe, nuair a thagann Sé
isteach id' chroidhe-sa sa Chomaoin Naomhtha, déanann Sé an buidheachas
céadna so do ghabháil ar do shon-sa, agus déanann Sé tusa rann-
pháirteach leis féin dhá ghabháil. Ar an ádhbhar san an fhaid is atá
Íosa Críost ag lonnughadh id' chroidhe istigh tar éis duit É ghlacadh
sa Naomh-Chomaoin, bhí spriocamhail, díograiseach, agus cuir t'intinn
le hintinn do Shlánuightheóra ag gabháil buidheachais le Dia na Glóire
mar gheall ar a mhaitheas agus ar a thrócaire.



Bíodh sé buailte isteach in bhur n-aigne, a phobal, ná fuil cóir
ar bith agaibh níos oireamhnaighe chum moladh is buidheachas do thabhairt
do Dhia ná an chóir atá agaibh sa Chomaoin Bheannuighthe. Déinidh, ar
an adhbhar san, triall go minic ar Altóir Dé, déinidh an naomh-
shacramaint do ghlacadh le glan-chroidhe, agus déinidh aithris ar na
Críostaighthibh i dtosach na hEaglaise do thagadh do laetheamhail chum
an t-arán so na Áingeal do ghlacadh agus d'ofráil mar altughadh
ar son ar bhronn Dia orra de thabhartaisibh móra. Agus chum é seo
do chur i gcéill go beacht thugadar Eucaristia mar ainm ar an
gComaoin, agus is ionnan an focal san agus altughadh ná adhbhar
buidheachais.



M. Ó F.


L. 84


DO LOCHTUI NA TEANGAN.



Cuid de mar atá sí sa tseana-lámhsgríbhinn.


L. 85


DO LOCHTAÍ NA TEANGAN (SEANMÓIN).



(Ar leanamhaint.)



[D'iarradh orainn roinnt rudaí ná raibh sa cheart i “Lochtaí na teangan”
san uimhir dheireannach do chur i n-úil. — Eag.]



A ngeall a bpeacaí = i gceilt a bpeacaí. A gcur slacta bréagach = i
gcur slachta bréige ortha. Anamacha = anamnacha. Mar ba chóir (as was
right) = mar ar chóir (where it was right). Sgreabh = sgreamh. Nuair a
gháirean gáir uilc ar dhuine = nuair a ghearran gadhar uilc duine, tagan
buile ar an t-é gearrtar. Téidhean an réim na chuid fola = réamh (infection).
Ba chóir dóibh (a dheanamh) gan buachaill. Drochbith = Drochbhith. Dá nglacadh
= dá gcleachtadh. Flaitheas Dé do dhith air = do dh'iadh air.



MONABAR. — An ceathrú locht do bhaineann leis an dteangain;
agus is é an nidh monabar a chlú do bhaint do dhuine, no a lúidiú
go h-éagóireach agus gan é láithreach. Má tá an scéal fírinneach
len a mbaintear a chlú go h-éagóireach don chomharsain, tá an té
innseann é cionntach i bpeaca mharbhthach. Má's scéal bréagach é, tá
sé cionntach in dá pheaca mharbhthacha; sé sin i monabur agus i
mbréag-mhaslú. Má bhíonn an duine láithreach, beidh an cúl-chainnteóir
cionntach i dtrom-pheaca eile, — sé sin in easmail agus i ndia-mhaslú.
Táid ocht slighte len a mbíthear cionntach i monabar — sé sin le
fírinne, le h-éitheach, le lochtaí follusacha (? foillcheasacha) dhuine do
chraobhscaoileadh gan cúis, le labhairt go mí-amhrach ar a mhaith-
ghníomhartha, nó a dheagh-chailidheachta do shéanadh, le gan focal do
rádh ar a shon as a dtuigfear go bhfuil sé cionntach, le fuair-chomhrádh
nó spaid-mholadh do dhéanamh air, &c. Bíd so go léir cionntach i
monabar do chomhairligheann a dhéanamh, do chuireann ar aghaidh é, nó
ná coisceann é nuair a fhéadfaidís agus ba cheart dóibh é. Mar a
gcéadna an mhuinntir do theasbánann gur taithneamhach leó é 'bheith
dhá dhéanamh, cé ná deirid féin aon nídh, an mhuinntir do chraobh-
scaoileas coir dhuine fé oiblíogáid dlúth-rúm, agus an mhuinntir,
gan aon choir fé leith dh'ainmniú, adeir go ndeárnaigh an duine
gníomh do mhaslóchadh go deó é, dhá bhfuighfí amach air é. Mar ní h-é
amháin go mbaintear a chlú do dhuine ar an módh so, acht is minic do
bheirid an mhuinntir do bhíonn láithreach barúil gur mó agus gur
measa an gníomh ná mar atá sé. An té ghnidheas monabar ar
dhaoinibh, bíonn sé cionntach indiaidh peacaí mhóra agus dá mhéad
a bhíonn láithreach, is móide a chionnta é, mar do chailleann
an té cáintear a dheagh-chlú in a mbreithiuntas go léir. Áirmhigheann
Naomh Pól an monabar imeasc na bpeacaí marbhthacha (Rom. 1 Cab.).
Is fuathmhar le Dia lucht na cúlcainnte agus (I. Cor. 6 Cab.) ní
shealbhóchaid, adeir sé, lucht a déanta righeacht Dé. Go dearbhtha ní


L. 86


bheidh iongnadh ar éinne an breithiúntas uabhásach so do chlos dhá
thabhairt ar lucht na mí-scéal, má thugann sé fé ndeara an díoghbháil
gan áireamh do thagann díobh, cad í an earraid(1) do tharraingid siad
idir mhuinntearaibh, gach bruighean, imreas, toirmeasc, agus cogadh
do thagann dá ndeascaibh, a liacht do lánamhnaibh pósta do chuirid ó
chéile, a liacht do mhíllthe fear agus ban neamh-chionnta do mhillid
siad, do chailleann a ndeagh-cháil leo gan súil len a chasadh, mar is
ró-fhánach do castar é; do bhrígh go gcreidid mórán ar feadh a
saoghail an nídh a chualadar; agus, go bhfuil, nách mór, an uile dhuine
claon chun droch-thuairim a thabhairt dá chomharsain. Ón bhfoghail mhór
so do-ghníonn sí, is eadh a thugaid lucht scríobhtha na leabhar claidheamh
na dtrí mhéar ar theangain an mhonabair. Mar, milleann sé le
h-aon iarracht anam an té 'ghníonn é, anamnacha na muinntire do
chloiseann é agus do bhíonn cionntach ann (in aon tslighe do's na
slighte do ainmnigheadh shuas), agus clú an té cáintear. Ní féidir
súil a bheith go bhféachfaidh an duine monabrach dhá namhaid, ná dhon
mhuinntir ná fuil báidh ar bith aige leo, an tráth ná féachann sé dhá
charaid. Cá liacht am, do chualaís é ag lochtú dhuine dár mhó (ba
chóir) a chumann ná dhuitse. Bí deimhneach gur cháin sé thusa, nuair
a thugais do chúl leis. Ní féidir muinghín do bheith go bhféachfas sé
dhon té atá cionntach, an tráth go ngoineann a theanga an té atá
neamh-chionntach — mar is é is nós aige an bharúil is measa do
thabhairt do ghníomhartha an uile dhuine, agus cam-slighte do chur ina
leith do sguabfadh dhíobh nó do luigheadóchadh gach meas dá bhfuil
ortha. Ón a iomchar, ba dhóigh leat go mbíodh díol dó, chun gach éinne
do mhaslú. Ní dóigh go bhféachfaidh sé dhos na beóibh nuair ná féachann
sé dos na marbhaibh. Críochnuighidh scannraí an bháis nuair a scarann
sé an t-anam leis an ágolainn. Cé dh'eadh, tréis an bháis dá ídiú,
níl fear an mhonabair réidh fós leis. Leanann sé ar an dtaobh thall
don uaigh é, do bheir sé a bhréithiúntas air, agus gan spéis
do chur ins an mbreithiúntas do thug Dia ar an muinntir d'fhág
an saoghal so — cómh-chúntas do bheir sé súd ortha pé aca sábháltha
nó damanta atáid. Ní iongna ná raghaidís peacaigh bhochta beó nó
marbh ón a gcáineadh ag lucht a n-imdheargtha, an tráth ná deaghaidh
Íosa Críost breitheamh na mbeó agus na marbh uaidh. Deiridís cuid
dos na Giúidídheachaibh leis — nach Mac saoir é so — cuid eile — tá
sé craosach, ólach — coimeádann [sé] cuideachta le daoinibh dhon cháil
is measa — deireadh drong aca go raibh sé i seilbh an déamhain agus
fós [gur] árd-diabhal [é], gur len a chongnamh do ghnóthuigheadh sé
miorbhúiltí, do leigheasadh sé na h-othair, do bheireadh sé a radharc
dhos na daill,(2) a rian dos na mearthaill,(3) agus d'aithbheodhadh sé
na mairbh — do rinneadh úsáid don mhonabar, ní h-amháin i gcoinnibh
phearsan agus clú Críosd, agus chun an Chreidimh Chríostiúil do mhúchadh



1 Earraid = strife.
2 For dallaibh.
3 For mearbhallaibh.


L. 87


in a fhíor-thuiseach, acht fós is leis do mheall an diabhal Ebha i ngáirdín
Pharrthais. Do labhair sé léi as béal natair-nimhe,(4) agus do mhasluigh
sé cruthaightheoir an domhain, á rádh léi gur le formad léi féin agus
len a fear do chosc sé ortha toradh crainn áirithe do bhlasadh, ar
eagla go ndéanfadh sé Déithe dhíobh mar é féin. Anois d'aimhdheoin
gach foghla dá ndeárnaigh an monabar 'san uile aimsir ó shoin, tá
sé fós dá chleachtadh ar fuaid an tsaoghail ní h-é amháin i gcathaireacha
agus i mbailte móra ach ins na bailte beaga tuatha is iargcúltaí,
mar a dtarraingean sé connspóid agus imreas. Má fhuaraighid so
tamal, brisid amach airís ar an ócáid is suaraighe le breis fíochmhaire
agus bíd na daoine ann ag síor-earraid le chéile. Níl éinne dhá
mbíonn i mbaile bheag, ná bíonn asachán éigin le déanamh leis an
gchuid eile go léir agus seanachaidheacht ortha, agus bíonn sé ollamh
chun iad do scéachaint nuair a thuitid amach leis. Usáid na
mbeithidheach adharcach do thugaid siad dá chéile. Nuair a thuiteann
bó le luige nó le anaithe,(5) bíonn sé ag breith le eirghe agus ná
féadann, bailighíd an chuid eile dhon áirnéis 'na timcheall, cromaid
ar géimneach, agus in ionad congnamh a thabhairt di, chun eirghthe,
ropaid len a n-adharcaibh í agus mairbhighid(6) [í]. Mar a gcéadna
nuair do ghníonn comharsa droich-bheart go neamh-chuibheasach nó trí
lagachar, in ionad na droich-bhirte dho cheilt, a leath-scéal do ghabháil,
na dichill do dhéanamh ar é thártháil ó mhí-chlú, an chéad duine do
gheóbhas amach an bheart, craobhscaoilfidh sé [í] agus géimfidh [sé]
go h-árd nó go mbailighidh aicme an mhonabair go léir agus go
ropaid a chlú.



Ní ithid na leómhain ná na mactírí (7) a chéile agus fós ní
bhíonn diabhal i gcoinnibh diabhail eile, ach bíonn go léir deagh-
bhuidhean,(8) acht déinid na daoine agus iad ar an slighe chun na
síoruidheachta, a chéile a mharbhú, feallaid, meallaid, fuathaid, agus
easmailid a chéile. Áirmhighid siad go léir gur mór an séan do
dhuine, deagh-cháil do bheith air, agus gur danaid mhór leis a cailliúnt,
agus nách mór an iongna ar a shon son, ná cuirid, go dtí fíor-bheagán
aca, spéis [innte]agus nách scrupalach leó a baint dá chéile. An
ladrann do bhaineann airgead duit(9) ar an mbothar mór, do rug
sé uait nidh do bhí id' sheilbh, nídh do bhí i seilbh na míllthe romhat, agus
do bheidh i seilbh na míllthe tréis é súd do scarúint leis, — ach
baineann an cúilchainnteoir do chlú dhíot, ar a raibh ceart gan roinnt
agat, agus is mó go buadh [é] ná suim airgid. Chun a thairbhe féin
do bhaineann an bithiúnach airgead díot, ach nuair a bhaineann sé
do chlú dhíot, millean sé thusa gan aon tairbhe do féin. An té nár
mhór leis gaduidheacht do dhéanamh, ní mór dho féachaint roimis mar



4 Natairnímheach in the manuscript. Declined probably as one word.
More correctly natrach nimhe.



5 Anascair in the manuscript.
6 Is it marbhaigheann sí?
7 Mac tíre pl. madraí nó coin alltha (O'Duinnin) wolves.
8 Is it deagh-mhianta?
7 Díot?


L. 88


mhaithe leis féin, — ní foláir dho aimsir, ionad agus caoi áirithe
d'aimsiú, ach cosgaireann an cáinseóir 'sa ló agus istoidhche, a bhfios
agus i gan fhios, a charaid agus a namhaid, an cionntach agus an
neamh-chionntach, na beodha agus na mairbh. An té ghoideann cuid a
chomharsan, bíonn sé go minic i gcumas leór-ghníomh iomlán do
dhéanamh leis, ar chor na bainfidh aon dochar do dá dheascaibh. Ach
an té a bhaineann a chlú do dhuine, ní dhéanfaidh sé cúiteamh go deó
agus ní fhéadfaidh a dhéanamh ins an éagcóir do rinne sé air. Dá
mbeadh an locht so gan bheith ach ar bheagán, nó dá mbeadh(10) sé dhá
chleachtadh ach ag an cuid is otaraighe dhos na daoine do shíolruigh ó
dhroch-aicme, do(11) tugadh suas gan creideamh gan macántacht, — cé
go mba thruagh linn a gcoir — níor leór é chun árd-fheirge do chur
orrainn. Ach nuair a chímíd na míllte dho dheagh-eólas, d'fhoghlaim
ríalacha creidimh Críost, agus ar a dtugtar daoine galánta, tugtha
do'n lucht fhuathmhar so, agus ghá chleachtadh gan scrupal, bíonn éacht
agus iongnadh orrainn, an uile ghné daoine d'fheiscint teimhlighthe
aige, go fiú daoine, do h-áirmhtear a bheith rialtha cráibhtheach. Ar
chor gur cosúil an saoghal so le ospaidéal mór in a mbeidis iomad
daoine breóithe ann agus iad ag fonamhaid fé chéile. Na daill ag
fonamhaid fés na daoine bodhra 'cheann(12) gan éisteacht do bheith
aca, agus iad-so ag tabhairt droich-mheas dhóibh sean 'cheann ná fuil
radharc aca, agus an mhuinntir atá bacach ag magadh fútha araon.
Bíonn gach éinne dall ar a lochtaí féin, agus géir-bhreathnuightheach
ar lochtaí dhaoine eile. Cé go ndeir ár Slánuightheóir nach cuibhe
d'éinne, cáim dh'fhaghail ar a chomharsain faid do bheidh eire(13) lochtaí
air féin. Chad é an fáth adeir sé 'na (14) bh'feiceann tú an cainín i
súil dhuine eile, agus ná feiceann tú an tsail id shúil féin? A
bhréagh-chráibhthigh, bain ar dtúis an tsail as do shúil féin, chun go
bhfuighfá radharc ar an gcainín do bhaint as súil do chomharsan.
Nuair do-ghníonn an gabhálthaidhe an ceannuí nó an ceárdaí a ghnó
fhéin go slachtmhar, suighid síos ar a suaimhneas agus ní théighid ag
scoruidheacht ar fud bailthe móra na tuatha,(15) chun bheith ag tabhairt
gnótha dhaoine eile fé n-déara, do bhrígh, dá gcaithfidis an aimsir
mar so agus faillí a dhéanamh dá gcúram féin, go n-áirmheoch' an
uile dhuine go mbeidis ar mire nó ar díthcéille. Cad é an fáth ná
tosnuighíd siad len a mbeatha féin do leasú — an guntacht agus an
ghéire atá aca do chur i bhfeidhm, chun a lochtaí féin do bhreithniú go
dlúth agus gan teimheacht, (16) (do bhrígh ná fuil éinne saor uatha) in
inead bheith ghá ndamuint féin ag maslú cháich eile gan dóchas ar
bith aca, ná aon chaitheamh indiaidh a leasuighthe. Óir mara gcloisfidh



10 Ná beadh in the manuscript.
11 Dá in the manuscript.
12 Thar cheann.
13 Eire = a burthen? oighre = an heir. The heir of = viz., the like.
14 'Na = go.
15 For tuaithe.
16 Teamhuidheacht in the manuscript, teimheacht, obscurity, cf. teimhela.


L. 89


an té cáintear cád dubharadh air, (17) ní leigfidh sé an locht de do
cuireadh ina leith, agus má chloiseann, is doichí go 'mbeidh miosgais
aige do'n té 'cháin é, agus ná deanfaidh(18) sé aon dicheall ar é
féin do leasú. Má's ó nadúr atá creim(19) cuirp nó anama air,
'sé an té chrúthaigh é lochtuighthear agus ní h-é féin, má tá éalang (20)air len a chionnta féin, is cóir truagh 'bheith dho, agus eagla do bheith
ar lucht a cháinte, go mbainfeadh an toirmeasc chéana dhóibh féin.
Do bhí sé súd seal chómh saor on locht atá air, a's do mheasann, an
té cháineann, é féin do bheith, agus ba cheart dó aire do thabhairt,
le h-eagla go ndéanfadh cinniúint éigin (nár shaoil sé) cath dian (21)
nó tiamtásún ón aidhbheirseóir, neam-shuim (22) i ngrásda Dé, nó (23)
ceann do shaighdeanaibh an diabhail é leónadh i gcás go mbeidís
daoine eile 'ghá cháineadh agus ag déanamh fonamhaid fé. Is éagla
do, so dho thuitim amach súl a gcriochnuighidh a shaoghal do bhrígh go
ndeir Dia ins an ochtú caibideal do leabar na seanfhocal gur
fuathmhar leis, béal in a mbíd dhá theanga, sé sin, teanga chun na
comharsan do mholadh, nuair a bheidh sé láithreach, agus teanga chun é
'mhaslú nuair iompochaidh sé a dhrom. Dá fheabhas dáth do bheas
ar chapall, agus dá bhréaghacht a ghéaga, má bhíon mairc nó othras air,
is ortha tuirlingeochaidh an chuil agus do dhéanfaidh sé foghail [air].
Mar an gcéadna dá fheabhas agus dá mhéad deagh-chailídheachta do
bheas in nduine, má bhíon aon — go fiú aon — locht amháin air, ar sin
gan aon agó, do thuirlingeochaidh an cúl-chainnteoir agus is é bheas
conádhach (24) ar a theangain aige. Seo mar atá an nidh — ar nós mar
a mheasann an té in a mbíonn an galar buidhe air, gur buidhe a
mbíonn gach ar a bhféachann sé, mar an gcéadna an mhuinntir a
thugann iad féin ar bheith ag lochtú daoine eile tagann buidhe-galar
anama ortha do chuireann mí-dháth ar na maith-gníomhartha féin, nuair
a féachtar ortha le claon-shúil chealgach, agus [nuair] do cuairdighthear
iad le teangain neanntúil an mhonabair. Anois cé go bhfuil an
domhan tuilthe do'n tsórt soin daoine, tá an monabar chómh gráiniúil
sin in a bhreithiúnas féin, nách áil le h-éinne aca meas dhuine
mhonabraigh a bheith air, agus go mbeartuighthear mórán slighte, chun
ná cuirfí ina leith é. Tarraingean [sé] duine chuige chun go
n-áirmheóchaí go bhfuil sé gonta — duine chun a theasbeáint cad é a
fheabhas d'fhéadann sé aithris do dhéanamh, duine i leith muinnteardhais,
duine i leith díograis creidimh, duine eile fé chlócha diadhasúlacht',
dá rádh gur b'oth len a chroidhe an mhí-chlú fuair an té so, nó an té
úd 'na raibh tamal meas ró-mhór aige ar a dheagh-iomchar, agus gur



17 Leis in the manuscript.
18 Ná go ndéanann in the manuscript.
19 Creim = the gnawing.
20 Éalang = fault, weakness.
21 Dhian in the manuscript.
22 Do Dheanamh understood.
23 Go ndeanfadh understood.
24 ? Comhnuightheach = lasting, continuing, or conádhach = prosperous, successful.


L. 90


ró-mhór é a dhoilgheas ó nidhthe chuala sé go déanach, nár dhuine mar
a shaoil sé é — In aon fhocal níl cló ar bith dá gcuirtear ar an
monabar ach, in gach clódh, in gach dáth dá gcuirtear air, is monabar
fós é. Ní déintear ach ós do chur ar an “Bullurih” (?), agus
ní sloigtear go bráth é níos cíocrasaí agus ní shladann sé deagh-cháil
an té 'na labhrthar go h-olc air, níos fór-líonta ná nuair a déintear
é i leith muinnteardhais, creidimh nó diadhasúlacht. An bhfuil sé
lamhaltha (25) mar sin ar aon chor, trácht [do dhéanamh] ar lochtaí dhuine
eile ná a rún do leigint le h-éinne? Atá sé lamhaltha so dho
dhéanamh, chun iad féin nó daoine eile do shábháil ó dhíobháil mhor
anama nó chuirp; acht ins an am gcéana, atá sé dh'fhiachaibh ar an
té fhoillseóchas [aon nidh] ar [dhuine] gan faisnéis do dhéanamh, thar
mar a bheidh riachtanach chun na díobhála do chosc. Má fuarthas amach
duine ar thí dhuine eile do mharbhú, do chreimiú(26) (?), nó a thigh
'dhoghadh, innsím dho an díobháil do bagaradh air, agus cuirim ar a
aireachas é: Tá san ceart le déanamh. Coimeádann óganach
cuideachta le lucht óil, nó óighbhean le duine ar a bhfuil droch-
thuairisc — cuirim in úil dá mhuinntir é chun ná tarraingeóchaí chun a
n-aimhleas do dhéanamh. Ní h-é amháin go bhféadaim (27) leis an
bhfaisnéis seo do dhéanamh, acht is obliogáid (dualgas) do cheanglann
creideamh orm é, mar ghrádh de'n chomharsain. Ach in gach aon ócáid
eile in a mbeidh trácht dá dhéanamh ar chlú na comharsan, gach 'a
ndéarfaidh duine, tá sé d'ualach air, a rádh le spiorad ceannsacht'
agus carthannacht pé olc a ghníomhartha, agus gan a dhearmhad, cé
gur droch-dhuine sa' bhlian so é, go mb-fhéidir go mbeadh sé ina
dheagh-dhuine 'sa' bhlian so chúghainn. Iompuigheann an saor an chloch
nó go mbíonn sí dho'n dul in ar féidir a chur; mar an gcéadna is
ceart do Chríostaí, nuair a bheidh a chlú dhá bhaint do dhuine, é 'chur
'sa riocht is fearr d'fhéadfaidh sé; agus dá mbeadh mílle aghaidh ar
an scéal, an taobh is fabhraighe dhe, do thabhairt amach, do bhrígh gur
comhartha (28) go bhfuil lámh ag Dia ins an té is fabhraí do labhrann
ar gach éinne agus go dtabharfaidh sé breithiúnas gan trócaire ar
an té ná taisbeánann trócaire dho dhuine eile. Níl éinne againn
gan a lochtaí féin, agus a dhroch-claonta le claoidhe aige, agus dá
bhrígh sin in ionad a bheith ag tabhairt droch-mhasla dhá chéile agus ag
méadú ár n-innste,(29) ba chóir dhúinn a bheith trúaighmhéalach dhá chéile,
agus cabhair d'iarraidh dhúinn féin agus do chách eile, ar an Liaidh
Neamhdha (mar is aige amháin atá ár leigheas go léir) agus grásda
chun srian do chur len ár dteangacha chun ná dearmhadfaimís go
bráth cad deir an t-Aspol linn “gur díomhaoin dúinn a bheith in ár
gCríosduithe in ár gCaitlicí agus rann-pháirteach ins na Sacráimínthí



25 Lamhalta, allowable, lamhalaim, I allow, (Sean chainnt na nDéise).
26 Creimim, I gnaw, greimighim, I take a bite on (Is it satirize).
27 'Na bhfaghaim.
28 Is it córa.
29 Ár n-aighneasa.


L. 91


mara gcoisceam ár dteangacha agus mara ndéanam ráiteachas
ainmniúil.” Naomh Tomás a deir linn “Díbridh ó'n bhúr mbéal an
chúlchainnt, agus bídhí deimhneach, dá n-itheadh sibh luaith an tinnteáin
i leith aithrighe, ná fuighfidh sibh tairbhe ar bith ó aon cruadhgháil dá
gcuirfidh sibh orraibh féin mara staonfaidh sibh ó mhonabar” mar nách
féidir le h-éinne a anam a shábháil gan grádh 'bheith do'n chomharsain,
agus ná grádhann éinne a chómharsa, do bhaineann a chlú dhe.



AN t-ATHAIR L. UA h-UALLACHÁIN do sholáthair.



AN CROIDHE RÓ NAOMHTHA.



[Fógarthar gach ceart ar cosnamh.]



I.



A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
Do chroidhe atá 'n-a Dhia 'gus 'n-a chroidhe dhaona,
A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
An croidhe a ghlac ó ghein-gan-teimhal a dhaonacht.
A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
An croidhe a thug do ghein-gan-teimhal bheith amhlaidh,
A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
An croidhe tré's smachtuigh gein-gan-teimhal an annsprid.



II.



A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
An croidhe a dh'fhuilig páis chun mise shaoradh,
A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
An croidhe do nig mé ad' chuid fola naomhtha,
A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
An chroidhe a bhainean tart dem' chroidhe led' naomh fhuil
A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
A bhíon am' chroidhe nuair ghlacaim do chorp naomhtha!



III.



A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
Bhí agam gach lá gus oidhche ar an saoghal so,
A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
Tabhair sagart dom, aithrighe 'gus ola dhéinach,
A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
Na fág mé nuair a bheidh an bás am' thraochadh,
A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe!
Beir leat mé suas isteach ad' árus féinidh!



AN tATHAIR PEADAR.


L. 92


NÓTAÍ.



Tá an tír ag cur dí go misneamhail dána sa troid ar son na
saoirse gan sos gan maolú. Ní beag de shompla san dúinn-ne atá i
mbun an Irisleabhair seo gan bogadh gan staonadh san ngnó. Mar
sin féin, is deacair aghaidh do thabhairt ar an obair, uaireannta, agus
an oiread neamhshuim is a bhíonn dá thabhairt fós ag a lán sagart i
n-obair chomh táchtach le aithbheochaint na Gaedhluinne. Táthar beag
beann ar an gceist san atá lán de thairbhe do'n chreideamh. An
dtuigeann siad a thairbhighe is a éifechtamhla atá sí d'á ngnó agus
dá ngairme, go mórmhór, chun nósa agus béasa na ndaoine do
choimeád glan gan truailliú. Ní áirighim breis cráibhtheachta do
chothú i n-a gcroidhe ná deagh-sprid na h-uraime agus an ómóis do
neithibh Dé agus na h-Eaglaise a bhí riamh i nÉirinn do choimeád
go beó bríoghmhar eadrainn. Bláth-chrainn an Chreidimh is eadh an
deagh-thuisgint san idir chléir agus tuaith. Tá orainn-ne an ní sin
do choimeád slán; óir tá sé de dhualgas againn-ne cabhrú de réir
ár gcumais le h-aoinní fónta a théidheann chun sochair dos na daoinibh,
bíodh gur ar a mhaithe leo féin amháin an nídh sin.



Cad déarfar annsan le saothrú teangan na tíre agus le n-a
cur fé úsáid ó'n gcrannghail agus ó'n altóir? Tá cíocras ar an
bpobal í chlos uainn. 'Sé toil na tíre i láthair na h-uaire seo é.
An toil linne lámh do thabhairt dóibh chun na haigne sin aca do chur
i ngníomh? Maran toil linn, támuid-ne ar shlighe ár n-aimhleasa agus
sin de shúilibh osgailte támuid i bhfad ró-mhór i ndiaidh lámh cheana
leis an gcomhar ba cheart dúinn do dhíol leo. Ceannurraidh na
slógh seadh an sagart, go h-áirithe i nÉirinn. Ba ceart cuimhneamh
air sin agus beart do dhéanamh dá réir; mara mbéadh an gníomh so
uaidh, 'sé an dall ag stiúiriú an daill acu é.



Tá's againn nách mar a chéile teanga d'fhoghluim agus ár
gcasóg d'iompáil ná an dream so na poilitíochta seachas an dream
úd d'ár ghéilleamar ó lá go chéile do leanúint. Óir deintear an
t-athrú san i-n aon lá amháin. Ní mar sin d'fhoghluim na dteangan.
Ní mór dúinne ár gcasóga do bhaint dínn mar a déarfá agus cur
chun na h-oibre “corde magno et animo volenti,” aghaidh do thabhairt
fé'n gcnoc gan staonadh de'n iarracht.



Ní baol ná go mbeidh cothrom de thoradh na h-iarachta uaidh le
fáil ag duine a dheinean mar sin ach chur chuige. 'Sé bun agus bárr
an scéil é ná fuil ach deichneabhar nó dosaon sa chéad de shagartaibh
na h-Éireann atá dáríribh sa cheist náisiúnta san. Tá an dosaon
sin sa chéad ag briseadh a gcroidhe ad iarraidh cion deichniubhair do
dhéanamh chun an fhóid do sheasamh toisc an chuid eile do bheith go
patfhuar ná go neamhshuímiúil. Féach a mbíon d'aimsir dá caitheamh ag


L. 93


imirt golf agus a mbíon d'airgead dá dhíol as agus a luigheadh
iaracht atá dá dhéanamh ag na filógolfidhthe chun obair thairbheach —
ní h-eadh, ach obair riachtanach do dhéanamh i dtreó go mb'fhiu an ainm
Éire do thabhairt ar an dtír. Dá mb'iad na laetheana saoire féin
iad, ní dóigh liom gur ceart dúinn bheith ag lorg ár suaimhnis agus
ag teicheadh as ár dtír thar lear, go mór-mhór agus í ag iomaragáil,
go himirt anama, leis an námhaid — námhaid aicionta i dtaoibh tíre
agus creidimh. Is féidir a lán maitheasa a dhéanamh agus dul tríd
ár dtír dúchais agus na h-áiteanna agus a gnóthaí agus a
riachtanaisí do chur ar eolus againn, agus bheith ag tabhairt comhairle
a leasa agus deagh-shompla dhóibh agus bheith ag cur misnigh orra agus
ag foghluim na teangan dúchais uatha agus do bheadh caitheamh aimsire
san am gcéadna againn mar mhalairt.



Is fada uainn sinn bheith i gcoinnibh na gcluiche san ach tá
modus in rebis. Ach ní dóigh linn gur féidir a shéanadh gur ab iad
na filógolfídhthe (ach amháin duine nó beirt ortha b'éidir) is lugha
eolus ar an nGaeluinn. Sé an dálta céadna, leis, ages na
gheabhadóiríbh a théidhean thar sáile. Thá a súile acu ar imeallaibh na
cruinne! Is bréan le cuid acu cúrsaí a dtíre féin, an áit i na
bhfaghaid siad a gcothú agus a saoghal. Tá a gcuid airgid dá
scaipeadh agus dá chaitheamh ar stróinséiríbh, agus is mó eolus acu
ar thíorthaibh thar lear ná ar a dtír féin! Nách náireach áiféiseach an
scéal é! Cad déarfaimíd le cúrsaí agus le neithe eile ar a
mbíonn airgead agus aimsir sár luachmhar dá gcaitheamh aca gan tairbhe,
ar dhrabhshaoil leabhar, ar spórtannaibh, ar so súd umá san — agus furmhór
aca, ní h-eadh ach trí fichid sa chéad aca, dall ar an nGaoluinn!
Est risu! Níl aon aimsir saor acu chun leathuaire a chluig do
chaitheamh ag foghluim na Gaoluinne. Ó's rud é ná bíonn aon dúil
ag duine i nidh ná fuil ar eolus aige, de réir abairte na feall-
samhnachta, connus is féidir súil do bheith ag éinne go mbeidh leabhar
Gaoluinne dá cheannach ag sagart de'n tsórt san agus gan focal
Gaoluinne aige? Is oth linn a rádh go bhfuil breis a's mar is dóigh leo
de ghalldachas ina ndeunamh agus ina dtabhairt suas. Tuigimíd
beagán fé'n am seo cad chuige a luighead suime agus ceannaigh atá
ar an SÍOLADÓIR s' againne. Dá mb'iad baill Chumainn na Sagart
féin iad, níl cuid aca ag déanamh pioc ar son an Chumainn. Ní
baill gan mhaith ná codlatánaig atá ó lucht an Chumainn ach baill
gnímh. Ní leór linn deagh-thoil agus deagh-mhianta uatha. Ní mór
do chuid aca an deagh-thoil san do chur i ngníomh. Ní h-é “gach file
agus gach fáidh ag trácht ar a ealadhan féin” dúinn mar scéal.
Ní filí ná fáidhí sinne ar aon chor. Ach ó'r rud é gur cuireadh sinne
i mbun an Irisleabhair, ba cheart cothrom na féinne do thabhairt dúinn
agus féachaint chuige go bhfuil gnó — idir airgead agus aistí agus
éile — dá dhéanamh do, agus cabhair le fáil ó ghach ball ar a shon, agus
aon léightheoir eile ar a luighead do sholáthairt don Irisleabhar.



Tá sé dá rádh ag an nGall orainn go mbíonn an Gaedheal


L. 94


ró-thugtha do'n chaint riamh. Pé tuairim atá againn do san tá an
méid seo le tabhairt fé ndeara nuair is cruinniú atá i gceist ina
mbeidh caint nó comhairle le tabhairt bíonn an halla nó an seomra
lán go béal an doruis ach nuair a tagthar chun gnímh ní bhíonn ann ach
duine nó beirt! cad é mar fíortar na seana-ráidhte uaireannta.
“Éire i bpáirt Éire ar lár.” Sé a fhaid is a ghioracht é ná fuilimíd
sásta cor ar bith leis an gcabhair a fuaireamas go dtí so ós na
sagartaibh. Is í seo an cúigeadh uimhir do'n Irisleabhar a chuireadh
amach le toil an Chumainn, ar a' gcéad dul síos i gcóir na sagart
agus annsan i gcóir na dtuath; mar i dteannta a chéile iseadh is
treise. Ag féachaint siar thar na h-uimhreacha tugaimíd fé ndeara
ná fuil a gcion déanta ag na sagarthaibh Is amhlaidh mar athá an
scéal má leantar do'n patfhuaire agus do'n neamhshuim agus do'n
leisge (táimíd go mór chun deiridh i dtaoibh airgid chun díolaigheacht
as na h-uimhreacha eile) gur geárr go mbeidh an Síoladóir óg
traochta gan fuil gan feóil i dtreó nách mbeidh rogha eile ó'n réidhteach
aige ach laetheannta saoire fada do thógaint ar mhaithe le n-a shláinte.
Qui habet aures audiendi audiat.



Tuigeann fear léighinn leathfhocal! Dá bhrígh sin, iarraimíd in
achuinighe arís ar shagartaibh de dheagh-thoil a nditheall do dhéanamh chum
cabhruighthe linn san obair fhónta so agus gan é do leogaint ar lár
de cheal airgid agus d'easbadh ádhbhair scríobhtha. Tá na céadta
slighe ag duine atá toiltheannach le congnamh do thabhairt dúinn agus
maitheas do dhéanamh dúinn. Cuireadh sé cuid díobh i bhfeidhm agus
mairfidh an Síoladóir. Mara mbeadh san, is baoghal go mbeidh a
bport seinnte aige. Ní beag san. Tá súil againn gur fada
uainn an lá i mbeidh aon ghádh le S.O.S. do chur amach ar a shon.



Tugaimíd thíos annseo leitir chughainn ó'n dTighearna Abb an
Dochtúir Ró-urramach Ó Faoláin ó Chnoc Mheleirí mar adhbhar machtnamh
dár léightheóiribh. Ca bhfios ná go ngriosfaidh sí cuid aca chum aithris
do dhéanamh air.



28 vi. '21.



“Do'n Athair R. Pléimionn.



“Go deimhin féin a athair, atá comaoin curtha agat orm agus
an Síoladóir do chur chugham. Agus cuireann a theacht chugham i n-iuil
dam go rinneas an-dhearmhad gan suim do chur i gCumann na Sagart
i bhfad roimhe seo. Bhí sé ar m'aigne go minic fios do chur ar an
Síoladóir acht do theip orm é do dhéanadh.



“Is breágh go léir agus is áthasdamhail an sgéal go bhfuiltear
chum Bíobla an Athar Peadar do chur fé chló agus san go luath. Beidh
mórán daoine ag feitheamh leis, agus cuirfidh sé aoibhneas ar Chlanna-
Gaedheal an Bíobla go léir do bheith aca fé dheire n-a dteangain féin.



“Nárbh éachtach an obair í do'n tsean-fhear an t-aistriughadh san
do dhéanadh agus é in aois a deich agus trí fichid! Go dtugaidh Dia
luach a shaothair do.


L. 95


“Tá mé ag cur £3 chughat mar mho chuid de dhíolaidheacht as pé
costas a bhaineann leis an gComann.



“Mise &c.,



“R. M. Ó FAOLÁIN, Abb.”



Bailigheann brobh beart! Éinne a thabharfaidh sintiús — pé beag
mór é — beidh an admháil air sa chéad uimhir de'n tSíoladóir a thiocfaidh
amach ina dhiaidh san sa líosta gur teidiol dó “Ár gCáirde.” Seadh,
a bhráithre, “aithnightear cara i gcruadhchás.” Tá an Síoladóir i
gcruadhchás agus ní fheicimíd gur ceart a mhilleán do chur i n-ar
leith-ne.



Cia gur ceart é do chur ina leith mar sin?



Ca bhfuil scríobhnóirí ó Chonnachtaibh? I n-a gcodladh nó i n-a
ndúiseacht? Níl aoinní i bhfuirm scribhínn le feicsint uatha in aon
uimhir don Irisleabhar. An bhfuil fhios agat, a léightheóir ó Chonnachtaibh,
'tuige nach bhfuil? Mar ní bhfuaireamar ach aon rud amháin fós ó'n
gCúige sin. Bhéimís ana bhuidheach d'éinne desna scríobhnóiríbh úd a bhí
fé thrácht ag P. Ó Domhnalláin sa “Mhisneach” tá cúpla seachtaine ó
shoin ann. Mara bhfaghamuid adhbhar scríobhtha uatha ní féidir dúinn
Connachtaigh do shásamh. Is cuma dhúinn cá dtagann an t-adhbhar
scríobhtha, anoir, aniar andeas nó adthuaidh, tá fáilte agus fiche
roimis gach iarracht ach é bheith i nglan Ghaoluinn. Is cuimhin liom gur
chúm file Connachtach áirithe rann filíochta fadó ag cur síos ar thréithibh
agus ar bhuadhaibh gach chúige fé leith. Deireann seisean gur abh'é
“Connacht cruithneacht Éireann.” Deireann sé súd leis “go bhfuil
Connacht molta dá mbéinn 'mo thost.” Tá Connacht 'n-a tost
maidir leis an Síoladóir, ach go h-áirithe; b'fhearr linn iad a bheith
i n-a ndúiseacht. Ba mhaith linn, freisin, cuid de'n chruithneachtain
sin do bheith againn ó 'na scríobhnóiribh mar chothú nó bheatha aigne.
Níl amhras ná go bhfuil cruithneacht an léighinn go flúirseach ann fós,
fé mar a bhí aca fad ó. Tá annála na h-Eaglaise agus na tíre lán
de dheimhniú ar an gcáil agus ar an gclú san. Cathain a déanfar
aithris ar bhúr sean agus bhúr sinsear san Eaglais agus isna
scoileannaibh de'n aimsir ársaidh úd, a Chonnachtaigh?



Bhí ainm an oinigh agus na féile oraibh, leis. Níl aon úrdhúbhadh
ar an dtréith sin fé láthair ach go h-áirithe. Níl ag an léightheóir
ach liosta “Ár gCarad” sa tSíoladóir do scrúdú. Chifidh sé ann
go bhfuil na Connachtaigh ar lomán le muinntir aon chuige eile i dtaobh
an airgid, agus dar go deimhin, ní maoidhte é



Dá mb'íad na h-Ultaigh féin iad — ní chun Carsónia atáimíd ach
chun cuige Uladh an t-seanachais, óir ní thugaimíd aon teoranta eile
ach teoranta na faraige — is soiléir go bhfuilid n-a suidhe agus á
ngléasadh féin chum aghaidh do thabhairt ar an mbán leis an Síoladóir
óg chum grafadh agus chun rómhar agus chun fuirse do dhéanamh. Bíodh


L. 96


go bhfuil rian Gaedhilge na h-Albann meascaithe tríd an deilbh agus
ana-dhlúth i n-a gcanúint, mar sin féin, is maith an ceangal é chum
Gaedheal na h-Éireann agus na h-Albann do shnaidhmeadh go dlúth le
chéile. Rud eile dhe, an Ghaoluinn a bhíonn fé úsaid i láthair na h-uaire
seo i nÉirinn, ní d'aon chúige amhain í ach fás nuadh as meascán na
gcúig gcúigí. Sórd L.C.M. seadh í i n-a bhfagthar na canúintí go
léir ann. Mar sin is fearr — iad go léir fuinte i naon taos amháin
ag cabhrú le chéile agus ag saidhbhriú a chéile.



Beidh focal nó dó le rádh againn mar gheall ar an dá chúige eile
ar ball.



AINMNEACHA AGUS TEIDIL IASACHTA.



Is náireach an scéal é le n-aithris, ach is fíor é, a luighead ainm
naomh Éireann atá a n-onórú i n-ár measc. Má tá ainm leinbh nó
pátrún teampaill nó séipéil ar iarraidh, siúd le n-ár ndaoine go
dtí tíortha thar lear ar lorg na h-ainme nó an pátrúin! Fágaid
siad na h-ainmneacha is deise fé'n spéir agus na naoimh is dílse do
Dhia ar dhearmhad ina ndiaidh chun ainme galánta iasachta do bheith
aca ar an leanbh nó ar an séipéal! Cathain a bheidh ciall ag ár
ndaoine? Is beag duine againn, idir chléir agus tuaith, ná fuil
cionntach i ndíthcéille do'n tsórd san. Táthar a d'iarraidh ainmneacha
na sráideanna d'atharú sa cheart le déanaighe, an ndéanfar amhlaidh
le baiste na ndaoine agus na dteampall? Tá súil againn go
mbeidh an scéal níos fearr i n-a thaobh, san línn le teacht.



“Le Roi est mort vive le Roi.”



Toghadh an Dochtúir Ró-urramach Edbhárd Ó Broin mar Áird-
easbog Átha Cliath i n-am tráth t'réis bháis an Dochtúra Liam Breathnach,
ná maireann. Is mian le lucht Chumainn na Sagart bheith d'aon
aigne agus d'aon ghuth le muinntir an áirdfhairiche ag gabháil a
gcógáirdeachais leis san ngradam agus san onóir atá tabhartha do
ón bPápa agus ó chléir na príomh-chathrach. Ní foláir nó tá an onóir
sin tuillthe go maith aige as ucht a bhuadha agus a thréithe féin, agus
as ucht ar dhein ar son an árdfhairiche ó deineadh sagart de.



Ní gádh cursíos ná innsint sgéil do dhéanamh ar an obair a dhein
sé; bhí a ainim in-áirde le tamall fada mar an duine ba mhó a bhí
oiriúnach don oifig ró-uasal san. Tagan sé isteach i seilbh an oifig
nuaidh sin le deigh-mhéin ó chách, idir chléir agus tuaith. 'Sé ár nguidhe
chun Dé agus chun A Mháthar Beannuighthe go seolaid siad ar shlighe
a leasa féin agus go mbronnaid siad na grásta go líonmhar air
chun a phobail do riaghlú agus do stiúiriú ar a slighe chun Dé agus ar
mhaithe agus ar ghlóire Eaglaise Catoilicí na h-Éireann. Prosit,
prospere procede et regna — ad multos annos!


L. 97


Ba mhaith linn a chur i n-úil do léightheoiribh nuadha an Irisleabhair
so go bhfuil seana-uimhreacha an t-Síoladóir le fághail fós. Má
theastuigheann ó éinne iad, ba cheart do scríobh in am chun Comhluchta
na Fírinne Catoilicí mBaile Átha Cliath nó chun an bainisteoira,
Sráid Naomh Bhincent, uimh 7, Baile Átha Cliath. Ní fada go mbeid
siad go léir díolta amach.



Ba mhaith linn, san uimhir seo de'n t-Síoladóir, ár mbaochas
do ghabháil leis an Ath. Séamus Ó Mathúna, 141 Sráid Annraoí,
Eabhrach Nuadh, ar son na hoibre a dhein sé agus atá dá dhéanamh aige
thall fé n-ár gceann i gcóir an t-Síoladóir. An t-éileamh a tháinig
chúghainn do thoradh a chabhrach ar an Irisleabhar tugann sé breis
misnigh dúinn chun leanúint den obair. Tá súil mhór againn le
sluagh mhóir léightheoirí agus scríobhneóirí ó Ameirica fé cheann
tamaill, d'réir mar a théidheann siad in-aithne ar an Irisleabhar so
againne. Brostuighidh oraibh, a léightheoirí agus a scríobhnóirí sa
bhaile nó beidh buaidhte aca thall oraibh!



Chuir an t-Athair Micheál Mac Craith, C.Í., an leitir seo shíos
chúghainn:—



“Milltown Park,
“Dublin, 12/9/'21.



“A Athair a chara,



“Sháitheas rudaí i gcóir an tSíoladóra isteach id bhosca phuist
an tráthnóna fé dheire. Tá gach coinne agam go bhfuairis iad — is go
n-oirid duit?



“Ag so greas beag filíochta: béidir go raghadh sé isteach i
gcúinne follamh éigin duit; agus, bíodh ná fuil ann féin acht preabán,
ní móide nach fearr ann é ná poll!



“Sé rud is mó fé n-a scríobhaim an nóta so cughat ná a
leithéid so im dhiaidh:— Le tamall anois tá sé ag cur isteach ar
chodla na h-oidhche orm, go mbéidir go bhfuighfaoi ar fuaid na
h-Éireann fiche nó tríochad sagart gur bhfearr i bhfad leo dul fé
n-a gcúrsa bliantúil spioradálta as Gaedhilg ná as Béarla, agus
ná beadh uatha acht an chaoi chuige. Seadh, bheinn féin lán-tsásta a
leithéid de chúrsa do thabhairt, agus is dóigh liom ná beadh ó lucht
stiúrtha an tighe seo acht a iarraidh ortha, go bhfágfaidís an tigh
fúinn ó Luan go Satharn aon tseachtain ná beadh sé luaite cheana
aca d'aon dream eile. Chuirtheá fé mhór-chomaoin mé acht an méid
seo do chur isteach sa tSíoladóir ghá iarraidh ar aon tsagart go
dtaithnigheann an bheart so leis scrí' chughat-sa nó chugham-sa i dtreo
go mbeadh a fhios againn an mbéadh aon téagar sagart ann gur


L. 98


mhaith leo dul fé n-a leithéid de chúrsa (1) leaistigh de bhliain ó
thosach an Mheadhon-Foghmhair seo, agus (2) an mí nó an t-seachtain is
fearr d'oirfeadh do chách.



“Le mór-mheas ort,



“Micheál Mac Craith, C.Í.



“I.S. — Gheobhair leaistigh annso mo shíntiús go ceann bliana. —
M. M.”



Féach! sin talamh nuadh á bhriseadh ag an Athair Micheál ach go
háirithe! Déanfaidh an Síoladóir a chroidhe-dhicheall chun cabhruighthe
leis an Athair Micheál san obair bheannuighthe atá curtha roimis aige le
déanamh. Má tá aon deigh-sprid fágtha ages na sagairt, ba cheart
dóibh teacht ina sluaightibh chuige. Tá's aca go mbíonn na cúrsaí
spioradálta ag siubhal ann cheana as Gaoluinn i gcóir daoine nách
sagairt. Ní ceart dúinn a mheas go bhfuil sagairt na h-Éireann
níos lugha i bhfabhar na Gaoluinne 'ná na tuaithe.



Tionólfar Cruinniúghadh Chumainn na Sagart Diardaoin an
fhicheadh lá de mhí Deire Fóghmhair ar a chúig a chlog, sa Leabharlann i
gConnradh na Gaedhilge, Cearnóg Pharnail, uimh. a 25, Baile Átha
Cliath. Tá súil againn go mbeidh baill go léir an Chumainn i láthair.



MIONSCÉALA.



(a) Tá an t-Athair Séamus Ó h-Aodha, ó pharóiste Mhichíl Naomhtha i
Luimnigh ag imtheacht uainn go dtí an t-Sín chun cabhruighthe leis
an ngasra ó Éirinn atá ag obair ann cheana. Go n-eirighidh go
geal leis.



(b) Tá Craobh Chumainn na Sagart dá cur ar bun i bhfairiche Dhoire,
agus tá níos mó ná tríochad ball sa chraoibh. An t-Athair T.
Ó Brollacháin ó Shráidbháin, an rúnaidhe dí. Is maith an sampla
é do fhairichibh eile nár tháinig isteach fós 'san obair. Le teacht
na síothchána chughainn anois, beidh súil in-áirde againn go
bhfeicimíd craobh an Chumainn á cur ar bun gan ró-mhoill is gach
ceann aca ag na sagairt óga.



(c) Bunuigheadh Craobh an Chumainn i gCilldara tá tamal ó shoin ann,
agus tá sé fé stiúriú ag an Athair 'Liam Mac Muilneóra ó
Cheatharloch agus ag an Athair Ioseph Ó Dúinn ó Choláisde Chnuic
Bhig. Tá ag eirghe go seoidh leo.



(d) Thug an t-Athair 'Liam De Lóndra, Westland Row, seanmóin
uaidh ar oscailt Chuallachta Bainríoghna Shléibhe Chármeil a
cuireadh ar bun le déanaí san Eagalais a bhaineann leis na
Carmelítigh i Sráid na mBráthar mBán. Bhí sluagh mhór daoine
láithreach.


L. 99


(e) Thug an t-Athair Márthan Ó Riain óráid uaidh le linn aeridheachta
'bheith ar siubhal i gCanolín i Loch Garman tamall ó shain. Sa
chaint dó le na raibh láithreach, dubhairt sé leo tosnú ar fhoghluim na
Gaeluinne dáríribh i gcaitheamh an gheimhridh seo chughainn, agus
go mórmór, na paidreacha do rádh i nGaeluinn, agus go
bhféachfaidís na haithreacha agus na máthaireacha chuige go mbéid
na paidreacha á rádh i nGaeluinn, ages na leanbhaíbh. Táimídne
ar aon fhocal leis 'sa méid sin, agus is mór an chúis-áthais dúinn
a rádh go bhfuiltear ag tosnú go tréan i Loch Garman agus
in-áiteannaibh eile, ar é dhéanamh. Má's maith é is mithíd é, a
mhuis!



(f) Má b'é an t-Athair S. C. Ó Floinn a chéad-chuir Chuallacht ar bun
i nÉirinn, tá sé i dtosach airís le obair eile fé leith — “Aifrionn
na leanbh” — a bhíonn á léigheamh san árdteampal aige dhóibh.
Iad ag gabháil do hiomnaibh agus ag paidiréoracht as Gaeluinn!
Níl aon t-seo ach a mbíonn de leanbhaíbh láithreach. Maith an áit
go rabhais, a Athair Séamus!



(g) Tá focal molta ag dul don Athair Caoimhghin Ó Brádaigh i mBrí
Chualain as ucht a fheabhas a d'éirigh leis san obair a bhí ar siubhal
ann ar son na teangan i gcaitheamh an t-samhraidh .i. Obair an
Choláisde Ghaelaigh.



(h) Coláisde Gaelach eile! Chualamair go dtánathas go Leith-Ínse,
i gCondae an Chláir 'sna sluaightibh dubha i mbliana chum Gaeluinn
d'fhoghluim. Is geal linn a fheiscint go raibh an t-Athair Micheál
Hamilton ar na hollamhnaibh ann. Fáinidhe le faid bhliantaibh,
tá sé ar tosach an chatha fós, fé mar a bhíodh sé agus é ina
mhacléighinn i Mágh Nuadhat!



(i) Thug an t-Athair S. Ó Treasaigh agus an t-Athair Ó Cléirigh,
C.S.S.R. Missiún i Rinn Ua gCuanach i mbliana. D'éirigh go
hana-mhaith leo. An t-Athair Ó Conbhaidhe, an sagart óg ann,
Gaelgeoir toghtha 'seadh é. Tugann sé ana-chabhair don teangain
dúchais 'sa cheanntar san.



(j) Mo cheol sibh! a bhuachaillí Naoimh Cholmáin! Ar iomán leis an
Mainistir Thuaidh i gcóir an Chuirn a thug an Dáil mar dhuais
don scoil is fearr chun na Gaeluinne sa Mhumhain. D'eirigh go
geal libh san sgrúdú Idirmheadhonach leis. Ár moladh agus ár
móradh, leis, do Charraig Dubh, i mBaile Átha Cliath as ucht a
fheabhas a d'eirigh leo ann san sgrúdú Gaeluinne fén Oideachas
Idirmeádhonach. Cúis mhaoidhte don uachtarán agus dá lucht
cabhruighthe san dá Choláisdt, iseadh é.



(k)Tá gasra Fáinnidhthe curtha ar bun i Leitircheannainn le déanaidhe,
tríochad a líon. An t-Athair Pilip Ó Baoíghil 'seadh atá i
gceannas na gasra. Ní ró-olc an líon sin mar thosnú. Tá an
obair chéadna dá déanamh i gColáisde Fhinghín Naomhtha i
Muillean Ceárr ag an Athair Seán Ó Conbhaidhe agus ag an
Athair P. Ó Floínn.


L. 100


AN NÁISIÚN GAEL-IBHEIRNEACH. III.



Síol Ír Mhic Golaimh
(a) Seacht leagain na leabhar
Art + Artre mcEbric mc d'
Artre + Art
Sédna [Art + Sédna + Énda
Fiacha Fionnscothach
Ollamh + Eochaidh
Fionrachta — Cairbre
Labhraidh
Bráth + Bladh
Fionn
Shíorlamh
Airgedmar + Sighemall
Eadharn &rl. Fomhór
Aodh Ruadh Dubh
Macha [Srubh mcRosa
Glas mcF] Indercaigh
Caithfear + Cathaoir
Faobhardel
Faithcian Gerg t. 143 r.C.
Dubh]
Sithrighe
Rudhraighe Mór a.CX.
Rosa Cinga + Gionga
Fachtna Capa + Cadhbadh
? Mhic Úin Mhic Uige
(b) iarracht fá na riaradh
Éibher mcÍr
Ebrec
Cearmna Sobhairce Art
a.rr. É Airtre
Art
Sédna I. Énda
Fionn I. Scothach Eochaidh
Ollamh Rionnal



Fionnachta I. Slánell Labhraidh
Fiacha IV. Gedhe Cairbre Bladh
Oilill I. Berngal (Logha Brát)Bráth
(Síorchadh) Fionn II.
Airgedmhar Síorlamh
Sighemall
[Ruadh Airgedmhar I. Fomhór
Aodh I. 3 Demhan Dubh
Díothorba Sithrigh
Rudraighe II.
t. 324 — 285
Rosa Cinga
[Ruadh Cadhbadh
Fergus Fachtna
Sinnsear Ciarraighe Trilsech
agus Ulaidh
Tabharn mcÉndha
Tath
Aldoe
Iondoe
Néid
Dealbaoth
Ealatha Oghma
Eochaidh VII. Bres III. Dealbaoth



Cearmad Fiachna Í
MacCuill- &rl. = Éire &rl.
Cairbre
Labhraidh
Fionn
Síor.
(Siodhmhall) Airgedmhar II.
Badharn Ughmhór (1)
Aodh II. Fiontán Dubh
Macha = Cimbaeth Rosa
Srubh
Indercach
Glas
Cathaoir
Dubh Faobhardel



(1) ainm do Ghaedhil an umha a. ibheirneach fomhór.


L. 101


Conchobhar V. Cas Trilsech]
Echidh] mcCais
Aimhirgin t.l.r.Ch.2
Conall Cearnach 21
Írial r.U.
Fiacha Fionnamhnas
Fionchadh mcMuiredhaigh
Giallchadh mcDúnchadha
Rochraidhe mcCadhbadha
Mál r.U. .C 3-32
Cerb
Breasal breac (r.b. 42-9 mcFirb)
Tiobraide I. U. Tíreach ó Firb t. C
Fergus Gaileang r. U. 182-91
Aengus Geibhnionn U. 211
Fiaca Araidhe U. 227
Cas Sodhain
Feidh-Limidh 285
Ros (1 '38 II. '83) mcLomchadha 276
Eochaidh Cobha 4.C. mcLughdheach 295
Caolbhadh mcCruinn 3CVX



Conmhaicne agus
Corca Modhruadh



Cas
Póch



Sithrec = Faithcian Gerg
Rudhraighe III.



Eochaidh Sálbhuidhe R. U = Cas Rosa &c.
Aimhirgin Nesa = Fachtna
Conall Cearnach Conchobhar U. L. 1.-32 r.Ch
Írial Glúnmhar XX. r.Ch — 9X A.C.
Fiaca IV. V. XX. — 41
Muiredhach 67-72 Fionnchadh
Giallchadh (fao Éilim U. 73. É. 83-C.3) Rochraidhe
Dúnchadh fao Mál a.r. 133-6
Cadhbadh Tiobraid II. U. C.L.i.-181
Rodhchadh Fergus V. U.
Mál Aengus I. U. Fiacha V. U.
Cerb t. 2.C.L. Ros I. U. '38 s(. Dál Arudhe)
Bresal Iomchadh I. Fedhelm = Cas Sodhain U.
Tiobraid Ros II. Luighidh Iomhchadh Féidhl. 85.
(Ailean) Fracchar 26 Crolin = inseacht Ros
Fergus Fergus I.-X. 32 Caolbadh I. '61 Luchta
Aengus r. deir Eamhna a.r. deir. U. Eochaidh
Fiacha
Sodhain Oll. t. 460



(2) No Ecalsalaig no Ecsolaig



(3) Bádhadh i nEasRuaidh mic Modhairn. Thiocadh “Aedh Ruadh a.r. fá 3” as Aedh athair Macha agus Ruadh r.Oll. 369-49 mac
Modhairn mic Airgedmhar 440-23 mhich Bhlaidh uí Chairbre.


L. 102


AN NÁISIÚN GAEL-IBHEIRNEACH. — III.



Is nós do lucht-cáinte ár staire trácht ar cheapadóireacht liostaí
ríogh, faid a righe &rl. Deirid gur glacadh na hainmneacha as
ginealach s. Eiremhóin ar dtúis, gur tugadh fá ndear 'na dhiaidh nach
raibh cuma na fírinne ar sin is gur cuireadh ainmneacha isteach ó na
príomhghinealaigh eile. Ach i nginealach coitchionta s. Éibhir ó 570-290
r.Ch. níl ann ach rothla a gcuid ríogh agus is iad ab fhusa meabhrugh.



Is cinnte go raibh ceart ríoghdha aithrithe ag gach fear de
dhearbhfhine an rígh mhairbh ach bhéadh faill abhfad ní bfhearr ag a chloinn.
Deirtar nach raibh teans go rachadh an ríghacht ó athair chun mic, ach má
glactar Cinéil Soghan 7.cix — xx-m A.T. ní raibh ach glún amháin acu
.i. Muircheartach na gcochall leathair, nár bhain an árdriacht amach is
iad in san aon líne díreach is gan beirt dearbhrathair dá haimsuigh
ach i gcás Aodha Ollan is Néill Fhrasaigh is gan aon-ne ab fhuide amach.
Bhain ClannCholmáin amach í fóchéadóir fá 742 agus do chaill fá mxx2.
Ní raibh ach aon ghlún .i. Domhnaill mic Donnchadha nár aimsigh í is
níor athruighadh ón líne díreach ach ó mhac go garmhac i bpearsain
Mhaolsheachlainn I. is ní raibh an dara rí acu ar aon ghlún. Sáruighann
sin an seanstair. Gidheadh, is ionchruthuighthe go raibh prímhghineacht
éigin ag Érnaibh is ClainnMíleadh ar aon. Is soiléir ó scéaltaibh
Tighearnmhais is Eathach Édghothaigh gur lánrighthe (autocrataigh) a bhí
ionta agus ní raibh Árdfheis ann chun cur isteach ar a gcumhacht go
dtí am Ollmhan, faid glúin nó dó tréis teacht Gaedhal Umhá;
beidh orainn léirmheas a thabhairt ar ghlac sé uatha í. Ar an taobh
eile má gheibhtar na riaghlacha céadna do ghabháil oighreacht i nÉirinn
roimh theacht Gaedhal beidh sé beagnach cinnte gurbh iasacht iad ón
tseandream.



Dála cirt na dteaghlach don Árdriacht shaoil an chuid eile nach
raibh sé ag síol Íotha mar nár bhaineadar le ClainnMhíleadh: agus
bfhada gur admhuigh an dá shíol ab uaisle ceart Ír. Mar sin is dóigh
nár glacadh isteach don chlainn roimhe iad. Idir síolta Éibhir is
Eiremhóin d'éiligh an treabh ba lugha ceart gach re righe ach tá sé
soiléir nár admhuigh an tarna treabh é. Ní fheicfe an námhaid i
n-athrigh treibh na ginealaigh ach bréagnugh staire. Is dóigh gur thuig
na hollmhain é mar coimhcheangal cairdeasa agus is cinnte go
socruightí a leithéid de ghnoithibh ag na feiseanna. Béidir gur mar
sin a snadhmadh síol Ughamhe Gaedhal le s. Eiremhóin mhic Golaimh.
Uaireanta bhí fáth sonnradhach leis an measgadh agus i ngach cás
coinneochaí an dá cheap le chéile cho fada is dfhéadfí ar chaoi go
mbeadh (1) Gaol níos giorra idir na treabha (2) fuil níos uaisle iontu
is (3) obair meabhruighthe níos éadruime ar na hollmhain. In sa
Róimh ní amháin gurbh fhéidir treabh iriseal a ghreamugh le treabh uasal
ach thiocadh le fear bheith 'na athair de réir an dlighe dá sheanathair
féin agus ní lochtfar é sin agus níl aon teóra ag ceapadóireacht
sinnsear agus suaitheantas fao'n dlighe Ghallda, ach bíonn fonnmhóid


L. 103


réidh i gcomhnuidhe do nósaibh Éireann. Is féidir cruthugh gur thuig na
hollmhain sin. Mar shompla dubhradh i gcomhnuidhe sa stair gur mhac
do Mhál r.É. 133-6 A.T. Tiobráide ii. U. a mharbh Conn .C.cath t. 180
is a d'éagh a 181. Tá an achar pas fada le haghaidh glúin, ach
tagann cúpla ceann giorra 'na dhiaidh agus gan iad féin ba ráiméis
trí cinn a chur isteach do 45 bliadhna: ach sin atá sna ginealaigh.
Seadh, deir an cáinteoir, ach bhí Tiobraide eile mac Breasail mic
firb ní Cirb ann a rugadh más fíor an bhliadhain a mharbh AithighThuatha
a athair, r.U. t.49 A.T. Agus bhí a fhios sin ar a laighead cho maith
ag ollmhain na hÉireann. Tá fáth eile leis an gcamadh agus tá
orainn é lorgadh.



Má iniúchtar an ginealach céadna ó Rudhraighe mór anuas go
dtí Fiacha Aruidhe gheibhtar 3 (nó 2) glúin xx a chaithfeadh 690 blianta.
Tá vx díobh tréis Chonaill Chearnaigh agus dá réir mhair Fiacha t.430
A.T. Bhí mach aige dárbh ainm Sodhain ó ráidtear seacht Sodhna
Connacht ach ní thugtar an fáth a bhfuighidh mac rígh Uladh oighreacht i
dtír a námhad fá 227 fár éag Fiacha Aruidhe. Is mór an adhbhar
fonnmhóide an méid sin do — na stracadóiri, ach tá ginealaigh na
Sodhan go han-chruinn againn agus tá aontug eatora goléir gur
mhair a sinnsear Sodhain fá 460 an t-am díreach ceart do ghinealach
s. Ír. Ar an taobh eile tá dorulach Ultach a síolruighadh ó Shodhain
mac Fhiacach Araidhe is réitighann a dháta go ceart leo. Is leor sin
mar cruthug go raibh dha Shodhain ann ach go ndearnadh an t-aon
sinnsear díobh le botún nó d'aonghnó do chusbóir dlighe. Nuair
fiosruightar sinnsir Sodhan Ollnemhachta aníos gheibhtar Muiredhach
mac Fhiachach Fionnamnais 3 glún x uaidh nó t.70 A.T. Is ní amháin
go raibh sé 'na rí U. díreach 67-72 ach d'aimsigh an Athrí U. Éilim II.
an árdriacht 83 —.C.2 agus san athghlún aríst tréis a bheith 'na rígh U.
C3 — C1/3 bhí Mál 'na a.r. Is amhlaidh go raibh faill mhaith ag Ultach
talamh a bhaint amach fao Éilim agus dá gcailleadh sé fao Thuathal I.
bhéadh teans ag a chlainn fao Mhál ath Fréamhugh.



Ó Mhuiredhach a. 72 AT.. go dtí Aimhirgin a. fá. I. r.Ch., tá an
gnáthfhaid Ultach insna glúintibh agus tá aontugh eatora is an iomad
eile ach tugtar sé (nó cúig idir Conall Cearnach (féach gin.) is
Rudhraighe Mór is ní bhfaghtar ach cúpla ceann idir é is Conchobhar
mac Neasa is furmhór na Craoibhe Ruaidhe: budh deacair go sínfí
ginealach amháin ar a gcuma sin ach 'na áit giorruighadh é ma
Aimhirgin mac Echidh tugtí ar athair Chonaill i seanchus U. is mac Cais
atá sna ginealaigh. Níl aon ainm Echidh ann ach is é Eochaidh is
giorra dhó agus ba dhóigh gurbh é Eochaidh Sálbhuidhe r.U. C3-92 r.C.
athair Neasa an tEochaidh sin mar is soiléir go raibh ro ghaol idir
Conall Conchobhar is Cúchulainn agus thiúradh sé freisin ceart
dÍrial Glúnmhar do ríghacht U. Tugann sé, leis, an fáth gur shéan
a shíol Eochaidh. Glaodhtar Connachtach air agus ní fuláir nó go bhfuair
sé an ríoghacht ar nós Cruithneach le pósadh banoighre, Cas inghean
Rudhraighe sílim. Ollnemhacht ní Connachta a bhí ar an gcúige fao'n


L. 104


am ach haistrighadh an sean ainm agus annsin nuair a dearmadadh
gurbh é cúige síl Ír ar dtúis é measadh gurbh FhearBolg Eochaidh
agus caitheadh amach é de bharr an deargghráin a bhí ag Ultaibh ar
Chonnachtaibh ó sgriosadh Eamhain le harm Connachtach na dTrí Cholla.
Glaodhtí Cruithnigh ar shíol Chonaill Chearnaigh agus ó ba chuma leo
siud ach fuil na máthar ba ghearr go bhfághtí ginealach neamhChruithneach
dá bpríomhtheaghlaigh (mar sompla ginealaigh Eoghanachta do
Mhórmhaoraibh Mháir is Leamhna agus ríghacht féin na hAlban do
DáilRiada) agus ní bhéadh ciall le Cruithnigh a ghlaodhach ortha muna
mbainidís le teaghlach neamhUltach.



Lóch ab ainm d'athair Eachach Shálbhuidhe agus leis an dá ghlún
sin ar ais bhéadh Rudhraighe athair Chingadh t. 3.C. r.Ch. Maidir leis
na treabha eile síolruightar ó Rudhraighe san Iarthair deirtar gur
sinnsir dóibh go léir Fergus is Meadhbh d'éag roint bliadhan r.Ch.
ach ní féidir aon ghinealach acu fheilmhaint dFhergus níos déanaighe ná
170 — 2c r.Ch! Mar sin níorbh fhéidir a síolrugh ón mbeirt úd agus
is furast gur measgadh iad de bharr cosmhalacht ainmneach Éigin
m-sh. má bhí Medh ar mhac is Ruadh ar athair an Fhearghosa sin (is
bhainean dá ainm le s. Ír) is cinnte go measgfí iad le Meidhbh is
Mac Róich agus bhéadh annsin cothrom díreach na nglún acu le s. Ír
an Oirthir anuas ó Rudhraighe.



Nuair fiosruightar stair an árdrígh (ní thráchtaim ar na scéalta)
chítear mar a bhfeileann gach rud ach am 'sa bhás le hOllnemhacht 's
ní le hUltaibh. Fá 3.c. bhí dhá rígh mhóra i nÉirinn Rechtghidh Righdhearg
de sh. É. a mharbh Macha is a bhuaidhigh ar Ghaedhil na hAlban agus
Ughaine Mór de Ghaedhil an Iarainn a dhíoghail a bhuime le na
mharbhadh-san. Ní thugtar aon liosta cathanna do cheachtar acu sin
agus bhéadh míniugh againn faoi i measgadh an dá Rudhraighe. Bhain
an chuid eile de chathaibh R.II. le CúigeMumhan (le nár bhac R.U.).
Bfhada ó thosnuigh s. Ír an Mhumha a smachtugh agus fuair cuid dá
shíol oighreacht annsin. Níorbh fhéidir do shíol Meadhbha sin gan
tuairisg éigin a theacht chugainn nó i nOllnemhacht Theas féin mar ní
dheachaidh ríoghacht FearBolg Chruachain tar Fidheach(4) an bás i
nAirgedghleann ba bhás Rudhraighe U. é agus nfhidh mé an mearbhall
atá ag C. fao Airgedros nó ar cailleadh R. Oll. ann is é a troid
le s. Eiremhóin.



Aontuighann na ginealaigh go follus leis seo. Tá dhá chionn
ann agus ocht nglún breise i gceann acu. Sé cinn theastuighann chun
Airgedmhar, a mharbh Lughidh IV. 'na sheanruine fá 356, a aimsuigh ó
Rudraighe a .CX. Ní deacair fromhadh cioca an dá ghlún a casadh
isteach. Mharbh Conchobhar (II. U.) Mael t. .C.LI — 7.F. Gerg mac
Faobhardil. B'amhlaidh gurbh uncal don Rudhraighe agus b'é a
dhearbhrathair faithchian a athair sin. Mar sin sloinntí macSithrighe
de ar an nós Cruithneach de bharr a mháthar Sithrech inghean duibh is
nuair a measgadh ise le Sithrigh mac Duibh athair Rudhraighe II. rinneadh
iarracht sé sinnsear an Ultaigh a scairteadh.



(4) Fidheal i gCo. a Cláir, ir dóigh.


L. 105


Míneocha sé freisin an easaontas sa bhfaid righe. Tugtar xxx.
bliadhna ag a lán, x. is trí fichid ag an chuid eile — faid dóchreidte
ag dream nach toghadh ach fear fásta. Timcheal 284 ghabh Ughaine Mór
rí Gaedhal an Iarainn Cruachain agus ní amháin gur throid Rudhraighe
i gCuil Sílinne is i nAi ach tá díreach dáfhichid bliadhna roimhe 284
go righe Chuain. Mar sin ináit ceapadóireacht baoth níl ann ach an
dá fhaid righe dhá chur le chéile cho maith leis an dá rí féin. Chuir
buaidh Ughaine deire le mórríghacht s. Ír agus is cinnte go mbéadh
trácht ar an rí deiridh agus níl munarbh é Rudhraighe II. é: agus
chonnachthas cheana go réitighann ginealaigh na mór threabh de shíl Ír
go léir le na mhaireachtáil fao'n am sin.



B'é Rudhraighe oighre a cholseachtar Díothorba Uisnigh Bhain Uisneach
le hOllnemhacht go háirithe agus níorbh fhéidir ríghacht Uladh bheith
inaice leis go dtí gur mharbh Aodh Ruadh Lughidh IV. nuair a bhéadh
an ainm le fada ar Dhíthorba. Bhain Cimbaeth is Macha díreach cho
cinnte leis a gcúinne thoir thuaidh agus is dóigh gurbh iad a shéid fao
chuan éirghe inaghaidh Díothorba agus fuaireadair an árdriacht le na
mharbhadh. B'é sin fá 328 agus deirtar gur tógadh Eamhain fá 327(5)
ach tógadh ráth ann uaireanta roimhe. Tógadh anois é fóchéadóir mar
príomhchathair Éireann.



Tá soiléir ón méid sin go raibh s. Ír riamh i nOllnemhacht ó
cailleadh é hém fá 863 r.Ch. go dtí an lá ndiú ach má síolruighadh
Cimbaeth ó sheanathair rígh Ollnemhacht caithfi gur smachtuigh t. Ír an
tuaisceart am éigin idir Ollamh a 576 is Airgedmhor.



T. 571-565 bhí an tuaisceart aríst ag s. Éibhir fao Rotheachta II.
Fá 556 dhéag Fionnachta mac Ollmhan ann ach gan sliocht fhágáil ann.
Bhéadh faill maith ag Gedhe taréis MacCuill a mharbhadh fá 524 ach
mharbh a gharmhac féin é an bhliadhain chéadna, bhí Gedhe 'na rígh ar
Chruithnibh i bhFáinláibe abhfad ach ní rachadh an oighreacht sin ach tríd
inghin. Ón am sin i leith bhí s. Éibhir Róláidir agus ní bhéadh bealach
ann ach thar fairrge ach ba bheag an loingeas a bhíodh ag Ollnemhacht
agus ináit an tuaisceart a shantugh bhí s. Ír tréis a thabhairt suas don
Mhidhe agus claoidh leis an Mumhain agus bhí a sáith acu a' troid le
síolta Íotha is Eiremhóin Fúithi.



Ar an taobh eile chítear go raibh Ulaidh greamuighthe riamh le
hAlbain díreach mar bhí Tuatha Dé de réir an tseanchuis. Níl aon
sinnsir ar fhághail dUltaibh is níl aon chlann ag na Tuathaibh thar cúig
glún agus tá díreach cúig ar iarraidh idir athair Airgedmhair U. agus
Eochaidh mac Ealathan. Eochaidh ab ainm do shinnsear Uladh agus
Ollathair (? athair Uladh) ba chomhainm do mhac Ealathan. Tá
cosmhalacht mhór idir ainmneacha na dTuath is U. is tréis a rítheaghlacha
a mheasgadh le síolta Ír is Eiremhóin fágadh roint ag na sinnsir fhíora
(m.s. b'inghin taoisigh Reachrann Banrí Conghail I. is síolruightar í ó
chlainn Chearmada uí Ealathan).



(5) Glac na sean scoláiri ba chruinne leis an dáta so: réitighann sé go
glan le teacht Gaedhal an Iarainn is le gach eól eile. Má thréigtar anois é
iompochar chuige arís.


L. 106


Co luath is támíd cinnte go raibh dhá Airgedmhar ann .i. rí
Ollnemhacht is rí U. beagán i ndiaidh a chéile tá go leor cruaidh-
cheisteann ar a sgaoileadh. Sa chéad áit ní gábhadh do Dhuach II. is
Lughidh IV. aontugh inaghaidh A., rud ba deacair nuair ba oighre Lughidh
don Eochaidh a mharbh Duach. Mharbh Duach Airgedmhar I. Oll. agus
Lughidh A. II. U. Fágtar dhá fhaidhb fós: óir deir cuid gurbh é Airg.
a mharbh Eochaidh agus mairbhtar fiacha athair Dhuach i ndá áit fá leith.



Má fhilltar dEochaidh x Fiadhmhaine, deir a lán go síolruighadh
é ó Íoth. A' scrúdadh a shíl sin dúinn gheibhtar Eochaidh Fionn mac
Conghail 'na rígh Mumhan t. 4.c.f. — 4.c. agus ní foláir ná gurbh árdrí
nó leathárdrí é chun (1) a mheasgadh le beirt árdrí; is (2) go bhfuighadh
Airg. I. an árdriacht le na mharbhadh. I nAine i thárla sin inaice le
Teamhair Érann príomhchathair na Mumhan i nach raibh Eochaidh IIX.
bfhéidir riamh. Tá trí leaganna ar ghinealach Eo. IX. Tugann (3) air
Mc C. Coseraigh, Mc Duach Teamhrach,(6) Mc Muiredhaigh, is (2) Mc C.
Costainn Mc Eachach. Síolruighann (1) an tEochaidh seo ar líne fá
leith suas go hó dÍoth nár chasadh liom i n-áit eile: deir (2) gurbh é
Eochaidh VIII. Apthach é. 'Na leithéid de chás is dóiche i gcomhnuidhe
gur fíos an ceann is lugha cáil: fágadh amach gach glún idir an dá
Eochaidh a thiúradh an chéad anuas go am Eo. VIII. agus bfhusa a dhéanamh
sin mar gheall ar a gcosmhalacht le ginealach Eo. X. Cuirtar arais
na glúinte sin is Coscrach 'na athair do Chonghal mar ba Chostand
a chomhainm fíor agus ní bheidh ach cúpla glún ar iarraidh siar go
Breoghan Ó hÍotha fá 9.cx.: muna raibh cúige ar a laigheadh ag s. Íotha
go teacht Gaedhal níorbh fhéidir trí rítheaghlach, a scaradh le cianta,
bheith acu is ceart comnighthe acu ar righacht na Mumhan is iad ag
iarraidh na hárdríachta uaireanta.



Tugann cuid seanchaidhe 4 bl. dEochaidh VIII., ach ní raibh ach.
I 'na árdríghe agus beagnach xxx. 'na ríghe Mumhain ach d'orfeadh 4
go breagh do cho-árdrighe dEo. IX. 4.c3-4c. le Lughidh III. lámhdhearg
r.s. É. 4.cv. a.r. d.c3 taréis Eo. X. a mharbhadh a '4. Dhíoghail
Conaing sin air 399 agus thosnochadh Airgedmhar 'árdríghe i bpáirt
leis de bharr marbhadh co. rígh Lughdheach. Ní admhuighadh Muimhnigh ach
x. mbliadhna do Chonaing ('99-90). Is furast go raibh sé ag iarraidh
Cruachain fhághailt arais agus thiúradh iompháil A. an árdríghacht
dArt. II. r.s. É. 89-83. Mharbh Art Conaing fá '84 ach mharbh
Fiacha V. Tolgrach, oighre Chonaing eisean. D'iompuigh Fiacha ar
Ollnemhacht annsin. Caithfi go raibh an bhuaidh aige ar dtúis mar
marbhadh é fá '81 i mBoirinn, daingean teaghlaigh Airgedmhair.
Annsin fuair Oilill II. Finn an árdriacht is fá '72 gheibhtar é ag
iarraidh Ollnemhacht a smachtugh ar fad agus athrí s. Éir. Fiacha eile
a' cuiduig le hAirgedmhar. Inaice LochMeasga cuireadh Cath Odhbha



(6) Ghoid s. Eir. an comhainm do dhuach athair Eo. X is annsin rinne cuid
glún breise eatora d'athair is seanathair Eo. IX. ach níl achar dá leithéid is
bhí fíorbheagán baint ag s. Eir. le ceachtar Teamhair faoi seo.


L. 107


eatora is thuit Oilill is Fiacha. Tugann na M.M. ríghe i bhlian x.
dOilill .i. ó bháis Airt II.: ní éilighadh seancaithe síl É. féin ach 9 .i.
ó M. Fiacha V. ní mar sin do sh. Eir. ó bhí ríghe ní bfhuide ag an
athFhiacha d'éilighdar na x. aige gidh gur chumhachtaighe an rí a thuit an
lá céadna leis. Bhí an ceart ag Mac Eochagáin is an Flaithbheartach
dhiúltadh dhó mar a.r. ach níor smui'tighdís fao'n bhFiacha a thuit i
mBoirinn. Chó luath is rinneadh rí amháin asta sin cuireadh Duach ar
thaobh mar a bhí sé ar thaobh 'athair fhír inaghaidh Airt ach beag baoghal
go bhfuighfí é ar thaobh Airgedmhair agus tá an connradh idir é is
tanaiste Oiliolla le mínuigh B'é an rud go raibh Duach ar thaobh
Oiliolla agus flaitheas s. Eir. geallta dhó ar a laigheadh. Bhí
Airgedmhair Uladh a bagairt sa tuaisceart agus b'éigean leatharm
s. É. a chur fao Eochaidh 'na agaidh. Taréis an chatha bhí Duach 'na
rígh s. Eir. is lean sé don troid le hAirgedmhar I. gur mhairbh é.
Bhí Airgedmhar II. cheana ar dhíbirt ag Eochaidh ó Éirinn agus fuair
buile cho mór nár fhill roimh a bhás sin. Glaodhtar mac Oiliolla Finn
ar Eo. agus tugtar ceithre ghlúin idir é is Luighidh II. Iardonn: níorbh
fhéidir ach ceann amháin agus sílim gurbh Fhionn é, dearbhrathair ba
shine dArt II.: má bhí Eochaidh mac Finn air ar dtúis. B'an fhurast é
mheasgadh le Eochaidh IX. Fionn.



CLUADH DE CEABHASA.



LÉIR-MHEAS AR LEABHAIR.



Ní fuláir dúinn an léir-mheas ar
leabhair do chur i leath-taoibh an turus
so mar gheall ar easba slighe dhó.



— Eag.


L. 108


ÁR gCÁIRDE.



Fuaramar síntúisí ó sna sagairtibh seo leanas ar son Chumainn na
Sagart nGaedhealach agus an t-Síoladóra. Tugtar an méid cruinn i
ndiaidh coda na sagairtibh. Tuigtear 10/- i ndiaidh ainme gach sagairt
eile.



BAILE ÁTHA CLIATH —



An t-Athair M. De Brun, £1;
An t-Athair M. de Búrca, £1;
An t-Athair E. Mac Cártha, £1;
An t-Athair L. Mac Giolla
Phádraig; An t-Athair M. Mag
Craith, C.I.; An t-Athair P.
Monahan, £1; An t-Athair E.
Ó Braonáin, £1; An t-Athair S.
Ó Ceilleachair; An t-Athair S.
Ó Daoraigh (Coláiste Locha
Garmain); An t-Athair S. Ó
Flannagáin, £1; An t-Athair D.
Ó h-Iceadha, £1; An t-Athair S.
Ó Maoláin, O.P., £1; An
t-Athair A. Ó Néill, O.P.; An
t-Athair M. Ó Ronáin, £1; An
t-Athair S. Sherwin, £1.



CAISEAL —



An t-Athair S. Ua Murchadha.



CILL DHÁ LUA —



An t-Athair M. Mac Amaltoinn.



CILL DARA —



An t-Athair Pádraig Ua Foghludha,
an Tighearna Easbog, £1; An
t-Athair Liam Mac a Muilleora;
An t-Athair S. Ua Duinn: Per
An t-Athair L. Mac a Muilleora:
An t-Athair S. Ó Cillín: An
t-Athair P. Ó Donghaile; An
t-Athair t. Mac Eochaidh; An
t-Athair S. Ó Foighne; An t-Athair
M. Ó Cuilinn, S.P.; An t-Athair
P. Ó Dubhghaill; An t-Athair P
Ó Caomhánach; An t-Athair P.
Binéad; An t-Athair S. Ó
Braoin: An t-Athair L. Mac
Domhnaill; An t-Athair S. Ó
Dunaid; An t-Athair S. Ó
Mathghamhna; An t-Athair M. Ó
Broithe; An t-Athair Pádraig
Ó Dubhghaill; An t-Athair L. Ó
Fionnáin: An t-Athair L. Ó
Fionnáin (Gráig); An t-Athair
S. Ó Dubhláinne, S.P., V.F.;
An t-Athair S. Ó Dubhláinne, S.P.,
£1; An t-Athair D. Ó Ruairc,
S.P., 5/-; An t-Athair S. Ó
Donabháin, S.P., 5/-; An t-Athair
S. Ó Broin, S.P., 5/-; An
t-Athair T. Ó Monaháin. S.P.;
An t-Athair S. Ó Fearghail, S.P.,
5/-; An t-Athair L. Ó Broithe,
S.T.L., 5/-; An t-Athair S. Ó
Duinn, S.P., 5/-; An t-Athair S.
Mac Ghógartaigh, Adm., 5/-; An
t-Athair P. Ó Dubhghaill; An
t-Athair S. Ó Beoláin, 5/-; An
t-Athair S. Ua h-Aodha, 5/-;
An t-Athair P. Breathnach, 5/-;
An t-Athair A. Ó Broin, 5/-;
An t-Athair S. Ó Donnchadha, 5/-;
An t-Athair A. Ó Fionnláin, 5/-;
An t-Athair M. Ó h-Aodha, 5/-;
An t-Athair S. Ó Dubhghaill, 5/-;
An t-Athair C. Ó Connchubhair, 5/-;
An t-Athair M. Hipwell, 2/6;
An t-Athair L. Ó Néill, 5/-;
An t-Athair S. Mac Ghiolla
Fhionnáin, 5/-; An t-Athair P.
Ó Hogáin, 5/-; An t-Athair L.
Ó Ceallaigh, 5/-; An t-Athair
T. Seale.



CLUAIN FEARTA —



An t-Athair T. Ua Duinn, S.P., £2



ClUAIN UAMHA —



An t-Athair P. Ua Cathasaigh, £1;
An t-Athair S. Coitir, £1; An
t-Athair S. Ua Draighneán, £1;
An t-Athair D. Ua Pigóid, £1;
An t-Athair D. Ua Tuama, S.P.



CORCAIGHE —



An t-Athair D. Ó Donnchadha, £1;
An t-Athair S. Ó Floinn.



DOIRE —



An t-Athair T. Ó Brolcháis; per
An Athair T. Ó Brolcháin, £2 5s.



FEARNA —



An t-Athair M. Ua Riain; An
t-Athair S. Mac Cóid; An
t-Athair P. Breathnach.



AN MIDHE —



An t-Athair P. Ua Maolmhaonaigh,
15/-.



RATH BHOTH —



An t-Athair S. Mac an t-Saoir,
15/-.



ROS —



An t-Athair P. Ua Cathaláin.



TUAIM —



An t-Athair M. Ó Domhnaill (Aran);
An t-Athair M. Ó Farathar, S.P.;
An t-Athair A. Ó Tuathail.



SASANA —



An t-Athair M. Mac Liam,
Brentwood, £1; An t-Athair P.
Morton, Winborne.



SÍNTÚISÍ EILE:—



An Bráthair M. Ó Nealláin,
Heverlee, Louvain: Micheál Ó
Brian, (Baile Mhic Íre), 15/-;
Domhnaill Ó Buachalla (do.), 10/-;
Domhnaill Ó Laoghaire, (do.),
10/-; Claud de Ceabhasa,
Gaillimh, £1 6s. 3d.; Micheál Ó
Cuileanáin, (Sgibrín), £1.


L. 109


E. J. KEARNEY
(Late Manager of CAHILL'S)



Siabt Testing Optician and Spectacle Specialist



High-Class Work Only. Prices Moderate.
Oculist prescriptions and repairs carefully carried out.
26-27 Essex Quay, DUBLIN.



Please Support our Advertisers.



GOREVAN BROS., Ltd.,
HOUSE FURNISHERS
TO THE CLERGY.



Camden St. & Montague St., Dublin.



A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 110


COINNLE IGCÓIR NA H-ALTÓRA
75%, 25%, 65% Céir na mBeach.



Ó LEATHLOBHAIR, TTA.,
14 CÉIBH ORMUIN, ÍOCHTAIR,
ATH-CLIATH.



DÉANTA IN-ÉIRINN.



Tá gach aon tsaghas Leabhair a bhaineann le h-Éirinn,
pé 'cu sa Bhéarla, in ár nGaedhilg féin, nó i nGaedhilg
na h-Alban le fagháil ó:



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87 SRÁID UACHT. NA DRISEOIGE, ATH CLIATH.



Scríobh chuichi i dtaobh aon Leabhair nó páipéir ar bith a
theastuigheann uait.



MAC AN IARLA & A CHUID.


L. 111


FEACH A CHÁIRDE!



Ar maith libh £5,000,000 a choiméad in Éirinn?



Má's maith, deunidh sibh bhur gcuid Urradhais leis



AN GAEDHEAL COMHLUCHT TAIGHDE UM
URRADHAS NÁISIÚNTA. Tta.



ANNUAL INCOME, £70,000.
Ba chóir do gach aon tSagart a cuidíu linn!
ÁRD-OIFIG: 30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE-ATH-CLIATH.



CLÉIRIGH & A CHUIDEACHTA



AN TIGH THAR BÁRR.



Igcóir na Cléire is ar
a bhfuil eolas maith
aca.



ATH-CLIATH.


L. 112


AR BUN Ó 1824.



TOMÁS,
LIAM &
SEÁN Ó CEALLAIG
BAILE ÁTHA CLIATH,
89 Sráid Íochtarach
Ghárdiner.



Oifigí: 1 & 2 SRÁID AN FHEISTIGHE, BAILE ÁTHA CLIATH
(Le h-air Bhannc na h-Éireann).



FÍOR-FHÍON ALTÓRA



Iarramuid go h-umhal ar Uachtaráin na h-Eaglaise agus ar Chléir na
h-Éireann leanamhaint de cheannach ar gcuid Fíor-Fhíon Altóra
mar san am atá thart.



Is le h-aghaidh na h-Altóra a gheibhimid é, agus tá sé dá dhíol againn ar
fud na h-Éireann, na Saran, agus na gCoilíneacht le trí glúinibh.



A luach ar fagháil uainn ach a iarraidh.



4/- an duisín ar na buideáil fholamha dá thabhairt againn nuair a
chuirtear chugainn slán iad agus costas an iomchair díolta.



Níl baint againn le dream ar bith eile ins an obair.
Gothán: Baile Átha Cliath 1612. Sreang-Sgéalta & Cáblaí: “Threekays, Dublin.


L. 113


BA CHEART DO GACH AON
tSagairt i n-Éirinn na leabhair seo de leabhraibh an Athar Peadair
a bheith aige:—



NA CEITHRE SOISGÉIL 4/6
AITHRIS AR CHRÍOST 6/-
SEANMÓIN IS TRÍ FICHID I. 4/6
SEANMÓIN IS TRÍ FICHID II. 4/6.



Mara bhfuilid agut cheana cuir púnt airgid chun.



BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEÓR.,
BAILE ÁTHA CLIATH,
agus gheobhair láithreach bonn iad.



MO SHLIGHE CHUN DÉ — Leabhar Úrnuighthe an Athar Peadair i lámhaibh
na gclódóirí fé láthair.



Ár gCéol Féinig — Ullamh anois. An t-Ath. P. Breathnach, C.M.,
do chruinnigh. 2/10 glan.



AN GAEDHEAL TÚ?
MÁ'SEADH BA CHÓIR DO CHUNNTAS BAINNC A BHEITH.



I mBANNC NA TALMHAN, TTA.
BANNC GAEDHEALACH MAR MHAITHE LE GAEDHLAIBH.



£180,000,000



Tá an méad sin d'airgead na nGaedheal curtha i mBainnc na
h-Éireann & gan aon phioc tairbhe ag teacht don dúthaigh as.



Tá muintir óg na tíre ag imtheacht i n-aghaidh an lae de ceal gnotha.
Cuir do chuid airgid i mBannc na Talmhan & cabhruigh le h-iad a
choiméad ag baile.



ÚNCAMAS.



Cúnntaisí Reaithe 2%
Cúnntaisí Taisge 3½%
Cúnntaisí Taisge Bliana %
Cúnntaisí Taisge Tri mBlian 4½%
Cúnntaisí Taisge cúig mBlian, 5%



Tá talamh na h-Éireann mar urradhas led chuid airgid.



FÉADFAIR DO GHNÓ GO LÉIR A DHÉANAMH LINN AS GAEDHILG



GACH EOLAS Ó'N RÚNAIDHE —



BANNC NA TALMHAN, TTA.,
68, SRÁID IOCH. CHILL MHUIRE, ATH-CLIATH.


L. 114


“NÍ NEART GO CHOR LE CHÉILE.”



COMHAR-CHUMANN
UM
ÉADACH GAEDHEALACH
DO DHÉANAMH, TEÓ.



Déanfaimíd an gnó, a Shagarta,
go cruinn taithneamhach dhíbh.



Cuiridh bhúr n-órdú ag triall
orainn.


L. 115



L. 116



<L 117


L. 118



L. 119


ARÁN MHIC
CHINNÉIDIGH



An Saghas is Fearr
DÁ BHFUIL ANN.



BÁCÚIS
124-130 SRÁID PHÁRNELL



AGUS



BÁCUS NAOMH PÁDRAIG,
BAILE ÁTHA CLIATH.












19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services