Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ioml. II. Uimh. I [5]. Meitheamh 1921

Title
Ioml. II. Uimh. I [5]. Meitheamh 1921
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1921
Publisher
Comhlucht na Firinne Catoilicighe

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SÍOLADÓIR



Ioml. II. Uimh. I. [5]. MEITHEAMH, 1921. Leath-choróin a Luach.



CLÁR.



SGÉAL IÓIB AGUS SGÉAL NA h-ÉIREANN.
An t-Athair Peadar Ó Laoghaire.



MUIRE NA nGAEDHAL.
Donnchadh Ó Floinn.



CNÁMHA GAN FEOIL:
Gnó an Chríostaidhe: a anam do shábháil. R.P.



AN NÁISIÚN GAEL-IBHEIRNEACH. II.
Cluad de Ceabhasa.



LÁ FHÉILE GOBNATAN.
Fear gan ainim.



&rl., &rl.,


L. i


“ní neart go chor le chéile.”



COMHAR-CHUMANN
UM
ÉADACH GAEDHEALACH
DO DHÉANAMH, TEÓ.



Déanfaimíd an gnó, a Shagarta,
go cruinn taithneamhach dhíbh.



Cuiridh bhúr n-órdú ag triall
orainn.



THE
Irish Co-operative Clothing
Manufacturing Society, Ltd.



NEW SHOWROOMS:
84 Middle Abbey Street, DUBLIN


L. ii


Ioml. II. Uimh. I. [5]



AN SÍOLADÓIR



Irisleabhar Chumainn na Sagart
n-Gaedhealach.



CREIDEAMH
TEANGA
TÍR



Le fághail ó:



COMHLUCHT NA FIRINNE CATOILICIGHE,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath.



Ar n-a chur i gcló ag
MUINTIR UÍ CHATHAIL, TEO.,
Céibh Úrmhumhan Íocht.,
Baile Átha Cliath.


L. iii


CLÁR AN IRISLEABHAR SEO.



SGÉAL IÓIB AGUS SGÉAL NA h-ÉIREANN (Seanmóin).
An t-Athair Peadar Ó Laoghaire 1



AN PHAIDIR I nDÁN.
An t-Athair Seán Ó Loingsigh 12



MUIRE NA nGAEDHAL.
Donnchadh Ó Fhloinn 13



CNÁMHA GAN FEOIL.
Gnó an Chríostaidhe, a Anam do Shábháil. R. P. 21



AN NÁISIÚN GAEL-IBHEIRNEACH. II.
Cluad De Ceabhasa 22



CÓMHRÁDH AN BHREITHIMH. An t-Ath. S. Ó Loingsigh 29



LÁ FHÉILE GOBNATAN. Fear Gan Ainim 30



ÚRNUIGHTHE LE n-OFRÁIL DO'N TEAGHLACH NAOMHTHA 31



DO LOCHTAÍ NA TEANGAN, I. (Seanmóin).
An t-Athair Liam Ua h-Uallacháin do sholáthar 33



BAOIS AN t-SAOGHAIL SEO. An t-Ath. S. Ó Lóinsigh 38



SAIGHDIÚIR AG CÓMHRÁDH LE DIA. II.
An t-Ath. R. Pléimeann d'aistrigh ó'n Iodálais 39



GUIDHE ÉIREANN CHUN CROIDHE RÓ-NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST.
An t-Athair Clement, O.D.C. 41



AN DÁ BHÓTHAR. Donnchadh Ó Loingsigh d'aistrigh 42



BHÉNÍ CREATOR SPÍRITUS. An t-Ath. Clement, Ó.D.C. 44



GAEDHEALG I LEABHRAGÁN AN VATICAN. P. E. Mac Finn,
D.D. 45



FACHTNA NAOMHTHA. An t-Athair Peadar Ó Laoghaire 48



LÉIR-MHEAS AR LEABHAIR:—
Ár gCeól Féinig. An t-Ath. P. Breathnach 50



Notes on the Rubrics of the Roman Ritual. Most Rev. T.
O'Doherty, D.D. 51



NÓTAÍ 52



'ÁR gCÁIRDE 54



Nibil obstat:
GULIELMUS LANDERS,
CENSOR THEOL. DEPUT.



Imprimi potest:
ED. J. BYRNE,
EP. SPIG.,
VIC. CAP.
DUBLINI, 1 Julii, 1921.


L. 1


SGÉAL IÓIB AGUS SGÉAL NA h-ÉIREANN.



Seanmóin ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire.



CUALACHT MHUIRE.



Do cuireadh an chualacht san ar bun i gCorcaigh Dé Céadaín an
taonmhadh lá fichid do mhí Eanair sa bhliadhain d'aois ár dTighearna
míle naoi gcéad a ceathair déag, agus thug an tAthair Peadair
Ua Laoghaire seanmóin uaidh sa Teampal mór i gCorcaigh, Teampal
Peadair a's Phóil, um thráthnóna an lae cheadna, ghá innsint cad
chuige go raibh an Chualacht dá cur ar bun.



SIDÍ AN TSEANMÓIN.



I n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, Amen.
Ár n-Athair atá ar Neamh, go naomhthar t'ainim, go dtagaidh do
rígheacht; go ndéantear do thoil ar an dtalamh mar a déintear ar
neamh. Ár n-arán laetheamhail tabhair dúinn indiu agus maith dhuinn
ár gcionta mar a mhaithimíd-ne do chách a chiontuighean i n-ár n-aghaidh,
agus na léig sinn i gcathaíbh ach saor sinn ó olc. Amen.



Suas le dhá mhíle blian ó shin, a phobul, nuair a bhí ár Slánuighteóir,
moladh go deó leis, beó ar an saoghal so agus nuair a bhí na h-Asbuil
agus na deisgiobuil na thimpal agus é ghá theagasg i dtaobh na
hoibre a bhí beartuighthe aige a thabhairt le déanamh dóibh, bhíod sé
coitchianta ghá rádh leó nár bhfoláir dóibh bheith i gcómhnuighe ag cur a
nguidhe suas chun Dé. Bhíodar ag éisteacht leis an bhfocal san uaidh
ar feadh a bhfad agus fé dheire chuir duine an cheist chuige. Níor
cheist gan bhunús í, bhí ghá leis an eólus abhí ó'n nduine do chuir í.
Gan amhras isé ár Slánuighteóir féin do sprioc é chun na ceiste do
chur mar do theastuig uaidh an t-eólus do thabhairt dóibh.



“A Thighearna,” arsan deisgiobol, “conus a dhéanfimíd an
guidhe sin chun Dé. Conus a labharfimíd leis an Athair Síoruidhe?”



“Labhraidh leis mar seo,” arsan Slánuightheóir;



“Ár n-Athair a tá ar Neamh …” agus an chuid eile, mar
a dubhart, agus mar a deir gach duine agaibhse gach aon mhaidion
agus gach aon oidhche.



Do ghlac na h-Asbuil agus na Deisgiobuil an Phaidir sin agus
do leanadar, mar adubhairt Ár Slánuightheóir leo, ag labhairt leis
an Athair Síoruidhe ar an gcuma san an chuid eile dá saoghal. Do
mhúineadar an Phaidir sin dos na Críosdaidhthibh go léir fé mar a


L. 2


ghlacadar isteach sa n-Eaglais iad, agus do leanadar na Críosdaidhthe
ag rádh na Paidire sin riamh ó shin, ag labhairt leis An Athair Síoruidhe
díreach mar a mhúin an t-Aon Mhac dóibh conus labhairt leis.



Níor bhfada gur thuig an Eaglais gur cheart do Chríosdaidhthibh
iad féin do chur fé chomairce Mhuire Mháthair, é chomairce na
Maighdine Muire, agus gur cheart an onóir a bhí ag dul di do chur i
gcainnt agus an guidhe a déanfí chúiche do chur i gcainnt. Agus sidí
an chainnt ar ar shocaruighdar:— “Go mbeannuighthear duit a Mhuire
atá lán de ghrástaibh, tá an Tighearna at fhochair, is beannuighthe idir
mhnáibh thu agus is beannuighthe toradh do bhroinne, Íosa.”



Annsan chun go mbeadh na Críostuidhthe ghá gcur féin i gcomhnuighe
fé chomairce na Maighdine, do cuireadh leis an gcainnt sin an chainnt
eile seo:—



“A Naomh Mhuire Mháthair Dé, guidh orainn, na peacaigh, anois,”
agus cathain eile? “Ar uair ár mbáis”; an dá uair is mó n-a
bhfuil gá againn leis an Maighdin Muire beith ag guidhe chun a
h-Aon Mhic ar ár son; “anois” mar is anois atá an tAirseóir ag
déanamh a dhíthil chun díobhála anama dhéanamh dúinn. Ní h-indé ná
arúndé, ná amáireach, ná amanarthar ach anois. Tá indé agus
arúndé imthighthe agus ní féidir dóibh a thuille díobhála ná a thuille
maitheasa dhéanamh. Níor tháinig amáireach ná amanarthar fós agus ní
féidir dóibh aon díobháil a dhéanamh go dtagaid siad. Nuair a
thiocfaidh siad ní h-amáireach ná amanarthar a tabharfar ortha ach
“anois.” Má chosanan guidhe na Maighdine Muire sinn ar mhailís an
Áirseora “anois” is dóchaidhe sinn a dhul saor ó n-a chleasaibh
amáireach nuair a bheidh “amáireach” 'n-a “anois” againn. Dá
bhrígh sin deir an Eaglais linn bheith 'ghá iaraidh ar an Maighdin Muire
guidhe chun Dé orainn “anois” agus cathin eile? Ar uair ár
mbás.” Má bhuadhmíd ar mhailís an Áirseora ar uair ár mbáis, sin
buaidhte againn air i gcóir na síoruidheachta. Is maith a dhein an
Eaglais é an chainnt do chur isteach i n-ár mbéal ar an gcuma san:—
“A Naomh Mhuire, Mháthair Dé, guidh orainn, na peacaigh, anois, agus
ar uair ár mbáis. Amen.”



Nuair a bhí na Críostaidhthe ag dul i líonmhaire agus an
Creideamh 'á mhúine dhóibh i n-áiteanaibh a bhí a bhfad ó chéile, do
tuigeadh, i dtreó ná deanfí aon atharú ins na bunfhírinníbh, nár
bhfholáir na bunfhírinní, sin do chur i dteannta chéile i mblúire
cainnte ná beadh ró chruaidh le tuisgint agus ná beadh ró fhada le
chimeád do ghlan mheabhair agus an blúire cainnte sin do mhúine
do gach duine, fé mar a múintí “Ár n-Athair atá ar Neamh,” agus
“Go mbeannuighthear duit A Mhuire.” Do cuireadh an blúire
cainnte le chéile agus sidé é: “Creidim i nDia an t-Athair Uile
Chómhachtach, cruthuightheóir Neamh agus Talmhan; agus i n-Íosa Críost,
a Áon Mhac san, ár dTighearna, do gabhadh ó'n Shpioraid Naomh, do
rugadh ó Mhuire Oigh, d'fhuilig an Pháis fé Phontius Pílát, do céasadh
ar chruis, do fuair bás agus do h-adhlacadh; do chuaidh síos go


L. 3


h-Ifreann, d'aiseirigh an treas lá ó mharbhaíbh, do chuaidh suas ar
Neamh, atá n-a shuidhe ar déas Láimh Dé an tAthair Uile Chómhachtach.
As san tiocfidh sé chun breitheamhantais a thabhairt ar bheoibh agus ar
mharbhaíbh. Creidim sa Spioradh Naomh, sa Noamh Eaglais Chaitilichidhe,
Comaoine na Naomh, maitheamhneachas na bpeacaí, aiseirighe na colna
agus an Bheatha Shíoruidhe. Amen.”



“An Chré,” nú “Cré na n-Asbul,” a tugadh mar ainim ar an
mblúire cainnte sin. Do thóg an Críosdaidhe do ghlan mheabhair é
agus gach aon uair deireadh sé é agus a aigne ag aontú leis na
fírinníbh atá ann, bhíodh gníomh creidimh déanta aige. B'iad na
h-urnaithe sin, mar a déarfadh duine, cloch-bhuinn an Chreidimh. Do
mhúin na h-Asbuil agus na Deisgiobuil dos na Críostaidhthibh iad agus
chimeád na Críostaidhthe gréim daingean ortha, ó shliocht go sliocht, i
gcaitheamh na gcéadta blian go léir, agus táid siad againne anois
díreach mar a chuir na h-Asbuil agus na Deisgiobuil le chéile ar
dtúis iad. Tá “Ár n-Athair atá ar Neamh” againn díreach mar a
labhair Ár Slánuightheóir féin na focail ar dtúis, agus tá “Go
mbeannuighthear duit a Mhuire,” agus an Chré againn díreach mar
chuir an Eaglais le chéile iad an dtúis. Na fírinní Créidimh atá i
gCré na nAsbul táid siad againn díreach mar a chuir na h-Asbuil
sa Chré iad. Dhein ar t-Áirseóir a dhítheal i gcaitheamh na h-aimsire
atá imthighthe ó shin, ar iad d'atharú agus ar iad do bhréagnú. Bhí a
sheirbhísigh féin aige agus do mhúin sé go maith iad chun an díabhala
dhéanamh. Dheineadar a ndítheal, ach do theip air féin agus ortha san.



Tar éis aimsire do tháinig Pádraig Naomhtha go h-Éirinn agus
úghdarás ó'n Róimh aige, úghdarás ó'n bPápa chun an chreidimh a
mhúine do muinntir na h-Éireann. Thug sé leis na trí Paidireacha
céadna úd, “Ár n-Athair atá ar Neamh,” agus “Go mbeannuighthear
duit a Mhuire,” agus “Creidimh i nDia,” agus mhúin sé do mhuinntir
na h-Éireann iad. Do mhúin sé dhóibh ní h-amháin fírinní bunúsacha
an chreidimh, ach brígh agus neart agus tairbhthe agus doimhneas agus
áilneacht an chreidimh agus neamhnídh gach tairbhthe saoghalta seachas
aoibhneas na bhflathas ar feadh na síoruidheachta. Agus d'iar sé
ortha neamhshuim a dhéanamh do gach tairbhthe saoghalta agus iompáil
ar fad ar gach aon tsaghas díthil a dhéanamh chun aoibhneas síoruidhe
na bhflathas do chur i n-áirighthe dhóibh féin. D'fhreagair muinntir na
hÉireann an ghlaodh sin le fonn ná feacathas a leithéid sa bhfreagairt
a thug aon náisiún eile ríamh roimis sin ar an nglaodh gcéadna. Na
daoine go léir, óg agus aosta, íseal agus uasal, bocht agus
saidhbhir, d'fhreagaradar an ghlaodh.



Chuireadar an saoghal so agus a shaidhbhreas agus a thairbhthí as
a n-aigne ar fad agus thugadar aghaidh go fonnmhar ar na gnóthaíbh
troisgaidh agus tréidhnais agus úmhluigheachta agus grádh do Dhia
agus don chomharsain, do chuirfadh i n-áirighthe dóibh saidhbhreas an
tsaoghail eile, aoibhneas na bhflathas ar feadh na síoruigheachta.
Dheineadar an nídh sin le fonn gan fuaradh i dtreo gur chuireadar


L. 4


iongna a chroidhe ar Phádraig féin. Tamal maith sar ar ghlaoidh
Dia as an saoghal air do labhair sé ar an iongna a bhí curtha ag
muinntir na h-Éireann air. “Ó!” ar seisean, “cad é mar
atáid muinntir an oileáin seo iompuighthe ar fad ar Dhia! Ní
muinntir na h-Éireann a chaithfar a thabhairt ortha i n-aon chor feasta
ach muinntir Dé!”



Fuair Pádraig bás ach níor chuaidh an fonn i bhfuaire ar mhuinntir
na h-Éireann. Is ag méadú a bhí sé agus ag dul i neartmhaire go
dtí go raibh sgoileanna agus mainistirí ar fuaid an oileáin lán de
lucht foghluma agus de sgoláirthibh agus de dhaoine naomhtha.



Iarfad oraibh anois a Phobul Dé an méid sin atá ráidhte agam
do chimheád i nbhur n-aigne go fóil beag agus éisteacht le roinnt
focal atá agam le rádh libh i dtaobh ruda áirighthe do thuit amach i
bpáirt eile de'n domhan, i n-áit atá fada go maith ó Éirinn agus i
n-aimsir a bhí ann a bhfad roimh aimsir Phádraig Naomhtha. Timpal na
h-aimsire nuair a bhí clann Israél thíos sa nÉgipt nú le linn Mhaoise
bheith ghá mbreith leis tríd an ngainmheach ó'n Égipt go dtí an talamh
Naomhtha, bhí fear n-a chómhnuighe lastoir de'n Talamh Naomhtha agus
Iób ab ainim dó. Duine ana naomhtha ab eadh é agus bhí sé ana
shaidhbhir, ana chreidheamhnach chómh maith le bheith ana naomhtha. Bhí
saidhbhreas mór aige agus bhí a chlann eirighthe suas agus bhíodar-san,
leis, saidhbhir agus ana chreidheamhnach. Deir an Bíobla go dtéidís
go léir go tigh an t-é ba shine acú an chéad lá do'n tseachtmhain chun
dínnéir, agus chun tighe an tarna duine acú ba shine an tarna lá
de'n tseachtmhain agus mar sin, sa timpal, go dtí, go mbíodh
cuaird na dtighthe go léir tabhartha, agus ansan go ndeineadh Iób
ídhbhirt chun Dé ar a son, “le h-eagla” adeireadh sé, “go mbeadh
aon pheaca déanta agam' chlainn.” Tráth éigin, agus a saoghal acú
'á chaitheamh ar an gcuma san, do thárla, mar adeir an Bíobla, go
raibh “muinntir Dé ar aon láthair ós comhair Dé, agus go raibh an
t-Áirseóir n-a measg.” Do labhair Dia leis an Áirseóir agus
dubhairt sé “Cá dtáinís?” “Tá gabhtha mórthimpal an domhain
agam,” arsan t-Áirseóir, “agus treasna thríd.” Chómh maith le
n-a rádh. “Is liomsa an domhan anois mar isé mo thoilse a deintear
agus ní h-é toil Dé a deintear.” “Ar thugais fé ndeara mó
sheirbhíseach Iób?” arsan Tighearna leis, “conus mar a dheinean sé
mo thoil ins gach nídh, fear macánta díreach agus gan aon pheaca
aige á dhéanamh?” Ní miste dhó “do thoil a dhéanamh,” ansan
t-Áirseóir, “ní h-eadh ach is maith is fiú dhó é. Tá gach aon rud ar
a thoil aige uait. Ar mhaith leis féin a dheinean sé do thoil. Bain
de an saidhbhreas atá tabhartha agat dó agus chífir go n-iompochaidh
sé ort agus go dtabharfaidh sé masla dhuit, “Tá go mhaith,” arsan
Tighearna. “Bainse dhe an saidhbhreas. Dein do dhítheal ar a chuid
do lot ach na bain le n-a phearsain.” D'imthigh an t-Áirseóir. Bhí
Iób sa bhaile agus gan aon choinne aige le h-aon droch-nídh bheith ag
teacht air. Siúd chuige isteach duine agus droch-sgéal aige.


L. 5


“Tháinig namhaid iasachta,” ar seisean, “agus do rugadar leo na
beithidhigh go léir agus níor fágadh beó ach mise chun teacht agus an
sgéal a dh'innsint duit.” Ní raibh ach an focal deireannach as a
bhéal aige nuair a tháinig fear eile agus sgéal tiubaisteach eile
aige, agus tháinig ar a shálaibh sin an trímhadh fear agus an trímhadh
droch-sgéal aige agus bhíodar ag teacht ar sháilibh a chéile mar sin
agus gan ag gach fear d'á dtagadh ach sgéal ba thiubaistighe 'na
an sgéal a bhí ag an bhfear a tháinig roimis, go dtí go dtáinig an
fear deirineach agus go ndubhairt sé:— “Bhí do chlann mhac agus
do chlann inghean cruinnighthe i dtigh aoinne amháin acu agus iad ag
ithe agus ag ól agus tháinig sídh-gaoithe aníos as an uaigneas agus
do thóg an tsídh-gaoithe cheirthe chúinne an tighe suas agus do leag
sí an tigh ortha agus do marbhuigheadh an uile dhuine d'á raibh ann
agus níor fágad beó ach mise chun teacht agus an sgéal a dh'innsint
duit.”



Nuair airigh Iób an sgéal deirineach san bhí fhios aige go raibh
sé beó bocht, go raibh an uile bhlúire d'á chuid imthighthe agus an uile
dhuine dh'á mhuinntir marbh. Ba mhór an chreach an chuid, agus ba
mhór an marbhú na daoine, mar bhí na céadta seirbhíseach agus lucht
oibre aige féin agus agá chlainn, agus bhíodar go léir marbh!



Bhí croidhe Ióib briste le buairt. Bhí iongna air a rádh go
ndéanfadh an Tighearna a leithéid d'íde air féin agus ar a mhuinntir.
Ach níor chuir sé i gcoinnibh toile Dé. Ní raibh 'n-a bhéal ach an
t-aon fhocal amháin. “Isé Dia a thug dúinn iad! Isé Dia a bhain
dínn iad! Dé bheatha grásta Dé.” Tríd an mbuairt go léir, agus
a chroidhe d'á raobadh le buairt, níor tháinig as a bhéal ach an chainnt
sin, agus do lean an chainnt sin ag teacht as a bhéal.



Ansan do thárla, airís, go raibh muinntir Dé ar aon láthair, ós
cómhair Dé agus go raibh Sátan ann, leis. Do labhair Dia airís le
Sátan.



“Cá dtáinís?” arsa Dia leis. “Tá gabhtha mór thimpal an
domhain agam agus treasna thríd,” arsa Sátan.



“Ar thugais fé ndeara mo sheirbhíseach Iób?” arsa Dia, “conus
mar a dheinean sé gach nídh do réir mo thoile. Chuiris-se suas mé
chun íde uathbhásach do dhéanamh air ach do theip ort é dh'iompáil am'
choinnibh.” “Á,” arsan t-Áirseóir, “an t-é ná bíon aon bheann
aige ar shaidhbhreas ní ró dheacair dó sgarmhaint leis an saidhbhreas,
ach sín do lámh agus bain le n-a chroicean agus chífir ansan go
n-iompo'idh sé ort agus go dtabharfidh sé masla dhuit.”



“Tá go maith,” arsan Tighearna, “dein do rogha rud le n-a
chroicean, ach tabhair aire mhaith agus ná bain le n-anam.”



D'imthigh an t-Áirseóir amach, agus láithreach bonn do tháinig
ar Iób an galar croicin ba mheasa, an aicíd ba ghráinnamhla d'á
bhféadhfadh teacht ar aon duine. Níor fhan aon bhlúire d'á chroicean
slán ó mhullach a chinn go bunaibh a chos, agus do ghluais anagal
agus fochal amach tríd an gcroicean go léir, agus an balaith a bhí


L. 6


uaidh bhí sé chómh h-olc san nár bhféidir d'aon duine teacht n-a ghoire.
An bhean a bhí aige do chaith sí amach é agus b'éigean dó suidhe amuich
ar chárnán aoiligh agus bheith ag glanadh an anagail agus an fhochail
de fhéin le licín slinge.



“Gráin ort!” arsan bhean leis, “cá bhfuil an Tighearna anois
uait! bhí i iontaoibh mhór agat as. Tá caillte aige ort. Ní'l agat
anois ach o mhallacht a thabhairt dó agus bás d'fhághail!” “Labhran
tú,” arsa Iób léi, “mar a labharfadh bean gan chiall. Nách ó Dhia
a gheibhmíd gach aon rud? Glacaimíd an mhaith uaidh. Cad 'n-a
thaobh ná glacfimís n t-olc uaidh, leis, nuair isé a thoil é?”



Do thuig an t-áirseóir ansan go raibh buaidhte ag Iób air, mar
go raibh Iób sásta le toil Dé agus nár bh'féidir d'aon tsaghas
cruadhtain a fhoidhne do bhrise. Cuimhnigh sé, ámhthach, ar aon tseift
amháin eile. Bhí fhios aige go raibh daoine ann agus ná brisfadh ar
an bhfoidne acu mar gheall ar chruadhtan ach go mb'féidir dá gcurtí
éitheach ortha ná féadfidís é dh'fhulag.



Bhí triúr uaisle 'n-a gcomhnuighe sa dúthaig sin lastoir agus
bhíodar go h-ana mhór le Iób. D'airíghdar i dtaobh an uilc go léir
bhí tagaithe air. Chuir an t-Áirseóir 'n-a gcroidhe, a gan fhios dóibh,
gur cheart dóibh teacht, 'ghá fheuchaint agus sólás éigin do chur air.
Thánadar. Nuair a chonachadar é, agus é 'na shuidhe ar an gcárnán
aoiligh, agus é ag sgríobadh an anagail de féin leis an licín slinge,
tháinig sgannradh ortha agus uathbhás. Níor fhéadadar aon fhocal
do labhairt. Do shuidhdar ar a aghaidh anonn, tamal maith uaidh amach.
Níor bh'fhéidir teacht i n-aon chómhgar do.



Do buaileadh isteach 'n-a n-aigne do'n triúr san, agus iad ag
féachaint air, nár bhfoláir nú go raibh sé 'n-a dhroch dhuine riamh a
gan fhios do'n tsaoghal, agus mara mbeadh go raibh ná déanfadh Dia
sampla saoghalta dhe ar an gcuma san. Bhí an smaoineamh san 'n-a
gcroidhe acu ar feadh a bhfad agus an mac mallachtain ag séide fútha,
gan amhras, go dtí fé dheire gur labhair duine acu.



“A Ióib,” ar seisean, “do mheasas riamh gur dhuine naomhtha
thusa. Is oth liom é bheith le rádh agam anois go raibh dearmhad orm.
Níor chuir Dia riamh a leithéid sin de dhíbhfeirg ort mara mbeadh é
bheith tuillte agat. B'fhéidir nár cheart dom labhairt i n-aon chor
leat, ach ní féidir liom gan labhairt leat agus iaracht a dhéanamh
ar chómhairle do leasa thabhairt duith. Chuir an t-uabhar as do chroidhe.
Impigh ar Dhia agus iar ar Dia na peacaí do mhaitheamh duit. Gan
amhras maithfidh sé duit iad agus tógfidh sé dhíoth na trioblóidí seo
go léir agus na pianta go léir.”



Dúbhairt sé a lán cainnte de'n tsórd san. D'éist Iób leis
go dtí go raibh deire ráidhte aige. Ansan do labhair sé. “I
gcaitheamh mo shaoghail riamh,” ar seisean, “níor dheineas aon pheaca
do thuillfadh an díbhfeirg seo dhom. Dá gcurtí mo pheacaí, an
méid a dheineas riamh díobh, isteach i dtaobh de mhig agus na pionóisí
seo sa taobh eile do chífí gur thruime go mór a bheadh taobh na


L. 7


bpionóisí. Chómh luath agus tháinig tuisgint dom do dheineas margadh
le m' aigne féin ná déanfinn oiread agus machtnamh ar an ndroch
ghníomh so atá agaibh 'á chur am leith.” Dubhairt sé a lán cainnte
de'n tsórd san ghá chosaint féin. Is dóich liom nár mhiste dhúinne
go léir machtnamh ar an margadh úd a dhein sé le n' aigne féin agus
ithris do dhéanamh air, sinn féin do chimeád ó dhroch smaointe agus
“gan oiread agus cuimhneamh i n-aon chor ar an ndroch ghníomh.”
Nuair airigh an triúr an chainnt sin ó Iób d'eirighdar ar buile.
“Ó!” ar siad “an peaca is mó a dheinis riamh is neamhnídh é, d'á
olcas é, seachas an peaca atá déanta anois agat! Tá eugcóir
curtha i leith Dé na Glóire féin agat! Da mba ná beadh peacaí
móra déanta agat bheadh eugcóir chaillte ag Dia na Glóire 'á
dhéanamh ort leis an ndíbhfeirg seo. Tá Dia ró cheart. Ní féidir
dó eugcóir a dhéanamh. Taoi-se at' chur féin ós cionn Dé. Tá
breith agat dá thabhairt ar Dhia ghá rádh go bhfuil sé cionntach i
n-eugcóir. Sin diamhasla uathbhásach.” “Ní'l aon rud dá shórd
san agam 'á dhéanamh,” arsa Iób. “Do thánag ar an saoghal so
gan aon rud. Gach aon rud d'á raibh agam n-a dhiaidh san isé Dia
a thug dom iad go léir, idir shláinte agus uile. Ba leis féin iad
go léir. Nuair a bhain sé dhíom iad níor dhein sé eugcóir orm mar
níor thóg sé uaim ach a chuid féin. Dhein sé go cruaidh é, agus ní
féidir liom a thuisgint cad 'n-a thaobh gur dhein sé é, ach níor
bh'eugcóir é.”



Do lean an t-aighneas eathartha ar feadh a bhfad go dtí fé dheire
go dtáinig an Tighearna féin agus gur fhoillsigh sé do Iób an chúis a
bhí leis an ndíbhfeirg go léir. Is dócha gur fhoillsigh sé dhó conus
mar a bhí onóir tabhartha aige do Dhia agus buaidhte aige ar an
áirseóir leis an bhfoidne a bhí déanta aige agus leis an gcuma n-a
raibh taisbeánta aige nách ar son an tsaidhbhris a bhí sé dílis do
Dhia ach tré mhéid a ghradha do Dhia féin.



Ansan d'iompuigh Dia ar an dtriúr agus dubhairt sé leo ná
raibh sé buidheach díobh: go raibh peaca déanta acu mar go raibh breith
oban tabhartha acu ar Iób.



“Imthighidh anois,” ar seisean, “agus déinidh ídhbirt chun Dé
agus iaraídh ar Iób a ghuidhe a chur suas chun Dé ar bhur son agus
b'fhéidir go maithfí dhaoibh.”



B'éigin dóibh san do dhéanamh agus eagla a ndóthain ortha.
D'iaradar ar Iób a ghuidhe a chur chun Dé ar a son. Do chuir. Do
maitheadh dóibh agus do tógadh a thrioblóidí go léir de Iób. Do chuir
Dia an rath airís air agus do mhair sé mórán aimsire n-a dhiaidh san
agus níor bh'fhada go raibh sé seacht nuaire ní ba shaidhbhre agus níba
chréideamhnaighe ná mar a bhí sé roimis sin.



Tagaimís thar n-ais anois airís a phobul, chun na cainnte úd a
dubhart i dtaobh Phádraig Naomhtha agus i dtaobh an chreidimh a thug
sé go h-Éirinn. Cuiridh an dá chainnt i n-aice chéile agus cuirfidh sé
iongna oraibh a chómhngaraighe a thagan an dá chainnt isteach le n-a
chéile.


L. 8


Ag cuimhneamh dom ar an bhfocal úd a dubhairt Pádraig
Naomhtha, nuair a dubhairt sé gur “muinntir Dé” ba cheart a
thabhairt ar mhuinntir na h-Éireann, is féidir liom a mheas gur thuit
amach, cúpla céad blian nú trí 'n-a dhiaidh san, go raibh muinntir
Dé ar aon láthair, ós chómhair Dé agus go raibh Sátan ann, leis.
Gur labhair an Tighearna le Sátan agus go ndubhairt sé:



“Cá dtáinís-sé?”
Gur fhreagair Sátan agus go ndubhairt sé:—



“Tá gabhtha timpal an domhain agam agus treasna thríd.”



Bhí ar a chumas san a rádh an uair sin mar bhí an Eúróip go léir
'n-a círéip: na treabhchasaí fiaine tar éis teacht a dtuaidh ó's na
dúthaíbh fuara agus gabháil de chosaibh i gcómhacht na Rómha, agus na
creidimh éithigh tar éis éirighe agus leathadh agus na mílte daoine
do chur amú ó'n gcreideamh fírinneach: i dtreo go raibh ar chumas
an áirseóra a rádh gur leis féin an Eúróip go léir, bhí a leithéid sin
de sgiot sgot déanta de gach aon rud i bhfuirm creidimh agus i
bhfuirm dlighe.



Is féidir liom, ámhthach, a mheas go ndubhairt an Tighearna leis
an áirseóir:— “Ar thugais sé ndeara muinntir na h-Éireann?
Conus mar atá gach aon rud acu go léir 'á dhéanamh do réir mo
thoile? Gan aon tsuim acu i saidhbhreas an tsaoghail seo ach iad
iompuighthe amach ar fad ar a ndítheal dhéanamh chun aoibhneas na
bhflathas do chur i n-áirighthe dhóibh féin, agus gan acu le rádh liomsa
choidhche ach “go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintar ar
neamh,” díreach mar a mhúin mo sheirbhíseach Pádraig dóibh a rádh
liom?” Is féidir liom ansan a mheas go ndubhairt annsprid
chealgach:—



“Is uiriste do mhuinntir na h-Éireann a rádh leatsa go
ndéantar do thoil ar an dtalamh mar a déintar ar neamh.” Tá
an tír is breaghtha sa domhan tabhartha agat dóibh. Tá saidhbhreas do
ghrást agat d'á chárnadh ortha, i dtreo nach féidir dóibh gan bheith
dílis duit. Bhfhéidir dá sgaoiltá chucha isteach namhaid iasachta fé
mar atá sgaoilte agat isteach ar an gcuid eile de'n Eúróip, gur
ghearr go mbeadh an sgéal céadna i n-Éirinn agat atá agat sa
chuid eile do'n Eúróip.” Ansan is féidir liom a mheas go
ndubhairt Dia na Glóire, mholadh 's buidheachas leis:—



“Tá go mhaith. Tabhair-se namhaidh iasachta chucha isteach agus
dein pé léirsgrios is mian leat ortha, ach gan iad do chur as an
saoghal ar fad.” Thug an mac mallachtain na Lochlanaigh leis
isteach i n-Éirinn agus dheineadar an léirsgrios. Dheineadar
léirsgríos teine agus fola ar mhuinntir na h-Éireann agus do
leanadar á dhéanamh go dtí gur bhris Briain i gcath Chluain Táirbh ortha.
Do theip ortha, ámhthach, an creideamh do lagú i n-Éirinn. Tríd an
léirsgrios go léir ní raibh i mbéal an Éireannaigh i gcómhnuighe ach,
“Isé Dia thug dúinn gach aon rud. Isé Dia a bhain dínn gach aon
rud. Dé bheatha grásta Dé!”


L. 9


Is féidir liom a mheas ansan go raibh muinntir Dé ar aon
láthair airís ós chómhair an Tighearna agus go raibh an mac mallachtáin
ann, leis, agus go ndubhairt an Tighearna leis an mac mallachtain:—
“Cá dtáinís-se” agus nuair a dubhairt an mac mallachtain gur
ghaibh sé mór thimpal an domhain agus treasna thríd, go ndubhairt
an Tighearna: “Ar thuguis fé ndeara muinntir na h-Éireann.
Chuiris suas mé chun leogaint duit na Lochlanaigh a thabhairt isteach
ortha. Do theip ort féin agus ar na Lochlanaigh an creideamh a bhaint
díobh ná aon fhocal do chur 'n-a mbéal dómhsa ach “Dé bheatha
grásta Dé.” Agus dá dhéine a bhí an t-éirleach agaibh á dhéanamh
ortha iseadh ba ghéire a deiridís ó chroidhe, “Dé bheatha grásta Dé!”



“Á,” arsan t-áirseóir, dar liom, “ní raibh puinn suime riamh
ag Ghaedhlaibh i saidhbhreas saoghalta. D'féad na Lochlanaigh eaglaisí
do losgadh agus leabhair do bháth agus daoine do mharbhú ach ní raibh
ar a gcumas puinn díobhála dhéanamh do'n chreidheamh mar ní raibh
an éirim aigne acu chuige agus bhí an éirim aigne ró láidir dóibh ag
muinntir na h-Éireann. Chuir chucha isteach namhaidh iasachta a
mhúinfidh creideamh fallsa dhóibh agus a dhéanfidh iad do chur chun báis
mara nglacaid siad an creideamh fallsa. Ansan iseadh chífir go
sgarfid siad leis an gcreideamh níos túisge ná mar a sgarfidh siad
le n-a n-anam.”



“Tá go maith,” arsan Tighearna, dar liom, “cuir-se namhaidh
de'n tsórd san chucha. Tugaim foláramh duit, ámhthach, gan iad do
dhísgiú ar fad.” Ansan d'éirigh an creideamh nua so i Sasana agus
thug an t-áirseóir leis anall anso go h-Éirinn seirbhísigh ó righthibh
Shasana chun an chreidimh nua do mhúine do Ghaedhlaibh Éireann. Táid
na seirbhísigh sin ag obair fós ag casadh leis an gcreideamh nua san
do mhúine dhúinn. Tá an dítheal san á dhéanamh le breis agus trí
chéad blian. B'é céad bheart a dhein na muinnteóirí ná an Bíobla
Naomhtha do chur amach i nGaeluinn. Bhíodar ag brath ar go
nglacfadh muinntir na h-Éireann an Bíobla agus ansan ná
h-éistfidís a thuille le sagart, ná le h-easbog, ná le Pápa. Do
chonaic muinntir na h-Éireann an “Bíobla” agus gan aon rud
eile bhac níor bh'fhéidir dóibh an leabhar san do ghlacadh mar, ar
ádhbharaighe an tsaoghail, ní'l sa leabhar ar fad ó thusach go deire
ach drabhuíol cainnte-Gaeluinn chómh tuathalach, chómh díomblasta, chómh
grána san ná feadfadh aoinne dhá leathanach de do léige le h-aon
tsásamh aigne. Níor thug an “Bíobla” aon congnamh dos na
muinnteóiríbh a bhí ag casadh leis an gcreideamh nua go múine d'ár
sínsear. Thug na muinnteóirí iaracht ar an múine dhéanamh le
cainnt. Chómh luath agus d'osgaladar a mbéal, is amhlaidh a bhí na
daoine a bhí ag éisteacht leo ag magadh fútha, bhí an chainnt chómh
breallach san acu. D'imthighdar soir abhaile ag triall ar Eilís,
banríghin Shásana, agus ar siad léi:—



“Ní féidir dúinn an creideamh nua so do mhúine do mhuinntir


L. 10


na h-Éireann. Daoine fiaine iseadh iad. An saghas cainnte atá
acu-san ní thuigimíd-ne í, agus ní thuigid siad aon fhocal uainne.”



Siní an fhírinne, a Phobul. Mara mbeadh an Ghaeluinn bheadh
breith éigin ag an gcreideamh nua ar dhul i n-achran i nGaedhlaibh
Éireann ach bhí an Ghaeluinn ansúd mar a bheadh falla cosanta agus
theip ar an gcreideamh nua teacht isteach de dhruim an fhalla san.
Do theip ar an “mBíobla” agus do theip ar an gcainnt. Ansan
do h-oibirigheadh an droch-aigne. Do cuireadh dlighthe ar bun agus
do cuireadh i bhfeidhm iad ar mhuinntir na h-Éireann. Do tugadh a
rogha dhóibh sgaramhaint le n-a gcuid nú a gcreideamh do shéanadh.
Do sgaradar le n-a gcuid. Do tugadh a rogha dhóibh bás d'fhághail
nú an creideamh do shéanadh. Do ghlacadar bás mar rogha. Do
h-imireadh bás ortha go dtí go bféadfadh duine siubhal ó thaobh
taobh de'n Mhumhain nú d'aon chúig eile de chúigíbh Éireann gan aon
duine do bhualadh uime! Ansan dubhairt muinntir Shasana, díreach
mar a dubhairt an triúr úd le Iób. “Tá díbhfeirg Dé tagaithe ar
mhuinntir na h-Éireann, toisg iad a bheith go h-olc riamh!” Ach ní
raibh i mbéal an Éireannaigh ach “Dé bheatha grásta Dé!”



Tugaidh fé ndeara, a Phobul, conus mar atá an dá sgéal san,
sgéal Ióib agus sgéal na h-Éireann, cruinn do réir a chéile, chómh
fada anuas díreach agus atá sgéal na h-Éireann innste agam. An
chuid atá gan innsint agam de sgéal na h-Éireann tá sé gan teacht
fós. An méid atá tagaithe de sgéal na h-Éireann tá sé 'n-a cheart.
Chimead ár sínsear an méid sin de'n sgéal 'n-a cheart.



Is againne atá an chuid eile de'n sgéal do chimead 'n-a cheart.
Agus cad tá againn le déanamh chun an sgéil a chimeád 'n-a
cheart? An chéad níd 'ná chéile atá againn le déanamh sidé é; an
falla cosanta chimeád 'n-a sheasamh: an Ghaeluinn a chimeád dhá
labhairt i mbéalaibh ár ndaoine.



Tá gá anois leis an bhfalla cosanta san ar a lán slighte eile
i n-éaghmuis creidimh fallsa do chimeád uainn. Tá gá leis an bhfalla
cosanta chun salachair cainnte do chimeád uainn amach. Tá gá leis
an bhfalla cosanta chun droch-leabhair agus droch-léighean do chimeád
uainn amach. Léighean díchreidimh iseadh léighean an Bhéarla.
Léighean breágh iseadh é, ach sin mar is contabharthaighe é. Meallan
áilneacht an léighinn aigne an té a bhíon ag léighe an leabhair agus
bíon inntinn an leabhair i gcoinnibh creidimh. Is dóich leis an
léightheóir nách baoghal dó áilneacht na cainnte. Nách féidir do'n
chainnt sin dá áilneacht í, aon díobháil a dhéanamh dó féin. Ach
mothóchaidh sé ar bhall, nuair a bheidh éitheach éigin creidimh ag an
leabhar d'á chur a bhfeidhm air, mothóchaidh sé istigh 'n-a chroidhe, an
cheist mharbhuightheach.



“Cá bh'fhios ná go mb'fhéidir gur fíor é?” An cheist chéadna
díreach a chuir an t-áirseóir isteach i gcroidhe ár gcéad mháthar nuair
a dubhairt sé léi go mbeadh fios uile agus maitheasa aici dá n-itheadh
sí an t-ubhal. “Cá bh'fhios ná go mbfhéidir gur fíor é?” ar sisí na


L. 11


h-aigne. I n-éagmuis an díchreidimh tá nimh mí-iompair ins na
leabhraibh Béarla. Nuair a bhíon an duine óg ag léighe an leabhair
beirean an chainnt áluinn an nimh sin isteach n-a chroidhe. Nuair a
bhíon an nimh mí-iompair istigh sa chroidhe is ró fhuiriste do nimh an
díchreidimh sleamhnú isteach 'na dhiaidh. Ansan tá buaidhte ag an
Mac Mallachtain. Ansan ní miste dhó a rádh i dtaobh chroidhe an
duine sin, “Tá gabhtha mórthimpal air agam agus treasna thríd,”
agus gan ar chumas Dé na Glóire féin é bhréagnú. Táim anois, a
Phobul, le breis mhaith agus dathad blian, ag faire go dlúth ar
ghnóthaíbh de'n tsórd san. Sar ar thosnuigh an obair seo na Gaeluinne
ba léir dom go raibh árd droch-obair ar siubhal. Thugas fé ndeara
go raibh daoine óga, go mór mór daoine óga go raibh a bheag nú a
mhór de thabhairt suas ortha, ag léighe na ndroch leabhar Bhéarla úd
agus go raibh ag teacht ós chomhair a n-aigne do chuid acu: “Cá
bh'fhios ná go mbfhéidir gur fíor é?” Ní fhéadfá puinn cainnte
fhághail asta. Bhí an chroidhe ró mhaith acu agus ní leogfadh feabhas an
chroidhe dhóibh a dh-admháil go dtabharfidís slíg do'n cheist úd i n-aon
chor 'n-a gcroidhe. Ní leanfadh an feabhas aigne sin abhfad, ámhthach.



Ansan tháinig an obair seo na Gaeluinne breis agus fiche blian
ó shin, agus an bhfuil fhios agaibh cad a thugas sé ndeara? Thugas
fé ndeara agus níor ró fhada gur thugas, na daoine óga san go
raibh a bheag nú a mhór de thabhairt suas ortha, go rabhadar ag
iompáil thar n-ais, go raibh an droch-cheist úd acu á dhíbhirt as a
n-aigne agus gráin ag teacht acu uirthi agus ar an saghas léighinn a
thug isteach n-a n-aigne ar dtúis í.



Tá namhdas idir an nGaeluinn agus díchreideamh. Ní féidir
dóibh aontigheas a dhéanamh. Má bhíon an Ghaeluinn istigh ní foláir
do'n díchreideamh fanmhaint amuich. Déanfidh an díchreideamh mórán
cainnte a d'iaraidh a chur 'n-a luighe ná fuil Dia ann i n-aon chor.
Déarfidh an Ghaeluinn lom láithreach, gan aon siar na aniar air.
“Mara bhfuil Dia ann i n-aon chor an bhfuil aon bhreall amadáin
ar an dtalamh so is mó 'ná an naomh! Mara bhfuil Dia ann i n-aon
chor cé chimeádfidh an seachtmhadh aithne? Cé chimeádfidh aon aithne
des na deich n-aitheanta? Ní chimeádfidh aoinne iad ach amadán.”



“Ó” a déarfidh an leabhar Béarla,
“Is ceart iad do chimeádh.” “Cad 'n-a thaobh gur cheart iad
do chimeadh mara bhfuil Dia ann? Cad ar a shon go gcimeádfinn
iad mara bhfuil aon úghdarás ann chun iad do chur i bhféidim orm?”



Agus tá an ceart ag an nGaeluinn agus tá solus éigin innti
ná leogan do dhuine an dubh a chur 'n-a gheal air féin ná ar an bhfear
thall, ins na neithibh a bhainean le Dia ná le creideamh.



Is í an Ghaeluinn, a Phobul, an fala cosanta chun díchreidimh,
agus gach droch-níd do leanan é do chimeád amach a' h-Éirinn. Is
orainne atá anois an fala cosanta san do chimeád n-a sheasamh,
agus má tá cuid de ar lár é chur suas airís, agus má tá roinnt
beárthnacha osgailte ann iad do dhúnadh, agus má tá áiteanna laga


L. 12


ann iad do neartú. Chuige sin iseadh atá an Chualacht so Mhuire
d'á cur ar bun agaibh anso sa chathair seo Chorcaighe.



Tagaidh go léir isteach sa Chualacht. Cómhlíonaidh na riaghalta,
go mór mór an riaghail adeir libh bheith ag labhairt na Gaeluinne
coithchianta. Beidh an Ghaeluinn beó an fhaid a bheidhfar 'ghá labhairt.
Leanaidh-se ghá labhairt agus chimeádfidh sibh beó í. Tá bhur gCualacht
fé chomairce na Maighdine Muire. Fanaidh fé'n gcomairce sin agus
ní bheidh baoghal oraibh.



Go dtugaidh Dia a ghrásta dhaoibh-se agus dómhsa chun ár
ndualgais go léir do chómhlíonadh go dúthrachtach ar an saoghal so
agus ansan dul isteach i n-aoibhneas na bhflathas ag triall ar Dhia
agus ar Mhuire Mhathair, agus ar ár sínsear a bhí rómhainn anso i
n-Éirinn agus do chimeád an fala cosanta 'n-a sheasamh. Amen.



An Phaidir i nDán.



Dóthchas an dara dorus cia bé thoghrais triall chuige
Gach aisge ar Dhia is iartha, iaradh, 's measadh go bhfuighidh
Gach itche a's oircheacht d'iarraidh, tá a h-iarraidh 'san phaidir
Abradh í seo go minic, cia bé le sírthear aisge —
Bíodh, a Dhé, a Athair Neamhdha, a meanma i mbeul gach duine
T'ainm re saoghal na saoghal dá naomhadh fuaid na cruinne,
Tigeadh chugainn do Ríoghacht go rabham sithioch, sádhail
Gan ghuais dheamhuin ná dhomhain, gan uamhan breithe an bhrátha
Do thoil mar ainglíbh neimhe, déantar linne ar talmhuin
Beatha d'ár gcuirp, a Athair, tabhair indiu a's d'ár n-anmain
Maith na choirthe do ghnímíd cé táid 'na bhfiachaibh troma
Mar mhaithimíd féin a gcoirthe do chách uile ar do shon-sa
Ná leig cathuighthe an diabhail do dhul i bhfiachaibh orruinne
Acht saor sinn ó gach aon olc, déantar a n-iarmuíd ort-sa.



Dia do bheatha, a Mhuire, a thuile lán de ghrásaibh
Tá an Tighearna it' fhochair, a ghein sochair clann Ádhaimh
Beannuighthe thusa thársa deagh-mhnáibh na talmhan uile
'Sis beannuighthe an Ghein Ríogha, Íosa, toradh do bhroinne
A Naomh Mháthair Dé, a Mhuire, a bhuime mar an gceudna
Guidh orrainne, na peacthaigh, 'nár mbeathaidh 's an am euga.



AN t-ATHAIR S. Ó LOINGSIGH.


L. 13


MUIRE NA nGAEDHAL.



Christo, canamus gloriam
Qui per beatam Brigidam
Decoravit Hiberniam
Vitam dans eius lucidam



— Sean-himna.



“Béarfaidh an bhean so inghean a bheidh go solasmhar agus go
taithneamhach; ní bheidh a cosmhail i dtíorthaibh an domhain, mar taithnfidh
sí ar nós na gréine idir réiltíníbh neimhe.” Ar an gcuma san,
adeir cuid de sna sean-leabhraibh, (1) iseadh a labhair draoi áirithe i
dtaobh máthar Bhrighde, nuair a chonnaic sé do'n chéad uair í. Má's
fíor go ndubhairt sé a leithéid, ba mhaith an tairngire a dhein sé,
mar do bhí sé i n-áirithe do'n inghin taithneamh idir lucht a comhaimsire
tré mhéid a naomhthachta agus a míorbhuiltí, agus bhí sé i ndán d'á
cuimhne leanamhaint glas i ríoghachtaibh an domhain (2) go bráth na
breithe.



Do rugadh Brighid i bhFochart, (3) i gconndae Lughmhaighe, sa bhliain
d'aois an Tighearna, cheithre céad a dó dhéag is dacadh. Dubhthach
ab ainm d'á h-athair, agus Brochseach ab ainm d'á máthair. Do
bhaist Pádraig féin an bheirt díobh san; agus is léir go rabhdar i
n-a gCríostaidhthibh dúthrachtacha ó uair a mbaiste. B'fhéidir gur
thuig Pádraig gurbh uatha a shíolróchadh an Naomh ba ghile de naomhaibh
na nGaedhal, agus gur thug sé beannacht speisíalta dhóibh. Bíodh san
mar atá, ní'l aon amhras ná go raibh an dhiadhasamhlacht i bhfuil
sinnsear Bhrighde, agus ní beag de chomhartha air sin go raibh ioscad
gaoil aici le triúir naomh eile .i. Conall, Eoghan agus Cairbre.



Innstear a lán sgéalta i dtaobh Bhrighde nuair ná raibh innti
ach páiste. Is ró-dheacair a rádh an ceart na sgéalta san a
chreideamhaint, tá cuid aca chomh éagsamhail sin. B'fhéidir gurbh iad
na sgríobhnóirí féin a chum iad, nuair a bhidís a iarraidh a chéile
do shárú. Baineann sé le deallramh, ar aon chuma, nách sgéalta
inchreidte cuid aca. Ach ní fhágann san ná gur thusnuig Brighid ar
chomharthaíbh a naomhthachta a thaisbeáint go luath i n-a beathaibh.
Uaireannta, samhluighthí dos na daoinibh a bhíodh timcheall uirthi go



(1) Féach Beatha Bhrighde, “Book of Lismore.”



(2) Gach bliain, ar an gcéad lá de mhí na Feabhra, bíonn Aonach Mór ar siubhal i
mbaile Lumiar, i bPortugal, i n-onóir do Bhrighid. Deirtear go bhfuil a ceann ar
coimeád san teampall ansúd. Beannuigheann an sagart paróiste na tréada agus
na ba; agus deirtear go bhfuil Brighid i n-a patrún ar an nduthaig sin agus tugtar
onóir dá réir sin di.



(3) Fochart Bhrighde a tugtaí air nuair a labhartaí an Ghaedhilg ann.


L. 14


mbíodh gruadhna an leinbh ar lasadh le solus éigin iongantach
uaireannta eile, do mheasaidís go mbíodh an tigh i n-a raibh Brighid
tré theine, ach nuair a rithidís chuighe, chídís an leanbh slán sábháilte
istigh. Má tá na sgéalta san fíor, ní h-aon iongnadh gur mheas
na comhursain go raibh rud éigin thar an gcoitcheanntacht sa chailín
sin. Bhí súil aca le h-obair mhóir éigin uaithi. Ba mhaith mar do
fíoradh an choinne sin.



Deirtear linn, i gceann (4) de sna sean-leabhraibh, gur mar seo
a chaith Brighid a h-óige: “Bíodh sí ag aodhaireacht na gcaorach,
thugadh sí a sáth d'éanlaithibh an aeir, agus bheathuigheadh sí na bochta.”
Má ba dhaoine uaisle a muinntir is deacair a chreideamhaint go
gcuirfí aodhaireacht na gcaorach uirthi. Níl na sean-leabhra ar aon
fhocal i dtaobh na ceiste sin. Deir cuid aca gur mhaithe agus
mhór-uaisle a sean; deir cuid aca a mhalairt. Is dóichighe go bhfuil
an fhírinne ag baint leis an gcéad tuairim, agus glacann an chuid
is mó de sna sgríobhnóiríbh leis an gcúntas san de'n sgéal. Pé'r
domhan é, is an-fhuiriste deagh-thréithe Bhrighde d'aithint ins an abairt
úd an tsean-leabhair. De bhárr boige a croidhe agus méid a féile,
do ghaibh sí truagh do neithibh laga an tsaoghail seo, dá mba do sna
h-éanlaithibh féin é. Maidir leis na bochtaibh, ba rabairneach a
fairsinge leó san. Bhí cúram na feirme uirthi, agus nuair a chíodh
sí na daoine bochta ar gach taobh di, do ghlacadh truagh dhóibh í,
agus do roinneadh sí ortha an t-im agus an bainne. Aon lá
amháin, nuair a bhí a cuid ime ídighthe ó bheith ghá roinnt ar bhochtaibh,
tháinig Brochseach isteach chun cúrsaí na feirme d'iniúchadh. Bhí 'fhios
ag Brighid go mbeadh fearg ar a máthair dá n-airigheadh sí an t-im
go léir a bheith imthighthe. Do dhein sí guidhe chun Dé, agus ní baoghal
gur chaill Sé uirthi, mar do líonadh na h-árthaí go bárr le h-im.



Um an dtaca san, bhí Brighid i n-aois a pósta, agus do mheas a
h-athair cleamhnas a dhéanamh di le flaith áirithe. Annsan iseadh a
trialadh banamhlacht Bhrighde. Bhí a h-athair agus a dearbhráithreacha
ag dul go dian uirthi. Mheasadar ná raibh i n-a mian ach mian
leinbh; agus do thuigeadar, dá ndiúltuigheadh sí do'n chleamhnus, go
mbadh sí ag tabhairt druim a láimhe le saibhreas agus le h-uaisleacht.
Níor shanntuig an cailín a leithéid sin d'uaisleacht, ámh. Dob aithin
di uaisleacht níob uaisle ná í; agus nuair a dubhairt sí lom díreach
leó ná pósfadh sí choidhche, bhí ceapaithe aici claoidhe le Críost. Ní
foláir an méid seo a thuigsint go cruinn má's áil linn uaisleacht
an ghnímh sin do mheas mar budh cheart .i. ná raibh i n-Éirinn, le linn
óige Bhrighde, ach fo-chailín a chuirfeadh roimpi fanamhaint aonta (5);
rud eile dhe, de réir na sean-leabhar, bhí áilneacht pearsan agus
mór-uaisleacht meóin ag baint le Brighid i slighe go raibh sí maith a
dhóthin dhaon fhlaith. Dá bhrigh sin, nuair a dhiúltuig sí do'n phósadh, do



(4) “Book of Lismore.”



(5) Samhluightear, ámh, go mbíodh mná riaghalta i n-Éirinn roimh aimsir Bhrighde.


L. 15


dhein sí rud nár ghnáthach a dhéanamh i n-Éirinn; agus fós, do bhuaidh sí
ar mhealladh agus ar bhaois an tsaoghail.



Nuair a bhí Brighid sé bliadhna déag d'aois, do chuir sí móid
geanmnaidheachta uirthi féin. Ní foláir nó bhí 'fhios aici, cheana féin,
cad a bhí ceapaithe ag Dia di. Dá mba ar feadh a h-óige féin é,
is iongantach na gníomhartha trosgaidh agus treighnis a dheineadh sí. Do
chradhadh sí a colann le h-aithrighe, le cialacan fhada agus le h-áirneán
na h-oidhche. Deirtear nár leig sí tháirsti oiread agus aon uair an
chluig amháin gan a glúna d'fheacadh os comhair a Cruthuightheóra, agus
go bhfanadh sí mar sin go cionn abhfad ag árdú a croidhe Chuighe.
Do líontaí a h-anam le h-aoibhneas agus le h-aiteas nuair a bheadh
sí ag comhrádh le Dia; agus ní bhraithfeadh sí fuaim ná glór an
tsaoghail a iarraidh í mhealladh ó n-a Grádh. Cárbh iongnadh, dá
bhrígh sin, gur méaduigheadh a subhailchí i n-aghaidh an lae, agus gur
dhein sí soisgéalaidhe dúthrachthach chun Creidimh Chríost do chraobh-
sgaoileadh, agus chun croidhthe na nGaedhal d'árdú chun neithe
spioradálta?



I gcaitheamh na h-aimsire sin go léir, bhí Brighid i bhfeidhil teaghlaig
a h-athar. Dob' iongnadh leis na comhursanaibh a fhéile a thugadh sí do
bhochtaibh Dé gach a bhfuair sí de bhiadh nó de shaibhreas. Ach nuair a
chonnacadar ná raibh Dubhthach pingin chun deiridh de dheascaibh a
féile, tháinig iongnadh agus áidhbhéis croidhe ortha. Is amhlaidh a
méaduigheadh gach uile ní fé n-a láimh. Cuirtear síos go mhionminic i
sgéal a beathadh ar an gcomhacht so a bhí aici chun bídh agus dighe do
mhéadú. Nuair ná beadh caoi aici ar a ndóthain a thabhairt do'n
mhuinntir a bhí i dtaobh léi, do dheineadh sí guidhe chun Dé, agus do
sholáthruigheadh Sé sin di, tré mhíorbhuil, gach a mbíodh uaithi. Nídh
nárbh iongnadh, do leath a clú go fairsing. Bhí trácht uirthi ar fuaid
an oileáin go léir. Níor bheag leis na daoinibh a bhfuaradar de
fhiadhnaise ar a comhachtaibh; agus má bhí comhartha ag teastáil ó lucht
an dhíchreidimh, chonnacadar, le n-a súilibh féin, comharthaí ná
féadfaidís gan a gcreideamhaint.



B'é rud a tháinig as an mórchlú san, ná gur tháinig, ag triall
ar Bhrighid, mórsheisear cailíní, agus d'iarradar uirthi an chaille do
ghabháil i n-aonfheacht leó. B'shin é díreach an smaoineamh a bhí istig
i gcroidhe Bhrighde le fad de bhliadhantaibh. Fuair sí an glaodhach
beannuighthe san ó Dhia tráth éigin d'á raibh sí os a chomhair. Chonnaic
Dia gile a h-ionraicis agus doimhneas a dúthrachta; bhí 'fhios Aige
go raibh gádh ag soisgéalaidhe le h-ionraiceas agus le dúthracht;
agus, tar éis grásta fé leith a thabhairt Uaidh, chun subhailchí A
sheirbhísig do bhuanú, thug Sé di an ghairm uasal chun na beathadh
riaghalta. Bhí géar-ghádh le congnamh Bhrighde. Bhí an Creideamh óg
i n-Éirinn fós. Ní raibh obair Phádraig críochnuighthe go fóill, agus
ní lugha ná mar bhí ré na Págánachta caithte. An obair a chuir
Pádraig ar bun, do chuir Brighid chun chríche í; agus ní beag de mholadh


L. 16


a thabhairt do'n Aspol mhór a rádh gur ráinig go raibh Brighid mar
thoradh luath ar a shaothar.



Chomh luath agus bhí 'fhios ag Brighid go raibh an mhórsheisear úd
chomh díograiseach léi féin, do chuaidh sí i n-aonfheacht leó ag triall
ar Easbog áirithe dárbh ainm Macaille. Mheas sé siúd ná raibh a
n-aigne socair i gceart aca, agus níor leig sé a mian leó. Ba
mhór an bhaint siar do'n ochtar maighdean an t-eiteachas san. Ach
mar ba ghnáthach léi i n-am riachtanais, do thusnuig Brighid ar ghuidhe.
Bhí Dia buidheach di, agus chuir Sé i n-iúil do Mhacaille, tré mhíorbhuil,
gurbh é mian na maighdean A mhian féin. Do-chonnacthas mar a bheadh
columhan teine ag eirghe ó cheann Bhrighde suas, go dtí gur shrois
sé buaic an teampuill. Ar bhfeicsint an radhairc san do'n Easbog,
níor dhein sé a thuille righnis, ach do thug sé an chaille dhóibh; agus
i n-a theannta san, do thug sé comhachta Abbmháthar do Bhrighid. An
teine a dh'eirig as ceann Bhrighde, bhí sí mar mhacsamhail ar an
gcolumhan teine eile úd a dhein eólus na slighe dos na Iúdaig fadó;
mar bhí sé i n-áirithe do Bhrighid, chomh maith le Pádraig, muinntir na
h-Éireann do sheóladh as fásach na Págántachta go Tír Tairngire an
Fhíor-chreidimh.



Níor chaill Brighid puinn aimsire nuair a bhí an chaille gabhtha
aici. Taisdealaidhe iongantach a bhí innti, de réir na sean-sgríbhinní,
agus deirtear gur thug sí dhá chuaird go gach uile áit i n-Éirinn.
Agus nuair a thuigimíd a dheacra bhí sé dul ó áit go h-áit an tráth
san, is féidir linn an flosg chun oibre a bhí ar Bhrighid a mheas mar
budh chóir. Chuaidh sí go cúige Mumhan ar dtúis. Ba chosmhail le
cuaird ríogh an chuaird úd Bhrighde. Do thugadh sí déarca luachmhara
do bhochtaibh; agus nuair ná beadh biadh ná airgead aici le tabhairt
dóibh, bheadh comhachta Dé ag cabhrú léi, agus do-gheobhthaoi an
t-airgead nó an biadh ar chuma éigin ró-iongantach. Ní h-é amháin
gur thug sí uaithi saibhreas saoghalta. Do bhronnadh sí ar gach aoinne
ollmhaitheas do- áirmhthe na bhflaitheas. Do leighis sí na h-easláin,
thug sí sólás spioradálta do pheacaigh, do bheannuig sí mainistreacha
agus teampuill agus chuir sí coinbhintí ar bun. Nuair a bhí an
chuaird sin tabhartha aici, chuaidh sí go cúige Connacht. Dob ionnan
dáltha do'n turus san Do bhuanuig si an creideamh a cuireadh i
gcroidhthibh na nGaedhal i n-iarthar na h-Éireann tamall roimis sin,
agus deirtear gurbh annsan a chuir sí ar bun na coinbhintí go léir a
bhí i Ros Comáin. Is fíor-uathbhásac an méid oibre a dhein sí, mar
b'éigin di, de bhárr athchuingí na n-Easbog, dul ag triall ar gach
fairche fé leith i n-Éirinn agus coinbhintí do chur ar bun i ngach
fairche díobh. Ach ba chuma le Brighid na cruadhtain, mar bhí grásta
Dé agus A ghrádh 'ghá gríosadh chun siubhail.



Fé dheire thiar thall, do ghlac a muinntir féin sa bhaile tnúth
agus formad ar eagla go bhfanfadh sí uatha thiar i gConnachtaibh agus
go ndéanfadh sí comhnuidhe ann. Do chuadar i gcomhairle mar gheall
ar an sgéal, agus do shocaruigheadar nárbh fearra dhóibh rud a


L. 17


dhéanfaidís ná sgéalta a chur chúichi siar 'á rádh léi gurbh é ba lugha
ba ghann di filleadh go dtí n-a dúthaig féin agus tigh do chur ar
bun ann. Do deineadh amhlaidh. Tháinig Brighid aniar agus do
fearadh fíor-chaoin fáilte roimpi. Bhí áit árd i Máigh Life ar a
dtugtaí Druim Criadh. Talamh breágh foghanta a bhí ansúd, agus ní
foláir nó bhí sean-eólus ag Brighid ar an áit chéadna. Bhí crann
dara ag fás ann, agus is fé sgáth an chrainn sin a bhí ceapaithe ag
an Abbmháthair a tigh do thógáil. Do dhein flaith éigin sa
chomhursanacht an tigh do thógáil ar a chostas féin, agus ba ghearr go
raibh cillín beag tógtha aici, cillín a bhí mar bhunchloich a h-oibre i
n-Éirinn. Do thug an crann úd an t-ainm do'n dúthaig sin .i.
Chilldara, agus do lean an t-ainm sin ar an áit ó shin i leith.



Do chuir Brighid agus a mór-sheisear siúireacha fútha ansúd,
agus ní raibh de chur-isteach ar a n-úrnaighthibh agus ar a ngníomharthaibh
aithrighe ach éileamh na mbocht is na lobhar. Cuirtear síos i gceann
de sna sean-leabhraibh ar ghníomh aithrighe a chleachtadh Brighid.
D'eirigheadh sí ó n-a leabaidh i n-am mhairbh na h-oidhche, i lár an
gheimhridh ghéir, agus d'imthigheadh sí go dtí an loch a bhí i ngar do'n
tigh. Do théigheadh sí isteach go lár an locha, agus d'fhanadh sí ansúd,
ag guidhe, go dtí go mbeadh barra liobar ar a ballaíbh beathadh.
Agus fós, deirtear nár eirigh sí as an gcruadhtan san go dtí gur
chuaidh an loch i ndísg ist oidhche, cé go mbíodh na tuillte uisge ann
ar feadh an lae.



Aon lá amháin, bhí an t-Easbog úd, Macaille, ag suidhe chun
búird i gcuibhreann Bhrighde agus a siúireacha. Sar ar thosnuigheadar
ar ithe, ámh, dubhairt Brighid le Macaille focal Dé do mhúineadh
dhóibh, ar eagla, ar cothú a gcorp dóibh, go dtabharfaidís faillighe i
n-a n-anamnachaibh. Do thoilig an t-Easbog chuighe sin, agus do
thug sé seanmóin dóibh ar na h-ocht mbiaitíbh. Le linn cainnte dhó,
do mhol sé do gach duine dhíobh, ó bhí ochtar aca ann, biait do thoghadh
di féin, i dtreó go mbeadh subhailche fé leith ag gach duine. D'iarr
sé ar an Abbmháthair ar dtúis biait a thoghadh. D'fhreagair Brighid
láithreach, agus dubhairt sí gurbh í Biait na Trócaire a rogha-sa.
“Is aoibhinn do lucht na trócaire dhéanamh mar isiad a gheóbhaidh
trócaire.” Ó'n uair sin amach, bhí an trócaire ar an gcéad chúram
uirthi. Gach uile lá, thagadh na bochta ag triall uirthi, agus na
daoine a bhí as a sláinte, agus ní baoghal ná go bhfaghadh lucht an
ocrais a sáith agus na h-easláin a leigheas. Bhí tréad mór caorach
aici, a bhronn uaisle na h-áite uirthi; agus nuair d'iarrfadh duine
bocht caora uirthi, thabharfadh sí dó an ceann ab' fhearr a bhéadh aici.
Ach nuair a déanfaí an tréad do chomhaireamh um thráthnóna, ní bheadh
caora ar bith i n-easnamh air. Taisbeánann an mhíorbhuil sin, agus
míorbhuiltí eile ba mhó ná í, gur bhuaidh naomhthacht na maighdine sin
ar bhuaidhreamh an tsaoghail, agus gur threise a comhachta ná an gádh
ba ghéire.



Do réir mar a bhí clú Bhrighde ag leathadh ar fuaid na tíre,


L. 18


tháinig sgéalta chúichi as gach áird ó mhnáibh uaisle na h-Éireann á
iarraidh uirthi iad do leigint isteach fé n-a riaghail; óir ba mhian
leó aithris a dhéanamh ar a deaghshompla. Ach sar ar fhéad an
Abbmháthair iad do ghlacadh, b'éigin di an coinbhint do chur i méid agus
tighthe móra fairsinge a thógáil i n-inead an chillín a bhí ann roimis
sin. Bhí a lán daoine, leis, agus ní shásóchadh an saoghal iad gan teacht
go Cilldara, agus comhnuidhe i n-aice an Choinbhint, i dtreó go
mbéadh an Naomh i n-aice leó de shíor mar chabhair aca. Ar an
gcuma san iseadh a cuireadh cathair ar bun. Ar dtúis ní raibh ann
ach baile beag, ach bhí sé sin ag dul i méid leis an aimsir, go dtí
go raibh cathair fásta suas timcheall ar an gCoinbhint. Dá bhrígh sin,
do deineadh fairche nuadh de Chilldara, agus do cuireadh fear
naomhtha, dárbh ainm Conleath, mar Easbog uirthi. Do lean
dlúth-mhuinteardhas idir an naomh san agus Brighid, agus fé chúram
na beirte sin do chuaidh an fhairche nuadh chun cinn go dtí gur tógadh
Árd Eaglais i gcathair Chilldara.



Tá na sean-leabhra ar aon fhocal go raibh caradas agus
caidreamh idir “Aspol Mór na h-Éireann” agus Brighid. Tagann
an tuairim sin go cruinn géar le gach deallramh. Ní h-é amháin go
n-oireann na dátaí do'n chúntas san, ach is deacair a chreideamhaint
ná cloisfeadh Pádraig sgéal de sna sgéaltaibh i dtaobh an chailín
iongantaig a bhí thíos i bhFochart. Seo mar adeir Leabhar Ardmhacha
mar gheall ar an sgéal: “Inter Sanctum Patricium Brigitamque
amicitia caritatis inerat tanta, ut unum cor consiliumque haberent
unum.” Agus tá cur síos i ngach ceann de sna sean-
lámhsgríbhinníbh ar an gcaradas a bhí idir an mbeirt. Deir cuid
aca go bhfeacha Pádraig í le linn a h-óige, agus gur buaileadh um
a chéile go minic iad i n-a dhiaidh san óir bhí árd-mheas ag Brighid ar
chomhairle ciallmhair an tseanduine. Bhí an-ionntaoibh aige-sin
aiste, ní foláir. Dubhairt sé léi, uair, “Tá síol na gCeithre
Soisgéal againn araon d'á chur le creideamh, le muinighin agus le
cráibhtheacht.” (6)



Ins na sean-leabhraibh, tugtar ainmneacha eile nách Brighid ar
Abbmháthair Chilldara. “Muire na nGaedhal” agus “Bainríoghain
an Dheiscirt” a thugann siad uirthi. (7) Cuireann na h-ainmneacha
san i n-iúil dúinn méid a measa uirthi, agus má breithnighmíd a
subailchí, tuigfimíd go raibh na h-ainmneacha san tuillte aici, má
thuill bean ar bith riamh iad. Do saoradh an domhan go léir tré
mhórmhaitheas Mhuire; do slánuigheadh an Creideamh i n-Éirinn de bhárr
deaghshompla Bhrighde. Agus ar mhair an Bhainríoghain sin riamh a bhí
ní ba mhó comhacht 'ná Brighid, ach amháin Máthair Chríost féin? Ná
fuil réim ag Brighid ar Bhantracht na h-Éireann gan teórainn



(6) Fís Bhrighde; feach “Book of Lismore.”



(7) An sgriobhnóir a sgríobh a beatha san “Book of Lismore,” cuireann sé ainm
deas eile uirthi. “Comhra choisreagtha choimeádta Cuirp Chríost agus a fhola,” an
teidiol a thugann sé uirthi.


L. 19


aimsire, agus ná h-admhuighid siad-san gurbh í a stiúrthóir agus a
gcongnamh cosanta í?



Ó tá riaghail Bhrighde caillte, is deacair a dhéanamh amach cad
a bhíodh ar siubhal i gCilldara agus ins na coinbhintíbh eile. Ach is
deimhin go gcleachtaí Litríocht agus Ealadha ionta. Maireann
Leabhar Chilldara mar fhiadhnaise air seo, an leabhar a dubhradh a
sgríobh na h-Aingil. Fairis sin, do dhein saothar Bhrighde dhá
buan-thairbhthe do mhuinntir na h-Éireann. Ar an gcéad dul síos,
do dainginigheadh i n-a gcreideamh iad; mar do chonnacadar a
ghlaine agus a dhiamhaire a bhí an teagasc nuadh, murarbh ionann agus
an Phágánacht. Rud eile, an t-oideachas a tugtaí i n-aisge ins na
Coinbhintíbh, d'árduig sé aigne na ndaoine chun na fírinne do lorg.
Chuir an t-oideachas san ruaig agus deargruathar ar na Draoithibh
agus ar a gcuid deismireachta.



Ag siubhal ar an machaire do Bhrighid, lá, do chonnaic sí
macléighinn óg, dárbh ainm Ninnidh, agus é ag súgradh dhó féin. Do
ghlaodh an Naomh air, agus do cheistnig é. Do thaithn ionraiceas an
gharsúin léi, agus tar éis a beannacht a thabhairt dó, dubhairt sí,
“Is ód láimh-se a ghlacfad-sa Corp Críost roimh mo bhás.” Ó'n
uair sin amach, do choimeád an macléighinn clúdach práis ar a láimh
dheis, ar eagla go saileóchthaí í, agus nuair a deineadh sagart de,
do chuaidh sé thar sáile, i dtreó nách bhfuigheadh Brighid bás go dtí go
bhfillfeadh sé féin go h-Éirinn, rud a bhí ceapaithe aige gan a
dhéanamh go cionn abhfad.



Cheithre bliadhna sar a bhfuair Brighid bás, do tugadh tuairisg
lae agus áite a báis di ó neamh. Ar n-a chlos sin di, bhí oiread
eile de chroidhe aici i n-a cuid oibre; ach bhí gníomh eile le déanamh
aici fós, sar a mbeadh sí ullamh chun bóthair. Sar a bhfuair Pádraig
bás, d'órduig sé di cuaird eile a thabhairt go gach uile áit i n-Éirinn,
go mbeannuigheadh sí an tír go léir. Tar éis foráilimh a báis
d'fhághail thug sí aghaidh ar an gcuaird sin. Do bheannuig sí gach fód
de'n oileán; do bheannuig sí muinntir na h-Éireann uile. Is eól
do'n domhan a thortamhla a bhí an bheannacht úd Bhrighde.



Anois ó bhí a cuid oibre críochnuighthe, do luigh an t-uaigneas
go trom uirthi. Bhí a dlúth-chara Pádraig tar éis bháis. Na naoimh
go léir go raibh aithne aici ortha, bhíodar sa chré, — Macaille, a thug
an chaille di; Mel agus Conleath agus Erc na Bóinne. Bhí sí ag
feitheamh leis an nglaodhach dheireannach; ach bhí sí ag feitheamh leis
go ciúin suaimhneasach. Bhí uaigneas uirthi, ach uaigneas deóraidhe
ab eadh é. Ní raibh brón ná éadóchas ann. I n-inead san, bhí anam
Bhrighde lán de áthas. Seo mar adubhairt sí féin, “Gach lá mothuighim
áthas mór spioradálta nuair airighim amhráin dhiadha agus ceól
caoinbhinn na n-orgán neamhdha.” Ní misde a rádh gur thug a laethe
liatha sonas agus suairceas chúichi, mar go bhfuair sí radharc roim ré
ar aoibhneas na bhflaitheas.



Bhí taom a báis ar Bhrighid i gCilldara. Ach bhí Ninnidh na


L. 20


Láimhe Glaine i bhfad i gcéin, agus is ó n-a láimh sin a bhí an
Abbmháthair chun Chorp Críost do ghlacadh. Thárla do'n tsagart san
bheith i mbád mbeag ar an bhfairrge, nuair d'eirig an ghaoth go
sguabach, agus do seóladh i dtír é i n-Oirthear na h-Éireann. Bhí
'fhios aige ansan go raibh Brighid i mbéalaibh bháis, agus do chuaidh sé
ag triall uirthi. Do bhain sé an clúdach práis d'á láimh, agus thug
sé Corp Críost di. Tamall beag i n-a dhiaidh san, ar an gcéad lá
de mhí na Feabhra sa bhliain 525, do sgeinn anam glégheal Bhrighde
go dtí n-a Cruthuightheóir. Do cuireadh a corp i n-aon uaigh le
Pádraig is le Colmcille. Annsúd, i dtuaisceart na h-Éireann
tá Muire na nGaedheal i n-a codladh. (8)



Is fánach an gnó dhúinn bheith a iarraidh cur síos ar naomhthacht
Bhrighde. Rud ró-dhoimhinn, ró-dhiamhar iseadh í; agus ní ceaduighthe
do'n duine ach iongnadh a dhéanamh de shár-oibreachaibh Dé. Dá bhrígh
sin, sgaoilimís tharainn cráibhtheacht Bhrighde, agus ná deinimís ach a
tréithe eile do bhreithniú. Is iontuigthe a' sgéaltaibh a beathadh gur
thaithn ceól léi, mar a thaithneann i gcomhnuidhe le daoinibh ciúine go
mbíon a gcuid smaointe de ghnáth ins na flaitheasaibh. Bhí grádh
aici do gach ní d'ár chruthaigh Dia na ndúl. Bláthanna na páirce,
éanlaithe an aeir, na h-ainmhínte beaga — chuir na neithe sin go léir
árd-aoibhneas ar chroidhe Bhrighde. Ach ba bhréagh léi, leis, oibhreacha
móra an Chruthuightheóra — éirghe agus dul fé na gréine, suairceas is
meidhir an mheadhon-lae, borradh agus easgar na gcrann san Earrach.
Ar breacadh an Earraig, leis, nuair a bhí an síol foghanta curtha aici,
iseadh d'imthigh sí as an saoghal.



Ní foláir nó bhí grádh thar na beartaibh aici do gach fód de'n
tír seo. Dob' aoibhinn léi a machairí is a réidhte, ba mhaordha léi a
sléibhte árda gorma, ba ró-chiúin léi a h-aibhní ag snighe go mall go
dtí an fhairrge. Níor luighdig an aimsir a grádh d'Éirinn. Tá sí
i n-a cosantóir di indiú mar a bhí ar feadh na mbliadhanta. Guidhmís
í, dá bhrígh sin, agus abraimís, leis an bhfile, — “A Bhrighid gheal,



‘Líon le grádh an croidhe 'tá brúighte,
Bain de'n tsúil, 'tá fliuch, a deór.’”



Tá croidhe Éireann go brúighte, basgartha indiú; tá sí ag sileadh
na ndeór go frasach ag caoineadh a clainne. Leigheasfear í, ámh, tré
eadarghuidhe Bhrighde, agus éireóchaidh sí airís ní ba ghile, ní ba dhiadha
is ní ba threise 'ná riamh.



DONNCHADH Ó FLOINN.



(8) Tá dhá teampall i bPortugal agus tá ceann Bhrighde i ngach teampall díobh!
Ní bheidh 'fhios ag aoinne go deó cé aca is láidre éileamh ar an bhfíor-chloigeann. Tá
cloigeann aca ar coimeád i dTeampall San Roch, i Lisbon, fé chúram Chumainn Íosa.
Do fágadh aca san é ó Francis Borgia. Bhíodh sé sin ag bailiú taise na naomh,
agus fuair sé an cloigeann úd ó'n Emperor Rudolf II., mar bhreis ar a stór. Go
dtí sin do coimeádtaí an ceann i n-áit ar a dtugtar Newstadt. Ar an gcuma san
tháinig an ceann i seilbh Chumainn Íosa. Maidir leis an gceann eile, tá sé i
dteampall Eóin Bhaiste, i Lumiar. Triúr ridirí Ó Éirinn, a tháinig go Portugal sa
bhliain 1256, a thug leó é, agus do thugadar do'n Rígh, do Dhonnchadh, é. Thug an
rí trí iarracht ar é chur go h-Ovenije, ach do tógadh an ceann uaidh ar chuma éigin
dothuigse gach uair, agus b'éigin do é fhágaint i Lumiar sa deire.


L. 21


CNAMHA GAN FEOIL.



GNÓ AN CHRÍOSTAIDHE, A ANAM DO SHÁBHÁIL.



(a) Isé do ghnó féin é.



(1) Do dhein Dia a lán duit. Tá a lán ag na daoine á
dhéanamh duit gan cabhair uait. Ach sa ghnó so, ní foláir
duit do chion féin de'n obair a dhéanamh.



(2) Is ort féin atá an sgéal ag brath, tá saor-thoil agat,
agus mar sin tá ar do chumas, le cabhair ó ghrásta Dé,
ná caillfidh ort, an sgéal a shocarú sa cheart.



(3) An saothar a dheinean tú, is minic gur do dhaoine eile a
dheinean sé tairbhe; ach an gnó so, is duit féin ar fad a
dhéanfaidh sé tairbhe.



(b) Isé an gnó é is mó le rádh atá agat le déanamh.



(1) Má eirighean sé leat, beidh a shochar agat go deo. Ní mar
sin d'aon ghnó eile.



(2) Má theipean sé ort, beidh gach nídh, beidh Dia féin i
n-easnamh ort go brách, agus beidh gach aon tsaghas uilc
'á charnadh ort ar feadh na síoruidheachta.



(c) Gnó iseadh é nách ceaduighthe agat leogaint gan déanamh.



(1) Má deintear faillighe dhe, má leogtar ar lár é ní glacfar
aon leathsgéal.



(2) Má theipean sé ort, beidh an donas go léir déanta Ní
bheidh aon leigheas ar an sgéal go deo.



(3) Ní féidir d'aoinne ach tú féin an gnó do chur chun cinn.
Loirg ar dtúis rígheacht Dé agus a fhíoraontacht; ná cuir
suim i n-aon rud eile.



R. P.


L. 22


AN NÁISIÚN GAEL-IBHEIRNEACH.



II.



Dhá mhéid a thug barmhail cér'd a bhí i réim ClainneMíleadh is
beag duine dfhiosruigh na limistéirí a bhíodh ag gach Síol de. Rud
aisteach a mhinicighe adeir stairithe béarla linn gur rian Treabhmhail
a bhíodh i nÉirinn, is níl teora leo fao'n difriacht a ghníodh sin ach
indiaidh é rádh leanaid do sheanchus na ndaoine gan cuimhniugh ar na
finibh nó míniugh fútha!



Dubhradh cheana go luaidhtear dhá roint fá Eiremhóin i Leabhar
na nGabhála. Tugtar LeathChuinn agus an árdriacht dó féin,
LeathMhogha nó an Mhumha do chlainn Éibhir, Uladh do mhac Ír, is
tríocha-céad amháin sa Mhumhain do mhac Íotha. Ach is idir na treabha
a nglaodhtí a síolta sin ortha a roinntí an tír ar an gcaoi sin fá
theacht Phádraig ach gur baineadh Eamhain is mórchuid an chúigidh ó
Ultaibh céad bliadhain roimhe. Budh rochruaidh orainn creidsin go
leanfí do na teorannaibh céadna ar feadh míle go leith bliadhain
agus níorbh fhusa iompáil ortha taréis athruighthe. Ní mar sin do'n
roint eile agus is soiléir gurbh í an ceann dearbhtha 's gur ceapadh
an ceann bréagach ní rofhada ón am a sgríobhadh an stair.



Is le ainmneacha na ráth agus na dtaoiseach a thóg iad a
gheibhtar an roint fhíor. Deirtear linn ann go raibh an dá ríráth ag
Eiremhóin, ríráth Éibhir agus ráth Aimhirgin araon i Laighnibh. Ní
aimnightar ráth Luighidh Mhic Íotha ná aon ráth istigh sa Mhumhain, ná
aon cheann i gCúig Uladh ach DúnSobhairce. I stair Íriail tugtar
liosta de na ráthaibh a thóg sé agus táid go léir sa tuaisceart ach
ní bhfághtar a leithéid sa Mhumhain. Is tuigthe de gur cáirde do
ChlainnMhíleadh SíolÍotha ach nár cuireadh smacht ar a náimhde
tuaisceartach go dtí righe Íriail. Is deacair creidsin, leis, go
mbeadh aon ráth amháin ag ClainnMhíleadh i dtír náimhde. Thóg
Sobhairce a dhún níos fuide ó dheas ach tréis é bheith sgriosta agus
dearmad a theacht ar a ainm bronnadh a sheanchus ar Dhún-tSobhairce
Uladh.



I nOllnemhacht gheibhtar aontugh idir gach roint, ach ní síolruightar
aon treabh ó na trí righthibh! Níl ach caoi amháin i nÉirinn a leithéid a
mhíniugh. Dhá mbaineadh treabh nua an ríoghacht díobh gheobhthí oighrí
na seanríogh 'na bhforighthibh. Nílid ann. Mar sin choimeádadar an
cúige ach hathruighadh a nginealach.



Fá 645 r.Ch mharbh Sédna I. Rotheachta I. i gCruachain agus i
gcionn 7 mbliadhan mharbh Muineamhain san áit chéadna é. Is


L. 23


soiléir de sin gurbh í Cruachain a ráth-san óir bhain an dá rí eile
le treabhaibh ar leith. Ba ó don tSédna so Ollamh Fodla agus
deir an leabhar Cruithneach linn go gcomhnuighadh sé i dTeamhair agus
i gCruachain cho maith agus bfhéidir a thuille mar sin a sholáthairt.
Ach righthe do shíol Ír iad so agus ní bhfaghtar fear acu 'na
chomhnuidhe i nUladh roimh am Áirgedmhair, ach Gedhe Ollghothach roimh
dhó an árdriacht fhághailt. Agus tá a ainm i rothla ríogh na
gCruithneach ach d'éirigh sin leis le pósadh banríoghan Cruithnighe agus
ní ó na sinnsearacht. Mar sin budh dhóigh gur síolraighadh teaghlach
Ír ó rígh Ollnemhachtach ach gur athruighadh a nginealach tréis dóibh
an árdriacht a bhaint amach. B'iad Sobhairce agus Cearmna a
chéadrinne sin, agus níorbh iad na hoighrí cearta. Deirtar linn
go gcomhnuighdís i gcúinní contráilte na tíre ach b'é a gcúige
féin a rannfidís ar dtúis pé ar domhan é agus is dóiche gurbh ann
a bhíodh a rírátha: ba dhóigh linn cheana go raibh an dún 'thóg Sobhairce
níos fuide ó dheas ná Uladh agus bhéinn cinnte anois go raibh sé i
dtuaisceart Ollnemhacht. Nfheadar an féidir gur ainmnighadh
Oileán Garmna ó Chearmna ach bhí sé 'na leith. I n-aice leis tá
Ceann Gholaimh, agus de réir na nginealach Golamh ab ainm do
sheanathair a seanathar. Is fá righe Tighearnmhais amháin atá
easaontas nach fíorbheag idir na dátaí ó Éibhear go dtí Ollamh ach
deirtear linn gur deich mbliadhan xx thar 2.ch. T.E. an uair a
smachtuigh Aengus Ollmhuthaidh Cruitheantuath na hAlban agus tugtar
an bhrígh cheart don choimhreamh nuair tuigtar go dtosightar ó
bhriseadh Cruitheantuaithe na hÉireann. Dá réir sin bhí righe Sobhairce
agus Cearmna timcheall 110-150 T.E. Aríst bhain líon .C. bliadhain
ar chaoi éigin le righe Tighearnmhais ó Eiremhóin: má ríomhtí é ó na
bhás sin tá againn 127-167 nó ó ríoghadh é 111-151. Má tugtar an
gnáth-líon do gach glún os a gcionn gheobhadh Golamh athair Ír bás
fá 40 T.E. agus bhéadh díreach faid glúin idir é 's na trí righthe
Ollnemhachtach a thuit ag Eiremhóin, agus ba mhac dfhear acu é ach
ba mhian le righte Ollnemhacht an árdriacht agus annsin bfhurast agus
ba nádúrtha measgadh a dhéanamh idir Íor mac Golaimh rí Ollnemhacht
agus Íor mac Míleadh. Ní gádh go raibh aon Éibhear 'na mhac aige
sin: glacfí é mar rí CúigUladh níos déanaighe tréis an measgadh
idir Ollnemhachtaigh is Ulta. Ach measgadh ar phár a bhí annsin: gach
treabh a síolruightar ó Íor san Iarthar taisbeánfar gurbh Ollnemhachtaigh
de bhunadhas iad agus gur Ulaidh síol Ír an Oirthir, agus nach gan
fáth a síolruighadh DáilRiada is DáilFiathach ó Eiremhóin i n-ionadh Ír.



Gheibhtar trí suidheamh dfhíorshíol Eiremhóin. An chéad cheann ó
Chumar na dTrí Uisge go Bláth'cliath 'na raibh a dhá ríráth-san .i.
RáthBeoaidh is RáthOinn. I n-am Íriail smachtuighadh an tuaisceart agus
síolruightar go leór treabh den tsíol ann, ach tréis Rotheachta I. bhí
sgarmhaint idir iad agus an ríthreabh. Fuair an trimhadh gas
ríghacht IarMhumhan nó Érann mar glaodhtí uirthi coithchionta. Síltí
ag a lán nár síolruighadh righthe Érann ó Eiremhóin ach ó Íoth; níl


L. 24


aon dabht, amh, ná gur síolruighadh Conaire Mór ó na righthe sin
agus ní bhfuigheadh sé ceannas síl Eiremhóin thar an ríthreabh munar
chinnte a ghinealach uaidh. Ní cruthugh sin nach raibh rud eile
mí chinnte agus is furast é lorgadh. Deighltear craobh ríogh Érann
ag Aongus Tuirbheach fá .ch.l. r.Ch. agus cúpla glún 'na dhiaidh
gheibhthar Oilill Érann, dalta Oiliolla laebhchuire a mhair fá v.c.!
'Sé mo bharmhail gur sgar an chraobh ag Aengus Ollmhuthaidh, agus
go bhfuil cruthugh againn ón chamadh chun an Aengusa eile go raibh
fhios ag na hOllmhain nár síolruighadh Ughaine Mór ó Eiremhóin nó
níor ghábhadh Conaire shíolrugh ó Ughaine. Insa chás so bhéadh a
ghinealach roghearr i n-áit a bheith rofhada ar fad agus is féidir gur
fágadh roint amach chun nach mbeadh sé thar creidsin ag gach aon neach.



Idir ríthreabh Eiremhóin is ríghacht Érann agus Sionna bhí
DeasMhumha agus TuadhMhumha. Righthe de shíol Íotha i gceachtar acu
agus ríghacht na Mumhan go gnáthach acu agus an árdriacht fá
cheathair. Choimeádar TuadhMhumha go dtí an dara haois T.C. go
cinnte: fuair righacht na Mumhan cho déanach leis an trimhadh agus
righacht na DeasMumhan an t-am deiridh sa naomhadh aois T.C. I
n-áit tríochacéad amháin a bheith acu le linn Eiremhóin is so-chreidthe
gur shíol Íotha sean rítheaghlach Érann (1): gur díobh a bhain Fomhairí
ríghacht an oileáin is gur dhíbir Cruithne ó dheas iad. 'Sí an chiall
a bhainfinn as scéal Íotha gur shaoil sé ríghacht a shinnsear a bhaint
mach de bharr troda Cruithne eatora féin. Bhí treabh dÉrnaibh (ar
ghlaodh Gréagaigh Erdinoí ortha) taobh theas do MhaghÍotha. (2) Tréis
do righthibh Ailigh Íoth a mharbhadh ghlaodh Érainn ar ChlainnMhíleadh
congnamh leo. Céad bliadhain 'na dhiaidh nuair bhí a seannáimhde
Chruithne agus Fomhairí ar lár rinne síol Íotha iarracht fao'n
árdriacht fao Eochaidh Éadghathach. Bhí síolta Eiremhóin is Éibhir
tréis a chéile a lagugh go mór ach caitheadh seacht mbliadhna gan
árdrí sul a d'éirigh le Eochaidh. Is féidir gur chuidigh ClannMhíleadh
go léir 'na aghaidh. Ar aon chuma bhain a chomharsa rí deisceart
Ollnemhacht Árdriacht agus beatha de i dTeamhair-Érann .i. 'na
ríchathair féin ár ndóigh.



Tréis cur síos dúinn fao síolta Eiremhóin, Ír is Íotha, tá orainn
síol Éibhir infhiúchadh.



I dtús a staire deirtar go mbídís a' síor throid le síol
Eiremhóin, ach ní furast a suidheamh cruthugh tríd. Cho luath, amhthach,
agus bhí Teamhair ag Ollamh Fodhla bhí treabha tuaiscirt is deiscirt
na tíre ar a sgarmhaint ó na chéile, agus níl aon trácht ar throid
idir an dá shíol úd le na linn ach taréis a bháis mharbh Rotheachta II.
Síorna i nAilinn. Tréis gach fiosruighthe chuirfinn righe Rotheachta
timcheall 570-564 r.Ch. Marbhadh é i nDúnSobhairce Uladh le splainc



(1) Bshin fáth eile go síolruightí righthe Érann i nIarmhumhain ó Íoth.
(2) Bhí MaghÍotha eile i n-aice LochGarmain. Tráth ba righthe ann de Dháil
Meisinchorb. Síolruightí iad ó Ughaine nó ó Íoth. I gcás mar sin is so-
chreidthe gur bhaineadar leis an treabh ba shine 's ba laige.


L. 25


teintrighe deirtear. Má tá an dinnseanchas ceart fao dáta
Breis bhéadh Lughidh (na Lugh) Lamhfhada 'na rígh ar Ultaibh fá 564 (3)
agus seanfhocal ar theintrigh loche. Dá bhfaghadh na seanchaithe gur
Lughidh a mhairbh é ceithre céad bliadhain tréis a bháis féin is furast
go gceartóchaidhe é mar sin. Is dóigh go ndeachaidh furmhór Uladh
ar ais go hAlbain tréis buaidh Gedhe fá 524, óir ní chloistear fútha
go dtí ain Airgedmhair. Díbreadh é féin ar loingeas seacht mbliadhna,
agus is le síol Éibhir go háithrithe throideadh sé: deirtar gur mharbh
sé dhá rígh díobh is gur mharbh rí acu é. Mharbh a ó é sin: agus mharbh
a oighre sin, Rechtghidh Righedhearg, a inghean siúd, Macha Mongruadh.
D'ionnsuigh Rechtghidh árdthreabh na hAlban is chuir fá chíos iad. Is
féidir gurbh iad sin na Caledonaigh is go raibh róghaol eatora is
Ulta, is gur chuidigh Cruitheantuath le síol Éibir na n-aghaidh. Gidh
go bhfuil liosta iomlán de righthibh Uladh 'na dhiaidh bhídís go lag go
ceann ocht scór bliadhna agus aontuighann sin le buaidh dúbalta
Rechtghidh. Níor fágadh síol Éibhir gan námhaid cothrom mar is le na
linn sin fuair Gaedhil an Iarainn greim ar an Oirthir. Bhí Teamhair i
seilbh Eochaidh Bhuadhaigh le linn Chimbaith agus is comhartha gurbh-
eachtrann a bhí ann ná glacadh leis mar árdrí. Glaodhtar dalta
Chimbaith is Macha ar a mhac.



Mar sin is féidir gurbh iad Ulaidh a thug isteach an treabh nua.
Pé scéal é is le síol Éibhir a throididís ón tosach agus gan amhras
chuidigh sin le na ríomhadh imeasg síl Eiremhóin. Mhairbheadar
Rechtghidh is ceithre árdrighthe eile de shíol Éibhir agus chailleadar trí
árdrighthe amhlaidh.



Fuair Ulaidh an árdriacht aríst fao Rudhraighe agus ón am
sin go dtí gur mhairbheadar Duach Donn fao Fachtna Fáthach is
eatora is síol Éibhir bhí an troid cruaidh fuilteach agus iarrtar
orainn creidsin go n-áitighdís an dá chúige ab fhuide ó na chéile!
San ath-righe gheibhtar síol Éibhir i ndeisceart Ollnemhacht agus táid
san áit chéadna ó shoin.



Saoilim tréis staidéir ar an seanchus go n-aontochar go
gcomhnuighdís an chuid is mó den mhíle bliadhna r.Ch. an taobh
thuaidh do Theamhair. Gidh gur díbreadh a ríthreabh ó dheas siar
gheibhtar furmhór a dtreabh thart ar a seantsuidheamh — Cianacht Breagh,
Cianacht GlinneGeimhin, Gaileanga, Luighne, Dealbhnaoth, is Éile.



Dubhradh sa tseanroint gurbh é RáthUamhain i Laighnibh ráth Éibhir
agus Carraig Bladhraighe ráth a charad Mantán. I n-aghaidh a thola
admhuighann an Donnabhánach nach bhfuair sé aon áit dó sin ach
Bladhraigh na hIarMhidhe ach ba dhóigh leis gurbh ionann RáthUamham is
RáthEoghain i LochGarmáin ach ní raibh áit do shíol Éibhir annsin is ní
oireann sé dá stair. Bhí ceanntar dárbh ainm Oghamhain in sa
Mhidhe (4) ní abhfad ón Uaimh: sílim gur fuirmí truaillighthe dí an



(3)Síneadh amach beagnach gach righe aca so chun go n-oirfidís do réim na
gCruithne sa tír agus do inmhe na nDée, ach má ríomhadh righe MhicCuill ó mhairbh
sé Lughidh bheadh sé sin fá 554 is dfhágfadh sin dó-fichead i n-áit dáfhichid bliadhna
ag lughidh.



(4) Féach na IV. Máighstrí fá 660: aistrighidh an Donnabhánach i nOghamhain
(at) O. Sgríobhann Céitinn RathEomhain.


L. 26


Uaimh is “Nabhan” (5) is fíor nach raibh sí Laighnibh do ghnáth ach bhí
uaireanta (6) agus béidir go gcuideochadh sin le socrugh cathain a
cuireadh an chuid seo den tseanchus le chéile.



Deirtar fao ChasClothach “con folluastar brigh Breagha”
(l. Bailemóta, 172). Ach níorbh árdrí é agus dhá mba Mhuimhneach é
cionnus a bhaineadh uaigheanna Breagha leis? Má leantar do chathaibh
na nÁrdríogh — Conmaeil go háithrithe, chífear mar oireann siad do
lár LeithChuinn: ach is dóigh gur aimsigh Cambrens é le mearbhall glan.



Bhí dhá rítheaghlach den tsíol so agus má bhí ceann acu san Uaimh,
bhí an dara ceann i nAileach: gheibhtar rí Airligh insna láimhsgríbhinni
go coitchionn ach tá rí Oilech sa gCóirAnmann. Ní raibh aon
Airleach ann. Camadh é tréis gur léir dhearmadadh aon bhaint idir
síol Éibhir is an tuaisceart. Tá an dá theaghlach ar an measgadh le
chéile ar fad ag Céitinn is ag na IV. Máighstribh ar chaoi go bhfuil a
nginealach fá dhó ro fhada, eadhon le haghaidh na staire mar atá sé
sínte amach acu ó Ollamh go dtí Aodh Ruadh. Scéal eile atá
ann díreach t.É.: Is fíor gurbh fhéidir do Chonmhael a bheith 'na
leasdearbhráthair do chlainnÉibhir a thuit trí scór bliadhan roimhe ach
is dóiche nach ionann Éibher, a athair, agus sinnsear an tSíl.
Labhrann seanchus síl Éibhir fao shíol Eir mhic Éibhir agus nílid ann
no tuaraisg ortha, munarbh iad an ríthreabh ach má chuirtar an dá
ghlún sin isteach tá aontugh idir iad agus na síolta éile is fó-chip
dá dtreabh féin. Mar sin tugtar Éibher mac Eir 'na rígh shíl Éibhir
timcheal 22-52 t.É.: bshin é fao na hárdrighthibh Írial is Eithrial
Ach b'é Írial a smachtuigh an tuaisceart agus chítear an chaoi a
dfhás an scéal fao Éibher mac Ír rí CúigUladh. Measaim nach raibh
síolta Éibhir is Eiremhóin cho fíochmhar i gcoinne a chéile agus creidtí
nuair a rinneadh dearmad ar náimhdibh na beirte. Is féidir gur
mharbh Clann Éibhir an bheirt úd de chlainn Eiremhóin is gur mharbh Írial
iad no cuid acu, agus gur ghlac sé cuid dá n-oighreacht a thiubhradh
a ríghacht féin go dtí Cruitheantuath, ach dá mbeadh Éibher féin
freisin marbh ag Eiremhóin cionnus a dfhéadfadh a oighre cáirdeas a
shnadhmadh le hÍrial. Má thuit Éibher Fionn a' troid le Cruithne
bhéadh a ó sásta díoghaltas a bhaint asta agus thiubhradh Írial leath
den tuaisceart dhó mar aiseag a chonganta agus ar ar chaill sé sa
Mhidhe. Choimeád Írial Oirthear Uladh .i. Cruitheantuath dhó féin
agus is ann a chomhnuighadh síol Eiremhóin an tuaiscirt: fuair Éibher
mac Eir dúthaigh Érann (thart ar Loch Érann) is dúthaigh Fomhairí. Ní
fuláir nó réitigh a lucht-buachtála leó sin, mar gheibhthar Fomhairí a'
troid ar a son in aghaidh na dtreabh eile go dtí gur cailleadh cúntas
ortha mar cineadh fá leith ag bás a ríogh Cesarn fá 469 r.Ch.



Cho maith leis a gceist seo a scrúdadh ó thaobh cineadhach, staire



(5) Síleann cuid scoláirí gurbh as “An Nuadhchongbháil” iad, ach níorbh fhéidir
an -áil a chaillmhaint ar fad.



(6)M.sh. fao Chairbre Niafear.


L. 27


BANBHA


L. 28


's ginealach is féidir fhéachaint air freisin ón rian fágadh ag cuid acu
ar aghaidh na talmhan.



Sgríobh Liam Ó Catháin dhá aiste an tsuimmhail ar Claidhe na
Muice Duibhe. (7) Fríoth dhá nó trí claidhe acu agus ó d'aontuigh siad
le teorannaibh na Midhe fao Tuathal Teachtmhar cheap an Cathánach
gur thóg Ulaidh iad an ceann theas sul a bhain sé an Mhidhe díobh
fá .C.3 t.Ch. is an ceann thuaidh 'na dhiaidh. Sgríobhadh aiste tábhachtach
eile (8) 'nar áitighadh go raibh an Claidhe i riocht bac a chur ar sluaighte
na Tána. Tréis tamaill táiniceas ar tuairim gur togadh é ag lucht
an Umha .i. idir M.D. — iv.c. r.Ch. Tá rud amháin a chruthuigh an
Cathánach .i. gur dream adtuaidh a thóg é. Ach tháinig na hUlaidh
anoir isteach go Muirtheimhne a mbíodh an fheis ba shine acu, agus
troididís ar feadh abhfad le Cruithne, Síol Éibhir, is Fomhairí sa
gcúige sár a dtugadar a n-ainm air. Ach oireann an Claidhe go
háluinn do Chruithnibh. Tháinig siad isteach bfhéidir ar impidhe Érann
agus dhíbreóidís Fomhairí thar Sionainn. Dar liom baineann an
7 mbliadhna 's naoi scór tugtar do Thuathaibh Dé le na réim agus
thosóchadh sin fá M.C.F., ach cá bhfios gurbh é an t-am a ghabhadar an
tuaisceart nó an Mhidhe. Ach ó tharla buaidh Íriail an laighead sin
ama tréis buaidh Eiremhóin is Éibhir ba dheacair creidsin gur tógadh
an Claidhe ba mhó tréis an ceann theas a bheith briste ag ClainnMhíleadh.
Is féidir go mbeadh am ag Cruithnibh é chur i dtreó aríst sul ar
ionnsuighadh é agus nach ndearnadh iarracht eile faoi tréis caill
Éibhir gur éirigh le hÍrial. Chítear ón léirsgáile go raibh Biletineadh
is Comhraire ar an gClaidhe. Nach dóiche gur thuit Aimhirghin is na
hOllnemhachtaigh a' troid le Cruithne? Is nós leis na seanstairithe
gach treabh a dheighilt ó lucht-gabhála eile agus a marbhadh le na chéile.



Fiafrodhar má díbreadh Fomhairí ó dheas cionnus a gheibhtar i
dTírChonaill aríst iad ach níorbh éagsmhail a gcoimhcheangal le Cruithne
tréis do chlannaibh Uige is Eiremhóin buachtáil i nOllnemhacht.
Ainmnightar rátha tógadh chun Cruithne is Fomhairí a smachtugh agus
gan ráth i nduthaigh Érann an tuaiscirt. Nach féidir gur éirigh leo
sin a “gco-Spáinnigh” a leigint tar a gclaidhe?



Is cosmhala abhfad le treithre Cruithneach a leithéidi de chlaidhibh
a thógáil ná le hUltaigh: ach is dóigh go mbainidís sin úsáid as
tréis síol Éibhir a dhíbirt agus go raibh baint idir é is teorainn na
Midhe fao Thuathal, gidh go dtógtí é .M.2.C. bliadhain roimhe.



'Sé an suidheamh do shíol Éibhir ó Aileach go RáthUamhain amháin
a mhíneochadh an síorthroid le hUlta is le síol Ughaine, agus tá neart
rudaí dá chruthugh. Níl 'na aghaidh ach corrchúntas fao chorr-rígh
Muimhneach a bhain le hÉibher de réir seanchus. Fá .C.L. t.Ch. tréis
gur theip ar Eoghan Taidhleach Cruachain a bhaint amach sgar sé an
Clár dOllnemhacht is cheangail leis an Mumhain é. Is fada gur
aontuigh righthe Chruachan leis ach is é a mhínighann méadugh na Mumhan



(7) Imtheachta an Acadaimh Ríoghmhala, Iml. a 27 is a 33.
(8) Féach Sidelights on the Táin, Maighréad ní Ch. Dobs a sgríobh.


L. 29


a chuir trioblóid ar stairithe. (9) Is le síol Eiremhóin throid Eoghan
is fuair sé cuidiugh ó threabh Gaedhal dárbh ainm Deirgthine a bhí sa
Mhumhain cheana. Mar a rinneadh cho minic ag seanchaidhibh Éireann
de bharr coimhcheanghail cuireadh Eoghanacht, a shíolruigh ó Dheirgthine, i
n-aon ghabhlugh sleachta le síol Éibhir: is féidir fós a ndeighilt ó na
chéile, ach níl áit sa chaibdiol so.



(9) M sh. Féach Phases of Irish History, Eóin Mac Néill a sgríobh, l. 126.



CÓMHRÁDH an BHREITHIMH.



Tagaidh fá shéan, a déarfaidh an Righ ceart
Leis an láimh ndeis dá mbreith 'san tslighe ris
A mhuíntir bheannuighthe óm' Athair do dhíleas
Glacuidh mar oighreacht meidhir an righeacht' ghil.
Ó thosach an domhain atá follamh glan dhíbh-se
Ó bhíos go tartmhar thug blaise na dighe dhom
A's ó bhíos go h-ocrach thug cuireadh chum bídh dhom
A's ó bhíos am' dheóruidhe thug ósda a's aoidheacht dhom
A's am' nocht gan éadach thug éadach dín dhom
A's i mbreóidhteacht gach uair do chuaidh dom' fhís-se
Ó bhíos i bpríosún dom' fhiosrughadh thígeadh sibh
I ngrádh 's i gcarrthanacht ag rada gach nidh dhom.
A déarfaidh go cneasta dá fhreagradh an bhuidhean sin
Cá h-am, a Thighearna, bhís riamh 'sa chuíbhe sin
Ocrach, tartmhar, i n-easbha, 's i riachtanas
A's sinne it' fhochair tabhairt furtacht dá thaoibh duit
Freagróchaidh iad a nDia 's a Righ ceart
A's déarfaidh go dearbhtha, dearbhuím díbh-se
Do dhearbhráthair is lugha ó rinneabhar an nidh sin
Atá ann so im' chómhair, gur dom-sa dhíbh-se.



AN t-ATHAIR S. Ó LOINGSIGH


L. 30


LÁ FHÉILE GOBNATAN.



Is é i ndiu lá fhéile Gobnatan. Is lá saoíre agus úrnuighthe
agus aoibhnis i mBaile Mhúirne an lá so, mar is í naomh Gobnait
ban-naomh ár bparróiste. Is ann so i mBaile Mhúirne do chómhnuigh
sí, agus is ann do cailleadh í, agus is ann do cuireadh í. Agus tá
sí anois i sna flaitheasaibh i gcómhluadar na n-aingeal agus í go
síorraidhe buan ag féachaint i n-ár ndiaidh, í i n-a sgéith chosanta ag
cabhrughadh linn agus ag faghbháil athchuinighthe ó Dhia dhúinn.



Is iomdha leigheas míorbhailteach ata déanta aici. Is iomdha
duine bocht a thóg sí ó luigheachán agus ó bhreóidhteacht go dtí á
lán-shaoghal. Agus ní do mhuínntir Bhaile Mhúirne amháin do thóg sí
ceann acht do mhuínntir na bparróistidheacha mór-dtímcheall orainn.



Budh cheart dúinn onóir a thabhairt d'á lá. Agus is é an tslighe
atá chun san a dhéanamh ná an lá do chaitheamh go riaghalta críostamhail,
aifreann do éisteacht, dul go dtí á turas, ár n-úrnuighthe do rádh
go dílis dúthrachtach, ár n-ímpidhe do chuir chúichi, agus ár muinighin
do bheith aisti. Ann san sinn féin do iomchur mar is dual do
chríostaidhthibh, gan aon nídh a dhéanamh a chuirfeadh mairg, i ríoghacht
na bhflaitheas, ar Ghobnait naomhtha.



Budh cheart lá ban-naoímh ár bparróiste do chaitheamh go h-ana
dheaghmhóideach. Ní ceart bheith ag dul isteach i dtighthibh tábhairnidhe
ag ól, ná bheith ag dul i n-áiteannaibh n-a mbeadh ríngce, ná bheith
amuigh ag sraithireacht fan bhóithre i ndroch-chómhluadar oidhche laé
fhéile Gobnatan. Agus aoinne do bheidh beidh sé ag tuilleamh a
h-easgaine, agus ná bíodh aon bhraith aige ar leigheas ná athchuinghe a
fhaghbháil uaithe. Is amhlaidh a thuitfeadh easgaine naomh Gobnatan
anuas air, mar smuínghímís, ó's rud é go bhfuil sé ar a cumas sinn
a leigheas, go bhfuil sé, chómh maith san, ar a cumas sinn a chuir ag íoc
as an olc.



An té gur mian leis dul fé n-a comaraighe agus í bheith ina
bán-liag leighis aige tigeadh sé ann so go dtí an séipéal, abradh sé
a phaidreacha agus cuireadh sé a ghuidhe chúichi féin agus chun ár
Slánuightheóra. Téidheadh sé suas go dtí á turas, abradh sé a
phaidreacha thuas arís agus iarradh sé a athchuinghe, agus ann san
téidheadh sé abhaile i gcaradas Dé agus naomh Gobnatan.



Ná bíodh sé de chrosaibh air, ar a dhul abhaile dho, bheith ag glaodhach
go tighthibh tábhairnidhe ag ól agus ag carabhus agus ag tuitim ar
meisge agus ag tarrang díbhfeirge Dé anuas air féin. Nách minic
do-chonnaictheas daoine ag teacht ann so ag tabhairt turais agus


L. 31


gurb é céad áit n-a dtéidhidís ná i dtigh an tábhairne ag ól, agus
tar éis teacht anuas ón dturas dóibh isteach leó arís ag ól, agus
ann san iad ag dul abhaile ar na stárthaibh. Conus do-ghéabhadh a
leithéididhe sin aon athchuinghe ó Ghobnait naomhtha, agus stoc magaidh
agus leath-sgéal chun peacaidh acu á dhéanamh den turas. Dob
fhearra dhóibh go mór agus go fada gur ag baile fhanfaidís dóibh
féin.



Ní h-ar son leighiseanna a bhaineann le h-ár gcolainn amháin
budh cheart dúinn guidhe chun naomh Gobnatan. Is breágh an rud
saoghal agus sláinte mhaith, agus is iomdha duine a fuair iad ó
Ghobnait naomhtha, acht fós budh cheart dúinn a cabhair agus a congnamh
do iarraidh ar son ár n-anma chun grásta agus trócaire Dé a chuir
chughainn chun é a shábháil. An t-anam thar an saoghal.



Guidhimís chúichi a d'iarraidh a conganta chun ár n-anma do shábháil
agus chun fáthanna an pheacaidh do sheachaint. Agus ní h-i ndiu
amháin is ceart dúinn guidhe chun naomh Gobnatan acht gach aon lá i
rith ár saoghail.



FEAR GAN AINIM.



ÚRNUIGHTHE LE N-OFRÁIL DO'N TEAGHLACH NAOMHTHA.



(Aistriúghadh é seo leanas.)



A Íosa ró-ghrádhmhair, a choisrigh an teaghlach a thoghais ar talamh
led' shúbháilcibh do-labhartha agus le sompla do bheatha id' bhaile féin,
tréd' cheannsacht feuch anuas ar an lín-tighe seo atá íslighthe go
h-umhal ós do chómhair, agus atá ag iarraidh do thrócaire go
h-éigeanach.



Cuimhnigh gurab leat féin muintir an tighe seo, mar do
bhronnamar sinn féin ort, agus do thugamar sinn féin suas duit i
módh speisialta. Feuch orrainn led' bháidheamhlacht ghrádhmar, saor
sinn ó gach baoghal; cabhruigh linn i n-am ár riachtanais, agus tabhair
grása dhúinn chum leanmhaint go críoch ár saoghail ag deunamh aithris
ar do theaghlach bheannuighthe féin ionnus go naomhóchamaois, agus go
molfamaois thú go síor ar neamh, tar éis thú d'onórúghadh agus do
ghrádhúghadh go dílis ar talamh.



Ó, a Mhuire, a Mháthair ró-mhilis, déanamaoid úsáid ded'
eadarghuidhe, mar is fiosach dúinn go n-éisteóchaidh do Mhac Neamhdha
led' athchuingíbh, agus a Naoimh Ióseph, a Árd-athair ghlórmhair,
cabhruigh-se linn led' eadarcháirdeas chúmhachtach, agus ofráil ár
n-úrnuighthe d'Íosa tré lámhaibh Mhuire. Amen.



AN t-ATHAIR S. UA LOINGSIGH.


L. 32


DO LOCHTUI NA TEANGAN.



Cuid de mar atá sí sa tseana-lámhsgríbhinn.


L. 33


DO LOCHTAÍ NA TEANGAN (Seanmóin).



[An tseanmóin seo “Do Lochtaí na Teangan” agus roinnt
eile don tsórt céadna a bheidh, le congnamh Dé, 'á leanúint, agus
atá agam ins an láimh-scribhinn bhunaidh, 'sé im-thuairim-se, an t-Athair
Diarmuid Ó Maoldhomhnaigh do scríobh ar dtúis iad. Do bhí sé sin
ina shagart paróiste i mBarrach Ruadh in aice le Tigh-mo-laige i
nDióghaise seo, Ros-i-gCáirbre. Do thóg sé an séipéal nuadh atá
ann anois i mblian 1869. Annsan d'aistrigheadh é go paróiste
Ros-i-gCáirbre agus do fuair sé bás ann (agus é an-aosta) i
mbliain 1887. Tá fiaghnuisí maithe agam gur bhé do scríobh iad,
acht ní gádh dhom acht an méad so do luadh, (1) go raibh cáil mhór air i
bparóiste Barrach Ruadh mar gheall ar a fheabhas chun teagasc i
nGaodhluinn a thabhairt ón althóir, agus (2) go bhfuil im'sheilbh fíor-litir
a scríobh sé agus a ainm sighneáltha léi, agus gur cosúil lena chéile
scribhinn na litre sin agus láimh-scríbhinn na seanmóin. Do réir na
bhfuam is eadh láimh-scribhinn na seanmóin agus tá súil go mbeidh
spás ag eagarthóir chun na scríbhinne sin nó cuid dí, pé scéal é,
do chur i gcló. — Liam Ó h-Uallacháin.]



An té fhaireas a theanga, faireann sé a anam (13 Cab. do leabhar
na sean-fhocail).



Annso agus i morán rannaibh eile don Scríbhinn Diaga, deir an
Spioraid Naomh linn ná fuil dul ón' anam do mhilleadh ag éinne,
mar a gcuiridh sé srian len a theangain — an té, adeir an t-Aspol,
do mheasann go bhfuil creideamh aige agus ná cuireann srian len a
theangain, creideamh gan tairbhe atá aige. Anois tá cheithre
mór-lochtaí ag baint leis an dteangain, 'na bhfuil sé ceangailthe,
ar gach Críostaí a sheachaint, 'sé sin, bréaga, focail mhí-gheanmnuí,
mionna, agus monabur.



Is fuathmhar le Dia na fírinne, an T-ÉITHEACH, agus ins an
12 Cab. do leabhar na Sean-fhocail, deirtir linn go bhfuil gráin ag
an dTighearna ar an mbéal bréagach. Ní h-é amháin gur cáin ar
dhuine an t-éitheach do réir dhlighe Dé, acht fós, is scorn le gach n-aon,
do ghairm nó do dheagh-chlú, locht chómh táir leis, do chur in a leith.
Dá bhrígh sin, is tarcuisne mhór do thabhairt ar dhuine onóireach a
rád go dtug sé éitheach. Táid bréaga dá gcleachtadh chómh
fóir-leithidiúil, ameasg daoine do'n choitiantacht 'sa náisiún so,
gurb ionann d'fhéadfaí a gcosc uatha, agus d'fhéadfaí duine-dubh-
chroiceann do ghealú. Go dearbhtha, ní fheaca, go fiú, éinne amháin
riamh eatortha súd 'na gcuirfí aon nídh suimiúil 'na leith, do theipfeadh


L. 34


air bhréag do dhéanamh chun é féin do shaoradh. Anois in-eaghmuis
na bpeacaí gan áireamh do-ghníd lucht cleachtuighthe an éithigh, le
calaois i ndíol agus i gceannach, agus leis na mí-scéalta do
chumaid agus do leathanuighid, agus len a ndéanaid dochar agus
díoghbháil mhór dos na céadtha, tá aon árd-choir amháin, in 'ar dhóigh
liom, go mbíd morán aca cionntach, 'sé sin i ngeall a bpeacaí i
bhfaoistin, nó go h-áirithe a gcur slachta bréagach ortha, ar chor ná
tugaid siad stáid fhírinneach a gcoinsís chun soluis agus tar éis
bréaga' dheanamh len a n-oide-faoistin, go ndeanaid bréag leis an
Spioraid Naomh, agus mar sin go marbhaighid a n-anamacha, mar ba
chóir dóibh a leigheas.



FOCAIL MHÍ-GHEANMNAÍ nó bharbardha, an tara lucht do
bhaineas leis an dteangain. Táid seo dhá gcleachtadh ag suím
gan áireamh aos-óg, 'na bhfuair diabhal scannrúil na drúise lúb
istig in a gcroidheacha, ag dailtíní sráide ag mnáibh mí-gheanmnaí,
ag lucht oibre, ceárdaithe, sean-daoine droch-bheathacha, agus ag an
uile drong drúisiúil. Is ro-fhánach a théidhean comhairle i bhfeidhm
ar dhuine a bhíos tugtha dhon droch-bhéas so, mar do dhallann an
drúis an tuiscint, do bhodhrann sí an chluas an aghaidh na comhairle,
do chruadhann sí an croidhe agus do chuireann screabh ar an gcogús
chun ná griogfadís na scrupail é. Is leis sin, adeir an Scribhinn
Diadha, go mbíd do ghnáth líonta dho dhroch-bhearta as a n-óige, agus
go gcodlóchaid siad in a bhfochair 'san uaigh. Cé dh'eadh, tiocfaidh
an lá, 'na bhfeicfidh an té chleachtas ráidhte mí-rialltha, agus 'na
bhfuighidh amach go dubhach dho féin, go bhfuil Dia ann do-chíonn an
uile nidh, agus dobhéarfas chun géar-chúntuis é ar son gach focail
drúisiúil do labhair sé ar feadh a shaoghail, agus go bhfuil teine
chéasadhach ann, do dhóighfeas go bráth an teanga thruaillighthe, len ar
mhill sé a anam féin agus anamacha mhóráin eile ag líonadh a
n-aigeanta le droch-smaointe agus a n-inneacha (1) le teasbaintí
gráiniúla. Níl éinne atá tugtha dhon locht so, nách féidir a rádh go
fírinneach air, (2) gur duine galair ameasg muinntire é, pláig i
mbaile é, lotthóir (3) ar aos-óg, seirbhíseach leis an ndiabhal, agus
namhaid fhógartha dho Dhia. Do bhrígh (4) dá bhfuil do lochtaí ag baint
le claonta an duine, ná fuil aon cheann aca is 'mo shladann
d'anamacha ná focail bharbardha. Do bheir an diabhal cleas-inntleacht
don té chleachtann iad agus brosduigheann sé chun a raidhte é. 'Siad
comhrádh is clisde aige iad, in gach cuideachtain 'na mbíonn sé,
agus is leo do mharbhuigheann [sé] a anam féin agus anamacha cháich
eile d'eistigheann leis. Ar nós mar fhéochann ruadh-ghaoth duilleabhar
agus bláth na gcrann, mar a gcéadna loisceann bréan-anál an
duine bharbardha bláth na geanmnuidheacht' agus duilleabhar na



1 Inneacha, bowels. Inchinn, brains? Innichinní.
2 Nach … áir is brought together in the Manuscript as nár.
3 Lotomoir in the manuscript.
4 He is a plague because of all the faults there is none, etc.


L. 35


deiscréide. 'Nuair a gháireann gáir uilc [ar] dhuine téidheann an
réim in a chuid fola, agus leathann ar a fuaid. (5) I suim aimsire
in a dhiaidh sin, tagann buille ar an té gáirthear. Mar a gcéadna
'nuair a cuirthear nimh na bhfocal neamh-gheanmnaí i gcroidhe an duine
óig ná fuil 'san am san fios a n-urchóide aige, bfhéidir gur i gceann
suim bhliadhn' in a dhiaidh san, do bhrisfeadh sí amach, do lasfadh sí a
ain-mhiana agus d'adhnfeadh teine na drúise ann. Is truagh san an
teanga do deargadh le fuil Íosa 'sa tsacramuint, go ndéanfaí
usáid di, chún éirligh do dhéanamh ar na anamacha, 'nar ar a son (6)
d'eág sé ar chruis! Cé mór (7) teangthacha na mbeithidheach, ní
labhraid focal. Urlabhra, tabharthas fe leith, fuair an duine ón a
Chruthuightheoir chun labhairt len a chómh-chréatúir, [chun] guidhe chun
tighearna an uile nidh, moladh agus baochas do thabhairt do ar son an
tabharthais seo agus gach tabhartais eile do fuair sé uaidh ins an
t-saoghal so agus go deo in a dhióidh. (8)



Anois fágaim fen bhúr mbreithiúnas an bhfuil aon deallramh —
teanga atá cómhnuightheach ag déanamh réir an diabhail 'sa tsaoghail
seo — go mbeidh sí 'sa tsaoghail eile ag síor mholadh Dé i gcomhluadar
Aingeall agus Naomh i gcúirt flaitheamhnais — ionad ná sroichfidh go
bráth aon nidh do bhéas neamh-ghlan. Ní féidir dhíbh a mheas, mar a
theasbeánaid go soiléir focail dhrúisiúla, cá bhfuil triall a pheacaidh.
Aithnighmíd caora ar méighleach, agus gadhar ar amhstrach, agus leis
an ndeimhin chéana aithníghmíd clann an diabhail ón a ráidhte salachair;
mar ná cómhnuigheann an Spioraid Naomh go deo, agus nár chomhnuigh
riamh i gcroidhe teimhlighthe. (9) Dá mbeadh an Spioraid Naomh 'sa
chroidhe, ní thugfadh an bréantas úd as. Sibhse go léir mar sin 'nar
mian libh réir an Tighearna do dhéanamh, seachnuigh go dian dícheallach
an uille dhuine ar a bhfuil an galar tógálach so, agus sibhse, go
speisíaltha, ar a bhfuil curam clainne, ná fuilingidh éinne dhíobh súd
in aon tigh libh. An mhuinntear do bhíonn imnidheach i sláinte a
gclainne agus in a gcoimeád glan, deighilíd iad ó lucht smáilcighthe
agus droch-thaithigheach, (1) le h-eagla go dtógfaidís an aicíd uatha.
Is 'mó ná san an t-imnidhe, ba chóir dhóibh gan buachaill ná cailín
aimsire barbardha do ghlacadh, nó a ndíbirt 'nuair a gheobhaidís amach
a mbeith lochtach, chun ná tógfaidís a gclann aicíd na drúise uatha, an
galar is measa ar anam an duine. Is truagh (mo nuar!) lucht na
drúise! mar atá breithiuntas damanta tabharta ortha ag Críosd agus
ag a aspoil agus mar a bheas a bpianas (pionós) in ifreann ag méadú
do réir na bpeacaí do dhéanfas an mhuinntear do loiteadar len a
ndroch-shampla agus do réir pheacaí na ndaoine do loiteadar san
airís agus mar sin go deire an domhain.



5 The call of evil spreads over the blood.
6 For whom, for whose sake he died.
7 Cé mór … ní = ciacu is mó … ná.
8 Dhioidh for dhiaidh.
9 In the stained (i.e. impure) heart. (From teimheal).
10 Gan smúit no smáilc i gcoinnib an anama. Smáilc whence smálcaire
and by transposition smáilcire diorhacha by transposition from droch.


L. 36


MIONNA AGUS MÓIDE, an tríomhadh locht, do bhaineann
leis an dteangain, agus cé ná fuil nimh na barbaracht' ortha, agus
ná millid chómh minic ná chómh fóirlíonta léi súd anamacha na ndaoine
do chloiseann iad dá dtabhairt, ar a shon san is ro-mhór an díoghbháil
do rinneadar agus táid fós á dhéanamh as a mbeith chomh fóir-
leitheadúil a's atáid. I mbaile mhor agus i dtuath bíonn fuaim na
mionn agus na móid in ár gcluasaibh agus ainm Dé dhá mhaslú
d'aimhdheoin gach mór-dhícheall dá ndeárnaig an Eaglais le morán
bliadhan chun a gcosc agus d'aimhdheoin na mbagarthaí do-ghné (11) Dia
uile-chomhachtach ar an muinntear a chleachtann iad. Deir an Scríbhinn
Diadha linn (Eccls. 23 Cab.) beidh fear na mionn do tabhairt lán do
mhalluightheacht agus ní scárfaidh airbre (12) Dé len a theaghlach. Ar
an uile nídh deir an t-Aspol (Naomh Séamas) a dhritheáracha, ná
dearbhuig dar Neamh ná dar an talamh, ná aon mhionn eile. “Ag
deimhniú aon nidh (ars' ár Slánuightheoir) ná abraidh acht, is eadh, is eadh
no ní h-eadh, ní h-eadh, aon nidh thairis sin, is ón olc a shíolruigheann sé.”
Mionn, droch-bith, (13) d'fhogluimigheann duine i dtúis a shaoghail,
comhartha neamh-fhoidhne agus feirge d'áitigheas go sóiléir go bhfuil an
aigne fós gan smachtú ag an gcreideamh agus go bhfuilid a chlaonta
fós ina mbeathaidh 'sa' duine. Is gnáthach da gcleachtadh iad ag an té
'nar mhian leis a chómharsa do mhealladh, agus calaois do dhéanamh
air. Sid iad is ádhbharaí coitianta ag mionna agus an té atá saor
uatha, níl gadh ar bith dho mhionna aige. I ndíol no i gceannach dhá
mhéad do dhearbhuigheann duine, nó dhá ullamhacht atá sé chun móide
do thabhairt, is lughaide is cóir é 'chreidiúnt, agus is móide is
riachtanach do dhuine a bheith ar a chosaint féin air, do bhrígh, an té
ná cuireann spéis i ndlí Dé dho bhriseadh, agus an anam do dhamnú
le mionna, gur duine gan coinsias é, agus dá réir sin, duine atá
ullamh chun a chomharsa do mhealladh an tráth ná fuil eagla air
mí-omós do thaisbeáint do Dhia. Mar leatscéal ar mhionna, deir
duine, ní dhearbhuighim acht an uair a bhíonn fearg orm; acht is
peacadh an fhearg san agus coisceann Dia í, mar a choisceann sé
na mionna. Deir duine eile, — ní le droch-aigne a thugaim mionna,
sceinnid siad uaim; drochbhéas do thugas dhom féin acht, d'órduigh
an creideamh dho, an droch-bhéas san do sheachaint, agus nuair nár
sheachain, ceanglann sé air leigint de, agus chomh fada a's ná
déanfaidh sé a dhian dhícheall chun buadhchaint air, dá ndearbhuigheadh
sé míle uair 'sa ló, beidh sé cionntach i míle peacadh. Ní leór
droch-bith (14) mar leathscéal i meisge ná i mbithiúntacht, agus cad é
an fáth 'nar leathscéal i dtabhairt mhionn' é? Ach, a Dhia! is mór
an truagh gur focal barbardha nó mionn, do bhíonn dá nglacadh ag
muinntir thighe agus do foghluimeóchar go minic ó athaireacha nó ó



11 Is this the old Pres. Subj. 3rd Person (which he may do) or is it for
doghníonn.
12 Oirbhre = curse, reproach.
13 Bad habit.
14 Bith Gen. beatha, a thing existing, therefore a habit.


L. 37


mháthaireacha — an chéad fhocal do cloistear ó bhéal leinbh! Is
anacrach gan amhras a gcoir, do bhrígh go mbeidh a bpianta ag méadú
in a dhiaidh seo ag peacaí a gclainne, 'nuair a bheid féin dreóite
'san uaigh, mar do mhúineadar oibreacha an diabhail dóibh i dtúis a
n-óige len a ndroch-sampla; nó, níor choimeádadar iad ó chómhluadar
lucht na mionn agus na barbaracht? Is díombháidheach, go dearbhtha,
coir na ndaoine atá tugtha do mhionna, do bhrígh tréis a ndeárnaigh
agus ar fhuiling ár Slánuightheoir ar a son, — tréis gach grásta
tabharthas agus sacraimínt do thug sé dhóibh, — tréis a gheallamhna
agus a bhagarthí go léir, ná déanfaidís le baochas ar son a ndeárnadh
dhóibh, nó, mar ba chóir a radh, ar son a n-anama féin, an nídh do
dhéanfaidís ar luachsaothar suarach saoghaltha d'fhaghail. Óir
(sásuighim air) don mórán millthe, atá tugtha don droch-chleachtadh
so, dá bhfuigheadh gach n-aon díobh súd scilling gach uile lá ná
tabharfadh sé mionna ar bith agus go mbeadh scilling le cailliúnt
aige, an uile lá do bhéarfadh, gur gearr go mbeadh, go h-airithe,
furmhor lucht tabhartha na mionn saor uatha. Nách atuirseach
(?aithiseach) an nídh le h-athiris, ball len a n-órduigheann ár
gCruthuightheóir dhúinn guidhe chuige féin, baochas do bhreith leis ar
son gach cumaoin do fuaramar uaidh, agus ball do thug sé dhúinn
chun labhairt le chéile agus oideachas do thabhairt dá chéile, go
n-déanfaimís úráid de, go díombháidheach agus go mí-nádúrtha, chun
anamacha a chéile do mhilleadh, chun naomh-ainm Dé do mhaslú, ar
mórán ócáidí agus ar fhíor-bheagán cúise, agus so go léir gan
aon tairbhe, ní deirim dhon ainm do leónann sé, acht fós don
cholann. Sé an t-adhbhar é, imeasg dhá ndeintear do pheacaí, siad
mionna, móide agus eascuiní an chuid is torthaighe dhíobh go léir.
Do gheibheann an duine ólach aiteas i slogadh na dighe, agus an
bithiúnach in ithe na feola do ghoideann sé. Cédh'eadh, níl bíadh ná
deoch ná éadach le faghail do bhárr mionn. Ní leigheasaid aon ghalar
do bhíonn ar an gcorp, agus ní shásuighíd aon cheann dá ain-mhiana;
ar chor, an cheist do cuirtear 'sa Scribhinn diadha chun na bpeacach —
sé sin, cad é an tairbhe do bhaineabhar ós na droch-bhearta, do thug
indiu chun droch-críche sibh? Go n-deireann sí [é sin understood?]
go ro-chruinn do lucht na mionn, nuair a d'iarrfar ortha adhbhar. (15)
Ins na (16) peacaí gan áireamh, ná deárnaig sásamh ar bith ortha,
agus do dhamnóchas iad chómh deimhnitheach le meisce nó bithiúntacht.
Ar nós mar a dhéanfadh aon bheárna amháin slighe do bheithidheach chun
foghla do dhéanamh ar ghort agus é 'ithe go cré, chómh iomlán agus dá
mbeadh sé gan claidhe ná fál: mar a gcéadna oscaileóchaidh aon
bheárna amháin, sé sin, aon mhór-locht amháin ar an anam slighe dhon
diabhal chun dul isteach ann a dheagh-oibreacha go léir d'idiú agus
flaitheas Dé do dhíth air. (17) Dár n-dóigh, is nídh soiléir [é seo] — an



15 Nuair a deárfar iad — in the Manuscript — evidently the meaning is,
when they'll be asked the cause.
16 San — in the manuscript.
17 Is it bheith do dhíth air — le fonn díthe ár n-anamhacha = For the destruction
of souls


L. 38


teanga do mhasluigheas ainm árd-onóireach Dé 'sa tsaoghal so, do
dhearbhuigheann dar an uile nídh do chruthaigh sé, agus do bheir do
ghnáth droch-ghuidhe dhon chomharsain ná múscaileóchar í lá mór na
h-aiseirghe, chun bheith a' tabhairt mola' agus glóire do Dhia go bráth.
Ní mar sin a bheidh, acht nuair a chuirfidh an bás deire le sainnt,
drúis, craos, calaois agus droch-bhearta eile, beid na mionna fós
dá nglacadh, mar beidh an drong damanta ag tabhairt a mallachta
dhá n-athaireacha agus dhá máthaireacha, don lá rugadh iad, do gach
n-aon fé ndeara a mbeith damanta, agus do Dhia uile-chomhachtach
féin 'cheann iad do chruthú riamh.



(Ní críoch.)



BAOIS AN t-SAOGHAIL SEO.



Atáim ag tuitim, ní h-ionnan a's riamh anois
Mar sgáil gan mire, gan fuinneamh, gan rian, gan rith
A ndeáigh gach turuis dá dtugas le mian mo chuirp
D'fhágfad curtha 'na chonablach piast fá'n lic.
Fáith mo thuirse nár thuigis go mbínn mar sin
An tráth ba mhinic mé ar mire tar riaghlach cirt
Gan tábhacht 'san ionad 'na bhfuilim ag triall anois
Acht tábhairneach, imirtheach, tuillte de chliaithibh clis:
Lucht ráis le mire ní fhuilingid srianta a's spuir
A's táid ar buile, agus tuigsin a's ciall acu
Ag trághadh 's ag tuitim go bhfuilid gach bliadhain dá dtig
Mar bhláith na coille no luisne do shliabh 'na rith.
D'fhás am' uiseannaibh uisge, a's do liath mo stuith
Tháinig daille orm chuireas mé siar a's soir
Tráith dom' fhurtacht ní tuigtear dom liaigh go bhfuil
Is fearr ná tusa, A Mhic Mhuire, 's a Dhia atá ar neimh.



AN t-ATH. S. UA LOINGSIGH,
Baile-an-Fheirteuraigh.


L. 39


SAIGHDIÚIR AG COMHRÁDH LE DIA.
An t-Athair Risteárd Pléimeann d'aistrigh ó'n Iodálais.



II.



Cad chuige go bhfuilimíd chomh bodhar agus go bhfuil do ghuth
chomh h-árd a Thighearna? Cad chuige sinn chomh dall agus an solus
ag taithneamh go láidir a's go fearseag uait ins gach aon bhall?
Cad é an leathsgéal a bheidh le fághail againn lá an bhreitheamhntuis
nuair a bheidh orainn freagart ins gach nídh dár thuguis dúinn? Na
tabharthaistí a thugan tú uait, ní thuigimíd a líonmhaire ná a bhflúirse.
Nách comhgarach dúinn atáid siad? Nách acrach againn? Nách
fuiriste iad do tharrac chughainn? A Thighearna, a Athair ionmhuin, is
tú is maith. Is fíor an focal adubhairt an fáidh: táinís ag feuchaint
an domhain; do chuiris saidhbhreas air i mórán slighte. D'á mhéid é
do mhaitheas, iseadh is mó ár gcionntacht. Laistigh ionainn, i n-ár
gcroidhe agus i n-ár n-aigne iseadh atá an daille agus an bodhradh
go léir. Tuigim anois é: níl againn ach cur chuige agus beidh an
buadh againn ar olc an domhain. Dá mb'áil linn é, níl bac orainn
bheith sgurtha ó'n saoghal. Tá neart do gach aon duine bheith saor
go h-iomlán. Ní ró dheacair é i n-aon chor. Feuch, níl againn le
déanamh ach an dúil sin i saidhbhreas do chaitheamh uainn. Tosach na
h-eagna iseadh é sin. Ní beag san chun siothchána do thabhairt do
náisiúnaibh an domhain agus chun suainis aigne do chur ar gach
duine fé leith. Ansan iseadh bheadh deire le cogadh, agus an ceart
n-a lán réim ar fuid an domhain go léir.



Gabhan an saoghal so i n-ár gcoinnibh. Isé an saoghal do chuir chun
báis an Slánuightheoir ar chrann na croise. Ní féidir linn i n-aon
chor, d'á bhrígh sin, réidhteach a dhéanamh leis an saoghal. Do thuig
Naomh Eóin an méid sin go maith. Ná tabhair grádh, ar seisean,
do'n tsaoghal, ná dos na neithibh atá sa tsaoghal. An t-é go mbíon
a ghreann ar an saoghal aige, ní féidir dó creideamh ná dóchas ná
carthanacht a bheith aige; agus go mór mór ní féidir dó grádh Dé a
bheith aige. Má thugan duine grádh do'n tsaoghal ní féidir dó grádh
a thabhairt do'n Athair. An t-é atá gan dúil i saidhbhreas, tugan sé
druim lámh le strus an tsaoghail, an strus go bhféadfaidh an
leomhan é dh'ithe agus na bithiunaigh theacht isteach agus é thógaint chun
siubhail. An t-é atá gan dúil i saidhbhreas cuirean sé uaidh gach
droch-mhian; coisgean sé tosach an uilc. Mar adeir an t-Aspol:
Níl sa domhan ar fad ach dúil i sólás chorportha, dúil ins na neithibh
a chítear agus uabhar na beatha. Tá an saoghal so ag imtheacht agus
gach sóghachas agus pléisiúr saoghaltha ag imtheacht leis. Is mór an
cheataighe agus is mór an toirmeasc a dheinean saidhbhreas do'n t-é
gur mian leis dul isteach i ríoghacht na bhflathas. Cuir uait mar sin
an dúil mhór san i saidhbhreas agus cuirfir i n-áirithe dhuit féin an


L. 40


t-áthas go léir i gcóir na síoruidheachta. Mar adeir an t-Aspol:
An t-é a dheinean réir Dé, fanan sé ann do shíor.



Sin é an bhochtanacht, an dealbhas a bhí ag na naoimh. Agus ní
h-é amháin go mbrisean sé gach ceangal, ach tugan sé solus dúinn
i n-ár slígh chun Dé. Bunchúis gach sobhailce iseadh é. Do gealladh
nídh mór dúinn, nídh atá thar na beartaibh ar fad; do gealladh dúinn
sinn a bheith páirteach i nádúr Dé, i mbeatha Dé féin; ach is ar
choingheall é. Ní foláir dúinn a chur uainn an droch-dhúil a dheinean
an t-anam do thruailliú. Mar sin nuair a bheidh an aigne glan,
beidh slígh ann dos na sobhailcíbh; an creideamh ar dtúis; an neart,
an eagna agus an tuisgint. Ó'n eagna thagan an gheanmnidheacht,
an mheasardhacht, fíor-ghlaine aigne a's chuirp; ansan foidne,
fadaraighe, fadfhulag, seasamhacht i ndílse, démhóidheacht, grádh do'n
chomharsain, grádh do Dhia. Ní gádh ughdarás na naomh chun deimhne
bheith agum ar an méid sin. Ná fuil beatha Chríost ós mo chomhair?
Beó bocht ab eadh é agus gan áit aige go luighfeadh sé a cheann ann.
Conus is féidir dom bheith am' Chríostuidhe i gceart, conus is
féidir dom Críost leanmhaint, mara mian liom a shampla do ghlacadh
agus do ghabháil le m-ais? Bhí an dealbhas maith a dhóithin dó; nár
chóir go mbeadh an dealbhas maith mo dhóithin domhsa ná fuil ionam
ach peacach bocht suarach gan áird. Tá urraim agum dod' bhochtanacht,
a Íosa; tá greann agum uirthi. Ní fhéadfainn go deo áthas a bheith
orm i gceart mara mbeidh sí agum mar a bheadh céile mo chléibh.



Do thuig Naomh Proinséas an méid sin go h-álainn; do thugais
dom, a Thighearna, moladh leat go deo, é thuisguint, leis. Tagadh
an dealbhas orm nuair is toil leat é; sa méid n-ar toil leat é, ar
an gcuma n-ar toil leat é; go sgaoilidh sé mé ó gach ceangal; go
gcuiridh sé isteach am' chroidhe misneach nách féidir a chlaoidh.



A Dhia, bím i gcruadhtan go minic a's tagan cathana orm ó'n
áirseoir; ach is ar slígh na saoirse atáim ag siubhal. Is ort-sa atá
mo sheasamh; is tú a chabhruighean liom. Is tú atá ag glaodhach orm.
Cheapas go mbeadh an sgéal ag dul i ndeacaracht orm; ach is
amhlaidh ataoin tú ag réidhteach dom, ar gach aon tsaghas cuma.
Cad é mar lá, * an lá a chuas fé láimh easbuig! Ní raghaidh sé as
mo chuimhne go deo. Do bhronn sé orm tiodhlaicí ó'n Sprid Naomh.
Tháinig atharú mór orm. Is tú, a Thighearna, a bhí ag bronnadh na
ngrást orm; is tú a dhein duine nua dhíom. Is tú a bhí am' chomáint
ar an slígh chóir. Mheasas riamh nár bheag do'n duine chun beatha
foghanta chaitheamh, a mhuinighin a bheith aige go láidir asat-se, aigne
ghlan shimplidhe gan chaime a bheith aige, greim do bhreith ar do láimh
go h-umhal, leogaint duit é sheoladh go ceannsa. Sin mar atá sé.
Ní gádh d'aon naomh é chur i n-iúl dom feasta. Tá taithighe déanta
agam féin de. Bead dílis duit, a Thighearna, bead dílis duit
go bás.



1 Abrán 29, 1915. Do marbhuigheadh sa chogadh mhór é 21 Oct., 1915.
Iósúé Borsaí ab ainim do. Colloqui an ainim atá ar an leabhar Iodálais. Tá
sé le fághail i mBéarla leis. A soldier's confidences with God. Fuaras
cead ó'n a mháthair an comhrádh d'aistriú.


L. 41


GUIDHE ÉIREANN CHUN CROIDHE RÓ-NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST.



A Chroidhe Ró-naomhtha Íosa Chríost
A Chroidhe na dtruaighmhéil, Chroidhe na dtruaigh:
Cheart-Lár na dtrócaire Dé síorruidhe,
Dár dtárrtháil déan id ghrádh dhúinn deabhaidh.



A Chroidhe na gCroidhe, a's Croidhe na ngrádh
Do ghlac chughat féin 'ar ndaondacht n-umhal,
A's thoirbhir í — chun bídh — chun dighe:
Arán ár lae fé spéir 'nár siubhal.



Athchuingmíd Ort tréd ghrádh-sin dúinn,
Tré uile bhraon dhoirt tú ast Chroidhe,
Ar son an domhain 'sa chlann a's chlann:
Scaoil Éire saor — Lán saor léd righe.



A Chroidhe Ró-naomhtha Íosa Chríost
Thuirling ó neimh le teasghrádh Dé
Do chur 'na las' i gcroidhthibh nglas',
I gcroidhthibh gcruadh' ar aghaidh na gcré:



Faduigh, faduigh an teine-sin
I n-uchtaibh fuar' ar fuaid an domhain,
As líon iad suas léd spiorad féin
Le creideamh, grádh, le dóigh, deaghfhonn.



A Íosa Chríost do ghlac ort féin
Ár gcorp-sa dtláith, ár bhfuil, ár bhfeóil,
Chun sinn ó dhaoirse Shátain shaor,
A's leat dod shaoirse shéanmhair sheól:



Athchuingmíd ort tréd thruaigh-sin Chroidhe
Lér thuirling tú chun ár dtárrthál,
Clann Éireann 's bhfuil de chlainn fé chruadhas
Ó shluaighthibh ifrinn 'ndiu sábháil.



Ár nguidhe glac í — ár nguidhe as croidhe
A Dhia na ngrás tréd Chríost leat féin
'Scaoil Éire saor, glan saor léd righe,
buadh go bráth fed ghréin.



AN t-ATHAIR CLEMENT, Ó.D.C.


L. 42


AN DÁ BHÓTHAR.
(Richter da chéad-scríobh i nGearmáinis é.)



(Aistriúchán.)



Oidhche chinn bliadhna a bhí ann. Bhí seanduine i n-a sheasamh ag
fuinneóig. D'fhéach sé go dubhchroidheach ar an spéir diamhair guirm i
n-a raibh réalta solusmhara ar nós na mbán-lil a bhíonn ag snámh
ar bharr locha chiúin ghléghil. Ar ball d'iompuigh sé a shúile ar an
dtalamh agus go deimhin féin is ar éigin bhí ar shliocht Ádhaimh, agus
iad uile ag chur díobh go tiugh fé dhéin na huagha, duine ba lugha
dóchas 'ná é féin.



Bhí trí fichid stad de'n turas curtha dhe ceana aige, agus ní
raibh d'á bharr aige acht mearbhall aigne agus cathughadh. Bhí a
shláinte loitithe, a aigne gan éirim, a chroidhe buaidheartha, agus gan
sólás ar bith aige i ndeireadh a shaoghail. Chonnaic sé i n-aisling
laetheanta a óige, agus tháinig chum cuimhne dó an lá solamhanta úd
'nuair a chuir a athair i mbéal dhá bhóthar é. Do sheol ceann de sna
bóithribh na daoine i dtreó tíre i n-a raibh suaimhneas, solus agus
flúirseacht, agus i n-a dteannta sain ceol bog binn na n-amhrán
le cloisint ar a fuaid. Maidir leis an mbóthar eile is amhlaidh
thugadh sé lucht taistil isteach i bpluais doimhin, diamhair dorcha agus
gan breith ag aoinne ar theacht amach aisti. Nimh a bhí i sna
struthánaibh ann i n-inead uisce, agus naithreacha nimhe ag siosarnaigh
agus ag snámh is gach aon bhall.



Do thóg sé a cheann, agus a lámha i n-áirde, do scread sé
le neart bróin: “Fill orm, a óige,” ar seisean, “a athair, cuir
arís mé i mbéal an dá bhothar go bhféadad an ceann tuathail a
sheachaint.” Acht forior bhí an óige caithte aige, agus a athair
imthighthe ar shlighe na fírinne.



Chonnaic sé soillse neamh-shocra fánacha ag foluamhain os cionn
dubh-mhong, agus annsain d'imthighidís as radharc. B'shin iad
laetheanta saoghail gan crích. Connacthas dó réalt ag gluaiseacht
tríd an spéir, agus ag dul i bhfolach fé scáth an dorchadais. B'shin
é a dhalta féin é; ba thairgne i mbeo air, an scéal ar fad, agus
cealgadh agus brúigheadh a chroidhe le brón agus cathughadh, acht bhí sé
fuar aige bheith ag caoi. Chuimhnigh sé annsain ar na comráduithibh bhí
aige le linn a óige, lucht a chomh-aimsire. Bhíodar uile tar éis
subhailcí do chleachtadh, agus a ndúthracht do chaitheamh i ndeagh-shaothar,
agus bhíodar fé réim, fé shéan agus fé mhaise an oidhche Chaille seo.


L. 43


Do bhuail an clog i gcloigthigh an teampuill, agus chuir a ghlór
i gcuimhne dhó an grádh a bhí ag a athair agus a mháthair dó féin, a
mac míoádhmharach. An oileamhaint fuair sé uatha agus na paidreacha
bhí ráidhte aca thar a chionn cuireadh ar a shúilibh dó iad. Do ghaibh
náire agus aithreachas é agus ní leomhadh sé a shúile d'árdughadh chum
na bhflaitheas mar ar áitreabh a Athair. Bhí frasa deor le n-a shúilibh
agus é ag éigheamh go doilgheasach: “Fillidh orm a laetheanta m'óige
fillidh orm.”



Agus d'fhilleadar, mar ní raibh ann acht aisling; deineadh
taidhbhreamh dhó agus é i n-a shuan Oidhche Chaille. Bhí sé fós i mbláth
na hóige, agus ní raibh de bhunadhas leis an scéal acht amháin a lochta
féin.



Ghaibh sé buidheachas le Dia go dúthrachtach gurbh leis an aimsear
fós, agus ná deaghaidh sé isteach 'sa phluais doimhin dorcha úd. Bhí
sé ceaduighthe dó triall fé dhéin na tíre i n-a raibh suaimhneas agus
toradh na sláinte go fairsing.



Agus sibh-sé atá fós i mbéal doruis bhur saoghail, i mborradh
agus i mbláth na hóige agus nach eol daoibh an treo i n-a ngeobhadh
sibh, mura mbeidh ciall agaibh, beidh cuimhne agaibh. Má ghabhann sibh
an chonair thuathail, nuair a thiocfaidh an t-aos oraibh, agus sibh ag
tuitim i gceann bhur gcos ar an sliabh uaigneach, éighfidh sibh go
truaighbhéalach, acht bheidh bhur ngnó i n-aistear agaibh: “A laetheanta
m'óige, fillidh orm.”



DONNCHADH Ó LOÍNGSIGH.


L. 44


BHÉNÍ CREATOR SPÍRITUS.



I.



Tig chughainn, a Spioraid Chruthuightheóir,
'Nár n-intinn déan duit áit comhnuidhe,
Ár n-uchta líon le grás le grádh,
Le drucht ó neamh — lee h-uile bhrigh.



II.



Thú ar a dtugtar Coimirctheóir,
Ó Dhia Ró-árd an tabhartas glé,
An ceann-sruth beo — bith — theine — grádh,
As balsam buadh' d'on anam fé.



III.



Spioraid na ngrásta — seacht 'na ngné,
Tú méar deas-láimhe láidre Dé,
An té do gheall an Críost chur chughainn,
Ceart Dé d'on Domhan tréd neart do mhúin.



IV.



Dár gcolnaibh is tú grian a's spéir,
Léd ghrádh líon suas ár gcliabh go léir,
Daingnigh a bhfuil 'nár gcorp gan brigh,
Léd Spiorad tréan — léd neart shíorraidhe.



V.



Ár namha ruag i bhfad uainn i-gcéin,
Do shíoth — bíodh sí — ar ball 'nár meodhan,
Mar sin féd threóir bímís lán-shaor
Ó uile olc 'nár dtriall fé'n spéir.



VI.



Tabhair eólas ar an Athair dhúinn,
'S ar Íosa Críost — an Slánuightheóir,
Le creideamh lán san dTríonóid — tríoth
Le linn ár dtriall ar ríoghacht na nglóir.



VII.



Do Dhia an t-Athair glóir a's buadh,
'S d'a Éingein Críost ó'n uaigh 'na brigh,
'S duit Spiorad Naomh ár gcoimhéadhóir,
Ó shaoghal go saoghal go réim síorraidhe.



AN t-ATHAIR CLEMENT, Ó.D.C.


L. 45


GAEDHEALG I LEABHRAGÁN AN VATICAN.



A mbliain a 1789 scríobh an t-Athair Séarlas Ó Conchubhair, D.D.
(“Columbanus”), dá athair: “Is féidir liom a dhearbhú anois nach
bhfuil i leabhragán an Vatican fiú aon láimhsgríbhinn Gaedhilge amháin,
óir bíodh a's nach bhfacas an clár tá focal prealáid árd-chéimigh
agam air .i. Mgr. Reggi, Coimeádaidhe an Leabhragáin.” Deir
sé go ndearna sé scrúdú ar chlár na leabhragán Vallicelli, Barberini
(atá anois 'sa Vatican), Angelica, Minerva, Corsini, Imperiali
agus Chigi, agus tá an teisdeas céadna aige fútha go léir. (Cf.
Seven Hills Magazine — Volume III. — p. 260.)



Chó fada agus is féidir liom a fheiceáil, is fíor dó. Níl aon
láimhsgríbhinn Gaedhilge ann, gidh go bhfuil a lán 'sa script Gaedhealach,
go h-áirithe 'sa mbailiú Palaitíneach. I gcroinic Marianus Scotus
(Pal. Lat. 830) tá gluaiseanna Gaedhilge. Táid i gcló 'sna
Monumenta Germaniae Historica, agus cúpla aca ag Mighne
(Patrologia Latina) freisean. Ag Pal. Lat. 68 (i script Gaedhealach
uilleannach) tá gluais ag Edilberict mac Berictsridi, leathanach
a 46: “Et quis adnuntiavit domino meo .i. ac si dic. Badeth-bir
do cini fesed personam meam minimam …” An Gaedhealg
na focla do-thuigse?



Deir Tomás Dáibhis (Prose Writings ed. T. W. Rolleston — “The
Library of Ireland,” p. 226 bun) go bhfuil beatha Aodha Uí Néill
“i Láimhsgríbhinn Gaedhilge 'sa Vatican,” ach ní deir sé a thuille
faoi agus ní fheicim rian den bheatha seo i gclár coda ar bith den
Vatican. Is dócha gur fé Leabhar Thaidhg Uí Chianáin (a bhí an uair sin
i gColáiste San Isidóir) a bhí sé ag smaoineadh.



Tá cúpla gluais Gaedhilge (den 17adh aois) ar Láimhsgríbhinn
Goticach de Scótus ag coinbhint San Francesco della Ripa 'sa
Róimh.



I gColáiste San Isidóir atá an litir seo leanas. An
Bonaventura ó Conchubhair a sgríobh í, ba Scótista mór é. Scríobh
sé beatha Scótus i Laidin. Mhúin sé i roinnt áit 'sa nGearmáin.



An fear chun a sgríobhtar é, 'sé seanchaidhe cliúmhail na naomh
nGaedhealach é.



An fear ar a bhfuil trácht 'sa litir, fuair sé bás i nGeanua fé
chliú na naomhthachta. Tosnuigheadh ar phroiseas a bheannacháilte i
gcúirt Áirdeasbuig Geanua agus tá fresco de 'sa gcóir i
dteampall na bProinseascánach 'sa gcathair sin. Tá beatha de i
sean-leabhar Ollandaise, gur cuireadh aistriú ar chuid de i bhFraincis.


L. 46


[Mo bhuidheachas don Ath. Lúcás ó Carraigh, O.F.M., i gColáiste
San Isidóir do thaisbeáin an litir dom agus do thug an t-eolus sin
thuas dom. — P. E. Mac Fh.]



['San druim] Reu. Adm m. P. P. Joanni Colgano. S.
… [Rud éigean imthighthe 'sa dtaoibh] … Jubilato et Comissario
… ria transmarina
… morum ett.



Ad S. Antonii. Louanium
['San aghaidh]



A Athair onór.,



As adhbhal an luthgháire do chuir oram a chlos bhur mbeith ar
bhisioch; atá súil le Día agam go léigfe dhúinn thú go fóill dochum a
ghlóire féin agus seirbhísi na tíre boichte. Do cheangail an tAthair
Míchel ó Duibhinn díom ar na laethibh sul fúair bás, sgríobhadh chugaibh
comh luath agus do ghoirfeadh Día air as an deóraigheacht sa da iarraidh
oraibh guidhe air agus sgéla don Prouinsi ar a bhás. Do fuair an
t-athair maith bás an .6. lá don mhí so. Do bhí a chorp ó mheadhón
lae Díardaoin gan adhlacadh go ceann trí nuaire d'oidhche Dhomhnaigh
agus é do ghnáth ar feadh na ré é sin ag sírdhenamh mirbhuileadh, ní
bhfuil cinneadh ar nuimhir na ccláiríneach agus na mbacach do fúair
a siobhal ar a thomba, iomad dall a radharc, boghair a néisteacht,
balbháin a nurlabhra, lucht luibhre agus gach sóirt oile aicíde á
sláinte do dhíbir na deamhuin as iliomad do chorpaibh, atá go fóill
ag greamughadh do na neithibh sin agus atá súil aguinn go ndiongna
neithe as mó, ní facus lé fada méd na honóra do righneadh na
thimcheall iná méd na lúthghára atá ar úaislibh agus ar phobal na
háitesi a shamhuil dóirchisde dfaghail. gidheadh do bhrígh gur ghoill go
mór ar an díabhal a nuiriod sin onóra dfaghail do shearbhónta Dé
agus go bhfacha go raibh ag sáruidheacht mhórán dá raibh na sheilbh féin,
do chuir dfíachaibh ar neach éigin coinnealbháite a ínnsin go raibh an
t-athair Michél na eithricceach go beith a naois chúig mblíaghan dég
dó agus gur ab mun am sin dó baisteadh é. Agus fós gur bh
eithriccigh a athair agus a mháthair agus an treabh dá raibh: do ghoill
an ní so go mór oram agus ar an ord go hiomlán, dó bhrígh nach
beag súaireach an spot ar neach san tírsi a bheith na eithriceach nó a
aithre do bheith amlaidh. Uime sin atáim ag iarraidh mar athchuinge
oruibh dithchioll do dhénamh ar an fírinne do chur na háit féin as
deacair nach bhfuilid bráithre nó daoíne saoghalta san áitsin agá
bhfuil eólas ar Mhíchél agus ar a aithribh re ar féidir an fhírinne do
sgríobhadh fá na lámhuibh agus a cur chugamsa gus an áit so do béra
so sólás mór dúaislibh na háitesi eidir chill agus túaith. {Do sgríobh
an t-Athair Ualentinus chugam as Ruremont go raibh an t-Athair
Fróinsías Mágrúaire dá iarraidh mar chompanach leis san Róimh nach
measann sibhsi go dtiocfa sin lé na sláinte nó gur … mar


L. 47


chompánach maith … comurson nó leithreacha … daingne
ag Próinsías do dhéna maith éigin san Róimh. Gidheadh ní mór dhó
dithchioll do dhénamh gan Lúcás dfaghail sgél ar a bheith ag tríall ann
do bhrígh go ttairgfeaidh an uile toirmeasca [?] do chara [?] air
deagla go bhfuigheadh an Párda fios na neithe do righne sé ar mbeith
do Próinsías cheana san Róimh do chúalas gur cuireadh [?] an
blacach do bhí annsin ar siobhal da math toil libh athair maith
muinnteirdhe [?] dhamh [?] atá íar gcríochnughadh [?] a sdúidéir [?]
san Róimh do ghairm na ionad [?] .i. an t-Athair Eoghan [?]
ó Callannáin ógánach foghlamtha fíormhaith agus duine as íarmhaire [?]
agus as fearr ánachuir [?] dá bfacus do fuil [?] na Muimhneach
… do chum bur leitreacha seicréideacha do sgriobhadh gach a
mhionca dá mbeith pairmeasg [?] oraibh féin ás a chionn sin ní bheith lé
radha [?] ag na muimhneachaibh [?] nach bhfaghann aoidneach [?] dhiobh
féin … ar an ní so go lúath. Dáimean [?] barrach san [?]
Róimh, agus [?] atá Lúcás ag íarraidh áite me [?] Ui Maolmhuaidh
do thabhairt dó.} Lór acht bhur gcomairce ar an trionóid mar as
mian le



Bhur macín táirnusoch



Bona ua Conchobhair.



Genuae ex S. Monte
15 Junii 1642



[An chuid idir slabhraidhibh, tá sé sgriosta amach go trom, agus
an áit i n-a fágtar puncanna tá roinnt focal nach féidir liom a
dhéanamh amach. Tá freagra ann ón Cholgánach, as Laidin, ag
dearbhú nárbh eithricigh an t-Ath. Mícheál ná a mhuinntir.]



PÁDRAIG ERIC MAC FHINN.


L. 48


FACHTNA NAOMHTHA.



I.



Bhí Fachtna Naomhtha,
An mongach léigheanta,
I n-aodhaire ar mhanachaibh,
I Maol an Fháidh
Ba naomhtha a cháil
'S a bhéasa beatha cirt.
Tháinig ó Dhia
Teachtaire dian
A's thug sé a theachthaireacht:
“Ní foláir imtheacht
Na h-áird ó dheas,
A mhongaigh bheannuighthe.



II.



Chím árd sgoil shuairc,
Chím óga uaisle
Ó'n Eóruip baillighthe
Ag fághail sgolaídheachta
Ó fháigíbh díachta
Ar rinn Ros Ailithre.
Chím Fachtna Naomhtha
Amuich i n' aonar,
Fé bhrágaid caraige,
Ag guidhe go cruaidh
Chun Dé atá thuas
An tréad do thearmain.



III.



Lá gealáin —
Spéir ghlan árd —
Sámh an fharaige.
Fachtna ar a ghlúinibh.
Deóra 'n-a shúilibh.
Luas 'n-a mheanamna.
“A Dhia na bhfeart
Do dhealbhuig neamh,
Grian agus leathan-mhuir,
Beir leat saor
Ó chleasaibh an tsaoghail
Mo thréad beag leanbh-sa!”



IV.



Do ghluais an lá.
Níór mhothuigh an fháig
An uain ar atharach
Gur eirigh gaoth,
'S go dtáinig foth bhraon
Anuas sa bhathas air,
“Moladh le Dia!”
A's siúd chun riain
An naomh, ó'n mbagairt sin,
Gan stad gan staonadh
Go raibh sé i n' aonar
Istig i n' aragal.



V.



Do las na spéartha —
“A Thighearna saor sinn!”
Do phléasg an tóirthneach.
Do ghluais an clagar
Anuas, ag greadadh
Fuinneóg a's dóirse.
“Ó, Dia le m'anam!”
Adubhairt an t-easbog,
“Do dheineas dearamad!
D'fhágas am dhiaigh,
Amuich ar an bhfiara,
Leabhar an aifrinn!”



VI.



Do lean an t-éirleach.
Bhí Fachtna Naomhtha
Go buartha i n-aigine.
Do loitfí an Leabhar,
Ní fágfí beann
Gan leigheadh gan stracadh dhe,
Do bheadh an chualacht
Ar maidin go h-uaigneach
Gan ídhbirt bheannuighthe.
Ní nár thárla
Go dtí an lá san
Ar rinn Ros Ailithre!



VII.



Tháinig an lá
“An mhaidean bhán”
Gan leóithne gaoithe.
Ansan cé mheasfadh
Go raibh an chaismirt
Ar siubhal sa n-oidhche!


L. 49


Do ghluais ar saothar
Fachtna Naomhtha,
Cé'r bheag a dhóchas
Go bhfaghadh sé leabhar
Ná cuid de leabhar
Ná fiú bileog de!



VIII.



Do shrois sé an fiara —,
“Moladh le m' Thighearna!”
Do leath a mheabhair air,
Bhí tigh beag gleóit' ann,
Go cúmtha córach,
I bhfuirm teampail!
Chuaidh Fachtna isteach ann
Bhí leabhar an Aifrinn,
Gan aon rian uisg' air,
Ansúd sa n-áit i
N-ar chuir a lámh é
Indé roimis sin!



IX.



Ba gheár gur h-innseadh
Ar fuaid na dtíortha
An saothar aingeal san,
'S go raibh na táinte
Ag teacht le cráibhtheacht
Go rinn Ros Ailithre
Go h-úmhal a d'iarraidh
Cabhartha ar Dhia
'Gur leigheas ar ghalaraibh,
Creideamh 'ghá seóladh ann
Ó chian 's ó chómhgar,
'S anall thar faraige.



An t-Athair Peadar Ó Laoghaire.


L. 50


LÉIR=MHEAS AR LEABHAIR.



AR gCEÓL FÉINIG. (Brún & Ó Nualláin. 2/6 nett.)



Tá an t-Athair Pádraig Breathnach tar éis buaic a chur ar a
chuid saothair ar son “ceóil ár sinnsear” leis an leabhrín deas
nuadh so atá curtha amach aige. Nuair a foillsigheadh “Fuínn na
Smól,” do haontuigheadh ar gach taobh go raibh an t-úghdar léigheanta
tar éis togha na n-amhrán — fíor-sheóid na Gaedhilge — a shábháil ó'n
mbás. Ní raibh an chéad leabhar iomlán a dhóthain, ámh; agus bhí a
lán desna seanamhránaibh ná raibh le fághail ann. Leigheasann an
leabhrín nuadh so an t-easnamh. Na hamhráin is annsa le
Gaedhilgeóiríbh — “Inghean an Phailitínigh,” “Luan Dubh an Áir,”
“Loch Léin,” chun gan ach trí cínn d'áireamh — clóbhuailtear iad in
“Ár gCeól Féinig,” agus na fuínn creideamhnacha ag gabháil leó
(i dtonic sol-fa).



Admhuigheann lucht ceóil ná sáruigheann ceól náisiúin ar bith
ceól na h-Éireann (sé sin le rádh, ceól na ndaoine). Ní deacair
sompla d'fhághail in “Ár gCeól Féinig” chun fírinne na tuairme
sin do dheimhniú, — “Luan Dubh an Áir” mar shompla. San amhrán
san, agus i n-amhránaibh nach é, tá rian éirime na nGaodhal le
feicsint go láidir. Lucht seanma na h-Éireann iseadh do cheap iad,
agus tá amhránuidhthe na nGaedhal tar éis iad do chasadh agus do
lúbadh ar fheadh na gcéadta blian, i slígh 's go bhfuil aigne na
ndaoine — a gcuid bróin agus áthais — fighte agus fillte ionta. Sid
iad na h-amhráin a shaothruig an t-Athair Pádraig dhúinn.



Is oth linn amhráin nuadha d'fheicsint in “Ár gCeól Féinig.”
Ísligheann siad standard an leabhair, dar linn; agus cé go bhfuil
cuid aca go dian-mhaith ní ceart iad a mheasgadh ar na sean-
amhránaibh chomh maith agus gur amhráin fíor-Ghaedhlacha iad.



Focailín beag eile cáinte. Tá dhá chúis againn leis na sean-
amhráin do shaothrú. Tá, ar dtúis, an ceól Gaedhlach a bheith ionta.
Dá gcailltí na h-amhráin, bhéadh seancheól na h-Éireann caillte. Do
shábháil an t-Athair Pádraig an ceól, agus tá na fuínn curtha síos
aige go mionbeacht ó bhéalaibh na n-amhránuidhe dob fheárr. Go
deimhin, do dhein sé an oiread san cúraim de'n cheól gur ró-dhóbair
dó faillighe ar fad a thabhairt insna focalaibh. Isé cúis is
mó do Ghaedhilgeóiríbh a leithéid seo de leabhar a cheanach ná go
dteastuigheann Gaedhilg ghlan na seanaimsire uatha. B'é an
t-Athair Peadar Ó Laoghaire féin — ar dheis Dé go raibh a anam —


L. 51


a dubhairt go raibh na sean amhráin mar a bhéadh tighthe taisge do
sheódaibh na Gaedhilge. Dá bhrigh sin, tá a lán tairbhe loitithe nuair
ná tugtar in “Ár gCeól Féinig” ach trí nó cheithre bhéarsa desna
hamhránaibh is feárr dá bhfuil againn, “Goirtín Órnan,” cuir i gcás.
B'fhéidir go mbéadh an leabhar beagáinín níos toirteamhla dá
gcuirtí na dánta isteach go hiomlán, ach ní lugha de sin é, is mór
an díobháil don leabhar gan na hamhráin a bheith go cruinn lán-
chríochnuighthe.



“Roinnt Amhráin,” “Fuínn na Smól,” “Ár gCeól Féinig,”
“Songs of the Gael” — tá na ceithre leabhair sin tar éis an
náisiúin a chur fé chomaoin mhóir do'n Athair Pádraig, mar gur
shábáil sé ó'n mbás binneas ár gceóil agus gontacht ár bhfilíochta.



“FÓD.”



Tá aithne ar an leabhar so chomh maith san ní h-amháin ag sagairtibh
na h-Éireann ach ag Sagairtibh ar fuid an domhain — deineadh
aistriúchán sa bhFrainncis cheana air — nách gádh dhúinne aon fhocal
mholta do rádh 'na thaobh annso, ach amháin go gcuirimíd fáilte is
fiche roimh an nuadh chur amach so. Is mór an t-áthas atá orrainn é
bheith le fághail arís. Do bhí sé as cló le faid bhliantibh, agus tá
ár moladh agus ár mbuidheachas ag dul do'n Athair Tomás
Ó Dochartaigh, Easbog Chluain Feartha, a fheabhas a dhein sé é chur
in-eagar agus é athleigheamh. Do b'éigean é cheartughadh de réir
riaghalta agus dlighthe an Codex nuadh agus de réir breathanna
deireannacha na gCumann Romhánach. Tugtar na tagartha go
h-iomlán i gcomhnuidhe, agus Appendix fada agus Index mar sin leo.



Níl de locht againn air ach an luach; tá sé sin go mí-chuibhseach
ar fad, go mór-mór ó's rud é gurab iad na sagairt óga agus na
h-adhbhair sagairt is mó dhéanfaidh usáid de. Leabhar técs 'seadh an
leabhar so i bhfurmór des na Coláistibh — Magh Nuadat ar iad-san,
agus ní cothramach a iarraidh ar na macaibh léighinn an carn san
airgid a dhíol. Ní bheadh an sgéal comh dona dá mba leabhar nuadh
é, ach ní h-eadh, ach é bheith foillsuighthe le caogad blian. Dá mba le
linn an Chogaidh Mhóir a cuireadh amach é, bheadh costas clodóireachta
mar leathsgéal ag lucht a fhoillsuighthe. Ní sheastuigheann an leath-
sgéal sin i ndiú ámh, agus a saoire atá páipéar agus uile. Tá
súil againn go leigheasfar an t-olc san an céad uair eile a curfar
amach é. Tá comhartha deantúis Gaedhealaigh ar a bhrollach agus
b'fhéidir go bhfuil sé sin mar chúiteamh ar a dhaoire dar lena lán.


L. 52


NÓTAÍ.



BÁS MHNÁ MHIC LEANACHÁIN.



Ba mhian le lucht Cumainn na Sagart (cé nár mhaith leo an chúis),
a gcomhbrón do ghabháil leis an Athair Séamus agus leis an Athair
Seoirse Mac Leanacháin i dtaoibh na méala móire a thárluigh dóibh le
déanaighe. Cailleadh a máthair dhílis i n-a seana-áit comhnuidhthe i
nGleann Airm i gCo. Aontruime, cúpla seachtaine ó shoin. Tá súil
ó'n nglas, a Athair Shéamuis, ach níl súil ó'n uaigh! 'Sé an dalta
deireanach agat é, mo ghraidhin í, mo shagart mheanamnaigh shuairc.
Iaraimíd go dúthrachtach ar baill an Chumainn cuimhneamh ar a h-anam
i n-a gcuid paidreacha agus ar an altóir. Ar dheis láimh Dé go
raibh a h-anam agus go gcúitighidh Dia a saothar léithe! Triúr
clainne dhi á dtabhairt do Dhia. Táimíd-ne lucht an tSíoladóir curtha
go mór fé chomaoin go minic ag an Athair Séamas ar son na cabhrach
agus an congnaimh uaidh linn. Bhí cúpla focal cheana sa chéad uimhir
againn air. Ní gádh againn breis a rádh ach a dh'iarraidh ar ár
léightheóiribh foghlamanta aithris do dhéanamh ar an gcabhair san uaidh
dúinn i bhfuirm léirmheasa leabhar.



MO SHLIGHE CHUM DÉ.



Tá a lán sean fhocal ag muinntir na h-Éireann ag cur síos ar
dhroich-iarsmaíbh a thagann ar rian na ndroich-bheart, ach ní cuimhin
liom agus mo cheann do shuathadh agus do sgagadh go cúramach go dtí
an braon deireanach ar aon cheann i dtaoibh iarsmaí fóghanta a
thagann i ndiaidh deigh ghnímh —
Deireann Shakespeare, an file gallda,



“The evil that men do lives after them
The good is oft interred with their bones.”



Seadh mais'eadh! Tá an t-Athair Peadar ar na daoinibh atá ag
éalódh ó'n gcuimhne. Agus is é na deigh-bhearta a dhein sé agus é
ar an saoghal fé ndeara é. Tá a chorp san uaigh le blían go leith
agus tá súil againn go léir go bhfuil a anam sna flaithisibh i
bhfochair Dé agus i gcomhluadar na n-aingeal agus na naomh. Ach
feuch! An bronntanas nuadh uaidh dá thabhairt aige dúinn chum
sinne do chur ar ár leas. Cnuasach ró-dheas ar fad 'seadh é “MO
SHLIGHE CHUN DÉ.” 1



1 Muintir Bhrúin agus Nualláin a chuir i gcló é agus atá á fhoillsiú.
Sráid Nassau Baile Átha Cliath a seoladh.


L. 53


Maidir leis an leabhar úrnuithe san tá stíl an Athar Pheadair ann,
a thréithe, a bhuadha agus a údarás. Ní gádh dhom cur síos ar na neithibh
sin le lucht na Gaoluinne mar is maith is aithnid doibh iad cheana.
Leabhar beag i seadh é ach ní leabhar suarach é. Seód luachmhar dúinn
ó'n údar dílis cráibhtheach atá ag caint agus ag cabhrú linn ós na
flaithis. Ar na leabhránaibh urnuithe go dtí so i nGaoluinn, ba
shuarach a bhfurmhór aca agus bhíodar ró-fhánach leis. ‘Sop i n-ionad
scuaibe’ is ceart a rádh mar gheall orra. Bhíodar ró-ársach nó bhí
an iomad de phaidreacha nuadha fé leith ionta gan údarás agus go
h-ana-mí-nadúrtha agus bun-os-cionn le croidhe agus le h-aigne agus
le seansprid ár sean agus ár sinnseir, sa chreideamh. San leabhar
úrnuithe “Mo Shlighe Chum Dé” tá nova et vetera againn ann, na
paidreacha udarásacha fé logha agus seana-chuma ár sinseir — a gcroidhe
agus a n-osnaidheach, a gcráibhtheacht agus a subháilcí agus a gcreideamh
i na dteinte lasrcha agus iad go léir curtha le chéile fé thomhas agus
fé inntinn na h-Eaglaise ag duine ar leithlig mar údar. Bhí fhios
aige go maith mar shagart agus mar fhíor Ghaedheal cad a bhí ag
teastabháil i bhfuirm urnuithe ó naisúin chríostaidhe mar Éire. Chuir
an tAthair Peadar chum na h-oibre agus is é “Mo Shlighe Chum Dé”
an toradh ar a shaothar.



Tá na paidreacha ana-shimplí agus ana-dhílis don Laidin
bhunúsaig. Tá cuma agus fuirm ár sean fuinte tríd an iomlán
agus na paidreacha coitcheannta is mó fé úsaid ar fuid na h-Eaglaise
.i. na paidreacha “urbi et orbi” atá órduighthe ó'n bPápa le fáil
ann, leabhar lámh na cráibhtheachta, áiseamhail thar na beartaibh, do gach
Gaedheal Caitiliceach seadh é. Is ana-thairbheach don fhioraon leabhar
urnuithe fónta. 'Sé an leabhar so an leabhar urnuithe is fearr dár
tháinig amach fós i nGaoluinn. Molaimíd dos na sagartaibh atá i mbun
paróistí agus clochar agus eile é do chur i n-aithne do'n phobal. Ba
cheart é bheith á léigheamh go coitianta ag an bpobal sa tSeipeul agus
sa bhaile, fé mar a bhíonn an Pórtás dá léigheamh ag an sagart. Má's
mar sin a bheidh an scéal aca ní gádh do dhuine a bheith i n-a fháidh a rádh
go seolfaidh go dearbhtha an leabhar úrnuithe san ar a slighe chum Dé
iad, ach a leanúint go dílis daingean dlúth na comhairlí a leasa atá
scríobhtha ann.



CUALLACHTAÍ.



Is mór an chúis mhaoidhte í d'Órd Carmel an bhuille thairbheach atá
dá bhualadh aca ar son na tíre chun í do Ghaedhealú, an cuallacht nuadh
a chuireadar ar bun le déanaighe. Fé choimirce bhaintighearna Shléibhe
Charmel atá an cuallacht i Sráid na mBráthar mBán. Tá géar-ghádh
le n-a leithéid, ní h-'amháin i mBaile Átha Cliath ach i ngach aon chathair
agus i ngach dióseas agus i ngach paróiste. Is fíor bheagán díobh-san
atá ag obair i nÉirinn fós, mo léanghuirt! Tímpal leath dosaon ar
fad! Tosnú iseadh é, mar sin féin, ach cad é mar thoradh an méid


L. 54


sin as a bhfuil de pharóistibh ar fuid na tíre! Cathain a bhéidh sé de
mhisneach ag sagairt Eile i mbun paróistí, go mórmór sa Ghaeltacht
cuallachtaí spiridálta do chur ar bun i na mbeidh na paidreacha agus
an méid de chúrsaí spirideálta gur féidir leo do dhéanamh as
Gaoluinn. Ní fheadar Cad na thaobh nách féidir le sagart Cuid des
na cúrsaíbh san do dhéanamh as Gaoluinn, bíodh nách Cuallacht Gaedhealach
é, nuair a bhíonn beagán Gaoluinne aige; na paidreacha Coitinne a
rádh, Cuir i gcás. Má deintear amhlaidh ní fada go mbeifear ag
teacht isteach ar an dteangan. Óir as an obair gheibhtear an fhoghluim.
Tá súil le Dia againn go leanfar go dúthrachtach ar aithris a
dhéanamh ar sagairt an Úird Shléibhe Carmeil i Shráid na mBráthar
mBán. Guidhimís go mbeidh toradh fó chéad aca as an obair bheann-
uighthe san do na baill féin agus do'n tír go Coitinn fé bhrat agus fé
choimirce na Maighdine Muire.



ÁR gCÁIRDE.



Fuaramar síntúisí ó sna sagairtibh seo leanas ar son Chumainn na
Sagart nGaedhealach agus an t-Síoladóra. Tugtar an méid cruinn i
ndiaidh coda des na sagairtibh. Tuigtear 10/- i ndiaidh ainme gach sagairt
eile.



ÁRD MACHA —



An t-Athair Lorcán Ua Muireadhaigh.



BAILE ÁTHA CLIATH —



An t-Athair Liam Ua Luineacháin;
An t-Athair Eoghan Ó Dubhghall;
An t-Athair Liam Ó Fearghail, £1;
An t-Athair M. Ó Mathúna,
C.S.Sp., £1 2s. 6d.; An t-Athair
Tomás Ó Raghallaigh, D.D., £1;
An t-Athair Seosamh Ó Tuathail, £1.



CAISEAL —



An t-Athair D. P. Ó Cathasaigh,
P.S.M., 15/-.



CIARRAIDHE —



An t-Athair Tadhg Ó Curnáin.



CILL DARA —



An t-Athair Seumas Ó Braonán.



DOIRE —



An t- Athair Micheál Ó Brolcháin,
15/-.



FEARNA —



An t-Athair Riobárd Mac Enrí,
S.P.; An t-Athair Pádraig
Pearcar, S.P.



LUIMNEACH —



An t-Athair Donnchadh Ó h-Ailghean-
áin, An Tighearna Easbog; An
t-Athair Micheál Ó Maoldomhnaigh;
An t-Athair Riobárd Ó Donn-
dubharthaigh; An t-Athair Seumas
Hunt, O.S.A.



AN MIDHE —



An t-Athair Donncadh Ó Cuinn, 15/-.



PORT LÁIRGE —



An t-Athair Maurus Ó Faoláin,
O. Cist., An Tighearna Abb., Cnoc
Melleraí, £3; An t-Athair
Domhnaill Mescell, £1; An
t-Athair Seán Ó Domhnaill, S.P.



RATHBHOTH —



An t-Athair Éamonn Ó Maoláin, 8/-



ROS —



Per An t-Athair Pádraig Ó Néill;
An t-Athair Seán Ó Mathúna.



An t-Athair Lughaidh Ó Cobhtha, O.F.M.,
Glascú, 12/6.



An t-Athair Micheál Ó h-Annáin,
Butte, S.A.A., 15/-.



An Árd-Mháthair, Clochar, Sráid
Bhagóid, Ath Cliath.



Cluad de Ceabhasa, Gaillimh £1 11s. 3d.



Diarmuid Mac Conchrádha, Luimneach,
£1.


L. 55


A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 56


COINNLE IGCÓIR NA H-ALTORA
75%, 25%, 65% Céir na mBeach.



Ó LEATHLOBHAIR, TTA.,
14 CÉIBH ORMUIN, ÍOCHTAIR,
ATH-CLIATH.



DÉANTA IN-ÉIRINN.



PICTIÚR NA MAIGHDINE SÍOR-CHABHRACH.



Clóbhuailtear an pictiúr seo ar fheabhas IN-ÉIRINN.
Fíor-chóip de'n phictiúir atá san Róimh 'seadh í. Sgilling
a luach. Ag cur amach ag.



UA FAOLÁIN & A MHAC,
17 Céibh Uacht. Ormuin,
ATH-CLIATH



MAC AN IARLA & A CHUID.



A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 57


Tá gach aon tsaghas Leabhair a bhaineann le h-Éirinn,
pé 'cu sa Bhéarla, in ár nGaedhilg féin, nó i nGaedhilg
na h-Alban le fagháil ó:



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87 SRÁID UACHT. NA DRISEOIGE, ATH CLIATH.



Scríobh chuichi i dtaobh aon Leabhair nó páipéir ar bith a
theastuigheann uait.



CLÉIRIGH & A CHUIDEACHTA



AN TIGH THAR BÁRR.



Igcóir na Cléire is ar
a bhfuil eolas maith
aca.



ATH-CLIATH.



Cuidigh le Déantús in-Éirinn! Tobhac d'fás in-Éirinn.



M. R. LEATHLOBHAIR,
36 Sráid Nassau, Ath-Cliath.



TÍR & TEANGA!


L. 58


AR BUN Ó 1824.



TOMÁS,
LIAM &
SEÁN Ó CEALLAIG
BAILE ÁTHA CLIATH,
89 Sráid Íochtarach
Ghárdiner.



Oifigí: 1 & 2 SRÁID AN FHEISTIGHE, BAILE ÁTHA CLIATH



(Le h-air Bhannc na h-Éireann).



FÍOR-FHÍON ALTÓRA



Iarramuid go h-umhal ar Uachtaráin na h-Eaglaise agus ar Chléir na
h-Éireann leanamhaint de cheannach ar gcuid Fíor-Fhíon Altóra
mar san am atá thart.



Is le h-aghaidh na h-Altóra a gheibhimid é, agus tá sé dá dhíol againn ar
fud na h-Éireann, na Sasan, agus na gCoilíneacht le trí glúinibh.
A luach ar fagháil uainn ach a iarraidh.



4/- an duisín ar na buideáil fholamha dá thabhairt againn nuair a
chuirtear chugainn slán iad agus costas an iomchair díolta.



Níl baint againn le dream ar bith eile ins an obair.
Gothán: Baile Átha Cliath 1612. Sreang-Sgéalta & Cáblaí: “Threekays, Dublin.


L. 59


BA CHEART DO GACH AON
tSagart i n-Éirinn na leabhair seo de leabhraibh an Athar Peadair
a bheith aige:—



NA CHEITHRE SOISGÉIL 4/6
AITHRIS AR CHRÍOST 6/-
SEANMÓIN IS TRÍ FICHID I. 4/6
SEANMÓIN IS TRÍ FICHID II. 4/6



Mara bhfuilid agut cheana cuir púnt airgid chun.



BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEÓR.,
BAILE ÁTHA CLIATH,
agus gheobhair láithreach bonn iad.



MO SHLIGHE CHUN DÉ — Leabhar Úrnuighthe an Athar Peadair i lámhaibh
na gclódóirí fé láthair.



Ár gCéol Féinig — Ullamh anois. An t-Ath. P. Breathnach, C.M.,
do chruinnigh. 2/10 glan.



AN GAEDHEAL TÚ?
MÁ'SEADH BA CHÓIR DO CHUNNTAS BAINNC A BHEITH.



I mBANNC NA TALMHAN, TTA,
BANNC GAEDHEALACH MAR MHAITHE LE GAEDHLAIBH.
£180,000,000



Tá an méad sin d'airgead na nGaedheal curtha i mBainnc na
h-Éireann & gan aon phioc tairbhe ag teacht don dúthaigh as.



Tá muintir óg na tíre ag imtheacht i n-aghaidh an lae de ceal gnotha.



Cuir do chuid airgid i mBannc na Talmhan & cabhruigh le h-iad a
choiméad ag baile.



ÚNCAMAS.



Cúnntaisí Reaithe 2%
Cúnntaisí Taisge 3½%
Cúnntaisí Taisge Bliana %
Cúnntaisí Taisge Tri mBlian 4½%
Cúnntaisi Taisge cúig mBlian, 5%



Tá talamh na h-Éireann mar urradhas led chuid airgid.



FÉADFAIR DO GHNÓ GO LÉIR A DHÉANAMH LINN AS GAEDHILG



GACH EOLAS Ó'N RÚNAIDHE —



BANNC NA TALMHAN, TTA.,
68 SRÁID IOCH. CHILL MHUIRE, ATH-CLIATH.


L. 60


FEACH A CHÁIRDE!



Ar maith libh £5,000,000 a choiméad in Éirinn?



Má's maith, deunidh sibh bhur gcuid Urradhais leis



AN GAEDHEAL COMHLUCHT TAIGHDE UM
URRADHAS NÁISIÚNTA. Tta.



Ba chóir do gach aon tSagart a cuidíu linn!
ÁRD-OIFIG: 30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE-ATH-CLIATH.


L. 61



L. 62



L. 63



L. 64


ARÁN MHIC
CHINNÉIDIGH



An Saghas is Fearr
DÁ BHFUIL ANN.



BÁCÚIS
124-130 SRÁID PHÁRNELL
agus
BÁCUS NAOMH PÁDRAIG,
BAILE ÁTHA CLIATH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services