Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. IV - No. 2 Lav Laidhir Abu; Scéal

Title
Vol. IV - No. 2 Lav Laidhir Abu; Scéal
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1899
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE SHAN VAN VOCHT



(An t.Sean Bhean Bhocht).



Vol. IV. — No. 2.



Clairseach



Lav. Laidhir Abu.



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!



Lav Laidhir Abu!


L. 28


An Dá Mharcach.



RADHARC EADAR GHARTAN AGUS CILL-MHIC-
NÉANAIN.



AN TREAS LÁ DE BHEALTEINE 15--.



Tá ród aig dul soir trasna na g-cnoc go h-imiollaibh loch lonn-
rach, gorm Ghartain, cómhgarach do'n áit ann ar rugadh Colum
Cille naomhtha. Casadh dhá mharcach air a cheile air an ród,
fear aca air ghearran liath aig teacht ó Chill-Mhic-Néanain agus an
fear eile air ghearran dubh agus a ághaidh air an ait sin.



"Caid é an sgeul leat?" ars an marcach dubh.



"Sgeul ionghantach," ars an fear air an ghearran liath, "Cuir-
eadh bun ós cionn reachda na m-Breitheamh agus comhairleacha
na n-aos críonna, indiu agus righne siad tóghadh air fhlaith dúinn-
shuas ann sin, nach bh-fuigheadh áit righeamhail no uachdaranachd
anns an t-sean aimsir mhaith, fad ó."



"Innis damh fa'n flaith seo," ars an marcach dubh. "Ca
bh-faca tú é? Cad chuige nach d-taitnigheann sé leat?"



"Chonnarcas é air Charraig an Dúin," ars an marcach liath,
"aig teacht thart damh, agus bhi cruinniughadh de fhearaibh
Chloinne Chonaill aig deanadh gleó fa d-taoibh de. Ni thaitnigheann
sé liom air aon dóigh" ars an marcach liath.



"Cad chuige?" ars an fear eile.



"Bhi sé 'na dhligheadh i n-Eirinn a g-cómhnuidhe go g-
caithfeadh an righ do bheith gan toibheim no miochumthachd
Righneadh Cormac, árd-dhlíghtheoir Theamrach, e fein, do
dhioth-choroiniughadh mar loiteadh anns an t-súil é. Tá n flaith
seo a thóghadar aig Cill-Mhic-Néanain indiu millte agus loitighthe
air an uile dhóigh agus ni cliú air bith do a thír no do a mhuinntir
é."



"Caid é mar tá sé loitighthe?" ars an marcach dubh.



"Ta sé bacach ann a chosaibh agus tá a cholann meatuighthe le
tinneas," ars an fear eile.



"Caid é mar tharlaigh an bacaidhil agus an tinneas sin do?"
ars an fear aig dul an bhóthair.



"Tá, mheath sé air siúbhal le fiabhrus i g-cailsleán laidir an
t-Sasanaigh a tá i m-Baile Atha Cliath agus d'ith fáinne an
chuibhrigh iarain isteach i g-caolaibh a lámh agus a mhúrnan
agus 'na dhiaigh sin dhóigh teine an sneachta agus an siocain an
fheoil, i fein, de. Ta sé loitighdhe air an uile dhóigh agus neamh-
óireamhnach le bheith 'na fhlaith againn."



"Ta sé ró-óireamhnach le bheith 'na fhlaith againn," ars an
coigcrigheach. "Agus is maith gur chaith se slabhruidhe na
Sasanach agus gur luidh sé ann a g-carcair; air an ádhbhar s
chaithfidh sé a slabhruidhe óir a choidhche no ní úmhloch
a mhuineal ann a b-pálasaibh. Is ró-óireamhnach é go deimhin a
bheith 'na fhlaith againn, an ceannphort bacach seo, de bhrigh nach
d-tabhairfidh sé grádh a choidhche do na tioranachaibh a loit go
neamh-thrócaireach é. An bh-fuil casaoid air bith eile agat le
deanamh ann a ághaidh?"



"Tá go deimhin, tá'n lochd seo le fághall agam fós. Orduigheann
dligheadh na m-Breitham, go g-caithfidh an ceannphort do
bheith 'na fhear, crionna agus 'na fhear neartmhar cogaidh, agus
ní'l anns an té seo a thóghadar indiu acht buachaill óg go fóill."



"Sin sgeul maith," ars an marcach duhb.



"Tá áirigheadh fada air na ndroch-ngniomharthaibh agus air na
leathtromachaibh a tá againn anághaidh an t-Sacsanaigh. Béidh
am fada riachtanach le dioghaltus do dheanamh ionnta. Is maith,
mar sin, go bh-fuil an flaith an-óg. Go d-tugaidh Dia fad sáoghail
dó le díolaigheachd do dheanamh anns na fiachaibh go h-iomlán."



"Thiontaigh siad a g-cuid beathach isteach air an ród agus
chuaidh gach aon a bhealach féin. Chuaidh an marcach liath
bealach Ghartain, mar a rabh a ait chómhnuidhe, leis an sgeul do
leathnughadh (sgabadh) fa'n tóghadh amaideach do righne Clann
Chonaill. Chuaidh an fear eile aig marcuidheacht suas an cnoc
agus síos an taobh eile agus níor tharraing srian go d-táinic sé go
doras an teampoill i g-Cill-Mhic-Néanain, nuair a bhi an flaith
óg aig teacht amach as, indiaigh a choisreacthan. Bhi a chosa
ceangailte suas agus siúbhal bacach aige. Bhi a ghnúis an-
lonnrach, óigeanta. Shoillsigh an ghrian air a ghruaig dheirg, or-
bhuidhe.



"Cad is ainm dó?" ars an t-asdranach, mar bhi sé 'n fhear
choimhightheach anns an tír.



"Sin Aodh, mac Aoidh, mic Mhaghnuis U Dhómhnaill," arsa
fear a bhí 'na sheasadh 'ndeas do, "agus sin i a mhathair, Ingean
Dubh, a tá aig siúbhal go céimeamhail 'na dhiaigh."



"Tá beannacht Dé agus dóthchas a mhuinntire aige," ars an
coigcrigheach.



"Ta mórán eugcóir aige le dioghaltus do dhéanamh ionnta
agus ta'n cloidheamh ann a láimh agus gur cloidheamh buaidhe
agus sgriosda a bhéidheas ann."



Ni'l a fhios agam cad is ainm do'n té a ghuidh an urnaigh seo.
Budh choigcrigheach a bhí ann, a tháinic trasna na g-cnoc ó
Ghartan, lá na Croise Naomhtha ann aimsir na Bealteine.



Thug Dia toradh air an urnaigh sin, anns na bliadhantaibh a
tháinic na dhiaigh sin do Aodh O Dómhnaill.



JOHN C. WARD.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services