Historical Irish Corpus
1600 - 1926

No. 12: Amhráin

Title
No. 12: Amhráin
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. I. — No. 12.


L. 225


Cúig' Uladh.



An chraoibhín Aoibhinn cct.



Ta Cúig' Uladh anois
Go súgach, mar is fios,
Gan buaidhreadh gan sgrios
O a námhad
Ní chluintear aon "ochón!"
Anois ó chloinn na dtreón
Do bhi le fad fá bhrón
Ann a n-árus.



A's ní'l an t-Sean-bhean-bhocht
I g-cuig' Uladh anocht
Go dona ná go docht
Mar do bhi sí,
Acht í i gclúid on bhaic
Ag glaodhach ar a mac
"Caith uait a mhic an leac
As do chroidhe-'stigh."



Ní'l congnamh dúinn i ndán
'O'n bh-Frainc ná fós ó'n Spáin
Cidh go bhfacamar a lán
Ag súil leis,
Acht, tuig, gur ionnainn féin
Tá meisneach láidir treun
Mar Sholus geal ó'n ngréin
Ar an drúchta.



Atámaoid mar an feur
Bhi brúighte sios areir,
'S do sheas sé suas go léir
Tar éis cáirde,
Tamaoid mar tromán ann
Do gearradh ag an mbonn
Agus d'fhás arís na chrann
Dul i n-áirde.



Béidh Uladh fós gan bhrón,
Ag cuimhniughadh ar Wolf Tóne,
Gan dearmad na sean-chróin'
Bhí i n-Eirinn,
Ag seinm ceóil go binn,
'S go síor ag cabhrughaidh linn,
Chomh fad 's bhéidheas breac ar linn
Tir no Spéir ann.


L. 235


RÓISE DHUIBH.



A Róise, dá máb liom thú nar bh'aoibhin duit,
Is deas a chealgfainn do leanbh bán, dá mbéidheadh sé gul,
I n-Albain dá gcastaoi sinn i ndé nó ndiú,
Sgeul cinnte sin nach bhfillfimíd araon gan guth.



A Róise bhinn mhothar, 's is ailne méin,
Tar ann mo thóraidh-se go brónach má's áil leat é;
A lochran udaigh togthar i lár an lae,
'S gur bh'i an phóg sin Dia Domhnaigh a bhásaigh mé.



Marbh mise a bhradaigh! 's nar bha eadail duit,
Agus go bhfuil m'anam istigh a gheall ort, 's chan i ndé nó ndiú,
D'fhág tú me lag-anmann gan gne gan chruth;
Rin' tú feall orm sul mar dhearbhaigh mé mó thréarthaidh dhuit.



A Róise an cúl dualaigh, a's na gruaige tiúgh
'Nuas le do ghualannaibh mar bhláth na sruth,
Chuala mé do thuaraisg, 's chan i ndé nó ndiú,
'S gur a dhul i bhfuaradh ionnam gach uile uair atá mó Róise Dhuibh



Tá reult ins na speurthaibh leis a ndortar fuil,
Tiucfaidh an Erne 'nna tonnaibh treuna agus raobfar cnoic
Raobfar Cairntéine agus na móintidh 'lig,
I n-amharc Eireann sul a n-eugfaidh si mo Róise Dhuibh.



Tá reult ins na speurthaibh i n-imil na ceó,
A's a leitheid ní'l i nEirinn, a's ni bhéidh go deó;
A chruithneacht ar mhnáibh Eireann, agus a phlúr ban óg,
A's gur léigheas ar an deudadh cia bhlasfadh do phóg.



Tá mé éadtrom ann mó cheudfadhaibh, 's tá mo chroídhe dá lot,
Táim i dtionnscnadh coinsinsium, a mhíle stór le seal
Or na Fraince dá bhfaghainn gan roinneadh gan do phóg ní'l gar
Do bhéilin cruinn deas, is míle milse e 'na stor na mbeach.



Tá mé iomarbhaigheach ann mo inntinn ar nós fear meisg,
Tá nidh eigin do mo bhuaidhreadh, 's tá mé 'gcomhnuidhe i mbruid;
Tá guth na n-eun ag gul 's ag geur-ghul fá mo loiteadh go tiúgh,
'S gur áil liom féin bheith ag siúbhal an tsléibhe le mo Róise Dhuibh.



Craobh an áighe na cuir i gcás mé fá ar eirigh dhuit,
Nó tá brathair duit ar sáile, 's ag triall thar mhuir
Tiucfaidh do phardún ó'n Phápa, 's ó'n Róimh anoir,
'S ni spárailfear fíon Spáinneach ar mo Róise Dhuibh.



Is fada an réim a leig mé léithe ó ndé go ndiú,
Trasna an tsléibhe, a's me 'nna diaidh mar seoladh dhamh;
Tars au Erne go dtug sí léim gidh gur mór a sruth,
Mar gae gréine ar mhullach sléibhe go bhuil mo Róse Dhuibh.



Dá mbheidheadh seisreach agam treabhfainn i n-aghaidh no gcnoc
Léighfinn soisgeul dé'n aiffreann do mo Róise Dhuibh;
Pógfainn a béilin meala thug an óige dhamh
A's déanfainn cleas ar righ na gcleasann do mo Róise Dhuibh.



Tá aghaidh-fionn geal glégeal is ailne méin,
A bhfuil céad grádh agam fein uirri thríd lár mo chroidhe:
Eulaidh liom-sa a chead-shearc agus fág an tir,
A's má's féidir é déanfaidh mise bainrioghan diot.



Is deise i 'na bláth na Béalteine, mó Róise Dhubh
Is báine i 'na bláth na háirne ins an maidin moch
Tá a gruaidh áluinn mar rós i ngarrdha, na bláth na srúth
Ta lile deas a's com cláirsigh ag mo Róise Dhuibh.



NOTES. — Dá gcasatoi = dá geasfaidhe, if we met, i.e., if we
chanced to be there. Ndé nó ndiú : this is given as the ending
of four lines in the song, evidently a substitution for the
original words. Udaigh, for úd. Chan, the Ulster negative.
Lag-anmaun, perhaps lag-anamah. Sul mar dhearbhaigh mé
mo thréarthaidh dhuit, before I proved my skill or exploits.
i dtionnsenadh coinsinsium, in the beginning of consumption.
Righ na gcleasann, righ na gcleas would be the ordinary form
here. Bláth na south, blossom of the streams — meaning not
very clear. — MAG FHIONNLAOIGH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services